Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalaidhe Óirghiall

Title
Sgéalaidhe Óirghiall
Author(s)
Bailithe ag Seosamh Laoide,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaeilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Réamhrádh.



Tá deireadh le “Sgéalaidhe Fearnmhuighe” anois.
An leabhar so chuirfeas deireadh leis, acht, dálta an
Phoenics, éireochaidh sé beó arís níos láidre agus
níos bláthmhaire, Bhí an sean-leabhar maith go leor le
n-a linn féin, acht bhí locht mór amháin air agus b'é sin
locht na práidhinne. I “n-Irisleabhar na Gaedhilge” do
cuireadh i gcló é i dtosach, sul má raibh leabhar le
déanamh de nó cuimhniughadh féin ar a leitheid. An té
thugadh aire dhó, bhíodh sé dócamhlach práidhinneach ó mhí
go mí agus é ag aithsgríobhadh gach sgéil le haghaidh an
“Irisleabhair.” Do réir an tseanfhocail, “práidhinn
mhór chroidhe agus moille mhór láimhe” bhíodh air, agus
bhí a shliocht sin ar an obair.



Is mór an t-athrughadh atá ins an leabhar so seach
“Sgéalaidhe Fearnmhuighe.” Ní'l “Toirdhealbhach”
ann — fuaras dóigh eile ar an sgéal atá i bhfad níos
fearr, .i. “An Long ar Eilteoig.” Is mór an chliú
do'n té do sgríobh “Mion-chaint na Midhe,” .i., do
Phádraig Ó Dubhthaigh, é chur i sgríbhinn.



Ní'l i “Murchadh Beag agus Murchadh Mór” acht
sgéal leanbaidhe. Is furus fós a fhághail in gach éan-
áird d'Éirinn. Ní'l de sgéalaidheacht againn i gcan-
amhaint an Fheadha acht é; sin an fáth ar leigeadh


L. vi


isteach é. Tá ainm eile air i gCúige Mumhan agus i
gCúige Chonnacht, .i., “Monachar agus Manachar.”



Rud eile atá ins an leabhar so, cruinneas sgéalta
do rinne Aodh Mac Gréacháin as Uíbh Eachach Uladh i
n-Uíbh Méith Mara i gCuailnge. Leath-dhuine, mar
adéarfá, do chaint Fhearnmhuighe canamhaint Chuailnge.
Cár mhisde, d'á bhrígh sin, iad a bheith ar aon iúl i leabhar
amháin? B'fhéidir nach bhfuil oiread de dheifriughadh
ionnta agus gheobhfaidhe i n-Urmhumhain agus i nDeas-
mhumhain agus, gan amhras, is fuide ó n-a chéile caint
na n-Umhall agus caint Chonmhaicne Mara.



Tá dúil agam nach gcuirfidh léightheoirí an leabhair
seo i n-aghaidh na ngiotaí beag ó'n Midhe. D'fhéadfainn
i bhfad níos mó 'ná sin do chur síos i gcanamhaint
na Midhe, acht gurab é gur “sgéalaidhe” an leabhar
agus nach duanaire é.



Toimhdear damh-sa anois, agus mé réidh leis an
obair, nach bhfuil sí gan a cion féin de lochtaibh uirthi.
Gheobhthar “mé,” “é” i sgéal agus “me,” “e” i
sgéal eile &rl. 'Sé an fáth atá leis sin, cibé rud do
litrigh Pádraig Ó Dubhthaigh nó Aodh Mac Gréacháin ar
nós barántamhail, níor mhaith liom-sa baint leis.
Tuigfidh an sluagh gurab é an chéad-sgríbhneoir is
ciontach leis na logannaibh seo agus nach é



An tEagarthóir.


L. 1


I. — Aodh Beag O Leabharcha.



1. Bhí bean ann aon uair amháin, & ní'l anois, & is
cuma gá hacú bhí nó nach rabh. Bhí mac aicí a rabh
Aodh Beag O Leabharcha air. Thainic se isteach aon lá
amháin chuige n-a mháthair.



“Fagh réidh cearc is bunnóg,” ars' eisean; “go
rachaidh me a dh'iarraidh nighne an ríogh.”



