Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tSeanbhean agus a Mac.

Title
An tSeanbhean agus a Mac.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Lyons, J. J.
Contributor
King, John
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

An tSeanbhean agus a
Mac.



Bhí fear 'na chómhnuidhe ins an
áit seo 'gainne, agus ní raibh
de chúram air acht é féin
agus a mháthair. Acht mara
(muna) raibh féin, bhí a sháith annsin, agus
bhí an saoghal ag 'ul rithte go maith leis.
Mar bhí sé féin leath-bhreoite, agus gan dúil
mhór ins an obair aige, ní fheudfadh sé
curaidheacht a dheunadh mar dheunfadh fear
eile, ná an bárr a bhaint dá mbeidheadh sé
aige féin, rud nach raibh. Agus mar bhí
bun-aois mhaith i gceann a mháthar, ní raibh
annti freastal a dheunádh air, ná congnadh
ar bith a thabhairt dó, leis an obair a chur
ar a h-aghaidh.



Aimsir an droch-shaoghail a bhí ann, an


L. 33


uair nach raibh mórán le spáráil aig duine
ar bith; 's bhí an tseanbhean agus a mac
cráidhte go maith. Ní raibh earraidhe ná
airgead ná beatha lé fagháil aca-san ná
aig aon duine eile ar iasacht ná ar gaimbín.
Ní raibh ceo aig an mac lé go gceannóchadh
sé greim lé n-ithe dhó féin agus dá mháthair,
's dubhairt sé lé a mháthair go gcaithfeadh
sí bás fhagháil.



“Go mbadh seacht má's measa bheidheas
tú bliadhain ó 'ndiu!” ar sise, “nach
drochmhúinte thú lé do mháthair! Cad chuige a
bhfuighinnse bás acht an oiread leat-sa.
Faigh tú féin bás!”



“Tá, mar nach bhfuil greim lé n-ithe
againn, ná síol fataidhe lé cur sa talamh,”
adeir sé, “agus ar ndóigh caithfidh tú bás
fhagháil i n-am eicín, agus nach bhfuil sé chomh
maith dhuit bás fhagháil anois lé ham ar bith
eile? Ní bhéidh tú acht ag fagháil bháis leis
an ocras má fhanann tú annseo 'do leachta
sa gclúid.”



“Ní theastuigheann an bás uaim,” adeir
sí, “agus ní fhágfaidh mé an áit seo gur
toil lé Dia fios a chur orm.”



“Maiseadh,” ar se-san, “caithfidh mise
beart eicín a fheuchaint, lé slighe fhagháil a
bheurfas beatha dhúinn, agus,” ar sé-san,
“dá leigtheá-sa bás bréige ort féin,
b'fhéidir go n-éireochadh liom cobhair eicín
fhagháil.”



“Ní'l gar ag caint leat,” ar sise,
“agus ó chaithfeas tú do chomhairle féin
bheith agat, tá mise sásta rud ar bith a
dheunadh is breágh leat.”



Bhí go maith; shocruigh an mac bord sa
gclúid — clúid dhorcha a bhí ann — agus chas
sé braithlín gheal thimcheall ar a mháthair,
agus chóirigh sé ós cionn cláir í. 'Nuair
a bhí sin deunta, thug sé leis máilín na
mine, agus d'iompuigh sé an taobh astigh dhe
amach, agus chraith sé dusta na mine ar a
lámha' agus ar a h-eudan, agus dá bhfeic-
theá í, bheurfá an leabhar go raibh sí
caillte. Amach leis annsin eidir an dá
theach, agus é ag gárthuighil
chaointe agus ag greadadh bos.



“Ceurd tá ort?” arsa bean de na
comharsanaibh.



“Tá mo sháith,” ar se-san, “tá mo mháthair
caillte.”



“Dia is Muire linn, agus beannacht Dé
le n-a h-anam — cá fhaide ó cailleadh í?”



“Tá sí caillte lé cúpla uair.”



“Ara, t'anam dho'n seabhac, cad chuige
nár innis tú dhúinn é sul dá dtí seo?
Gabh 'mac aig Bríghid Ruaidh, agus abair
léithi theacht isteach.”



“Faraor,” ar se-san, “ní'l aon cheo
lé n-a chur — sé an sgeul is measa liom.
Dá mbeidheadh gleus tórthaidh féin agam, ní
bheidhinn go h-andona, acht faraor ní'l.
Tá an oidhche ag teacht orm, agus ní'l
coinneal, crann soillse, píopaidhe, ná
tobac agam, ná pighinn lé n-a bhfagháil.”



“Dona go leor,” ar sise, “acht ní'l
neart air. Caithfidh na buachaillí beaga
dhul thart ar fud na mbailte go gcruin-
nighidh siad an oiread a's chuirfeas í.”



Chuaidh beirt nó triúr thart i measg na
ndaoine, agus chruinnigh siad trí phúnt
cúig deug agus sé pighinne. Ceannuigheadh
coinnle, píopaidhe, agus rud beag tobac,
agus chuir mac na mná an tar ós bárr
dhe'n airgead ina phóca, agus deirim-se
leatsa go raibh pighinn deas aige.



Chruinnigh comharsana an bhaile, sean
agus óg, isteach aig an tórthadh. Chaith
siad seal de'n oidhche ag urnuighe, agus
seal eile ag caint 's ag cómhrádh 's ag
caitheadh tobac. An uair a bhí an oidhche
thar druim, d'imthigh na fir agus na mná
a bhaile, agus d'fhan an t-aos óg aig an
tórthadh, ag deunadh grinn agus siamsa go
raibh sé 'na ghairm na gcoileach. Annsin
b'áil leobhtha rud le h-ithe bheith aca. Chuir
siad pota ar an teinidh agus chuir siad
isteach bainne agus min a thug siad leobhtha,
agus rinne siad leite bán. Chomh luath a's


L. 34


bhí an leite bruithte agus an pota tóigthe,
thug mac na mná priocadh de shnáthaid mhóir
sa gceathramha dá mháthair. Chuir sí béic
aisti, agus d'éirigh sí aniar 's shuidh sí suas
ar an mbord. Amach leis gach uile dhuine
bhí sa teach, ag siubhal ar a chéile agus ag
tuitim ar a chéile, agus níor fheuch duine
amháin aca 'na dhiaidh nó gur bhain sé baile
amach agus a chroidhe ag 'ul amach ar a
bheul. Chomh luath a's bhí siad glanta amach,
chuir an mac an bulta ar an dorus, agus
d'ith sé féin agus a mháthair an leite bán.
Ní'l fhios agam an fíor breug é, acht ar
ndóigh má's breug é, ní mise chum é.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services