ON THE IRISH OF COUNTY 
MONAGHAN.
II.
Aodh O Mallaile
A Dhia láidir, nach áidhbheáil a d'imthigh mé 
le bliadhain!
'S nach léir damh bheith 'san áit a mbéith 
cuideachta ná ciall!
Tá mo cháirde dá rádh gur le dosgaidh chaith 
me riamh, 
Agus nach áthasach mo sgéal-sa ar ar chuir 
me é choirce fiadhain!
Bhí me tamallt, agus 'á mbéidheadh faire do 
mo chomhair insa'tír,
Rachainn ann ar shodar 'á mbéidheadh a'fogh-
mhar ag 'ul le gaoith;
'Nois 'nuair atá me cladhartha caithte a's 
bím ar lár insan oidh'e,
'S moch ar maidin théidhim ag obair, nídh nach 
áil le mo chroidhe!
'Sé an fáinne a rinne tráill díom, 's a 
d'fhág me caithte críon,
'S gan a'sníthe ar mo chnámha', acht casta 
i gcóta prís;
I n-áit na mbróg árd a bheidheadh orm a's 
cúl dighe,
Tá na gága ar mo shála' 's ní'l agam luach 
na dighe.
Bhearthainn comhairle ar bhuachaillí óga 
fanach amach ó'n tslighe,
'S gan a bpósadh go h-óg ná go gcoillidh 
siad a gcroidhe;
Teacht a' Domhnaigh bím go brónach a' 
deasughadh mhná an tighe,
'S gan aon fheoirling le h-ól agam le 
h-eagla Mhaighistir Steel!
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11