An Siota agus a Mháthair.
Bean an Tighe:-
Do ghabh chugham cúpla ar dtúis na hoidhche
Go tursach túirseach ó shiubhal na tíre,
Ag iarraidh déirce a's ag éiliomh cabhartha,
'S ag guidhe chum Dé ar son gach aon do 
thabhradh.
Bean bheag chrosanta bhrosanta bhláthmhar,
S a mac 'na shiota 'na cheanndán dána;
An chailleach go fáidheamhail bárdamhail 
bréagach
Fiosrach fáiltheamhail fáthamhail faobhrach;
An siota go stuacach buacach brónach,
Faoi dhoicheall, faoi ghruaim, gur luaidh sé 
a dhóthain.
Shuidheas féin síos agus ní dubhairt aon rud,
A's leigeas mo shúil go dlúth ar a chéile,
Rinneas gáire 's do sháoigheas faoi chéile iad,
A's is minic ar fán fear faghála déirce.
Níor bh'fhada uaim gur luaidh sé a bhéile,
A's gur chuir sé suas do ghluaiseacht léithi.
An Mac.
Cá bhfuil mo lón do ló ná d'oidhche?
Cá bhfuil mo stór do bhó ná chaoire?
Cá bhfuil mo cháil, ó's nár dam ínnsint,
Acht a' sodar led' shála' a's mála im'
thímchioll?
An Mháthair.
Maidir le duais, ná luaidh í ar aon chor;
Ó t'athair ní bhfuaras suairceas ná féileacht,
Dada do'n áird acht náire saoghalta,
Sagairt a's bráithre 'om chrádh 's 'om chéasadh.
Mac.
Agus maidir le cáil, ní hí budh chóir dam,
Acht ag agall na déirce ar thaobh an bhóthair;
Go dearbhtha deimhin muna bhfaighead-sa
fóirithint,
Rachad sa' chill gan mhoill i n-éadóchas.
Máthair.
Seachain an nídh sin choidhche, a chladhaire,
Airigh ar do smaointe a's cuímhnigh ar an
Maighdin;
Tá aici stór go leór agus roinnfidh,
Mar níor dhearmhaid sí riamh croidhe na
foighidne.
Mac.
Tá m'fhoighidne-se caithte, 's ní fearra mar 
tá agam,
Is ruadh é mo hata 's is stróctha é mo chába,
Tá mo bhróga briste a's ní'l luid ar mo 
shála',
A's ní'l sgáil na tairbhe 'n a n-abrair-se, a 
mháthair.
Máthair.
A mhéirligh mhalluighthe, mallacht mo chroidhe 
dhuit,
Nár léighis ar theagasg na n-aspal ná a 
ngníomhartha,
A's go bhfuil an Eaglais dá shír-ínnsint.
Gur dos na boicht do ceapadh na Flaithis 
mar oidhreacht.
Mac.
Má's dos na boicht do ceapdh na Flaithis 
mar oidhreacht,
Is dócha gur áit é go bhfuil an-chuid bídh agus 
dighe ann,
Cuma ná preabann tú maidin nó oidhche
Gan bheith i gcúinne caithte, a' cneadaigh mar 
bhíonn tú.
Máthair.
A mhéirligh mhalluighthe, mallacht mo chléibh 
dhuit,
An amhlaidh mheasair dam preabadh nó léim 
ann?
Na naoimh, na haspail, 's an Eaglais 
naomhtha -
Ní théid ins na Flaithis 'na mbeathaidh go n-
éagaid.
Mac.
Má 's áit na Flaithis ná fuil geata na 
céim leis,
A's go bhfaighinn-se casadh i gceann seacht-
mhain' nó lae as -
Acht ar eagla aon mhaslaidh nó esbaidh mo 
bhéile,
Fanfad sa' bhaile ag agall na déirce. 
Máthair.
'Sé áit na Flaithis ná Parrantas naomhtha;
Neach ní chasann ar charaid ná ar chéile as;
Ní'l pian ná peannaid ná anacra ar aon ne',
Ach ceolta ag aingil, 's ní fada leo lae 
ann.
Mac.
Má's áit na Flaithis ná fuil obair ná gnó 
ann,
'S go mb'fherr le daoine bheith marbh ann, 
ná againn beó ann-so,
Dá bhfaighinn-se cuirm a's codladh mo dhóthain
Raghainn ins na Flaithis go dteagaidh an 
foghmhar chugham.
Máthair.
Ní'l gnó ná obair ann, codladh ná comhrac,
Ná aon osna le leigint go deo' ann,
Acht ceolta ag ainglibh a's an-chuid glóire 
ann.
Mac.
Muna bhfuil de shlighe bheathadh ins na 
Flaithis acht ceolta,
Cionnus gheabhadh bolg bocht folamh aon 
spórt ann?
B'fhearr liom-sa fothorm pota 'mbeidheadh 
feoil ann
Ná a bhfuil d'aingil 'sna Flaithis ag 
greadadh a gcuid ceolta.
Codail, a chailligh, 's ná habair níos mó 
liom
A's 'nuair a raghair ins na Flaithis nár 
chasaidh tú beo as.
Máthair.
Móide malluighthe, peacaidh, 'gus aímhleas, -
Níor chuaidh riamh go Parrthas fear dod' 
ghníomhartha'
Agus fágfaid do choire i n-Ifreann thíos 
tu.
Mac.
