Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bealtaine, 1924

Title
Bealtaine, 1924
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1924
Publisher
Comhaltas Uladh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN t-ULTACH



PÁIPÉAR MÍOSAMHAIL FA CHOINNE GAEDHEAL TUAISCEART ÉIREANN.



Uiml. 1. Uimhir 5. BEALTAINE, 1924. Luach Dhá Phighinn.



AN t-ULTACH.
Árus Chonnradh na Gaedhilge,
5, Plás na Trágha,
Dún Dealgan.



Foillseóchthar “An t-ULTACH” an chéad lá de ghach mí.



LUACH: 2ph.; nó 3ph thríd an phost.



Sínteanas bliadhantamhail (airgead roimh ré) leis an
pháipéar a fhagháil thríd an phost, 3s.



GOIDÉ TÁ DH'EASBHAIDH ORRAINN?



Tá Clanna Gaedheal, nó ar scor ar bith an chuid is fíre
acú, ag obair ar son na teangtha le deich mbliadhna fichead
anois. Toisigheadh ar tús mar toisigheadh ariamh, go fann.
Toisigheadh anns na cathrachaibh, an áit a dtoisigheann achan
oibriughadh dá dtig ar an tír. Bhí maoin shaoghalta, oideas
agus gléas smuaintiughadh a dhéanamh anns na cathrachaibh.
Toisigheadh le Connradh na Gaedhilge. Ní rabh an Connradh
ag teacht ar aghaidh acht go fadalach. Ní rabh sé ag déanamh
an dadadh cainnteoirí Gaedhilge. Cuireadh cumann
an Fháinne ar bun, agus rinne sin maith mhór
de'n obair. Bhí fonn ar mhuinntir na gcathrach an
Ghaedhilge a fhóghluim, acht ní rabh sí ann a n-aice le
fóghluim. Bhí a seacht sáith Gaedhilge ag na daoinibh a bhí
'na gcómhnaidhe fá na cnuic agus fá na cladaigh i dTír
Chonaill, i gConnachta agus i gCiarraigh; acht má bhí, ní
oirthí a bhí a n-umhail, acht ar an dóigh a b'fhearr le greim
bidh a sholathar. Thainig an sruth anuas go righin fadalach ó
chroidhe na tíre go dtí na cnámha. Thainig an buachaill
slíocaighthe aereach agus an cailín bródamhail as an chathair
agus chuaidh siad a dh'iarraidh eolais ar an úspaire gharbh a
chois cladaigh. Agus nuair a bhí siad tamall ag teacht, thóg
an t-úspaire a cheann agus dhírigh sé a dhruim, agus chuaidh sé
a smuaintiughadh go mb'fhiú rud éigin an oighridheacht a
fágadh aige.



'San am i láthair tá Gaedhilig 'ghá teagasg 'sna scol-
tachaibh; tá cúig nó sé pháipéir Gaedhilge anns an tír; tá
Gaedhilge le cluinstin ar sráideannaibh na gcathrach; ní'l
leisg ar an chainnteoir duthchais a bhéal a fhosgladh i n-áit
ar bith; agus tá lucht na gcathrach ag teacht na
scaoitheannaibh achan bhliadhain a fhóghluim na teangtha
anns an Ghaedhealtacht.



Déarfaidh daoiní, b'fhéidir, gur sin a bhfuil a dhíoghbhail
orainn. Acht ní h-amhlaidh, tá biseach mór ag teacht ar
chorp na teangtha, acht goidé fá anam na teangtha?



Goidé mar bhéadh anam a dteangaidh, arsa duine
éigin. Tá cineál de chleachtughadh ag daoinibh i n-Éirinn
ar na mallaibh, corp agus anam a mhaoidheamh ar achan rud.
Tá corp agus ainm ag Éirinn, deir an Piarsach. Tá corp
agus anam ag an Ghaedhilig anois! Is goirid go rabh corp
agus anam ag an Eargal agus ag Sliabh na mBan Fionn!



Dá mbíodh féin, a Pheadair an dóchais bhig, tá fiche rud
a b'iongantaighe. Ní'l bréag ar bith ná tá corp agus
anam ag mórán rudaí, comh maith leis an duine. Sin mar
dearfá, tá gnúis shaoghalta agus gnúis spioradáilte ar na
neithibh seo. Sin mar tá an Ghaedhilig. An úsáid a
ghnidhthear daoithe ag cruinnightheacha, i bpáipéir, i gcómhradh,
ag díol agus ag déanamh gnaithe 'achan lae, is de cholainn
na Gaedhilge a ghnidhthear í. Acht an úsáid a ghnidheas an
file agus an sgríbhneoir daoithe, is de anam uasal
fheagranta fhiliúnta na teangtha a ghnidheas siad í.



Le fiche focal a chur ann aon fhocal amháin, 'sí an
litridheacht anam na teangtha.



Tá sé ion-tuigthe, cineál ar bith dá bhfuil ag fás,
gurab é an corp an chéad rud a fhásas. Is é is deise de'n
talamh. Is é an dubhshraith é. Is é an t-ancoire é a
choinnigheas an t-anam feistighthe ar an tsaoghal seo.
Geárr an rópa agus scar an t-ancoire ó'n anamh, agus
siud ar shiubhal é taobh anonn de Réalt na Maidne.



Ar an ádhbhar sin bhí sé nádurtha go leor ag colainn
na Gaedhilge fás ar tús. Acht anois nuair atá an cholainn
sin deich mbliadhna fichead, ní mó ná go bhfuil an t-anam
ag faibhriughadh. Tá an t-am againn suidhe agus smuain-
tiughadh goidé is cóir duinn a dhéanamh. Seo
an chainnt a d'fhág Tomás Mhac Donnchadha (trócaire
air), scríobhtha fá litridheacht na Gaedhilge:




Is fada an lá an chainnt seo ráidhte, tá le h-ocht
mbliadhna, agus níor mhothuigh mé mórán trácht oirthí. Is
maith is fiú í tamall smuaintighthe a dhéanamh oirthí, dar
liom-sa. Is aige atá cnámh lom na fírinne nuair a deir sé
nach dtig le Connradh na Gaedhilge litridheacht a chruthughadh.
Ní'l obair an Chonnartha, ná na daoiní atá ag déanamh na
h-oibre sin, liteardha ar dhóigh ná ar dhóigh eile. B'fhéidir
leoga gurab í an obair thirm, gan phléisiúr, a bhaineas an
sugh as na daoinibh agus a fhágas gan siamsa iad.
Chonnaiceas damh féin ariamh go rabh sin mar locht ar lucht
foghluim Gaedhilge achan áit a rabh siad. Níor b'iad na
daoiní a ba leithne inntinn, ná b'fearr oideas a thóg iad
féin leis an teangaidh. Tá mórán daoiní anns na
cathrachaibh a bhfuil measardhacht léighinn acú — maighistrí
scoile agus a leitheidí — acht nach bhfuil inntleacht árd acú.
Seo an cineál is mó a bhíos ag ruaig ar Ghaedhilig. Tuig-
fear níos fearr mé nuair a ainmneochaidh mé duine a rabh
inntleacht árd aige, mar bhí Pádraig Mac Piarais. Tuig-
fidh achan duine nach ionann inntinn de mhacasamhail
an Phiarsaigh agus de na daoinibh a tchímid ag obair ar son
na teangtha achan áit fríd Éirinn.



Thug an Piarsach uasal a bheo ar son na tíre, agus
chaill muid le na linn sin cuid mhór de obair mhaith i
litridheacht na Gaedhilge. Ní'l aon duine againn ann a
áit, mar bhfuil Pádruig Ó Conaire féin ann, agus
b'fheidir sgríbhneóir ná beirt eile a bhfuil obair acú a bheith
i méaduigheacht go fóill. Ní chuirfinn cuid oibre an
tSagairt Uí Laoghaire imeasc na litridheachta. Ní'l a
inntleacht géar go leor, ná domhain go leor, agus ní'l an
t-eolas ar an Art aige. Sgríobh sé stialltracha móra
fada de Ghaedhilig bheacht, acht ní rabh mórán meadhacháin
inntí, ná mórán filidheachta, ná mórán eolais fá nádúir
dhaonna.



Tá baicle sgríbhneoir a dhíoghbháil orainn cosamhail leis
an Phiarsach agus le Mac Uí Chonaire, sgríbhneoirí a



(Ar lean. ar leath. a 5.)


L. 2


GIOLLA NA n-EARRMHÚINTE.



II.



Bíonn gasraí ann a bhíos iomlatach ó nadúir agus nach
mbíonn beo ortha ach nuair a bhíos siad a déanamh rud
ínteacht as a chasan, agus dá gcur fhéin i n-uisge bhruithte;
is dóiche nach mbíonn neart aca air. Ní h-é sin le rádh gur
droch ghasraí iad ar fad. Gheibhthear déagh-thréithe anntú
fosta, agus is minic nuair a thig a gciall go ndéan siad
fir mhaithe, chéillidhe, stuidearacha, ach go dtí go dtigidh,
cuireann siad fearg ar a lán.



Níor dhroch ghasúr Seainín é fhéin. Siúd a's go rabh sé
cleasach, earrmhúinteach, imeasg na ndaoine a rabh aithne
agus eolas aige ortha, agus go h-áirid imeasg a bhunaidh
fhéin, bhí sé i gcomhnaidhe comhalta eaglach ar feadh an chéad
tamaill bhig i lathair choimhighthigh; ach an uair amháin a fuair
sé an chéad scaid comhaltais thairis, ba é Seainín na
h-iomlata agus na sean-aimseardhachta arís é. Rachadh sé
i bpoill 's a bprochogaí nuair a thiocfadh coimhthigheach 'un
toighe, ach ba ghearr uaidh dhul 'un dánachta arís, agus
síobadh leis le n-a chuid ealadhaineacha fhéin.



