Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seadhna. (ar leanamhaint.)

Title
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Seadhna
(ar leanamhaint)



Cáit. Cia dubhairt go raibh féasóg ar
Chailleach na mBroc?



Gob. Ó! go deimhin, a Cháit, tá sí uirthi.
Bhíos-sa 'na haice, agus d'fhéachas go cruinn ar
a smeigín, agus tá sé lán de ruibidhibh móra
fada reamhra, agus iad liath mar bheidheadh
guairidhe. 'Nuair chonnaic sí mé dá dtabhairt
fá ndeara, do gháir sí agus chuimil sí dem'
éadan iad, i dtreó go mb'éigean dom
liúghadh leis an ngigilt.



Cáit. Is mairg nach id' shúilibh do chuir sí
iad; b'fhéidir go gcuirfeadh sé thú ó bheith ag
féachaint ar dhaoinibh chomh droch-mhúinte sin.



Gob. Dómhaise am briathar mhóide, a Cháit,
gur im'shúilibh a chuir sí iad, féach! Agus
sin é chuir ag liúirigh mé, agus ní hé an gigileas.
Bhí aon cheann amháin ortha bhí chomh mór chomh
fada le snáthaid reamhair, agus chuaidh sé isteach
im' shúil, agus geallaim dhuit nár chuireas a
chuimhne dhíom go ceann tamaill. Ní fheadar,
ámhaidh, an mbainfidh sé an droch-mhúineadh
dhíom.



Cáit. Éist, a Ghobuit, mar mhagadh bhíos.
Ní'l aon droch-mhúineadh ort-sa agus ní raibh
riamh. Acht tá rud agat na fuil agam-sa,
- tá foighde agat. B'fhéidir, dá mbei-
dhinn féin ann, go dteipfeadh orm gan
féachaint éigin do thabhairt ar na guairidhibh.
Acht an airigheann tú, a Pheg, ní fheadar féin
'an tsaoghal cad é an paor a bhí ag an bhfear
úd na méaracán ar Sheadhna, gur thug sé an
aghaidh bhéil úd air i lár an aonaigh, gan
chúis gan adhbhar.



Peg. Sin é díreach a bhí ag milleadh
Sheadhna. Ní fheadair sé cad fé ndear
d'aon'ne' a leithéid do dhéanamh. Is minic
'na dhiaidh sin a bhí sé ar an aonach gcéadna
ag díol bróg, agus is mó (= iomdha) tamall
fada chaith sé ag faire ar lucht méaracán
ag brath ar go bhfaigheadh sé lán a shúl de
'n fhear a labhair leis an lá úd, acht ní
bhfuair. Agus tá gach aon dearbh, dá
bhfaghadh, ná raghadh a chuid drochchainte i
n-aisge leis.



Cáit. Is mór an truagh mar leigeadh i
n-aisge leis ar dtúis é.



Peg. Tháinig an sgéal ró-obann ar
Sheadhna. Ní raibh uain aige cuimhneamh ar
cad badh cheart dó dhéanamh, go mór-mhór
nuair fhéach sé ar fhear na méaracán, agus bhí
seisean i bhfeidhil a ghnó féin, gan suim ar
bith aige i ngnó Sheadhna. Is amhlaidh mar
bhí an sgéal ar ball aige, ní raibh sé ró-
dheimhnightheach gur bh' é an fear sain do
labhair i n-aon chor.



Cáit. Dómhaise am braithar 's am basa
gurab é bhí agam féin dá chuimhneamh leis
go mb'fhéidir nár bh'é.



Peg. Seadh, agus nach deas an obair bheidheadh


L. 85


déanta ag Seadhna, dá mbuaileadh sé an
duine, agus gan aon chúis aige air.



Cáit. Ambasa is fíor duit.



Peg. I bhfad 'na dhiaidh sin, 'nuair bhíodh
Seadhna ar lorg an fhir, is amhlaidh do bhí sé
ceaptha, dá bhfeiceadh sé é, dul ar dtúis
chum cainte leis, agus annsain, 'nuair bheidheadh
sé déanta amach ó'n gcaint aige cia'co b'
é an fear adubhairt an chaint úd é nó nár
bh'é, bheidheadh neart do é bhualadh no gan é
bhualadh.



Nóra. Agus dar nóin, a Pheg, ní bheidheadh
sé ceart aige é bhualadh, pé aco dubhairt sé
an chaint nó ná dubhairt.



Peg. Ambasa, a Nóra, ní 'lim-se dá
rádh go mbeidheadh. Acht táim dá rádh go
raibh sé ceaptha air, pé aco bhí sé ceart nó
ná raibh. Acht ba mhar a chéile é, mar do
theip air aon radharc d'fhagháil air amuich 'ná
i mbaile. Ní bhfuair sé a thásg 'na a
thuairisg thíos 'ná thuas, agus fé dheireadh
d'imthigh an sgéal as a cheann.



