Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The Petition. Donchadh MacConmara.

Title
The Petition. Donchadh MacConmara.
Author(s)
Mac-Con_Mara, Donnchadh Ruadh,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1886
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

THE PETITION.



NO. 24. - VOL. II.] DUBLIN, 1886. [PRICE SIXPENCE.



DONCHADH MACCONMARA.



Do'n t-saoi uasal, óirdhearc, árd-chéimeach
.i. Séamus Ducat, onchú cosanta agus ceann-
coimeirce, agus for mór na n-uasal, n-
éigseach, n-ealadhanta, n-Eireannach; agus
go h-áirighthe, a shearbhfoghantaidhe dílis féin,
eadhon, Donnchadh Macnamara, aon d'órd
ard-ollámhan Leath-Modha-Nuadhat, i g-
Coill-mhic Thomaisín, 1764.



A uasail dhil, shuairc, de'n mhír is aoirde,
Ó's dual duit, is tú is uaisle 's is aoirde;
Inneósad stair gan chleas gan chaim duit,
O's tú Macenas éigeas na críche;
Gur léir dam i neulaibh na h-oidhche,
Chúgham go d-táinic Aine a's Aoibheall


L. 354


Níor bh'iongnadh leó mé gan fód mo shinnsir,
Gan fearannaibh luigheach ná cúil 'na
suighfinn;
Acht b'iongnadh chruaidh, gac cuas na díon mé,
Gan cruach, gan creach, gan nead dom'
naoidheanaibh.
Eirghidh ad sheasamh air maidin, ar Aoibheal,
Is déan do stad i m-baile na bh-faoiteach,
Gabh do dhuan do'n uasal aoibhinn,
Nocht do ghuais a's gruaim do chroidhe dho.
Do gheabhair fosgadh, foithin as díon uadh.
Cabhair a's coimeirce a g-coinne na saoire,
A's gheabhair gan amhrus adhmad tighe uadh.
Do labhair Aine árd de bhinn-ghuth, —
Tabhair-se buidheachas, duais, 's díol dó.
Gabh do dhánta go dana draoidheacht dó.
Ó's feasach gur seanchaide fíor thú.
Nocht gach céim d'á gheugaibh gaoil dó,
Craobha coimhneasa mor-mhaicne mileadh.
Lingid Áine bhláth a's, Aoibheall
I neultaibh neimhe fa ímeal na h-oídhche
Bo thamh mo thurus am'dhuine gan daoine,
Budh thearc mo chuire ce minic am' mhaoidheamh
mé,
Gan uaisle de'n mhór-shliocht am'thiomchioll,
Acht clanna cáis a's fás na h-oídhche
Gan sult na spéis i léighean na i n-innt-
leacht.
Acht gráin a's gruaim gach uair a chídhed me;
Air eagla beart a sleachta d'innsin.
Ní thabharfadh fód do'n bhótar bhuidhe dham
Ní bh-faghainn cáirde lá na oídhche
Gur chorruigh an fhuil óirdhearc am ríogh-
fhlaith.
Fuil bhorb-mhear Chormaic budh rígh seal,
Fuile aerdha na b-Paorach so taoibh linn.
Fuil chalma na Breataine is aoirde.
Ad choimirce teidhim-se a Sheumuis uasail
aoird,
'Sgur libh-se gach céim, gach réim,'s gach buaidh
'san tír:
Acht cuiridh i g-céill nach craobh gan chuaille
sinn,
A's cuideachta gaedheilge bhéar mar dualg-
us díbh.


L. 357


DENIS MACNAMARA'S COM-
PLAINT.



Ní fheicfear mo dhrom sa ag cur alluis go
ramhar,
A 'ghrafadh no a' treabhadh aon am de'n
bhliadhain;
Gheobhad athrughadh leabhair, beidhead am
Shagsasanach ramhar,
O's aca bhíonn togha 'gus rogha gach bidh:
'S 'n-a bh-fochair is cuíbhe liom seasamh a's
suídhe,
(Ní taca liom an Laoghseach buidhe ná a phór).
Ag tarruing ar an bh-fíon gach maidin gan
suim
Súd beatha nach m-bionn ag gaedhil go deó.



Is dúbhach bocht an cás do dhuine mar atáim,
Bheith ag claoidheadh go brath cach lá am'
aindheoin;
'S go m-b'fhearra liom bás gan toirmeasg
d'fhághail,
'Ná allus bheith lem' chnámh' ó'n rán ag romhar;
Preabfaidh mé a d-tráth, ní bheidhead mar
atáim,
A's brisfidh mé án phais le grádh do'n bh-feoil.
'S ad-tinneas ní fuláir liom ministear d'
fágáil,
'Sé thabharfaidh dham lán-chuid aráin mar lón.



Is ceannasach teann do rachfad-sa anonn,
Ag tarruint chum teampoill anam an
pharade;
'S gur binne mé a' labhairt 'ná an Ridire
ó'n n-Gleann,
A's m'uille go teann ar cheann an seat(sate):
Ní'l aon duine lom do chasfar liom ann,
Muna nochfaidh a cheann dam pleanncfad é,
'S tá fhios ag an domhan 'n-uair ghlacfar mise
ann,
Gur b'aindeis an ceam me do chlann na
ngaodhal.


L. 358


VOCABULARY OF SOME OF THE WORDS IN
THE PETITION.



