Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amharca Cleasacha: Uimh. 2. Brian Boraimhe agus a Anamchara Maolsúthain.

Title
Amharca Cleasacha: Uimh. 2. Brian Boraimhe agus a Anamchara Maolsúthain.
Author(s)
O'Carroll, John James - Eoin Séamus Ó Cearbhaill,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1882
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AMHARCA CLEASACHA: Uimh. 2.

Brian Boroimhe agus a Anamchara
Maolsúthain.

Maolsúthain. — Go m—beannuighidh Dia dhuit,
Áirdrigh na Tíre!



Go d-tugaidh se na tiodhlaicthe is feárr duit,
Go m-beidh se féin 'na chúmhacht agus 'na
bhuaidh
Rómhat an-diu! Is mór, naomhtha an obair
Atáir a déanadh air a shon annso.
Tá fút anois muintir ársa na h-Éireann:
In aontughadh beidh na Críosdaidhthe uilechúmh-
achtach.
Ní fhuileongaid 'nois an cóigcríoch págánach
Bheith maslughadh tíre Phádraic bheannuighthe.
A Áirdrigh Bhriain thréin, tá dóthchas orm,
Dóthchas an-mhór, go bh-fuil am nuadh le teacht,
Lán d'aondacht agus síothcháin, creideamh,
cáirdeas,
Teas-charthannacht fíor-chráibhtheacht, tró-
caire;
Go m-beidh air Ghallaibh 'n-déis an chatha-so
Eagla a's úmhlughadh romhainne go bráth;
Agus go m-beidh Clanna Ghaedhil na h-Éireann
Go socaireach le chéile tríd an tír,
Le dóthain, gan aon troid no tnúth ag aitreabh
Inse na naomh, na n-eolach a's na m-bárd.

Brian. — A anamchara dhil, Mhaoilsúthain
Shaoi!
'S maith liom an-diu bheith éisteacht le do ghuth
'S maith liom bheith ag éisteacht le do smu-
aintibh
A's feuchain air do chroidhe. Tá fios maith
agat,
A's agat-sa amháin ameasg na n-daoineadh
Air gach aon phian is géire in mo chroidhe;
Tá fios maith agat air an aithmhéal dubh
Ro chiamhair tá 'na chómhnuighe fós in m'anam.
Co-fhad as beidh an árd-réim in mo láimh
Beidh se géirleanamhain gach lá mo chuimhne
A's díbirt suain 'san oidhche as mo shúilibh.

Maolsúthain. — A Bhriain righ, a chara dhil
mo chroidhe,
D'innseas an fhírinne i g-cómhnuighe dhuit.
Déarfad i g-cómhnuighe an nidh ceudna leat.
Ní fheudaim rádh gur ceart gach rod a rinnis,
Acht tá me cinnte ins an aimsir so
Gur dual duit fanacht ad, áirdrigh ós Éirinn.
Ní thig leat thabhairt air ais an mhéid do
thógais,
Ní thig leat chur Mhaoilsheachlainn air an
g-cathaoir
Áirdrigheamhail mhóir arís. Bheidheadh do lucht
féin,
Do shíol, do mhic, 'na aghaidh, ad' aghaidh féin
fós;
Thuitfeá-sa féin 'gus Maoilsheachlainn ad'
fhochair,
Agus annsin do thuitfeadh Éire uile.
Gach neart, gach uile dhóthchas síthe no dídin,
Is leat-sa amháin é. 'S féidir leat bheith
'd áirdrigh,


L. 34


Ní maith le Éire duine eile air bith
Ós cionn mór-dháile na righ. Tá fios ro-mhaith
aici
Ciah-iad na daoine eile agus tu.
A Bhriain fhlaitheamhail, má tá fíor-ghradh
agat
Air Éirinn no Maoilsheachlainn féin anois
Congbhaigh go teann an chúmhacht tá in do láimh
A's tabharfair dhúinn, le congnadh Dé, an-diu
Síothchain le saoirseacht a's le sonas, clú.



