Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1859
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1955)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


MAIGHDION DHROICHEAD ÁTHA



Má théid tú ag iarraidh sgéula ó mhaighdion Dhroichead Áith
Éirighe go comhartha an Eich Ghléigil,
gheobhai tú aonadh sa tSráid Árd,
Plannda chiúin tséimhighe ghlan éadrom gan smál
A bhéartha annsacht do na céudta le aon fhéuchaint amháin.
Ná bíodh fallsacht na déigh ort dul a n-éugcroith dá grádh
Mar a shannta sí an péarla 's nach duit féin a bhí sí ndán.
A inghíon geal 's tú thug díor-gheall go fíonálta ó mhná
'S nach bhfuil míonach chum daor leat-sa air aonach Dhroichid Aith
Ar dhaonnacht ar chríonnacht air dhísleacht 's air bhreaghacht
'S gurab iad do raon-rosga go fíor-cheart a bhain an líth dheas do'n bhán
Nó do chaoin-leaca ghrís-ghartha tá ar líth lasadh an bhláith
Nó mar chaoin-phlannda fíneamhna ar thaobh teamhracha slán.
Bugh clúiteach na slóighte a teacht ar chóistighe Dhroichid Áith
Ag amharc úr-sgoith na n-óg-bhan nár pógadh riamh le tráil.
A chiúin-Khitty mhodhmhair don phór-aicme b'fheárr
Air mhúinteacht air mhódhmhaireacht air bheodhacht 's ar bhreaghdhacht
Beidh do ghnúis gheal na rós leaca, beidh do bheol tana gan sgáth
'S go mbeidh Caliope agus Clio ag déanamh ceól duit gach lá.



B 1651-52ob 17L
U 0148

TIOMNA THOMÁIS DÉIS



Rinneas mo thiomna, a Shéamuis:
d'fhágbhas ag Séarlus Saxa,
d'fhágbhas ag rígh na Fraince
cead an t-Impir do bhasca.



D'fhágbhas ag Tomás Rábach,
Oscar amhthar na Féine,
á bhun Banna go Suca
bheith 'na mhurrach ar Éire.



D'fhágbhas fós clanna Míle,
do bhí 'na ríghthibh Teamhra,
gan fearann gan neart maoine,
fá dhaoirse ag pioca seamra.



D'fhágbhas ag bráithribh bochta
saidbhreas gorta agus fuachta;
cá hiongna méad an dochair
's gan iad socair ó fhuagra?



Bíodh nach biadh bean nó páisde
ar an gcáitigh dar gciorac ,
'na n-ionadh biaidh cioth cáirneach
nó cóib chráibhtheach dar ngiobadh.



D'fhágbhas an chliar fá bhearrán,
's ar seachrán ar lorg riaghlach;
cibé a bhus bhus mó mála
biaidh thall a sála riabhach.



Díthreabhach bhíos i gcaisleán
's nach déan creagán ar féile,
d'fhágbhas é féin 's a sparán
i nglas lámh ar Loch Éirne.



D'fhágbhas na mná óga,
théid chum pósta le lasán,
fá cheann bliadhna gan bóta
ná fós bróga ná asán.



D'fhágbhas na mainéir bhuadha,
'na mbiadh suarcas san am-sa,
gan céol acht méileach chaorach -
d'fhág sin an saoghal sanntach.



D'fhágbhas na daoine bochta
dá spocha lé hairdchíosa,
's d'fhágbhas lucht na bhfearann
i gcreapall i gcúirt Íosa.



An bocht lábáin gan chlúdadh
's gan tsúsa i bhfuacht seaca,
ní gheabhadh Dia mar shúgradh
bheith dá stiúradh ón ngeata.



Domhnall is Séamus bacach
's gan aca ní do íocfadh,
d'fhágbhas ar an mbeirt chéadna
carna créachta ó íota.



D'fhágbhas sliocht na mban péacach,
lér caitheadh na céata punta,
anonn 's anall ar seachrán
gan gearrán nó cirt umpa.