Bhí gar amháin ag Seainín, is gnathach a bheith ag gach
diúlach de chineal, agus sé sin, gur dhoiligh corrghail no
fearg a chur air. Níor bhféidir a ghnúis a athrughadh nuair
a bhí sé i n-a ghasúr, agus níor bhféidir móisiam a chur air,
ar dhóigh ar bith, mar gcaithtí aon nidh amháin suas leis, agus
sé'n nídh sin, cuimhniughadh dó fá'n t-seó a rinn sé de fhéin
an chead lá 'riamh a dteachaidh sé 'na scoile. Bhí fhios ag
gasraí' eile na comhursantachta sin go fíor mhaith, agus
mar sin de nuair a cuireadh Seainín cruaidh ortha, an rud
ba mhinic a ghnidheadh, ní dhéanadh siad dearmad ar an nidh
a ghoilleadh air, agus chluinfea míle ó bhaile iad a scairtighe
os sean árd a gcinn:



“Ámh! Ámh! a Mhamaí! Ámh! Ámh! a Mhamhaí!”



Chuireadh seo fearg go cinnte ar an duine bhocht agus
da mbfhéidir a rádh, náire ar bhonnaí' a chos, agus bá é a
chéad lá ar a scoil ba chionntaighe leis.



Ba mhór an mhaidin í, i dtoigh Sheainín, an chéad mhaidin
a gléasughadh é le n-a chur 'na scoile. Tugadh le fios dó
an oidhche roimhe sin go cinnte go rabhthar le n-a chur 'un
siubhal lá thar na bhárach, agus siúd a's go rabh a mhathair ar
a loirg sul ma rabh moran de'n mhaidin caithte bhí Seainín
ar chladach na teineadh sul ma bhfuair sí'n teine chur ar
bheathaidh. Is ar éigín a leig sé dí an teine fhadodh nuair
a b'éigean dí a chuid éadaighe beaga a theannadh suas air,
éadan agus a lámha a nighe, agus a chur i gcionn a phaidrín.
Bhí'n paidrín go maith ag Seainín, agus níor bh'íonadh sin,
na ó bhí sé i n-innibh “'N-Ainm an Athar” a chur ar éadan,
bhí a mhathair práidhíneach i gceart an paidrín a theagasg dó,
agus d'éirigh leithe. Is íontach sompla na máthra sa chúis
seo, agus is méunra do'n t-é a gheibh an déagh-shompla sin
i dtús a shaoghail. Bíonn feidhim le foighde ag an t-é a
bhíos a teagasg an phaidrín ar dtús do n-a páistí, ach go
h-áirid do pháiste gasúir, no is doiligh leis inntinn a
leagan go ro ghrinn ar an chúis a bhíos eadar lámha' aige,
agus is iomaidh rud a ritheas fríd a chionn le n-a chur 'un
séaid agus 'un siabhrain ar feadh an tamaill bhig sin a
bhíos sé ar a ghlúinibh. Cia bith sin, bhí'n paidrín go maith
ag Seainín, sé sin le rádh ag páiste d'á aois, agus ma
ghnidheadh sé dearmad beag anois agus arís, ba mhaith
foighdeach ceanamhail ó n-a mhathair a chur ar an sgríb
cheart arís.



Ní h-é amháin go rabh an paidrín ar fheabhas ag
Seainín, bhí rámais agus rannta aige, sean-fhocla agus
stialltracha bréaghacha de shean-cheol, agus ba mhinic,
t'eagla orm, a bhfeairrde do'n phaidrín, é a bheith gan
moran aca seo, i n-áit iad a bheith ar bharr a theangtha aige
mar bhí. Nuair a bhí Seainín ag an Chré an mhaidin seo,
ní áirghinn nach rabh inntinn ar neithibh eile ní ba taitneamhla
leis na airteagail an chreidimh. Bíodh sin mar atá, cia
bith cúis é, nuair a bhí Seainín ag aidbhéal go láidir le
cuideadh a mháthar, gur chreid sé sa Spiorad Naomh, caidé
tharla ach an ceteal a bhí ar an teinidh dhul dh'fhiuchadh 'mach sa
luaith, agus nuair a thug n mháthair iarraidh air le n-a
thógail, fágadh mo Sheainín bocht ann a mhuinghín fhéin ag an
phaidrín, agus ba mhaith an mhaise sin dó. Má bhí cuid de'n
phaidir caillte aige ní rabh a chuid rannta caillte, agus mar
sin de, seo mar shocruigh sé'n chúis: “Creidim sa Spiorad
Naomh agus — agus —” (agus thócais Seainín a cheann)
“Creidim sa Spiorad Naomh,” arsa seisean arís, agus
sul ma bhfuair a mhathair faill cuidiughadh leis, chríochnuigh
sé fhéin é, ach ní mar chríochnuigheas daoine cráibhtheacha é,
ach le rann dá chuid fhéin:



“Agus” — “Tá do mhargadh, tá do mhargadh, tá do
mhargadh déantaí
Gabh 'na' bhaile, 'gus fan sa bhaile 'gus tá
do mhargadh déantaí.”



Sin mar chríochnuigh Seainín an Chré an mhaidin sin.
Ní áirighim gur pheacadh do'n duine bhocht é (dubhairt a
mháthair gurbh eadh) ach ní le droch mheas na le droch inntinn
a rinn sé é ach le dith na céille. Thug an mhathair air 'n-a
dhiaidh seo an Chré a chríochnughadh mar ba chóir, chuidigh leis
cupla paidir bheag eile a rádh agus fa dheireadh, cuireadh
deireadh le paidrín na maidne sin.



Ghléas a máthair a bhricfeasta dhó annsin agus dálta
gach malrach óg follain mar é ní rabh samhnas ar bith air
'sois an bhiadh. Le linn Seainín bheith i gcionn an bhricfeasta
cé sgiurtughadh thart leis an fhuinneóig ach Mícheal Sheáin
agus é ar a bhealach 'na scoile. Isteach le Mícheal ar an
doras, sheas i lár an urlair, agus d'fhiafruigh de bhean a
toighe:



“An bhfuil sé seo le bheith liom 'na scoile indiu?”



Ní rabh aon mhaidin le fada go leor nach rabhthar a
geallstan do Mhícheal go mbéadh Seainín leis 'na scoile lá
thar na bhárach, ach maidin ar mhaidin bhithear a bhriseadh an
gheallstanais sin go dtí an mhaidin seo fhéin.



“Tá a Mhíchil, tá sé le bheith leat indiu, slán Dé sibh
araon, agus tá súil agam go mbéidh tú 'do cheann mhaith
dó, agus nach leigeann tú dadaí theacht air go bhpillidh
sibh, agus go bhfanochaidh tú ann a bhun ag an trí a chlog
go rabh sé abhaile leat, mar dhéanfadh gasúr maith.”



“Ó, a Mhaighdean! a Mhaighdean! nach maith dúinn
araon,” arsa Mhícheal, “agus nach orm a bhéidheas an
luthgháir é bheith liom. Deifrigh, deifrigh, a Sheainín, na
beidhmid mall; tá'n maighistir é fhéin thiar le fada.”



Cibé dlúthas a bhféidir le Seainín a dhéanamh, rinn sé
é agus ba ghoirid go bhfuarthas faoi sheól é, agus siud a's
gur chuir a mháthair poll meanaidh i gcluas Mhíchéail siubhal
go socair leis, agus gur gheall Mícheal ar anam go
ndéanfadh, comh luath agus fuair sé as a h-amharc bhain sé
sa rása, agus Seainín bocht ar ghreim láimhe leis, na bhí
eagla ar Mhícheal go mbéadh sé mall, agus mar bhí fhios aige
fhéin go ro-mhaith, ní h-é sin an rud a bhí a fóirsteán san
teach a rabh siad a tarraingt air. Cuireadh géar lean-
stanas ar Mhícheal dhó no trí chuarta le goirid fa bheith mall.
agus siud a's go bhfuair sé'n ceann leis gan cleite a
chailleadh, níor fhág sin maide gan bhogadh dó, agus níor
cheadanas leis ar cheannuigheacht mhaith an mhéid gáiridhe a
rinn na gasraí agus na giorrsachaí móra air, nuair a bhíodh
an maighistear eadar sugradh a's dairíribh a cráin-mhagadh
air, agus a bagairt pianta agus pionúis air muna
n-athruigheadh sé béasaí agus a theacht i n-am 'na scoile
lá ar lá.



Dá bhrigh sin, rinn Mícheal a theann dithchill an scoil
a bhaint amach i n-am an mhaidin seo, agus ní rabh sin i gan
fhios do Sheainín bhocht. Bhí sé mar dubhairt mé cheana, ar
ghréim láimhe le Mícheal agus nuair a bhain Mícheal sa
rása, go dearbhta b'éigean do Sheainín déanamh mar i
gceadna agus muna mbéadh ann do chorp ach a'n gháire
amháin, chaithfea 'n gáire sin a dhéanamh ar an phéire da
bhfeicthea iad an mhaidin sin. Bhí Mícheal fad sgiathan na
beirte 'un tosaigh do Sheainín agus siocair go rabh sé níos
sinne agus níos árruigheachtuighe (1) na é, ní go ro mhaith a
bhí Seainín i n-innibh cos a choinneailt leis. Stumpan beag
daingean a bhí ann a Seainín, agus ins an rása shílfea nach
rabh alt ar bíth ann a chuid leasracha beag o n-a ghurún síos.
Bhaintí cor as corp an duine bhoicht le 'ach aon choiscéim
da dtugadh sé agus is ar a thaoibh is mó a bhí sé a dul — ar
an taoibh sin a rabh sé i bhfastodh do Mhícheal. Bhí brístí
beaga goiride báinín air a rinn a mhathair dó (ní h-iad



(1) Taller; longer in the limbs.



(Ar lean. ar leath. a 3.)


L. 3


Giólla na n-Earrmhúinte.



(Ar lean. ó leath. a 2.)



seo is snaidhte nó is cumtha a bhíos déanta) agus siud a's
go rabh siad a sroicheachtail síos go dtí n-a mhúrnáin,
shaoilfea nach rabh siad sé h-órdlaighe ar fad, agus nach
rabh os cionn an mhéid sin do Sheainín scoilte. Bhí casóg
bheag bháinín os a gcionn seo air, agus bhí sé comh bunachar
daingean beathuighste agus go saoilfea da súighteá do
mhéar leis go mbléascfadh sé. Cia bith sin, streachail
Mícheal leis é an mhaidin seo go geafta na scoile, agus
ní thug moran faille do leigean air céocú bhí sé sásta no
mío-shásta do thuras.



