Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Stair Éamoinn Uí Chléirigh. (Air Leanamhuint.)

Title
Stair Éamoinn Uí Chléirigh. (Air Leanamhuint.)
Author(s)
Ó Neachtain, Seághan,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1889
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 121


STAIR EÁMUINN UÍ CHLÉIRIDH.
Do réir Shéaghain Ui Neachtain.



Do bhí flaith uasal, onórach, gaoiseach, grinn,
géar-thiugseach, óirdhearc, árd-mheanmnach, dá
m-budh comhainm Eámonn Ó Cléiridh, a ccrích
áluin fhéurúaithne chómh-chomhthrom Chonnacht,
agus lá n-aon dár eirigh air thulaigh árd
fhad-amharcach, a bh-fogus d'á dhun fosgaidhtheach
fionn-aolta féin, do chonnairc maighre mai-
seach mná, budh bhreaghtha dreach dealbh, agus
déanamh, dár chruthaigh Día nó nádúir aríamh,
ann a fhiadhnuise, air ar dhoirt tuile thréan
trom-ghrádha, agur sruth fíor-áidhbhéil seirce
do'n chéad amharc, agus ag breith air bháirr
cruibh uirthe, d'fhear fíorchaoin fáilte fria.



Do fhreagair sisi an beannachadh céadna
go mín, macánta, mnámhuil, agus go miochair
muinnteardha, ag rádh, is ag iárráidh na fáilte
sin do chuir an dúileamhuin ann so me, oir
is innilt óg do mhuintir an chóimhde me.
Iomchuibheacht, inghean Fortúin, mo ainm, agus
do naisg sé do bhaing dhoisheachanta orm,
turas agus cómhnuidhe do dhéanamh, fratsa,
agus fós pósadh friot, air an ccumadhsa
.i. tu go suthain, siorruidhe, cuideachta, cómh-
mbáidh, agus caidreamh an chlúanaire thás-
gamhuil chleasaídhe, Cuirm Searbh a n-Deir<e,
agus a ghaolta, do sheachnadh, óir is fír-
bheagán, mádh tá aon duine air bith, a chumail-
eas leis, nách bí lán do'n inis, (sin galar do
thig as an m-bochtaine): agus do bhrosdúghadh
do mhioscuise, agus do mhéadúghadh t'fhuatha
air. Do dhéanaidh mé craobhsgaoileadh air a
thuisdeadha, air a ghaolta, agus air a chraobha
cóimhneasa. Óir do budh mhac brúghaidh
do'n tír é; d'á rugadh mórán cloinne fa éag-
cosmhuil leis an draoighsi; isé fa haimn dá
athair Eórna, duine toiceamhuil tabhachtach
bó-chéadach é. Asé fa hainm do'n inghin fa
sine aige Eórna, Cosg Geanais, inghean
Eórna. An dara h-inghean, Bairghin lán-
leathani, inghean Eórna. An treas inghean,
Úrthoirbheirt, inghean Eórna. An ceathramhadh
h-inghean Déirc a bh-Folach, inghean Eórna;


L. 122


agus mac maith teith-ghrádhach do lean
athair. Sturra Fíal mac Eórna, an seiseadh
duine do chloin Eórna, agus an mac déighio-
nach do rugadh d' Eórna, Cuirm Searbh a
n-Deire, mac Eórna. Agus an tan do bhí
máthair Eórna .i. an Talamh Trom-Thorrach,
torrach air Eórna, do rinneadh faistine dhí
go m-béarfaidhe mac don ghein do bhí fá na
broinn, ba mhisde an rann Eórpa uile,
dá d-tagadh chum aoise.



An tráth rugadh an mac so dho, agus go
bh-facaigh an drochthuar faoi, do smuain gurab
do ráinigh an faistine, agus air son go madh
ní an aghaidh nádúire a athair do bhásúghadh
na geine do shíolfadh úaidh féin, gídheadh,
níos taosga 'ná do thuillfeadh náire ná
míochlú dho, a dúbhairt go ccuirfeadh chum
bais é; gona aire sin, do chuir coire mór
meiseamhla os coinn teineadh lasánta lán-
ghéire, agus do theilg an ghein chrosda
choiripesi, agus droch bhodach eile nár bhfeárr
tír ná talamh a bheith ann .i. Hopa Ceannbhaoth,
do iarr an gheinsi, cómh doith agus do rugadh
é, ré na oileamhuin, do theilg sé (a deirm)
an éinfheacht san g-coire reámhráidhte, dá
m-bruith, agus dá d-teampuirt íad, gur
shaoil go n-deárnadh praiseach agus ola dá
bh-feóil agus dá g-cnámha; gé-nách amhla
thárlaidh, oir do bhíodar, déis gach sgalladh
neimhe neanta dá bhfúaradar, níos treise,
agus níos tréine, na bhiódar ríamh roimhe.



