SEAN-RÁIDHTE AGUS SEAN-RANNA
Do chnuasuigh Tadhg Ua Donnchudha fá n-a
dhúthaigh féin i gCarraig na bhFear i gCondae
Chorcaige.
I.
1. Bíonn an fear deireannach díoghbhálach.
2. Is fearr ann é 'ná an ball folamh.
3. An méid spáráileann an cníopaire
caitheann an rábaire.
4. Fear díomhaoin is buadhairt é.
5. Tabhair-se féin dómh-sa agus beir-se féin
id' óinsigh.
6. Ní thuigeann an seang, 'nuair bhíonn
a bholg féin teann.
7. Ní thagann an dá thaoide leis an
gcogadán.
8. Bogha ceatha na maidne agus madradh
gaoithe um thráthnóna.
9. An té ná fuil léim aige, cuimleóghaidh
sé é féin do'n chlaidhe.
10. Tigh ar árd, bó bhán, nó bean bhreaghdha,
ní bhíonn puinn raith leó.
11. Ná ceannuigh bó mhaol, ná díol bó
mhaol, agus ná bí gan bó mhaol.
12. Ceannuigh daor, díol saor, agus beidh do
bhotún ort.
13. Lá ar misge agus lá ag ól uisge.
14. Dearbhráthair do Thadhg Domhnall.
15. Tadhg an dá thaobh.
16. Is fearr síor-ualach 'ná sár-ualach.
17. Má dheunfair i n-aon-chor é, deun
anoiridh é.
18. Tuigim acht ní léighim, agus tuigeann
fear léighinn leath-fhocal.
19. Is breaghdha an rud an óigeacht do'n
té chuireann ar foghnamh í.
20. Mara mbeadh sé tirim, 'seadh fliuch is
fearr é.
21. Ar lorg a mhadra' agus gan fhios a dhatha
aige.
22. Síoda buidhe ar Shiobháin agus preabáin
ar a hathair.
23. Ní'l aon teinteán mar do theinteán
féin.
24. An té ná beidh ciall aige, beidh fán
air.
25. Dá mbíodh an ghrian ag sgoltadh na
gcrann, budh mhaith leis an bhfuar-the teas.
(To be continued)
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11