Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The Intermediate Papers.

Title
The Intermediate Papers.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

THE INTERMEDIATE PAPERS.



(a) Tig a mháthair a g-ceann sé m-bliadhain iar sin
d'fhios a mic, óir do h-innseadh dhí é bheith anns an ionad
úd; agus budh eagal léi mac Mhórna dhó.



(b) Cia tusa? ar an righ. Mac aithigh de luaighnibh na
Teamhrach, ar se. Ní h-eadh, ar an righ; acht is tu an
mac rug Muireann do Chúmhall, agus ná bí ann so
níos sia ionnos nach muirfidhe thu air m'éineach-sa.



TRANSLATION AT SIGHT



(a) Creud is féidir leat d'fhéicsin ann aon áit eile
nach bh-feiceann tu ag baile? Féuch neamh agus talamh
agus na dúile go h-uile; óir is asda so cruthaidheadh
gach nídh eile.



(b) Is iomdha duine a ghrádhuigheann ríoghacht Iosa :
acht is beag le ar mian iomchar na croise. Is iomdha
duine d'iarann solás, acht is beag le ar mian
amhgar. (5)


L. 233


VOCABULARY.



Féidir, possible.
Feic, to see. (3)
Neamh, heaven.
Talamh, earth.
Iomchair, to bear. (3)
Iarr, to ask. (3)
Sólás, comfort.
Dúile, elements, substances.
Cruthaidh, to fashion, to make. (4)
Iomdha, many.
Gradhuigh, to love. (3)
Rioghacht, kingdom.
Amhgar, tribulation.
Mian, desire.



VOCABULARY.



Good morning, Dia dhuit.
Clock, clog.
Mile, míle.
Court, cúirt.
Purse, sparán
Way, slighe.
Pound, púnt.
Only (but), act. (1)



8.
(a) Do rug an teasbhach mór orrtha an tan sin, agus
a dubhairt Fionn go n-anfadh ag bun an chaorthainn go
n-imtheochadh an teasbhach sin; "óir atá a fhios agam
go bh-fuil Diarmuid a m-bárr an chaorthainn."



(b) Táinig an torc fán am sin a n-aghaidh na beinne
aníos, agus an Fhiann ina dhiaidh. Ro sgaoil Diarmuid
mac an chuill dá h-éill ina choinne, agus ní dheárrna
sin tairbhe dho, óir níor fhan sí ris an torc, agus ro
imthigh roimhe.



10. (a) "Ní h-é mo chéile d'imthigh uaim,
'S fos níor luadhadh mé le h-aen fhear
A rígh na Féinne is aoirde cáil.
Ach tsearc a's grádh do thugas dod' mhac!"



(b) "Is iomdha leabhar sgríobhtha síos,
Ag éigsibh binn', milse Gaodhal;
Nach léir linn aithris dhuit go fíor,
Air eáchtaibh Fhinn agus air an bh-Féinn."



11.
(a) Do ghlac righthe agus uaisle Eireann mór-fhearg
tríd sin, agus do sin siad comhairle gan an bhuannacht
sin d'fulang, (2) na cur suas lei (3) ní ba mhó: agus ann
sin do thriall gach aon díobh ar a dhúthaidh (4) féin.



(b) Dob' fheárr aon chomhrac calma
Dá d-tugamaois-na na Fianna
Ioná tighearna an chrábhadh, (5)
Agus tusa féin a Chléiric. (6)



A Oisín na n-géarr lann
Chanas na briathra buile;
Is fearr Dia le h-aon uair
Ná Fianna Eirionn uile.



VOCABULARY.



Uasal, a noble.
Comhairle, a council.
Buannacht, a subsidy.
Fulaing, to bear with, suffer. (7)
Triall, to journey. (7)
Comhrac, a hand-to-hand
fight.
Calma, heroic.
Crábhadh, piety.
Can, to sing, chant. (7)
Lann, a sword-blade.
Duthaidh, land. (4)


L. 234


VOCABULARY.



Tread, saltair.
Plant, cur. (1).
Scatter, scaip.
Desert, fásamhuil.
Blow, séid.
Sower, síoladóir.
Gardener, garrghadóir. (2)
Bosom, ucht.
Shaking, critheach.
Dew, drúchd.



