Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seadhna. (ar leanamhaint.)

Title
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 162


Séadna



(Ar leanamhaint)



Cáit. Dá mbeidhinn i gcás Dhiarmuda,
déarfainn léi “main do dheór nár chuirir
díot!”



Peg. Ní fheadar, a Cháit. B'fhéidir dá
mbeiteá i gcás Dhiarmuda, nár bh'fhearra
dhuit rud do dheunfá ná an rud do dhein
seisean. Is é is dóichighe gurab aige b'
fhearr a fhios cad badh cheart do dhéanamh.



Cáit. An stiúsaidhe! Is beag orm í.



Gob. Ar airigh Máire Ghearra, a Pheg?



Peg. An Domhnach a bhí chughainn, do bhí
sí ag caint le máthair Mhichíl, agus fuair sí
tuairisg ag sgéil díreach fé mar thuit sé
amach. Do bhí áthas mór go léir uirthi 'nuair
thuig sí gur thug sé an t-airgead uaidh ar
son an tSlánuightheóra. “Agus,” ar sisi,
“tá súil agam anois go dtuillfidh Miceal
an t-airgead sain chomh macánta agus dá mbadh
ná beidheadh sé faghálta roimh ré aige.”



“Dómhaise,” ars' an bhaintreach, “sin é
iongnadh an sgéil ar fad. Nuair a bhí sé
ag díol na bhfear araoir, do shín sé punt
chum Micil mar ba ghnáth. “Ó!” arsa Miceal,
'táim-se díolta cheana.' 'Glac é sin
uaim,' arsa Séadna, agus b'éigin do.”



“Seadh,” arsa Máire Ghearra, “bhídís dhá
rádh ná raibh creideamh ag Séadna. Bíodh
sain mar chomhartha acu air!”



“Creideamh?” ars' an bhaintreach. “Ní
fheaca a leithéid riamh. Dá mairinn míle
bliadhan, ní chuirfinn as mo cheann an
fheuchaint a thug sé orm 'nuair adhubhairt sé
an focal agus é ag síneadh an airgid chugham.
“Ar son an tSlánuightheóra,” ar seisean, agus
'nuair' fheuchas suas air, bhí an dá shúil aige
dá gcur tríom, i dtreó go dtáinig iarracht
d'anfhadh orm nach bhféadfainn a innsint
duit.”



“Éist, a óinsigh,” arsa Máire. “Cad ba
ghádh an t-anfadh?”



“Ó, leig dom féin, a Mháire. Is amhlaidh
mar atá ag sgeul, dá bhfeuchainn i gcoinnibh
a shúl an dara huair, do thuitfinn,” arsan
bhaintreach.



“A Shiobhán!” arsa Máire Ghearra.



“Teacht, a Mháire,” arsa Siobhán.



“Tá rún agam le tabhairt duit,” ar sisi,
agus do bhí creathán 'na ballaibh agus 'na guth.



“Ná bíodh ceisd ort, a Mháire,” arsa
Siobhán. “Coimeádfad-sa do rún, dá mbíodh
m'anam air.”



“Tá a fhios agam-sa go maith go gcoime-
ádfair, a Shiobhán, acht tá níos mó agat le
déanamh dom 'ná mo rún do choimeád.”



Do stad sí. Níor labhair Siobhán.



“Bhíos tamall dem'shaoghal, a Shiobhán,”
ar sisi, “agus do cheapas ná pósfainn choidhche.”



“Ní haon tamall mór ded'shaoghal atá
caithte,” arsa Siobhán.



“Dá luighead é, tá sé buadhartha go maith
le déidheanaighe,” arsa Máire.



“Ní fheicim puinn adhbhar buadhartha agat,”
arsa Siobhán.



“Tá mo chroidhe dá shníomh le buadhairt,”
ar sisi.



Annsain do labhair sí i gcogar le Siobhán
agus chaitheadar tréimhse mór ag cogarnaigh.
'Nuair bhí an chogarnach críochnuighthe acu
chuaidh Máire a-bhaile agus chuaidh Siobhán
a-chodladh. Acht ní baoghal gur thuig aon
neul codlata ar Mháire ná ar Siobháin an
oidhche sin.