Nuair a shroichidh siad geafta theach na scoile, leig
Mícheal amach lámh Sheainín agus is annsin a fuair Seainín
faill agus uchtach le rádh go rabh sé ar bhealach a bheith
sáruigh'. Le sin tcídh siad an maighistear sa doras, a dhá
láimh i gcúl a chinn, cineal de ghruaim air, agus slaitín
bheag i láimh d'a chuid. Sgannruigh Seainín agus leig béic
as, na ní rabh a'n dhath do dteárn sé as a bhealach le cupla
bliadhain roimhe sin, no a'n chorrghail dar chuir sé ar dhuine
ar bith nach ngeallfaidhe dó go mbainfidhe a luach uilig as
nuair a rachadh sé 'na scoile 'soir an mhaighistir.



Tugadh leideadh do'n mhaighistir é fhéin go mbéadh a sháith
os a choinne nuair a chuirfidhe Seainín chuige, ach níor thug
sé áird siar ar an sgéal agus ní rabh feidhim dó leis, na
is iomaidh Seainín a cheannsuigh sé i n'-am agus ní rabh
eagla na uathbhas air nach mbainfeadh sé faoi Sheainín fosta.
Cia bith fa sin, ní a súil le Seainín a bhí sé an mhaidin seo,
agus siud a's nach rabh fhios ag Seainín é, ní rabh súil na
rún aige buille no béim a chur ann a chraiceann dá mba
dh'eadh fhéin, na níor ghnathach leis a dhul i gcionn na slaite
na go sáruigheadh gach slighe eile air.



Eadar 'ach uile sgéal bhí Seainín bocht i gcruaidh-chás.
Bhain Mícheal sodar maith géar as ar an bhealach a d'fhág
anál i mbarr a ghuib, agus ní'l am ar bith a maoluigheadh
ar Sheainín sa rása nach mbroslochadh Mícheal 'n siubhail é
le bagar maith fá'n ghriosal a gheobhadh siad dá mbéadh siad
mall. Cuireadh bagar go mion agus go minic ann a
shaoghal ar Sheainín fa shlait an mhaighsteara ach níor chuir
sé suim ariamh ins an sgéal do dtí seo, go rabh sé i n-a
sheasamh an mhaidin seo ag an gheafta agus go bhfaca sé an
maighistear, mar dubhradh cheana, i n-a sheasamh eadar dhá
dhíon an dorais.



“'Steach annseo libh a ghasraí go bhfeicidh mé sibh; tá
sibh ar bhealach a bheith mall,” ars'n maighistear.



“Ámh! Ámh! Ámh!” arsa Seainín, agus 'ach “Ámh” d'ár
dhubhairt sé ag dul 'un áirde agus 'un fiadhantachta. “Ámh!
Ámh! a Mhícheail! a Mhícheail, sábhail mé! muirbhfidh sé mé!
Ámh! a Mhamaí! mhamaí! mhamaí! Ca bhfuil tú? Ca bhfuil
tú? Tá do Sheainín fhéin réidh go bráthach,” agus leis an
bhéicfeach agus an sgreadach seo, bhí Seainín bocht 'á
greamughadh fhéin mar bhéadh crúbóg ann do Mhícheal agus
ag iarraidh é fhéin fholach ar a chúl, agus Mícheal go leath-
fhaithteach ag iarraidh é fhéin a streachailt uaidh agus déanamh
ar aghaidhe mar d'órduigh an maighistear dó.



Chonnaic an maighistear é fhéin caidé mar bhí'n chúis, agus
thomhais sé go maith gurbh é Seainín a bhí le Mícheal, agus ba
mhaith an mhaise sin dó é, bhí fhios aige caidé le déanamh.
Chroch sé suas an cána ar phionna ag an doras, chuir a dhá
láimh ann a phócaí agus shiubhail amach 'na' gheafta. Ní i gan
fhios do Sheainín a rinn sé seo agus nuair a chonnaic sé
gléas an bhuailte dá fhágail i leath-thaoibh agus lámha an
mhaighisteara ann a phócaí, agus meangadh gáire ar éadan,
thainic stuidear bheag ann agus stad an bhéicfeach. Nuair
a stad, chrom an maighistear anuas agus d'ísligh é fhéin ar
a ghonabhogaí agus arsa seisean:



“Cia'n gasúr maith é seo nach n-aithnighim, agus atá
déanamh an challain mhóir seo? Caidé t'ar mo ghasúr
maith? An é Mícheal annseo a bhí do bhualadh, stór, na
caidé thainig ort a chor ar bith cor ar bith?”



“Maise ní h-é, ní h-é,” arsa Seainín, “ach — ach — ach”
— agus le seo bhí mo dhuine bocht a cumailt a mhuinchille
beag trasna ar éadan truacanta agus éadan salach
anois. “Ní h-é, ní h-é,” arsa seisean arís “ach bhí
eagla, bhí eagla — orm romhat-sa.”



“Agus cad chuige, a leinbh, a rabh eagla ort romhain-
sa?”



“Tá, d'innis mamaí damh agus 'ach uile dhuine go
muirbhfea mé, ach níor chreid mé iad agus d'innis Míceal
damh indiu é, agus níor chreid mé é, ach nuair a chonnaic
mé sa doras thú agus an t-slat agat, chreid mé é annsin
agus — agus —”



“Agus cia h-í do mhamaí, stór, a d'innis a léithid 'e
sgéal duit?” arsa'n maighistear.



“Tá, mamaí saghainn fhéin,” arsa Seainín.



“Agus c'ainm atá ar do mhamaí s' agat fhéin?”



“Mamaí saghainn fhéin at' orthí, agus Máire bheir
deadaí orthí i n-amannaí, agus chuala mé Úna Nábla a
tabhairt Máire Shéamuis orthí lá fa dheireadh nuair a bhí sí
ag innse do Bhrighid Thomais cia mise.”



“Ó, tcím, tcím,” arsa'n maighistir, “is tusa gasúr
Mháire Shéamuis, agus c'ainm atá'r do dheaidí?”



“Ní'l air ach deaidí, agus i n-amannaí eile Paidí agus
Ghioll' udaí.”



“Tá fhios agam go maith anois cia'n gasúr thú,” ars'n
maighistir. “Is tú gasúr beag Phaidí Thomais agus Mháire
Shéamuis agus gasur maith fosta thú nár chóir dó bheith
caoineadh mar sin. Bhfuil ainm ar bith ort fhéin?”



“Tá, maise.”



“Agus caidé'n t-ainm é?” ars'n maighistir.



“Seainín Mháire.”



“Agus ca bhfuil a' t-ainm sin ort?”



D'amharc Seainín air an mhaighistir agus thainig aoibh
a gháire air. Bhí'n eagla ag imtheacht de anois agus é a
teacht chuige fhéin go maith.



“Innis damh anois ca bhfuil a' t-ainm ort agus déar-
faidh mé go bhfuil tú 'do ghasúr mhaith.”



Níor labhair Seainín ach bhí aoibh a gháire i gcomhnaidhe
air agus é ag amharc isteach eadar a' dá shúil ar an
mhaighistir.



“An thuas annseo atá sé,” arsa'n maighistir,
ag cur a láimhe ar mhullaigh chinn Sheainín.
Phléasg Seainín amach ag gáiridhe agus san aoibhneas a bhí
air rinn sé dearmad bun barr de'n sgannradh agus de'n
mhaighistir agus arsa seisean:



“A bhreallain mhóir, níl ciall ar bith agat; ar ndóighthche
dá mbéadh sé annsin, bhéadh sé gearrtha díom nuair a bhain
deaidí'n ghruag díom aréir, agus ní bhéadh ainm ar bith orm
indiu, bhéadh sé dóighte 'gcúl na teineadh.”



Sé'n maighistir a phléasg amach ag gáiridhe anois agus
rinn sé gáire croidheamhail ó n-a chroidhe amach, agus ag
cur a láimh' ann a phóca dó, tharraing sé aníos sgilling
gheal agus thug do Sheainín í agus dubhairt gurbh é an gasúr
é ab fhéarr a chonnaic sé 'riamh. Ann inntinn fhéin dubhairt
sé go rabh inntleacht i gcionn Sheainín, nach samhlochadh
móran dó le h-amharc air, agus ní áirighim narbh fhíor dó.
Geallaim dhuit nach rabh móran iaróige aige Seainín fhághail
isteach leis annsin, agus gur luthgháireach an mac é Seainín
nuair a chonnaic sé'n cor a chuir an mhaidin dí.



P. Mac S.



TEACHT AN EARRAIGH.



Amuigh faoi'n aer, ar ardán féarach,
Maidin aerach aoibhinn úr;
Chualas ceol go h-árd 'sna spéarthaí,
Glór an Earraigh ag teacht thar muir.



Bá ag géimnigh, uain ag léimnigh,
Éin go séiseach i bhfáltaibh mbláth,
Paistí méidhrighe ar bhántaibh méara,
Le teacht an Earraigh thar n-ais go Fáil.



NINNIDH Mac GHIOLLA BHRIGHDE.



Try F. P. MacPARLAND
(MAC PHARTHALÓIN)



For MEN'S AND BOYS' CLOTHING
OF IRISH MANUFACTURE.



Gents' New American Styles in Suits 50/- and 60/-



Clerical Suitings of Irish Manufacture.



The Latest in Clerical Coats and Hats.



Boys' New Shapes in Suits for Confirmation.



MacPARLAND, Draper, Dundalk.


L. 4


LEABHAR NUADH.



“LÁ NA CÚIRTE.”



Crádh na gcomhursanach ag eachtraí an eallaigh.
(Agus dhá eachtra eile).



“Cú Chulainn” — do sgríobh.



Réidh ar an 7adh lá de'n mhí seo.



Cuir fios air anois chuige —



“CÚ CHULAINN,”
Bóthar Dhealgan.
Dún-Dealgan.



2/2 — saor thríd an phost.



COLÁISTE THEIDHLEANN,
TÍR CHONAILL.



Fosglochar an Coláiste seo ar an 8adh lá de Iúl, 1924.



Bíodh na mic-léighinn uilig i lathair an lá sin.



Béidh áit do ghach Gaedhilgeóir ar mhaith leis theacht ann.



Scríobh chuig



SEÁGHAN Mhac CUINNEAGÁIN,
Rúnaidhe.



CLÓ OIFIG UÍ MHÁTA,
Dún-Dealgan.



Clódóiri Tráchtála.



