Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Séadna. (Ar leanamhaint.)

Title
Séadna. (Ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 34


Séadna.



(Ar leanamhaint)



Le n-a linn sin do bhí Miceal agus a mháthair
ag críochnughadh an chleamhnais ar a ndícheall.
Is beag ná go raibh sé socair acu cia hiad
a bheidheadh ar an gcóisre. D'airigheadar
an duine ag teacht chum an tighe. Phreabadar
'na suidhe. Bhíodar ag feuchaint an doras
amach. Cia gheabhadh thar an ndoras act
Séadna? D'fhéach sé isteach ar an mbeirt.
Níor bhog sé a bheul. Níor dhein sé act
feuchaint ortha. Badh dhóigh leat gurab
amhlaidh do cheangail an fheuchaint sin de'n
talamh iad. Níor stad sé d'á shiubhal.
Níor dein sé acht feuchaint ortha agus comáint
leis.



Níor labhair aon-ne' de'n bheirt go ceann
i bhfad. Fá dheireadh do labhair an mháthair.



“Seadh!” ar sisi. “Cad deirir anois
leat féin?”



“Deirim gur neamh-choitchionnta an suirghe
é!” arsa Miceal. “Duine réidh chum a
phósda, agus é ag dul chum cainte leis an
sagart, — gan casóg gan hata air, aprún
gréasaidhe air, céir ar a mheurannaibh, agus
coinneal 'na dhá shúil! Tá an sgeul ag
dul sa' mhuileann orm.” Agus do bhuail
sé amach agus suas chum a ghnó. Agus geal-
laim duit ná raibh an misneach céadna sa
chois bhacaigh ag gabháil suas do bhí innti ag
gabháil síos aige.



Bhí Seaghán Ceatach 'na shuidhe sa phárlús,
'na thigh féin, i n-aice na fuinneóige. Bhí
Máire 'na suidhe ar a aghaidh amach. Cia
chífidís ag teacht chum an dorais acht
Séadna? Do phreab Seaghán amach 'na
choinnibh.



“Airiú, míle fáilte reomhat, a Shéadna!”
ar seisean.



“Go mairir slán, a Sheagháin!” arsa
Séadna. “D'oirfeadh dhom focal nó dhó do
labhairt le Máire, má 'sé do thoil é.”



“Sin í annsain istigh agat í. Tá súil
agam gur fearr an chaint atá agat le rádh
lei 'ná bhí agad le rádh liom-sa ar maidin.”



D'imthigh seisean isteach.



“O! míle fáilte reomhat, a Shéadna!”
arsa Máire Ghearra.



“A leithéid seo, a Mháire,” ar seisean.
“Tá rún agam le tabhairt duit. Níor
cheapas go mbeidheadh orm é thabhairt d'aon-
ne' choidhche. Acht ceapaim anois ná fuil an
ceart déanta agam agus gan teacht níos túisge
agus é thabhairt duit-se. Tá sé ceangailte
orm i láthair Dé gan phósadh.”



Do stad sé. Níor labhair sisi go ceann
tamaill.



“Is ceangal uasal é,” ar sisi ar ball.
“Is ceangal uasal é,” ar sisi, “agus is
ceangal naomtha é. Má's ceangal uasal
domh-sa é. Ná bíodh ceist ort,” ar
sisi. “Coimeádfad-sa do rún. Tá oiread
eile do chroidhe agam agus do bhí le tamall. Is


L. 35


mór an tabhartas a thug Dia dhuit, 'nuair do
sprioc sé t'aigneadh chum ceangail de 'n
tsórd sain do ghlacadh ort.”



“Tá an gnó do thug mé déanta agam.
Beannacht Dé leat, a Mháire!” ar seisean.
Agus d'imthigh sé gan labhairt le fear an
tighe.



'Nuair do chuaidh sé amach fá'n spéir, do
cheap sé gur luigh sgamal anuas ar mhullach
a chinn. Do dhoirchigh an spéir agus do dhoirchigh
an talamh.



