Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Chruit do Sgeit id Teamhair na Mídhe.

Title
An Chruit do Sgeit id Teamhair na Mídhe.
Author(s)
Féach aistritheoir,
Translator
William Williams of Dungarvan
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1888
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

An Chruit do sgeit id Teamhair
na Mídhe.



The Harp that once thro'
Tara's Hall.



Tá'n chruit do sgeith i dTeamhair na Mídhe
Fír-spiorad sháimh-cheóil bhínn,
Anois go taoi i dTeamhair na Ríogh
Gan spioraid, gan cheol, gan rínn!
Mar sin do'n aimsir séin a bhí,
A glóir 'sa réim air feóigh,
'Sna croidhthe ghluais le molaidh is míodh,
Gan Tádhal, gan preab go deóigh!
Ní buailtear cruit na Teamhra anois
Do mhnáibh ná mhaithibh ghroídhe;
Pléasgaó téudh i n-dúbh-naigneas,
A haen-cheól dúbhach doiligh
Mar sin do'n tsaoirse, anois le cian,
Gan músgailt ó tróm luídhe,
Go m-briseam croidhe fá dhaoirse dhian,
Do shuídheamh go maireann sí!



EDMOND O'CLERY'S SOLILOQUY.




Uch is truagh mochor, a's mé go docht in uaigh;
Fós ni bh-fuair me bás, ní feárr mar táim,
is truagh.
Caill me neart mo chnámh; mo chos, mo lamh
gan gníomh;
Mo theanga ghasda balbh, uch nach marbh
ataoim.
Dímthigh ciall mo chinn, ní'l mo shuim i ngaois,
Táim gan choth gan lón i g-carcair chron,
dhubh shíos,
A Connáct úir na g-cath amhuir da ngalach
fial,
Uch, uch gan mé 'san uaigh, tráth shaoileas
uaitse triall.
Dá m-beinn g-Cruachan t-siar, mar m-biadh
triall na slógh,


L. 76


Gan lón ní beinn i bh-feart; is mé mo
bheatha beó.
A Ros an mhaide chaim is aoibhinn crann a's
bláth,
Léana a's feur, a's mágh, mo leun nach ad
aice táim.
In Árdmhaigh Átha liag, i m-beul Atha liag na
speabh,
No i n-eilfinn n a g-cliar, ní bheinn gan
liaigh mo ghar;
A m-baile Átha luain, nár chuir Cluain air
aon,
B'fheárr a bheith an lón na Sac óir mar
taoim.
I ngailmhe caladh charb, mairg nach ann atá
Budh h-ice leighis dúinn, bheith na dún go lá.
Budh feárr i Sligeach tinn 'stu gan greim
Do lámh
'Ná i n-Ath Cliath na g-clog, slán A's coth ad
dháil.
Tír na n-óg an tír, tir na g-caor 'sna
m-beach,
Tír na bh-fiadh 'sna bh-fearb, tir na d-tarbh
'sna n-each.
Tír na g-ceall 'sna g-cliar, tir na bh-fial
an tír,
Tír na saoi 'sna suadh, is suairc i n-aimsir
bídh.
Ó Chonnacht, atáim, go cráidhte treith dho
dheoigh
Gan cuideachta sháimh, Budh ghnáth mar éisg
ag ól.
Gan cumus mo lámh, mo cnámha reubtha fós
Do chuireas mo bhláth, 'sis fágtha mé gan
lón.



VOCABULARY.



Docht, close, tight; chor, condition; ataoim = ataim;
coth, food.
Galach, a hero. Feart, a grave; mo = am', in my;
léana, a meadow; liaigh, a physician; sreabh, a
stream; mo ghar = am' ghar, near me; cluain do
chur, to deceive, to beguile. Caladh, the ferry Cairb
of Corrib; Sligeach, Sligo.



RETROSPECT.



A Dhomhnaill na páirte, do ráidhte má's fíor,
Caithfidh mé'náirde mo bhán-haitín ciar,
A's rachad de ráis chum tigh 'an tabhairne so shiar
Mar a n-ólfaidh mé sláinte Mic Chártaig 's Ui bhriain.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services