2. Dubhairt a mháthair leis, “Ó, a mhic mhoirnigh,
goidé chuir sin in do chionn? Nach muirbhfear thú, má
théid tú a chomhair thighe an ríogh? Chan fhuigheadh aon
duine nighean an ríogh acht an té bhainfeadh trí gháire
aistí.”



Dubhairt se gan ghéilleadh dó sin go rachadh.



3. D'imthigh Aodh Beag O Leabharcha is thug se sean-
bheitheach bán leis. Nuair a bhí se i bhfogus do gheata
an ríogh, chuaidh se a mharcaigheacht ar an tsean-bheitheach.
Bheir greim urbaill air is chuir se an beitheach ar ais
'un an gheata. D'fhiostruigh fear an gheata dhe goidé
bhí a dhíth air. Dubhairt se go rabh se ag dul a dh'iar-
raidh nighne an ríogh. Bhí sí thuas i mullach an tighe
báirr is rinn sí gáire mór.



“Tá trian de do nighin bainte agam, a rí,” arsa
Aodh Beag.



“Tá, le donas is le doghrainn daoi,” ars' an rí.



4. D'imthigh Aodh Beag a bhaile. Lá ar n-a bháireach
thug se boc gabhair leis. Chuaidh se a mharcaigheacht ar


L. 2


an mboc. Bheir se greim dhá adhairc air. D'fhiostruigh
fear an gheata gá rabh se ag dul. Dubhairt se go rabh
se ag dul a dh'iarraidh nighne an ríogh. Bhí nighean an
ríogh i mullach an tighe báirr is rinn sí gáire mór eile.



“Tá dhá thrian de do nighin bainte agam, a rí.”



“Tá, le donas is le doghrainn daoi,” ars' an rí.[”]



5. D'imthigh Aodh Beag a bhaile. Lá ar n-a bháireach
thug sé cráin mhuice leis. Nuair a bhí se ag an gheata,
chuaidh se a mharcaigheacht ar an chráin is bheir se greim
dhá chluais uirthí.



“Goidé tá a dhíth ort?” arsa fear an gheata.



“Tá me ag dul a dh'iarraidh nighne an ríogh,” arsa
Aodh Beag.



6. Bhí sí thuas i mullach an tighe báirr is rinn sí
gáire mór eile.



“'Nois, a rí, tá do nighean bainte agam.”



“Tá, le donas & le doghrainn daoi,” ars' an rí.



“Chan fhaghann tú anois í,” adeir an rí, “go mbearfaidh
tú cionn an fhathaigh thall atá ins an choill chugam.”



7. D'éirigh Aodh Beag ar maidin. Char bh'fhada gur
chas fathach mór air.



“A rógaire 's a chnéamhaire,” ars' an fathach, “goidé
rug ag teacht a chomhair m'áite thú? Is mór liom ine
ngreim thú, 's is beag liom ine ndá ghreim thú; ní'l
acht sgubóg luaithreadh ar bhárr mo theangadh ionnat.”



“Glór Dé os cionn do ghlóir, a bhodaigh shalaigh,”
arsa Aodh Beag.



“Gá hacú is fhearr leat, coraidheacht nó cruadh
chomhrac?” ars' an fathach.


L. 3


“Is fhearr liom coraidheacht,” arsa Aodh Beag.



8. Bheir siad ar a chéile ins na snadhmannaibh cruaidhe
coraidheachta go ndeanadh siad creagán de'n mbogán,
bogán de'n chreagán; dhá dtiocfadh duine ó íochtar an
domhain go huachtar an domhain, gur a dh'amharc ar an
dís seo thiocfadh. Char bh'fhada go dtug Aodh Beag
fásgadh dhó; chuir se go dtí n-a ghlúine is-talamh e,
an dara fásgadh go dtí bhásta a bhrístí, an treas
fásgadh go dtí ubhall a sgórnaighe.



9. “Fód geárr glas uaim os do chionn, a bhodaigh
shalaigh.”



“A Aodh Bhig Uí Leabharcha mhoirnigh, ná teana thusa
sin; bhearfaidh me a bhfeil amuigh 's istigh agam duid, 's
ná teana sin.”