Brian. — Dúbhrais go ceart. Dúbhrais
mar sin i g-comhnuighe:
Ní cóir dham bheith mar so ag iarraidh ort
Gac lá an chómhairle cheudna. Maith, a chara,
An buaidhreadh sin do chuireas ort go minic.
Ní bh-fuil fios aig duine eile cia mo bhrón,
Acht in do bheul tá sólás air, in amannaibh,
Le tamall beag amháin. Uch nac uathbhásach
An ceusadh é an t-aithmhéal dubh! Is mó
An crádh é sin 'ná pian an ghai 'san g-corp,
Agus 'ná fuath na n-daoineadh ins an
g-croidhe.
Ní ó aon namhaid táinic se, ná fós
Ó dhuine cáirdeamhail acht ó'n intinn féin.
Do rugadh é annsin; annsin a d' fás se,
Beathuighthe le beatha féin an anama,
Agus atá 'na chómhnuighe ann go bráth.
Sin fuath duine air féin. Ní thig leis ealughadh
Ó'n namhaid sin, óir 'se an namhaid sin é féin.
Is minic nuair a bhidheas marcuigheacht
Go tapuidhe tríd an tír, a's daoine cruin-
nuighthe
Air feadh na m-bothar fada air mo shon,
Uile go léir ag tabhairt fáilte dham,
Chualas aon ghuth níos áirde 'ná a nglaoidh
I g-cluasaibh m'intinne mar thóirneach obann
Ag goireadh dham “A Bhriain, Bhriain chionn-
taigh!
Ní fiu thu, a Bhriain, sin; is cionntach cionn-
tach thu!”
Agus an uair a táim am' shuighe am' aonar
Cluinim annsin an guth sin féin go bráth.



Maolsúthain. — A Bhriain, 's mó na neithe
romhat anois
'Ná marcuigheacht tríd an tír no suighe ad'
aonar.
So am an mheisnigh a's na ngníomhartha !
Anois, a Áirdrigh chalma, ní fuláir
Air son na h-Éireann a's a cráibhtheachta,
Gan cúmhacht a leigean do na smuaintibh
dubha,
Neamhthairbheacha, nach bh-fuil acht buaidhreadh
ann.

Briain. — Ná bíodh aon eagla ort. Ní h-é
amháin
Nuair seasann ós mo chómhair na Lochlan-
naighe,
Agus tá uile righthe na sean-Gaedheal
Am' thimchioll le n-a g-clannaibh roimh an
g-cath —
Ní h-é amháin go m-beidhead tréan anois,
Acht nuair a m-bidheann me ag suibhal no
marcuigheacht,
Ag caint le daoinibh no ag éisteacht leo.
Bidheann mo shúil i g-cómhnuighe ciuin a's
cúmhachtach,
Agus gach focal thuiteann as mo bheul
Bidheann se righeamhail mar badh cóir do 'n
áirdrígh.
Ní bh-fuil mise 'g iarraidh soláis air na
daoinibh
A tá am' thimchioll ag friothóladh dham.
Ní thig liom sin a dhéanadh; tá fios agam
Nach bh-feudann siad thuigsint me dá
ríribh:
Agus atá fios an-mhaith agam fós,
Dá bh-feudfadaois mo thuigsint, ní bheidheadh
sólás,
Ní bheidheadh aon chongnadh le fághail asta
dham;
Ní bh-fuil ionnta aon ard-intinn, no aon
anam mór.
Chidhim go bun a g-croidhtheadh; ní bh-fuil
ionnta acht
Spioraid an dara óird, cúmhang-bheaga,
suaracha.
Ort-sa amhain bidheann me 'g iarraidh cómh-
airle,
Ó's duit amháin d'fhan fosgailte mo chroidhe.


L. 35


Ná smuain ariamh gur 'sa' g-caoi ceudna
'm-beidhinn
Am' iomchar le duine eile ins an domhan.