D'fhágbhas suthlár na seinnsear,
nach fríth gan aimsir fhada,
ag an gcloinn anois dá múcha,
ag dúrna píopa is canna.



D'fhágbhas ag cúirt na gcléireach,
scríobhas Béarla go cliste,
cnáimh na bhfearann i mbaoghal
ó tá an saoghal ar misce.



Fisereach 's a pheann gléasta,
dul ar éarma chum cúirte,
d'fhágbhas é féin is Ó Druma
i mullach cháich dá súisdre.



D'fhágbhas filidh ar fágbháil,
gan tárrtháil fán ngréin aca;
cunchar amuigh gach ríméir
ó dhinnéar lé druim bata.



Tighthe móra gan tsoillse,
dóirse druitte go dúinte,
beagán buidhne gan tsólás
do-bheir Tomás brúite.



D'fhágbhas sgolta na n-aoidhibh ,
d'fhágbhas caoirigh 'na n-ionad
leireac olann na gcaorach
thréigeas daonnacht re sealad.



Tinte móra ar an urlár,
tormán tiompán is cláirseach,
ó d'imthigh sin is an fhéile
d'fhágbhas Éire 'na fásach.



Trí fóide astigh sa ngráta,
fán tráth-sa is mór an téagar;
mias nó dhó photáta,
is sásda an t-adhbhar féasta.



Builbhíní cróna garbha,
ní tarbha liom a saoradh,
ní fiú a bhfaghthar dá sochair,
méad ar ndochair dá n-aoradh.


L. 6


Beóir is seirbhe ná an gafann
ag tafonn ar lorg meala;
d'fhágbhas cead ag na daoithibh
na draoithe bheith dá bhfeanna.



Brait is pláta dá gcoigill
's gan fhios againn cé mhairfeas;
nach truagh daille na ndaoine
carnáil mhaoine is cé chaithfeas?



Triúr nó ceathrar do dhaoine
má chír-se ag teacht i bhfogus,
fuagair don dóirseóir bhacach,
druide go tapa an dorus.



Thiomnas m'anam do Chríosta
's mo chorp aosta don talamh,
mar biaidh cnumha go fíochmhar
dá stríocadh aimsear fhada.



D'fhágbhas Eóropa i n-armaibh
ar argain na gceall naomhtha;
doirt anuas do ghrása
thóigfeas an smál-sa dhíobh-san.



D'fhágbhas an saoghal cealgach
lán do chlampar 's do mhíorún,
's ó chuaidh Fódla fá chéile
d'fhágbhas an fhéile i bpríosún.



Bhronnas Breaclainn don Bhiatach,
nach sireann iasacht molta,
brugh ceólmhar leathan liomhar,
brugh iothmhar 'nar gnáth dolta.



D'fhágbhas agat mar chompán
file iomlán na Fódla,
an Guaire fial ó Bhreachlainn,
fada fairsing a spólla.



Séamus suairc ó Chill Tuama,
marcach stuama gan tseachrán,
d'fhágbhas agad mar chongnamh
dot chumhdach ó bhearrán.



D'fhágbhas creideamh is crábha
dul ré fána ó bhfísin ;
d'fhágbhas trosca, mo thruaiihe,
dul i bhfuaire go dílinn.



D'fhágbhas, a Phádraic naomhtha,
do thréad caorach dá ngiobadh,
's muna bhfóiridh ortha Críosta
beid i mbliadhna gan spionnadh.



Dáma liom Cill Ó Sona
ní bheith folamh mo chófra,
's ó táim i ndeire na n-íoróg
ní fiú cíonóg mo stór-sa.



Ná bí feasta le Tomás,
cé dólás riot a rádha,
seachaid dó do phiocás fíona
chuirfeas bíoga 'na chnámha.



D'fhágbhas suarcas ag Séamus,
d'fhágbhas tréamus i dtinneas;
mo thiomna d'easbhaidh cuimhne
mo-nuar lé suimle do rinneas.
Rinneas mo Thiomna.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services