Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Domhnall Ó Laoghire agus na Mná Sídhe.

Title
Domhnall Ó Laoghire agus na Mná Sídhe.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DOMHNALL Ó LAOGHAIRE AGUS NA MNÁ SÍDHE.



Amach san lá do bhí Domhnall agus a
mháthair ag ithe lóin bhig dhóibh féin, agus cia
bhuailfedh isteach acht duine muintire dar
bh'ainm Seumus O'Maoildhomhna', ag iarraidh
iasacht' cléibh chun rud beag leasughadh do
chur amach.



“Bail ó Dhia oraibh,” ar Seumus.



“Dia 's Muire dhuit,” ar siad araon.
“Cionnus tá tú?”



“Druid síos chun na teineadh,” ars an
bhean aosda. “Tá an lá fuar; do bhí sioc
aguinn aréir.”



“Do bhí, am' bhaisteadh, acht cia'n t-
iongantas? Ná fuil an geimhreadh orainn
anois?”



“Bhfuil aon sgeul nuadh agat, a Sheumuis?”
ar Domhnall.



“Mhaisead, go bhfóiridh Dia orainn! tá
droich-sgeul agam, agus go deimhin ní maith
liom é — tá leanabh Mhichíl Uí Chonchubhair
marbh.”



“Marbh airiú! cia dubhairt é sin?”



Do bhí mé shíos ag an tráigh ó chianaibh fa
dhéin teascáin mhúraigh, agus do bhí Seaghán
Buidhe ann rómham, agus is é d'innis dom
an sgeul. Dubhairt sé go bhfuair Micheál
an leanabh fuar le n-a thaoibh, 'nuair dhúisigh
sé ar maidin. Do bhí Seaghán ag an dabhach
fa dhéin ualaigh ghainimh, agus 'nuair do bhí
sé ag teacht tríd an “Leacht,” do bhí Micheál
agus a bhean amuigh 'san sráid ag lúirigh
agus ag béicigh, agus na comharsain go léir
bailighthe timchioll, agus truagh an domhain
aca orra.”



“O, bhó, bhó! nach mór an trioblóid do
thuit ar na daoinibh bochta! Brisfidh Micheál
a chroidhe i ndiaidh an leanaibh, do bhí sé chomh
ceanamhail sin air. Go deimhin is truaigh-
mhéileach an sgeul atá agat, a Sheumuis.”



D'fhan siad annsan ag caint le chéile ar
feadh tamaill bhig, acht do shaoil an bhean
aosda go raibh sé ro-fhada, mar do bhí eagla
uirre go gcuirfeadh an garlach liúgh as san
tseomra, agus dubhairt sí le Domhnall.



“Cuir do chasóg ort agus buail síos chu'
tighe an chuirp. B'fhéidir go bhfaigheadh Micheál
gnó icínt dhíot.”



D'éirigh Domhnall agus do chuir sé é
fein i gcóir, agus do thóg Seumus an cliabh,
agus d'imthigh siad amach le chéile.



Do bhuail Domhnall síos, agus 'nuair do
tháinig sé chun tighe Mhichíl Uí Chonchobhair do
bhí an leanabh leagatha amach 'san chliabhán
'san chistean, agus a mháthair ag gul agus
ag caoineadh ós a cheann, agus na comharsain
bailighthe isteach chun an tóraimh. Níor leig
Domhnall aon rud air ar dtús, agus do bhí
an-truagh aige le Micheál, acht tar éis
tamaill do chuaidh sé chun na teineadh ag
cur smeachada ar a phíopa agus 'nuair
d'iompuigh sé siar aríst d'fheuch se ar an
“ngaisgidheach” 'san chliabhán, agus do chuir
se sgairt gháire as agus annsan sgairt eile,
ar nós gur shaoil na daoine ar fad go raibh
dé imthighthe as a chiall. Annsan do bhuail
sé amach, agus do bhí na daoine istigh ag
deanadh iongantais de'n rud dána do dhein
sé. 'Sé so an chiall do chuir Domhnall an
sgairt as: nuair d'fheuch sé ar an gcliabhán,
'sé an rud do chonnaich sé ann — dreannachán
beag críonna agus feusógaidhe fada air,
agus a leath-shúil osgailte ag faire ar gach
uile chor do chuireadh Domhnall as. Do
shaoil na daoine eile gur bh'é leanabh Mhichíl
Uí Conchubhair do bhí ann, acht níor mhar sin
le Domhnall. Do tháinig fearg mhór ar
Mhicheál bocht, agus dubhairt sé nár shaoil
sé go ndeanfadh aoinne' a leithéide sin do
rud air — magadh do dheanadh faoi mar gheall
ar an trioblóid do chuir Dia air — agus do


L. 157


bhí sé ag leanamhaint Domhnaill chun sásaimh
do bhaint dhe, 'nuair tháinig duine icínt roimhe
'san dorus agus chonghbhaigh istigh é. D'fhan
Domhnall ar fud na sráide nó gur thuit an
oidhche, acht do bhí na daoine go léir ag dul
i leath-taoibh uadh, mar do bhí sé imthighthe
amach air go raibh sé éadtrom. D'fhan sé
'san tóramh go timchioll an mheadhóin oidhche,
agus annsan do chuaidh sé abhaile ag rádh
leis féin, “Taisbeánfaidh mise dhóibh ar
maidin a márach ná fuil mé as an slighe i
n-aon chor.”



(Le bheith ar leanamhaint).



NOTES.



Leasughadh, "manure;" literally, improvement.
ó chianaibh (pronounced ó chianach), "a while ago."
teascán, "a small load."
múraigh, gen. of múrach, "seaweed."
truaighmhéileach, "pitiful."
buail síos, "strike down;" meaning walk or proceed
down. In English there are such experessions as "He
struck out westward," agus c.
sgairt gháire, "a loud burst of laughter."
féasógaidhe, "whiskers;" for feusóga, plural of
feusóg, "beard."
go raibh se éadtrom, that he was "light" or gone
wrong in the head.



Tomás O'H-Aodha.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services