Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Séaghan Bocht ó Éirinn.

Title
Séaghan Bocht ó Éirinn.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Collector
O'Leary, Patrick
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 78

.
SÉAGHAN BOCHT Ó ÉIRINN.



(Contributed by Mr. Patrick O'Leary, Inches, Eyeries.
Castletownbere.)



I.



Anois ó táim dealbh ó earradh ná éadach,
Rachmus an t-saoghail-so, talamh ná tréo;
Tógfad mo mhaduídhe le fuineamh am'
ghéagaibh,
'S ní stadfad in aon bhall go rachadh air
an g-Cove.
Tógfaidh mé árthach gan mháchaill gan
éisling
Agus rachad thar treiin-mhuir go Sasanadh
Nuadh
Mar a bheidh ól-fada a d-tabhairnidh' ag
Seághan bocht ó Éirinn.
'S ní céad slán chuirinn féin chuin na méid
bheidh am' dheoigh.



II.



Éist óró a Shéaghain bhoicht mar is paisdín
bog, baoth thu;
Tá tuilleadh de'n t-saoghal so nár ghabhais
thríd fós,
Agus leig-se ded' ráigígheacht gan gádh
thar céin duit
Gan caraid a' glaodhach ort is dealbh do lón
Fiafruigh de'n Chárthach do tháinig a g-céin
chughainn
Cia b'fearr é mar station 'ná Sasanadh
Nuadh?
'S nach (bh) fuil aon bhall le fághail ann chómh
fáilteach le h-Éirinn
Agus fan-sa agad ghaolthaibh marbh agus béo.



III.



Ní bróga na hata ná anuirt chum léine
Bhronn aonne dham ghaolthaibh dár ghabhas
cucha fós,
Ní brón léo mo dheacair, a's ní thaithneann
mo sgéimh léo
A's air m' ainm ní ghlaodhaid ó mhealthuig
mo stór,
Failte ni dheachaim nuair a ghabhaim dá
bh-feuchaint
Acht tarrai(n)g a réice a's faigh mhalairt de
threó,
Agus dá dhrúim so liom leacain bíonn frasa
go aordha
Ag imtheacht 'na slaoda de bhárr mo shróin'.



IV.



Ní ceann me gan meabhair, ná abhallthán
gan éifeacht
Achth duine beag aosda tá fuinte go léor,
Gidh nár léigheas riamh air mheabhair ná ar
leabhraibh chaol-cheart,
Agus ní fheacathas caol-pheann agam am'
dhóid.
Do saoileas go bh-fhearra dham dul tamall
in aon bhall
Thar fairrge chraosaigh go Sasanadh Nuadh
Ná luídhe chum grafaigh i n-garbhthán
sléibhe
Ag greadadh mo ghéag nár chleachtas riamh
fós.


L. 79


CRÍOCH.



Caipín óir, agus cos as
D'olfadh mac an righ deoch as
Ní bun cróinne, as ní bárr cróinne
A's ní gobha 'ná cearduidhe righne é.



(Freagra — Cíoch.)



Cím chugham anoir anall
Inghíon an rígh go tirm, teann,
Fáinne óir air bhárr a baise
Is cúl a coise tre n-a ceann.



(Freagra — Tuagh.)



An ghaoth anoir bídheann sí tirm
A's gearrann sí tsoigh de'n taoide;
An ghaoth aniar bídheann sí fial
A's cuireann sí iasg i líontaibh;
An ghaoth a n-duaidh bídheann sí fuar
As cuireann sí fuacht air daoinibh;
An ghaoth an-deas bídheann sí teith
As cuireann sí rath air síolthaibh.



SEAN-RÁIDHTE, NO SEAN-FOCAIL.



Ní abrann fearg fíor.
Ní bhídheann treun buan.
Ní mothuigheann beul fliuch beul tirm.
Minic do bhain duine slaitín a bhuailfeadh é
féin



Má mheallthuighean an seun is maith an chríoch.
Olc an siubal nác feárr ioná stad
Aigne réidh a reidhtigheas snáth
Ní chothuigheann rith maith d'each a g-cómhnuídhe.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services