Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teagasg Bríghde.

Title
Teagasg Bríghde.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 213


A. TEAGASG BRÍGHDE.



(From Martin Folan, Máirtín Mhaitiú).



Teagasg Bhríghde, ar a leas dho'n pheacthach,
Beannacht 'athar 's a chomhairle 'ghlacadh,
Muire mháthair go bráthach againn,
Réult eóluis go foghainteach againn,
Plannda cubhartha na córach 'sheasamh,
Mac na Mná nár thuill a mhasla.



Uch! go bráthach na dearmuid t'athair,
Óir 's é fhéin 'a rinne ar gceannach, -
Thrí n-a chroidhe sáthamh na sleagha,
Tairngí géura thrí n-a ghéuga geala,
Sgiúirsí nimhe, agus iad dá ghreadadh,
Nó gur bhaineadar dhe-san a' croiceann
treasna.



D'iarr sé deoch agus é dhá thachtadh;
'S cé 'n deoch 'gheabhadh sé, mar ghléas
magtha,
Acht domblais aedhbha an dragúin shalaigh,
'Chaith seacht mbliadhna leis a mara (?)
'Ghlac sé leis, mar 'bhí sé beannuighthe,
'S 'thóig sé 'dheas-lámh suas air,
'S 'rinne sé fíon de ar bhlas na meala.


L. 214


Aon-duine agaibh, 'bhfuil dúil aige
Déirc a' trócaire 'fhaghbháil lé ceannach,
Dianadh sé déirc gan bhréig, gan mhagadh,
Dianadh sé déirc gan bhréig ar a' talamh;
Ná bíodh a dhúil a lúba ná a gcleasa;
Ná bíodh a dhúil a gcuid a charaid;
Ná bíodh a dhúil a mnaoi dhá dheise
Acht lé n-a pósadh mar d' orduigh Peadar.



Siud é an tshlighe dhíreach agus lean é.
Siúd é an bóthar agus ná fagh' amach é, —
Piannta síorruidhe dhod' bhruth, dhod' dhóghadh,
's dhod' theasgairt.
Téirigh 'g éisteacht 'un an Aifrinn;
Cuir do dheas-ghlún fúd agus guidh do
Phaidir;
Chumaoin an chéadna aríst ar maidin.
'Nuair bheidheas tú réidh, téirigh 'a' bhaile;
Tabhair déirc 'a réir t'acfuinn;
Tabhair lóistín do dheóraidhe go maidin;
Múin do chlann, agus coinnigh faoi do smacht
iad.



O! má ghnír, is duit-se is fearainn,
Agus ní bás duit, acht malairt beathadh!
Agus 'fheabhas a's 'cheannaigh Íosa Críost na
Flaithis,
'S nach beannuighthe an té rachas isteach ann?



Mise Bríghid, tháinig dhá bhur dteagasg.
Cumhachta mór fuair mé ó m' athair
'Theacht go dtí sibh air a' talamh.
'Chloiginn úd anall atá gan teangaidh
'Tá fios agad nach ar bhréaga ná ar
sgéalta atá m' aire.
A bhan-naomh uasal! 'tá fios agad
Go bhfuil mo shuidheachán dianta ins na
Flaithis
Chomhfhad a's mhaireas síol Éabh' nó Adhaimh
Nó Mac Dé beó ar a' talamh.





PAIDEAR ROIMH CHODLADH



Go luidhim lé Dia, 's go luidhidh Dia Liom;
Nár luidhim leis an olc, a's nár luidhidh an t-olc
liom;
Crios Bhríghde faoi mo lár, a's brat Mhuire faoi
mo cheann;
Tear (= tar) a Mhichil óig agus glac mo lámh,
agus deun mo shuidheachán lé Mac na nGrás.
Má 'tá drochrud ar bith ar mo thí
Cuirim mac Dé idir mé féin agus é féin
O anocht go dtí bliadhain ó anocht,
Agus anocht féin agus go deóidh agus go bráthach.



[Recited by Bríghid Ní Dhonnchadha, Inismheadhóin.]



Go luidhim; the optative often takes the future in-
flexion, go luidhead. In Arann, luidhim is pronounced
laidhim.



COIGILT NA TEINEADH.


L. 215


1. Martin Folan's Version



Cuinglighim (= coiglim) an teine se
Mar chuingligheas Críost cáidh:
Muire i mullach an tighe,
Agus Bríghid i n-a lár;
(An) t-ochtar ainglidhe is tréine
I gCathair na nGrás
Cumhd(aighe)ad an tigh se
A's a dhaoine tabhair slán.



2. Brigid MacDonagh's Version.



Cuinglighim-se an teine se
Lé cranna, cranna Pádraig:
Ainglidhe Dé dh'ár ndúiseacht,
Nár fhuasglaidh ar námhaid.
Ocht n-each (?) faoi 'n teach,
Teach nach luidheann ceó air,
Nach n-imtheócha aon mharbh as,
Agus nach ngointear duine beó ann.



An t-ochtar ainglidhe, the eight archangels, lit., the
angelic eight; or ainglidhe may be genitive pl. of aingeal,
as nouns which in colloquial Irish make the nom. pl. in
-idhe have often the same form as gen. pl.



D. AISLING MHUIRE



“An codladh sin ort, a Mháthair?” “Ní headh,
acht aisling, a Mhic na Páisde“ (= na Maighdine, or
read na Páise). “Cia an Aisling, a Mhathair?” “Go
raibh tú dod sgiúrsáil, dod' phlócháil, dod'cheangal lé
píleur-chloich, dod' chrochadh, agus dod' ro-cheusadh; do
chuid fola breagh beannuighthe 'n-a sruthánaibh go talamh
leat; an tshleagh nimhe dhá caitheamh fó do dheis.”



“Ní 'l aon duine thóigfeadh t'aisling, a Mháthair,
agus adeuradh í trí huaire sul chodlóghadh sé, — níor'
bhaoghal dó aon fhód do dhúthaigh ifrinn 'fheiceáil go
bráhach, ná aon droch-thoisg 'thabhairt as aisling.”



Mac-léighinn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services