Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Fhinn Mhic Cumhaill. Le Seachrán na Sál gCam.

Title
Eachtra Fhinn Mhic Cumhaill. Le Seachrán na Sál gCam.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

EACHTRA FHINN MHIC CUMHAILL
Le Seachrán na Sál gCam.



1. Do ghluais Fionn Mac Cumhaill agus a
shluaighte lá ag fiadhach. Do thógadar leo
Lupaois agus Labaois agus gadhair bheaga thanaidhe
nár aithnigeas i n-aon chor. D'éirigh rompa
eilit ag a raibh druim fionnáin, bolg beir-
eáin, cliathán óir agus airgid aici. Do
chuireadh sí cnoc de thruslóig, gleann de
chois ag bacóid, agus páirc bháin de gach
aon urthruslóig di.



2. “Seasuighidh, a fheara,” arsa Diarmuid
Donn, agus leanfad-sa í.” Do ghluais
Diarmuid 'na diaidh, agus do chuireadh sé cnoc
de thruslóig, gleann de chois ag bacóid,
agus páirc bháin de gach aon ur-thruslóig
de, chomh maith léi, agus níor bh'fhéidir leis
teacht ní ba ghiorra dhi. Do shuidh sé air
thurtóig agus d'fhan annsoin go dtáinig an
chuid eile de'n Fhéinn suas leis.



3. “Cad d'imthigh ort, a Dhiarmuid?” arsa
Fionn, “nó cad do bheir duit bheith annsoin?”
“So súd orm,” adubhairt Diarmuid, “gur
éirigh féitheacha cúil mo chos liom, agus ní
fheudfainn dul a thuilleadh.”



4. Bhailigh an Fhiann le chéile agus bhíodar
ag cur 's a' cúiteamh cad do b'fhearr do
dhéanamh, 'nuair chonncadar chuca an fathach
mór groidhe, 'ga bh-feicfeá an saoghal go
léir idir a dhá chois, agus nach bh-feicfeá
aon rud idir a cheann agus an spéir.



5. “Seasuighidh, a fheara,” arsa Fionn.
“Tá fathach mór éigin ag déanamh
orainn.” Tháinig sé suas agus do bheann-
uigh dhóibh le Dia agus le Muire agus le
Pádraig. D'fhiafruigh Fionn de, cad do
b'ainm do, nó cia aca buachaill é air lorg
máighisdir, no máighisdir air lorg buach-
alla. Dubhairt sé gur buachaill é air
lorg máighisdir, agus gur airigh se nár
eitigh Fionn riamh buachaill do thógáil,
agus go dtáinig sé fá n-a dhéighin, agus
gur bh'ainm do Seachrán na Sál gCam.”



6. An bhfuil a fhios agat cad iad mo
choinghill-se?” arsa Fionn. “Tá buach-
aill agam a n-aghaidh gach lae sa' mblia-
dhain, agus caithfidh duine aca-sain oidhche do
thabhairt im' fhaire-si agus i bhfaire na Féinne
gach re n-oidhche; agus bheuraidh mé do rogha
oidhche dhuit-se cum sinn d'fhaire.” “'Sdó,”
adubhairt Seachrán, “dá mbeidheadh an
bhliadhain tabhartha agam go dtí an oidhche,
ba shia liom an oidhche 'na an chuid eile, agus
faireóchaidh mé anocht sibh.”



7. Annsoin dfhiafruigh Seachrán díobh
cad do bhí aca 'dá chluithche. D'fhreagair
Fionn agus dubhairt sé gur eilit, agus go
raibh sí imthighthe. Dubhairt Seachrán,
“Seasuighidh, a fheara, agus leanfad-sa í.”
Do ghluais sé 'na diaidh, agus do chuir cnoc de
thruslóig, gleann de chois ag bacóid,
agus páirc bháin de gach aon ur-thrus-
lóig de, agus níor ghabh sé i bh-fad 'nuair
tháinig sé suas léi, do mhairbh í, agus do
bhuail air a ghualainn í. Do chas sé ar
n-ais go dtí an Fhiann, agus do chaith d'á
ghualainn í, agus dubhairt, “Cia aca agaibh do
bheurfaidh a bhaile í anois?” “Greadadh
chughat, a Sheachráin ghránda na Sál gCam!”
arsa Conán Maol. “Cia bheurfadh a
bhaile í, acht an té do mhairbh í?”



