Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mac-Ghníomhartha Taidhg Uí Grádaigh

Title
Mac-Ghníomhartha Taidhg Uí Grádaigh
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1923
Publisher
Connacht Telegraph

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN CHEARNÓG



Uiml. 1. Uimir 9. DEIREADH FÓGHMHAIR-SAMHAIN, 1923. Luach 3 Pinghne.



MAC-GHNÍOMHARTHA TAIDHG UÍ
GRÁDAIGH



I DTÍR NA BHFATHACH.



CAIBIDIL A IV. (Ar leanmhaint).



"Trócaire! Trócaire!" sgread an Fáthach, agus do
chrith an fhoraoir leis an sgread millteach. Bhí Tadhg ar
ais le ualach eile.



"A aingceiseóir fhealltach!" arsa Tadhg. "Cé an
trócaire a bhfuil súil agat le fághail? Níor 'spáin tú
féin aon thrócaire, agus ní bhfuighidh tú aon thrócaire."



Leis sé síos ualach eile. Sgread an Fáthach arís agus
arís eile. "A Shúile Ghlasa! A Shúile Ghlasa! Fóir orm!
Fóir orm!" Acht ba ghearr gur chuir Tadhg críoch leis an
sgreadghaoil. Nuair tháinig sé go bruach an phuill arís,
bhí béal an Fháthaigh fosgailte go mór le sgread eile a
leigint as; acht chuir Tadhg an t-ualach so isteach in a
bhéal. Bhí glugarnach i sgornaigh an Fháthaigh. Rinne sé
coimheasgar láidir ar feadh móiméide. Annsoin bhí gach
rud ciúin.



Bhí Fáthach na Spág Mór básuighthe tachtuighthe.



"Tá uill-pheist níos lugha i dTír na bhFáthach," arsa
Tadhg le h-áthas. "Líonfaidh mé suas an uaigh anois."



Thosuigh sé ag obair go toilteannach, agus cé nach raibh
níos mó ná lán glaice ins an méid créafóige a bhí leis
gach uair, b'ait leis, nuair chaith sé ins an bpoll é go
raibh sé chómh mór le cairt-trucaill. Lean sé de'n obair,
agus bhí an sliabh mór cré ag éirghe níos lugha de réir a
chéile. Níorbh fhada nó go raibh an chré ar fad os cionn
cuirp Fháthaigh na Spág Mór.



Bhí an ghrian ag dul faoi nuair bhí an poll líonta aige.



"Tá áthas orm go bhfuil an méad sin réidh agam," ar
seisean. "Ba righin an obair í. Cuirfidh mé leacht agus
fóir sgríobhnóireachta os cionn a uaigh, agus annsoin
béidh se in am mo lón a bheith agam."



Tharraing sé sgraith féir, agus do chuir sé os cionn an
uaigh go greannta é i bhfuirm litreacha, agus nuair bhí sé
réidh aige, bhí na focla so le léigheadh go soiléar:



"LUIGHEANN FÁTHACH NA SPÁG MÓR ANNSO."



"Tá sé sin go deas anois," arsa Tadhg. "Béidh rud
éigin le léigheadh ag Fáthach na Súl nGlas, má thagann sé
an treó so."



Chuaidh Tadhg suas ar an gcrann annsoin, agus thosuigh
sé ag ithe an cuid lóin arán agus feóil do thug Róisín
dó sul r fhág sé an teach.



Bhí sé ar a sháimhín sógh ag ithe mar so nuair chualaidh sé
an guth íseal binn deas. Chuir sé cluas air féin go
h-aireach, agus chualaidh sé na focla:



"Luigheann Fáthach na Spág Mór Annso."



D'fhéach sé trid na nduilleabhar síos ar an uaigh, agus
chonnaic sé amharc a chuir iongnadh agus ríméad mór
in a chroidhe.



CAIBIDIL A CÚIG.



Bhí an oidhche ag tuitim de réir a chéile anuas thar na
foraoise, nuair do phreab Taidhgín ar chloisteál an guth
beag binn íseal dó. Thug sé súil-fhéachaint trid na
nduilleabhar síos ar uaigh Fáthach na Spág Mór, agus so
é an rud iongantach a chonnaic sé. In a seasamh os
cómhair an fhóir sgríobhnóireachta (a bhí déanta ag Tadhg
le sgraitheachaibh os cionn an uaigh) bhí séideog bheag dheas
gan acht réise aoirde innte. Bhí sí gléasta le fallaing
chlúimh mhín phlannda, chómh geal le sneachta, agus ar a
cuid gualann bhí sciatháin deallruightheacha cosmhail le
sciatháin féileacáin. Ar a ceann mór-dhálach beag, bhí
coróin airgid agus cnaipí cloch mór-luaich ann. Bhí na
cnaipí agus dríthliughadh mar sgalán teinntrighe. In a
láimh bhí slat ríoghdha d'óir léir-ghlanta.



Do bhreathnuigh Tadhg uirri ar feadh tamaill, agus dá
fhaid agus dá ghéire dár fhéach sé uirri, is amhlaidh bhí a
h-aghaidh ag dul i soillseacht agus a súilí ag dul i
n-uaisleacht grádha. Annsoin i ngan fhios dó féin
labhair sé an focal:



"Iongantach!"



Nuair chualaidh an sídheóg an ghuth, chuir sí an sgím
draoidheachta uirri féin, agus d'imthigh sí as amharc. Do
mhothuigh Tadhg mar bhéadh sé tar éis dúiseacht ó bhrion-
glóid.



"Iongantas na n-Iongantas!" ar seisean. "Céard
do thárla do'n t-sídheóg bheag áluinn. Ní dóigh liom go
raibh mo chuid súl 'gom' mhealladh. Ní h-eadh, ná chor
ar bíth. Nach bhfuil fiadhnaise mo chuid cluas agam leis?
Chualas a guth fá seach. Ní thig le mo chuid súl agus mo
chuid cluas a bheith meallta in éinfheacht. Chualaidh sí mo
ghuth agus chuireas scannradh uirri. Caithfidh mé fanacht
ciúin socair. B'fhéidir go bhfillidh sí. Béidh mé ag
fáire ar m'aire annso…"



Leis an rún soin in a chroidhe, shín Tadhg é féin ar
ghéag láidir sa gcrann, ionnas go mbéadh amharc maith
aige ar an uaigh. D'fhan sé chómh ciúin le luchóig. Níor
chraith sé géag ná duilleabhar. Is ar éigin do tharraing
sé a anál, bhí sé chómh aireach soin, le súil go bhfeicfeadh
sé an radharc áluinn arís…



D'fhan sé go foighdeach mar sin beag nach uair a
chlog. Bhí a luach saothar aige sa deire, mar chonnaic sé
an bhean uasal áluinn ins an áit céadna in a raibh sí
roimhe sin. Ní raibh a fhios aige cé an chaoi ar tháinig sí.
Tháinig sí chómh tobann le splannc teineadh. Bhí sí le
feiceál go réidh ag Tadhg, cé go raibh dorchadas na
h-oidhche ann anois, mar bhí na clocha mór-luaich a bhí uirri
ag deallrughadh agus ag soillsiughadh a gnúis, agus ag
caitheamh brat-sholuis timcheall na h-áite in a raibh sí.
Bhí Tadhg go luthgháireach. Is amhlaidh do cheap sé gur
aisling a bhí aige dá fheicsint. D'infiúchaidh sé go cruinn
í. Chonnaic sé í ag breathnughadh thart go cúramach,
ionnas go mbéadh sí cinnte nach raibh aoinne in aice
leithi. De réir cosmhaileachta, bhí sí sásta nach raibh
coimhthigheach ins an áit. Chraith sí a slat-ríoghdha os cionn
a cinn, agus le guth beag ceólmhar lag, acht le gach
focal so-thuigthe, thosuigh sí ag gabháil an rainn so a
leanas:



"A sídhe! a sídhe! tarraigidh,
Agus damhsuigidh le brígh.
Tá Fáthach na Spág Mór cuirthe annso,
'S is áthasach mo chroidhe."



Le sméideadh do shúl, bhí míle sídhe ar an laighead ann,


L. 2


agus iad gléasta i gcultachaibh bána, agus tíara soill-
seach ar cheann gach duine aca. Bhí iongnadh an domhain
ar Tadhg, agus is beag nár thuit sé anuas nuair chualaidh
sé iad uilig ag gabháil an cheóil seo:



"Tá Fáthach na Spág Mór cuirthe annso,
Tá Fáthach na Spag Mór cuirthe annso,
Tá Fáthach na Spag Mór cuirthe annso,
'S is áthasach ár gcroidhthe."



Nuair bhí an curfá soin ráidhte aca, rinneadar cear-
call thart timcheall Ceann an Choróin Cluiche Mór-Luaich
agus d'aon ghuth ghlaoidheadar amach ar árd a nguth:



"Bainríoghan Meadhbh Abú"



Nuair chualaidh Tadhg na focal soin, "Muise," ar
seisean, "Is minic a chualaidh mé mo mháthair ag trácht
uirri-siúd, agus ar a sídhe-lios in aice Thuama dhá
Ghualainn. Bainríoghan Sluagh Sídhe Chonnacht ar fad do
b'eadh í. Nach iomdha oidhche chuir sí Róisín agus mé féin
in ár dtríthibh gáire ag innsint dúinn faoi na cleasan-
naibh a bhíodh aca ar bhárr Chnuic Néifin Mhóir. Is deacair
a thuigsint cé an ghnaithe atá aca i dTír na bhFáthach."