Ard-chéimeach, adj. comp. -mighe, meacha, of great
dignity.
Aoirde = áirde, super. of árd, high.
Borb, adj. comp. -boirbe, ol. borba.
Cabhair, f.g. -bharta, pl. -bharthacha, help, relief.
Cás, n. m. gen. -Cáis, pl. id., misfortune, sorrow, diffi-
culty.
Céim, s.f. gen. -me, pl. -meanna, dignity.
Coimirc, n.f. -ce, protection, patronage.
Cleas, n.m. gen. -sa, pl. id. craft.
Cor, n.m. cuir, pl. id., a twist.
Cosaint, n.f. gen. -santa, pl. id., defence.
Cáirde, n.m. gen, id., respite.
Cruach, n.v. gen. -aiche, pl.; cruacha, ricks.
Creach, n.v. gen. -eiche, pl.; eacha, spoil, booty.
Cuas, s.m. gen. -cuais, pl. id., and cuasa, a cave.
Díon, n.m. gen. dín, díona, protection, thatch.
Duan, n.m. duain, pl. id. a poem, a song.
Dual, adj. comp. -la, pl. id., due, natural.
Eigseach, adj. comp. -sighe, pl. -seacha, learned, scientific.
Ealadhanta, ind, ad. learned, ingenious.
Foithin, n.f. gen. -thne, shelter. Not in dicts., but as
common in the spoken language as fasgadh: Is
mairg ná cuirfeadh an foithín, bad for him who does
not plant the [trees for] shelter.
Fasgadh, n.m. gen. -aidh, same as foithin.
Fos, n.m. gen. -sa, pl. id., a prop.
Faoit, n. prop. gen. -tigh. gen. pl. -teach, White.
Baile-an-fhaoitigh, Whitestown (one person). Baile-
na-bhfaoiteach, Whites'-town (of more than one).
Donnchadh used to visit at both townlands, though
he misnames this for his rhyme.
Gabh, v.t. inf. -bháil, sing, chaunt.
Gruaim, n.f. -me, gloom.
Gheobhair, thou wilt get: fut. of v.t. fágh, find.
Guais, n.f. gen. -se, danger.
Innis, v.t. fut. inneósadh, I will tell.
Imiol, n.m. gen. -mil, pl. id., border, edge.
Léir, adg, comp. -re, pl. id., clear.
Ling, v.i. -geadh, fly, leap.
Maoidheamh, verbal noun gen. -dhte, a boasting, upbraid-
ing with favours done.
Mir, n.f. gen. -re, pl. miora, a portion.
Nead, n.m. gen, -nid, pl. id., a nest.
Naoidhean, s.m. gen. -dhin, ol. id., a young child.
Nocht, v.t. -tadh, reveal, strip.
Oirdhearc, adj. comp. -ca, pl. id., worthy, excellent.
Onchu, n.f. gen. -chon, pl. choin, a leopard.
Ollamh, n. m. gen. -Laimh and lamhan, pl. -laimh and
lamhuin, a doctor, a professor.
Ord, n.m. gen. -úird, pl. id., an order.
Réim, n. f. gen. -me, pl. -meanna, power, authority.
Saoi, n.m. gen. id. pl. -saoithe, a nobleman, a scholar.
Searbhfoghantuidhe, n. m. gen. id. pl. id., a servant.
Suairc, adj, comp. -ce, pl. id., pleasant.
Stair, s. f. gen. -re, pl. startha, a story, a history.
Sinsear, n. m. -sir, pl. id., ancestors.
Speis, n.f. gen. -se, esteem, respect.
Turus, n. m. gen. -uis, pl. id., a journey.
Tamh or taimh, n.f. gen. -taimhe, death, fainting: here it
is used as an adj., same a bocht, as, budh bhocht mo
thurus, I was an object of pity. Turus above does
not mean a journey, but a condition. Is mor an
truaigh mo thurus agat, "I am to be pitied with
you," are common expressions, both in English and
Irish. Toisg is used i the same way.
Tearc, adj. comp. -teirce, tearca, scarce, rare.
Tabhair, v.t. inf. -bairt, give.




Ag cur alluis, perspiring.
Ag grafadh, taking off the turf with a grafán (a grubbing-
axe); this was accounted a most laborious kind
of work.
Gheobhad, I will get: future tense of faghaim or ghe-
ibhim.
Ag tarruing ar, drawing upon, ag tarruing chum,
drawing towards.
Suim, sum, regard, consideration; gan, suim, without any
regard to what wine he drank - i.e., his Protestant
hosts had no regard to it.
Cuibhe (pronounced caoi in Munster), meet, fit.
Laoighseach, Louis, the King of France, then accounted
the hereditary enemy of England.
Claoidheadh an romhar, signify digging. Claoideadh here
does not signify to dig, nor is it easy to find English
words to express the meaning - claoidfead seal le
m' mháithrín said the spailpín fánach, i.e., I will
earnestly betake myuself to the work along with my
mother, e.g.,
Aindeoin, or aimhdheoin, used with the pronouns, com-
pounded with ann, in, as an adverb to express "in
spite of, reluctantly, unwillingly.
B'fhearra liom colloquially for bh'fearr liom, I would
rather.
Toirmeasg, hindrance; bás gan toirmeasg, death wtih-
out taking anything to prevent it.
Preabfaidh me, correctly signifies I will kick or spurn;
colloquially, I will start, or leap up.
Páis, passion; fast in commemoration of the Passion.
Ceannasach, mighty.
Uille, an elbow.
Ceann, a head; is maith an ceann dam' é, he is a good
head to me - i.e., he treats me well; is olc an ceann
do é, he treats him badly.



Is maith an t-iománaidhe an té a bhídheas
air an g-cloídh.
'Sé an fear is ísle gníomh an fear is
aoirde * liúgh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services