8. Do bhí an déidheanaighe ag teacht orra,
agus dubhairt Fionn leo: “Gluaisidh, a fheara,
agus bímís ag triall ar an mbaile.”



Ghluaiseadar orra, agus ar a dteacht anuas
cliathán Chnuic Mhuisire, do bhuail coill
umpa — fás dá bhliadhain deug. “Seasui-
ghidh go fóill, a fheara,” arsa Seachrán,
“agus bheurfad-sa marcuigheacht a-bhaile dhíbh.”
Do phreab isteach an choill, agus rug sé air
bharraibh na gcrann, agus do tharraing as a
bpreumhachaibh iad. D'fhigh sé ar a chéile
iad, agus do rinne cliath dhíobh. Do bhuail sé
ar mhullach a chinn í, agus dubhairt leis na


L. 153


fearaibh go léir teacht annso i n-áirde
chuige, agus an eilit 'na dteannta. Do
bhuail sé annsoin anuas le fánaidh
Mhuisire agus na fir go léir i n-áirde ar
an gcléith aige. Thiomáin sé leis go
ráinig bárr an Tulaighe. 'Nuair do bhí sé
ag siubhal le fánaidh, do bhí an t-ualach
trom, agus coiscéim anacair aige dhá thabh-
airt. Dubhairt Conán — “Greadadh chugat,
a Sheachráin ghránda! Is í an mharcuighe-
acht anacair atá agat ag á tabhairt dúinn.
Do b'fhusa dhúinn siubhal a-bhaile 'ná an
suathadh atá againn ag á fhagháil uait.”
“Budh chóir, a Chonáin,” arsa Seachrán,
“nár ghá'dh dhomh-sa aon toirmeasg do chur
ort leis an marcuigheacht,” ag baint teil-
gin as an gcléith, agus d'á gcaitheamh anuas ar
an mbóthar. Do phreab na fir go léir 'na
seasamh, agus muna mbeidheadh Fionn, do
shracfaidís Conán as a cheile mar gheall
ar iad do chur gan marcuigheacht. “Anois,”
arsa Seachrán, “ó táim-se chum sibh
d'fhaire anocht, raghaidh mé, agus ullmhó-
chaidh mé bhúr séire dhíbh.”



9. Do ghluais sé rómpa, agus níor stad sé
go ndeaghaidh sé chum réidh-theaghlaigh bháirr
an dúna, amuigh ag Poll Bó Chuilionn.
Tháinig go dtí an doras, agus do chnag sé agus
d'iarr osgailt. D'fhreagair sean-Ghráinne
Barróid, agus dubhairt sí nach osglóchadh sí
an doras go dtigeadh Fionn a-bhaile.
Dubhairt sé léi gur duine de bhuachaillidhibh
Fhinn é féin, agus an doras d'osgailt do.
Dubhairt sí nár aithin sí é agus nach leigfeadh
isteach é chum go dtigeadh Fionn. Thug sé a
ghuala do'n doras, agus do bhuail sé siar ar an
gcliathán eile de'n réidh-theaghlach é. Do
phreab sean-Ghráinne Barróid 'na seasamh,
agus do rinne sí síos air, agus do bhuail sí le
leangaire boise é, do chuir ag rialáil síos
go tóin an réidh-theaghlaigh é. Tháinig aníos
agus ní dheárnaidh aon tsuim de. Do rinne
ar an mbiadh, agus do chrom ar é 'ullmhughadh;
do leag amach an bórd, agus do chuir a chuid
féin bídh i láthair gach aon fhir. Tháinig
Fionn agus an Fhiann, agus do shuidheadar síos chum
bídh. 'Nuair do bhíodar go léir sásta, do bhí
fuighleach i ndiaidh gach aon fhir. D'fhiafruigh
Fionn — “Caidé an chúis é seo? Do thugainn-
se níos mó bídh 'ná soin dom' fhearaibh, agus ní
fhaca riamh a bhfuighleach.” “Inneósad-sa
dhuit,” dubhairt Seachrán, “caidé an chúis é
seo; do chaithteá-sa i g-ciarán gcuibhreann chuca é; acht
ní mar sin do rinneas-sa é, acht do chuireas
a chuid féin i láthair gach aon fhir, agus ní raibh
an fear láidir ag breith a choda ó'n bhfear
lag, ná an fear lag d'á bhreith ó'n bhfear
láidir, agus d'á bhrígh sin, tá fuighleach bídh
anocht againn.”



