Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra ar Fhionn Mac Cumhaill agus ar Mhnaoi Bhearcháin.

Title
Eachtra ar Fhionn Mac Cumhaill agus ar Mhnaoi Bhearcháin.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

EACHTRA AR FHIONN MAC CUMHAILL
AGUS AR MHNAOI BHEARCHÁIN.



'Nuair a bhí Fionn MacCumhaill ag dul
in aois, do airigh sé é féin bheith ag dul i
luige, agus dubhairt sé lá de na laothantaibh
go raibh a chloidheamh ró-throm dó le h-iomchar,
agus gur bh'éigean dó rud éigin do bhaint de.
Beagán de laothantaibh 'n-a dhiaidh sin do
chuaidh sé ag triall ar ghobha bhí 'n-a
chomhnuidhe i ngar do darbh' ainm Bearchán
agus adubhairt sé:—



“A Bhearcháin, tá mo chloidheamh ró-throm
dam anois, agus budh mhaith liom go dtógfá
beagán de, no go ndéanfá dhá chloidheamh de
dham; mar ní 'lim, do réir nádúire, chomh
láidir a's do bhíos fiche bliadhain ó shoin.”



“Déanfad go deimhin,” arsa Bearchán,
“acht go 'neosfaidh tú sgeul dam an fhaid do
bheidhead dh'á dhéanamh.”



“'Neosfad,” arsa Fionn, “Ar choinghíoll
nach beidh aon bhean ag éisteacht liom.”



“Tá go maith,” arsa Bearchán, “Ní bheidh,
geallaim duit.”


L. 11


'Nuair a chuaidh Bearchán a bhaile i
gcomhair na h-oidhche do innis sé d'a mhnaoi
go raibh sé lá ar n-a mháireach chum dhá
chloidheamh do dhéanamh do Fhionn Mac
Cumhaill, agus go raibh Fionn Mac Cumhaill
chum sgeul do innsint do ar feadh na
tréimhse sin, acht go raibh sé do ualach air
féin gan aon bhean bheith ag éisdeacht leis
an sgeul, “a's ná tair-se in aice na h-áite,”
ar seision, “mar dá bhfeicfeadh Fionn Mac
Cumhaill thú do stadfadh sé, agus ní chloisfinn
níos mó de'n sgeul uaidh.”



“Geallaim duit nach raghad,” ars an
bhean.



An lá 'n-a dhiaidh sin do ghlaodhaigh Bearchán
ar a bhuachaill, agus adubhairt sé, “A bhuachaill
is feárr do bhí ag duine bocht riamh, éirigh, agus
bain beart luachra agus tabhair chum na
ceárdchan é, chum go sínfidh Fionn Mac
Cumhaill air, an fhaid do bheidh sé ag innsint
sgéil dhamhsa.”



Do chuaidh buachaill Bhearcháin ag iarraidh
na luachra, agus do lean an bhean é.



“A bhuachaill,” ar sí, “tiubhraidh mé
díoluigheacht mhaith dhuit má chuireann tú mise
isteach 'sa bheart luachra, agus mé thabhairt chum
na ceárdchan, agus gan aon nidh do leigint ort
mar gheall ormsa.”



“Go deimhin ní dhéanfad,” ars an buachaill,
“mar do mhaireobhadh mo mháighistir mé, no
ní bheidheadh aon ionntaoibh aige asam
choidhche arís.”



“Ní bheidh fios aige,” ar sise, “ar cad do
rinnis, mar fanfad-sa istigh 'sa luachair go
n-imtheoghaidh sé féin agus Fionn amach as an
gceárdchain agus ní fheicfid siad mé in aon chor,
agus ní bheidh fios aca go rabhas ag éisteacht
leo.”



“Má dheineann tú sin,” ars an buachaill,
“cuirfidh mé thu ins an bheart.”



Do shín sí 'sa bheart, agus do chuir an buachaill
an luachair móir-thimchioll uirrthe, agus do thug
ar a dhrom í féin agus an bheart gur shroich sé
an cheárdchain, agus do chaith sé an bheart de 'sa
chúinne.



Budh gheárr 'na dhiaidh sin go dtáinig
Fionn Mac Cumhaill isteach, agus do shín sé ar
an bheart.



