Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Voyage of Maelduin. (Continued.)

Title
Voyage of Maelduin. (Continued.)
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

VOYAGE OF MAELDUIN.
(continued.)



53. Do chidhid annsin inis eile ar aon
chois, .i. aon chos ag a congbháil suas. Agus
iomraid 'na timcheall aig iarraidh sligheadh
innti, agus ní fhuaradar aon bhealach innti, acht
do chonnacadar, in íochtar na coise shíos,
dorus dúnta fó ghlas. D'aithnigheadar go
mba h-í sin an tslighe isteach san dún-so.
Agus do chonnacadar ceuchta in uachtar na
h-inse, acht níor chuireadar cómhrádh ar
aennech, níor chuir neach cómhrádh orra.
Tigid as ár gcúl.



54. Rángadar annsin inis mhór, agus magh
mhór innti, agus magh-shliabh mór innti gan
fraoch, agus é feurach, sleamhain. Do chonna-
acadar dún mór árd insan inis sin, agus é
daingean, i bhfogus do'n mhuir, agus teach mór
cúmhdachta ann. Do chuadar insan inis sin go ndeár-
nadar comhnuidhe ar chnoc i mbeul doruis
an dúna. Um thráthnóna, annsin, do chon-
nacadar marcach ar each buadha(ag dul)
do'n dún. Each-dhiallaid mhaith chumhdachta
fúithe. Cochall gorm uimpi. Brat ciumhsach
uimpi. Lámhanna agus obair-óir orra fá n-a
lámhaibh agus iall-chrainn cumhdhachta fá n-a
lámhaibh agus iall-chrainn cúmhdhachta fá n-a
cosaibh. Mar d'ísligh sí, gan mhoill do
ghabh inghean do na h-ingheanaibh an t-each.
Do chuaidh sí annsin insan dún, agus do chon-
bacadarm gur bha bhean do bhí innti.



55. Níor chian annsin go dtáinic inghean
do na h-ingheanaibh chuca. “Fáilte ró-
amhaibh!” ar sí, “taraidh insan dúin: atá
an bhainrioghain ag bhur ngairm chuici.” Do
chuadar ins an dún annsin. Tugadh do
Mhael Dhúin annsin mias agus dearg-bhiadh uirri,
agus soitheach gloine agus dearg-leann ann ina
fhochair, agus mias do ghach triur, agus soitheach do
ghach triur d'a mhuintir. Ó do chaitheadar a
bproinn, iseadh adubhairt an bhainioghain,
“Fanaidh sonn(annso),” ar sí, “agus ní thioc-
faidh aois orraibh, acht an aois atá agaibh, agus
béidhthí beo go deo, agus a bhfuarabhar anois
tiocfaidh chugaibh gach la, gan saothar. Agus
ná bidhidh ar fán ní bhus sia ó inis go h-inis ar
an aigeun.” “Innis dúinn,” ar Mael Dhúin,
“cionnus ataoi sunn(atáir annso).” “Ní
deacair sin, go deimhin,” ar sí, “Do bhí fear
maith insan inis so -rí na h-inse. Is dó
rugas-sa na seacht n-ingheana deug úd, agus
meise a máthair. Do eug a n-athair annsin,
agus níor fhág fear 'na dhiaidh, gur ghabhas-sa
righeach na h-inse,” ar sí, “'na dhiaidh. Téid-
dhim go maith mhóir atá insan inis ag deunadh
breitheamhnais agus eidir-chirt do mhuintir na
h-inse gach lá. . . Fanaidh amháin,” ar
sí, “in bhur dtigh agus ní h-éigean díbh aon
tsaothar.”



