Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dálta.

Title
Dálta.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DÁLTA.



A Fhir an Irisleabhair,



Tá sé d'fhonn orm tagairt d'alt
Mhic Thíre do buaileadh 'sa' chló i n-uimhir an
Iúil. B'fhéidir go dtiubharthá slighe do na
nótaoibh seo thíos.



(a) Dálta adeirtear i gContae Phuirt-
láirge. Is amhlaidh d'airigheas é lé fír-
dhéidheanaighe ag Déiseach, nuair do bhíos ar
cuairt ins an chontae sin. Ba mhinic é dá
chleachtadh dar leis, ins an chor cainte seo
“dálta súd.”



(b) An tAthair Peadar Ua Laoghaire do
thug dam na solaoidí seo ar “dálta súd.”
Dar leis sin is ionann dálta súd agus dálta na
hoibre úd. “Sin é an focal,” ar seisean,
“thugann filleadh dhuit ar an gcéad sgéal.”
Seo mar bhítear dá ghléas:



An chéad chainteoir. “Bhí Diarmuid ag
dul chum an Aifrinn ar maidin indé, agus níor
mheas sé go raibh poinn uisge 'san abhainn agus
níor bhain sé a bhróga dhe agus do fliuchadh go
glúinibh é.”



Cuir i gcás go mbítear ag cur isteach air
annsain, ag tagairt do sgéal eile. Nuair
filltear ar an gcéad sgéal, labhairthear
mar so:



An dara c.. “Dáltha súd, do bhíos ag
gabháil trasna na habhann an mhaidin roimhe
sin agus do fliuchadh mé leis.”



Cuir i gcás go gcuirtear isteach arís air
sin, ag innsin sgéil eile fós. Filltear
mar so arís:



An tríomhadh c.. “Dáltha súd, bhí Diar-
muid ag dul ann ar maidin indiumh agus do
himreadh an cleas céadna air.”


L. 245


Seo roinn solaoidí do chuireas síos i
dTír Chonaill i ndeireadh thiar thall:



1. Sin dálta mar dubhairt an fear
eile.



2. An racha tú ar meisge anocht, dálta
mar chuaidh tú an oidhche fá
dheireadh?



3. Tá dálta a leitheide seo ort =
You're like such a one (sin é
Béarla do cuireadh air dam).



4. Tá dálta Dhiarmada ort; racha tú
annsin agus 'ghéanfar an cleas céadna
ort.



'Sna solaoidíbh sin 1 agus 2 is ionann “dálta
mar” agus “díreach mar” nó “feibh (faoi?)
mar” i réir mar airightear 'sa' Mhumhain.



Tá sé buailte isteach am aigneadh anois
go bhfuil dá “dhálta” ann do réir ghraiméir.
Seo 'n-ár ndiaidh iad:



1. Tá sé ina ainm annso síos:
Muimhneachas
Níor bh'é sin dáltha dóibh-sean.
Is é sin dáltha agat-sa.
B'in é nó a dháltha agam-sa.
Am dháltha-sa, ad dháltha-so, etc..
Dáltha an sgéil, dáltha na beirte eile, etc..
Gurab é a dháltha dhuit.
Gurab é ár ndáltha go léir é.



Ultachas
Dálta “an bhunnáin bhuidhe.”
Tá dálta a leitheide seo ort.
Tá dálta Dhiarmada ort.

II. Agus ins na solaoidíbh seo is é rud
atá ann fuidhirdháil nó adverbium:



Muimhneachas. Dálta súd.
Ultachas. Dálta eisean. Dálta mar.



Féadfaidhe go mbaineann cor an cháis
gheineamhnaigh (.i. dálta na beirte eile, etc.)
le II. Cuir i gcompráid leis “trasna na
habhann,” “seachnóin na hÉireann,” agus a
leithéidí.



GALIAN.







19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services