Clódóiri Leabhar.



Chan fheil ár sárú le fághail i gCúig Cúigidhe
na hÉireann.



CLÓDÓIREACHT GHAODHALACH AIR FHEABHAS.



MEASTACHAIN SAOR.



Má tá feidhm agat air
LEABHAIR GAEDHILGE
Tabhair cuairt air
AINGILÍN NÍ MHÁTA
Agus gheobhaidh tú iad.



Paidríní Páirteacha, Leabhraí Urnaighthe, Leabhraí
Ceóil, Buinn, Croiseanna, Pictiúirí, Dealbha, agus
Mion-rudaí deasa.



AINGILIN NÍ MHATA,
Sraid Chlann-Bhreasail, Dún-Dealgan.



AN t-ULTACH.



BEALTAINE



Bíonn leitreacha ag teacht isteach chugainn gach uile mí,
ó dhaonnaí a thug sintiúsaí agus féiríní dúinn, ag casaoid
nach bhfuair siad an páipéur seo. B'fheadfhaide gur
orrainn fhéin a bhí cuid dhe'n locht nach bhfuair corr-dhuine an
chéad uimhir; acht tá deirbh-fhios againn nach inne is cionn-
tach 'san fhaillighe anois. Is truagh nach bhfeil níos mó
Gaedhilgeoirí in oifigidhe an Phuist. Bíonn na leitreacha
air a mbíonn na seolta scriobhtha i nGaedhilig a bhfad níos
fuide air an bhealach ná na leitreacha eile, agus cuirtear
cuid aca go Baile Átha Cliath go fóill leis an seoladh a
aistriughadh. Tuairim's bliadhain ó shoin, dubhairt Aire an
Phuist go gcaithfeadh gach oifigeach an Ghaedhilig 'fhoghluim.
Ach' mur' bhfeil siad uilig in innimhe na seolta a léigheamh
go fóill, chan foráil no go bhfeil cuid aca dochrach mall.



D'eagla go saoilfidhe gurb iad lucht stiúrtha an Phuist
i nDún-dealgan a thug faillighe air an pháipéur, badh mhaith
linn moladh a thabhairt dobhtha-san mar gheall air an chuideadh
a thug siad duinn do ghnáth; acht thig le daonnaí claonta
ins na fó-oifigidhe dolaidh mhór a dheanamh don Ultach.
Duine air bith nach bhfuair a'n uimhir a bhí ag dul chuige,
cuirfear ag triall air í, acht leitir a chur chugainn.



B'fhéairrde dúinn glacadh leis an chomhairle a thug
“Niall Mór” dúinn in uimhir na Cásca, a bhfeil de
Chumainn Ghaedhalacha i gCúige Uladh a chomh-cheangal i
gCumann mór amháin. Chan amháin nach bhfeil meas air bith
aige lucht stiúrtha an tSaorstáit ar ár gcanamhain, acht is
cuma le Connradh na Gaedhilge fhéin goidé mar tá ceist
na Gaedhilge i gCúige Uladh. Tá deirbh-fhios againn fhéin
gur beag scoil i gCo. Thír Eoghain nó i gCo. Árdmhach' 'na
dteagascthar an Ghaedhilig fá láthair. Tá go leór
múinteóirí-scoile, a d'oibreadh go dúthrachtach ar son na
teangtha cupla bliadhain ó shoin, agus a d'éirigh air fad
a's an obair air na mallaibh, gidh nach raibh Riaghaltas Bhéal
Feirsde ag cur chuca nó uabhtha. Le linn na troda, agus
le bliadhantaí roimhe leis sin, bhí obair na Gaedhilge ag dul
thar teorainn, de choispeánaí fada i gCuige Uladh; acht tá
toradh na hoibre ud 'ga chailleadh anois in aghaidh an lae.
Buachaillí agus cailíní a bhí in innimhe an Ghaedhilig a
labhairt air a gcomhairle fhéin dhá bhliadhain ó shoin, cha
dtuigfeadh siad a'n fhocal de anois, agus tá spiorad an
ghalldachais 'ga ngreamhughadh uilig, eadar chorp agus
croidhe agus aigne.



Tá ádhbhar diospoireachta 'san aiste atá ó pheann
“Iolann Fionn” san uimhir seo. Is cosmhail go bhfeil
daonnaí ann nach bhfeil air a'n fhocal leis an scríbhneóir,
agus tá súil againn go mbéidh an cheist chéadna 'ga pléidhe
aca an mhí seo chugainn. Maidir leis an haitheantaí atá
curtha síos aige, chan abrochamaoist fhéin 'na gcoinne, agus
b'fhéarr linn dá rachadh againn iad a chóimhlíonadh. Acht tá
“an chanamhain oifigiúil” ga stealladh isteach orainn ins
na scoltachaibh, agus mura dtéidhidh againn na scoltacha a
cur faoí n'ar smacht, béidh buailte orainn 'san chogadh.



Tchídhthear dúinn go bhfeil an scríbhneóir ro-chruaidh air
na leabhraí a cuireadh amach deich nó fiche bliadhain ó shoin.
Is cuimhin linn fhéin an lúthgháir mhór a bhí orrainn roimhe le
“Sgéulaidhe Óirghialla,” “Greann na Gaedhilge,”
“Iascaireacht Shéumais Bhig,” agus “Cloich-cheann-fhaolaidh”
nuair a cuireadh i gcló air dtús iad. B'fhéadfaidhe go
bhfeil cuid aca ó mhaith anois; acht má tá fhéin, ba mhaith
againn an t-am sin iad. Chan fheil sé ceart nó córach na
leabhraí seo a léirmheas leis an chomhthrom céadna a's a
mbainfidhe feidhm dá mbéadh leabhar an lae indiu i gceist.
Acht ab iad na leabhraí seo, cha bhéadh fhios againn fhéin, an
t-am sin, go raibh canamhain fá leith againn i gCúige
Uladh.



Tuairim's mí ó shoin fuaireamar litir ó Shéumas Ó
Glasain a chuir lúthgháir mhór orainn. Bhí seic air chúig
phunnt 'san leitir, féirin a bhronn Cóisde “Feis Bhreifne”
air an pháipéur seo. Is maith an eisiomplár a thug siad dos
na craobhacha agus na cóisdí eile i gCúige Uladh. Chan
foráil no go dtuigeann siad uilig anois nach rachadh aca
feidhm níos fhéarr a bhaint a's pé airgead atá curtha air
leath-thaoibh aca na cuidiughadh a thabhairt dúinn. B'fhurus
le Dia a thuilleadh de'n chabhair chéadna a stiúrughadh
chugainn.



Cuireann sé bród a's lúthgháir orainn go bhfeil “An
t-Ultach” ag bisiughadh ga'n mhí a bhfeil ag teacht. Támuinn
croidhe-bhuidheach dos na scríbhneóirí atá ag tabhairt togha
agus rogha dúinn le haghaidh ár lucht léighte. Chan fheil de
locht orra anois acht a bhflúirseacht. B'fhéadfhaidhe gur
inne fhéin is cionntach leis an locht ud, do chionn 's nar
chuireamar in iúl dóbhtha, roimhe seo, go bhfeil teóra le
fairsingheacht an pháipéir bhig seo. B'fhada uainn a'n
dadamh a rádh a thiormochadh na bun-srothanna, acht thug sé
obair mhór dúinn an uimhir seo a chur i gcló, agus tá súil
againn nach bhfágfar orainn gurab éigin dúinn corr-phíosa
beag a ghearradh amach. Badh mhaith linn a chur in iúl d'ár
scríbhneóirí go bhfeil cuid de na scéultaí agus na
haistidhe rud beag ró-fhada don pháipéur seo.



Muireadhach Méith.


L. 5


GOIDÉ TÁ D'EASBHAIDH ORRAINN?



(Ar lean. ó leath. a 1.)



sgríobhfas litridheacht i nGaedhilig mar tá sgríobhtha i
mBéarla na h-Éireann. Anois cá bhfuil na sgríbhneoirí
seo le theacht 'un tsaoghail, le h-oileamhaint agus le cur
ar bhealach a leasa? Anns an Ghaedhealtacht a chaithfidh
siad a theacht chun tsaoghail, ná ar scor ar bith a chaithfidh
siad an bainne a dhiúl a chothochas spiorad an Ghaedhil
anntú. Tá fhios ag an tsaoghal nach i mBaile Átha Cliath
ná i mBéal Feirsde atá an mianach Gaedhilge agus smuain-
tighthe Gaedhealacha atá riachtanach le litridheacht fás ann.
Tá barraidheacht greim ag an Ghalltacht orthú, dá fheabhas
iad. Tá a saoghal ro-fhada ó shaoghal an tsean-Ghaedhil leis
an teangaidh a bheith fóirstineach de na n-aigneadh agus de
na leagan amach. Mara dtigidh siad chun tsaoghail sa
Gaedhealtacht, caithfear iad a oileamhain sa Ghaedhealtacht,
ná mara n-oiltear 'sa Ghaedhealtacht iad, caithfidh siad a
theacht chun na Gaedhealtachta agus éirghe mar bhéadh daoiní
nár shiubhail sráid baile mhóir ariamh. Níor casadh aon fhear
ná aon bhean ariamh aroimhe orm a rinne an rud deireannach
a d'ainmnigh mé acht aon fhear amháin, agus ní dóighche go
ndéanfaidh mórán aithris air anns an am atá le theacht.
Mar sin de, caithfidh na filí agus na sgríbhneoirí a theacht
chun tsaoghail 'sa Ghaedhealtacht, sé nó a theacht chun tsaoghail
sa chathair agus a theacht 'na Gaedhealtachta go h-óg, anns
an dóigh a mbéidh a gcuid smuaintigheach ceanglaighthe go
daingean de'n Ghaedhilig.



