Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Old Hymn, from the Arran Islands. An Eiséirghe.

Title
An Old Hymn, from the Arran Islands. An Eiséirghe.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
An Mac Léighinn
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN OLD HYMN, FROM THE ARRAN ISLANDS.



AN EISÉIRGHE.



['San uimhir 46 do'n Irisleabhar clóbhuai-
leadh cuid do na sean-duanaibh cráibhtheacha
atá ag muintir na hÁrann shiar. Fuair mé
a n-urmhór, mar adubhairt mé cheana, ó
Mháirtín 'ac Fhualáin (Mac Fualáin — Folan
'san mBeurla) i nInismeadhóin 'san samhradh
do'n bhliadhain 1892. Sul do cuireadh i gcló
iad, fuair Máirtín bás. Fear maith, meamhrach,
macánta, gaedhilgeóir cliste, seanchaidhe
cumasach, b'eadh é. Níor dhuine é nár chuir
suim i n-a theangaidh dhúthchasaigh. Is iomdha
sean-ghaedhilgeoir foghlamtha, fear ceudta
abhrán nó sgeulaidhe gan sgíth, ar a
ndeuntar an fheart-laoidh bhrónach so, tar
éis báis d'faghbháil dó, “'Tá sé imthighthe agus a
chuid Ghaedhilge i n-éinfheacht leis;” cáil nach
racha choidhche ar “Mháirtín mhaitiú,” mar do
bhí sé rímeudach riamh as a chuid Gaedhilge,
agus do mhúin sé dá chloinn í do leughadh agus
do sgríobhadh, réir mar d'fhoghlaim sé féin ó
n-a shinsearaibh Í. Ba mhór an sgeul liom
bás an fhir se, agus badh mhian liom an meud
so shuas do sgríobhadh i n-onóir dá ainm agus i
gcuimhne gach seanchuis agus gach comhráidh do
rinneamar, mé féin agus é féin, le chéile go
siamsamhail, agus fós le sompla do thabhairt
do mhuintir na gaedhilge ar an nós ar féidir
leó gach nídh do dheunamh dá ndlightear uatha
do theangaidh a sinsear.



Is ó 'n bhfear ceudna agus fa'n am ceudna
fuair mé an duan so leanas.


L. 85


(a) Abair do Phaidir, má's maith leat é;
is léigheann í nach dtéidheann ar gcúl;
Is Paidir í nach ngabhann smál,
Caiseal árd bhí ag Righ na ndúl.



Dréimire Pharrthais í an Phaidir,
“Paidir anam” fhóireanns í,
Urnuighthe chráibhtheach fhialmhar ghlan,
Droichead shíl Eubha í.



(b) Trosgadh, urnuighthe, agus déirc,
Aithrighe dhaor agus dóchas maith, —
Sin é an teagasg thug Mac Dé
Dá Eaglais féin ar a bhóthar tais.



(c) Téirigh 'un Aifrinn gan do bhróga,
Agus ná deun mórtachas as do bhrat,
Agus beannuigh faoi dhó do'n bhocht …



(d) Ar a bhfeicfidh tú d'airgead agus d'ór,
'S ar a bhfeicfidh tú do cheolta crois
(crot?),
Ní fheicfidh tú flaithis Mhic Dé go deoidh
Gan leabaidh agus gan déirc na mbocht.



(e) Deun go mín leis an mbocht,
Agus cuir cneith ar a chorp;
Agus gur mór an díol déirce an bocht
Agus go ndeacaidh Mac De 'n-a
riocht …



(f) Go dtigidh lá Shliabh Slíon (Síon?) na
sluagh …
Cé gur duibhe ár ngné 'ná an gual,
Cé gurab áluinn anois do chruth, …
Mara (muna) gcuimhnighir ar dtús thú
féin …
Caoin Páis na sleagh, má fheudann tú,
Cuir na gártha deor fó na mílte
cumha …
Croidhe glan cráibhtheach náireach déir-
ceach umhal,
Nach míle fearr lé rádh 'ná beul ar
siubhal (?)



(g) Nach iomdha marcach maith leagadh
Agus rachadh arís ar bhun (mhuin?) a eacha.
Má chuaidh mise i leith na sligheadh,
Tear (= tar) a Chríosd, agus tabhair do
bhreith,



(h) Ifrionn fuar fliuch,
Baile is (bh)uaine agus is seirbhe deoch,
Baile gan chill gan chrois,
Ní racha mé féin i n-a heach 'ná 'n-a
chos.



(i) Acht mar is maith le Críosd mé bheith
Budh mhian liom gul anonn,
Marach (muna mbeidheadh) a laighead a
bhfuil dhe lón romham,
Is beag mo bhárr i bhfus,
Agus mo chumha nach thall do threabhas.



