Seaghán na Nodlag.
Nó Seaghán a Chaoirinn; bhí sé 'n-a
chomhnuidhe i mBaile na Cloiche, i bPróisde
Fionnabhrach nó an Riasg, i gContae Phort-
láirge, timchioll dá cheud bliadhan ó shoin, is
dóiche i dtúis na hochtmhadh aoise deug. Bhí
an baile go léir aige mar fheirm ar deich
bpuint a's dá fhichid sa' mbliadhain cíosa.
Thuit sé chum deiridh san gcíos, agus bhí an
maighistir talmhan dár bh'ainm an Carúnach
ó Bhaile na Móna ag géilleadh a chíosa air,
agus ní raibh sé ionamhail í dhíol. Thóg sé a
chuid beithidheach abhaile leis go Baile na
Móna i ngeall leis an gcíos. Lean
Seaghán abhaile é. Bhí sé i láthair, 'nuair
tiomáineadh na ba isteach go dtí an tigh mór.
Bhí an bhean uasal — bean an tighe mhóir an
Charúnaigh — a'feuchaint amach ar na beithidh-
eachaibh ó'n bhfuinneoig, agus d'fhiarfhuigh sí de
'n Charúnach, “Cia leis na ba breaghdha sain.”
Do fhreagair sé í, gur le Seaghán na Nodlag
iad. 'Nuair do chuala Seaghán é sin, do
chuaidh sé a' tiomáint na mbó abhaile leis.
“Cá 'l tú 'dul leó sain, a Sheagháin?”
ars' an tighearna.
“Tá mé 'dul dá dtiomáint abhaile,” arsa
Seaghán. “ná dubhairt tú leis an mnaoi
uasail gur liom-sa iad?”
Do chrom an tighearna ag gáire, agus
d'fhiarfhuigh an bhean uasal de Sheaghán, “'dé
a mheud duine cloinne bhí aige.” Do
fhreagair sé í, go raibh móirsheisear inghean
agus dearbhráthair do gach nduine aca. Bhuail
an bhean uasal a basa le hiongantas, agus
dubhairt sí leis an tighearna.
“Sgaoil abhaile na beithidhigh leis an bhfear
mbocht chum a mhór-chúraim.”
Do fhreagair Seaghán arís í agus dubhairt sé
nach raibh a chúram chom mór agus ba dhóich léi,
mar dhéanfadh an t-aon mhac amháin dear-
bhráthair do gach inghin aca.
“Mar sin féin, maiseadh, sgaoil abhaile
leis iad.”
Annsain d'fhiarfhaigh an Carúnach de
Sheaghán, dá leigeadh sé abhaile leis iad, ca
shoin do bheidheadh an cíos aige. Bhear-
tuigh sé an t-am ba dhóch leis do bheidheadh
an cíos aige. Dubhairt an Carúnach leis,
dá mbíodh an cíos ar an uair sin, go
maithfeadh sé cúig puint de'n chíos do. Do
ghabh Seaghán a bhuidheachas ins na foclaibh so
leanas:
Rath gan mheath ar shliocht an Charúnaigh.
Do leig na ba agus a lacht chum tarbhais
liom;
I n-am an anfaidh níor bhain sé lom-
chuntas;
A's a Chríosd, nár chaillidh a anam
Flaitheamhnas!
Thug súd sásamh comh mór do'n mhnaoi
uasail, go ndubhairt sí,
“Maithim-se cúig puint eile dhuit, a
Sheagháin.” Dar liom-sa, dob'fhurusa cíos
do dhíol 'san gcuma sain.
Bhí bean uasal eile 'n-a comhnuidhe i
nOileán Uí Chéin, agus bhí sí i n-aimhleas le
Seaghán ar feadh tamaill mhóir. Bhí sí chomh
mórdhálach sain ar Dhomhnach áirithe i n-a
dtárla Seaghán agus í féin ag an Aifrionn
ceudna, 'nuair do chonnaic sí Seaghán 'san
tséipéal, dubhairt sí leis an sagart nach
bhfeudfadh sí an tAifrionn d'éisteacht mar
budh chóir, an fhaid a's bheidheadh Seaghán na
Nodlag ins an tséipéal. D'fhiafruigh an
sagart, an raibh Seaghán na Nodlag ann_so.
D'fhreagair sé go raibh.
“Deir an bhean uasal so, a Sheagháin, nach
féidir léi an tAifrionn d'éisteacht. mara (
= muna) dtéidh tú amach as an séipéal.”
“Raghad, a Athair,” arsa Seaghán, “má
deir tusa liom é.”
“Deirim, a Sheagháin”, arsa an Sagart.
Chuaidh Seaghán amach go dtí an dorus.
'Nuair d'fheuch an bhean uasal 'n-a timchioll,
do chonnaic sí Seaghán ag an dorus, agus
dubhairt sí leis an sagart “go bhfuil sé
'teacht isteach arís.” D'fhiarfhuigh an sagart,
“'Bhfuil tú ann soin, a Sheagháin na
Nodlag?”
