Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Armagh Gaelic.

Title
Armagh Gaelic.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Contributor
MagLaeid, Maitiú
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

ARMAGH GAELIC.



SGABALL MHUIRE, etc.



[Ar n-a sgríobhadh síos leis an sgríbhneoir
féin, i Liosliath Chontae Áird-mhacha ó bhéal
sean-fhir dar bainm Maitiu MagLaeid].



Chuaidh Muire agus a Mac amach 'sa lá.
Bhí an sgaball léithí in a láimh dheis. Thug
sí é dó Shíomon.
“A Shíomoin,” ar sise, “ní'l éinneoch fir ná
mná,
Dh'a n-iomcharfaidh mo sgaball mar is cóir,
Nach m-béidh séala agam ar a anam ins an
ghlóir.”



A Mhaighdean ghlórmhar, mhodhmhar, mhaiseach,
Budh tú ar lón agus ar stór, agus ar
seisgeál,
Agus ar réalt eoluis romhainn gach bealach,
As ghleann na n-deor so tóg muinne
feasda.



Ó luaithigh do chos go geur,
Chum aifhrinn luaith do bhéil,
Ar ghlórthaibh d' anma lean an treoir,
Agus cuir tóir ar an pheacadh,
Agus ar shliabh na n-deor is mé do charaid.



A dhuine dhona gan chéill, ná teana breug
le Muire,
Ná h-íth feoil aon Cheadaoine, 's ná h-eug-
nuigh do thinneas,
Teana do chasaide leis an chléir, agus leis
na cúig féilteachaibh Muire,
Teana faosaide ghlan d'á réir, agus béidh
tú ar féasta aige mo leanbh.



Crios Mhuire mo chrios,
Crios na g-ceithre cros mo chrios;
Crios a raibh Dia ann;
Crios a d-tainic Dia as.



Ní'l éinneoch fir ná mná,
Dh'a n-déarfaidh é gach tráth,
Nach bh-feicfidh Muire trí h-oidhche roime le
n-a m-bás;
Trí pianta Prugador' bhearfas sé mur
n-anam dhó Dhia agus dó Mhuire.



Léithí = aicí. éinneoch (ayny'ō) = éinneach. seisgeál
= soisgéal. muinne = sinne (emph. of muinn = sinn).
aifhrinn (ĕrhin) = aifrinn. charaid = chara. teana =
déana, déan. chasaide = chasaoid. faosaide = faoisi-
din. aige = ag. h-oidche = h-oidhchidh. roime le = roimh
(so also dearc roime leat sol ma léimfidh tú = feuch
romhat sol a léimfir). Prugador' = purgadóra.
bhearfas (vărhŭs) = bhéarfas. dó = do. mur = bhur.
iomcharfaidh (umpŭree), will wear.



Pronunciation - ó, usual sound in mhodhmhar, lón, stór,
eoluis, romhainn, n-deor, tóg, treoir; like a in fall in
dó, cóir, ghlóir, ghlórmhar (ghlaurŭr), ghlórthaibh, tóir.



Sh is silent in Shíomon, Shíomoin, and dh in dh'á.
éa = ia in séala, réalt.
Chuaidh = fie (more usually foo-e, as in Connaught).
Termination : -aibh = ee in ghlórthaibh, féilteachaibh.



Cheadaoine = ghĕdhĭnă. mhaiseach = wŭshah. aon = ŭn.



Faosaide almost like foosĭdy'ă. In the Irish still sur-
viving in Oirghialla (Cuailgne), and also in Tyrone, ao
has a very strange sound, somewhat like oo, which appears
to be intermediate between ú and the French u, but is
very distinct from both. Oidh- of oidhche and choidhche has
the same sound. á and a (long and short) all through
as in the South and West, except ann = enn, and as = ess;
-eál of seisgeál, like -al in valley.



S.H.L.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services