Ní'l moill páistí a thógbhail 'sa Ghaedhealtacht agus a
gcur 'na scoile: agus níl moill taos óg na cathrach a
thabhairt 'na Gaedhealtachta. Acht tá tuilleadh le déanamh.
Féaduigh páiste a dhul na scoile anns an Ghaedhealtacht
agus crathán maith léighinn a fhóghluim. Acht ní dhéarn a
cuid aithreacha roimhe dadaidh le na n-inchinn acht ag smuain-
tiughadh goidé mar b'fhearr a leasóchadh siad cuibhreann de
thalamh fhuar, ná goidé mar b'fhearr a chothochadh siad bológ
fá choinne an mhargaidh. Ní dheárn siad mórán smuaintighidh
ariamh ar cheisteannaibh domhaine; níor shiubhail siad mórán
ariamh, agus ní fhacaidh siad mórán de'n tsaoghal; agus ní
rabh de litridheacht acú acht sean-sgéaltaí agus amhráin nach
rabh ionntú acht páirt de litridheacht nach dtainig i gcrann
ariamh. Nach doiligh de'n té a shíolruigh ó na daoinibh seo,
a bhfuil a n-inchinn maol ag smuaintiughadh goidé an dóigh
le na mbéal a líonadh, dálta mar tá a gcuid lámh garbh
ag obair leis an spáid — nach doiligh de mhac an dóirnealaigh
a bheith comh h-éasgaidh 'san inntleacht agus go
mbeirfidh sé ar an rud a dtug file an Bhéarla:
“The light that never was on sea or land”
air? Agus rud beag eile de, cé air a ndéanfaidh sé
aithris? Mar dubhairt Mac Dhonnchadha, ní'l de shompla
acú acht litridheacht an Bhéarla, agus cuid ranntuigheacht na
h-ochtmadh h-aoise déag — slabhraidh luinnireacha de fhoclaibh
binne, déanta uilig i n-aon mhúnla amháin. Ní'l ceachtar
acú ro-fhóirstineach. Gheobhadh duine smuaintigheacha agus
Art i litridheacht an Bhéarla, cinnte. Acht tá sé con-
tabhairteach le leanstan i bhfad. Gheobhadh duine Gaedhilig
áluinn i Seán Clárach, i n-Art Mhac Chubhthaigh, i n-Eoghan
Ruadh, acht tá eagla orm nach ndéanfadh siad cabhair mhór
de. Caithfidh sgríbhneoir anns an aois a bhfuil muid ann,
an Ghaedhilig a fhighe ar dhóigh nach mbíonn cosamhail le
cainnt na sean-fhilí. Cuidigheann Tomás Mhac Dhonnchadha
linn an cheist seo a réidhteach nuair a deir sé:



Léigheasann sin na gnaithe rud beag. Fágann sé
gléas ar an fhile iarraidh mhór a thabhairt ar a chuid smuain-
tigheach a nochtadh. Tá cuid sgéaltach an Phiarsaigh agus
Phádruig Uí Chonaire ag an sgéalaidhe. Nuair atá an
méid seo ag na sgríbhneoirí le na gcoinneáil ar an bhealach
cheart, agus litridheacht Bhéarla na h-Éireann, litridheacht
na Sasana, na Frainnce, na Gearmáine agus tíortha eile le
fairsingeach a bhaint as a n-aigneadh, ní'l coir orthú.



Acht tá ceist eile nár réidhtigh muid — goidé mar
thiocfas litridheacht árd ó inntinn nach bhfuil oideas anns
an duthchas aicí. An gcaithfimid a dhul 'na cathrach fá
choinne an fhilidh. Is é mo thuairim gur dóighche filidhe a teacht
ó lucht na cathrach ná ó mhuinntir na tíre, anns an dóigh a
bhfuil an saoghal 'na shuidhe fá lathair. Ní dream filíunta,
mar dubhairt mé cheana féin, an dream a bhíos ag obair ar
son na Gaedhilge anns na cathrachaibh, acht tá a n-inntinn
síbheálta ó dhuthchas. Tá leabharthaí maithe fá'n láimh acú, tá
amharclainn acú, tá gléas orthú leigheachtaí maithe a
chluinstin, tá oideas i n-Art de'n uile sheort comhgarach
daobhtha. Acht 'na dhiaidh sin agus uilig is é mo bharamhail
nach mbíonn na sgríbhneoirí uilig ag bunadh na mbailteach
mór. Béidh muinntir an bhaile mhóir agus muinntir na
Gaedhealtachta i gcuideachta go buan feasta. Tá dúil
agam go bhfoghluimneochaidh achan dream acú cuid
buaidheanna an dreama eile — go bhfoghluimneochadh an chéad
dream an teangaidh agus leagan amach an tsean-Ghaedhil
agus an ciúineas inntinne a bhíos ag an té a thógtar
imeasg áilne na tíre; agus go bhfoghluimneochaidh an dara
dream a mbeatha a dhéanamh níos síodamhla, agus go
gcuirfidh siad níos mo'shuim i n-áilne. Eadar an dá
dhream, Gaill-Ghaedhil dhílse na cathrach, agus



“Plúr-shliocht Eoghain chródha chéillidhe
Is Eochaidh Mhuighmheadhoin na n-órlann gléasta,”



ba chóir de dhream a theacht a chuirfeadh bláth agus maise ar
anam ár dteangtha nach rabh oirthí ó bhí Colm Cille i dTír
Chonaill agus Ciarán i gCluain Mhic Nóis.



Dar libh, ar feadh a bhfuil ráidhte go fóill, nach ar láimh
daoine atá na graithe seo, acht ar láimh Dé. Cinnte go
leor, is é an t-am a bhéarfas na sgríbhneoirí chugainn.
Acht thig linn corr rud a dhéanamh a réidhteóchas an bealach
daobhtha, agus b'fhéidir a d'fhágfadh againn ní ba luaithe iad.
Seo na h-aitheantaí a ba chóir dúinn a choimlíonadh:



1. Ná coinnigh an Ghaedhilig go bráthach ar an sgoil.



Toirmisgeann an aithne seo orainn a bheith i dtólamh
ag tabhairt greim coganta de lucht foghluim Gaedhilge, a
bheith ag tógáil suas áite ann ár gcuid páipéir le
leathanaigh mic-léighinn, agus le h-agallaimh agus le
briathraibh aimh-riaghalta. Órduigheann sí dúinn sgríobhadh
feasta a choidhche i nGaedhilig fa'n tsaoghal mhór iongantach
atá thart orainn, agus fá'n tsaoghal is iongantaighe arís atá
i gcroidhe agus i n-inntinn an duine.



2. Ná leig broc gan suim a chur i gcló.



Toirmisgeann an aithne seo orainn cabhair ar bith a
thabhairt de leabharthaibh mar “Phrátaí Mhichil Thaidhg” agus
“Ag Séideadh agus ag Ithe,” agus “Cloich Cheann
Fhaolaidh” nach bhfuil brígh ná tábhacht, ná sugh ná seamhair
ionntú. Orduigheann sí dúinn, nuair a chuireas duine ar
bith rud i nGaedhilig atá a fhios aige nach léighfeadh aon
duine dá mbéadh sé i mBéarla, iarraidh a thabhairt air agus
é a ithe ó chnámhaibh loma, agus gan a chuid béalastánachta
a léigheadh, anns an dóigh nach leigfeadh an eagla dó níos
mó' dhochar a dhéanamh.



3. Ná tiormaigh cuisleannacha filíunta ag teagasg
“is” agus “tá.”



Cuireann an aithne seo mar dhualgas ar lucht fóghluim
Gaedhilge gan a bheith ag tabhairt oibre tiorma de'n té a
dtig leis litridheacht a chumadh; agus cuireann sí mar
dhualgas ar an duine sin é féin an obair a d'órduigh Dia
do a dhéanamh, agus gan a shaidhbhreas a sgabadh i
n-úspaireacht de cholainn na teangtha.



Tá na fir mhóra ag tarraingt orainn, a chailleacha!
Éistighidh leis na foclaibh seo; fuair mé seo ó ughdar mhaith:



Maoidheann Lowell go rabh an t-am agus teanga an
Bhéarla fóirstineach de Shakespeare. Deir sé go rabh an
teanga ann a neart, í go h-úr óg i mbéal na ndaoine
agus gan barraidheacht greim ag leabharthaibh oirthí.
Maoidheann sé gur le na linn sin a ba dóighche na sgríbh-
neóirí móra a theacht. Má's fíor sin, nach goirid uainne?
Tá an Ghaedhilig go h-umhal láidir go fóill, agus gan
beárn ar bith eadar an teanga a cantar agus a sgríobhtar.
Nár bhreagh an rud fear mór a chuirfeadh ar ár gcosa muid!
Bhí buachaill i dTír Chonaill — buachaill, leabhra, a bhí ag
déanamh a dhichill — agus bhíodh sé ag cur cloiche as casán an
Fhir Mhóir. Tá dúil agam go bhfuil mise ag déanamh rud
éigin le mo cró-iarann beag féin.



“IOLANN FIONN.”


L. 6


I dTIR NA hOIGE



AN CIONN GAMHNA.



Bhí baintreabhach ann, a'n uair amháin a raibh ceathrar
páisde aicí. Séumas dob ainm don mhac ba shine aca.
Bhí Domhnach Cásc ag teacht, agus cha raibh fhios aig an
mhnaoi goidé gheobhadh sí don mheadhon-lae. Fuaidh (cuaidh)
sí 'na mhargaidh agus cheannuigh sí cionn gamhna; agus
nuair a thainic sí 'na bhaile, rinn sí réidh dumplana mór
agus ceithre dumplanaí beaga.



Maidin lá'r na bhárach, chuir sí an cionn gamhna síos
'sa' phota; agus ag dul amach 'na' tseipéil dí, dubhairt
sí le Séumas na dumplanaigh a chur isteach chomh luath agus
a bhéadh an pota ag guil.



Thainic Séumas isteach, agus chuir sé síos na
dumplanaigh. Air ball, thainic sé isteach arís chun an pota
a mheascadh, agus d'amharc sé isteach ann. Bhí na
dumplanaigh ag dul thart 'san uisge, agus an cionn
gamhna ag dul thart 'na ndéidh.



“Dar sliabh,” arsa seisean, “béidh na dumplanaigh
uilig go léir ithte aig an chionn gamhna,
agus dumplana mo mháimí an chéud chionn
a bheas ithte. Is féarr damh dul 'na' tseipéil agus an
scéul a ársuighe dí.” Rith sé 'na tseipéil agus sheas sé
taobh 'stoigh de'n doras, agus scairt sé amach:



“Ó, a mháimí, ach' mur dtiocfaidh tú 'na bhaile, béidh
na dumplanaí uilig go léir ithte aig an chionn gamhna,
agus do chionn fhéin an chéud chionn a bheas ithte aige!”