Anúair do chonnarcsan nár bhféidir a
mbásúghadh air an modh sin, do chuir purgóid
nimhe dá hullmhúghadh (do nós deasgadh)
dhóibh, do at agus do líon san modh sin íad
gur shaoil na huile dá bhfacaidh íad, go
raobfuidhe agus go sgoiltfidhe a m-brughaibh
agus a mor-bhruinnibh os a chéile, acht do
sháruígheadar an bás so mar gach bás eile.
Do rinn ann so stuidéar fada, forasda, ag
smuaineadh cread budh dheánta leó: do
mheas aige féin go madh lé teann doilbhthe
draoigheachta, agus díabhlaigheachta do shár-
aigheadar gach bás dár tionnsgnamh dhoibh,
agus fó dheireadh ise do cinneadh ris, soithighe
fairsinge dhá-cheann do dheánamh, agus a
d-teilgion andíaigh a g-cínn ionnta, an nídh
do rinne gan mhoill, agus do stopadh na h-
éadain aig na soitheachaibh sin, air modh nár
bh'féidir smideadh dá laghad gaoithe nó
anáile a dhol amach nó asteach ionnta, acht
gur oibrigh an cúmhgach a rabhadar, agus an
rumáil do rinneadar, údhtraisg a g-cuirp,
gur chuireadar cúbhar agus cuip a g-croidhe
agus a g-cléibh tré chláraibh daingne donna
dairbhe, a ngleus gur shaoil amharcaibh nách
raibh teacht ón tuirisg sin aca; agus dá chur
an úmhail don domhan nách bás gan choir a
fúaradar, do theilgeadh air chartachaibh mar
gadaighthe chum na croiche íad, tré gach sráid,
agus tré gach áit puiblidhe eile. Do theil-
geadh, dá eís so, a gcarcair chúmhang, chómh-
dhorcha faoi thalamh íad, áit ann nách raibh
léas, leargas nó amharc gréine nó gealaidhe;
air a shon so agus uile, d'eirgheadar ó gach
bruid, agus ó gach gabhadh ionna d-tárladar
(do gheis draoigheachta agus dolfa) níos
treise, agus níos tréine, agus níos calma,
míle úair, 'ná bhíodar roimhe sin; agus a
táid anois 'san anchumas sin, nách bhfuil
baint nó imtheacht ag laoch nó ag gaisgeadhach
fó neimh orra.



Anois (ar sí) ó chúalaidh tú a d-tásg go
fírinneach, féuch an bhfaghann tú do chlaonta
deónach air a seachnadh, agus má gheibhir,
pósaidh misi leat; gídheadh choidhche arís, tuig
go mbrisfidh staonadh dá laghad dod thaobhsa,
do dhol a g-cleith, a g-ceangal, nó ag-cómh-
lann leó, cuibhreacha ár ngrádha agus ár
bpósda.



VOCABULARY.



Gaoiseach, wise (gaois, wisdom).
Grinn, adj., perfect, serious, pleasant.
Geár-thuigseach, adj., sharp-witted.
Oirdhearc, adj., noble; árd-mheanmnach, high-minded.
comh-ainm, name; the name and surname. D'á m-budh
comhainm, to whom was the name; whose name was.
Feur-uaithne, adj., green-grassy; fad-amharcach, having
a long prospect; fosgaidhtheach, sheltered.
maighre, a young woman; fíor-áidhbeil, really — won-
drous; seirce, gen. of searc, affection.
Crobh, gen. cruibh, the hand. d'fhear (do fhear), past
tense of fearaim, I give; fíor-chaoin, really kind.
Fria = le, with her, to her.
Beannachadh, a blessing, a salutation; macánta, mild;
mnámhuil, modest; miochair, amiable, loving;
muinnteardha friendly.


L. 123


Duileamhuin, the Lord; innilt, pl. inniltí, a hand-maid.
Coimhde, the Lord.



