Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Maor Mórdhálach no an Bitheamhnach Beirbhthe.

Title
An Maor Mórdhálach no an Bitheamhnach Beirbhthe.
Author(s)
Ó Conchobhair, Domhnall,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

An Maor Mórdhálach

An Bitheamhnach Beirbhthe.



Corruigheacht agus dá fhichid
bliadhain ó shoin, do mhair ins an
bparóiste so duine uasal do
cuireadh as a mhaireachtain acht
aon fheirm mhór fhairsing amháin,
ar nach raibh acht beagán cíosa. Fear
cruinn gasda géarchúiseach do b'eadh é.
Do chongbhaigheadh sé lucht oibre, ní hé
amháin ar an bhfeirm acht ag déanamh bóthar,
droichead agus oibreacha eile barúntachta.



Budh ghnáthach leis maor do chongbháil os
cionn na bhfear agus an fear do bhí aige ins
an am so, bhí árd-mheas aige air feín, —
fear mór fada mí-chumtha, casóg mhór
bhréide síos go talamh leis, agus lá fhéile
Seagháin ins an tsamhradh budh lag leis é
bhaint de. Bhí bairéad mór árd de chroi-
ceann cuinín air, agus carabhat fáisgthe tim-
cheall a mhuinéil; agus dá bhfeicfeá ag gabháil
an bhóthair é no ag órdughadh na bhfear, budh
dhóigh leat gur mhó é 'na an tighearna
talmhan féin.



Do dhíoladh an duine uasal na fir gach
oidhche Sathairn 'na thigh féin. Aon mhaidin
Domhnaigh amháin, do ghearán an bhean bhainne
leis an duine uasal gur thug sí faoi
ndeara go raibh beagán ime goidthe tar éis
an tSathairn le n-a dó nó a trí de sheacht-
mainibh, agus nár bh'fhuláir gur duine éigin
de'n lucht oibre do ghoid é.



“Ná bac leis, a chailín,” ars' eisean.
“Beidh an Fear Mór i gcabhair an ghaduidhe,
muna m-béarad-sa air.”



Ní raibh bean a' tighe ró-fhlaitheamhail do


L. 143


réir a tuairisg'; do bhí an aimsir olc
ocrach, agus na fir bhochta ag obair ag cruaidh
ar neimh-nídh acht a mbiadh, agus gan sin féin
ro-mhaith aca; agus dá bhféadfaidís gabháil i
dtaobh thiar di, chum blúire aráin nó aon
rud mar sin do sgiobadh, níor pheacadh leo
é. Chum a chur i dtuigsin daoibh nár mhaith
í an bhean, do tháinig fear déirce isteach lá
chuici agus d'iarr rud éigin uirri ar son Dé.



“Go deimhin,” ars 'ise, “támaoid bodhar
ó bhur leithéidí.”



“Is cruaidh an chaint í sin,” ars' an fear
bocht, “do theachtaire Dé.”



“Dhemhaise an tusa teachtaire Dé?” ars'
ise. “Is dóigh mhaise go deimhin má's tú.”
ars'ise, “is giobalach do leig Sé uaidh thú.”



Acht ní hé sin an sgéal. An oidhche Dia
Sathairn i ndiaidh gearáin na mná bainne
do dhíol an duine uasal na fir mar budh
ghnáthach, agus d'fhairigh iad go léir ag dul a
bhaile.



“'Seadh 's dóigh,” ars' eisean 'na aigneadh
féin, “táid go léir imtighthe, acht fan go
foill, — b'fhéidhir go bhfuil an gaduidhe
agam fós.” Do bhí an maor ins an
tigh fós, mar gur theasduigh ó'n duine
uasal caint leis i d-taobh a ghnótha
féin. 'Nuair a bhí an chaint críochnuighthe
aca do bhí an maor ag bogadh chum dul'
a-bhaile. D'éaluigh an duine uasal go
ciúin idir chleith agus ursain agus isteach i
dtigh an bhainne leis, mar ar fholuigh sé é
féin go cúthal, agus d'fhan sé annsin i bhfolach
ag tnúth leis an ngadhuidhe. Budh ghearr do
gur airigh sé an doras dá fhosgailt go
haireach, agus an fear mór ag sleamhnughadh
isteach. Thug sé amharc nó dhó 'na thim-
cheall, agus rinne ar an im do bhí déanta
suas 'na pollaibh ar mhéis. Do thóg sé dhá
cheann aca, agus d'fhill isteach i nduilleoig
mhóir chabáiste agus do sháith isteach 'na bhair-
éad iad, agus as go bráth leis.



Ní túisge do bhí sé imthighthe, 'ná sgeinn
an duine uasal amach, isteach 'sa' chistean,
trés an dtigh leis, amach go dtí an doras,
agus do ghlaoidh ar an maor do bhí ag gabháil
síos an casán air chúl an tighe -



“A Dhonnchaidh!” ars' eisean, ag glaodhach
air an maor;



“A' teacht, a mhaighistir,” ars' an maaor.
“Tar a leith go fóill chugham, rinneas dear-
mad mór. Teastuigheann uaim litir do
scríobh, agus dá mbudh áil leat fanamhain go
fóill go mbéarfá romhat go dtí an
port í.”



