Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Teanga mar a Labharthar Í. (South West Cork.)

Title
An Teanga mar a Labharthar Í. (South West Cork.)
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN TEANGA MAR A LABHARTHAR Í.
SOUTH WEST CORK.



Bhí Mícheál dúlmhar san ól, dá mbheidheach
neart aige air, ach bhí bac maith leis — ní raibh
tarrac-chuige aige. Anois a's arís bhidheach
cúpla scilling aige 'na phóca, agus annsoin
raghach sé go dtí an aonach, maide droighin
aige 'na láimh; ghlaodhadh sé air dhuine éigin
dhá chomharsanaibh, agus bhidheadh braon aca le


L. 135


cois a chéile go mbeidheadh an t-airgead
caithte. Amach as an tigh ósda annsan le
Mícheál 'na chaoir bhuile, agus mo thruagh-sa
an té thiochfadh taobh leis — shínfidhe an maide
leis air iompáil na boise. Is ceart dom a
rádh nach raibh poinn fear i m-Béara bhéar-
fadh bárr air le maide.



Táinic sé a bhaile air meisge aon lá
amháin; “bhí buille air an g-cat agus buille
air an ngadhar aige,” bhí a bhean 'na suidhe
san g-cúinne chomh ciuin leis an gcat féin
agus níor labhair sí gíog go dtí gur chuir
sé a mheisge dhe, agus annsin d'fhiafhruig sí
dhé cá 'na thaobh ar tháinic sé a bhaile andé
mar a tháinic sé. Ní raibh sé i bhfad ag
fagháil freagra. “Ar ndóigh, chaithfinn rud
éigin d'ól chun na damháin allaidh do ghlanadh
as mo scórnaigh!” Ní raibh aon ghamhnach aig
an bhfear bocht an geimhreadh sin, agus chaith-
feadh sé a chuid d'ithe tur.



Dubhart cheana go raibh Mícheal go dtí
Sagsana go minic. Seo ceann de sna
sgeultaibh d'innis sé dhá chomharsannaibh tar
éis teacht a bhaile uair dhó. “Tar éis dul
go Sagsana dhom, bhidheas tamall gan aon
obair d'fhagháil, agus ba gheárr air siubhal
an phinginn bheag airgid bhí agam. Ní gheo-
bhainn lóisdín ó aoinne nuair ná bheidheach
mo phóca teann. Chuireas mo lámh im phóca
ag cuartughadh dom' phíopa, agus cad do
bhuailfeach liom go h-ádhmharach ach dhá phin-
ginn. Cheannuigheas bulóg aráin dom féin,
d'itheas smut de agus chuireas an fuighleach
i bpóca mo chasóige. Nuair bhí sé ag dul
díom gan lóisdín fhagháil in aon bhall, cad
do chidhfinn i ngoireacht choiscéime dom ach
gunna mór. Ba gheárr an mhoill orm dul
isteach 'na bheul, agus fad do bheidhtheá ag
dúnadh do shúl ní rabhas istig nuair thuit mo
chodladh orm. Air maidin, nuair bhidheas am'
mhúsgailt féin, níor mhothuigheas aonnidh go
bhfuaras pileur do chuir an oiread sin
deithnis orm nár fheudas stad, riamh ná
choidhche, gur thuiteas i móinteán breágh
briosg san bhFrainc. “Seadh, a Mhíchíl,”
arsa mise liom féin, “ní ceart duit gearán
nuair nár thuitis san mhuir mhór, áit 'na
ngeobhthá slugadh gan chogaint”. Annsan
ghabhas a bhaodhachus le Dia thug slán sábháltha
me. Chuireas mo lámh i bpóca mo chasóige,
agus cad do bheidheadh ann ach an blúire
beag aráin do chuireas ann an oidhche roimhe
sin. ‘Capall na h-oibre an biadh, pé áit
'na mbeidhir-se,’ arsa mise, ag stalcadh an
bhlúire aráin go tur tirim. Nuair bhí sé
ithte agam, d'fheuchas tímchioll orm chomh
aireach a's d'fheuch seaga riamh tímchioll air,
nuair bheidheach sé ag cuartughadh d'iasg in
abhainn, ach dá m-beidhinn ag feuchaint go lá
na leac ní gheobhainn lán mo shúl de'n
oiread a's aon Fráncach amháin.”