'Nuair d'éirigh Siobhán ar maidin, is í bhí
go tuirseach. 'Nuair cheap sí a coidhp do
chur ar a ceann, is 'na póca do chuir sí é.
'Nuair cheap sí a bróg do chur ar a cois, is
'sa teine do chuir sí í mar chuirfeadh sí fód
móna. 'Nuair tháinig sí ar a ghlúnaibh chum
na bpaidreacha do rádh, do theip uirthi focal
ar bith do rádh le cruinneas acht “Go gcuiridh
Dia ar mo leas me! Go gcuiridh Dia agus
Muire a mháthair ar mo leas me!” 'Nuair
theasduig ó Mhiceal a chuid bídh d'fhagháil, ní
raibh an biadh ollamh do. 'Nuair cuireadh os
a chomhair é, ní raibh sé acht leath-bheirbhthe.
Níor leig sé aon nídh air acht an biadh do
chaitheamh chomh maith agus d'fheud sé é.



“Tá rud éigin ar mo mháthair,” ar seisean


L. 163


i n-a aigneadh féin. “Ní fheadar 'o'n (de'n)
tsaoghal cad tá ag éirghe fúithi. Ní héidir
gurab é an báille úd a bheidheadh ag teacht
arís? A mháthair,” ar seisean, “tá rud
éigin ag déanamh buadhartha dhuit. An raibh
a thuilleadh le héileamh ag an mbáille an
lá úd?”



“Ach! ní raibh, a Mhicil, oiread agus leath-
phinginn. Ní'l blúire orm acht nár chodlas
puinn araoir.”



“Níor bh'fhearra dhuit rud a dhéanfá anois,
a mháthair,” arsa Miceal, “ná dul agus greas
do chodladh dhuit féin.”



“Is olc an rud codladh d'fhínn an lae, a
Mhicil,” ar sisi. “B'fhearr do dhuine foidhid
do dhéanamh air, dá mb'fhéidir é, i dtreó go
mbeidheadh codladh na hoidhche go maith aige.”



Do ghluais Miceal suas go tigh Shéadna agus
do luigh ar a ghnó. Ní raibh dá ghreim curtha
aige, 'nuair siúd í a mhathair isteach 'na dhiaidh.
Thóg sé a cheann agus d'fheuch sé uirthi. Thóg
Séadna a cheann agus d'fheuch sé uirthi.



“A Shéadna,” ar sisi; “dá mb'é do thoil
é, d'oirfeadh dhom focal do labhairt leat
id' aonar.”



“A Mhicil,” arsa Séadna, “dá mbadh áil
leat-sa bualadh amach annsain tamaillín.”



Do bhuail Miceal amach agus chuir se a dhrom
le claidhe. “Ní fheadar 'o'n tsaoghal,” ar
seisean leis féin, “cad athá ag éirghe dhi, nó
cad é an fuadar é seo fúithi!”



Bhí tor aitinn taobh leis. Chonnaic sé ar
an dtor beach bheag i n-achrann i snáith
ruadháin alla. Do phreab an ruadhán amach
as an áit i n-a raibh sé i bhfolach, agus thug sé
fé bhreith ar an mbeich mbig. 'Nuair
chonnaic sisi ag teacht é, chuir an sgeón
dúbailt nirt innti, agus do bhris sí an snáith agus
d'imthigh.



Síle. Ó am briathar, a Pheg, go bhfeaca-sa
rud mar sin ag ruadhán alla dhá dhéanamh,
acht má 'seadh, ní beach a bhí 'sa tsnáith acht
cuil, agus do rug an ruadhán ar chaol-drom
ar an gcuil, agus am briathar ná raibh aon mhaith
dhi bheith ag crothadh a cos agus únfhairt.



Choimeád sé a ghreim chum go raibh sí socair
go leór. Agus annsain dá bhfeicfeá mar
'fhill sé 'sa tsnáith í, agus mar a rug sé leis
isteach í.



Gob. Is dócha gur dhein sé bagún di.



Síle. Do rug sé leis í, pé i nÉirinn é.



Peg. Ní rug ruadhán Mhicil an bheach leis,
mar d'imthigh sí uaidh, agus 'nuair cheap Miceal
go raibh an tamaillín caithte, d'fhill sé ar
an dtigh. 'Nuair bhí sé ag déanamh ar an
ndorus, d'airigh sé Séadna ag rádh na
bhfocal so:



“Badh shaoire dhi an bás is measa do
fuair duine riamh, agus í dá fhagháil seacht
n-uaire i ndiaidh a chéile, 'ná mise dá
pósadh!”



Do chas Miceal agus chuir sé an talamh de
sul ar airigh sé a thuilleadh. Acht má chuir,
ní túisge bhí sé arís ag an dtor aitinn, 'ná
d'éirigh árd-fhearg air.