(j) An laoch do ceusadh Dia hAoine
'S cuireadh i rópaidhe roighne …
Síneadh é ins an uaimh mo sínte (?) …
Clocha móra clonta (?) cloidhte,
Faire leabtha ar feadh na hoidhche …



(k) 'Sé adubhairt seisean lé Nicodémus …
Contamatar (?) as a chionn sin …
Go dtugadar é ó lucht na seacht líne
Bhí dhá mbreunadh lé haoileach,
Dhá ndeargadh lé címleach,
Ag na deamhanta fó phianta;
Thugadar é go Parrthas na gcraobh
ngeal …



(l) Mara (muna) bhfaghmuid-ne óigeacht ó
chríonna
Nó umhlaigheacht na hOighe míne …



(m) Nach maith chaoinfeadh bean a leanbh
Is ní fearr 'ná a dalta;
Ní chaoineadh sí Árd-rí na cathrach,
Laoch dobheir an t-eun i ndiaidh na
huibhe,
Agus shlánuigheas gach bean i ndiaidh a
leinbh,
Nach ait nach ndeunamuid-ne Dia do
ghuibhe (ghuidhe),
'S gurab é 'ghníos ar gcré do chumadh,
M' Athair síorruidhe doghníos bun dam
Ar mo choisidheacht lé mo ghnothaigh amuigh
dham …


L. 86


(n) Laoch do thúirling a Mac agad
Chaith trí ráithe in do lár i dtaisge;
Rug thu é i mainseur asail;
D'oil tú é ar do ghlúna geala;
Níor lig tú deor dhá fhuil faoi thalamh,
Nó go ndeachaidh dé dhá theasgairt
Ar leacracha dearga …



(o) Mar bhárr pianta na táirngí
bharradh …
Longínus aríst (do shrois?) an
tsleagh ort …



(p) A Dhia dhílis, gurab é do mhíle beathadh!
Níor dhíob-se (dhíobh-so) dlightear tada
(dadamh),
Acht dhínn uile go léir na peacthaigh.



(q) Ní ba ná caoirigh thug tú asam
Acht do bhóthar goile (= d'fhuil a) dhóir-
teadh faoi thalamh;
Thréig na naoimh thú a's na heaspail,
Thréig Micheál thú, an t-aingeal …



(r) Tháinig na trí Mhuire dhá Fhaire,
Muire Ógh brónach deacrach
Folt-sgaoilte a's í gan tapa,
Deoir 'n-a shrothaibh léi 'n-a leaca;
'N uair chonnaic sí an fheoil, an chuma
bhí ar a leanbh,
Ag an dream deamhan bhí gan bhaisde,
Chuimil sí suip as bos,
D'iallachaidhe reamhra teannta lea-
thair …



(s) A Chríosd, ó tharla Dia go maith leat,
A Mhic na haighe míne geala
Fuair an crann ceusda dhá sgaradh …



(t) 'Sé bheir foghmhar modhamhail maiseach,
'Sé bheir geimhreadh líonmhar leata,
'Sé bheir samhradh drúchdamhail teasmhar
'Sé bheir aimsir chinnte ghaothmhar ear-
raigh ann.



(u) A Mhuire mhóir-bhríoghmhar mhaiseach
Is uait-se shíolruigh toradh na mbean-
nacht …



(v) Thugadar cuairt anuas ó 'n aingeal
is ionnus (?) anuas ghluais an
tAthair …



(w) Nach í an Eiséirghe is fearr dá gcualas
riamh
Ag cléireach Chleabhair na ngeall (?),
Íosa críosd bheith 'g'ul ins an chrois
'Éis a chrochadh lé crann …
Rí geal agus a chaoin (?) lé crann,
Rí nár chuingil riamh …



(x) Theilgeadar 'n-a shúil (?) anall
Agus ghoireadar féin Mac Dé go
teann,
Chaitheadar an tsleagh fó n-a bhroinn,
Agus chroith an tsleagh duine dall,
Duine dall a's é 'teacht 'n-a dhall,
'S an tsleagh nimhe 'n-a dheas-láimh,
'N uair triomadh cneith an daill
Fó dhalta ar dTighearna (?) …



(y) Braitlín geal 'g'ul fó Íosa
'Measg na ríghthe 'gus na sluagh …
Annsin a ghoireadar féin Mac Dé
beannuighte
'S cá raibh (?) a leabaidh anois 'san
úir …



(z) Tháinig na trí Mhuire, na trí rígh,
Na trí saoi fó n-eunlaibh (?),
Fó n-a mbosa corra is fó n-a mbeagán
mánla,
Agus iad á caoineadh ar dTighearna.



(aa) 'N uair chuala Muire an fhuil tinn
A Mac mín geal dhá bhfagháil (?),
Thóig sí na trí bosa corra
Fó n-a riosta deirin (?) geal (doirn-
gheal?) …



(bb) Siúd í an fhoighid fuair guth
Siúd iad na bosa do bualadh
Siúd í an fhoighid do fuair
Do fhoighid a truagh-bhualadh.


L. 87


(cc) Ní'l marcach fó t' aois ann, a Mhic,
Nár baineadh na cinn díobh i n-éinfheacht;
Ní'l amh ná cuibhe (?) cruaidh
Nach bhfuil lán dá mhór-shluagh.



(dd) Ní hé sin is misde liom féin,
Acht t'fheiceáil fó chrann na Páise,
A riosta is gile 'ná an ghrian,
'S a ghnúis nach ndearna droichbheart!
Is tú Bainríoghain Fhlaithis Dé,
Is tú breith(eamh) gach dainséir,
Is tú mo Mháthair gan locht
A's nídh ar bith is áil leat, gheibhir é.



(ee) Ní'l aon chuimhneochadh orra (= uirre) lé
mo bhuaidh,
Is deuradh í lé n-eug.
Gheabhadh sé Neamh ó Rígh na gcreucht.



NOTES



"Is beag orm Ifrionn fuar fliuch
Baile bith-bhuan is searbh deoch
Baile tá gun chill gan chrois -
Cho dtéid mé ann a chois nó dh'each."



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services