Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The Gaelic Union, for the Preservation and Cultivation of the Irish Language.

Title
The Gaelic Union, for the Preservation and Cultivation of the Irish Language.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 148


“Is naomhtha an Cúram é, cúram teangan
na tíre.”



A Thighearna Árd-Mhaoir, a Mhná uaisle,
agus a Dhaoine-uaisle —



Cad í an Teanga, Teanga na Tíre seo?
An Gaedhilig.



Cad é a tá sibh-se agus sinn-ne ag
déanadh chum Teanga na Tíre so a choimeád?
An bh-fuil sibh ag tabhairt an chongnaidh sin
d'aondacht na Gaedhilge chum ár d-teanga a
choimeád a badh cheart do dhaoinibh thabhairt a
bh-fuil grádh tíre in a g-croidhthibh?



Cad é an rud a righne an Ghaedhilig dhúinn
a m-badh cheart dúinn í choimeád? Is í an
Ghaedhilig tug dúinn an meisneach is mó do
bhí aig aig aon daoine riamh ins an domhan-
an meisneach a d'fheiceann sibh-se a léigheas
Gaedhilig do bhí aig Oisín nuair casadh Pád-
raic leis i nGleann-na-smól, air an taoibh ó
dheas de Bh'l-átha-cliath: agus é 'na shean-
fhear feoighthe, briste, tar éis teacht air n-ais
dó ó Thír-na-n-óg. Nuair do chuir Pádraic
fá n-deara dhó, go raibh Fionn agus a mhuintir
in Ifrionn, do labhair Oisín go croidheamhail,
meisneamhail mar so —



“A Phádraic, sdiuirigh me 'san áit,
'Na bh-fuil Fionn air láimh, agus an Fhiann;
'S ní fhuil Ifrionn no Flaitheas ann
Do chuirfeadh faoi cheann-smacht iad.



Má's ann a tá Osgar, mo mhac féin,
An laoch budh thréine i d-trom-ghleo;
Níor cumadh in ifreann no i bh-flaitheas Dé,
Buidhean dá mheud nach d-treasgaróghadh.”



Arís, nuair a bhí na Lochlannaighe dh'ár
smachtughadh, cad é an rud a thug brigh do
gheugaibh sluaighte Bhriain, agus neart d'á
slinneánnaibh, chum a naimhde i g-cathaibh a
chathadh asteach ins an bh-fairge, air an taoibh
ó thuaigh de Bh'l-átha-cliath? — An Ghaedhilig.



Agus arís, nuair do bhí an Ghrian fáoi ló,
agus an Rae (gealach), agus na reulta ins
an oidhche, faoi smúd, agus nuair a bhí ár
n-daoineadh muinteardha ag “criothughadh le
faitchíos” air eagla go raibh Dia na n-grása
féin ag iompógh in ár g-coinne, cad é an
rud a thug neart d'ár smaointibh, agus meis-
neach, grádh, agus dóthchas d'ár g-croidhthibh
chum sinn a chongbháil le n-a chéile ins an
aimsir dhorcha, no gur fhosgail na neulta
agus gur scaoileadh air n-ais solus na
bh-flaitheas arís chúghainn? — An Ghaedhilig.



Deirthear go g-cruithuigheann daoine a
d-teanga, agus go n-deanann an teanga na
daoine. Má's fíor é so — agus níor casadh
aon fhear riamh liom a labhair Gaedhilig, agus
a raibh tuigsin aige, no fóghluim air, ná'r
chreid é — budh mhór na daoine ar n-aithreacha
a chruthuigh an Ghaedhilig, agus is mór go léir
an chomaoin a thá orrainn-ne an Ghaedhilig
sin a choimeád agus a chongbháil beo, mar go
righne si air n-ais arís muintir na h-Éireann
chómh mór, chómh breágh, cómh meisneamhail,
chómh croidheamhail, chómh subhailceach, agus
chómh glégheal a's do bhidheadar agus a tá
siad — buidheachas le Dia.