Chuir Tadhg cluas air féin arís. Bhí an Bhainríoghan ag
cainnt.



"A shídhe! a shídhe!" ar sí, "Cuirim na múrtha fáilte
rómhaibh. Tugaigidh faoi deara go bhfuil mo chuid leós-
chnuimh dílse tagtha le n-a solus a thabhairt dúinn, agus
leo siúd tá an buidhean ceóil is annsa liom i-n a
dteannta. Bígidh áthasach agus ríméadach. Tosuigidh
ins an damhsa groidhe, tugaigidh buidheachas do'n laoch
óg calma do leag an oll-phéist seo ar lár."



"An laoch óg calma abú, abú!!" do gháir na sídhe go
lúthgháireach.



Bhí iongnadh mhór ar Thadhg nuair a chonnaic sé cearcall
solúis liath-bhán ag éirghe thart timcheall na sídhe, agus
do mhéaduigh sé sin draoidheacht an amhairc.



"Is dócha," ar seisean, "go bhfuil an solus soin ag
teacht ó na leós-chnuimh. Acht ca bhfuil an buidhean
ceóil?"



Ba ghearr nó go raibh toradh ar a chuid fiosrachta, mar
ar an bpoinnse boise tháinig sgata mór dreóilín teas-
buigh chómh geal le clochaibh smaragaide. Léimeadar go
cos-eadtromach isteach ins an gcearcall. Ghlacadar
áit ar thaobh de, agus thosuigeadar ag bíodaracht puirt
méidhreach. Do chuir na sídhe a lámha i lámhaibh a chéile.
Rinneadar fáinne mór timcheall na bainríoghna ag
gabháil fhuinn go méidhreach leis an gceól. Chuaidh an
ceól i méid. Bhí sé ag árdughadh agus ag ísliughadh ar
nos tonnta na mara. Bhí sé dólásach méidhreach ar nós
glóir na gaoithe. Cheapfá a raibh de ghaothaibh 'san
domhain a bheith ag canntan imeasg craobh óir is airgid,
agus a raibh de chláirseachaibh i nÉirinn a bheith dá seinnim.
Bhí an oidhche líonta le fuaim. So é an port a bhí aca:



"Thart is timcheall go méidhreach sinn,
Thart is timcheall go méidhreach sinn,
Thart is timcheall go méidhreach sinn,
Fad saoghal do'n ógánach calma.



"Fad saoghal do'n ógánach a mharbhuigh ár namhaid,
Fad saoghal do'n ógánach a mharbhuigh ár namhaid,
Fad saoghal do'n ógánach a mharbhuigh ár namhaid,
Is fad saoghal do Bhainríoghan Méadhbh."



Cé'n fhad ar fhan Tadhg ag éisteacht leis an gceól,
níorbh eól dó. Bhí sé faoi aoibhneas, faoi draoidheacht.
Rinne sé dearmad ar 'chuile rud sa domhain seachas
na cearcaill de shoillse guairneacha, agus an ceól binn
méidhreach, an damhsa agus an gabháil fhuinn, chómh
méidhreach le lonndubh maidin Bealtaine. Phreab sé
nuair chualaidh sé na focla:



"Fad saoghal do'n ógánach a mharbhuigh ár námhaid."



Bhí faobhar ar a chuid fiosrachta.



"Ní mé," ar seisean, "an bhfuil fhios ag Bainríoghan
Méadhbh gur mise a mharbuigh agus a adhlachaidh Fáthach na
Spág Mór?"



Ní raibh an smaoineadh soin acht in a intinn nuair a
chualaidh sé torann uathbásach. Bhí Tadhg sgannruighthe,
nídh nach iongnadh. Bhí sgannradh ar na sídheógaibh
freisin, mar do stad an ceól agus an damhsa.



"Céard sin?" arsa Méadhbh go tobann.



Chuireadar cluasa ortha féin. Chualadar torann nuadh,
torann a bhris isteach ar an gceól agus a mhill a bhinneas
— torann ait, torann gránda. Tháinig sé níos gíorra.
Torann agus sgread. Ní raibh aon dul amugha orra
anois, céard do bhí bun tsiocair leis. Bhí Fáthach na Súl
nGlas in a dhúiseacht tar éis a chodladh fhada, agus bhí sé
ar lorg a dhearbhrathar "Spága Móra."



FOCLÓIR.



Fóir sgríobhnóireachta — Engraving.



Réise aoirde — Span in height.



Fallaing mín plannda — Gossamer robe.



Sciatháin deallruightheacha — Transparent wings.



Féileacán — Butterfly.



Cloch mór-luaich — Precious stone.



Drithliughadh — Flashing.



Sgalán teinntrighe — Flash of lightning.



Slat ríoghdha — Sceptre.



Ór léir-ghlanta — Burnished gold.



Sgím draoidheachta — Invisible cloak.



Leós-chnuimh — Glow-worms.



Dreóilín teasbuigh — Grass-hopper.



Cloch smaragaide — Emerald.



(Ar leanmhaint.)



A SCRÍOBHNÓIR!



AN BHFUIL TÚ AG CEAPADH LEABHAR?
AGUS AR LORG FEAR A CHLÓ-BHUAILTE?
SCRÍOBH CHUGAINN AR DTÚS.



CLÓ-BHUAILFIMID DHUIT É
CÓMH MAITH AGUS CHÓMH SAOR
LE DUINE AR BÍTH I N-IÉRINN.



GACH EÓLAS Ó



BAINISTEÓIR
"AN CHEARNÓG"
Béal Atha h-Amhnais,
Co. Mhuigheo.



FÚAGRADH!



Ó FIONNÁIN AGUS Ó SÍODA
(Fannon and Silke)



CANDÁLAIDHE AGUS LÚACHADÓIRÍ
(Auctioneers and Valuers)



CAISLEÁN RIABHACH
(Castlerea).



A Ghaedheala, cabhróchaimid libh má chabhruigheann sibh
linn! Tá cleachtughadh againn ar 'chuile chinéal
chandálachta. Déanfaimid do chuid oibre ar fheabhas fág
fúinn í!



Cian-Sgéalta… Candálaidhe, Caisleán Riabhach.



Deanfaimid do chuid oibre in Gaedhilg más áil leat.


L. 3


TEACHTAIRE AS NA FLAITHIS.



Trathnóna stoirmeamhail le gaoith mhór agus
fearthainn, tháinig stráinséir bocht aníos an
boithrín go doras tíghe mhóir. Bhí an duine bocht báithte
go craiceann. Bhí cuma an anró ar a bhalcaisidhibh, agus
ar a chuid éadaigh, acht bhí subáilceas agus flaitheamhlacht
in a éadan. Bhuail sé ar an doras, agus tháinig fear
an tíghe amach.



"Céard tá uait?" arsa fear an tíghe.



"Níl mé ag iarraidh acht lóistín na h-oidhche," ars' an
fear.



"Ní gnás dúinn lóistín a thabhairt do dhuine ar bíth,"
arsa fear an tíghe, "Agus níl aon t-seomra folamh sa
teach faoi láthair."



"Bothán ar bíth de do chuid bothán, déanfaidh sé mé,"
ars' an fear. "Níl mé ag iarraidh acht punann tuighe a
luighfinn air go maidin agus fosgadh os mo chionn ó'n
anfadh agus ó'n bhfearthinn."



"Níl bothán nó sgioból againn nach bhfuil líonta le
síoltaibh breágha agus toraidh fóghmhair, agus is fearr
dhuit áit éigin eile a sholáthar dhuit féin," arsa fear an
tíghe.



Níor dhubhairt an deóraidhe bocht focal, acht d'iompuigh
sé ar sháil agus d'imthigh ó'n doras. Shiubhal sé leis go
dtáinig se chómh fada le bothán beag ar bhruach portaigh.
Bhuail sé ar an doras. Fosgluigheadh é, agus leigeadh
isteach é. Cuireadh cathaoir os cómhair na teineadh dhó.



Ní raibh ins an mbothán portaigh acht sean-fhear agus
a bhean. Chuireadar fáilte roimh an stráinséir bocht a
bhí fuar báithte fliuch. Chuireadar móin ar an teine gur
las sí suas go breágh. Tháinig ríméad agus áthas ar
éadan an aonracáin. D'iarr sé lóistín na h-oidhche.



"Gheobhaidh tú sin agus míle fáilte," ars' an bheirt in
aon ghlór amháin.



"Agus mo léan ghéar," ars' an bhean, "Nach bhfuil a
bhfuil againn seacht n-uaire déag níos fearr in do
chómhair!"



Leag an bhean suipéar os a chómhair, arán agus bainne
ghabhair.



"Níl againn níos fearr," ar sise, "agus dá mbéadh,
gheobhfá é agus míle fáilte."



Shuidh an stráinséir isteach ag an mbord, agus thoisigh
air ag íthe a shuipéir. Ní raibh mórán le rádh aige acht
go raibh sé subháileach buidheach ar son gach a tugadh dó.



