Historical Irish Corpus
1600 - 1926

West Cork Irish. Ní ar Dia a Bhuidheachas.

Title
West Cork Irish. Ní ar Dia a Bhuidheachas.
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

WEST CORK IRISH



NÍ AR DIA A BHUIDHEACHAS.



Le Pádruig Ó Laoghaire.



Do bhí mórán daoine uair ag tógaint
mhúir i mBréantráigh le hais na n-Aoraidhe.
Do bhí ana-tharrac (= an-tarrung) ag an
muir agus ana-chuid mhúir ar bharra-taoide,
acht níor leómhtha d'aon-neach teacht i n-a ghar
ná i n-a ghaor. Do bhí na daoine go léir ar
na splínceachaibh ag faire ar a theacht is-
teach; acht dhá fhoídnighe a bhfaireachas agus a
a bhfaireachán, 'seadh is móide d'fhan an múr
mar a bhí aige, ag luasgadh le cois calaidh,
anois ag breith suas ar an áit mar a raibh na
daoine ag suidhe nó ag seasamh; an nóimiot
i n-a dhiaidh, thaghadh tonn tois cnoic — ag
treabhadh agus ag treun-ghluasacht, ag briseadh
ar na builgibh, ag baint fuama agus fothraim
as cloich agus carraig, nó ag spreuchadh agus ag
spriúchadh, ag cur cubhair suas ar bhán ghlas.



“Ní fhanfad-sa annso a thuilleadh,” arsa
Domhnall O'Ceallaigh, “dá raghadh an saoghal
i dtóin na fuiseoige. Atáim annso ó
leaith na hoidhche aréir agus gan pioc dá bharr
agam, agus an diabhal díom d'fhanfaidh an
oiread eile im' amadán agus mo bholg bocht
buailte ar chnámh mo dhroma — cad dob' áil
libh annso?” ars' eisean leis an gcuid
eile bhí i n-a fhochair.



“Is gearr go dtiocfaidh an múr isteach
a bhuachaill,” arsa Piaras Paor. “Beidh
sé go léir againne agus tusa i n-a iongnais,
ag troid le hiongnaibh do chos nó (= ó) nár
fhanais — 'sé sin má taoi ar tí imtheacht ort
a bhaile.”



“An Fear Mór go mbeiridh leis an
múr!” arsa Tadhg Beag, “mar an sinn atá
ithte suas le cráidhteacht agus ciapthacht aige ó
bheith ag feitheamh annso i bhfuacht agus i
bhfeannaid.”



“Atá an ghaoth ag athrughadh agus an mhuir ag
ciuiniughadh,” arsa Pádraig O'Loingsigh.



“Cad é sin deiri?” arsa Domhnall Ó
Ceallaigh, ag cur cluaise air féin.


L. 103


“Deirim,” ars' an fear eile, “go bhfuil
an ghaoth ag ionntráil.”



“Is mithid di soin,” arsa Domhnall,
“mara bhfuil fonn uirri luighe chun guir ar
fad 'san áird i n-a bhfuil sí le breis agus
coigthidheas — Is dóigh liom,” ars' eisean arís,
thar éis stad tamall agus feuchaint i n'(-a)
thimcheall, “go bhfanfad seal eile, dá
dtuiteadh an bolg asam le hocras agus le
híotain, agus is é mo thuairim nach fada eile
uadh anois agus cá misde dhó — cad eile atá le
deunamh aige?”



Do sceart gach n-aon ar gháirídh iar
gclos an ráidh se dhóibh.



“Cogar, a Dhiarmaid,” ars' eisean le
Diarmaid Mac Amhlaoibh, ag breith ar
bhrollach léineadh air, agus ag a thabhairt leis
ar fód faoi leith —



“Cad is gnó agat díom?” arsa Diarmaid.



“Ní'l aon ghnó i n-aon chor,” ars' eisean,
“acht an mbeidheadh leath-seach agat i dtóin
do phíopa? Atáim seithte — ag dul as mo
chroiceann, a dhuine! de cheal aon seach
amháin, fad thug Dia lá dham.”



(Tuilleadh).



Nótaidhe.



1 Tógaint = tógbháil
2 Barra taoide = barr-taoide, uachtar taoide, uachtar
na mara.
3 níor leómhta d'aonneach = níor lámhtha d'aonneach
[lámhaim = leigim].
4 splínc = carraig ghéar gharbh.
5 foíghne nó foidne = foighid = fad-fhualaing.
6 mar a bhí aige = 'san módh i n-a raibh sé; mar a raibh
aige = san áit i n-a raibh sé.
7 ag breith suas = beag nach ag rochtain.
8 tois = toirt = méid.
9 spreuchadh, ag léim mar bheidheadh mion-splannacha as
iarann dearg 'nauir buailfidhe leis an órd ar an
inneoin é; spriúchadh, caitheamh, caitheamh capaill
nó múla.
10 dá raghadh an saoghal i dtóin na fuiseoige : is ait agus
is ainchneasta an rádh é seo, agus ní mó ná maith do
thuighim cionnus do tháinig se chun na céille atá
air láithreach do bheith air. Is ionann é agus cibé
nidh do thiocfaidh as dam; cibé rud - maith no olc,
agus is cuma liom cia 'ca - is tagtha as dam.
11 pioc dá bhárr = aonnidh dá shochar.
12 an oiread eile = an chomhfhaid chéadna.
13 Cad dob' áil libh annso? = Cad is gnó abaigh 'san
áit seo?
14 an Fear Mór = an diabhal.
15 Feannaid = peandáit .i. pianáit.
16 deiri = 'deirir' i leabhraibh.
17 ionntráil = athrughadh.
18 do sceart = d'éigh.
19 ar fód faoi leith = i leath-taoibh.
20 Cad is gnó agat díom? = Cad é an gnó atá agat
díom? = Cad do b'áil leat díom? (Feic N. 13).
21 seithte no seighte = tabhartha, tnáithte [jaded (?)].
22 de cheal = d'easbaidh.
23 seach = gal.
24 fad thug Dia lá dham = feadh an lae = do rith an lae
uile. Is gointe agus is géire i bhfad 's i bhfad an
céad rádh ná ceachtar do'n bheirt eile.







19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services