Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Voyage of Maelduin. (Continued.)

Title
Voyage of Maelduin. (Continued.)
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

VOYAGE OF MAELDUIN.
(continued.)



43. An treas lá 'na dhiadh sin faghbhaid
inis eile, agus cloidh óir 'na timcheall, agus talamh
innte ar nós clúmhaigh. Do chidhid annsin
fear innte, agus is eadh ba h-eudach dhó, fionn-
fadh a chuirp féin. Do fhiarfuigheadar dhe
annsin cia an bheatha do bhiadh aige. “Atá
tobar,” ar se, “annso insan inis so. an
Aoine agus an Cheudaoine meadg nó uisge is
eadh do bheirthear as; an Domhnach agus laethe
féile na mairtíreach deagh-bhainne. Acht
laethe feile na n-apstol agus Mhuire agus Eoin
Bhaisde is coirm agus fíon do bheirthear as,agus
laethe sollamanta na bliadhna.” Um nóin,
annsin, tháinic ó'n Tighearna dhóibh uile leat-
bhairghean gach fir, agus greim éisg, agus d'óladar
a ndóthain do'n lionn tugadh dhóibh as tobar
na h-inse, agus do chuir sin i suan codlata iad
óin trath sin go lá ar n-a bhárach.



44. Nuair do chaitheadar trí oidhche aoighi-
dheachta, d'orduigh an cléireach dhóibh bheith aig
imtheacht, agus d'fhágadar slán aige annsin.



45. Nuair to bheidheadar lé fada ar luas-
ga dhar na tonntaibh, do chonnacadar, fada
uatha, inis, agus mar thángadar i bhfogus dí, do
chualadar foghar na ngobhann ag bualadh
brotha ar an inneoin lé ordaibh, mar bheidheadh
bualadh triuir nó ceathrair. An tan do
chuadar i bhogus, do chualadar fear díobh
ag fiarfuighe d'fhear eile: “An bhfuilid i
bhfogus?” “Atáid,” ar fear eile. “Cia
h-iad?” ar fear eile “adeirthí bheith ag
teacht?” “Mic bheaga, do chidhtear dham, san
umar bheag úd anall.”



46. Mar do chuala Mael Dhúin an nidhsin
adubhradar na gobhainn, adeir “tigimís ar
g-cúl,” ar sé, “agus ná casamaois an curach,
acht bíodh a dheireadh roimhe, ionnus nach
n-airighidís ar teicheadh inn.” Iomraid leo
annsin, agus deireadh an churaigh roimhe. Ann-
sin d'fhiafruigh an fear ceudna do bhí insan
g-ceardhcha: “An foigse do'n chuan anois
iad?” ar sé. “Atáid 'na dtost (gcomh-
nuidhe),” arsan dearcuidhe (fear-faire),
“acht ní thagaid i leith, ní théidhid anonn.”
Níor chian, 'na dhiaidh sin, gur fhiarfuigh sé
arís: “Cad do ghnídhid anois?” ar sé. “Is
dóigh liomsa,” arsan feuchuidhe, “is ar
teicheadh théidid, is sia liom anois ó'n g-cuan
iad ioná ó chianaibh.”



47. Téid an gobha annsin as an g-ceardcha
agus bruth ró-mór insan teannchair 'na láimh, agus
dho chaith an bruth sin i ndiaidh an churaigh
insan muir, gur fhiuch an mhuir uile, acht ní
ráinig an bruth iad, óir do theicheadar ar a
ndíthcheall go dian, deithbhireach, insan
aigeun mór amach.



48. D'iomradar annsin go dtárladar i
muir ba cosamhail lé gloine glais, chomh glan
sin gur léir grian (íochtar) agus gaineamh na
mara tríthe, agus ní fhacadar piastha ná ainmhidhthe
ann idir na carraigibh, acht an grian glan
agus an gaineamh glas. Do bhidheadar ré(am)
mhór do'n ló ag iomramh na mara sin, agus ba
mhór a maise agus a h-áilne.



