Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Notes and Queries.

Title
Notes and Queries.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NOTES AND QUERIES.



Shuidh muid ar na rámhaidhe, acht níor léir dhúinn
stiúradh dheanadh
Bhí cubhar agus cáthadh 'dul go bárra' na gcrann;
Dá mbíodh sgian i n-ár bpócaidhe a ghearrfadh na
rópaidhe,
Do chuirfeadh an chóir sinn faoi fhasgadh na
mbeann.



St. III., 1: Subhailce is always used here, not in its
proper sense of "virtue, goodness," but to signify "joy,
mirth, happiness" (on the principle, I suppose, that
virtue is happiness): bhí subhailce mhór againn, "we had
great fun;" duine subhailceach "a merry person," áit
gan subhailce, "a joyless place."



III., 3 : For Uí Phártaigh read ná páirte, a term of
endearment, A Néill bháin na páirte, "O fair Niall of
my love!" (See Dr. Hyde's "Love-Songs of Connacht,"
40, 7 and 60, 16)



For clúiteach read tuathtach, "clumsy, awkward,"
hence "accidental." L. 4, for campal read cabhlach;
5, for thiontuigh sé an bád, read líonadh an bád (as a
matter of fact, the boat was not capsized, but filled in);
7, for Coirre read GoThraoi, Godfrey, a brother of the
skipper of the doomed boat.



Cúl Uaighe, "the back of Owey," is never literally
translated here, but is always understood to mean "be-
hind (i.e., west of) Owey."



A. J. DOHERTY, Cruit Island.



(62) Dála na bhfocal "do" agus "de," is cuimhin liom
'nuair do bhíos ag léaghadh "T. B-Gh. an Bháis"
maraon leis an nGaedhilgeoir mblasda, Seaghán Ua
Manacháin a ainm, go ndubhairt seisean liom gur bh'
iongantach leis "do bhrígh," "do réir," agus a leithéid sin
d'fhaicsin ag an gCéitinneach, óir is "de bhrígh," "de
réir," do chualaidh féin i gcomhnaidhe, agus is dóigh go
ndéantar deithbhir idir "do" agus "de" annso.



Do, de agus di, atáid uile gearr annso (i gCorcaigh).



Osborn O hAimhirgin.


L. 189


GNÁS DEISIL NÓ TUATAIL.



64 Do bhí, agus atá faoi láthair, dream insa' tír a
mbeireann siad “mná feasa” orthu féin, a ligeas
orthu féin leigheas a dhéanadh, agus go cinnte a ghnídheas
leigheas go minic do dhaoinibh tinne thrí luibheannaibh.
'Nuair a hinn'sfear dhaobhtha cé 'n éagcaoine atá ar an
duine, rachaidh siad agus bainfidh siad na luibheanna do
mheasas siad oilfeas é. Ann-sin bruithfidh siad iad i
sgileud. Má fhiochann siad deiseal, déarfaidh siad
leat go dtiucfaidh an duine as; acht má fhiochann
siad tuatal, ní bheidh níos mó acu le déanadh leis, agus ní
ghlacfaidh siad do chuid airgid.



(68)
Ecó lítis! ainm an daill do sháith an tsleagh trí
thaobh deas Chríost;
Ecó Muire! ecó Naoimh! do stop an fhuil gan nimh
gan péin.
I n-ainm an Athar (7) an Mhic agus an Spioraid Naoimh.


L. 190


"Greadadh 's díoth ort," ars' an chaora,
"Ní fhuil aon díon dúinn bheith ann."




Mualachán, a wether; often applied to a
young man with curly hair, short neck and dark com-
plexion. - HUMPHREY SULLIVAN.



aniomad airgid, "too much money." (Munster).
sioc iomdha, "much frost." (Meath).
is iomdha duine (it is), many a person.




is annamh Domhnach, there is hardly a Sunday.
is tearc duine, there's hardly a person.
is mór duine, many a person (examples will be
found in Searc-leanmhain CHríost). - E. O'G.



Trí bliadhna fál (a wooden fence, paling.)
Trí fál cú.
Trí cú each.
Trí each marcach.
Trí mharcach iolar.
Trí iolar iubhar.
Trí iubhar críth (a farrow? — qy. crích?)
Trí críth deireadh an domhain.



Dubhairt Ciarruigheach liom nach bhfuil aon tslighe
eile chum lá an bhreitheamhnais d'fhagháil amach.



Taitneann an ghrian
Geach Satharn sa' bhliadhain (Cork).



Tá Dia maith faoi thrócaire, ach ní fhaghthar arán
gan airgead (Mayo).



Goid ó fhaduidhe, goid gan peacaidhe (Cork). E.O'G.


L. 191


Is minic do chímíd sméaróididhe de theinidh mhóna
sgaipthe ar fud an teallaigh. Tá teine in gach aon
sméaróid díobh, tig linn í fheicsin, agus dá gcuirfimís
lámh nó cos i n-a n-aice, d'fheudfamaois an teas do
mhothughadh. Acht ar a shon sain níl neart ná cumhachta
san teas sain, agus ní'l sé maitheasach d'aonnídh. Tá siad
ag múchadh agus is gairid go mbeidh siad fuar marbh.
Cuirimís i gcás anois go gcruinneóchadh duine na
sméaróididhe i gceann a chéile agus go ndeunfaidhe aon
charnán beag amháin díobh. Súd anois iad ag deargadh,
ag cóimhdheargadh, ag ró-dheargadh, ag lasadh. Cuir síos
tuilleadh móna. Sin aníos an lasair dhearg. Agus
fá dheireadh atá teine bhreágh againn, do chuirfeadh aon
rud ar lasadh, bíodh tirim nó fliuch. A cháirde, má tá
ár gcruach mhóna fliuch go dtí an lár, ná bíodh a eagla
orainn, acht cruinnighmís feasda na sméaróididhe
cómhfhad a's tá siad beó.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services