Cloisim go bh-fuil daoine ag leigean orra
féin go bh-fuil siad ag coimeád na Gaedhilge,
agus gan aon duine aca n-dan focal Gae-
dhilge a labhairt i láthair cruinnighthe mar e
so, no in aon áit a m-beidheadh daoine ciall-
mhara, tuigsionacha. Ta siad ag bailliughadh
airgid, agus ní dheir siad cad é an rud a tá
siad ag déanadh leis an airgead. Níor
scríobh aon duine aca aon Gaedhilig [deir-
thear go leigean siad beagán Gaedilge];
agus tá an ghráin aca orrainn-ne nuair nach
bh-fuil fonn orrainn creideamh go bh-fuil an
Ghaedhilig chómh mharbh a's tá si aca fein;
agus nach bh-fuilmíd sásda í chur fá thóramh
fós.



Bh'féidir go n-déanfadh an leithéide so de
ghnó beagan maith ag teacht ó shean-daoinibh
uaisle — Gaedhil no Gaill — a thá 'na scolái-


L. 149


ridhibh cliste, acht ná'r labhair Gaedhilig riamh:
acht is deacair foighne a bheith agam no mo
bheul a chongbháil dúnta, nuair airighim aig
an gnó so daoine a m-badh ceart dóibh
Gaedhilig a labhairt, agus a m-badh ceart
dóibh fios a bheith aca go bh-fuil si 'ga labhairt
fós aig an oiread daoine a's a bhí in Éirinn
nuair a tháinig na Gaill i d-tosach chugainn.
Tá dhá dhream aca so in ár measg i m-B'l-
átha-cliath: tá i measg an chéid dream
daoine uaisle a thá chómh grádhamhail, agus
chómh duineamhail a's is féidir a fhághail in
Éirinn. Acht faraoir, tá ins an dream eile
cuid mhór daoine nach bh-fuil n-dan dadaidh
a dhéanadh acht aithris a dhéanadh air na
daoinibh uaisle a tha ós a g-ceann. Ní'l an
oiread tuigsin ins na daoinibh bochta so a's
a chuirfeadh fa n-deara dhóibh ná'r cheart na
daoine uaisle so ná'r labhair Gaedhilig riamh
a leanamhain air an slighe a thá leacuighthe
amach aca chum an Ghaedhilig a choimeád mar
a tá fonn orra-san í choimeád-ins an g-
CÓMHRA.



Deir na daoine so — íseal agus uasal —
gur breágh an teanga í an Ghaedhilig, acht nach
bh-fuil aon chail no gnó againn anois do'n
nGaedhilig, agus nach laibheoraidh mórán
daoine an Ghaedhilig go bráth arís [badh mhór
an truagh é so dá m-b' fhíor é]. Deir cuid aca
nach bh-fuilmíd n-dan níos mó ioná Beurla
labhairt — sin breug eile. Admhuigheann siad
air fad go righne an Ghaedhilig maith mhór
dhúinn; gur chongbhaigh si le chéile sinn nuair a
bhí an chuid eile do'n t-saoghal 'nár g-coinne:
agus, freisin, deir siad go righne an Gae-
dhilig a gnó féin ins an aimsir chuaidh thar-
rainn, nuair a bhidhmís bocht, nochtuighthe, agus
ocrach.



Acht anois, nuair a tá ceirt air mo
dhruim agus greim le n-ithe dham caithfidh me
m'íoscaidí chnapadh, agus mo guailne ísliu-
ghadh, agus imtheacht le mo namhaid air “sodar
i n-diaigh na h-uaisle.” Má's é bhur d-toil
é, ní ghlacfaidh me an chómhairle so fós; acht
bhéarfaidh me greim geárr air mo mhaide,
agus díreochaidh me me féin, agus le bhur
g-congnadh-sa, agus le congnadh mo dhaoine
muinteardha in Aondacht na Gaedhilige, agus
le congnadh Dé, cuirfidh me an Ghaedhilig
faoi mheas fós in Éirinn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services