Bhí an fear agus a bhean ag cogarnaighil le h-ais na
teineadh.



"Caithfimid fanacht in ár suidhe agus an leabaidh a
thabhairt do'n fhear bocht sin," ars' an fear ós íseal leithi.



"Is fíor dhuit," ars an bhean, "agus tig liom-sa a
stoca a nigheadh, agus a chuid éadaigh a thriomughadh os
cómhair na teineadh ar feadh na h-oidhche."



Nuair bhí a shuipéar caithte ag an stráinséir shuidh sé
os cómhair na teineadh, acht dubhairt fear an tighe leis
go mba chóir dhó dhul a chodladh. D'fhreagair sé go deagh-
mhóideach deagh-labhartha go luighfeadh sé le h-ais na
teineadh go maidin, agus d'iarr sé orra dul a chodladh
iad féin. Acht ní bhéadh an sean-fhear nó an t-sean-bhean
sásta mara dteigheadh sé a chodladh. Ar deireadh, chuaidh.



D'fhan an bheirt le h-ais na teineadh go maidin. Thrio-
maigh an bhean éadaigh an t-stráinséir, agus ar maidin
nuair d'éirigh sé thug sí a bhricfeasta dhó chómh maith is
bhí aici, arán agus bainne ghabhair. D'ith sé a bhricfeasta,
agus ar ball, ar tí imtheachta dhó, labhair sé.



"Is fial cráibhtheach, grádh-dhiamhail an bheirt sibh. Anois
tá trí ghuidhe gnóthuighthe agaibh le fághail agaibh. Iarr
bhúr rogha trí ghuidhe anois."



"Muise, níl suim in rud ar bhíth sa domhan againn,"
arsa fear an tighe, "Acht is é an rud is foisge dár
gcroidhthibh a bheith buil a chéile mar so ins na Flaithis tar
éis ár mbáis."



"Tá an ghuidhe sin fáighte agaibh," ars' an stráinséir.
"Ta dhá ghuidhe eile anois agaibh le fághail. Iarraighidh."



Mhachtnuigh an sean-fhear.



"Muise, níl aon cheó eile a d'iarrfainn se," ar
seisean. "Acht amháin sláinte mhaith do mo chéile seo
annso is dom féin ar feadh ár saoghail. agus bás
d'fhághail le chéile sa deireadh."



"Gheobhaidh sibh an ghuidhe sin," ars' an stráinséir. "Aon
ghuidhe amháin eile."



"Níl aon cheó eile sa domhan ag cur aon imnidhe
orainn," ars' an sean-fhear.



"Dheamhan ceó," ars' an bhean go ríméadach.



"Ceal nár mhaith libh teacht mór galánta i leabaidh an
tighe bhig seo?"



"Muige muise! Dá mbéadh sin féin againn, ar
ndóigh," ars' an sean-fhear, "ó thárla gur labhair tú air."



D'fhág an sthráinséir slán ag an mbeirt annsoin, agus
d'imthigh sé. Shiubhal an bheirt amach in a dhiaidh go
bhfeiceadh siad cé'n bhóthar a ghabhfadh sé, agus sheas siad
sgathamh maith ag féachaint in a dhiaidh. Chas an sean-fhear
isteach chun a thighe, agus céard a d'fheicfeadh sé acht
cúirt bhreágh san áit a raibh a bhothán. Chuimil sé a shuile
ar sgath gur sgamall nó rud éigin a tháinig orra, agus
a dhallruigh é; acht nuair d'fhéach sé ath-uair ní fhaca sé
acht an chuirt bhreágh chéadna.



"An bhfeiceann tú tada, a Mháire?" ar seisean le n-a
mhnaoi. Bhí sise ag féachaint i ndiaidh an t-stráinséir
fós.



"Céard sin?" ar sise.



"Mara bhfuil rud éigin ar mo shúilibh," ar seisean,
"Feicim árus breágh san áit a raibh ár mbothán."



D'fhéach Máire.



"Dheamhan bréag ar bíth," ar sise, "acht go bhfuil sé
ann, míle glóire do'n Athair Síorruidhe."



An mhaidin chéadna, nuair d'éirigh an boc uasal a chuir
an stráinséir ó-n-a dhoras, céard d'fheicfeadh sé ar
ghiodán íochtarach dá chuid talmhan, agus dar leis, ins an
áit a raibh botháinín beag roimhe sin, acht cúirt uasal
ríoghdha. Cuimil sé a shúile. Ghlaoidh sé ar a mhnaoi.



"An bhfeiceann tú tada shíos annsoin?" ar seisean, ag
síneadh a mhéir chun na h-áite. "Marab ar mo shúilibh
atá sé, feicim-se árus breágh lonnrach san áit a raibh
botháinín Phádraig Mhóir."



"Dheamhan bhréag nach bhfuil," ar sise.



Ní raibh fhios aca beirthe beó céard ba chor nó céard
ba chár nó céard ba chás leis an gcúirt a bheith annsoin.



"Ríth síos," ars' an boc mór le n-a mhnaoi, "Go bhfeicidh
tú an fíor é, nó an dalladh púicín atá ar ár súilibh"



Ríth an bhean síos, agus níor stop sí nó go dtáinig
sí chómh fada leis an árus. Ní dalladh púicín ná dalladh
mullóg ná dalladh ar bíth eile a bhí ar súilibh aca. Bhí an
chúirt annsoin, agus Pádraig Mór agus Máire in a
suidhe ar suidhisteóig luascaigh os cómhair an tighe amach.



"In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid
Naomhtha!" ars' an bhean uasal, ag cur suas a láimhe
agus dhá coisreacan féin. D'fhiafruigh sí díobhtha céard
do thárla, agus d'innis siad dí gur stráinséir bocht
fliuch báidhte a tháinig sa stoirm fearthanna an oidhche
roimhe agus a d'fhan leo go maidin, agus go dtug
dhóbhtha trí ghuidhe ar bíth a d'impigheadh siad air. Níor
stop sí le n-a thuille a chloisteál. Chuimhnigh sí ar an
stráinséir go maith agus mar ruaigeadh ó n-a ndoras
féin é an oidhche céadna. 'Sí bhí go feargach fíochmhar le
n-a fear ag innseacht dó cé mar tháinig an chúirt bhreágh
le bheith ann.



"Meireach tusa, a chladhaire," ar sise, "a chuir ó-n
doras aréir an strainséir sin, is againne a bhéadh thairbhe
déirce na h-oidhche sin, agus tairbhe na trí nguidhe leis."



"Níor chuir mé ó-n doras é," ars' an fear.



"Thug tú éitheach," ar sise. "Cuisis, mar bhí mise ag
éisteacht leat — tú féin agus do chuid síolta breághtha!"



"An measann tú," ars' an fear tar éis machtnamh
géar do dhéanamh, "an mbéadh aon mhaith a leanamhaint
agus mo leith-sgéal a ghabháil leis, agus féachaint le-n-a
thabhairt thar n-ais?"



"Mara ndéanaidh tú sin, agus má bhíonn an cheann is
fearr ag Pádraig bodhar sin agus Máire súigheach
orainn, ní maithfidh mé go bráth dhuit é," ar sise.



"Amach leat mar sin agus abair leis an mbuachaill
Pus Dubh fhághail réidh dhom," ar seisean.



D'imthigh leithi amach agus is gearr go raibh Pus Dubh
ag an doras mór amuigh. Suas leis ar a druim, agus
as go bráth leis i ndiaidh an t-stráinséir tar éis tuairisg
cruinn d'fhághail ó Phádraig Mhór. Bhí sé ag imtheacht
agus ag cur tuairisge go bhfaca sé uaidh an stráinséir


L. 4


roimhe amach ar an mbóthar. Ghéaraigh sé ar a thiomáint
annsoin. Acht thug sé faoi deara a ghéire is bhí sé ag
tiomáint nach raibh sé ag gnódhchan ordlach bealaigh ar an
bhfear a bhí roimhe amach. Nuair a bhéadh seisean sa
ngleann, bhéadh sé féin agus Pus Dubh ar an gcnoc,
agus nuair a bhéadh an fear ar an gcnoc, bhéadh sé féin
agus Pus Dubh sa ngleann. Sgathamh maith mar sin
dóbhtha. Faoi dheireadh thiar thall, sheas an fear go
dtáinig an marcach suas leis.



"Is cosmhail le duine thú," ars' an fear leis, "a bhéadh
do mo leanamhaint."



"Glacaim párdún agat, a dhuine uasail," ars' an boc
mór leis, "Acht d'imthigh tú uainn aréir go díreach nuair
a bhíomar ar tí seomra fhághail réidh dhuit. Tar liom ar
ais anois, agus fan sgathamh linn."



"Ní ar an mbealach soin atá mo sheirbhís faoi láthair,"
ars' an fear leis, "agus ní féidir liom do chuireadh a
ghlacadh."



"Gabhaim mo leith-sgéal leat," ars' an boc uasal,
"acht am ar bíth a bhéidheas tú ag dul an bealach arís,
tabhair cuairt orainn, agus béidh fáilte is fiche rómhat."