“Dar ndóigh déanfad agus fáilte, a
mhaighistir,” dubhairt an maor.



“Tar annso isteach 'sa' chistean, fad do
bhead dá scríobh; ní chuirfidh mé puinn
moille ort.”



Do ghluaiseadar araon isteach ins an
chistean. Do bhí caoirghil mhór teineadh ins
an ghráta, agus gé reamhar ar bhior ar a haghaidh
amach, agus cailín dá iompódh. Do bhagaír an
duine uasal ar an gcailín agus thug cogair di
an cistean d'fhágáil agus gan teacht tar n-ais
go dtí go nglaodhfadh sé féin uirri. Do
shuidh an maor síos, agus do chrom an duine
uasal ar an litir a scríobh. Budh ghearr gur
thóg sé a shúile de'n litir agus thug féachaint
faoi dhéin na teineadh.



“A Dhonnchaidh,” ars' eisean leis an maor,
“ní fheadar cár ghabh an cailín úd, arú.”
“Am basa ní fheadar, a mhaighistir,” ars' an
maor.



“Ní deirim,” ars' an duine uasal, “ná
go bhfuil an gé dá losgadh. Dá mb' é do
thoil iompódh do thabhairt do'n bhior sin go
d-tigidh sí asteach.”



“Ó déanfad agus fáilte, a mhaighistir,” ars
an maor, ag cur osna as, agus ní bréag a rádh
gur bh'fhearr leis ar an nóimit céadna a
aghaidh a thabhairt ar arm an ríogh ná dul i
bhfogus na teineadh. Níor leig an duine
uasal aon rud air, acht chrom sé ar scríobh
arís, agus tar éis tamaill eile, thug sé
féachaint thar dhruim a ghualann.



“A Dhonnchaidh,” ars' eisean, “is fada


L. 144


liom atáim ad' chongbháil annso; ní fheadar
cad tá ag coimeád an toice cailín so.”



“Och! tá uain mo dhóthain agam-sa, a
mhaighistir;” agus 'san am céadna réilthíní ag
sgeinnt as a shúilibh le neart na teineadh, agus
go mór mór lé heagla an náire do bhí le
teacht, dá gcongbhóchthaidhe i bhfad eile i
n-aice na teineadh é.



Do scríobh an duine uasal pas eile agus
d'fhéach arís faoi dhéin Dhonnchaidh. Is amh-
laidh do bhí sé sin, agus na srotha alluis ag
sileadh síos leis chomh iomadamhail agus do bhí
an súgh leis an ngé do bhí aige dá iompódh
ar an mbior.



“A Dhonnchaidh,” ars' an duine uasal,
“táir ag allus.”



“Och, ní hao' rud é, a mhaighistir,” ars'
eisean, “acht tá an teine so an-the.”



D'éirigh an duine uasal na shuidhe agus chuaidh
anonn go dtí an teine.



“A Dhonnchaidh,” ars' eisean, “tá rud
éigin ort.”



“Och, ní bhfuil pioc, a mhaighistir,” ars'
an maor.



“O! mo chorp do'n riabhal, a Dhonnchaidh,
go bhfuileann tú ag leaghadh! Nach bog an
saghas duine thú, nach mbainfeá dhíot an
bairéad fada sin? budh mhór an ghaoth dhuit
é. Gheobhaidh tú bás ar an dteinnteán
agam. Cá bhfuil an cailín úd go gcuiridh
mé ag iarraidh an tsagairt í.”



Do ghlaoidh an duine uasal i n-árd a
chinn agus a ghotha. Bhí Donnchadh ins an am sin
'na chuilg-sheasamh ar lár an teinnteáin, a
dhruim leis an teine agus a aghaidh ar an duine
uasal, agus budh dhóigh le haon'ne d'fheicfeadh
ins an chruth sin é gur bh'é an t-aidhbheir-
seóir féin do bhí tar éis éalódha ó lic na
bpian, tur te, agus allus ifrinn ag sileadh
leis.



Do cheap an duine uasal go raibh a
dhóthain faghálta aige anois. Rinne suas
air, do sgiob an bairéad d'á cheann, d'iom-
puigh síos suas ar lic é, thuit amach an
duilleóg cabáiste agus blúire smearaidh nach
raibh leaghtha ar fad ceangailte dhe.



“A árd-chuinse! táir agam faoi dheireadh.
I n-ionad an tsagairt is dóigh liom gur ag
iarraidh na bpíléir do chuirfidh mé an
cailín. Acht, fóill! tabhair do bhóthar ort,
a chladhaire bhithermhnaigh! agus ná feicim beó
ná marbh go bráth aris thú,” arsan duine
uasal, dá stiúrughadh an doruis amach.
Agus ní bhfuil aon tuairisg riamh ó shoin air.



Domhnall Ó Conchobhair.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services