“Seadh mar is feárr é,” arsa mise, ag
dul go dtí coca breagh féir chomh h-árd le
Miosgais, ach, dá aírde é, chuadhas in a
mhullach; dheineas poll thríd, leigeas mé
fhéin isteach ann, gan pioc díom amach ach
mo shrón chun m'anál do tharrac. Níorbh
fhada gur thuiteas am' chodladh, agus ní
chualas aoinnidh go dtí maidin. Nuair do
mhúsglas suas agus do ghlanas an bracha as
mo shúilibh, d'fheuchas tímchioll orm — Cá
rabhas? Dia go deo liom, cá mbeidhinn ach
i lár na fairrge, agus d'eirigh mo chroidhe
orm nuair chuimhnigheas i g-ceart air. Ta
fhios agam gur ab amhlaidh thuit neul i
nghoireacht do'n choca gur eirigh an tuile san
abhainn chomh mór-soin gur sgiob sí léi féin
mé as an choca amach san bhfairrge, gan a
chur in iul dom. Thugas mé féin suas do
Dhia, ach má thugas is dócha nár thuilleas
poinn d'aoinnidh foghanta uaidh, mar i g-cionn
tamaill seo chugham míol mór (bidheann
fuairne orm anois nuair mhachtnuighim air)
agus d'fhosgail sé a bheul breun, agus do
shluig sé mé féin a's an coca idir futh fáth.”



“Ní rabhas caillthe i gceart gur imthigh an
méid sin orm. Deir daoine go bhfuil
ifrionn dubh, ach má tá sé chomh dubh a's do
bhí bolg an ainmhidhe sin tá an diabhal air
fad ann. Ach ní h-é so ach é súd é, chidhfeá
an t-iasg go léir ag rith anonn 's anall air
fuaid a bhuilg, cuid aca ag snámh go socair


L. 136


cuid eile ag léimnigh chomh h-eudtrom le
dear(g)nuitidhibh, agus tuille aca ag béicigh
mar bheidheach gáirligh óga. ‘Ní córa díbh
ná domh-sa,’ arsa mise. Tógas amac coil-
lear sgeine, gan aon a gó bhí sí geur
bhainfeadh aon iarracht amháin dí cos de'n
chapall is mó do shiubhail air feur nó faithche.
Seo ag geárradh mé, agus ba ghearr gur
phrioc an phian an míol mór agus do
mhothuigheas fonn cuir amach air. ‘Fúisg
amach,’ arsa mise. Le n-a linn-soin do
chonnac an t-iasg ag rith amach. ‘go n-eirghidh
bhur mbóthar libh!’ arsa mise, ach ní rabhas
chun stad riamh nó choidhche go dtiubhrach sé
an córughadh ceudna domh-sa. Seo ag séi-
deadh an míol mór. ‘Séid leat!’ arsa mise.
Bhí an oiread sin feac orm ag geárradh i
g-comhnuidhe gur ró-gheárr gur chuireas mo
sgian amach thrí n-a chliathán, agus thuiteas
air bhior mo chinn. ‘Fúisg, fúisg!’ arsa
bolg an mhíl mhóir, agus moladh agus
buidheachus le Dia, do shéid sé mé amach tré
n-a bheul. Bhí sé cortha dhíom, a's níor thais
domh-sa é. Do chuir sé mé chomh h-árd san
spéir go bhfuil fhios agam ná feudfainn
bheith í bhfad ó'n ngréin, bhí an oiread-soin
teasa ann. Ach, Éire bheith air, thuiteas
anuas slán sábháltha air phort bhreagh bhog
móna do bhí bainte beagán laetheanta roimhe
sin. Níor imthigh aon tionóisg orm, ach amháin
gur baineadh an ionga de lughaidín mo
choise clé.”



P. O'L.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services