Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Proverbs - Galway. Ag "Mogh Nuadhad."

Title
Proverbs - Galway. Ag "Mogh Nuadhad."
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Mogh Nuadhad
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 123


PROVERBS: GALWAY
Ag “Mogh Nuadhad.”



1. Níor mhinic fear náireach eudálach.



2. Is fearr sean-fhiacha 'ná sean-fholamh
(.i. is fearr dhuit an t-airgead do bheith
agad anois le na sean-fhiacha d'íoc, ná bheith
gan airgead i gcomhnuidhe agus anois).



3. Má théidheann tú i mbannuigh, déan
díol (.i. bí réidh le díl nó íocaidheacht do
dheunamh).



4. Is maith an chreach a roinntear (.i. ní
bhíonn locht ar an gcreich, má roinntear í).



5. An té nach ndeunann a ghnathaidh i
n-am, bíonn sé 'na phléis am. (Gnathaidh .i.
gnó).



6. Ní airigheann subhach sáthach anshógh an
ocrais (an ocraigh?)



7. Leigheas na póite ól arís.



8. Ní thigeann gaoth as aer nach mbíonn i
seoltaibh duine éigin.



9. An t-uan ag múnadh méithlighe dá mháth-
air (.i. mar bheidheadh duine óg ag múnadh
céille do dhuine aosda).



10. Do mhaide féin a's capall na comh-
ursan.



11. Ní gan críonnacht an chinnteacht.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services