10. 'Nuair tháinig an oidhche, do chuadar go
léir chum suain, agus do bhí Seachrán d'á bhfaire.
'Nuair shaoil sé go rabhadar go léir i n-a
gcodladh, d'éirigh agus do sháithigh sé biorán suain
is gach aon neach, go dtáinig sé go dtí Conán,
an fear déidheanach. Do phreab Conán 'na
shuidhe, agus d'fhiafruigh sé de'n bhitheamhnach, cad
do cheap sé do dhéanamh, nó ar mheas sé an
Fhiann go léir do chur chum báis. Dubhairt
Seachrán nár cheap, agus luighe síos agus codladh.
Do shuidh Seachrán ag an teinidh, agus tháinig an
cnag ag an doras, agus dubhairt osgailt.
Dubhairt Seachrán nach osglóchadh, agus d'iarr
sí arís osgailt, go raibh teachdaireacht aici
chuige. D'fhreagair Seachrán, má bhí, teacht
annso i n-áirde ins an tsimné agus go dtógfadh
sé uaithi é. Níor thúisge sin ná do bhí sí i
n-áirde, agus do shín sí anuas a lámh agus litir
innti. Rug sé ar a láimh, agus do ghearr í
ó'n ngualainn di. Do thóg an litir, agus do
chaith an lámh i dtaobh thiar na teineadh.
'Nuair rug an teine ar an láimh, d'éirigh
boladh méith ar fud an tighe, agus d'airigh
Conán é, mar nach raibh aon bhiorán suain
ann. Do phreab sé 'na shuidhe, agus rug sé ar
an gcleith, agus do rinne ar Sheacrán, agus du-
bhairt gur aithin sé féin gur bh' shin é bhí
uaidh iad go léir do chur chum báis. Do
luigh sé ar é phléasgadh ar fud an tighe,
gurbh' éigean do an biorán suain do
tharraing as Fionn chum é chosaint air.


L. 154


D'éirigh Fionn agus do choisg sé Conán, agus do
tarraingeadh an biorán as na fearaibh go
léir, agus do bhíodar chomh athnuaidhte agus dá
mbeidheadh codladh gaisgidhigh déanta aca,
'sé sin seacht lá agus seacht n-oidhche. Thug
Seachrán an litir d'Fhionn agus is é do bhí
innti, dul chum cogaidh do dhéanamh le
Dearg Óg. Dubhairt Fionn leo, iad féin
d'ullmhughadh go dtéidís fá dhéighin an
chogaidh le Dearg Óg.