"Go raibh maith agat," ars' an stráinséir. "Bhéarfad
cuairt ort an chéad turas eile ar an mbealach soin
dom."



"Ar bhféidir leat anois, a dhuine uasail," ars' an boc
mór, "na trí guidhe a thabhairt dom ar fhaitchios go
mbéadh sé ro-fhada go dtiocfá an bealach arís?"



"Bhéarfadh," ars' an stráinséir. "Abhaile leat anois.
Tá siad le fághail agat nuair a dhéanfas tú impidhe
orra."



Abhaile leis an mboc uasal go ríméadach sásta. Bhí
deifir abhaile air go n-innsigheadh sé dá mhnaoi chómh maith
is chruthuigh sé. Acht tháinig an ghrian amach, agus d'éirigh
sé an-bhrothallach. Bhí Pus Dubh ag eirghe tuirseach ó'n
aistear, agus lag leis an ocras. Réir mar bhí an fear
dá brostughadh is amhlaidh ag dul chun donachta a bhí sí,
agus ar deireadh ní raibh coiscéim aici.



"Mo chuid dílis de'n tubaiste leat!" ars' an boc.
"Mo léan géar gan do mhuinéal briste, gus tú ar chúl
do chinn!"



Ar éigin a bhí an focal as a bhéal nuair súid amach i
ndiaidh a mullaigh leithi gur bhris sí a muinéal, agus gur
thuit in a crap marbh ar an mbóthar.



"Sin úsáid maith a rinne mé de mo ghuidhe," ars' an
boc leis féin. "Acht tá dhá ghuidhe eile agam agus béidh
mé níos airighe an chéad uair eile. Droch-rath ort! a
Phus Dhubh!" ag tabhairt cic dí, "nach ndearnaidh siubhal
thar mar rinnis. Acht cé an dochar? Tá mo sháith caipli
sa mbaile agam, agus bhéarfaidh mé an diallaid seo
liom. Ba mhór an truaigh a fágáil annso."



Sgaoil sé an diallaid anuas de Phus Dhubh agus chuir
ar a ghualainn é. Bhí an trathnóna te, an-the ar fad,
agus tar éis sgathaimh ag siubhal dó, d'airigh sé meadhchan
na diallaide ag cur air go mór. Acht chongbhuigh sé air,
ag tarraint leis chómh maith is bhí in a chnámhaibh. A bhean
ba chionntach leis an obair seo a bheith air, dar leis.
Meireach ise, ní bhadrálfadh sé leis an obair seo, chor
ar bíth. "Is troim uain i bhfad," adeir an sean-fhocal.
Acht is truime ná soin diallaid.



"Is truaigh gan an diallaid céadna ar druim anuas
ar mo mhnaoi i leabaidh orm-sa!" ar seisean d'aon
fhuath-smaoineadh amháin. Ar éigin bhí an focal as a bhéal
nuair siúd uaidh dhá dhruim an diallaid agus í ag im-
theacht ar chois-in-áirde mar an ghaoth Márta.



"Mo chraiceann —!" ar seisean. Bhí an focal beag
nach críochnuighthe aige nuair a chuimhnigh sé air féin. Bhí
sé air aige anois aire a thabhairt dá chuid smaointe, nó
bhainfeadh siad an ceann de amhail mar a dhéanfadh
claidheamh.



Thriall sé leis go dtáinig sé abhaile. Sin í an áit a
raibh na gártha bróin ag na buachaillibh aimsire, agus ag
na cailínibh aimsire ag geata na fáithche, agus iad ann-
soin cruinnighthe thart ar an mnaoi uasail agus an dial-
laid anuas ar a druim aici, agus rí na ndraoidheadóirí
ní bhainfeadh sé dí anuas í.



Thuige sise an sgéal go maith. D'impigh sí air an
diallaid a thógáil dí. Ní raibh fágtha aige anois acht aon
ghuidhe amháin agus níor mhaith leis sgaradh leis chómh
h-éasgaidh sin. Acht do ghuidh a bhean chómh cráidhte sin
é go dtug sé isteach, agus do ghuidh sé go mbainfidhe an
diallaid dhí. Thuit an diallaid anuas dí annsoin.



Fritheadh Pádraig Mór agus a bhean caillte maidin.
Cuireadh an bheirt in aon uaigh amháin. Maidin lá'r na
mhárach ní raibh suainne de'n chúirt le feiceál. Bhí sí
leagtha as amharc mar sneachta na h-aon-oidhche san
Aibreán agus sin é críoch an sgéil.



Tar éis sgathaimhín gearr labhair an seanchaidhe a
d'innis an sgéal seo dom, agus dubhairt:



"Is minic a thug Dia taisbeánadh mar sin Uaidh fadó
nuair bhí na daoine réidh simplidhe agus an Creideamh
go daingean in a gcroidhthibh. Acht is ionann gach duine
anois agus sean dall glic. Sin é an fáth go bhfanann
Dia agus a Theachtairí i bhfad uainn amach."



AN CHEARNÓG.



DEIREADH FÓGHMHAIR — SAMHAIN, 1923.



OIFIG AN PHUIST AGUS AN GHAEDHILGE.



Ní theigheann mí thart nach dtagann clamhsán chugainn
ó dhuine éigin nach bhfuair CEARNÓG na míosa. Agus
nach aisteach é nach iad na páipéir a seóladh i mBéarla
a chuaidh amugha, acht na cinn a seóladh i nGaedhilge?
Agus rud eile, bíonn moill mhór ar na leitreachaibh
Gaedhilge. 'Tuige sin anois? Tá sé ráidhte gurab í an
Gaedhilge teanga oifigeamhail an Riaghaltais. Má's í,
tuige nach í an Ghaedhilge teanga oifigeamhail oifig an
Phuist? Tuige an bhfuil sé riachtanach ar na Múinteóiribh
Sgoile an Ghaedhilge a fhoghluim, agus ins an am céadna
nach bhfuil sé riachtanach ar searbhóintibh an Phuist? 'Tuige
an bhfuil dlíghe amháin do dhream amháin faoi'n Riaghaltas
agus nach bhfuil an dlíghe céadna do chách? Ceisteanna
iad sin nach bhfuil aon réidhteach againne orra. Ní ceart
a mhillean faoi'n sgéal so a chur ar lucht an Phuist. Tá
fhios againn go bhfuil siad toilteannach ar an nGaedhilge
d'fhóghluim má cuirtear d'iallach orra é a dhéanamh. Acht
ní cuirtear. Is cuimhin liom dhá bhliadhain ó shoin baile
mór ar chuir lucht an Phuist ranng Gaedhilge ar bun
dóbhtha-fhéin. Shíl siad go mbéadh an Ghaedhilge riachtanach
faoi Riaghaltas Gaedhealach. Ní thiocfadh siad chuig
ranng Gaedhilge anuraidh, mar fuair siad amach ó shoin
nach mbéadh sí riachtanach chor ar bíth. Cé is cionntach?
Aire an Phuist. Agus ní leighisfidh guidhe, nó mar adeir
lucht na Béarla "pious wish" Sheaghain Bhreathnaigh an
sgéal. Ní dhéanfaidh sé cúis a iarraidh ar lucht an Phuist
an Ghaedhilge a fhóghluim. Caithfear iallach a chur orra é
dhéanamh. Nach féidir iallach a chur orra dhul chuig rann-
ganna Gaedhilge i ríth an gheimhridh? Agus nach féidir le
Aireacht an Phuist suim airgid a íoc ar a son le lucht
stuirtha na ranganna, mar d'íoc Aireacht an Oideachais?
Acht ní déanfaidhe na rudai seo muna gcuirfear iallach
ar Aireacht an Phuist í féin. Bliadhanta ó shoin nuair bhí
an troid ar siubhal cheana faoi'n nGaedhilge in Oifig an
Phuist, sé an scéim a bhí againn 'chuile dhuine a chuid leit-
reacha a sheóladh as Gaedhilge amháin. Agus bhí an buaidh
againn. Tá sé in am tosnughadh ar an troid sin arís.



CHUN OIFIG AN PHUIST A GHAEDHEALUGHADH.



SEÓL DO CHUID LEITREACHA AS GAEDHILGE
AMHÁIN.



MacDARA.



AN CHEARNÓG.



Duine ar bith a dteastuigheann AN CEARNÓG uaidh,
nó ar mhaith leis Fógra a chur ins AN gCEARNÓIG
scríobhadh sé go dtí:-



BAINISTEÓIR, "AN CHEARNÓG,"
Béal Atha h-Amhnais, Co. Mhuigheó.



Trid an bpost — 3/6 sa mbliadhain.
1/9 sa leath-bhliadhain.



Maidir le gach ádhbhar sgríobhtha a theigheann ins an
bpáipéar, cuirtear sgéala go dtí



ÉADHMONN MAG FHIONNÁIN, Eagarthóir,
Innis Eisgir Abhainn, Béal An Átha, Co. Mhuigheó.



Cuirtear airgead nó sintiúisí go dtí:-



MÁIRE BEAN UÍ CHLÉIRIGH, M.N., Cisteóir,
Innis Eisgir Abhann, Béal An Átha, Co. Mhuigheó.


L. 5


TÁILLIÚR AG ACLAIDHEACHT.



