Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Linguistic Notes.

Title
Linguistic Notes.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

LINGUISTIC NOTES.
By Mac Tíre.



Dúil as Dia go sroichfinn slán,
Go bhfuighinn bás i nEirinn.



"Ní'l aon gheata 'a deacha siad amach air nachar fhág
an fear bocht lorg na gcos ins an chlábar."



"Ní'l iarla 'sa' mBreatain ná (d)o guireadh i gcrích
Fódla
Nachar cuireadh 'sa' ticéid fá theacht ar an chóisir."



"A chailleach mór mhodhmhar nár ghéill ariamh do Dhia
ná do dhuine,
Nachar fhaghaidh tusa biseach choidhche go racha tú trí
huair déag ar mire."




L. 138


(1) Tá sé dá bhualadh sin,
(2) Táthar dá bhualadh.



“'Sé mo ghéar-ghoin teinnis fá gur theástaigh uainn
Gaedhil Thír Eoghain.



Uir-chill an Chreagáin (poem).



Bhí an rí lán-lúthgháireach fá Aodh beag agus fá n-a
inghin a theacht a bhaile.



Aod Beag O Leortha (folk-tale).



“Trí Bior-ghaoithe:” dá ghuidhe im thuidheacht as an órd
ghuidhe ar do shon; is faillitheach bhíd na daoine ar an
aimsir-se um fhóirithin ar na mharbhaibh.



'Sé mheasaim-se go bhfuil lom-lán an tuathail ag an
druing do chuir le fír-dhéidheanaighe an tsean-chuma
allta ársaidheachta úd “meabhair” ar an nua-fhocal-
sa “meabhar”. Cá bhfuil dóibh sgreatal na ngrás
de'n cheart do bheith aco, ag cur an fhocail as a ghnáth-
chruth, fá mar chuir Cailleach Shléibhe Cuilinn Fionn
Mac Cumhaill? Dá gcluinidís an focal dá rádh as
Gaedhilg na Muimhneach agus na nUltach araon, agus gan fiú
riain an tsrónuighthe air, féadfaidhe ná beidís comh
teann, comh tugtha, comh héasgaidh, comh hullamh sain
chum a churtha ar shean-chruth do chuaidh d'éag tá na cianta
ó shoin ann! Go dearbhtha, ní séanta dhúinn ar chor ar
bith gurab é an focal Laidne memoria is fréamh do'n
fhocal-sa againne, acht mar sin féin nach fíor dam a
rádh go mbíthí ag sgríobhadh “mebair” i nGaedhilg na
mheadhón-aoise? Cionnus sain? Atá athrughadh tháinig
'sa' bhfocal. A leithéid seo, rinne b (= bh) de'n m
(= m) um an dtaca-sain. An é nach déanta dhúinn
“meabhair” do chur síos agus an aimsir atá anois ann, agus
furmhór na sean-aimsire féin d'ár gcuir-ne ar an
eolus-sain? Cá huain cuirfear deire le hathrughadh
gan chiall gan éifeacht? Ceapaim gurab as a meabhair
nó geall leis do chuid de lucht an athruighthe, atá an
oiread-sain de dhúil agus de spéis aco' san ársaidheacht agus
i mbunadhas fhocail, agus dá dheasgaibh sin, faillighe do
thabhairt dóibh i n-aon sgéal ar fhás an fhocail i n-im-
theacht a shaoghail.


L. 139


Adeir an tAthair Eoghan Ua Gramhna gurab é focal
ó'r shíolraigh “falaire” acht palfrey. Tá go maith.
Ceapaim nach fuláir nó go bhfuil iomlán a chirt aige.
Dá léigheadh sin dam, is ann do chuimhnigheas ar fhocal
eile theangmhuigheadh liom i bhfilidheacht na Mumhan .i.
fastuighim. Seo dhá sholaoid air: “Fastuighim an
Mhangaire Shúgaigh” (Béarla ag Seaghán Ua Dála dá
chur air, “The Mangaire Súgach's Pastime”); “Ag
féachain romham 's ag déanamh fastuighim.” Is doigh
liom gurab é an focal pastime bha bhun do.



Ceapaim nach fulár nó gurab é lán an chírt atá ag
ár n-eagarthóir do leith an litrighthe úd “amhrán” do
chuir sé ar bun le déidheanaighe. Is í fuaim baintear
as an bhfocal-sa i n-oir-dheisceart Chúige Uladh
“amhrán” (= “ou’ron agus an t-ou srónuighthe). Ní hé
sin dála do “ghabhar” ar a bhfuil “gó-ar” mar chana-
mhain, ná dá leitheidibh. Thairis sin, is cuimhin liom
fear as Inbhear Nois (nó Inbhear Naoise do réir
chanamhna na hAlban) do rádh “amhrún” (ou'-run, agus an
t-ou do shrónughadh), siúd agus gurab amhlaidh litrighid na
hAlbanaigh an focal òran.



Go deimhin féin, atá corp-lár an chírt ag an Athair
Eoghan Ua Gramhna i leith an fhocail bhíos dá rádh i dTír
Chonaill i n-ionad “faoileann”. “Faoileóg” adeir-
thear annsúd ó cheann go ceann, im' thuairim. Ní
fuláir nó is tuathalach an chuma litrighthe úd “faoi-
leán” atá ag an-chuid sgríbhneoirí dá cur síos. Is í
canamhain atá ar an bhfocal-sa i gContae na Gaillimhe
acht faidhlleán = faoilleán = faoilneán = faoilean-
nán. Deimhniughadh dian-mhaith air sin “faoileannán”
féin do bheith i ngnáith-fheidh i n-oirdheisceart Chúige
Uladh, mar sh.: “Sgairteach na bhfaoileannán” (dá
tharrang as sgéal): “Dá mbéidhinnse im' fhaoilean-
nán bhán bheidheadh ag snámh ar na gleanntáin” (ag
teangmháil i n-amhrán).

O tharla “sgairteach” thíos agam, is fiú liom a chur
i n-umhail go ndeárna féin tuathal lithrighthe i n-”Amh-
rán an tae,” ag sgríobhadh “sgairtighe” dham. Ní
hormsa is tógtha é ar fad, ámh. Cuireadh ar seachrán
mé ag dream daoine 'n-ar maith ba dhual dóibh aithniu-
ghadh idir an dubh agus an bán do thaobh a mbaintear
d'fhuamannaibh as an litriughadh i n-a gcanamhain féin.
An cás tabharthach ar “sgairteach” is é “sgairtigh.”



In Amhrán an Tae, as printed in last number, the word
seacht was omitted from third line of verse I., which
should have read:



Gheabha siad seacht seachtmhaine 'spás uadh, 7c.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services