Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seadhna. (ar leanamhain.)

Title
Seadhna. (ar leanamhain.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Séadhna



(Ar leanamhain).



Bhí Séadhna sásta.



“Trí bhliadhna déag!” ar seisean i n-a
aigneadh féin, “agus neart dom tarrang as ar
mo dhícheall. Chuir sé brígh na mionn orm,
acht bheirim-se brígh gach mionna agus gach móide
dhuit-sé, a sparáinín, go mbainfear ceol
asat!”



“Slán beo agat-sa!” ar seisean leis an
bhfear ndubh.



D'iompuigh sé ar a sháil chum teacht a
bhaile agus má d'iompuigh, siúd le n-a chois an
fear dubh. Ghéaruigh sé a choisidheacht. Ghéa-
ruigh seisean chomh maith.



“Cad dheunfad?” Arsa Seadhna i n-a
aigneadh féin. “Chífidh na comharsain é.”



“Ná bíodh ceist ort,” ars' an fear dubh.
“Ní fheicfidh aon-ne' mé acht tú féin. Ní
fuláir dam thu thionnlacan a bhaile agus eolus
na slighe do chur, agus radharc d'fhagháil ar an
gcathaoir shúgáin úd, agus ar an mealbhóig, agus ar
na habhlaibh.”



“Gan rath ortha mar chathaoir agus mar mheal-
bhóig agus mar chrann abhall! Is breagh na trí
neithe do loiteadh indiu orm dá mbarr,” arsa
Seadhna.



“Ní hé sin an ceann is measa de'n
sgeul,” arsa 'n fear dubh. “Acht má thea-
gann aon chomharsa isteach agus go suidhfidh sé
'sa' chathaoir, ní fuláir duit aon-tuigheas do
thabhairt saor ó chíos do, mar ní bheidh ar do
chumas é chur amach, agus é ceangailte 'sa'
chathaoir agat.”



“A dhróluinn na bhfeart! Cad dhéanfad
má tá triúr ceangailte reomham sa' bhaile
anois?” arsa Seadhna. “B'fhéidir, a dhuine
uasail, go bhfeadfá-sa iad do sgaoileadh.
Teanam ort. Tá míle fáilte reomhat.”



“Foighde, foighde! a Sheadhna,” ars'an
fear dubh. “Ní'l aon-ne ceangailte fós.
Bhí doicheall ort ó chianaibh, agus anois 'tá míle
fáilte reomhan.” “Á! A Sheadhna, sin í an
fháilte mar mhaithe leat féin.”



“Is dó'! 's amhlaidh mar tá sé, a dhuine
uasail — ” arsa Seadhna, agus d'fheuch sé suas
ar na hadharcaibh agus síos ar an gcrúib.



“O! tuigim,” ars'an fear dubh. “Ní
thaithneann deunamh na bróige seo leat, ná
an saghas ornáide atá ar mo cheann. Ná
bac sain. 'Nuair bheidh taithighe agat ortha,
ní bhfaighir locht ar bith ortha.”



“Is dó', go deimhin féin anois, a dhuine
uasail,” arsa Seadhna, “agus creid mé leis, ní
chúcha-sa do bhíos. Acht dá bhfeicidís na
comharsain thú, do sgannróchaidís, agus bheidheadh
díoghbhail déanta, b'éidir.”



“Thar a bhfeacaidhis riamh! Ná fuilim
d'éis a rádh leat nach baoghal go bhfeicfidh
aon-ne' mé acht tu féin?” ars' an fear dubh.



“Tá go maith,” arsa Seadhna. “Teanam
ort.”


L. 151


Síle. A Thiarcais! A Pheg, badh dhóigh liom,
dá bhfeicinn é, go dtuitfeadh an t-anam tur
te asam.



Cáit. Cad é an mhaith dhuit bheith ag caint
mar sin? Ná dubhairt sé ná feudfadh
aon-ne' é fheicsint acht Seadhna féin?



Síle. Á! a Cháit, a ghráidh dhil, ca bhfios
duit an raibh sé ag innsint na fírinne? Ní
chreidfinn focal ó'n rógaire.



Cáit. Nach maith thug sé an t-airgead do
Sheadhna?



Gob. Ca bhfios duit ar bh'airgead é?
D'airigheas duine dá rádh go raibh sean
Mhicheál Réamoinn lá i dtigh tabhairne, i
Sráid an Mhuilinn, agus go raibh a dó agus dá
thuistiún ag bean an tabhairne air, agus go raibh
sí ag coiméad a hata i ngeall leis an air-
gead. Do chuaidh Micheál amach sa' chlós, agus
do phioc sé suas a ceathair nó a cúig de
licínidhibh slinne, agus tar éis diabhlaidheacht'
éigin do dheunamh ortha, thug sé chúiche isteach
iad, agus nuair d'fhéach sí ortha, cheap sí gur bh'
airgead dleaghthach iad, agus thug sí an hata dho.
Deirtí gur fhoghluim Micheál “fraoimésean”
ó'n Ridire, agus go bhféadfadh sé gabhar do
dheunamh dhíot, acht dá n-aisdreochadh an ghaoth
agus tu ad'ghabhar, ná feudfadh sé thu chasadh
thar n-ais.



Séamus Ua Buachalla. Bail ó Dhia oraibh
ann-so!



Peg. O, Dia 's Muire dhuit, a Shéamuis.
Do dheirbhshiúr atá uait, is dócha.



Séamus. Dubhradh léi teacht a bhaile láith-
reach. Tháinig Nell.



Cáit. Airiú greadadh chughat! a Shéamuis.
Ca shoin?



Séamus. Ó chianaibh beag.



Cáit. Go dtugaidh Dia oidhche mhaith dhuit, a
Peg, agus díbh go léir.



Peg. Go dtéidhir slán, a Cháit!



Cáit. Ní 'neosair a thuilleadh anocht, a
Pheg?



Peg. Tá go maith, a Cháit.



(Leanfar de seo.)


L. 152


NOTES.



1 "To lay down the knowledge of the way." Do chuireas
a rian, I followed and observed his track.



2 "(May they be) without luck on them!" Rath, felicitas.
Mar, translated "for." Sgeimhleadh air mar mhadadh
ruadh! skewer to him for a fox!



3 Avoiding "A Dhia na bhfear! Oh, God of miracles!"
Drólunn has a fine rolling sound, and enables the speaker
to wreak himself on the expression without profanity. I
think drólunn must be some part of the human internal
anatomy.



4 "As a benefit for yourself." Mar mhaithe leis féin
dheineann an cat crónán, because he is well-disposed to
himself the cat purrs; proverb applied to persons in high
good humour for selfish reasons. The usages of féin and
the English "self" often differ greatly. "My-self" is in
Irish "me fein": Thade himself, Tadhg féin not Tadhg é
féin [but the latter usage is corruptly creeping in in the
North, through analogy with the English]. Féin often
means "even" - mar sin féin, even so. An focal sin
féin, that same word, even that word.



5 Ní chuige sin do bhíos, that is not what I was driving at.
[Compare an liom-sa tá tú, is it to me you are speaking?]



6 So suddenly, that the body would still be dry and hot,
not, as after sickness, cold and wasted.



7 "My darling." Mo is not used with the vocative.
"Come here, my son," tar a leith, a mhic, not mo mhic.
Hence, for "my own darling," a laoigh liom is said.



9 O chianaibh, a while ago; ó ch. beag, a little while ago,
often translated "while-ago-een."



Peadar Ua Laoghaire.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services