SÉAMUS Mac Sorlaigh dob' ainm dó, agus táilliúir
a bhí ann. Bhí sé suas le leith-chéad bliadhain
d'aois, agus timcheall sé troighthe ar aoirde. Bhí aghaidh
mhín mhaith air, agus féasóg fhada bhán-liath. Casóg fhada
go glúnaibh a chaitheadh sé, agus bríste fada. Bhíodh
hata dubh air i gcómhnaidhe. Fear a léigheadh an páipéar
gach lá dob' eadh é, agus ar ndóigh, ní fhéadfadh sé teacht
slán ó'n bpoilitigheacht.



Nuair thoisigh Carson ag cur na h-Óglaigh ar bun, thuig
Séamas ar an bpoinnte gur gearr go leanfadh Éire
a shompla, agus nuair bhuail mé féin isteach chuige
trathnóna, choinnigh se dhá uair a chlog mé ag cur síos ar
Óglaigh agus aclaidheacht, agus ar an ngrádh a bhí ag
Gaedhilibh i gcómhnaidhe do'n troid. Nuair bhí sé réidh
le Charson agus na h-Óglaigh bhí mo dhóthchain agam-sa. Bhí
sean-aithne agam ar Shéamas agus ar an gcineál Gaedhil
a bhí ann agus ar an áit freisin a gheobhainn é dá mbéadh
troid ann, agus chun a bhéal a dhúnadh dubhairt mé leis:



"'Tuige nach gcuireann tú Óglaigh ar bun annso, a
Shéamais?"



"M'anam go gcuirfead," ar seisean ag baint geit
asam. "Tá mé roinnt sean anois, acht in a dhiaidh sin
tá mo chroidhe ins an áit ceart. Agus cuirfead ar bun
iad. 'Tuige nach ndéanfainn-se é chómh maith le
Carson?"



"'Tuige nach ndéanfá?" arsa mé féin, agus faoi m'
anál dubhairt mé:



"Níl fhios agam cé agaibh beirt is mó amadán nó is
lugha dáríribh i n-obair na n-Óglach — tú féin nó Carson?"



Chonnaic mé go mbéadh spórt ar an mbaile, agus
chuaidh mé amach chun an sgéal a scaipeadh.



Glaoidheadh ar cruinniughadh. Labhair Séamas ar feadh
uair a chlog agus cuireadh na h-Óglaigh ar bun.
Séamas a bhí mar captaoin ortha, agus má bhí buachaill
ar bíth ann a cheap gur spraoidh a bhéadh aige, fuair sé
amach a mhalairt. Mar bhí Séamas dáríribh — ins an
aclaidheacht. Bhronn Dia guth maith láidir air, agus dá
mbéitheá ag dul an bóthar trathnóna ar bíth, chloisfeá
"Aon líne amháin!" "In bhúr mbeirt!" "Ar dheis!" agus
focla uaigneacha eile mar iad ar snámh chugat ar an aer
ciúin, agus d'fheicfeá scata buachaillí cruinnighthe i
ngarrdha Shean-Mháirtín agus iad ag fóghluim cleasa
chogaidh ar a ndíthcheall. Dá mbreathnuigheadh siad
roinnt tuirseach féin, ní thóigfeá orra é tar éis obair
cruaidh an lae agus… tar éis táilliúir a bheith mar
captaoin orra.



Bhí buachaillí ag aclaidheacht nach bhfaca spórt ar bíth
ann a bheith ag aclaidheacht faoi'n táilliúir Séamas Mac
Sorlaigh. Ní raibh aithne ceart aca air, b'fhéidir. Nó
b'fhéidir go raibh aithne ceart aca air, acht go mba chuma
leó é. Buachaillí de'n tsórt sin, dhéanfadh siad aclaidh-
eacht faoi'n bh'Fear Mór chómh fada is réidhteóchadh sé
iad chun buille a bhualadh in aghaidh na nGall. Cuid
againn ba mhó de chúis gáire linn Séamas an táilliúir
ag múineadh aclaidheacht d'Óglaigh na h-Éireann ná
Carson an dlígheadóir ag cainnt ar choirthibh in aghaidh
an dlighe nach mbriseann an dlighe. Cheapamar dá
ndéanfeadh muid amadán de Shéamas go bhfeicfeadh na
buachaillí eile nach raibh ann acht amadán. Cheannuigh-
eamar culaidh gaisgidh dhó agus claidheamh.



An trathnóna a tháinig an culaidh gaisgidh bhuail mé
isteach chuig tighe Shéamais.



"Tháinig siad," ar seisean, sar a raibh mé taobh istigh
de'n doras. "Taisbeán dom iad," arsa mise.



Fuair sé an bosca agus tharraing sé amach an culaidh
agus an claidheamh. Culaidh mórán mar d'fheicfeá ar
Foch a bhí ann, agus hata breágh árd agus cleite mór
as.



"Cur ort iad," arsa mise.



Níorbh fhada go raibh sé ag siubhal síos suas an seomra
ionnta, agus ag baint seorradh as féin. Sheas sé aon
uair amháin, agus bhreathnuigh sé orm. Chuir sé aghaidh
chruaidh air féin agus gotha cliste saighdiúra. Thiubhrá an
leabhar gur taoiseach mór éigin a bhí ann.



Bhí mé sásta in m'intinn. Ní sheasfadh Óglach ar bhíth
in Éirinn é dul ag aclaidheacht faoi tailliúir gléasta
suas mar sin.



Acht na h-Óglaigh sin a bhíonn dáríribh, sheasfadh siad
rud ar bíth. Nuair tháinig Séamas amach agus an culaidh
gaisgidh air, agus an claidheamh air, lean siad de'n
aclaidheacht díreach is mar bhéadh cleachtadh aca ar
Shéamas ins an gculaidh sin gach lá dá shaoghal.



Facthar dom go soiléar annsoin, dá sábháilfinn na
buachaillí uatha féin… agus ó Séamas Mac Sor-
laigh an táilliúir, nár mhór dhom gníomh uathbhásach éigin
a dhéanamh.



Rinne me machtnamh domhain ar feadh tamaill, agus
shiubhal mé síos go dtí an barraic chun cómhrádh a bheith
agam le deagh-Ghaedheal — an Sairgint.



An trathnóna dár gcionn, bhí an aclaidheacht ar siubhal.
Bhí an táilliúir ann agus é gléasta suas in a chulaidh
gaisgidh. É ag siubhal suas agus anuas, agus a chlaidh-
eamh in a láimh aige, agus a hata breágh árd agus cleite
as ar a chloigeann. An cleite ag creathadh le fuinneadh
a chuirp. Fuinneadh le n a fhocla freisin. Guth nuadh
aige mar fheilfeadh do'n Taoiseach Foch-abair. Na
h-Óglaigh in a seasamh in a dá line agus a n-aghaidh ar
chlaidhe gharrdha Shean-Mháirtín. Iad ag éisteacht le
orduighthe an chaptaoin.



Rítheann cogar beag íseal ó dhuine go duine.
"Chugainn na póilí!" Ar an móiméad céadna, árduigh-
eann an táilliúr a chlaidheamh os a chionn, agus in árd a
ghotha, glaoidheann sé amach:



"Ar aghaidh libh! Ríthighidh!"



Rítheann siad.



"Stadaighidh!" orduigheann sé, acht ní stadann siad.
Tá siad imthighthe as radharc thar an claidhe. Níor thug sé
aon ordughadh dhóbhtha faoi-n gclaidhe. Ní thuigeann sé
an sgéal. Breathnuigheann sé thart. Feiceann sé beirt
phóilí g déanamh air go mear. Caithfidh sé fheiceál cá
bhfuil a chuid Óglaigh imthighthe. Déanann sé ar an
gclaidhe go mear freisin… ag ríth… ar
fhaitchíos go mbéadh siad imthighthe as amharc ar fad.
Agus rud eile. tuige a sheasfadh an captaoin agus an
t-arm ag teitheadh. Ní am chun ceistniughadh é seo, acht
am chun gníomh. Agus déanamh an táilliúir an rud a
raibh súil agam leis. As go bráth leis féin agus an
bheirt phóilí in a dhiaidh. Déanann sé ar áit ag bun na
sráide, áit a fheiceann sé seans ar ealódh. Sroicheann
sé é. Siubhlann beirt phóilí amach as roimhe. Iompuigh-
eann sé go tapaidh agus tugann sé a aghaidh suas. Suas
leis an sráid agus an claidheamh in a láimh. Ta an baile
tré n-a chéile. Madrai ag tafaint. Gasúir ag
sgreadaighil. Na doirse lán le daoinibh. Na tighthe
dorcha le daoinibh ag breathnughadh amach trid na fuin-
neóigibh.



"Cé h-é? Cé h-é?" ar bhéal gach aoinne. An smaoin-
eadh ceadna i gcroidhe gach aoinne:



"Taoiseach Airm Charson! Taoiseach Airm Charson!"
An cheist céadna dhá chur ag gach aoine:



"Ca bhfuil na póilí? Cá bhfuil na póilí?"



Ní chloiseann Séamas cainnt agus ceisteanna na
ndaoine. Tá sé ag rith ar a díthcheall, agus a dhóthchain
ar a aire aige. Feiceann sé doras folamh. Isteach leis
agus suas na staighre.