D'fhreagair sé é:
“Seaghán is ainm dom, 's is mac d'
Uilliam mé;
I mBrollaig a rugadh mé, 's do dhíol mé
m'iarsma;
Thairngigheas mo bhearta comh maith agus
d'fheudas,
Agus bhuail-se amach, a chailleach an
tiarpa!”
D'iompuigh an sagart timchioll a'leamh-
gháire, agus chríochnuigh an tAifrionn, agus níor
bacadh le Seaghán a thuilleadh.
Bhí táilliúir san chomharsanacht dar bh'ainm
Ciarasaigh, ar a raibh ainm airgid do bheith
aige. Bhí sé bacach nó martra éigin air,
agus bhí sé ionamhail filidheacht no rann do
dheunamh ar uairibh. Thárla go raibh sé a'
táilliúrachd do'n mhnaoi uasail cheudna i
nOileán Uí Chéin lá áirithe, 'nuair do ghabh
duine bhocht isteach chum an tighe (.i. tigh na
mná uaisle), agus mar ba ghnáthach, d'fhiar-
fhuigheadar de'n fhear bhocht cá as a dtáinig
sé agus an raibh aon sgeula aige. Dubhairt
sé go dtáinig sé ó 'n Raithín, go raibh sé
ann indé, agus go raibh dinnéir mhór ag muintir
Chaoirinn, iodhón, ag muintir Sheagháin
na Nodlag, “agus is bolg ba ghann dom,”
ars' an duine bocht. Bhí a fhios ag
an táilliúir nár thaithnigheadar muintir
Chaoirinn leis an mnaoi uasail, agus shaoil sé
go mbudh ghreannmhar di dá ndéarfadh sé
rud éigin a' fagháil lochda ar Sheaghán na
Nodlag agus ar a mhuintir, agus do cheap sé an
rann so:
“Is mór an torann do chluinim ó'n
ngaoith aniar
Agus ós na hA Chaoirinn carraigeach'
nuair bhíd ar biadh.”
Bhí sé a' tagairt, 'nuair do thrácht sé
ar na “hA Chaoirinn carraigeacha,” ar
bheirt nó ar thriúr de mhuintir Sheagháin a
raibhrian na bolgaighe ionnta; nó b'fhéidir
gur a' tagairt ar nádúir thalmhan an Raithín,
mar atá cuid di an-gharbh, lán de chairrgibh.
'Nuair chuala Seaghán a ndubhairt an
táilliúir i dtaobh a mhuintire, do fhreagair
sé é mar leanas:
“Dob' fhearra dhuit do chuid airgid do roint
ar leaghaibh
Agus galar ded' ghalraibh do leigheas i dtráth
Ná tagairt dos na 'Chaoirinn a b'aoirde
cáil,
Mar is fearaibh iad ná glacfadh uait rian
do lámh.
Is tapaidh-ghlic do ghreadadar na Danair
tar abhainn,
A's cia leanfaidh dhúinn seanchus faoi Chia-
rasa ann?”
Chuaidh Seaghán ar cuaird go dtí tigh duine
mhuinteardha ar uair eile. Níor thaitnigh leis
an úsáid fuair sé, agus do chum sé an rann so:
“A Sheagháin na Nodlag, ní misde dhuit
éirghe ar cuaird,
Dul chum an Aifrinn, 's do shailm do léigheadh
go luath,
'Guidheachaint chum Peadair agus na n-Aspal
tá láidir buan
Arán agus bainne bheith agad go raghthá i
n-uaigh.
Deirid na seandaoine gur mhair Seaghán
seacht bhfichid bliadhan agus 'san tigh ceudna.
Tá a shliocht fós sgaipthe ar fuaid na con-
tae, agus cuid mhór aca thar sáile i Sacsana
Nuadh. Tá duine aca fós 'n-a chomnuidhe
'san Raithín, i dtóirneacht próiste
Dúnaill agus Baile Uí Dhuibh, agus duine eile i
nDruim Rosg, láimh leis an gCnoc mBuidhe,
i bpróiste an Phasáiste. Ceann eile dá
shliochd chuaidh go Sacsana Nuadh san
mbliadháin 1830, inghean do Risteárd a
Chaoirinn, bhí 'n-a chomhnuidhe i bhfogus na
Siuire, agus fuair sé sin bás i n-aois a cheithre
mbliadhan agus ceithre fichid. Tá cuid mhór de
chloinn a cloinne sgaipthe ar fuaid na Stád
nAontuighthe, agus fós cuid eile aca i nÉirinn.
Bhí an bhean so pósta le Labhrás Ua Cor-
coráin, agus chomhnuigheadar ar an bhfeirm i n-a
bhfuil Carraig Curraigh, trí mhíle ó Phort-
láirge, an áit i rugadh seisear cloinne
dhóibh, triúr mac agus triúr inghean. B'fhurasa
a gcrann-san do leanamhain siar go dtí
Seaghán na Nodlag.
M. Ua Broin.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11