Tháinig barróg ar a chliabh. Shamhluigh
sé go raibh a chroidhe imthighthe as a
chliabh amach, agus gur bh' é rud do bhí i
n-ionad a chroidhe aige 'ná mar bheidheadh
cloch mhór throm. D'fheuch sé soir fá dhéin a
thighe féin, agus má 'fheuch, tháinig gráin
mhillteach aige ar a dtigh agus ar an áit,
ar an gcrann, ar an gcathaoir, ar an
mealbhóig, ar an obair, ar a raibh os
cionn talaimh ann, istigh agus amuigh. I n-ionad
aighthe do thabhairt ar an mbaile, do thug sé
aghaidh ar an gcnoc. Ag gabháil thar tigh
comharsan dó, bhí beirt leanbh ag spórt sa'
chlós, agus chomh luath agus chonnchadar é, do ritheadar
isteach ag sgreadaigh. “Ó! a mham,” arsa
duine acu. “Tá duine buile amuigh sa chlós,
agus d'fheuch sé orm!”



Chuir Séadna an cnoc amach de. 'Nuair
do roich sé an fiaradh, do bhí iongnadh air a
luighead de thuirse bheith air, agus an cnoc chomh
dian. Bhí radharc áluinn ó'n mullach. Do
chonnaic sé an tsráid agus páirc an aonaigh, agus
tigh Dhiarmuda Léith agus tigh na baintrighe. Do
chonnaic sé a thigh féin agus tigh Sheagháin Cheataigh.
Dá mbeidheadh an radharc seacht n-uaire
níos aoibhne, ní bhainfeadh sé an chloch as a
chliabh, 'ná ní thógfadh sé an sgamal d'á
cheann. Do bhí plásóg bhreaghdha mhór leathan
chunnlaigh ar bharr an chnuic; chomh tirim le
leabaidh chlúimh eun, agus chomh bog sain go
raghadh duine go glúinibh innti. Do chaith sé
é féin sa' phlásóig sin ar a bheul agus ar a
aghaidh, agus ní dócha go raibh ar thalamh thirim
na hÉireann an lá sain fear eile chomh
brúighte chomh basgtha aigneadh leis.
Fá cheann tamaill do thóg sé a cheann agus
d'fheuch sé siar fan chliatháin an tsléibhe.
Chonnaic sé an bhean ag gabháil aniar. Ceap
sé ar dtúis gur bhean éigin de na comhar-
sanaibh í, bhí ag gabháil comhgar an chnuic.
Ba ghearr gur thug sé fá ndeara go raibh sí
ag déanamh ceann ar aghaidh ar an áit ina
raibh sé. Phreab sé 'na shuidhe. Ba ghearr
gur aithin sé í. An bhean chos-nochttha, is í
bhí ann!



“Síothcháin Dé ort, a Shéadna!” ar sisi.



“D'oirfeadh sin dom,” ar seisean, “má
'oir sé d'aon-ne riamh.”



“Feuch!” ar sisi, ag osgailt lámha léi.



“Sin í an sgilling úd a thugais dom ar son
an tSlánuightheóra.”



“Is cuimhin liom é,” ar seisean. “Is
iomdha sgilling ghabh trém' láimh ó shin, agus is
suarach an sólás dom indiu iad. Badh
shuaimhneasaighe bheidheadh an saoghal dom, dá
mbadh ná feicfinn riamh iad.”



“Is iomdha maith atá déanta agat leó ná
beidheadh déanta agat dá mbadh ná feicfeá
riamh iad,” ar sisi.



“B'fhéidir go bhfuil roinnt díoghbhála
déanta ná beidheadh déanta dá mbadh ná
feicfinn riamh iad,” ar seisean.



“Is treise ar an maith 'ná ar an díogh-
bháil,” ar sisi.