8. Translate : -
(a) Is ionann, iomorro, Irlanda agus fearonn Ir.
Oir as ionann land a m-béarla, agus fonn no fearonn
a n-Gaoidheilg. As móide as measda fírinne an
neithesi, mar adeir leabhor Ardmacha gur ab ainm
don oilénso, Ireo, eadhon, uaigh Ir, do bhrigh gur ab ann
atá feart no uaigh Ir.



(b) Tuig a leughthoír, nach tre dhearmad nach luaidhim
ann so cuanta, náid cathracha, náid bailte móra
Eirionn; acht go d-tabhair Camden agus na croinice
nuaidhisi a d-tuarusgbhail síos go soiléir, agus nach é
so áit a g-cuirthe (3) síos, acht a d-tús gabháltuis Gall
ler h-orduighiodh iad.



(c) An cháin sin ro cumadh ann,
Trí liacha nocha lán-gann;
Liach uachtair bainne breachta,
Is liach mine cruithneachta,
An treas fiach, linne ba lonn,
Liach ime uáisde d'annlann.



9. Translate:-



(a) Tárlaigh mé do'n duine uasal agus d'a mhnaoi.
(b) Ní feas dúinn creud do imthigh air.
(c) Do chuir sé fios ar an g-cuid oile do mhuíntir
Fhinn.
(d) Fuair th'inghean bás, ná cuir buaireadh ar an
maighisdir.
(e) Má chuirim-se doilgheas oraibh-se cia h-é chuireas
sólás orm féin?
(f) Reac a bh-fuil agad agus roinn ar na bochtaibh.



11. Where were Casán, Dún-na-m-barc, Mágh Sainbh
and Tuagh Inbhir?



TRANSLATION AT SIGHT.



12. Translate:-



(a) Do bhí Oscur ann san am g-céadna tar éis léir-
sgrios go h-iomlán do thabhairt ar na h-Ulltaigh, (4)
agus do chuaidh faoi na Connachtaigh, (4) agas do bhí go
dian ar lorg Chairbre: óir ba dhóith (5) leis dá
bh-faghadh amharc de, ná béarfadaois fir Eirionn uadh é
gan marbhad.



(b) Agas ní fada do'n ló sin gur mhór an truagh
búithreach (6) na laoch, agus béicioch na míleadh, agas
raobadh na sgiath d'á sgoltadh, agus cínn d'á m-briseadh,
agas cneadh d'á raobadh, agas feoil d'á gearradh na
stéigioch, (7) agus fuil 'na caisibh d'á dortadh. (8)



(c) Fuaras mo mhac féin iona luighe
Ar uilleann (9) chlé, 's a sgiath le na thaoibh;
'S a lann na dheas-láimh, is é
Ag cur fola tar a lúirigh.




VOCABULARY.



Léirsgrios, utter destruction.
Go h-iomlán, completely.
Ulltach, an Ulsterman.
Connachtach, a Connaughtman.
Lorg, the act of seeking out.
Amharc, sight.
Búithreach, roaring. (6)
Béiceach, shouting.
Míleadh, a champion, hero
Raob, to rend.
Sgoilt, to split.
Cneadh, a wound.
Stéig, a steak.
Caise, a stream.
Uille, an elbow.
Sgiath, a shield.
Lúireach, a coat of mail.



8. Translate : -
(a) Tuig, a dhuine, nach lór dhuit amháin eagla nó
uamhan an bháis do bheith ort i n-aimsir do shéanórdhachta
nó t' arsaidheachta, acht go ndligheann gach neach bith
eagla an bháis do bheith air ó thosach go deireadh a
aimsire. Atá fioghair san mBíobla ag teacht leis
so, amhail léaghtar, Lev. i. 14-17, mar ar orduigh Dia
do na sagartaibh, clúmh na n-éan n-íodhbarta do chur
imeasg luaithe na híodhbarta do'n taoibh thoir d'on
altóir.



(b) Is ar an dara cineal peacaidh Labhras Jac. i. 15,
"an tan chríochnuighthear an peacadh, geinidh sé an bás;"
d. gc., an tan chuirthear an peacadh i ngníomh, go dtig
bás na hanma dhe. Agus is 'n-a fhioghair so atá an nídh
leaghtar ag Lúcás, vii., mar do aithbheódhuigh Criost an
macaomh fá mac don bhaintreabhaigh.