Muna raghaidh aon pheacach go Parrthas 
choidhche
Acht daoine beannuighthe, beidh an-chuid slighe 
aca.
Má's daor 's má 's damanta an té leanas 
mo shlighe-se
Le bliadhain agus fiche tá Ifreann líonta,
A's ní ghlacfaid siad mise le huireasbha 
slighe ann.
Máthair.
Dlighe na n-aspal a's teagasg na ndraoithe,
An seachtmhadh caibidil, 'se Peadar do 
sgríobh í,
Gurab é deir an leanbh do cheannuigh na 
mílte,
An té shéanas ar an dtalamh é, nach iad na 
Flaithis is díon dó.
Mac.
Níor ghádh do Pheadar bheith danaid ar aon 
neach,
Mar budh ghairid an chasmairt do sheasfadh 
sé féineach
Dá mbeidheadh sé 'pléidh le caile gan 
earraidhe gan éadach
Gan chóir gan chuirm, acht a' codladh ins gach 
aon tigh,
Na míola dá phriocadh faoi ghiobail na 
déirce,
Budh stuacach an duine é, a's do chloisfeadh 
an saoghal é.
Máthair.
Sul ar sheoluigh tusa chugham[h] is minic do 
léigh mé
Ar naomh Sheób, mar d'fhulaing sé an iomarca 
péine,
Fuair sé na Flaithis do hearga 'na foighidne,
An t-árus beannuighthe, mar mheasaim, ní 
bhfaighir-se.
Mac.
Cuirim-se chughad-sa an cheisd seo láithreach -
Cá mbíonn do shiubhal 'nuair théidhir sa' 
bhfásach,
Radharc mo shúl ar do rún ró-náireach,
A's mise go dubhach ag iomchar mála?
Máthair.
Maidir le drúis, is cúis ró-dhaor í,
Canncar malluighthe, cú dubh craosach,
Acht is measa faoi dhó do ghnóthaióe féineach
Ag séanadh Críosd agus dlighe na naomh ngeal.
Mac.
Éisd, a chailligh, 's ná habair liom aon rud,
Dá gcuartóchaidhe t'aigneadh, is measa tú 
féineach.
Atáir mar bheidéadh sagart 'na sheasamh i 
n-aeirde(?),
Go mbeidheadh a intinn 's a theaghasg seacht 
n-acara ó' chéile.
Máthair.
Ná bac dos na sagairt, déan do ghnó 
féineach;
'Sé Maois do cheap iad, a's thug aitheanta 
Dé dhóibh,
Críosd a's na haspail do cheap iad 'na dhéidh 
sin
Chum pósadh agus baisteadh agus Aifreann do 
léigheadh dhúinn.
Agus chum bheith go carthanach amharcach 
déirceach.
Mac.
Maidir le pósadh, is gnó ró-dhaor é,
Trí ginidhe óir gus c'róin do'n gcléireach;
Muna dtiocfaid 'na láthair, ní léighfid 
“nobis,”
'S a chailligh nach daor é an “sacra vobis!”
Máthair.
Gan gnóthaidhe sagart, ní féidir ár saoradh,
'Siad gárda an anma agus lucht ionaid Dé iad;
Dá bhrígh go maithid sid peacaidh agus daor-
chuir,
Is dócha gur ceapadh slighe bheathadh dá réir 
dóibh.
Mac.
Éist, a chailligh, a's leig dod' ráidhte;
Dá mbeitheá go marbh ar maidin i mbárach,
A's go mbéarfainn 'dtí an sagart tu 
ceangailt i mála,
Ní leíghfeadh dam Aifreann gan airgead 
lámh d'fhagháil,
A's gcúrsaidhe carthanacht budh shearbh leis 
trácht air.
Máthair.
A dhuine gan chéill, fág, 's nach bréag 
adubhaírt tu,
Is dual dó'n mhac droich-mheasach sgiuirse;
Tá an t-athair nó an mháthair gan amhras 
cionntach
A thógann leanbh gan smacht gan stiúradh.
Mac.
An té d'imthigh ó n'athair le fearg gan 
traochadh
I ndúthaigh anacraigh i bhfad ó n-a chéile,
'Nuair chas a-bhaile i gceann ga do laethibh,
Chuaidh a athair a's mharúigh sé laogh dho;
A's an té d'fhan sa' bhaile, níor mhar'uigh sé 
gé dho.
Tá sé suidhte dearbhtha ag Sasanaigh 
léigheannta
Go bhfuil an creideamh Catoilice ar sheachrán 
éigin.
Máthair.
Cad tá aca-san le léigheadh ná le n'ínnsint,
Acht an rud d'fhág lucht an clampair aca 
sgríobhtha?
Ní leanaid do Chríosd acht do mhaoin an 
teampuill,
A's tá damaint na mílte ar an mBíobla 
Gallda.
Mac.
Sguirimís d'ár n-achrann; is mithid dúinn 
réidhteach,
Is mithid dúinn stad, má st[h]admuid ar aon 
chor;
Éirigh ar maidin a's ceannuigh dham léine;
Pósfad, a chailligh, a's ní fhanfad a' pléidh 
leat.
Bean an Tighe.
Sin í eachdra na caillighe a's an daltáin 
bhréagaigh
Sgríobhtha ar fad síos le brígh a's le 
héifeacht.
Léigh go sáimh ó bhárr go cúl í,
A's fiosruigh do chách cia 'ca b'fhearr do'n 
gcúpla.
Críoch.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11