Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.

Title
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Eachtra Lomnchtáin an tSléibhe
Riffe.



36. Do bhí ceann Chonáin cosgartha ó
ingnibh na caillighe, agus an croiceann ar
liobarnaigh anuas ar a phlucaibh. Téid Diar-
maid amach agus do theangamhaigh foisg caorach
air. Do mharbh Diarmaid an fhoisg agus do
chosgair í, agus thug an croiceann isteach, agus do
dheasuigh ar cheann Chonáin é, agus do bhearr agus do
bhláthuigh é, ionnus gur ghabh leis an ncrédih
úir amhail croiceann nádútha, go ndubhairt
Diramaid, “Dar liom, a Chonáin, is maith
do chuaidh comhrac na caillighe dhuit, óir is
maith thagann do chaipín duit, agus go mairidh
tú é!”



37. “Na huile diombáidh orm-sa,” ar
Conán, “dá mbudh neach eile acht tusa
adéaradh sain liom, go ngearrfainn an
teanga tuisleach tarsna tubaisteach do
chan an both-ghlór as an mbéal bpuisleach
bpusach, agus go dteilgfinn í chum madraidh
an bhaile. Agus a Dhiarmaid na mban, is
é budh chirte dhúinn a dhéanamh dul d'ionn-
saighe ríogh an Oileáin Doilbhthe agus ár agus
easbaidh a chur air féin agus ar a mhuintir i
n-íoc feola agus finn-leathair mo chinn, agus
faghaim eolas ón'n inghin.”



38. “Dar mo bhriathar,” ar Osgar, “Is
maith an sásamh i n-a bhfuair tú d'anfhorlann
an sgéimh do chuir an caipín ort, agus an
Lomnochtán, agus a bhean do thuitim leat.”
”Dar mo bhriathar, a Osgair,” ar Conán,
”gur ró-bheag de'n mhagadh do bhí ort ó
chianaibh, agus muna mbeadh a fheabhas do
shaothruigh mise le comhrac na n-athach, go
mbeadh bhur gcinn-se uile níos measa 'ná


L. 199


mo cheann-sa go luath, agus na huile tubaiste
chugam-sa, an chéad duine eile, cara ná
námha, dhéanfas fanámhad fúm timcheall mo
chaipín, go ndéanfad goin ghalláin de, agus fós
nach déanfad comhnaidhe go bhfaghad sásamh
an mhaslaidh ó mhuintir an ríogh.”



39. “Truagh sin,” ar an inghean, “is
tuargain darach de dhornaibh, nó snámh i
n-aghaidh easa, nó cur gaid um ghainimh, dul
chum teaghlaigh m'athar-sa chum sain do
dhéanamh, óir is iomdha laoch lán-chalma
ar teaghlach m'athar-sa anocht ar árd a
n-aignidh agus ar uaibhreach a meanman, agus is é
is indéanta dhíbh-se, ó tá sibh do bhur réir
féin, agus gan sibh líon catha dhóibh siúd,
triall go hÉirinn i luing Lomnochtáin do
thug annso sibh, agus rachad-sa libh, ó ní bheadh
maith dhamh ag fanamhaint in bhur ndiaidh, do
bhrígh go ndéanfaidhe min agus luaith dhíom, agus
dobhéarfam seóide agus maoin linn mar aon
le n-ár ndóithin bídh agus dighe.”



40. “Ná bíodh eagla ort roimh aonduine
dá bhfuil 'san oileán,” ar Conán, “óir na
huile diombáidh orm-sa má fágfamaoid-
ne ionnta dochar do dhéanamh do dhine
ar bith, agus má chuala mé riamh de cheol ná
d'oirfideadh do b'aoibhne liom ná an
oiread sain dom' easgcáirdibh d'fhagháil i
bhfochair a chéile ar aon láthair chum a
dtuargana, agus má tá aon nídh is mó a
bhuaidhreann mé 'ná rogha gacha bídh a bheith
aca-san, agus mé féin agus an méid atá im'
chuideachtain a bheith taobh le fuighleach
Lomnochtáin, agus má thig tú liom anois, a
Dhiarmaid,” do ráidh Conán, “go mbuaidh-
earfamaoid a meidhir, ionnus gur lughaide
ár ndochar i mbárach é.” “Níor dhiúltaigh
mise duadh ná dochar riamh,” do ráidh
Diarmaid, “agus níor chóir dham tusa
dhiúltadh anois, a Chonáin, óir is tú
d'fhuasgail mé féin agus cách mar aon
liom.”