“Is deas an obair í seo,” ar seisean i
n-a aigneadh féin. Is leamh an gnó dom'
mháthair teacht annso ag déanamh cleamhnais
do Shaidhbh Dhiarmuid' Léith! Fan go dtéighead-
sa a-bhaile anocht -”



Le n-a linn sin, do chonnaic sé a mháthair
ag déanamh air agus aghaidh bhán uirthi ar dhath an
bháis. Preab sé 'na coinne.



“Airiú a mháthair,” ar seisean, “cad tá
ort?”



“Éist, éist! a mhic ó,” ar sisi i gcogar;
“ní'l aon rud orm. Imthigh isteach chum do
ghnótha. Táid na fir eile ag teacht láith-
reach.”



Chuaidh Miceal isteach. Bhí an dorus ar
dian-leathadh agus gan duine istigh roimhe. Bhí
ionad Shéadna folamh. Do shuidh Miceal agus
do tharraing chuige a ghnó. Thán'adar na fir
'na nduine 's 'na nduine. Do ghluais an
obair mar ba ghnáth. Níor fhill Séadna an
lá sain.



Síle. Cogar, a Pheg, dar ndóigh, ní h-ag
déanamh chleamhnais do Shaidhbh a bhí Siobhán.



Peg. Cad eile, a Shíle, a chuid?



Síle. Do Mháire Ghearra, gabhaim-se orm,


L. 164


agus badh dhóigh liom, dá mbíodh aon chiall ag
Miceal, go dtuigfeadh sé an méid sin,
feuch!



Gob. Agus ca bhfios duit, a Shíle, gur do
Mháire Ghearra bhí sí ag déanamh an
chleamhnais, nó ca bhfios duit an cleamhnas a
bhí aici dá dhéanamh i n-aon chor?



Síle. Ó! go deimhin is beag dá mhearbhall
orm. Cad air gur thug sí féin agus Máire
Ghearra an oidhche ag cogarnaigh? Cad do
bhain codladh na hoidhche de'n bheirt? Cad é
an rún a thug Máire Ghearra dhi? Tá a fhios
agam-sa go maith cad do bhí ar siubhal acu,
geallaim dhuit é.



Peg. Is dóigh liom, a Shíle, ná fuilir i
bhfad ó'n gceart, agus gur géar-chúisighe go
mór thu 'ná Miceal.



Níor fhill Séadna an lá sain, agus níor fhill
sé an oidhche sin. D'fhan Miceal i bhfeighil
na háite. Is air a bhí an iongnadh, 'nuair
fuair sé ná raibh Séadna ag teacht. Thug sé
an oidhche 'na shuidhe 'sa chathaoir shúgáin. Cheap
sé ó am go ham go mbeidheadh Séadna chuige
an dorus isteach. Trí huaire do phreab sé
'na shuidhe agus chuaidh sé go dorus. D'airigh sé
coiscéim duine, dar leis féin, gach uair díobh,
agus thabharfadh sé an leabhar gur bh'é Séadna
bhí ann. An uair dheireannach dhíobh, cheap sé
go bhfeacaidh sé Séadna féin ag déanamh ar
an ndorus, agus do bhog sé a bheul chum
labhartha leis, acht 'nuair d'fheuch sé níos
cruinne ní raibh aon-ne' ann. Níor chuaidh
sé go dorus a thuilleadh. D'fhan sé 'sa
chathaoir i n-aice na teine. Chuir sé fód
móna síos anois agus arís. Bhí sé annsain
faid gach n-fhaid. Cheap sé nár bh'fhéidir
aon oidhche bheith chomh fada. Do bhí uaigneas
agus crith-eagla air agus faitchíos, agus níor fhág sain
é gan múisiún codlata bheith air ó am go
ham. Do thuit múisiún díobh air, ba thruime
'ná a chéile, agus do chonnaic sé lán an tighe de
dhaoinibh beaga dubha 'na thimcheall, agus iad go
léir ar a thí agus aon duine uasal amháin ann,
agus é dá chosaint orra. Do shleamhnuigh duine
aco isteach ar an dtaobh thiar de'n duine
uasal agus thug sé fobha fé Mhiceal, agus fhiacla
nochttha aige.



(leanfar de seo.)


L. 165


Is beag orm Ifrionn fuar fliuch,
Baile bioth-bhuan is seirbhe deoch.



Tar éis an díleann, fá mar leughtar.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services