AN CAILÍN FALLSA.



Bhí bean na comhnuidhe annseo uair amháin, agus bhí
níghean amháin aicí. Má bhí fhéin, bhí sí dócrach fallsa,
agus cha ndeanfadh sí a'n ghreim oibre fá n-a máthair. Is
minic a bhíod an mháthair i gcorruidhe léithi, agus, lá
amháin, ghéarr sí slat agus thug sí bualadh don níghin.
Thosaigh an cailín ag guil, agus chaoin sí i slighe go
mbféarrde duid gan éisteacht léithi.



Ga hé bhí ag dul thart acht mac-an-ríogh, ag mar-
caidheacht air dhruim gearráin. Chualaidh sé an cailín ag
caoineadh, agus d'fhiafrúigh sé de'n mhnaoí goidé bhí air
a níghin. Char mhaith leis an mháthair droch-ainm a thabhairt don
chailín 'chionn's nach raibh aicí acht í, agus arsa sise:



“Cha dtigid liom í a choinnealt ó'n obair. Bhí sí ag
obair go ró-chruaidh agus b'éigin damh bualadh a thabhairt
dí.”



“Ó,” arsa mac an ríogh, “sin an seórt cailín a bhfeil
féidhm aige mo mháthair uirrthí. Bhéarfaid mé abhaile í, agus
má bhíonn mo mháthair sasta léithi, béidh sí 'mo bhái'rioghan
fhéin.”



Dubhairt an mháthair nach raibh aicí acht a'n chailín amháin
agus nach dtiocfadh léithi scaramaint leis an chailín sin.
Mar sin fhéin, leig sí leis í i ndeireadh, agus thug mac-an-
ríogh abhaile leis í. Bhí fáilte mhór roimhe léithi, agus fuair
sí a suipéir agus liobaidh (leabaidh) mhaith an oidhche ud.



Bean Bheag na Coise Moire.



Maidin lá'r n'a bhárach, thainic an sean-bháirioghan
chuicí, agus thug sí isteach í go dtí seomra 'na raibh roithneal
agus líon.



“Seo an obair a bheas agat indiu,” arsa'n bhái'ríoghan,
“an líon seo a shníomh.”



“Deanfaidh mé mo dhícheallt,” arsa'n cailín.



Acht nuair a chuir an bháirioghan an glas air an doras,
thosaigh an cailín ag guil. Chan fhacaidh sí roithneal ariamh
roimhe leis sin, nó líon acht an oir'd. Gá hé thainic isteach
air a fhuinneóig acht bean bheag.



“Goidé tá ort?” arsa sise, “nó gad chuige go bhfeil
tú ag caoineadh.”



“Tá an obair seo le deanamh agam, agus phósfadh
mac-an-ríogh mé dá mbéinn in innimhe é a shníomh. Acht
cha dtigid liom a dheanamh, agus cha bhíonn sé réidh agam
a choidhche.”



“Má chuirfidh tú cuireadh 'na bainise chugam, sníomh-
faidh mise é.”



“Cuirfidh mé a's fáilte,” arsa'n cailín.



Bhí cos iongantach mhór air an mhnaoí bhig seo, agus
shuidh sí síos aig an roithneál, agus chuir sí a spág mhór air
mhaide'n luastair. Char bhfada go raibh an líon uilig go
léir sníomhtha aicí, agus d'imthigh sí léithi amach air an
fhuinneóig arís. Nuair a thainic an bháiríoghan chun an cailín
a thabhairt 'na meadhóin-lae, bhí iongantas uirthi.



“Is tusa an cailín is fhéarr in Éirinn,” arsa sise.



Bean Bheag na Laimhe Moire.



Lá'r n'a bhárach, thug sí an cailín isteach i seomra mór
eile, 'na raibh seól, agus an snáth a shníomh sí an lá indé.



“Caithfid tú fígheadoireacht a dheanamh indiu, agus
lín-éadach a dhéanamh de'n tsnáth.”



D'imthigh an bháiríoghain agus thosaigh an cailín ag guil.
Gá hé thainic isteach air an fhuinneóig acht bean bheag agus
lamh iongantach mhór uirrthi.



“Gad chuige go bhfeil tú ag caoineadh?” arsa'n bhean
bheag.



“Cha dtigid liom an fhígheadoireacht seo a dhéanamh.”



“Fighfidh mé duid-sa é, ma bhéarfaidh tú cuireadh 'na
bainise chugam.”



“Bhearfaidh mé, a's fáilte.”



Thosaigh an bhean bheag ag fígheadoireacht leis an láimh
mhóir, agus nuair a bhí an snáth uilig fighte aicí, d'imthigh sí
amach air an fhuinneóig aris. Nuair a thainic an bháiríoghan
isteach chun an cailín a' thabhairt 'na meadhóin-lae, bhí
iongantas uirrthi arist.



“Chan fhaca me do léithid eile ariamh,” arsa sise leis
an chailín.



Bean Bheag na Sroine Moire.



Maidin lá'r n'a bhárach, thug sí an cailín isteach
i seomra eile 'na raibh geimheas (siosúr) agus méaragáin
agus snáthaidi agus snáth, agus an lín-éadach a dtearn sí
fígheadoireacht air indé.



“Caithfidh tú an lín-éadach seo a ghearradh amach agus
léinte a dheanamh de.”



D'imthigh an bháiríoghain agus thosaigh an cailín ag guil.
Ga hé thainic isteach air an fhuinneóig acht bean bheag agus
srón iongantach mhór uirrthi.



“Dheanfaidh mise an obair sin duid,” arsa'n bhean
bheag, “má bhéarfaidh tú cuireadh 'na bainise chugam.”



“Bhéarfaidh mé, agus fáilte,” arsa'n cailín.



Thosaigh an bhean bheag ag gearradh agus ag fuagháil,
agus nuair a bhí na léinte réidh aicí, d'imthigh sí amach air
an fhuinneóig aríst.



“Táim sasta anois,” arsa'n bháiríoghain nuair a thainic
sí isteach. “Is tusa an bhean atá i ndán do mo mhac agus
pósfar an bheirt agaibh seachtmhain o'n lá indiu.”



Lá'r n'a bhárach cuireadh cuireadh amach air íseal agus air
uasal chun lá mór spóirse agus pléisiúra agus cuideachta
a bheith aca lá na bainise. D'fhiafruigh mac-an-ríogh de'n
chailín arbh mhaith léithi go gcuirfidhe cuireadh chuige duine
muinteardha d'a cuid, agus d'ársuigh sí dó fa dtaobh de
na sean-mhnáibh, agus cuireadh cuireadh chuca fosd'.



An Posadh.



Pósadh iad agus bhí lá mór ann. Bhí go leór a's
réidhse le hól agus le hitheadh. Bhí an triúr cailleach
ann, agus bhí mac-an-ríogh ag amharc orra.



“Goidé 'n dóigh 'na bhfuair tú an chos sin?” arsa
seisean le mnaoí big na coise móire.



“Árso' mé sin duit,” arsa sise. “Bhí mé pósta, uair
amháin, cosmhail leat fhéin indiu, agus drochfhear a bhí 'm
fhear pósta. B'éigin damhsa a bheith a sníomh ó dhubh go
dorca, cun ár mbeirt a thabhairt i dtír. Le méud na
hoibre, fuaidh a raibh d'fhuil in mo cholainn isteach in mo
chois, agus sin a' dóigh 'na bhfuair mé an chos iontach mhór
seo.”



“Goidé 'n dóigh na bhfuair tú an lámh sin?” arsa
mac-an-ríogh le mnaoí big na láimhe móire.



“Árso' mé sin duid,” arsa sise. “Bhí mé pósta uair
amháin, cosmhail leat fhéin indiu, agus droch-fhear a bhí 'mo



(Ar lean. ar leath. a 8.)


L. 7


PÁIDÍN MAC GIOLLA BHUIDHE AS BUN THROISC.



II.



OBAIR NA bPÁISTÍ AGUS TAISMÍ BEAGA.



Ní fhuil páiste ar bith nach mbíonn ag déanamh aithrise
ar na daoiní fásta agus críonna, agus mar a bhí Páidín
beag, chan páiste a bhéadh ann muna ndéanfadh sé fear
mór, aosta, tuigsionach de fhéin i n-amanna. Bíonn deifir
mhór ar na páistí go mbéidh siad mór, agus is fada, de
bhrigh sin, a amharcann bliadhanta na h-óige le dearcadh
siar ortha. Ní h-í an mhíofhóighde amháin le h-éirghe as aois
na bpáistí, acht an méid a dtéidheann an t-aos óg fríd, a
thugann cosamhlacht fhada do'n tsaoghal shoineannta gan
choir a chaitheann an t-óige. Ar fhás aníos dúinn, leagtha
agus mar támuid ar an tsaoghal, is fada linn an lá, agus
téidheann ár saoghal thart agus sinne ag feitheamh i
dtóllaimh leis an bhárach. Nuair tá an ghrian ag soill-
siughadh, tá ár n-inntinn ar choinfheascar thráthnóna; agus
gidh gur sámh linn suan chodalta agus teine choigilte, tá
lúthghair orainn roimhe chlapsholus na maidne. Tá gach
nidh ar bogadh 'san chruinne agus na daoiní ag gluaiseacht
chun na síorraidheachta. Tá sé órduighthe dúinn de nádúr
bheith ag síor-imtheacht, agus mar sin, ní h'iongnadh é na
páistí bheith d'a ndéanamh fhéin aosta roimhe an am. Ní
fhuil a fhios ag na páistí cad é an buaidhreadh agus an
peacadh a bhaineann leis an aois. Síleann siad gur bhréagh
an rud bheith fásta, neamh-spleadhach, gan eagla roimhe an
tslait ortha, cead teachta agus imtheachta acu ar a
gcomhairle fhéin, agus, ar an ádhbhar sin, bíonn siad ag
déanamh fir agus mna díobhtha fhéin, agus iad níos mó dá
ríribh ná na daoiní móra iad fhéin. Agus ba mar sin do
Pháidín Mac Giolla Bhuidhe.