Nuair bhí an dá fhéire bróg críochnuighthe
aige, bíodh a's ná raibh an luach puint de
leathar ídighthe, d'imthigh sé agus thug sé leis
luach dá phunt, agus annsain luach cheithre
bpunt. Annsain do thug sé leis beirt
ghréasaidhthe eile ar a bpádh lae, agus fé cheann
tamaill beirt eile. Ba ró-ghearr go raibh
a ainm i n-áirde sa' dúthaigh le feabhas agus le
saoire a bhróg, agus is chuige do theagadh na
cearduidhthe dob'fhearr, mar is é is fearr
do chothuigheadh agus do dhíoladh iad. Is ag
triall air do theagadh na daoine ba saidhbhre
agus dob'uaisle, ag ceannach bróg, mar is 'na
bhrógaibh a bhíodh an meanach dob'fhearr, agus is
ortha bhíodh an déanamh ba dheise. Is ag
triall air do theagadh na daoine bochta ná
bíodh airgead na mbróg oireamhnach aco, mar
do thugadh sé cáirde breágh fada dhóibh, agus
'nuair theagadh an cáirde agus ná díoltaoi na
fiacha, ní bhíodh sé dian san éiliomh. Is minic
do theagadh greásuidhthe ag triall air, ná
bíodh airgead aco chum leathair do cheannach,
agus go n-iarraidís air roinnt airgid do
thabhairt ar iasacht dóibh, ionnus go mbeidheadh
neart dóibh bheith ag obair agus ag tuilleamh
ruda i n-ionad bheith sgurtha díomhaoin. Ní
baoghal gur thug sé an t-eiteachas d'aon-
ne' aco riamh, agus is iomdha gréasuidhe bocht fé
mhuirior throm a bheidheadh go minic gan biadh
ag á chlainn ná muc sa' dorus aige, muna
mbeidheadh Seadhna.



Ag dul go dtí Aifreann an Domhnaigh nó
an Lae Saoire dho, nó ag dul ar aonach nó
ar margadh ag díol bróg do, is iomdha duine
bhíodh ag teacht roimis ar an mbóthar agus ag
glaodhach i leath-taobh air, ag rádh,



“Gaibh mo leath-sgéal, a Sheadhna, —
bheidheadh an dá phunt úd agam dhuit, acht
gur theip orm an mhuc do dhíol.”



Nó,



“Go deimhin, a Sheadhna, ta náire orm
teacht chum cainte leat, agus gan leath-phinginn
ded' chuid airgid fós agam dhuit, acht do
buaileadh mo mhac breoighte, agus bhí sé lá agus
fiche 'na luighe sul a bhfuair sé an t-aothamh
agus b'éigean dom beirt bhan bhfriotháilte do
choimeád ag tabhairt aireachais do i gcaitheamh
na haimsire.”



Bhíodh gach aon-ne' mar sin agus thruagh-bhéil
féin aige, agus ní bhíodh d'fhreagra ag Seadhna
dhóibh acht “Ná bíodh ceist ort,” nó “Ní fiú
biorán a's é,” nó “Tóg d'aimsir,” agus
geallaim dhuit gurab iad a thógadh.



Bhí aon fhear amháin gur thug Seadhna an
t-eiteachas do. Agus má 'seadh, is é cuma
i n-a dtáinig sé sin 'ná i gculaidh éadaigh
uasail, agus é go leathan láidir deagh-shláinteach
agus go breágh círíneach beathuighthe, agus a dhá
láimh go breagh bog geal leabhair gan rian
oibre ná gnó ortha. Agus seo mar do
labhair sé:



“Go deimhin, a Sheadhna,” ar seisean, “tá
ceist agus ceann-fé orm é bhreith im' bheathaidh
orm go gcaithfinn teacht ag triall ort-sa
ag lorg airgid ar iasacht. Acht do dhéanfadh
céad punt áise mhór anois dom, agus, do
réir mar airighim, ní dhéanfaidh sé ceataighe
mhór duit-se é thabhairt dom. Ní hé gach
aon lá thiocfaidh mo leithéid se dá iarraidh
ort.”


L. 86


“Is oil liom ná fuil céad punt agam
oireamhnach anois le tabhair duit,” arsa
Seadhna.



Do stad an duine uasal agus d'fhéach sé ar
Sheadhna. Ní raibh aon choinne i n-aon chor
aige leis an bhfreagra sain. D'fhéach sé
ar Sheadhna, mar (d')fhéachfadh se ar ainmhidhe
éigin neamh-choitchionnta. D'fhéach Seadhna
go seasmhach idir an dá shúil air. Deirtí
go raibh féachaint ana-choimhightheach ag
Seadhna, nuair curtaoi fearg air, agus gur
beag aon-ne' ná cúbadh roimpi. Do chúb
an duine uasal úd roimpi. D'fhéach sé
síos ar an dtalamh, agus annsain d'fhéach sé an
dorus amach, agus ar ball d'fhéach ar Sheadhna
arís, agus is amhlaidh do bhí Seadhna ag gáiridhe
uime.



“Ó!” ar seisean, “do dhéanfadh deich
bpuint agus dá 'chid an gnó.”



“Is oil liom,” arsa Seadhna, “ná fuil
deich bpuint agus dá' chid oireamhnach agam le
tabhairt duit.”



Bhain sin an mhórdháil ar fad de.



“Tabhair dom deich bpuint,” ar seisean.



“Ní bhfaighir,” arsa Seadhna.



“Ní eiteóchthá aon phunt amháin orm,” ar
seisean.



“Ní'l sé le fagháil agat,” arsa Seadhna.



“Féach, a Sheadhna,” ar seisean, “tá a
fhios ag an dtalamh már itheas biadh agus nár
ólas deoch ó mhaidin indé! Badh mhór an
déirc dhuit rud éigin le n-ithe do thabhairt
dom.”



Tháinig an fheachaint úd i súilibh Seadhna.
So shín sé a mhéar chum an doruis. “Tabhair
do bhóthar ort,” ar seisean, “a chladhaire
dhíomhaoin!”



Is beag ná gur léim sé an dorus amach.



(leanfar de seo).

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services