Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Irish in County Monaghan. III. Seanráidhte, ceathramhna, &rl.

Title
Irish in County Monaghan. III. Seanráidhte, ceathramhna, &rl.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Laoide, Seosamh
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

IRISH IN COUNTY MONAGHAN



III. Seanráidhte, ceathramhna, etc.



1. Cha dtuigeann bró sháitheach bró thámhach.



2. Chan ionann fad do gach méar no méin
do gach mac.



3. Is maith praiseach, is leor dreas de.



4. Is iomdha tigh i mBaile Átha Cliath'
Is iomdha sliabh ar bheagán bó;
Is iomdha fear dubh ag éirghe liath;
Is iomdha croidhe fial ar bheagán stóir.

5. (a) Tá adharca fada ar bhuaibh i gCon-
nachtaibh.
(b) Tá adharca fada ar bhuaibh i bhfad
ó bhaile.
(c) Tá adharca fada ar na buaibh nach
bhfuil 'sa' bhaile.



6. Cur ar cáirde, cur nach féirrde.



7. Ná bí ar thús 'ná ar dheireadh cruin-
nighthe.



8. Ná bí ar thús curraigh 'ná ar dheireadh
coilleadh.



9. Fearthainn do'n laogh, gaoth do'n uan
gréin do'n searrach.



10. Fuilleadh (no, A thuilleadh) teannaidh
ort!



11. Caidreamh Mhuintire Chathalánach teas
an aráin choirce.



12. Cionn mór ar bheagán céille.



13. D'ith me mo sháith, agus d'fhág me fuigh-
leach, agus gur'b é an bás cóir, chan fhuighinn e.



14. Dealbh cúig cúigeadh triúr do Mhui'tir
Fhionnagáin stad ann.



15. Is leor Fionnagán' amháin taobh par-
ráisde.



16. Ní'l aon choill nach rabh a losgadh
fhéin innte.



17. Fear na bó 'sa' log.



18. An rud a théid i bhfad, téid se ró-
fhada.



19. Gaoth an earraigh anoir o thuaidh;
Gaoth an fhoghmhair 'thaobh o dheas;
Gaoth an gheimhridh as gach áird;
A's gaoth an tsamhraidh is cuma gá
h-acú bheidheas sí ionn nó as.

20. D'fhiostraigh Pádraig d'Oisin go dé
an seort aimsire a bhí acú tá fad'ó shoin.
Bhí Oisin 'na sheanduine aosda. Dubhairt
se le Pádraig go rabh



Geimhreadh ceodhach acú,
Earrach reodhach,
Samhradh riabhach,
Foghmhar grianach.



Dubhairt Pádraig go raibh Dia ar a gcomh-
airle fhéin acú. “Char bh'iongantas sin,”
arsa Oisin, “bhí muid fhéin ar chomhairle a
chéile go maith.”



21. Is binn béal 'na thosd, no, Is binn
an glór 'na thosd.



22. Cha dtig caonach ar an chloich athruighthe.



23. Is milis fíon do ól, 's is searbh a
luach do dhíol.



24. Teacht an tseagail chugat!



25. Is maith an cócaire an t-acras
(.i. ocras).



26. Solathar an chromáin.



27. Chan iongantas damh bheith caithte cáin-
teach;
Is iomdha Séaghan ar chroith me lámh
leis;
Séaghan Ó Dubhthaigh agus Séaghan
Ó Dálaigh,
Séaghan na cruite Mha' 'ioll Bhrádaigh.



28. Seistreach acair is deacir a triall;
An áit i bhfuighe me an t-ama chan
fhoghaim an iall.



29. Tigh na sop sáithte, agus gárrdhaidh 'amharc
amuigh.



30. Goradh grásta ó d'fhág na fir an
baile.



31. Chan fhuil insa'tsaoghal acht ceo, agus cha
seasann an ró acht seal.



32. Chan é lá na gaoithe lá na sgolbach
(no, sgolb).



33. Má's cosmhail is gaolmhar.



34. Cha dtéidhim a bhaile go lá
Le h-eagla mo bháidhte i bpoll;
Is fada o 'dubhairt bacach na gruaige
báine
Gur le bean a bhí i ndán mo chaill.


L. 185


35. Diabhal ball maith air!



36. Tá glaic in a muineál.



37. Tá gáirleóg in a sróin.



38. Má tá sé 'na chodladh go n-éirghidh sé
slán;
Amar (.i. muna) bhfeil sé 'na chodladh
nár éirghidh sé go bráth.



39.(a) An té a dtéid ainm na moicheirghe
amach air, féadann se codladh go h-eadshruth
na gcaorach.



