Sáith agus Fuighleach.
Dhá mhnaoi bhochta do bhí ag cruinniughadh a
a gcoda trés an domhan. Tháinic siad go
tigh ins an chomharsanacht, agus fuair siad a
mbiadh ann, agus d'fhiafraigh bean an tighe dhíobh
an rachadh siad go tigh an tórraidh.
“Gá bhfuil tigh an tórraidh?” ars' iadsan.
“A leithid seo de mhnaoi atá marbh,” arsa
bean an tighe.
Chuaidh siad go tigh an tórraidh, agus fuair
siad a sáith le n'ithe ann agus le n'ól.
“A Mháire, an bhfuair tú do sháith?” arsa
fear an tighe.
“Fuair mé mo sháith,” ars' ise, “agus
d'fhág mé fuighleach, agus acht gurab é an bás
cóir, ní bhfuighinn é.”
Micheál O Cathaláin, darab áit chomhnuidhthe an
Caisleán, i ngar do Charraig Mhachaire Rois, d'innis
an sgéal.
Tre, usually thríd in colloquial Irish. Tríd
an = tréa an. Gá(=cá) used by Keating and other
classical writers, now confined to Ulster usage. Tórradh
or tárramh, a wake. A leithid seo de mhnaoi, such a
woman (naming her). Fuigheall or fuighleach, surplus,
leavings, what is over and above. Bhí an oiread sin
d'fhuigheall agam, I had so much left. Acht gurab é =only
that it was. Muna mbeidheadh is also use, in Connacht
contracted to marach or meireach. An bás cóir, the death
that happened in good time.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11