Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ni ar Dia a bhuidheachas. (ar leanamhain.)

Title
Ni ar Dia a bhuidheachas. (ar leanamhain.)
Author(s)
Ó Laoghaire, Pádruig,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 134


“NÍ AR DIA A BHUIDHEACHAS.”



(Ar leanamhain.)



Do bhí sé ar buile, — beirios ar an spréig
le n-a láimh chlé, agus séideas cómh hairth-
inneach soin í gur spréach sí. Séideas
arís agus léimeas smeachaid do'n dearg-lasair
isteach i n-a ucht, mar do bhí burllach a
léineadh ar leathadh, agus dóghas é láithreach.
Do chongaibh sé greim ar an spréig ámh,
agus brúghas an lasair síos i mbéal na
píopa agus tarraigeas, tarraigeas, tarraig-
eas, ar chuma gur geárr go raibh deatach ag
éirighe go gorm glórmhar n-a shlamaircidhibh
os cionn a chínn.



Annsan do bhí sé ar a thoil. Do shuidh na
daoine go léir ag breithniughadh ar an múr
ag luasgadh os a gcomhair, agus é ag teacht
isteach go mear. Do bhí Dómhnall ag
diúdadh a phíopa agus gan aon duine ag cur
chuige ná uaidh. Níor bh'fhada gur éirigh
stailc dá phíopa ámhacht, do tharraig sé í
dár ndóigh ar chnámh a dhíchill, acht níor bh'fhiú
dhuit feuchaint ar an ngal bheag bháis do bhi
ag teacht amach aisti. Annsan do chuir sé
sgrugal ar féin, is róibheag ná'r chean-
gail a bhéal íochtair dhá bhéal uachtair le
doic tarraigthe acht ní raibh brígh i n-a ghno.



“Faghbhadh duine éigin réiteoir dom — ar
son Dé faghbhadh!” ar seision, agus do luigh sé
níos dúluighthe ar an dtarrac; i n-aghaidh
bheith ag baint an tsalachair as poll na
píopa, is amhlaidh bhí se ag a dhaingniughadh
ann — gan coinne leis gan aimhreas. Faoi
dheiriodh, 'nuair do fuair sé an séan sgartha
le n-a shaothar, agus go raibh ag dul de, dhá
thréine luigh se chuige, do thóg sé an diuid
as a bhéal, agus do ghlaoidh go hairthinneach ar
dhuine éigin, réiteoir d'fhaghbháil do. D'imthigh
triúr nó ceathrar de bhuachaillidhibh go ruig
páirc do bhí lán de thráithnínidhibh, acht do bhí
sé steanng maith uaidh-san. D'fhan seision
ag feithiomh orra go dtiocfaidís thar n-ais,
anois ag cur na píopa ion a bhéal, agus arís
ag a baint as, agus arís eile ag sáthadh a lúidín
innti d'fheuchaint a raibh motháil an teais
imthighthe aisti. 'Nuair do chuaidh fuil thar
feitheamhantas aige, do léim sé féin thar
chloidhe isteach; seo ag cuartach é anonn
'sanall, agus bior ar a shúilibh le faghairt chun
faghbhála, dhá mb'fhéidir. Do bhí rath ion
áiriomh air fá cheann tamaill — fuair sé
brobh cuibheasach reamhar, agus do sháthuigh i
gcró na píopa é go tapaidh. Annsan thug
sé fogha faoi n-a tharrac, acht d'fhan an brobh
mar a bhí, agus níl chorróchadh as a lúndrachaibh.
Do thréall sé an ath-uair, acht b'é an sgéal
céadna é. I ndeiriodh stractha dho, bhris an
tráithnín go caillthe air, istigh i gcró na
píopa. Do léim sé i n-a chaoir bhuile thar
chloidhe, ní raibh fulag (= fulang) na foidhne
aige, agus do chaith an diuid fad a urchair
amach annsan mhuir mhóir. Ní raibh méam
as aonneach le heagla bhruighne, mar do bhí
togha an eolais aca go léir ar Dhomhnall,
agus cad é an saghas b'eadh é, 'nuair do bheidheadh
sé amuigh leis féin.



(Tuilleadh).


L. 135


Nótaidhe.



1 go hairthinneach: go fír-fheargach. 2 burllach =
brollach. 3 slamairce: fleasg. 4 breithniughadh: breath-
nughadh. 5 diudadh = diugadh = ól = caitheamh; (5a) sgrugal:
muineál fada. 6 doic: deacracht. 7 réiteoir: brobh,
tráithnín nó aon nídh eile réitigheas cró phíopa bheidheadh
achrannach. 8 dúluighthe; daingne duthrachtaighe.
9 diuid : píopa gearr-chosach. 10 go ruig = do ruig =
go dtí. 11 steanng = síneadh = tamall. 12 thar n-ais
= ar ais. 13 motháil = mothbháil = mothughadh. 14 fei-
theamhantas: 'nuair do chuaidh fuil thar f. = 'nuair nach
bhfeudfadh foighdeadh a thuille. 15 faghairt: ionann
faghairt annso agus fuinneamh no fuadar; do bhí f. air
chun gnótha. 16 brobh: giob seang seargtha de thuighe
nó d'fhéar. 17 Lúndrachaibh: ionad suidhte nó bunáit.
Gnothuighte san uimhir iolraidh amháin. 18 méam: gíog
no corrughadh.



Padruig Ó Laoghaire.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services