(b) An té gheibheas ainm na moicheirghe
féadann se codladh go meadhon lae.



40. Sláinte na hÉirinne agus Condae
Mhuigheo.
Agus 'nuair a éagfas na Gaedhil nár
raibh duine beo.



41. Cha truimide do'n loch an lacha,
Cha truimide do'n each an mhuigh
(.i. muing, mong),
Cha truimide do'n chaora an olann,
Cha truimide do'n cholainn an chiall.



42. Gach dara lá ó mo lá-sa amach, arsa
Pádraig.



43. Má's geárr ó indiú go dtí inde.
Is giorra (nó (.i.'ná) sin) bhíos an
léan ag teacht;
Éirigh suas, a ghiolla an choirr-mhéir,
Agus cuir na géadhaidh isteach.



44. Seo rud adubhairt seanbhean aon
uair amháin 'nuair a bhí sí ag trácht ar ghasur
a chas uirrthí:-



'Nuair a bhí me ag dul suas annsin an
bóthar, chas gasur orm;
Bhí se buidhe bracach bacach bratogach agus
bata leis.



45. Sláinte ó dhuine go duine, agus mar
'bhfeil aon nduine ins an mballa labhradh sé.



46. Beagán síl i n-áiridh chóir;
Beagán bó i bhféar mhaith;
Beagán cáirde i dtigh an óil;
Na trí neithe is féarr amuigh.



47. Ceann confadhach ar mhaidin earraigh,
Ceann earraigh ar mhaidin gheimhridh;
Is ionann sin a's creach na dtír
Maidin chiuin ins na Faoillidh.



48. An duine saidhbhir ag teanamh grinn,
'S is binn le gach aon a ghlór,
Acht nidh is seirbhe nó (.i. 'ná) crann
gafainne ins an ghoirt.
An duine bocht ag teanamh spóirt.



49. [Dubhairt file éigin an cheathramha so
le n-a dheirbhshiúr, le linn cloiginn do thais-
beáint dí dhó:]



Féach an cionn 's gan ionn acht áit na
súl,
A's féach an trandal manntach béar-
nach gan lúth;
'S a spéirbhean deas ma mbainchíoch
álainn úr,
Beidh do chionn-sa feannta ar lár mar
siúd.



50. (Na trí droch-nósa:)
Diúrnadh na gcopán, a's deargadh an
phíopa,
A's leagadh na driúcht' go mall 'san
oidhche.



(No a leithéid seo:)



Ag ól an ghloine 's ag caitheamh an
phíopa,
A's leagadh na driúcht' go mall 'san
oidhche.


L. 186


51. Fadadh (no fágáil) teineadh le loch,
Clagadradh cloch le cuan,
Comhairle thabhairt ar mhnaoi bhuirb,
[Is ionann sin] a's buille dh'ord ar
iarann fhuar.



52. [Seo caint do thárla idir dís bhan:]
“Ó! a Rós, coinnigh rud i n-aghaidh na
coise tinne.”
“Ó! duine ar bith a choinneáchas, cos thinn
go rabh aige.”



53. Práidhinn mhór chroidhe agus moille mhór
láimhe.



54. [Seo smut comhráidh do thárla idir
beirt .i. bean agus buachaill:]



“Tarr isteach 'un do bhreicfeásta, a
Mhaolmhuire,” ar sise.



Seo an freagra thug an buachaill uirthí:



“Is fada beo mise,
Le naoi mbliadhnaibh fichead,
Agus char chuala me an “maol mire”
Ar aon fhear ariamh a roimhe!”



55. Seo rud adubhairt seanduine aon uair
amháin le n-a mhac 'nuair a bhí sé 'g 'ul a
dh'iarraidh mhná, gur seo an seort a bhí insna
cailíní':



Naoi naonbhair naoi n-uaire
Dealbh na mná ruaidhe dh'fhear;
Aghaidh an tsluaighe ar an mnaoi bháin,
Agus aon fhear amháin a sáith do'n
mnaoi dhuibh.



56. Súil na circe i ndiaidh an ghráinne;
Súil an ghobhann i ndiaidh an táirnge;
Súil an chailín óig i ndiaidh an ghrádha;
Na trí amhairc is géire ar bith.