11. D'ullmhuigheadar iad féin amach,
agus níor tharraingeadar srian go ndeagha-
dar isteach i ríoghacht Dheirg Óig. 'Nuair
shroiseadar é, do bhí sé déidheanach 'san lá,
agus ní raibh aon áit chum dula i gcomhair na
hoidhche. “'Seadh,” arsa Seachrán, “cá
bhfanfamaoid anocht?” “So súd orm,”
dubhairt Fionn, “má iarrfamaoid aon
lóisdín orra; go bhfanfamaoid mar a
bhfuilmíd go maidin.” “Ní bheidh an sgeul
mar sin aca,” arsa Seachrán; “caithfid
siad lóisdín do thabhairt dúinn.” Seo ar
siubhal é go Cúirt Dheirg Óig. Do bhuail
sgiath, agus d'iarr comhrac, agus do bheir Fiadha
nach deaghaidh riamh i ndiaidh a thóna. Thái-
nig chuige amach teachdaire agus d'fhiafruigh
de cad do bhí uaidh. Dubhairt Seachrán
go raibh áit éigin chum codlata i gcomhair
na hoidhche. D'imthigh an teachdaire uaidh
isteach, agus tháinig Dearg Óg amach, agus
dubhairt nach raibh aon áit aige féin do;
acht go raibh teach amhas thiar annsoin, agus dá
mbudh mhaith leis dul agus é ghlanadh amach
do féin, go bhfeudfaidís dul ann i gcomh-
air na hoidhche. D'imthigh sé fá dhéighin
tighe na n-amhas, agus 'nuair chuaidh isteach
do luigheadar ar sgige agus ar gháiridhe
le chéile. Do bhí buaic an tighe lán de
phollaibh. Do phreab ceann aca chum gach
aon phuill acht aon pholl mór amháin do bhí
i lár an tighe. Do phreab Seachrán go dtí
an poll mór, agus do luigh sé ar é dhúnadh.
D'fhiafruigh na hamhais, caidé an chúis go
ndeárnaidh sé é sin. D'fhiafruigh seisean
díobh, caidé an chúis gur dhúnadar-san na
puill eile. Dubhradar leis, mar gur
bheag é a chuid feóla, agus gur mhór é a chuid
anbhruith. Dubhairt sé leó, gur bh'shin mar
bheidheadh an sgeul aca féin. Rug sé ar
an gceann ba shia cosa agus ba mhó ceann;
do bhí ag gabháil orra, chum gur mhairbh sé
a raibh ann aca, acht aon cheann amháin do
chuaidh i bhfolach fá'n ngráta, agus nach faca
sé chum go raibh sé ag glanadh an tighe
amach. 'Nuair do tharraing sé chuige amach
í, do luigh sí, agus do bhéic sí, agus d'iarr sí com-
ruighe a hanma; agus dubhairt sí go mbeidheadh
ar na cailínibh do b'fhearr do bhí ag duine
riamh; do ghlanfadh sí amach an teach do, nó
raghadh si ag iarraidh beart mbrosna do'n
choill do. “Glan amach an teach ar dtús,”
arsa Seachrán, “agus raghaidh mé féin ag
iarraidh an bhrosna do'n choill.” D'imthigh
sé, agus d'árduigh sé leis teud agus chuaidh sé
do'n choill. Do chaith sé an teud air
bharraibh na gcrann, agus do bhuail
sé ar a ghualainn í. Do shrac sé as
a bpréamhachaibh lán an teuda, agus thug sé
leis a-bhaile iad, agus b'air ba ghiorra a mhoill
teine do dhéanamh. “'Seadh anois,” ar
seisean leis an amhas, “imthigh anois agus
glaoidh chugam ar Fhionn, agus ar an gcuid eile
de na fearaibh.” So amach í, agus do
b'uirri badh ghiorra a mhoill glaodhach orra.
Tháinig Fionn agus an chuid eile de na fearaibh,
agus do bhí áthas mór ar Fhionn i dtaobh lóisdín
do bheith déanta amach ag Seachrán i gcomhair
na hoidhche. “'Seadh anois,” arsa Seachrán,
“tá an meud sin déanta, agus cad dhéanfamaoid
anois gan aon nídh le n'ithe againn. “O!
so súd orm,” arsa Fionn, “má iarrfamaoid
aon nídh le n'ithe orra.” “Is olc an
cungnamh cogaidh bheith i n-ár dtrosgadh i
gcomhair na hoidhche,” adubhairt Seachrán;
“ní bheidh an sgeul mar sin aca; caithfid
siad biadh do thabhairt dúinn,” ag preabadh
i n-a shuidhe. So amach é, agus do rinne ar
Chúirt Dheirg Óig. Do bhuail sgiath agus d'iarr
comhrac, agus do bheir Fiadha nach deaghaidh riamh
a ndiaidh a thóna. Do tháinig Dearg Óg