41. Gabhann Diarmaid a chulaidh chatha
uime, mar atá éideadh dlúth daingean um a
chaomh-chorp, a dhá chraoiseach chrann-reamhra
catha, a chlaidheamh cros-órdha clais-leathan
tar a thaoibh chlí, a sgiath mór míleata ar
tsuaigh-leirg a dhroma, agus triallann féin
agus Conán tar dhoras an dúna, agus do bhí an
ríoghain agus Goll agus Osgar ag toirmeasg an
turais sin ortha acht níor ghabhadar-san an
toirmeasg sain uatha, agus adubhradar leó d
dtuitidís, gan an t-oileán d'fhágáil go
mbainfidís sásamh amach 'n-a mbás. Is
annsain do ghluaiseadar an dís deagh-laoch
sain 'n-a n-uathadh agus 'n-a n-aonar no go
rángadar an dún doilbhthe mar a bhfacadar
an rí agus mórán d'uaislibh na hAfraice 'n-a
thimcheall, agus iad ag ól agus ag aoibhneas, agus iar
rochtain an dorais dóibh d'fhanadar ag éis-
teacht, go gcualadar iad dá mhaidheamh le
n-a chéile a fhusacht dóibh treisiughadh ar an
bhFéinn, ó bhíodar an naonbhar do b'fhearr
gail agus gaisgheadh dhíobh i broid aca.



42. “A Chonáin,” ar Diarmaid, “is é is
indéanta dhuit-se fuireach ag dorus an
dúna, d'eagla go dtiocfadh aon tóir i leith
ár gcúil orainn, agus mise a dhul isteach agus
fáilte easgcairdeamhail a chur rompa, agus a
chur i n-umhail dóibh nach bhfuil aon neach
d'Fhiannaibh Éireann i mbroid ná i mbraigh-
deanas aca.” “Na huile diombáidh orm-
sa,” ar Conán, “má fhanaim, acht gibé ball
cumhang nó fairsing i rachair-se, go rachad
leat, agus gur maith liom dá mhéid tóir agus
troim-neart dá dtiocfadh orm.” Leis sin
téid Diarmaid isteach agus do lean Conán é,
agus iar ndul isteach do Dhiarmaid thug sighe
sanntach chum an ríogh, agus treasgarann go
lár agus go lántalamh é, agus tairrngheann an
mionn ríoghdha dá cheann, adubhairt le
Conán é cheangal le cruadh-chuibhreach. “Fág
taobh liom é,” ar Conán, “agus leis sin cean-
glann Conán é go dochraideach, agus bhain
feadh a chean de muna mbeadh an deithneas
do bhí ais chum a bhuilg do líonadh leis an
mbiadh agus leis an digh do bhí ar na bordaibh
ar feadh an tighe.



43. Leis sin do chrom ag alpadh agus ag


L. 200


slugadh togha a shúl do'n bhíadh agus do'n digh
mhilis mheisgeamhail, agus Diarmaid ag leadradh
agus ag tréan-tuargain na sluagh, ionnus go
ndeárna fás folamh timcheall an bhuird, agus
thug esbaidh féinnidh agus fíor-óglach ortha ar
an láthair sin, agus an méid nár thuit le Diar-
maid annsain díobh, do chuadar i sgeon agu i
ngealtacht tré fhuinneogaibh agus tré mhion
phollaibh an dúna amach, óir do shíleadar
gur tiugh-shluagh nó sochaidhe agus anfhorlann
eachtrann do tháinig ortha, agus do lean
Diarmaid iad.



44. Acht cheana, an feadh do bhí Conán ag
tacar togha gacha deigh-bhídh dá bhfaca, tháinig
an bhainríoghain agus do sgaoil gach cruaidh-
cheangal dá raibh ar an rígh gan fhios do
Chonán. Dearcann 'n-a thimcheall agus ní
bhfuair neach da cháirdibh ná da náimhdibh ar
feadh an tighe, óir do lean Diarmaid an
teaghlach amach 'san bhfaithche, agus an tan do
mhothuigh Conán gur éaluigh an rí uaidh do
ghabh náire mhór é, ionnus gur chuma leis a
bhás nó a bheatha, agus fós gan sgéala
Dhiarmada aige.