57. Is fearr suidhe ina aice 'ná suidhe
ina áit.



58. Má's fada lá, thig án oidhche fá
dheireadh.


L. 187


NOTAIDHE.
1. Bró, .i. brú.
4. Is minic "fear" i n-áit "croidhe" insan
gceathramhadh líne.
5. I gContae Árda Macha 'seadh fríth an treas
chuma (c).
6. Sontar "féirrde" i n-óirghiallaibh go díreach
mar do litrigheas thuas é.
8. Tá seanfhocal eile i nUltaibh thairis seo, agus an rud
dá dheimhniughadh ann .i. Toiseach coilleadh agus deireadh
mónadh.
9. 'Sé mo dhóigh gur cás gearánach no tachlughadh an
focal "gréin."
13. Bean adubhairt é seo, agus muintir an tighe ag cur
tabhthainte uirthe.
14. Is ionann "dealbh" agus "dóthain" no "sáith."
Táid na trí focail i bhfeidhm i bhFeárnmhuigh agus in ar an
nós chéadna .i. tá mo dhealbh agam, agusc, (feuch 55).
15. "Fionnagán" 'seadh chuala-sa; bh'fhéidir gurab
ionchurtha "Fionnagánach" i n-a áit.
20. Tá amhras agam i roinn de'n Bhéarla atá agam
dá chur ar an seanrádh so.
25. Is ionann cuma a dó so agus do'n rádh Albanach.
27. Mac Giolla Bhrádaigh.
28. Ní fheadar ar chuireas ceart an bhéarla ar
"caair." Dála "a triall," is é Béarla do chuireadh
air damhsa ná "to get it!" Deirtear i gConnachtaibh
"thriall sé lón" .i. d'ollmhuigh sé lón.
30. Bean éigin adubhairt é seo, le linn na teineadh
do ghríosadh dhi.
40. "Sláinte gheal" é seo! Bíodh amhlaidh!
41. Ba mhinic an seanrádh so fá chló cheana. Ar a
shon sain, is móide is ionchurtha i gcló cuma eile air,
nua-ghléasadh do bheith ar an mbreith. I gCúige Chonnacht
is eadh adeirtear, "Ní truimide an loch an lacha."
I n-abhrán Ultach agamsa atá an líne seo, .i. "Dubhairt
bean áriiththe gur bh'féirrde dhamh gloine de'n digh 'ól."



42. Ceaud lá feabhra, féile Bhríghde.



43. Is amhlaidh do thárla cumadh na ceathramhan so
fear do bheith ann do pósadh le beirt bhan i ndiaidh a
chéile. Rug gach bean acu mac. Mar is gnáth le
leasmháthair, ní grádh thug an dara bean do mhac na
céad-mhná, agus mar sin dé do bhrosduigh sé a mac féin
chum drochaoide do thabhairt air. Is é ba bhéas do'n
mhac dob' óige a "coirr-mhéar" do shíneadh chum a leas-
dearbhráthar agus a ordughadh dhó na géanna do chur isteach,
agus is mór an brón do bhíodh ar shinsear na cloinne dá
bhárr sin. Fuair an dara bean bás fá dheireadh, agus ní
luaithe bhí sí curtha 'ná 'dubhairt mac na céad-mhná an
cheathramha so leis an mac eile 'ghá ordughadh dhó an cleas
céadna do dhéanamh do bhíodh aige féin dá dhéanamh an
fhaid do bhí an leas-mháthair 'na beathaidh.



46. Is é Béarla do cuireadh ar "áiridh" ná "a bed
of ground." Do theibh sé orm a fhághail insná foclóiríbh
agus dá chionn sain ní fheadar cia acu is i gceart do
litrigheas é, no nach eadh. is minic "carad" i n-áit
"cáirde."



47. Tá seanfhocal Béarla i bhFeárnmhuigh chomh maith
céadna



48. "Crann gafain" insna foclóiríbh.



51. Clagadradh .i. cárnadh (?). Cf. clogad, a pryamid,
O'R. and C.


L. 188


53. Tá amus ag "práidhinn" le "láimhe," agus ag
"croidhe" le "moille." Taisbeánann an t-amus
láir seanfhocal seanda do bheith ann.



Cuireadh na cinn seo chugam ó'n Muirgheasach,
Is iad so anmanna na
ndaoine ó a bhfuaras-sa an chuid eile d'á bhfuil thuas,
.i. Lúcás O Muirgheasa, Tomás Magruadair (Mac-
Bruadair?), Tomás O Coraidhgeáin, Tomás Máirtín,
Brian O Cathaláin, agus Pádhrach O Beirn (O Broin?).



Seosamh Laoide.



[Adeir an t-oide Seaghán mac Bhruadair i litir go
bhfuil an sgoil Ghaedhilge i bhFearnmhuigh ag dul ar agaidh
go treun, agus gur gearr go mbeithear ag cur i gcóir le
haghaidh tionóla puiblidhe.]



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services