“Is treise ar dhíoghbháil an lae indiu,” ar
seisean, “'ná ar an maith go léir.”



“C'onnus é sin?” ar sisi.



“Dá ndeunainn-se mo ghnó an lá úd leis
an sgilling sin agus leis an dá cheann eile bhí
agam 'na teannta,” ar seisean, “ní chuimh-
neóchainn riamh ar Mháire Ghearra, nó í orm.
Ní chuirfinn aithne ar bhuadhairt an lae indiu.
Ní bheidheadh mo chroidhe 'na chloich agus mo cheann
na cheó agus m'aigneadh 'na tulach cheardchan
mar atá. Ní bheidheadh mo shaoghal gearrtha
amach ar thrí bliadhnaibh deug agus a leath sain
féin imthighthe anois.”



“Feuch! a Shéadna,” ar sisi, agus d'osgail
sí an lámh eile léi, agus do thaisbeán sí dho, ar
chroidhe a dearnann, liathróidín gloine, agus is
amhlaidh do bhí an liathróidín sin, agus í chomh


L. 36


solusmhar agus ná feudfá feuchaint díreach
uirthi, nó do dhallfadh sí thu. Agus do bhí
cáithníní soluis ag imtheacht aisti mór-
thimcheall, mar bheidheadh ar an ngréin. Bhí
crios beag óir uirthi, agus slabhradh óir as an
gcrios sin.



“Cad é an rud é sin?” arsa Séadna, agus
é ag iarraidh feuchaint ar an liathróid, agus
neart an tsoluis ag baint na súl as.



“Is leat-sa é,” ar sisi.



“Cad do bheurfadh gur liom-sa é?” ar
seisean.



“Sin é an gníomh do rinnis ar maidin
indiu,” ar sisi, “an gníomh is uaisle d'ár
rinneadh i nÉirinn le fada.”



“Cad é an gníomh uasal so do rinneas-sa
ar maidin indiu, airiú?” ar seisean.



“Do rinnis,” ar sisi, “an bhean is fearr
i nÉirinn do chur ód'chroidhe ar son an
tSlánuightheóra.”



“Cad é mo leigheas air?” ar seisean.
“C'onnus d'fheudfainn a leithéid d'eugcóir
do dhéanamh ar a leithéid de mhnaoi?”



“Do sgarais le n-a leithéid de mhnaoi
níos túisge 'ná dhéanfá a leithéid d'eugcóir,”
ar sisi. Le n-a linn sin, do rinne sí air
suas, agus do chuir sí an tseoid isteach 'na
bhrollach, ar aghaidh a chroidhe. “Coimeád
annsain é,” ar sisi, “agus an cás is cruadha
bheurfaidh choidhche ort, agus an greim is géire
thiocfaidh ort, ní chaillfidh ar do mhisneach.”



Ní túisge chuir sí a lámh isteach 'na bhrollach,
'ná mhothuigh sé mar phleusgfadh rud éigin 'na
dhá chluais. D'imthigh an ceo. Do gheal an
spéir agus an talamh. D'imthigh an bhuile
bhuadhartha as a aigneadh, agus do bhí a chroidhe
féin arís aige.



Ní túisge bhí an focal déidheanach ráidhte
aici-si, 'ná tháinig ceó éigin bán 'na timcheall
do chlúduigh ó n-a radharc í, agus annsain do
leath an ceó amach agus ní raibh sí ann.



D'fheuch sé 'na thimcheall ar an spéir agus ar
an dtalamh. Bhí a aigneadh chomh suaimhneasach
agus bhí sí riamh i gcaitheamh a shaoghail aige.
D'fheuch sé anonn ar an sráid, anonn ar
thigh Dhiarmuda Léith, soir ar thigh na bain-
trighe, anonn ar a thigh féin, síos ar thigh
Sheagháin Cheataigh. Chuir sé smut de gháire
as agus thug aghaidh ar an mbaile.



(leanfar de seo.)




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services