Ní raibh ins an t each seo acht sean-fhear agus sean-
bhean. thuit an bhean i laige ar an bpoinnse. B'fhéidir,
cé nach sean-bhean thú, go ndéanfá an rud céadna, dá
bhfeictheá fear mór árd, gléasta suas i gculaidh gais-
gidh, hata breágh árd agus cleite as, agus claidheamh in
a láimh aige, isteach chugat lá agus gan aon t-súil agat
leis.



Shiubhal an Sairgint agus beirt phóilí ;aníos an tsráid
go mall réidh. Tháinig ionghnadh ortha nuair chonnaic siad
an sluaigh sgannruighthe.



"Céard do thárla?" ars' an Sairgint.



"O! Taoiseach Airm Charson!" arsa na daoine. "Tá
sé imthighthe isteach annsoin… agus bhí claidheamh
in a láimh aige…"



Bhuail an Sairgint isteach.



"O! Tá sé thuas annsoin," arsa fear an tíghe agus an
t-allus ag tuitim de.



"Ó! Mo léan! Tá mé marbh!" ars' an t-sean-bhean,
ag ráitheadh amach a cinn faoi'n mbord.


L. 6


Chuaidh an Sairgint suas na staighre. Bhí "Taoiseach
Airm Charson" faoi'n leabaidh agus a dhá chois ag
sáitheadh amach, ar nós an ostrich agus a chloigeann
faoi'n ngainimh nuair bhíonn an ruaig go géar air.



Bhreathnuigh an Sairgint thart.



"Níl… Ó! Ní fheicim tada annso," ar seisean,
agus síos leis, agus abhaile.



D'fhan na daoine. Fuair siad an cogar anois faoi'n
táilliúir. D'fhan siad nó gur tháinig sé amach…



Chuir siad fáilte roimhe…



Lean na buachaillí de'n aclaidheacht, acht bhí captaoin
eile orra seachas Séamas Mac Sorlaigh an táilliúir.
Fritheadh amach in am é. Is iomdha áit nár fritheadh amach
a leithead go dtí go raibh sé ró-dheireannach.



CUAICHÍN GLEANNA NÉIFIN.



Nuair bhí mé beag bídeach,
Agus mo mháithrín 'gus ag m'athair,
Ghoidinn naoi bpíghne,
Agus chuirinn é i dtaisge.
Chuirinn i dtaisge 'rís é,
In áit nach bhfuigheadh amach é,
Go n-ólfainn le mo bhuidhean é,
In ós íseal i dteach a leanna.



Tá cuaichín i nGleanna Néifin,
'Gus níor éirigh liom 'mealladh.
D'imthigh sí indé uaim,
Agus d'fhágaidh sí an baile.
Chuireamar ár gcómhairle in éinfeacht,
Nó go dtéighmís go Teach an t-Sagairt.
Nach mór an buaidhreadh ghlac mo chéad ghrádh,
Nuair b'éigean dí filleadh abaile.



Nach mé atá lag brónach,
O'n Domhnach so chuaidh tharainn,
Ag smaoineadh ar mo stóirín,
Bhíodh i gcómhnuihe liom ó'n Aifrinn.
A cuilín mar an ómra,
'Gus a rós bhéilín meala
Ó! Ní léir dom dul an bóthar,
Tá na deóra do mo dhalladh.



Aodh Ó Nualláin, M.G., a d'innis. Tá fonn deas
againn a scríobh Máire Bean Uí Cléirigh, O.S., leis an
dán sin shuas.



NA BRIATHRA NEAMH-RIAGHALTA.



Nach minic a chualaidh mé tosnuightheóir bocht ag
osnuighil agus ag rádh:



"Mo mhallacht ar na briathra neamh-riaghlacha sin — go
deó deó, ní fhóghluimeóchaidh mé iad."



Agus is cinnte gur iomdha sin duine de léightheóirí
"AN CHEARNÓG" atá fós ar an gcuma gcéadna agus
gur maith leo iad do chur de ghlan-mheabhair.



Bhail, tá cómhairle agam-sa dhóibh. Ceannuidís an clár
atá déanta amach ag Pilib Ó Bhaldraithe agus ní dhéan-
faidh siad casaoid arís, gheallaim-se dhóibh. Tá rannta
déanta aige de na briathra agus ceól leis na rannta.
Maidir leis na rannta agus an ceól — tá siad simplí,
éasgaidh agus ní bhéadh duine i bhfad ghá gcur de ghlan-
mheabhair. Acht ní h-in a bhfuil de mhaitheas ins an
bplean nuadh so Philib — Tá freisin ann táiblí faoi na
rannta agus na h-aimsirí go léir curtha tíos aige ar
bhealach an-deas.



Tá an clár so le fághail ó Philib Ó Bhaldraithe, Druim
Bán, Béal Atha h-Amhnais, Co Mhuigh Eó.



Cuiridh fios air.



L. Ó. B.



CÓMHAIRLE NA NDÚL.



(Ar leanamhaint.)



Dhorchaigh an spéar le néultaibh bagartha,
Dholladh an grían 's bhí an saoghal so folluighthe,
Badharadh na daoine le díanas na tóirnighe,
Is gearradh an t-Aer, le tréanachtna caoir-theineadh,
Is labhair an tóirneach go fothromamhail faochamhar.



"Aointigidh go dluth agus búailidh go fuinneamhail,
Ná déanaigidh gleó go ngnóththar bhúr sinnsearacht,
Na labhairighidh mar sglábhuidhthibh faoí shálaibh an mhillteóra,
Ach mar laochra sár-chalma ar tháltaibh a sínnsire."



"Seasaigidh go dlúth is ná cúiligidh Éire gheal,
Is lasfaidhear na spéartha go léis le nbhúr bhfaobhar-
lainn,
Ardóchaidhear bhúr dtírín tá le bliantaibh go claoidhthe-
lag,
'S ísealóchaidhear bhur náimhde an lá sin dá mbuidheachas-
na.



"Táimse 'm Fharaire," ars' an Fhairge mhór liom,
"Ar Éirinn na Naomh na laoch 's na nÓllamh,
'S níor ceapadh do sglábhuidhthibh mian-bhántaí na fódla,
Nuair gheárras do thír-gheal ó ríaghachtaibh na h-Eórapa.



"Féuchaidh ormsa Gaedheala tá i ngéibheann go brónach,
Smaoinigidh ar mo thréithribh is éisd le mo ghlor-sa
Ní úmhailighim roimh aon-neach acht Dia geal na glóire
A's goide'n fáth nach ndéanann Gaedheal Éireann mo
comairle."



D'aontuigheadar le chéile go treun is go hiongantach,
Is labhair de ghuth-árd gach sruthán is slíabh ann,
An tAér is an fhairsge an talamh san ghaoth leó,
An ghrían 'san ghealach an tháirneach 'san tínntreach.



Cómhairle na nDúl.



"Foghluimigidh bhur saoirse a fhír-chlann Mhileisiuis,
Go croidheamhail go crodhamhail go bríoghamhar go
héifheachtach,
Le fíor-neart, le fóir-neart le faobhar lainn' géar-gheile
Go glórmhar go fraochmhar faoí Saoirse 's faoi Éirinn.



"Éirigidh! — Bárd is saoi, ollamh daoi, 's cléireach,
'S seashaighidh go daingean díl, nbhúr milthibh mar aoin-
fhear,
Gléasaigidh go calma fíor, a laochrai groidhe gléagal",
'S na h-imthigidh feasta 'choidhche a' síor iarraidh déirce —
Oibrigigh, smaointigidh, go saoruighthear Éire.



PILIB Ó BHALDRAITHE.



Fuair on dán seo shuas an chéad duais — bonn airgid
ag Coláiste Uládh. Cuireadh i gclódh san "Ulster Herald"
san mbliadhain 1912 é.



AN FÁINNE.



GASNA ATHA CLIATH.



ÁRUS… 25 CEARNÓG PHARNAIL.



Bíonn an t-Árus ar oscailt gach trathnóna agus cuir-
tear fáilte roimh gach Fáinneach pé as é.



Léigheacht agus Díospóireacht — Gach Oidhche Luain.



Ceól — Gach Céadaoin.



Scoruigheacht — Gach Sathairn.



Ó 8 a chlog go dtí 10.30 a chlog.



Cártaí, Fíthcheall, agus Spórt i gcómhnaidhe.



Buail isteach ann nuair a bhíonn tú ins an gCathair.


L. 7


ROINN NA SGOILEANNA.



MÁILÍN CHAITLÍN.



Mo Pháisdí Dílse,



Fuarar beart deas leitreacha agus go raibh míle
maith ag na Gaedhil óga a sgríobh chugam. Is aoibhinn
an lá dom an lá a léighim na leitreacha, an lá a bhím
i dtír na n-óg. Cluinim glór íseal mo sheans ag a lán
daoine bhéadh bród ortha, bhéadh sógh agus suimhneas acu.
Cuireann na leitreacha gileacht ar mo chroidhe agus
glanann siad ceó an domhain ó mo radharc.