45. Leis sin do chuaidh amach tar doras
an dúna, agus thárla fear do mhuintir an ríogh
air, agus shíl an t-óglach gur dá mhuintir féin
Conán, agus adubhairt leis gan dul níos sia,
”óir atá aon tréin-mhíleadh amháin, agus a mhéid
os gach laoch, agus is é is áille da bhfaca-sa
de dhaoinibh riamh, agus ní thig neach beo ó
n-a bhéimeannaibh.” “Cá cian uaim é?”
ar Conán. “Atá sé i gceartlár na
faithche, agus an teaghlach uile 'n-a thimcheall, agus
ní thig leo uile é chosg,” ar an óglach.
”An bhfacais an rí?” ar Conán. “Do
thárla sé liom,” ar an t-óglach, “agus é ag dul
go tigh Lomnochtáin dá thabhairt leis go
n-imeoradh sé draoidheacht ar an laoch úd, agus
go gcuirfeadh sé chum báis é mar aon le
druing d'Fhiannaibh Éireann atá i mbraigh-
deanas aige.”



46. “Na huile diombáidh orm-sa,” ar
Conán, “má chonnac riamh sgéalaidhe is
binne ná thú, agus is dearbh go dtiubhradh-sa
luach do sgéalaigheachta dhuit, agus cia shíleas
tú a bheith agat annso?” “Ní fheadar,” ar
an t-óglach, “murab de mhuintir an ríogh
thú.” “Ní headh,” ar Conán, “agus ní háir-
mheohar thusa ar a mhuintir níos sia,” ag
bualadh béime claidhimh air gur theasg a
cheann dá cholainn, agus ritheann ag tabhairt
furachta dá charaid agus dá chompanach
Diaramaid, gurab annsain thug sighe sann-
tach i gceartlár a namhad, mar a gcuala
gáir na sgiath dá sgoltadh agus osnadhach na
bhfear-óglach do thuit le béimeannaibh Dhiar-
mada, agus gabhann dá leadradh dá dheis agus
dá chlí go ráinig gur an gcró catha do bhí
timcheall Dhiarmada. Is annsain do thug
an dís ghaisgidheach sain ár gan áireamh agus
comhthach coitcheann ar shluaightibh, ionnus
gur shíleadar gur iomad sluagh eachtrann
do tháinig ortha gur sgaipeadar in gach
ball, agus go dtuadar cúl do'n dís ghaisg-
idheach sain ionnus gur fágadh Diarmaid agus
Conán 'n-a n-uathadh agus 'n-a n-aonar.



47. Annsain do lorg Diarmaid de
Chonán cár fhág sé an rí, Innseann Conán
dó gur sgaoil duine éigin de gan fhios do,
agus gur éaluigh sé uaidh. “Is ag ithe chuidh
tusa a Chonáin,” ar Diarmaid, “agus ní ag
faire an ríogh.” “Éist anis, a Dhiarmaid,”
ar Conán, “agus ná bí dom aithisiughadh fá bhiadh
d'ithe, agus a fhios agt gur mór a theastuigh
sé uaim, acht gluaisimís anois gan mhoill
ar eagla a imtheachta uainn, óir adubhairt
óglach da mhuintir a tharla liom ar an
bhfaithche gurab 'diarraidh Lomnochtáin do
chuaidh sé chum draoidheachta d'imirt ort-sa.”
“Máiseadh,” ar Diarmaid, “ní baoghlach
dúinn ná coimeádfaid an mhuintir atá i
n-áit Lomnochtáin greim air, agus nach bhfuil a
fhios agat-sa a Chonáin, gur chuir tú féin agus
Bran an Lomnochtán ó dhraoidheacht d'imirt
ar aoinneach agus créad do-rinnis leis an
óglach d'innis na sgéal sain duit?”
“Do-rinneas dá ordán dá chorp le béim


L. 201


claidhimh,” ar Conán. “Dar mo bhriathar,”
ar Diarmaid, “maithim an rí a léigean uait
anois.” Maithir,” ar Conán, “mar tá a
inghean 'n-a mnaoi agat, acht na huile
diombáidh orm-sa má tá do shaoghal aige
acht ar feadh mise dá rochtain.” “Déin do
rogha nídh leis,” ar Diarmaid, “acht seachain
do theanga orm feasta.”



