Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gaedhealg Chondae Mhuineacháin. III. Seanráidhte, &c.

Title
Gaedhealg Chondae Mhuineacháin. III. Seanráidhte, &c.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Laoide, Seosamh
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 88


GAEDHEALG CHONDAE MHUINEACHÁIN.



III. — Sheanráidhte, etc.



59. Maireann an chraobh ar an bhfál, agus
cha mhaireann an lámh a chuir.



60. — Iomardas an phíobaire bhuidhe le n-a
mháthair.



61. — Is iomdha lá 'san uaigh orainn, agus gan
aon lá acu isteach go seadh.



62. — Is lia lá maith nó ('ná) bárr áithe
againn (no, chugainn).



63. — Gach aon mhí 'sa mbhliadhain ag mal-
lachtaighe ar na Faoillidh', má bhíonn sé 'na
thuradh.



64. — 'Nuair a chaith me an choinneal, caithfe
me an t-órlach.



65. — (a) Tá cead cainte aige fear chaillte
na h-imeartha riamh.
(b) — Budh chóir cead cainte thabhairt
dó, fear caillte an imeartha.



66. — Gach aon neach mar oiltear e, ars' an
tradhnach ag dul 'sa neanntóig.



67. — Pléisiur an chait leis an luchóg.



68. — Ná cuir do chorrán i ngort gan iar-
raidh.



69. — An té nach dtéid a mharcaigheacht acht
go hannamh, bíonn a spuir ar iarraidh.



70. — Is iomdha séan ar chroith mise lámh
leis, chan iongantas mé bheith claoidhte bocht.



71. — Amur líonfaidh (no, líonann) na
Faoillidh na fuarlaigh, Líonfaidh an Márta
go dtí an bruach iad.



72. — Is fearr greim an choinín 'ná dhá
ghreim an chait.



73. — Go dé 'gheanadh mac an chuit acht
luchóg a ghabhail.



74. — Tiocfa an dúthchas thríd na crúbaibh,
is leanfaidh an cú gearrfhiadh.



75. — Is maith le Dia duine bocht súgach;
Char lugha leis an domhan duine bocht
lúbac.



76. — Is truagh duine folamh gan salann
in a mhála féin.



77. — (a) Cha bhíonn ciall ionnat fhad a's
bheidheas naosg ar móin no srón
ar chat.
(b) — Cha bhíonn ciall ionnat fhad as
bheidheas naosg ar móin agus fhad
a's bheidheas cleití in a tóin a
phiocfad sí.



78. — Gheana me sponóg no millfe me
adharc.



79. — (a) Ná cuir an sócamhal roimh an
dócamhal.
(b) Ná cuir an sgíste i dtoiseach.
(c) Ná cuir an sgíth roimh an digh.


L. 89


80. — Budh chóir do chur síos go Strath
Dómhan, an áit a fuaidh Micheal Sheórsa leis
an asal.



81. — Heacláirí, táilliuraidh, a's cuit,
Triúr nach n-oibrigheann gan cruit.



82. — Galar gan náire an tart.



83. — Grádh mo chroidhe an sgadán nár
gabhadh ariamh ar a chuid.



84. — Tá an lá ar a luach aige.



85. — Solus Mhic Dé chuig ar n-anam.



86. — Bás na pisin chugat!



87. — Slán gach samhail ionna gcloich ghlais!



88. — Go Polltaibh Léabáin leat!



89. — Thug tú t'éitheach,
Bháith tú an béitheach,
Agus chuir tú do gháid ag nighe na soightheach.



90. — Má's dubh buidhe me tá croidhe agam
cá (.i. comh) geal leis an chailc.



91. — Gach aon dhuine 's a dhóigh fhéin, (agus dhá
dhóigh aige Neid againne).



92. — Tá sé ar an bhallán cúil.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services