Tugtar airgead ar pháipéir nuadhachta 'na mbíonn
sgéalta móra uathbhása agus ar leabhra 'na mbíonn
sgéalta gargacha saoghalta ach ní chuirfeadh ceachtar acu
siúd an bród agus an t-áthas ar mo chroidhe is a chuire-
anns mo bheairtín leitreacha ó láimhíní míne geala óige
na h-Éireann.



Páisdí ocht mbliana ag sgríobhadh i nGaedhilg. 'Gcluin
tú sin, a léightheóir chroidhe? Nach breágh an méidín sin
féin! "Bíonn blas ar an mbeagán." Tá súil le Dia
agam, a pháisdí, go rachaidh sibh i dtréise faoi bhláth na
Gaedhilge ó lá go lá. Ach nílim sásta leis an méid
leitreacha a fuaras. Tuige mbéinn? Tá Éire mór agus
tá an Iarthar féin fada fairsing le mála mór a líonadh.
Tóg misneach, a chroidhe óig, agus sgríobh cúpla líne
chugam faoi áit do chomhnuidhthe agus faoi bhaile do mhuin-
tire. Anois an t-am. Tosuigh, a chara, b'fhéidir gur
sgríobhnóir a bhéadh ionnat go fóill. Ná fan mar seód
i bhfalach — tá gach duine ag teastáil.



SGÉILÍN GRINN.



Chuir Brighid Ní Fhoillird, Sgoil Cúl na Feárna, Béal
Átha h-Amhnais, sgéilín greannmhar chugam. Seo é é:-



Aon lá amháin bhí mé sa mbaile mór agus chonnaic mé
fear ag teacht aníos an t-sráid agus rothar leis. Bhí sé
ar meisge ach mar sin chuaidh sé isteach i siopa le bio-
táile fháil agus d'fhág sé an rothar taobh amuigh.



Nuair a tháinig sé amach bhí asal ar an sráid agus
chuaidh sé ag marcaidheacht air. 'Sdócha gur shíl sé gur
ar an rothar a bhí sé mar thosuigh sé ag oibriú a chos mar
dhuine ar rothar agus a dhá láimh i ngreim i gcluasa' an
asail. Ach "ní mar a síltear a bítear" agus ba ghearr
gur chuir an t-asal in-iúl do mo dhuine bhocht nach rothar
a bhí ann.



Agus chuir Brighid amhrán chugam a chum sí féin. "An
Ghaedhilg bhinn" an t-ainm atá air. Tá brigh deas agus
mianach maith Ghaedhealach ann. Is deas an t-amhrán é ó
chailín óg sgoile.



Cuirfead i gcló feasta sgéilín grinn a bhéas deas
feileamhnach ceart. Anois a cháirde bheaga déanaidh
machtnamh géar doimhin agus chuirid sgéilín deas
greannmhar chugam.



Go raibh maith agat a Mhártáin Uí Ciothnaigh, Cúl na
Feárna, Béal Átha h-Amhnais, Mhuigeó, faoi do leitir
dheas.



COMHAIRLE AN CHUMANN. (Buachaillí). — Uachtarán,
Páid Ó Cuanna; Leas-Uachtarán, Domhnall Ó Móráin;
Rúnaire, Martán Ó Ciothnaigh; Cisteóir, Páid Ó
Catháin.



Tá bród orm, a Mhártáin, go raibh laetheanta saoire
maithe agat agus gur thaithnigh an fhairrge leat. Ach ní
féidir spórt agus greann a bheith againn i gcomhnuidhe
agus béidh níos mó spéise agat ann an bhliadhain seo
chugainn. Béidh bród ar pháisdí Chorcaighe go bhfuil
páisdí an Iarthair ag cur "na míle mílte fáilte rómpa."
Sgríobh Domhnall Ó Moráin, Micheál Ó Catháin, agus
Micheál Ó Ciothnaigh as an áit céadna cugam freisin.
Beidh dráma acu (Íosagán) oidhche Shamhna agus tugann
siad cuireadh dhom dhul ann. Deir Dómhnall go mbéidh
spórt mór acu an oidhche sin. go deimhin ba mhaith liom
a bheith libh an oidhche sin ach ní bhíonn faill agam dhul
in-aon áit mórán.



Ní féidir liom trácht a dhéanamh ar leath na leitreacha
annseo agus iad a thógáil le chéile.



Sgríobhann Peig Uí Mhóráin, Rúnaire na gCailíní,
Sgoil Cúl na Feárna, leitir mhaith i gcomhnuidhe. Bhí sí
fhéin agus Seósaimhín Ní Sheanlaoi i gColáiste Spidéal
sa samhradh agus bhí siamsa, greann, Gaedhilge, céilidhthe
agus spórt acu. Tá bród orm faoi sin, tá 'ndómhnach.
Is maith bríoghmhar an sgríobhnóir í Seósaimhín agus béad
ag súil le giotaí deasa uaithe amach annseo.



Seo leitir eile an-dheas ó mo shean-chara, Máire Ní
Chuanna. Bhí bród orm do leitir fháil, a chailín óig.



AN BÁS.



"Mo ghráin thú a bháis a ghoid ár stoirín
Is a d'fhág faoi bhrón sinn i dtús ár saoghail."



Fuair Nóra Óg Ní Fhrithchaile bás. B'as Cúl na Feárna
í agus sgríobhadh sí, an créatúr, leitrín deas chugam
gach mí.



Sgríobhann Máire Nic Mhuiris (8 mbliana):



"Ar chuala tú go bhfuair Nóra bás? Tá brón mór
orm. Bhí cion mór agam uirrí. Bhíodh spórt mór againn
ar sgoil le chéile. Bhíodh sí ag gáire i gcomhnuidhe.
Nuair chuala mé go raibh sí marbh bhí mé ag gearradh
aráin le h-aghaidh an tae agus tháinig brón mór orm.
Tá uaigneas orm agus ní bhéidh spórt agam ins an sgoil
anois. Bhí grádh mór ag Nóra duit agus tá a fhios agam
go mbéidh tú brónach. Beannacht leat anois, a Chaitlín."



Tá brón orm, go deimhin, ach fáilte roimh Toil Dé.
Is Aigesan is fearr a shios agus tá súil agam go mbéidh
sólás ag a muintir agus go bhfuil ár mblaithín measg
na naomh ar neamh.



Fuaras leitreacha deasa óna páisdíbh seo freisin:-



Máiréad Ní Bhaoghaill, Máire Ní Dhisgín, Cáit Ní
Phléimeán, Úna Ní Sheamróige, Úna Ní Laighin, Seósai-
mhin Ní Laighin, Eibhlín Ní Fhiachra, Máire Ní Fhriothchaile,
Cáit Ní Chuanna, Cáit Ní Bhaldraithe, M. Ní Bhiastaigh,
Máire Nic Domhnaill, Máire Ní Ghiollanátha.



MÁIRÍN AGUS TÁIMÍN.



(Tá siad na gcomhnuidhe in Gleann na n-Éan sa tuaith.
Táid na suidhe cois teine.)



Táimín: Bhfuil tú fuar, a Mháirín?



Máirín: Nílim ró-dhona.



T.: Bhail, tá mise. Tá´n geimhreadh ann feasta.



M.: Ó bíonn tú fuar i gcomhnuidhe, a Tháimín, (Ag
meangadh).



T.: Ó bíonn tú ag magadh i gcomhnuidhe, a Mháirín.



M.: Ach féach! a Tháimín, raibh tú riamh in gluaisteán?



T.: Muise, ní raibh. Céard a chur sin in do cheann?



M.: 'Sbáin an múinteóir ceann dúinn indiu ar an
gcairt. Dubhairt sí go dtéigheann sé an-luath, mar an
ghaoth mórán. Ó! ba maith liom ceainnín a bheith agam.



T.: Ó shíl mé gur ceann Jimín Mháire a bhí agat.



M.: Nach mbéadh sé go deas bheith ag tabhairt isteach
móna leis.



T.: Hí! hó! Gigilí go! Gluaisteán ag tabhairt isteach
mónadh.



M.: Ach nach mbéadh sé níos feárr na asailín, muis'.



T.: Ach céard faoi na tortóga agus na poill. Ní
théigheann gluaisteán ach ar bhóthar.



M.: Ach d'fhéadfaimís bóthar a dheanamh dó.



T.: Cailín óg gan chéill thú, a Mháirín.



M.: Ó! Níl mórán céille agat-sa.



T.: Níos mó ná tá agat-sa, 'chaoi ar bith.



M.: (Ag léimiú suas): Seo Mamaí. Seo Mamaí ó'n
mbaile mór. Céard a thug tú chugam, a mham?



T.: Agus chugam-sa, a mham?



An Mháthair: Rudaí deasa, a ghráidhíní. Seo a Mháirín.



M.: Hurú! hurú! Gluaisteán beag, a mham. Féach a
Thaimín.


L. 8


T.: Agus… céard a thug tú chug… am-sa?



An Mh.: Seo, a ghrádh. Béidh tú chomh maith léithe.



T.: Fea… feadóigín. (An séideadh). Fú… ú… ú,
'Gcluin tú sin, a Mháirín. Nach breágh é.



M.: Féach mo cháirín. Tá sé ag rith. Gí-op, a chaiplín.
Ná seas air, a mham.



T.: A chaiplín! ornú, ni caiplín é sin. Eíst a Mháirín.
Fú… ú… ú.