48. Cidh trácht, do leanadar an rí go
deithbhireach agus ní mór do ráinig leis dul
isteach go tigh Lomnochtáin an tan do bhí
Diarmaid agus Conán isteach 'n-a dhiaidh. Dob'
iongnadh leis an rígh an bhuidhean curadh do
fuair istigh ar a chionn, armtha éidighthe agus a
inghean 'n-a suidhe 'n-a measg, agus í i gcaoin-
eas comhráidh leo. Fiafruigheann iar sain
cá raibh Lomnochtán. “Cia thusa atá dá
fhiafraighe?” ar Conán. “Mise rí an
oileáin seo,” ar sé, “agus atá drong éigin do
tháinig gan fhios gan airiughadh dhúinn ag
díothughadh ár muintire, agus is é is mian liom
Lomnochtán a thabhairt liom go n-imreochadh
draoidheacht ortha, ionnus go gcuirfinn chum
báis iad mar aon le druing d'Fhiannaibh
Éireann atá i mbraighdeanas aige.” “Na
huile diombáidh ar an mbéal dtuisleach do
chan an searbh-ghlór sain!” ar Conán, “nó
an gcuala aonduine riamh caint comh hóin-
mhideamhail, com beag d'éifeacht! Duine
da mhaoidheamh go gcuirfeadh sé an mhuintir a
bhfuil sé istigh 'na lár chum báis! Agus
tuilleadh tubaiste agus doghrainge chugam-sa
gur gairid go múinfead an t-eolas duit
chum Lomnochtáin,” — ag tabhairt amuis ar
an rígh agus dá threasgairt chum talamh, agus do
b'áil leis a cheann do bhuain de.



49. Do sgread an ríoghain ar Fiannaibh
Éireann gan a léigean do'n fhear mhór sain
ar a raibh an caipín a hathair do mharbhadh.
Leis sin d'éirigh Goll agus do bhain an rí as
láimh Chonáin, agus do chuir 'n-a shuidhe idir
Dhiarmaid agus Osgar é, agus innseann sgeala
lomnochtáin do ó thús go deireadh, agus gurab
é Diarmaid agus Conán thug an ruathar úd
fá n-a mhuintir, agus nach raibh aon rí 'san
domhan mhór do bhéarfadh barr ar Fhionn ná ar
Fhianaibh Éireann. “Máiseadh,” ar an
rís, “ó táim-se ar bhar gcumas, tugaidh
cáride anam dhamh, agus déanfad bhar dtoil as
so amach go bráth.”



50. Do gheall Diarmaid, Osgar agus Goll agus
an Fiann uile sin do acht Conán, agus is é
adubhairt Conán, “A Dhiarmaid na mban,
do mholfá-sa an chomhairle sin go maith,
mar shúil go mbeadh inghean an ríogh agat
féin mar mhnaoi, acht na huile diombáidh
orm-sa i n-áit na díoghla do shíleadar-
san a thabhairt orm féin, agus oraibh-se, go
ndéanfaidh mise min-ghreamanna de chorp
an ríogh agus go loisgfead a dhún agus a dheagh-
bhaile.” “Ní mar sin is cóir,” ar Goll,
“acht taise le truagh agus troid le tréan, agus is
cóir dúinn géilleadh do'n rígh agus gan gnás
gach cinidh a bhriseadh.” Aontuigheann Conán
impidhe na n-uasal agus do ceangladh síoth agus
caradas idir iad fein agus an rígh, agus tugadh an
inghean darab ain Bláthmhar Sgiamhach mar
mhnaoi do Dhiarmaid, agus do gealladh seaide
uaisle do Gholl, d'Osgar agus do chách eile, agus
do chuaidh an rí as a haithle dá dhún. Do
chuiriineigheadar maithe agus mór-uaisle na
críche timcheall an ríogh, agus d'innis an rí
dhóibh gach ar imthigh air ó sgar sé leó, agus
mar d'aontuigh sé a inghean mar mhnaoi do
Dhiarmaid Ó Duibhne.