Iomchuibheacht, propriety, iomcubhaidheachd, propriety: Pro-
priety, the daughter of Fortune, is my name.



nasg, inf. -sgadh, to bind. bang = bangadh, a promise.
doisheachanta, unavoidable. Friotsa = leat-sa, with you.
cumadh, manner: ar an ccumadh so, in this manner; on
this condition (cc = g-c). .I. = eadhon, viz., namely.
suthain, everlasting; go suthain, for ever. comh-mbaidh
= comhbhaidh, friendship; caidreamh, acquaintance;
cluanaire, a deceiver; tasgamhuil, renowned;
cleasaigh, tricky.



Cuirm, a banquet. Searbh i n-Deire, bitter in the end.
Cuirm is also a kind of ale or beer. Inis, distress,
misery.



Cumaileas leis, meddles with him, touches him. Bros-
dughadh, inf. of brosduigh, to stir up; miosguise,
gen. of moisguis, enmity: in Waterford the nom. is
miosgus, gen. -guis.



t'fhuatha = do fhuatha, thy hatred. Do dhéanaidh = déanfaidh.
Craoibhsgaoileadh, a spreading abroad. Tuisdeadha, pl.
of tuisdeadh, a parent. Craobha coimhneasa, kindred
branches, pedigree.



Brughaidh, a farmer. Fa = budh [who], was, were. eag-
cosmhuil, unlike: an draoigh si (so), this wizard.
Eorna, barley; toiceamhuil, wealthy; tabhachtach, sub-
stantial; bo-cheudach, of hundreds of kine.



Cosg, stopping, allaying. Cosg Geanais, allaying hunger.
Bairghean, or bairghin, a cake. Lán-leathan, full-
wide. Ur-thoirbheirt, good-offering. Déirc a bh-
Salach, alms-unknown. Sturra Fial; sturra, I do
not know; can anyone tell me?



Trom-torrach, very fruitful; torrach, pregnant; faistine,
a vision; do rinneadh faistine dhi, she had a dream.
go m-bearfaidhe mac, that a son would be born.
Misde, the worse. Budh misde an rann Eórpa, all
the territory of Europe would be the worse of.



Gona aire sin, wherefore. Taosga = tusga = luaithe,
sooner. coire, a cauldron. meiseamhla (mias or
meis, a dish). The word not in dicts., and meisea-
mhuil would be the correct form, dish-shaped;
lasánta, flaming.



Coiripe, wicked; nár bh-feárr tír ná talamh abheith
ann: better nár bh-feirrde, that it would not be the
better for any country or land — his being in it.



Hopa, hops; ceann-bhaoth, of the silly-head; doith or
doich = moch, early: this word would not now be used:
luath, soon, would now be said. re n-a oileamhuin,
to nurse him. Bruith (in Munster, beiriughadh), to
boil. teampuirt. The only word akin to this I
know is teidhmbheirteach, death-going. D'á d-team-
puirt, seething them (?) neanta, stinging. (Neanta
= neamtog, nettle). Purgoid, a purge. reub-
faidhe, would be rent, a m-bhrughaibh agus a mor-
bruinnib, their bellies and their large wombs. Bru
and broinn, belly and womb, the dative pl. of both
is bronnaibh; but bronna, the accus. plur., is the
proper word here. It is not likely that O Neachtain
wrote these datives: some bad scribe, copying the
piece, most probably corrupted the text. smid., gen.
-de, a word, a syllable: smide here must be a breath.
Anál, gen. anála and anáile, breath. cumhgach, the
straitness.



Rumáil, a rumbling. Udhtraisg, I do not know, utrais
is a disturbance, and udhthair, bile; cubhar & cuip,
foam and froth.



Tre chlaraibh-donna dairbhe, through boards of brown
oak: dairbhe, I have not seen elsewhere. Daire,
daruigh and dárach are the genitives.



Cur an umhail, to make known; umhail, heed, attention;
léas, glimpse; leargus, view; amharc, sight.



Geis, sorcery. dolfa, necromancy; níos treise, more
powerful. Treise has no positive and is indeclinable.
baint no imteacht-orra. Orra does not appear to
be appropriate here: baint leo, to meddle with
them. Imteact orra makes no sense here. Le
h-imteacht orra, to happen to them. Do chlaonta
deónach ar a feacnadh, thy inclination willing to shun
them; staonadh da laghad dod thaobhsa, the least
yielding on thy part. Cleith, dat. of cliath = gliadh,
a battle.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services