L. 155


chuige amach, agus d'fhiafruigh sé dhe, cad do bhí
uaidh. Dubhairt sé gur bheag an mhaith dhóibh
teach agus teine, gan rud éigin d'íosfaidís i
gcomhair na hoidhche. Dubhairt Dearg Óg
nach raibh aon rud aige féin, acht go
dtiubhradh sé ticeud do chum an bháiceura do
bhí thíos annsoin, agus go bfaigheadh sé roinnt
aráin uaidh chum an séire. D' imthigh sé
uaidh isteach, agus thug chuige amach blúire de
thiceud, agus do shín chuige é. D'fhiafruigh
Seachrán an raibh a thuilleadh le fagháil aca,
acht a raibh ins an ticéidín seo. Dubhairt
Dearg Óg nach raibh, agus nár bheag leis
dóibh é. Do thóg Seachrán an ticeud, agus do
rinne sé ar thigh an bháiceura. Do chuaidh
isteach, agus do shín sé an ticeud chum an
bháiceura, do bhí ar an dtaobh istigh de'n
chuantuart. D'iompuigh an báiceur isteach,
agus do chomhairigh sé chuige amach an meud
aráin do bhí ainmnighthe dhó d'fhagháil ins an
ticeud. D'fhiafruigh Seachrán de, an raibh
a thuilleadh le fagháil aige. Dubhairt an
báiceur leis nach raibh, gur bh'shin a raibh
lamháltha do thabhairt do. Ní dhearnaidh
Seachrán acht iompódh air, agus é bhualadh le
speach ghearráin i gclár an eudain, do
chaith a cheann ar an taobh istigh de'n
chuantuart, do rinne sé isteach insa'
bhácús, agus do bhailigh sé chuige a raibh d'arán
insa' tigh, agus d'árduigh leis a lán-ualach de.
Do rinne isteach ar Fhionn agus do chaith sé
an mála ar lár an tighe; agus dubhairt sé,
gur bheag an mhaith dhóibh an t-arán, 'nuair
nach raibh aon fheoil aca leis. “Ó! so
súd orm,” arsa Fionn, “má iarrfamaoid
feóil ná aon nidh eile go lá arís orra.”
“Ní mar sin bheidh,” arsa Seachrán; “caith-
fimíd feoil d'fhagháil uatha.”