51. Imthúsa an Mhacaoimh Mhóir, mac
Ríogh an Domhain, noch do bhí i bhfochair ríogh
an Oileáin Doilbhthe mar aon le clannaibh
ríogh eile, fá'n am i dtáinig Conán agus Diar-
maid go dún an ríogh i ndáil óíl agus aoibhnis
i ndún fá leith leó féin, agus an tan do
chualadar na héachta do rinne an dís
deaghlaoch agus an dá mhíleadh mhear-chalma,
thángadar go dún an ríogh tar éis an áir,
acht níor bhfeas dóibh cia hiad ná cá conair
ar ghabhadar go dtáinig an rí tar a ais,agus
an tan chualadar go ndearna an rí cleamh-
nas le Fiannaibh Éireann is é adubhairt an


L. 202


Macaomh Mór, - “Do gheall tú an inghean
sain domh-sa, agus bheirim briathar ná baidhsí
ag Fiannaibh Éireann, óir bainfead-sa
amach talmhan rí ná flaith na ró-thighearna
dá leigfinn leis í d'eagla a láimhe, agus,” ar
sé, “rachad féin agus dá chead laoch lán-chalma
atá mar aon liom, agus bainfead a gcinn de'n
naonbhar laoch sain d'Fhiannaibh Éireann, agus
'na dhiaidh sin ná déanfad osadh ná comh
naidhe gan dul d'ionnsaighe na hÉireann, agus
go gruirfead an tír uile fá smacht,
ionnus ná háiteochaidh aonduine de shliocht
Ghaoidhil Ghlais innt go bráth arís.”



52. Do mhol Maoghnas ór-armach, mac
ríogh an Oileáin Doirbhthe an chomhairle sin,
“agus fós,” ar sé “rachad féin agus maithe na
ríoghachta mar aon leat, agus dá mbeadh gan aon-
duine bheith im fhochair acht mé féin ná tiubh-
rainn bean ná maoin d'Fhiannaibh Éireann
ná d'aoinneach eile dom aimhdheoin, agus is í
mo chomhairle dhíbh,” ar sé, “amus na hoidhche
anocht do thabhairt ortha d'eagla go n-éalóch-
aidís uain fá mhaidin.” Do bhí fá'n am
sain i ndún an ríogh an Macaomh Mór,
Ridire na Beilte Deirge agus cúig céad
tréin-mhíleadh faoi, Aonghus óg mac ríogh an
Oileáin Dorcha agus cúig céad gaisgidheach mar
aon leis, Tolamas Glún-dubh mac ríogh ná
hÉigipte agus cúig céad ridire líon a chui-
deachtan, Dáire Ruadh-armach mac ríogh
Thíre an Óir, agus míle fear fromhtha ba líon a
chuideachtan; Lámhas Laoch-armach mac ríogh
na Sorcha, agus trí chéad saigheadóir fa n-a
chomhairle; agus an cú iarghaile agus an lasair
loisgneach agus Bíodhbha Baoghlach, Gruagach
Dúna an Óir, agus dá chéad anradh ainmhianach
dá réir, agus adubhradar na tréin-mhílidh sin
uile go rachaidís mar aon le mac an ríogh
agus le mac ríogh an domhain, ionnus go mbeadh
sé d'onóir aca bheith ag comhrac le Fiannaibh
Éireann.



53. Do bhí an rí ag toirmeasg an ghníomha
sain ortha go mór, tar éis é féin do
dhéanamh síotha agus muintearais le Fiannaibh
Éireann, “agus,” ar sé níor chóir síoth a
bhriseadh leó, óir is iad súd féin atá
onórach agus seasmhach da bhfocal, agus fós is é
mo thuairim, dá mbeadh an oiread eile
agaibh ann, ná tiocfadh slán ó Fhiannaibh
Éireann, ór níor buadhadh ríamh ortha, agus atá
a fhios agam anois ná buaidhfear choidhche ó
chuadar de Lomnochtán.” Adubhairt Maogh-
nas ór-armach mac an ríogh, ar mhaitheas na
cruinne domhanda nach stadfadh gan mír-
eanna beaga buan-raobtha do dhéanamh do
chorpaidh an naonbhair sin d'Fhiannaibh
Éireann. “Innsim díbh,” ar an rí, “má
théidheann sibh chum catha le Fiannaibh Éireann,
nach aon agus bhféin chasfar le sgéalaibh bhar
mbáis, óir níor gabhadh treis ortha riamh, dá
mháid do thiocfadh 'n-a ndáil, agus ní buaidhfear
ortha go deireadh an domhain.” Adubhairt
an Macaomh Mór, mac ríogh an Domhain
Thoir ná beadh an sgéal sain le maoidheamh
ortha níos sia, óir go dtiubhradh féin an
naonbhar sain leis ceangailte cruadhchuibh-
righthe 'n-a fhiadhnaise dá dhún.



(Tuilleadh).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services