10. “Is liom fhéin sin ó do lá-sa amach,” arsa Aodh
Beag, ag caitheamh a chinn de, naoi n-iomaire, naoi
n-eitrin, gan tuisleadh, gan tuirleadh. Bhí an cionn
ag teacht ar an cholainn aríst. Bhuail se bárr-chos
air.



“Char bh'fhoráil duid,” ars' an cionn; “dá bhfuighinn-
se ar an cholainn aríst, tusa ná fir Éirinne nach
sgaithfeadh e.”



“Bhí fhios agam fhéin sin,” arsa Aodh Beag.



11. Chaith se an cionn trasna a ghualainne. Bhí se
ag teacht a bhaile go tigh an ríogh. Chas fear ar an
mbealach air, agus é ceangailte do chrann. 'Sé an
t-ainm a bhí air an Crochaire Tárnochttha.



“A Aodh Bhig Uí Leabharcha mhoirnigh,” ars' an Crochaire
Tárnochttha, “sgaoil as seo me.”


L. 4


“Chan fhuil baint agam duid, is geabhfaidh me láimh
leat,” arsa Aodh Beag.



12. D'imthigh Aodh Beag go tigh an ríogh. Chaith se an
cionn 'uig an rígh. Bhí an rí lán áthais go rabh fathach
marbh.



Lá ar n-a bháireach d'imthigh Aodh Beag 'un na
coilleadh is chonnaic se fathach mór ag teacht. Thainic
an fathach chuige.



13. “A rógaire 's a chnéamhaire, mharbh tú mo
dhearbhráthair indé. Is mór liom ine ngreim thú 's is
beag liom ine ndá ghreim; ní'l acht sgubóg luaithreadh
ar bhárr mo theangadh ionnat.”



“Glór Dé os cionn do ghlóir, a bhodaigh shalaigh;
muirbhfidh mé thú fhéin indiú.”



14. Bheir siad ar a chéile ins na snadhmannaibh
cruaidhe coraidheachta go ndeanadh siad creagán de'n
mbogán, bogán de'n chreagán, tobar fíoruisge i lár
na cloiche glaise le neart, teann agus dochar ar an mball
sin; dhá dtiocfadh duine ó íochtar an domhain go
huachtar an domhain, gur a dh'amharc ar an dís seo
thiocfadh. Leis sin thug Aodh Beag fásgadh dó & chuir
se go dtí n-a ghlúine is-talamh e, an dara fásgadh go
dtí bhásta a bhrístí, an treas fásgadh go dtí ubhall a
sgórnaighe.



15. “Fód gearr glas uaim os do chionn, a bhodaigh
shalaigh.”



“A Aodh Bhig Uí Leabharcha mhoirnigh, ná teana thusa
sin; bhearfaidh me a bhfuil amuigh 's istigh agam duid.”



“Is liom fhéin sin ó do lá-sa amach,” arsa Aodh


L. 5


Beag, ag caitheamh a chinn de, naoi n-iomaire, naoi
n-eitrin, gan tuisleadh, gan tuirleadh. Bhí an cionn ag
teacht ar an cholainn aríst. Bhuail sé bárr-chos air.



“Char bh'fhoráil duid,” ars' an cionn; “dhá bhfuighinn-
se ar an cholainn aríst, tusa ná fir Éirinne nach
sgaithfeadh e.”



16. Thug Aodh Beag an cionn leis trasna a ghualainne
go rabh se 'san áit i rabh an Crochaire Tárnochttha.



“A Aodh Bhig Uí Leabharcha, sgaoil as seo me,” ars'
an Crochaire Tárnochttha.



“Chan fhuil baint agam duid, is geabhfaidh me láimh
leat,” arsa Aodh Beag.



17. D'imthigh leis go tigh an ríogh & cionn an fhathaigh
leis. Bhí an rí lán áthais go rabh an dá fhathach marbh.
Thug se isteach 'un tighe é, & thug se togha gach bídh dó
is rogha gach dighe is fuair liobaidh dó.



Ar maidin d'éirigh Aodh Beag is chuaidh 'un na
coilleadh aríst. Chonnaic se fathach mór ag teacht.



