Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Song from Cork. An Ridire Brianach.

Title
A Song from Cork. An Ridire Brianach.
Author(s)
Buingeán, Uiliam,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

A SONG FROM CORK.



AN RIDIRE BRIANACH.
Uilliam Buingeán cct.



Hurá! a Ridire chumasaigh Bhrianaigh!
Hurá! a Ridire thrúpa na srianta!
Hurá! a leinbh nár geineadh as fiadhaile,
Acht as ceart-lár ríghthe 'ghníodh dlighthe agus
riaghalta!



Mo ghrádh-sa an leanbh nár easguir(a)
i n-éinfeacht,
Acht d'fhás seachd dtroighthe go tara le
chéile;(b)
Mac an mharcaigh do ghreadadh na
méirligh
Ó Léim an Chapaill go M'alla na
méath-mhart.



Hurá! a Ridire etc.



Sin lacht luinge 'na thuille tré shliabh
chughainn
D'fhíon bhreagh bhorb gan dochal 'n-a
dhiaidh dhúinn!
Líontar gloine agus fiche chum 'Liaim de!
Sláinte an Ridire chumasaigh Bhrianaigh



Hurá! a Ridire etc.



Ní'l fiú leanbh ná seana-bhean chríonda
O Bhunraite go Mainistir Ínse
Nach bhfuil ag preabadh chum baluithe
an fhíona,
A's é tá chaitheamh ag maithibh na tíre!



Hurá! a Ridire etc.



D' fhíontaibh dearga lachtanna a's
cróna(c)
Píopaidhe beathuisge, meadracha beórach,
Bíom dá mblaiseadh — go mblais-
eam go tóin iad,
'S go dtéidh an ghealach i bhfolach 'n-ár
mbrógaibh!



Hurá! a Ridire etc.


L. 42


NOTES.



(a) easguir, said of the bursting of the ear of corn.
(b) le chéile, by steady degrees; i ndiaidh a chéile
deuntar na caisleáin, "by degrees the castles are
built."
(c) Perhaps we should read fíonta dearga lachtna agus
cróna = red, yellow and brown wines.
(d) bíom, blaiseam, now usually bímís, blaisimís.
(e) Dochal, a common pronunciation of doicheall,
churlishness.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services