12. So amach é, agus do rinne air Chúirt
Dheirg Óig. Do bhuail sgiath agus d'iarr
comhrac, agus do bheir Fiadha nach deaghaidh
riamh i ndiaidh a thóna. Do tháinig chuige
amach Dearg Óg, agus d'fhiafruigh sé cad
do bhí uaidh, go raibh sé bodhar aige.
Dubhairt Seachrán leis go mbodharóchadh
níos fearr é, sul a sgarfadh sé leis; nach
raibh aon mhaith isan arán gan blúire éigin
feóla leis. Dubhairt Dearg Óg nach raibh
aon fheoil aige féin do bheuradh sé dho, acht
go raibh tarbh sa' choill sin thall, agus dá mbudh
mhaith leis dul anonn agus é mharbhadh go
bhfeudfadh sé é bhreith leis. Dubhairt
Seachrán leis airm éigin do thabhairt do
chum a mharbhtha. D'imthigh uaidh isteach agus do
chaith sé chuige amach sean-tuagh bheag
mheirgeach nach raibh i n-aon ócáid le seacht
mbliadhnaibh. D'árduigh sé leis í, agus an
tarbh do bhí sa' choill sin roimhe, níor leig
aon neach le seacht mbliadhnaibh roimhe sin ar
an taobh istigh de chlaidhe na coille, nár mhairbh
sé. Chomh luath agus do chuaidh Seachrán ar
an taobh istigh de chlaidhe, d'airigh sé boladh
an duine. Do rinne sé ar Sheachrán, agus do
sháithigh sé a dhá adhairc idir a dhá chois, agus do
chaith sé i n-áirde go dtí an spéir é. Ar a
theacht anuas do Sheachrán, do leath sé a dhá
chois ar dhruim an tairbh, agus do bhuail dé le
buille d'á thuaigh bhig mheirgigh idir an dá
adhairc air, gur sgoilt sé siar go cnámh an
earbaill é. Do tháinig agus do chaith sé an
ceann de. Rug sé ar earball air, agus
do bhuail an corp ar a ghualainn chuige,
agus d'árduigh leis a-bhaile é. Do chaith isteach
ar lár an tighe é, fuair an sgian, agus is air
ba ghiorra a mhoill an croiceann do bhaint
de, agus é ullmhughadh i gcomhair an tsuipéir.
Fad do bhí an tarbh d'á róstadh, d'fhiafruigh
sé dhíobh, cia aca raghadh ag iarraidh a chinn;
go raibh i n-a leighéid sin d'áit de'n choill.
D'fhreagair dearbhráthair Fhinn agus dubhairt,
go raghadh sé féin d'á iarraidh. D'imthigh
sé, agus 'nuair fuair an ceann, ní fheudfadh
sé é chorraidhe de'n talamh, agus do chaith sé
tréimhse fada amuigh. Do tháinig sé thar
n-ais, agus dubhairt sé nár bh'fhéidir leis é
d'fhagháil. D'fhreagair Seachrán agus dubhairt
sé go raghadh sé féin d'á iarraidh, ó's aige
bhí a fhios cá raibh sé. D'imthigh sé agus ní raibh
i bhfad amuigh, nuair tháinig sé agus ceann an
tairbh ar a ghualainn aige. Do chaith sé ar


L. 156


lár an tighe é, agus dubhairt leó gur b'shin é
aca é, agus ars' eisean le dearbhráthair Fhinn,
“fuarais é chomh maith liom-sa, agus ní fheudfá
é thabhairt leat.” Do bhí an suipéur ullamh,
agus do shuidheadar síos chum bídh agus d'itheadar
a ndóthain aráin agus feóla.



To be continued.



NOTES AND VOCABULARY.



1. lupaois agus lapaois, two dogs. Fionnán, a course
grass which grows on moors. Druim (in Munster, drom,
drowm) fionnáin, a back of (the colour of) fionnan.
Beireán, a dish made of boiled corn; perhaps beirbheán,
from beirbh, boil. Bacóid, hopping on one leg. Trusl-
óg, a stride; ur-thruslóg(?), a half-stride; orra thrus-
lóg, as given. 2. Turtóg, hillock.
4. Ag cur agus ag cúiteamh, putting and balancing, i.e.,
weighing a matter carefully.
5. Eitigh, refuse. 6. Gach re n-oidhche, every other
night, every second night.
8. Muisire, a mountain south of Millstreet, see An
Fhalartha Ghorm, Dec. Journal. Do bhuail um, met.
Tarraing, pronounced tarraig in Munster. The
verbal noun tarrang is pr. tarrag. Tulaigh, a town-
land, parish of Millstreet. Anacair = anshocair, unsettled,
uneven, etc. Teilgean, a cast.



9. Réidh-theaghlach, a temporary dwelling. Barr an
Dúna; full name of the dún is Doonasleen = Dún na
Slinn? a townland, parish of Cullin; its fort is a noted
fair haunt. Poll Bó Cuileann, a hole in the Ountargle
river, improperly called Araglen, not far from Kiskeam.
Leangaire boise, a blow with the open palm. Rialáil,
reeling, borrowed from English. Ciarán, a pile.



10. Cnag, knock.



11. Sroisim = sroichim, roichim, I reach. Amhas, a
mercenary, here confused with some wild animal. Buaic,
peak, summit. Comruighe = comairce, protection. Srac,
drag, tear. Cuantuart, from English “counter.” La-
mhálta, allowed, a borrowed word. Speach ghearráin, a
name given to the action of cracking the thumb and
second finger, lit., a nag's kick.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services