Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-ráidhte.

Title
Sean-ráidhte.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
O'Laighin, Seaghán
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Sean-Ráidhte.



(ó Sheaghán O'Laighin, Philadelphia).



1. Is maith an greann greann putóige.



2. Seasga na gcearc, ó Shamhain go
Nodlaig.



3. Is námhaid an cheird gan a foghluim.



4. Níor caoineadh riamh acht an t-anró.



5. Imtheacht gé an oileáin air, imtheacht
gan casadh go bráth.



6. An rud a theidheanns in (chum) fa-
dála, teidheann sé in síneadh.



7. Tuar an mhaith agus gheobhaidh tú é;
tuar an t-olc agus gheobhaidh tú é.



8. Fataidhe úra agus bláthach,
Chuirfeadh siad an donas 'un báis.



9. Fataidhe úra 's bainne geur,
Is cruaidh an croidhe nach sgrúdfaidh
sé.



10. Naoi n-oidhche agus oidhche gan áireamh'
Ó oidhche Fhéil Shamhna go h-oidhche
Fhéil Mártáin.



11. Oidhche Nodlag móir' gan feoil,
Oidhche fhéil' Bríghde gan im,
Domhnach Cásga gan arán,
A's nach h-é sin ag gearán lom.



12. Thig an oidhche roimh an lá
An uile lá acht Lá Inide.



13. Easgaine rinne fear ar a mhac, mar
bhí sé aig imtheacht uaidh agus ag
dul gá phósadh.



Go mba teach ar an árd do
theach,
Go mba bean bhreagh í do
bhean,
Go mba ba bána iad do chuid
ba.



(1) I riocht go dtiubhradh an ghaoth mhór léithe é, (2) i
riocht go mbainfeadh fuadach as dí, (3) i roicht go
ndéanfaidhe drochshúil díobhtha.



14. Lá fhéil Fionnáin fionn
A théidheanns roinn ar an bhfuacht;
A's lá fhéil Pádraig na bhfeart
A baintear as an chloch fhuar.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services