Maolsúthain. — Acht fós liom féin agus
ós cómhair an Tighearna
Badh cóir duit, a Áirdrigh, gan aithmhéal dubh,
Bheith ciuin a's sástach, lán de dhóthchas mór.
Bhí míse fós am pheacach. Bhidheas níos
measa
Gó mór 'ná tu ariamh, má tá se fíor
Go rabhais cionntach mar tá eagla ort.
Éist liom anois; inneosad duit mo rún-
sgeul.
Aon oidhche in mo shuan ro chonnarcas
Triur mac-leighin d'fhág me a's fuair bás
fad ó,
Agus a bh-fad as Éirinn. Bhidheadar
cráibhtheach,
A's d'imthigheadar in oilethreacht ró-naomhtha
As a d-tír dúthchais go h-Iarusalem.
Annsin do cailleadh iad, d'adhlacadh le chéile,
Agus 'n-déis sin táinic an triur ó'n
bh-flaitheas
Am' ionnsuidhe ins an oidhche sin a dúbhart,
Ag bagairt dam in ainim Dé, a fhearg.
Agus a dúbhradar go beacht go bh-fanfainn
In mo throm-pheacaidhibh go h-uair mo bháis,
Agus 'na dhiaidh sin go m-badh i n-dán dam
Pianta na n-dámanta in ifrionn síoruidhe!
Acht ins an uair sin féin budh chuimhne liom
An chathair Ninibhe, agus an trócaire
Do righne Dia uirre ins an am
Do bhí a fháidh ag canadh díoghaltais.
Budh chuimhne liom an trócaire níos mó
A'r gheall ár d-Tighearna a's ár Slánuigh-
theoir;
Agus le congnadh a's le grása Dé
D'eirigheas annsin go h-obann suas a's
dúbhart.
“Na trí oilc sin a tá agam-sa
An-diu, ní bheidhid agam-sa an-diu!
Tréigfead-sa na h-oilc sin: loghfaidh Dia
dham iad
Amhail ro gheall Se féin an tan a dúbhairt
'Impietas impii in quacumque hora
Conuersus fuerit non nocebit ei.'
Atá fios agam 'nois gur as an uair sin
Thréigeas na peacaidh úd air fad mar
gheallas;
Atá fios agam fós, cho maith mar sin,
Coingeobhaidh Dia féin a ghealltanas. —
Atá fios agam-sa mar agat-sa féin
Go bh-fuil do chroidhe deagh-iompuighthe anois;
Go bh-fuilir reidh gach nidh is feárr a dhéanadh;
Go m-badh maith leat leigean síos árd-réim
na h-Éireann,
An t-ualach táir iomchar 'nois mar dhual
amháin:
Badh cóir an dóthchas agus gáirdeachas,
Fíor-chiuineas agus muinighin dearbhtha
Bheith ort-sa mar atá i g-cómhnuighe orm.



Brian. — Is maith a rignis, a's is bean-
nuighthe
An t-slighe beatha, air a bh-fuilir siubhal.
Ní bh-fuil cead aig Brian leanamhain do
rogha.
Ro chuir tu do shean-bheatha faoi do chosaibh;
Ro chaithis ad' dhiaigh í go bráth;
Thréigis do chlann a's gnóthuidhe saoghalta,
Agus air teacht amach duit as do bhrugh
Suighte air bhruachaibh aoibhne Locha Léin,
Léimis asteach i g-corrách caol, a's iomrais
Go h-Inis-faithlen a's a clochar caomh;
A's d-éirighis mar atáir ad' mhanach naomhtha.
Ní thig liom, ní bh-fuil cead agam, sin a
dhéanadh.
Caithfidh me fanacht air an sean-chasán
Caithfidh mé fuireach fós ameasg na neitheadh
Dob' fheárr dham teilgean as mo chómhair go
léir.
Ta tu annso an-diu air leas na n-anam:
Ta mise i g-cómhnuidhe mar do bhidheas cheana,
Agus ní airighim ariamh do shólás,
Go d-tréigis uile neithe air son Dé.
Is beannuighthe thu! Och beannuighthe na
righthe
Leigeadar síos gach cúmhacht a's oirdhearcas
A's d'imthigheadar go bocht amach go cian!
Och beannuighthe gach flaith na h-Éireann
ársaidhe;


L. 36


Aig a raibh cead dul go h-I-Coluim-cille
Agus annsin fághail beatha a's fághail báis.



(Cluintear corn:
Tig MacLiaig asteach.)



Cad é?



MacLiaig. — Tá teachtaire na nGall
amuigh.
Ag iarraidh labhairt le Áirdrigh na h-Éireann.



Ro chan



Eoin Séamus Ua Cearbhaill,



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services