56. Do bhídheadar annsin trí míosa do'n
gheimhreadh insan inis sin, agus dar leo féin, ba
trí bliadhna iad. “Is fada atámuid sunn,”
ar fear d'a mhuintir lé Mael Dhúin, “cad


L. 148


fá nach dtriallamuid dar dtír?” ar sé.
“Ní maith a n-abrair(an nidh adeirir),” ar
Mael Dhúin, “óir ní fhuighbhimis in ar dtír
féin níos feárr iná a bhfuilimid ag faghbháíl
sunn.” Do ghabh a mhuintir ag gearán ar
Mhael Dhúin agus adubhradar:— “Is mór searc
Mhael Dhúin do'n mnaoi sa. Fanadh léithe
má's toil leis. Raghmuid-ne d'ar dtír.” “Ní
fhanfad-sa in bhur ndiaidh,” ar Mael Dhúin.
Annsin do chuaidh an bhainrioghain, lá do'n
bhreitheamhnas d'á dtéidheadh sí gach lá. Do
chuadar-san in a gcurach. D'airigh sí an
nidh sin, agus tháinic ar a h-each, agus do chaith
ceirtle in a ndiaidh agus do ghabh Mael Dhúin
é agus do lean(ghreamnigh) sé d'a láimh. Do bhí
snáithe do'n cheirtle in a láimh-si, agus tarrain-
gidh an curach chuici, leis an tsnáithe, do'n
phort ar gcúl.



57. D'fhanadar léithe annsin trí míosa
fó trí. Do righneadar comhairle annsin.
“Is eadh is dearbh linne,” ar a mhuintir, “is
mór searc Mhaeil Dhúin d'á mhnai. Is é
fáth a bhfritheolann sé an ceirtle ionnus go
leanadh sé d'á láimh, chun sinn do bhreith ar
gcúl do'n dún.” “Fritheoladh duine eile an
ceirtle agus , dá leanadh sé d'a láimh, geárrtar
a lámh dhe,” ar Mael Dhúin.



58. Do chuadar-san in a gcurach annsin.
Do chaith sise an ceirtle 'na ndiaidh. Do
ghabh fear eile insan gcurach é agus leanaidh sí
d'a láimh. Bainidh Diurán a lámh de, gur
thuit se leis an gceirtle(insan bhfairrge).
Ó do chonnaic sise an nidh sin, ar ball do
ghabh sí ag gul agus aig eigheamh, nó gurbh aon-
gháir, gul, agus éigheamh, an tír uile. Is amhlaidh
sin d'eulauigheadar uaithi as an inis.



59. Do bhidheadar ré mhór chian annsin ar
luasgadh ar na tonntaibh, go bhfuaradar inis,
agus cruinn innti cosamhail lé sail nó lé coll.
Toirrthe iongantacha orra; caora móra
orra. Do lomadar crann beag díobh ann-
sin, agus do caitheadh cruinn leó d'fheuchain cia
do bhlaisfeadh an toradh do bhí ar an g-crann.
Do thuit an crann ar Mhael Dhúin. D'fháisg
sé cuid dhíobh i soitheach, agus d'ól, agus do chuir sin
suan codlata air ó'n trath sin go dtí an
tráth ceudna lá ar n-a bhárach, agus níorbh fhios
dóibh arbh bheo nó marbh é, agus an cubhar dearg
fá n-a bheul gur dhúisg sé lá ar n-a bhárach.
Adubhairt se leo: “Cruinnidhidh an toradh
so, óir is mór a mhaitheas.” Do chruinni-
gheadar annsin, agus do chuireadar uisge air
go laghduighidís an mheisge agus an codladh do
bhí ann. Do chruinnigheádar a raibh ann de
agus d'fháisgeadar é, agus do líonadar a raibh do
soitheachaibh aca; agus d'iomradar ó'n inis sin.