Ba mhinic a bhíodh tighthe beaga d'a ndéanamh ag Páidín
agus ag a chómharsanaigh óga eile ar chúl claidhe na i mbun
bruaich. Chruinnigheadh siad go léir annsin agus bhíodh
seanchainnt acu, ar nós a n-aithreach agus a maithreach, fa
neithe nach raibh ba mhó tuigsiona acu dóibh na bhí ag madadh
beag dubh Pháidín a bhíodh annsin ag lústair agus ag
crathadh rubaill leo. Ghnidheadh siad áirneal i lár an lae.
Bhíodh cárdaí imirte acu, déanta de pháipéir, dathuighthe le
cipín dóighte nuair nach n-éireochadh leó dubh agus peann
do sciobadh ó'n bhaile. Corr uair agus siopa a bhíodh acu
agus iad ag díol grábhal móna le chéile mar earraidhe.
Amanna eile a mbíodh scoil acu, mar go raibh an chuid
a ba sine acu ag dul chun na scoile. Teach pobal a bhíodh
acu corr uair agus bo mhór an dúil a bhí ag Páidín bheith
ag déanamh sagairt de fhéin. Bhí Páidín chómh dúthrachtach
díagrasach sin fa chosamhlacht cheart sagairt do bheith air
gur cuireadh dlighthe na geurleanamhna ar fóghnamh 'na
aghaidh lá amháin, agus caithfimid sin d'innse.



Aimsear Earraigh cheannuigheadh Seághan Ruadh saic
ghiúána le cur ar phréataí agus ar mheacain ráibe.
Chuireadh Páidín ceann de na saic air ag déanamh culaith
aifrinn de mar go raibh scríogacha gorma anuas ar na
málaí sin cosamhail leis an órnáid a bhíonn ar chasal an
tsagairt. Ní raibh sé i dtaitneamh Pháidín an chulaith uilig
do bheith ar a dhruim agus gan cumhdach beannuighthe ar bith
i dtoiseach: b'fhéarr leis an chasal do chaitheamh ar nós
scabaill. Ghlac sé díomhas lomtha na gcaorach, ghéarr
poll, scrabach straoilte giobach go leor, amach ar lár
an tsaic, chuir air léine gheal Dómhnaigh a athar, sháith a
cheann fríd an pholl agus siud gleusta é go h-áluinn mar
sagart. Bhí sé 'n-a sheasamh i gcois cloiche, a dhá láimh i
n-áirde aige mar a chonnaic sé an sagart 'gá dhéanamh lá
an stáisiúin. Acht faraor! i lár na h-oibre leig Seághan
Ruadh uaill mhillteannach as a bhain léim as an t-sagart
bheag. A léine ghlan Dhomhnaigh suaithte agus a bhaige
breagh stróchta ag an mhálaid leinbh seo! Níor bhain an
t-athair leis acht chuir an mháthair faoi pheannaid é: ghlac sí
slat sileóige agus d'fhág sí fearbha dearga ar a
luirgneacha. Agus nuair a bhí an gasur bocht ag sileadh
na ndeór mar mhairtír bheag ar son an chreidimh, fearg ar
an athair fa mhilleadh an tsaic, agus aoibh gháire ar bheul na
máthar, thainig smaoineadh fáidheamhail i n-a ceann-san.



“Na bac leis, a Sheághain,” arsa sise, “cuirfidh mé
do rogha geall leat go mbéidh mo leanbh beag 'n-a
shagart go fóill. Dia atá ag cur na smaointe sin 'n-a
cheann.”



“Cá bhfuigheadh sinne airgead le sagart do dhéanamh,
má's cómhartha ó Dhia sin fhéin? Ghlacfadh sé banc do bheith
ar do chúl le stócach do chur chun na Colaiste,” arsa
sesean.



“Má tá a léithid fa choinne duine,” arsa sise, “ní
fhuil dadadh le n-a chongbhail thar ais.”



“B'fhéidir sin,” arsa Seághan. Ní raibh ní ba mhó de
acht sin.



Mhair an cineal sin oibre go raibh Páidín seacht
mbliadhna, mar nach deachaidh sé chun na scoile go raibh sé
an aois sin: bhí an scoil i n-aice le trí mhíle uadh. Amach
as an chuideachta a bhíodh aige fhéin agus ag na paistí eile
thigeadh rud eigin go minic a dheanfadh páistí arís díobhtha.
Thainig contabhairt go minic ar Pháidín agus b'É Dia a
shábhail é na nar marbhuigheadh é. Ní labhairfidh sinn annseo
acht ar thrí eachtraí a chuir a chuid cleasaidheachta síos agus
suas, no a chuir i mbaoghal mhór é: bó, gabhar agus raithe,
na trí naimhde a thainig air.



Ní raibh sé mórán le dhá bhliadhain go leith no trí, nuair
a thainig eachtra na bó chuige. Lá deas griannmhar samhraidh
a bhí ann agus bhí Páidín agus a chompánaigh beaga ag
déanamh scoile ar fhoscadh coirneal dha chlaidhe. Bhí an
teagasg, na ceachtaí, an cur amach do lámh agus an uile
seort ag dul ar aghaidh go bréagh, nuair a scairt ceann
de na páistí: “Tógagaidh! tógagaidh; sin bo bhuidhe
Dháibhidh.” Bhí bó bhuidhe ag Dáibhidh a raibh droch ainm aice,
agus ní bhéadh duine coimhightheach no páiste ró-shábhailte
theacht i ngoire dí. Bhí dhá adhairc fhada, gheura uirthi, ag dul
amach thart cruinn mar lámhchrainn rothair. Theich an t-iom-
lan an méid a bhí i n-a gcuirp, acht chuaidh Páidín beag
isteach 'san chúinne, 'n-áit ar bhuail an dá chlaidhe le chéile,
agus thug an bhó bhuidhe dhroch-innteach sacadh air. Leig an
leanbh bocht búirtheach agus béicmheach iargcúlta as ag
iarraidhe tárrthala fhad agus bhí an bhó ar a teann-díchill le
n-a pholladh. Chár bhac do Pháidín go rabh adharca fada cama
ar an bhuin, óir, acht a b'é go raibh, bhéadh an scéul seo níos
giorra na tá. Bhí an bhó ag dingeadh bairr na n-adharc i
n-eadan na gclaidhe, ceann acu air gach claidhe díobh, agus
Páidín teannta isteach eatortha 'san choirneal. Is
cosamhail nach raibh ciall ag an ainmhidhe a leithcheann
d'iompughadh leis. Eadar screadach Pháidín agus glaodhadh
na bpáistí eile tugadh Seághan i láthair agus ba ghoirid go
raibh an bhó bhuidhe d'a lubadh fhéin faoi bhata Sheághain agus
gan dochar déanta.



“Tá rud eigin maith roimhe an ghasur sin óir is É Dia
a shábhail é,” arsa seisean. Fuair Páidín bocht scannradh
a chroidhe agus bhí léim as a chodladh ann go ceann bliadhna
'n-a dhiaidh. Thug an mháthair íde teangadh do bhean Dháibhidh,
nidh nach h-iongnadh, agus congbhuigheadh coimheud ní
b'fhéarr ar an bhuin bhradaigh ó sin amach.



Dubhairt mé cheana fhéin go raibh mhórán gabhar ar an
chnoc. 'Chífeá iad go minic ag teacht thar mhullach na sléibhe,
féasógaí fada ag bogadaighe faoi n-a smigid, agus
adharca i n-áirde siar ortha, agus iad mar shaighdiúrí 'n-a
líne chothrom ag dearcadh anuas ar Bhun Thruisg. Bhí cál
maith croidhe-gheal ag Seághan Ruadh 'san gharaidh mhór a bhí
os cionn an tighe agus chuir na gabhair dúil ann. Oidhche
amháin ghealaighe chuaidh Páidín amach ar an tsráid le
h-amharc uadh agus go bhfeicfeadh sé Domhnall na
gealaighe. Thug sé ádhbhar gáire d'a raibh istigh nuair a phill
sé, agus is seo mar bhí. Ba ghnáthach le seanbhean bhocht, a
bhíodh ag cruinniughadh a coda, do bheith ag dul thart fa'n
chompal agus “Cailleach na n-adharc” a bhí ag na daoiní
mar leasainm uirthi, chionn agus go raibh gruaig chatach ar
a ceann, casta mar a bhéadh adharca ann. Chualaidh Páidín
trácht uirthi, agus ba mhinic, nuair a bhíodh sé crosta, a
bhagróchaidhe cailleach na n-adharc air. An oidhche seo
chuaidh Páidín amach. Bhí an oidhche ciúin, uaigneach, agus
cumraidheacht sidhe ar Throsg Mór 'n-ait a raibh solus na
gealaighe ag teacht lorg a thaoibh air, ag baint lonnraidh as
na carraigeacha drúcht-thaise, agus ag déanamh scáilí fhada
dhorca amach ó bhuna na mbeann. D'amharc Páidín suas
agus thainig eagla bheag air. Le sin d'airigh sé meigeadach
bheag shocair i ndeas dó. Bhris an t-allus fuar amach air
agus sheasuigh an ghruaig ar a cheann. Ar aghaidh na


L. 8


gealaighe siar 'chídh sé toirt mhór ag bearna an gharaidh
mhóir mar a bhéadh duine féasogach ann, a dhá láimh ar
chlaidhe íseal an bhearnan, agus dhá adhairc ar mhullach a
chinn. Chonacthas dó go raibh cárr ionghantach gránda ar
an duine sin agus gur samhailt mná a bhí ann. Níor
mhair seo uilig acht leath bhumaite. Ní raibh sé i bhfad ó'n
doras. Leig sé béic as, agus isteach leis ag glaodhadh:



“Ó! Dhaidí, Dhaidí, tá cailleach na n-adharc amuigh ag
an bhearna agus í ag cur cáirr orm.” Bhrís na gáirí amach
ar an iomlan, amach leis an athair, agus an madadh beag
dubh leis, gur chuir tóir theann amach an cnoch ar threud
gabhar a bhí istigh 'san gharaidh ag gabhail do'n chál. Boc
gabhair a chonnaic Páidín, a raibh a dhá chois tosaigh i n-áirde
ar an chlaidhe aige, réidh le theacht amach.