(c) Gidheadh tuig, a dhuine, nach dleaghair dhúinn guil
ná caoineadh do dhéanamh amhail doghnídís na Págánaigh,


L. 235


mar atá ár bhfuilt nó ár bhfionnfadh do tharraing, nó
ár ndealbha do sgrios le n-ar n-mgnibh, (11) nó ár
gcuirp do lot lé harmaibh, nó nuall-ghul árd do
dhéanamh amhail chona allta.



9. Translate : -
(a) "Is olc atá sin againn," ar an dias, eile, "óir
is le neach éigin do Thuatha De Danann na muca,
agus dá marbhfamaois uile iad do theangmhadh do'n
muic draoidheachta dul as, fá dheire."



(b) Agus níor failleadh an fógra sin leis an g-curach
amhail budh ghnath leis; óir do sheóil roimhe iona réim
air bhárr na d-tonn d-taobh úaithne, a n-aithghearra gacha
h-aibhéise, no gur ghabh cúan agu caladh-phort a g-crío-
chaibh na h-Isbeirne.



(c) Agus do rinne Tuireann an Laoidh seo ós cionn
a chloinne : -



"Tuirseach mo chroidhe ós bhur g-cionn
A thriar fhionn do chuir mór ngléo;
Taréis bhur luith, is bhur g-cleas,
Do b'é mo leas bhur m-beith beó."



10. (a) Tug fá deara a thochailt. (b) Do ghabhadar air do
chlochaibh.
(c) Is olc linn. (d) Do ghluaiseadar an naonbhar sin
rómpa.



TRANSLATION AT SIGHT.



11. Translate : -
(a) Is iomdha duine a mheasann gur deacair na
bríathra sa do chomhlíonadh, "Séun tu féin, tóg do
chros, agus leann (3) Iosa;" acht is deacaire go mór na
briathra deigheanacha so do chlos, "a dhrong mhalaidhthe, (4)
imthídhidh (5) uaim do'n teine shíorrúidhe, atá ull-
mhaidhthe (6) do'n Diabhal agus d'á aingiollaibh." Oir ní
eagal damnadh síorruídhe, an lá úd do'n mbuídhean (7)
d'éisdeann agus leanann briathar na croise anois.



(b) Air uairibh tréigfidh Dia thu air feadh tamail, (8)
air uairibh eile cuirfidh do chómharsa buairt ort, agus
fós nídh is troime 'na ceachtar díobh, beidir go minic
ag déanadh buartha duit féin. Agus an fhochair sin, (9)
ní bh-fuil sos nó fuaradh le fághail agad, chum gur toil
le Dia tu fhuasgladh. Oir is toil le Dia sinn do
theagasg chum gach amhgar d'fulang gan iomchosnamh,
agus sinn féin d'umhladh (10) go iomlán fa láimh an
Tighearna.



8. Translate into English: -



Ann sin do ghluais Diarmuid ó Ráth Ghráinne amach
agus ní deárnadh oiriseamh ina comhnuidhe rís (3) go
ráinig go mullach Beinne Gulbain, agus do fuair Fionn
roimhe ann gan aon duine ina fharradh iná na chuideachta.
Ní dheárnadh Diarmuid beannachadh ar bith dho, (4) acht ro
fhiafruigh dhe an é ro bhá ag déanamh na reilge (5) sin. A
dubhairt Fionn nár bh-é acht buidheantsluagh d'éirigh
amach tar éis meadhain oidhche.



10. Translate into English: -



Tárla a núair (6) do chuaidh an lasair súas leath ré
neamh ó'n altóir, go ndeachaidh an t-aingeal súas a
lasair na haltóra. Agus dféach Manóah agus a bhean
ar (7) sin, agus do thuiteatar ar a náighthibh chum na
talmhan. Acht ní tháinic aingeal an Tighearna ní budh
mhó d'ionnsuighe Manóah nó a mhná. Annsoin do aithin
Manóah gur bh'aingeal don Tighearna é.


L. 236


19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services