(Ar leanmhaint.)



Fuaras do leitrín, a Sheósaimhín Ní Ghruagain. Cuir-
fidh mé mo phictiúir chugaibh an mhí seo chugainn. Níl sé
réidh agam anois. Cuirfidh mé gach eolas atá ag
teastáil uait chugait an mhí seo chugainn.



Leanaigidh lorg an laochra, a pháisdí. Cuimhnigidh í
gcomhnuidhe gur náisiún í Éire agus go bhfuil teanga
faoi leith againn. Bí onórach, uasal, Gaedhealach i
gcomhnuidhe agus béidh linn. Má bhíonn daoine ag rádh
"Go mbéidh sé ró-fhada fanacht go mbéidh Gaedhilge faoi
bhláth againn" cuimhnigh gurb' í an Ghaedhilge bóthar mór
na h-Éireann agus "más cam díreach an ród sé an
bóthar mór an t-aithghiorra."



CAITLÍN.



TÍR EÓLAS NA h-ÉIREANN.



MÚMHA — CÚIGE MUMHAN — SÉ CONDAETHE (6)



CONDAETHE MARA — CEITHRE CINN (4)



Condaethe.



Príomh-bhailte no bailte móra.



Co. Phuirt Lairge — Port Lairge, Dún garbháin, An
Tráigh Mhór, Lios Mór Mochuda,
agus Ceapach Cuinn.



Co. Chorcaigh — Corcach Mór Múmhan, Cóbh, Mhainis-
tir Fear Muighe, Eochaill, Cionn
Droichead na Bandan, Beann-
traighe.



Co. Chiarraighe. — Tráigh lí, Cill Áirne, Lios Tuáthail,
Cathair Saidhbhín, agus Daingean
Uí Chúise.



Co. An Chláir — Inis, Cill Ruis, Cill dá Lua, Inis
Díomáin, Cill Chaoidhe.



Co. Luimnighe — Luimneach, Rath Gaola (Caola),
Caisleán Nua, agus Brúgh na
nDéise.



Co. Tiobrad Árann — Clúan Meala, Tiobraid Árann,
Carraig na Siúire, Aonach Urmhú-
mhan, Dúrlas Éile, Caiseal
Mumhan, Ros Cré.



PRÍOMH-BHAILTE PHUIRT.



Corcach (Corcaigh), Luimneach, Port Lairge, Cóbh
Chorcaighe, Eochaill, Dún Garbháin, Daingean Uí Cúise,
agus Ceann t-Saile.



Tá cáil mhór ar thráchtáil cathrach Corcaighe. Cuirtear
a lán beithigheach: muca, caoirigh, caiple, agus ml., thar saile
o'n gcathair sin. Cuirtear suim mhaith toradh thalmhan
chun bealaigh o'n gcaladh-phort céadna.



Tá roinnt mhaith déantus tabhachtach idir déantúsaibh
éadaigh, gluaisteán, uisge beathadh, leann dubh, agus rl. Tá
muilinn phlúir, agus arbhair oibreachai íarainn, agus
deantusai trosgáin ann.



Tá siopaí breagha cumasacha, i gCorcaigh agus fóirg-
neimh phuiblidhe thar cionn. Sí an treas cathair is múgha
i nÉirinn í. Tá Coláiste de Ollsgoil na h-Éireann sa
gcathair seo.



Sí Luimneach an ceathramhadh chathair is múgha i nÉirinn.
Tá cáil mhór ar lásai Luimnighe. 'Siad na déantúsaí is
tábhachtaighe dá mbíonn ar siúbhal inntí, sailleadh, agus
sábháil, no leasughadh bagúin.



Áit an stáireamhail Cathair Luimhnighe CATHAIR AN
CHONNARTHA BRISTE. Agus is iomdha uair a thagann
a h-ainm isteach i stáir na h-Éireann. Tá ainm Phadhraic
Sáirséil fighte fuighte léithi agus a lán laoch eile.



Baile maith tráchtála atá i bPhort Lairge. Atá cúan
an-bhreágh ann; agus cuirtear a lán toradh talmhan
beithigheach, agus bagúin o'n gcathair seo go tiorthaibh eile.



Baile iasgarachta atá i nDún Garbháin. Áit, no
baile mór a raibh cáil, agus caithreim mhór air — Lios
Mór. Bhí Árd-Sgoil no Colaiste ann fad ó, agus
dóigheadh iad go léir san mbliadhain 1207.



Tá ainm na h-iasgarachta ar na bailte móra seo
a leananns: Eocaill, Daingean Uí Chúise, agus Ceann
t-Sáile.



PRÍOMH-BHAILTE TÍRE.



Cluan Meala, Cill Áirne, Caiseal, Malla, Dúrlas.
Baile mór tráchtála, agus margaidh atá i gCluan
Meala.



Tá cáil na hÁilneachta ar Cill-Airne ar an gceann-
tair ata thart thimcheall uirthi — ar a lochannaibh, agus a
sléibhtibh.



Ba í Árd-Chathair na Mumhan Caiseal Mumhan san
tsean-aimsir. Tá cuid de na sean-fhóirgnidhthibh, le
feiceál fós ar Charraig Chaisil.



Bailte móra margaidh, agus aonaigh, agus comh-
threasnán bóthair iarainn atá i Malla, i Dúrlas, agus
in Inis.



PILIB.



Gheobhfaidhear ceisteanna ar an gceacht seo shúas
i gCearnóig na míosa seo chugainn. — P. Ó. Bh.)



CRAOBH MÚINTEOIRÍ GAEDHILGE CO. ROSCOMÁIN.



Ag cruinniughadh de'n chraobh seo i gCaisleán Riabhach
ar an 21adh de'n mhí ceapadh gach múinteoir a bhaineas
leis an gcraoibh a chlárughadh agus iarradh ar Connradh
na Gaedhilge agus ar Coisde an Ceard Oideachais gan
múinteoir ar bith toghadh, ó seo amach, acht ball de
Cumann na Múinteoiri Gaedhilge (chomhfada is ta múin-
teóir de'n chumann le faghail).



An 5adh lá de mhí na Samhna seo chugainn an lá atá
lá socruighthe againn na múinteoiri a clárughadh agus
múinteoir ar bith nach bhfuil a dhíoluigeacht páirte íoctha
aige an lá sin is baoghalach nach nglacfaidhe leis in a
dhiaidh sin agus nach bhfuigheadh sé obair ath-bhliadhan.



Is féidir le gach múinteóir Gaedhilge bheith sa gcraoibh
agus san Árd-Chumann, má dhíolann sé £1 mar dío-
luigheacht páirte — dhá thriain i gcóir an Árd-Chumainn
agus trian le h-aghaidh a craoibhe féin.



Béidh an chéad chruinniughadh eile de'n craoibh i gCais-
leán riabhach ar an 5adh lá de mhí na Samhna ag a h-aon
a chlog (go géar), agus moltar do gach múinteoir a
theacht an lá sin agus a dhíoluigheacht páirte, íoc nó é
chur roimhe sin chuig an gcisteoir — Leo Ó Ceinéide, Cill
Eidhne, Caisleán Riabhach.



Ní glacfar le leith-sgéal nó faillighe ar bith san obair
seo anois mar is fada sinn ag iarraidh na Múinteori
Gaedhilge thabhairt le chéile agus a gcúis a throid le
comhthrom na féinne baint amach dúinn féin, ach is breágh
réidh tá roinn aca dá ghlacadh.



Ní mór duinn rud eicint dheanamh agus feicfimíd nach
bhfuighidh duine ar bith nach mbeidh sa gCumann obair
feasta — Mise,



Antoine Ó Leineacháin, Rúnaidhe.



Mainistir na Buaile, 25-10-23.



AN FÁINNE — GASRA CAISLEÁN RIABHACH.



Glacadh na daoine seo leanas isteach ins an bhFáinne:



Pádraig Ó Boirn, Séamas Ó Dómhnaill, Bhean Uí
Dhómhnaill, P. Ó Faoláin, Máigréad Ní Mhuiris, Caitlín
Ní Charlos, Bean Uí Ceallaigh, Máire E. Ní Shamhardháin,
Nóra Ní Chaomanaigh, Caitlín M. Ní Fheinneadha, Siubhán
Ní Chárthaigh, An Bráthair Séamas Maguill, An Bráthair
Séamas Ó Míodhcháin, Seán Ó Coisdealbha, An t-Siúir
M. Labhrás, Máire Nic Anaistir, Máire de Búrca.



AN RÚNAIDHE.



A Ghaedheala! Ná déanaighidh dearmad ar
MÍCHEÁL Ó CEALLAIGH, CRIOGAI, ROSCOMÁIN.



An t-aon fhear ionad amháin i gConnachtaibh ag
Príomh-Dhéantóiribh na h-Éireann.



Geóbhair luach-liostaí ar fhilleadh an phuist
Má chuirir fios orra.



CÚPÓN "AN CHEARNÓG."



DEIREADH FÓGHMHAIR — SAMHAIN, 1923.



Clódhbhualadh le h-aghaidh na seilbhtheoirí ag Oifig an
"Telegraf Connacht" i gCaisleán a' Bharraigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services