Bhí Páidí Dhaibhidh ar a chuairt i dtigh Sheághain nuair a
tharla seo, agus thainig smaointiughadh diabhalta 'n-a cheann.
Nar dheas an rud Páidín beag do chur ag marcaidheacht
ar dhruim an ghabhair! Dá bhfuighfidhe greim ar cheann acu
b'fhurust sin do dhéanamh i ngan fhios. Caithfidh sé innse do
cupla gasúr eile agus socrughadh ar dhóigh éigin le breith
ar cheann de na gabhair: da mba boc é b'amhlaidh a b'fhéarr.
B'fhada go bhfhuair sé an uain. Bhí Páidín ag buaileadh
suas ar chúig bliadhna nuair a d'éirigh le Páidí Dháibhidh agus
a chuallacht an cleas d'imirt. Níor chongbhuigh greasughadh
an mhadaidh na gabhair ó theacht ó am go h-am. Bhí ceathrar
buachaillí acu ann le breith ar ghabhar agus chan oidhche
amháin no beirt a chaith siad ó thuitim na h-oidhche go raibh
am luighe ann, ag feitheamh leis na gabhair, óir an rud a
chuirfeadh mac Dháibhidh i n-a cheann ba deacair a bhaint as.
D'fhan na gasraí 'san gharaidh agus gan comh beag le osnadh
astu nuair a d'airigh siad na gabhair ag teacht. Ghoid Páidí
Dháibhidh teud an ghéarrain agus sheasuigh sé fhéin agus
diúlach eile istigh, duine acu ar gach taobh de'n bhearna
agus greim goirid ag gach duine acu ar cheann de'n teud.
Bhí rópa ag an bheirt eile fosta. Bhí an boc ar tosach, agus
nuair a ghéarr sé léim thar an chlaidhe íseal a bhí 'san
bhearna, theann na gasraí an teud chuca ar a léim, bhuail
cosa an ghabhair leis go h-ádhmhail, agus siud an boc 'n-a
luighe. Ba bhaoghalach an obair í, acht bhí na buachaillí
éascaidh, agus sul a raibh faill ag an ghabhar éirghe, bhí an
rópa fa n-a adharca agus greim ag an cheathrar air. Rópa
dola a bhí ag an bheirt eile agus b'é sin a righne an
graithe. Bhí an gabhar lán-láidear ag an iomlan, agus bhí
sé ag éirghe i n-áirde ar a chosa deiridh, agus greim adharc
acusan air. Bhí an unfhairt agus an strachailt comh mór
sin gur leag sé cuid acu. Níor fhan sé le troid, acht thug
sé leim thar an chlaidhe gur rith sé fad na téide. Chongbhuigh
na gasraí a ngréim agus ní raibh imtheacht aige ortha.
Tharraing siad an rópa isteach eadar ceann an chlaidhe agus
posta adhmaid a bhí ann, mar gur ghnáthach le geafta bheith
'san bhearna 'n-áit a raibh ísleacht an chlaidhe an t-am sin.
Ar an dóigh sin, ar tharraint na téide dóibh, d'éirigh leo an
gabhar do cheangal do'n phósta gan contabhairt ar bith dóibh
fhéin. Chuaidh duine acu isteach fa choinne Pháidín gan aon
duine d'a raibh istigh suim no sonnrughadh do chur ann.
Thainig Páidín beag amach, agus ba bhreagh leis mar chleas
marcaidheacht do dhéanamh ar ghabhar cheangailte.



Cuireadh an marcach beag ar mhuin an bhuic agus tugadh
greim adharc dó. Acht 'san dorchadas, scaoil na
bitheamhnaigh na ceanglacha agus as go bráth leis an ghabhar.
Ní dheachaidh sé ró-thapaidh siocair an t-ualach do bheith ar a
dhruim. Bhí eagla ar Pháidín theacht anuas agus chongbhuigh
sé greim báis ar na h-adharca, agus a dhá ghlúin d'a
n-fháisceadh aige le h-easnacha an ghabhair. B'olc an
diallaid cíor droma an bhuic, agus eadar an mhíoshasamh
sin agus an imnidhe, thoisigh an gol agus an caoineadh ag
Páidín, bhris na prútaigh gáire amach ar na gasraí eile
agus d'éirigh an tafann ag an mhadadh 'san chisteanach
istigh. Amach leis an mhadadh agus as leis an ghabhar ar
sodar. Gidh gur aisteach an scéul, níor thuit Páidín lom
díreach mar a shílfea, acht d'fhan sé tamall airid ar a
shuidheachan chorrach agus na bitheamhnaigh eile ag scairtidhe:



“Congbhuigh do ghreim, a bhodaigh, congbhuigh do ghreim.”



Bhí na gasraí agus teacht an mhadaidh eadar an gabhar
agus an cnoc ionnus go dtug an gabhar a thriall ar chúl an
tighe 'n-áit a raibh fánaidh síos go dtí an carn aoiligh a bhí
ós comhair na mboitheach amach. Ní raibh an t-aistear i bhfad
go dtí sin agus bhí an gabhar thíos thar chúl an tighe agus
Páidín 'n-a luighe i bpoll an chairn aoiligh sul a dtainig
Seághan Ruadh amach. Bhain an boc an sliabh amach agus an
madadh ag alpadh agus ag glaparnaighe 'n-a dhiaidh, agus
tógadh Páidín bocht fliuch, salach, báidhte beagnach, amach
as an pholl, acht gan dochar ar bith eile air acht an salachar
agus an clábar. Níor buaileadh aon bhuille air gidh go raibh
tuilleadh nigheachain ag an mháthair lá ar n-a bhárach.



“Droch chreach ar Dháibhidh, ar a mhac 's a bhó: bheirfidh
siad bás mó thárrthainn go fóill,” arsa sise.



Fuair Páidí Dháibhidh a chíos ó n-a athair an oidhche sin
agus níor fhéach sé le n-a léithid de chleas ní ba mhó.



Tamall measardha 'n-a dhiaidh seo bhí molt beag
bliadhna ag Seághan Ruadh imeasg na gcaorach agus ní
raibh crostact ar bith ariamh ann. Acht d'fhobair do Páidín
beag do mharbhughadh lá amháin, acht gur shíl an molt nach
raibh 'san mhéid a rigne sé acht miogar gan choir. Bhí na
caoirigh ag ingeilt go séimh ar leuna thráigh na locha, ar
labhramar uirthi cheana fhéin, ag piocadh go tapaidh ar
neóiní, searbháin, cuiseogaí, féur agus cúnach, agus tuaim
shuairceach cheólmhar d'á déanamh ag céud fiacal ar
choimhlint, nuair a tharraing Páidín ortha. Bhí aitheantas
aige ar na caoirigh uilig agus acu air. Thoisigh sé ag
déanamh caorach de fhéin ag dul ar a lámha agus ar a chosa.
Ba ghreannmhar an obair sin, dar leis an mholt, agus
sheasuigh sé ag stánadh ar Pháidín. Thainig Páidín i ngoire
dó. “Méidh,” arsa Páidín ag déanamh suas leis an
mholt; acht níor labhair an molt. “Méid-é,” arsa an
buachaill aríst acht freagra ní fhuair sé. Níor chorruigh an
t-uan go dtainig Páidín fhad leis agus gur leag sé a
éadan ar éadan an mhuilt: chonaic sé dhá uan ag déanamh
sin le chéile go minic. Leag an t-uan a éadan ar éadan
Pháidín. Rigne an dhis an rud ceudna i n-athuair agus an
tríomhadh uair go bog socair, ag dul ar cúl agus ag teacht
chun tosaigh gach cúrsa acu. Bá dheas an greann é, dar le
Páidín. Acht faraor! an ceathramhadh iarracht d'éirigh an
molt, agus sul ar mhóthuigh an gasur, bhuail rud éigin i
gclár an éadan é, d'éirigh na reultógaí i lár an lae,
chuaidh an fhairrge mhór fríd a cheann agus ní raibh a fhios
ag Páidín an dath ní ba mhó. Nuair a mhusgail sé bhí sé
'n-a shuidhe ar uillinn a athar ag tarraint chon tighe.
Bidheann clár an éadain cruaidh agus mar sin ní raibh caill
ar bith ar Pháidín.



“Bíodh sin agat,” arsa Seághan Ruadh; “na gabh i
ngoire an mhuilt níos mó.”



PÁDRAIG MAC GIOLLA CHEARA.



TOMÁS MHAC CUILEANNÁIN,
Ard-Cheannuidhe, Dún Dealgan.



Ta togha gach bídh agus rogha gach dighe le fághail annseo.



AN CAILÍN FALLSA.



(Ar lean. ó leath. a 6.)



fhear pósda. B'éigin damhsa bheith a fighe, ó bhánadh an lae
go dtí cromadh dubh na gréine. Le méud na hoibre air
an tseol, fuaidh a raibh d'fhuil 'mo chorp isteach 'mo láimh,
agus sin a dóigh 'na bhfuair mé an lamh seo.”



“Goidé 'n dóigh 'na bhfuair tú an an t-srón sin?” arsa
mac-an-ríogh le mnaoí big na sróine móire.



“Bhí mé pósta uair amháin, cosmhail leat fhéin indiu,
agus droch-fhear a bhí 'm fhear-pósda. B'éigin damhsa bheith
ag fuagháil ó mhaidin go h-oidhche agus leis an síor-
chromadh air an t-snáthaid, fuaidh a raibh d'fhuil in mo chorp
isteach in mo shróin, agus sin a' dóigh 'na bhfuair mé an
tsrón seo.”



“Dona go leór,” arsa mac-an-ríogh. “Cha bhíonn mo
bhean cosmhail libh-sa. Cha bhíonn sise ag sníomh nó ag
fígheadoireacht nó ag fuagháil, acht béidh sise 'na fíor-
bháiríoghain.”



Chan fhacas ba mhó an triúr cailleach, acht bhí saoghal air
a mian fhéin aig an chailín, gan dadadh le deanamh aicí acht
suidhe ins an ghrianan, cóiriste le n-a seódaí.



MUIREADHACH MÉITH.



LEABHAIR GAEDHILGE.



Má theastuigheann leabhar ar bith uait, nó eolus
i dtaoibh leabhair, cuir nóta ag triall ar



MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
87, Sráid Uach. na Driseóige,
i mBaile Átha Cliath.



Clódhbhualadh le h-aghaidh na seilbhtheoirí ag Oifig “Scriúduightheoir Dhúin Dealgan,” i nDún Dealgan.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services