60. 'Na dhiaidh sin, do cuireadh ar inis
mhóir eile iad. Coill aon leath dhí, agus cruinn
iubhair agus cruinn mhór dairghe innte súd.
Machaire an leath eile dhí; agus loch beag
innti. Tréid mhóra do chaorchaibh innti.
Do chonnacadar eaglais bheag agus dún
ann agus í fa deidhinn. Do chuadar do'n
eaglais. Sean-chléireach liath insan eag-
lais agus d'fholuigh a fhionnfadh é go
h-uile. D'fhiarfuigh Mael Dhúin dhé: “Cad
as (40) duit.” “Meise an cúigeadh fear
deug do mhuintir Bhreanaind Biorra. Do
chuadhamar insan ins so. Fuaradar uile
bás acht meise amháin.” Agus do thasbeán
sé dhóibh pollaire Bhreanaind thugadar leo
ar turus. D'umluigheadar uile d'on phol-
laire agus thug Mael Dhúin póg dó. “Caithidh
anois,” ars an seanduine, “bhur ndóthain
do na caorchaibh, agus ná caithidh tuilleadh ioná
bhur ndóthain.” Do bhidheadar ré ann ar
fheolaibh na gcaorach méith.



61. Lá dhóibh annsin, mar do bhidheadar
ag amharc uatha ó'n inis do chidhid neul chuca
in iarndeas. Fá cheann tamaill, mar do
bhidheadar amharc air fós, d'airigheadar
gur ba eun do bhí ann óir do chidhidís na
h-eitidhe ag luascadh. Tháinic sé annsin ar
an inis nó gur sheas sé ar thulaigh do
bhí i bhfogus do'n loch. Do mheasadar go
mbeurfadh sé leo iad, in a ingnibh, ar an
muir. Thug sé leis geug do chrann mhór.
Ba mhó ioná dair mhór an gheug sin. Geu-
gáin mhóra as, bárr mór dlúth air agus


L. 149


duillidhe úra air sin. Toradh trom
iomdha air, caora dearga air cosa-
mhail lé caoraibh fíneamhna acht ba mhó iad
so. Do bhidheadar-san i bhfolach ag feuchain
cad do dhéanfadh sé. Do bhí sé seal 'na
chomhnuidhe mar do bhí se tuirseach. Do ghabh
sé cuid do thoradh an chruinn lé n-a ithe.
Do chuaidh Mael Dhúin annsin go raibh ar
imioll na tulaighe i raibh an t-eun, d'fheu
chain an ndéanfadh sé olc leis agus ní dhéarna.
Do chuadar a mhuintir uile 'na dhiadh insan
áit sin. “Téidheadh aenfhear uainn,” ar
Mael Dhúin, “go gcruinnidhidh sé cuid do
thoradh an gheugáin atá ar aghaidh an éin.”
Do chuaidh aenfhear uatha annsin, agus cruin-
nighidh sé cuid do na caoraibh i agus ní dhearna
an t-eun gearán, ná níor fheuch sé air, ná
níor chuir ré cor dhe. Do chuadar an ocht
bhfir deug, agus a sciatha ar a ndromannaibh,
agus ní dhearna sé aon olc leo.



62. Tráthnóna annsin do chonnacadar
dhá oll-eun móra i n-iarndeas, áit as a
dtáinic an t-eun mór, gur thúirligheadar
ar aghaidh an éin mhóir. Nuair do bhidheadar
lé fada 'na g-comhnuidhe, do ghabhadar ag
piocadh agus ag lomadh na míol do bhí fa chab
uachtair agus chab íochtair an éin mhóir, agus fá n-a
shúilibh agus fá n-a chluasaibh. Do bhidheadar
leis so so go seascor (coinfheascor). Do
ghabhadar i dtriur (an triur aca) annsin aig
ithe na gcaor agus toraidh na géige. Ó mhaidin
ar n-a bhárach go meadhon-lae do ghabhadar
ag piocadh na míol ceudna as a chorp uile
agus ag baint an tsean-chlúmha dhe agus ag sgrios
na claimhe go léir as. Meadhon-lae, annsin,
do lomadar na caora do'n chraoibh, agus do
bhrisidís lé n-ngobaibh in aghaidh na g-cloch
iad, agus do chuiridís annsin insan loch iad, nó
go raibh cubhar dearg air. Do chuaidh an
t-eun mór insan loch annsin agus do bhí ag a
nighe féin ann go gar go deireadh lae. Do
chuaidh as an loch annsin, agus do sheas ar áit
eile ar an tulaigh cheudna, chum nach dtigidís
na míolta do baineadh as.



