Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Easy lessons in Irish.

Title
Easy lessons in Irish.
Author(s)
Ó Gramhnaigh, Eoghan - O'Gramhna, Eoghan,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

EASY LESSONS IN IRISH.



EXERCISE LXXXVI



500.



cáin
cíos
fiach
muirighin
muirear



501. Atá obair mhór orm anois. Ní
fhuil an obair úd mór. Ní fhuil agam acht
gort beag, bocht, agus atá cíos mór orm.
Atá an bhean sin bocht, agus atá muirighin
mhór, lag uirri. Atá siad bocht; atá cíos
agus cáin mhór orra, agus atá fiach orra.
Níl an mhin daor, atá sí saor anois, acht bhí
sí daor indé. Tabhair dhom an mhin daor,
atá sí ú, folláin.



504.
an tsráid
an tSiuir
an tSionainn
an tsúil
an tseanbhean
biadh



505. Chonnaic Brighid an tSionainn ar
maidin indiu, agus bhí sí dubh. Atá an
tSiuir leathan go leor ins an áit so. Ní
fhuil an tsráid glan, atá sí bog. Ní fhaca
an tseanbhean an madadh astigh ag an teine.
Atá ocras mór ar an madadh úd, ní fhuair
sé biadh ná deoch fós. Fuair an cú biadh,
agus bhí lúthgháir air. Ná cuir cíos mór ar
an talamh so.


L. 19


509. Chonnaic an fear an spel agus
an tsúiste ar an urlár. Atá
an t-uisge so fuar, folláin. Fuair mé an
t-uisge fuar ins an tobar. Fág an tsúiste
ins an sgioból, atá bríste. Ní raibh
an flaith óg astigh, acht bhí an t-ard-rí
astigh in a luighe, bhí tinneas air. Atá sé
marbh leis an eagla. Ní'l an eagla orm.
Ní fhaca an capall an balla. Bhí baile
mór ar an oileán. Cuir an bainne ins an
uisge. Thug Eudhmonn buille trom do
Niall, mar bhí fearg air.



510. Correct the following: Atá an
t-áit so folláin. Atá an tsolas geal.
Fuair Nóra an uisge agus an feoil. Cuir
an t-uisge fuar ar an im. Atá ualach mór
ar an t-asal. Chuaidh an bó a bhaile leis an
t-uan. Ní raibh an uan óg, bhí sí mór. Atá
an t-aill árd. Deun deifir leis an
t-obair so.



EXERCISE LXXXIX.



511.
Atá fiach ag Art ar
Niall,
Atá sgilling agam ort.



512.
an t-athair
an t-iomaire
an t-ubhall
punt
sgilling
pighinn
leith-phighinn



513.
Cuir an phighinn úd in do phóca. Ná
fág an t-ubhall ar an urlár. Fuair tú
ubhall uaim indé; atá pighinn agam ort. Ní
fhuair mé acht ubhall beag uait; ní fhuil acht
leithphighinn agat orm. Fuair Brighid caora
ó Eudhmonn, agus atá punt aige uirri. Ní
fhaca mé an t-ubhall ar an iomaire, acht bhí
an feur ag fás air, agus bhí an feur tiugh
Fuair an t-athair bás, agus bhí cumha agus
brón mór ar an mac. Bhí mé ag obair ó
mhaidin go hoidhche, acht ní fhuair mé pighinn
ruadh uait.



EXERCISE XC.



515.



516.



blas
dath
cuma
caoi
deis
dóigh



518. Feuch!



519. Cia chaoi 'bhfuil tú?
Cia chuma 'tá or/
Cuir caoi ar
ag cur caoi ar



520. an fear atá
an t-uan atá
an áit atá
na fir atá tinn



521. Go mbeannuighidh Dia dhuit, a
Thaidhg! Go mneannuighidh DIa is Muire
dhuit, a Nóra! Cia chaoi 'bhfuil tú indiu?
Atá mé go láidir. Tabhair dhom an t-ubhall
úd, an bhfuil sé milis. Atá blas milis air
go deimhin, acht cuir an t-ubhall ins an


L. 20


mála. An bhfuil Cormac ag obair anois?
Atá; atá sé ag cur caoi ar an teach, atá sé
ag cur tuighe air, mar atá an aimsir
fuar, fliuch. Nuair bhí an bhean bhocht ag
cur caoi ar an áit, fuair sí an t-airgead
ins an tuighe. Feuch an duine sin; atá air-
gead aige orm, agus ní'l pighinn in mo phóca
anois.



522. Atá caoi mhaith ar Aodh.
Ní'l caoi ar Niall



523. Bhí Domhnall bocht, acht atá caoi
mhaith air anois. An bhfuil Nóra saidhbhir?
Ní'l; atá muirighin mhór uirri, agus atá
cíos mór, trom, ar an talamh atá aici.
Fuech an t-iolar shus ins an spéir!






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services