49. Do chuireadar 'na dhiaidh sin i muir
eile cosamhail le neul, agus, dar leo-san, ní
fhuileongadh sí iad féin ná an curach. Do
chonnacadar annsin fó'n muir fútha aníos
dúnta cumhdachta (agus díonta orra) agus tír
áluinn; agus do chidhid ainmhidhe mór nathbhásach
piastámhail i g-crann ann agus táin do threu-
daibh timcheall an chruinn, agus fear i n-aice an
chruinn agus arm aige, a sgiath, a gha agus a
chloidheamh. Nuair do chonnacadar-san an
t-ainmhidhe mór úd do bhí ins an g-crann,
téid as ar teicheadh gan mhoill. Do shín an
t-ainmhidh a bhrághaid uaidh as an g-crann, agus
do sháith se a cheann i ndruim an daimh b
mhó do'n treurd agus do shrac sé leis isteach san
gcrann é, agus do ith se air ball é, lé dúnadh
do shúl. Teichid as gan mhoill na tréid agus
an buachaill, agus ó do chonnaic Mael Dhúin sin
agus a mhuintir, do ghabh imeagla mhór agus umhan
iad, óir ba dhóigh leo nach bhfuighdís thar an
muir gan tuitim síos tríthe, ar a thana-
dheacht, mar cheo. Do chuadar thairste, ann-
sin, at éis mór-ghábhaidh.



50. Fuaradar annsin inis eile, agus d'eirigh
an mhuir suas uimpe go ndeárna aillte an-
mhóra 'magcuairt uimpe. Chomh luath agus
d'airigheadar daoine na tíre sin iad-san, do
thosuigheadar aig éigheamh orra agus adubhra-
dur: — “Is iad féin, is iad féin!” Lé fad a
n-anála. Do chonnacadar annsin daoine
iomdha agus tréid mhór d'eallach agus groighe each
agus scataidhe caorach. Annnsin do bhí bean ag
a gcrústadh lé cnodhaibh móra go bhfanaidís
na cnodha ar na tonntaibh i bhfogus dóibh-san.
Do chruinnigheadar mórchuid do na cnodhaibh
sin, agus thugadar leo iad. Do chuadar ó'n
inis ar gcúl agus do scuir an t-éigheamh leis
sin. “Cá h-áit i bhfuilid anois?” arsa an
fear do bhí ag teacht d'á n-éis lé linn an
éighimh. “Do chuadar leo,” ar dream eile
dhíobh. “Ní h-amhlaidh atáid!” ar dream eile.
Is cosamhail go raibh i dtairngire aca duine
do theacht ag milleadh a dtíre, agus ag a
ndíbirt fein aiste.



51. Do ghabhadar go h-inis eile annsin,
ait i bhfacadar rud iongantach, .i., gur eirigh
sruth mór suas as tráigh na h-inse go raibh
mar thuar ceatha tar an inis uile, go ndeachaidh
síos ins an tráigh eile do'n inis, ar an taobh
eile dhí. Agus thigidís faoi gan snáithe d'á
n-eudach do fhliuchadh. Agus do ghodaidís an
sruth(lé n-sleaghaibh), agus do thuitidís bra-
dáin mhóra, mhillteacha as an tsruth anuas
ar thalmhain na h-inse go raibh an inis uile


L. 140


lán do bhaladh an éisg, óir ní raibh neach do
gheobhadh iad do bhailiughadh ar a n-iomad. Ó
thráthnóna oidhe Dhomhnaigh go maidin Dia
Luain ní ghluaiseadh an sruth sin, acht
d'fhanadh sé 'na thost(chomhnuidhe), 'na mhuir,
timcheall na h-inse 'magcuairt. cruinnighid
annsin na bradáin ba mhó, agus do líonadar a
gcurach díobh, agus do chuadar ar gcúl ó'n inis
ar an muir mhóir arís.



52. D'iomradar annsin go bhfuaradar
columhain mhór airgid. Ceithre taobha air agus dhá
sheisbhéim do'n churach ins gach taobh, ionnus
go rabhadar ocht seisbhéimenna do'n churach
'na timcheall ar fad. Agus ní raibh aon
fhód talmhan 'na timcheall, acht an t-aigeun
gan teorainn. Agus ní fhacadar cionnus
do bhí a h-íochtar shís, nó a h-uachtar shuas,
ar a b-áirde. Do bhí líon airgid as a
b-uachtar go fada uaithe amach, agus do chuaidh
an curach fó sheol tre mhogal amháin do'n
líon. Agus thug Duran buille do fhaobhar
a ghae tar mhogal an lín. “Ná mill an
líon!” ar Mael Dhúin, “óir is obair móir-
fhear an nidh do chidhmíd.” “Is lé ainm Dé
do mholadh,” ar Diurán, “do ghnidhim-se so
ionnus gur móide chreidfear mo sgeul, agus
do bhéarfar uaimse ar altóir Áird Mhacha
má righim Éire.” Dhá unsa go leith is eadh
do bhí ann, nuair do thomhasadh in Árd Mhacha
é. Do chualadar annsin guth mór solus-
ghlan do uachtar na columhna úd, acht níorbh
fhios dhóibh cia an teanga do labhair sé, nó
cad do labhair.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services