63. Maidin ar n-a bhárach do righneadar
na h-éin piocadh agus slíocadh fós ar an g-clumh
lé n-a ngobaibh, amhail dá ndéuntaoi lé cír
é. Do bhidheadar leis go meadhon-lae.
Annsin d'fanadar lé beagán, agus do chuadar
annsin do'n áird asa dtángadar.



64. Acht d'fhan an t-eun mór d'á n-éis
ag fás clumha agus ag crothadh a eite go ceann
an treas lae, nó gur thóg sé leis(eirigh sé
suas), tráth teirte an treas lae, agus d'eitill
fá thrí timcheall na h-inse, agus do righne comh-
nuidhe beag ar an tulaigh cheudna, agus do
chuaidh sé as annsin i bhfad do'n áird asa
dtáinic sé. Ba déine agus ba treise a eitioll
an t-am sin ioná riamh, ionnus go mba
follus dhóibh uile go mba athnuadhughadh ó
ársaidheacht go h-óige dhó é, do réir mar
adeir an fáidh: renouabitur ut aquila
iuuentus tua.



65. Is annsin adeir Diurnán, ar fheicsin
an mhóir-iongantuis sin dó: “Téidhmis,” ar
se, “insan loch d'ar n-athnuadhughadh, áit in
ar h-athnuadhuigheadh an t-eun.” “Ná teidh,”
ar duine eile díobh, “óir d'fhág an t-eun a
nimh ann.” “Ní maith a n-abrair,” ar
Diurnán, “raghad-sa ann ar dtús.” Do
chuaidh sé ann, agus do righne folcadh ann agus do
thom a bheul insan uisge agus d'ól bolgam dhe.
Ba slán a shúile 'na dhiaidh sin, chomh-fhad agus
do bhí sé beo agus níor cailleadh fiacail air ná
ruainne d'a fholt, agus ní raibh easbhaidh nirt ná
lobhra air ó shin amach riamh D'fhágadar slán
annsin aig an seanduine agus thugadar leo lón
do na caorchaibh. Do chuireadar a g-curach
ar muir, agus sírid (thrialladar air) annsin
an t-aigeun.



66. Faghbhaid annsin inis mhór eile agus
magh mhór réidh innti. Sluagh mór, ag
cluithche agus ag gáire gan stad ar bith insan
maigh sin. Cuirtear crannchur leo d'fheu-
chain cia do raghadh ar an inis d'á cuartughadh.
Do thuit an crann ar an treas chomhalta do
chomhaltaibh Mhaele Dhúin. Mar do chuaidh
seisean, ar ball do ghabh se ag cluithche agus ag
síor-gháire, mar da mbeidheadh se leo lé n-a
shaoghal. Do bhidheadar lé fada ag fuireach
leis agus ní tháinic sé chuca. Fágbhaid annsin é.



67. Do chidhid inis eile nár ba mhór


L. 150


annsin, agus múr teinntidhe 'na timcheall, agus d'
imritheadh an múr sin timcheall na h-inse.
Do bhí doras fosgailte i dtaobh an mhúir sin.
An tan thigeadh an doras ar a n-aghaidh, do
chidhidís an inis uile agus a raibh innti agus a h-áit-
reabhuidhthe uile. Daoine áilne iomdha innti,
agus eudaigh cumhdachta iomdha, agus soithigh óir in
a lámhaibh ag fleadhughadh. Agus do chuala-
dar a g-coirmcheol. Agus do bhidheadar lé
fada ag feuchain ar an iongantas do chon-
nacadar, agus ba h-aoibhinn leo é.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services