“Cad é an sgeul,” ar sé, “a 'neosaidh
mé dhuit, a Bhearcháin?”



“Budh mhaith liom a chloistint uait,” arsa
Bearchán “cad iad an dá ghníomh do rinnis
riamh is cruaidhe do chuaidh ort.”



“'Neosad soin duit,” arsa Fionn Mac
Cumhaill: “lá dá rabhas am' aonar ag
siubhal le h-ais abhann do chonnac tigh
tamall geárr uaim agus do thriallas faoi n-a
dhéin. 'Nuair do chuadhas isteach do chonnac
an gaisgidheach is mó d'á bhfeaca riamh 'n-a
shuidhe cois na teineadh, agus iasg in aice leis
ar na sméaróidíbh.



“Cia h-é thusa?” ar seision.



“Is mise Fionn Mac Cumhaill,” arsa
mise.



“Is tu go deimhin an fear do theasduigh
uaim,” ars an gaisgidheach.



“Seo bradán,” ar seision, “agus do bhíos
d'á fhaire le sé lá agus sé oidhche chum é mharbhadh.
Sínfead sa anois thorm go gcodólfad
beagán, agus tabhair-se aire do'n iasg go
ndúiseoghad. Ná leig aon chlog do theacht
air, no má leigeann tú bainfead-sa do
cheann díot. Bí dh'á iompáil ó thaobh go
taobh i gcás nach éireoghaidh aon chlog air.”



Do bhíos-sa go cúramach ag tabhairt aire
do'n iasg, agus faoi cheann tréimhse geárr' do
chonnac clog mór ag éirghe ar dhruim an
bhradáin. Do tháinig critheagla orm i dtaoibh
an fhógra fuaras, agus do chimileas m'órdóg
go dlúth dian ar an chlog, chum nach tiubhradh
an gaisgidheach faoi n' aire é, 'nuair a
éireoghadh sé, acht do doghadh m' órdóg féin
chum an smior (smeara), agus do chuireas am'
bheul é, agus níor luaithe do rinneas 'ná fuaras
fios dá bhfanfainn i bhfeidhil an éisg go
maireobhadh an gaisgidheach mé an uair a
dhúiseoghadh sé. Do chuireas m' órdóg faoim
ghiall arís chum fios fhághail cad dob' fheárr
dham a dhéanamh, a's do fuaras fios imtheacht
as an áit chum nach béidheadh fios ag an
ngaisgidheach cá rabhas, agus ní fheaca riamh ó
shoin é, agus is mar sin do thárla dham féin


L. 12


fios d'fhághail aon uair do chogónfainn
m'órdóg.



'Sé an tarna guais is mó in a rabhas
riamh ann, lá geimhridh d'ar imthigheas liom
fhéin ó'n chuid eile do'n Fhéinn, agus mé siubhal
trí ghleann, do bhí sneachta trom ar an
talamh, agus do chonnac, slighe gheárr uaim, lorg
gaisgidhigh ins an sneachta. Do chuadhas chuige
agus do bhí iongnadh orm i dtaoibh a méid. Do
cuireas cos liom isteach ann, acht níor
líon sí an lorg. Do chuireas mo dhá
chois ann, agus is ar éigin do líonadar é.
Dubhart liom fhéin nach beinn sásda choidhche
go bhfaghainn radharc ar an ngaisgidheach mór.
Do leanas rian a lorg ins an sneachta go
dtánag go bothán agus do bhuaileas ag an
ndorus. Do chuir gaisgidheach mór a cheann
amach agus adubhairt.



“Cia h-é thusa, no cad do thug annso
thú?”



“Is mise Fionn Mac Cumhaill,” arsa mise,
“agus do chuir méad do lorg ins an sneachta
iongnadh mór orm, agus ní bheinn sásda go
dtiocfainn at' fheiscint.”



“Do thárla go maith,” ars an gaisgidheach,
“mar táim teinn tuirseach ó shiubhlóid fhada
do rinneas ag goid an bholáin chíann tú
marbh annso ó ghaisgidheach budh dhá mhó 'ná
mé féin, agus me fhaghann sé amach cá bhfuilim,
gan amhras maireobhaidh sé mé. Imthigh-se agus
bain beart brosna go mbeireobhmaoid
ceathramh dhe dhúinn féin, mar tá ocras
orm.”



“Déanfad,” arsa mise.



Do ghluaisigheas orm, agus do rugas teud
agus tuagh liom agus do bhaineas beart brosna
chomh mór agus ab' fhéidir liom a thabhairt ar mo
dhrom. 'Nuair a thánag chum an tighe, do
chaitheas i gcoinnibh an fhala é, agus do bhaineas
fuaim agus fothram as. Do tháinig an gaisgidheach
mór chum an doruis, agus 'nuair a dh'fhéach sé ar
an bheart, adubhairt sé le droich-mheas, “Cad
é an fáth nár thugais níos mó 'ná sin
leat?”



“Níor thugas,” arsa mise, “do bhrigh go
raibh deithneas orm.”



“Beireobhaidh sé bainne na gcaorach dúinn,”
ars an gaisghidheach.



“Anois,” ar seision, “suidh-se annso le
h-ais na teineadh, agus bí ag fághail rod(a) éigin
ollamh dúinn do íosfamaoid. Sínfead-sa
annso thorm go fóil, agus má thigeann aon tóir
orrainn beir ar an ursul so atá ins an
teine agus sáthaigh an ceann dearg de i bpoll
mo shróine, mar ní'l aon chuma eile ar a
bhfeudfá mé dhúiseacht.”



Do shín an gaisgidheach ins an leabaidh, agus
ní fada bhí sé ann 'nuair a chuala-sa fuaim
mhór chugham, agus do ritheas chum an doruis, agus
ní luaithe fhosgaileas é 'ná do thainig isteach
gaisgidheach budh dhá mhó 'ná é seo bhí sínte ar
an leabaidh. Níor leigeas-sa aon aimsir
thorm, acht do ritheas chum an ursuil,
(agus do rugas air), agus do sháitheas chomh treun agus
dob' fhéidir liom é suas i bpoll shróine an
ghaisgidhigh bhí 'n-a chodladh; do thug an gaisgi-
dheach léim as a leabaidh, agus beirid an dá fhear
mhór ar a chéile. Bhí drom duine dhíobh i
gcoinnibh an fhala thall, agus drom an fhir eile
leis an bhfala abhus, agus iad ag iarraidh a
chéile do leagadh. Faoi dheireadh do cuireadh
an gaisgidheach bhí 'n-a chodladh ar a ghlún, agus
do tháinig eagla ormsa go maireobhfaidhe é,
agus mé fhéin le n-a chois. Do rugas ar an
tuagh agus do chromas ar staighridhe do dhéanamh
suas a dhrom. Do ghearras an cheud staighre
ar cholpa a choise, agus an tarna staighre ar a
thóin, agus do árduigheas an tuagh, agus do bhuai-
leas an gaisgidheach i bplaic a mhuinéil, agus do
leanas d'á bhualadh ar feadh tamaill mhóir.
Is geárr go raibh sruth fola ag rith leis an
ngaisgidheach agus go raibh sé dul i luige, agus do
thuit sé ar ghlún leis (ar cheann d'a ghlúinibh).
Do éirigh sé arís, agus do bhuail sé mise suas i
gcoinnibh an tadhbháin (taobháin.)”



Do éistigh an bhean leis an sgeul go
foighneach go dtí sin, agus adubhairt sí,
“Míochrom (míochomhthrom?) ort! Cá n-a
thaobh go ndeaghais ar a dhrom?”



Do phreab Fionn 'n-a shuidhe agus adubhairt,
“A Bhearcháin, do rinnis feall orm; do
gheallais nach béidheadh aon bhean ag éisteacht


L. 13


liom an fhaid do bheinn ag innsint an sgéil
duit, agus in' ionad soin is amhla do chuiris do
bhean ins an luachair chum nach feicfinnse í,”
agus do rith sé i ndiaidh Bhearcháin. Do iarr
Bearchán air a leathsgeul do ghabháil, agus do
dheimhnigh sé dho nach raibh fhios aige féin a
bhean bheith 'sa luachair, agus níor innis Fionn
Mac Cumhaill níos mó d'á sgeul dó thar a
éis sin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services