18. “A rógaire 's a chnéamhaire,” ars' an fathach,
“goidé bheir ag teacht fá mo chúirt fá mo chathair thú,
i ndéidh mo bheirt dearbhráthar a mharbhadh? Is mór
liom ine ngreim thú, is beag liom ine ndá ghreim thú,
's ní'l acht sgubóg luaithreadh ar bhárr mo theangadh
ionnat.”



“Glór Dé os cionn do ghlóir,” arsa Aodh Beag,
“b'fhéadar go muirbhfinn thú fhéin indiú.”



19. Bheir siad ar a chéile ins na snadhmannaibh
cruaidhe coraidheachta go ndeanadh siad creagán de'n
mbogán, bogán de'n chreagán, is tobar fíoruisge i


L. 6


lár na cloiche glaise le neart, teann is dochar ar an
mball sin; dhá dtiocfadh duine ó íochtar an domhain
go huachtar an domhain, gur a dh'amharc ar an dís seo
thiocfadh. Thug Aodh fásgadh dó is chuir se go dtí n-a
ghlúine is-talamh e, an dara fásgadh go dtí bhásta a
bhrístí, an treas fásgadh go dtí ubhall a sgórnaighe.



20. “Fód gearr glas uaim os do chionn, a bhodaigh
shalaigh.”



“A Aodh Bhig Uí Leabharcha, ná teana thusa sin;
bhearfaidh me a bhfeil amuigh 's istigh agam duid.”



“'S liom fhéin sin ó dó lá-sa amach,” arsa Aódh
Beag, ag caitheamh a chinn de naoi n-iomaire, naoi
n-eitrin, gan tuisleadh, gan tuirleadh. Bhí an cionn
ag teacht ar an cholainn aríst. Bhuail se bárr-chos
air.



21. “Char bh'fhoráil duid,” ars' an cionn; “dhá
bhfuighinn-se ar an cholainn aríst, tusa ná fir Éirinne
nach sgaithfeadh é.”



“Bhí fhios agam fhéin sin,” arsa Aodh Beag, ag
caitheamh an chinn trasna a ghualainne. D'imthigh leis
go rabh se ag Crochaire an Tárnochttha.



“A Aodh Bhig Uí Leabharcha, sgaoil as seo me,” ars'
eisean.



22. Leig Aodh Beag an cionn síos ar an talamh.
Sgaoil se an Crochaire Tárnochttha. Bheir an Crochaire
Tárnochttha ar Aodh Bheag, bhain se a chuid éadaigh de
is chuir se a chuid éadaigh fhéin ar Aodh Bheag. Cheangail
se Aodh Beag de'n chrann. Thug se cionn an fhathaigh
leis go tigh an ríogh. Bhí an rí lán áthais go rabh na


L. 7


fathaigh marbh. Shaoil se gur'b é Aodh Beag a bhí aige.
Bhí oidhche spóirt is ceoil acú eadra sin is maidin.
Thug an Crochaire Tárnochttha nighean an ríogh leis.
Ar maidin, nuair a d'éirigh an rí, bhí a nighean ar
siubhal. Chuala se gur'b é an Crochaire Tárnochttha
thug a nighean leis. Chuir se fir amach a chuartughadh
Aodha Bhig. Fuair siad ceangailte de'n chrann e.
Sgaoil siad e. Thug siad a bhaile go tigh an ríogh e.



23. Bhí an rí dócrach buaidheartha gur tugadh an
bhean ar siubhal.



“Bhearfaidh me áit na bhfathach duid,” ars' eisean le
hAodh Beag, “acht fanach agam.”



“Chan fhanaim,” arsa Aodh, “go rachaidh me a chuar-
tughadh mo mhná.”



24. Fuair se réidh an chearc 's an bhunnóg. D'imthigh
se leis gur chas abhainn air. Chuaidh se a nighe a chos.
Chonnaic se breac mór 'san abhainn. Dubhairt se leis
an bhreac:



“Is maith agam thú le haghaidh mo bhunnóige.”



“A Aodh Bhig Uí Leabharcha mhoirnigh, ná teana thusa sin,
's ní'l aon chruadh-chás a mbéidh tú ionn nach gcuideóchaidh
me leat.”



25. D'imthigh leis gur chas cú bheag ghearr ghlas ar
thaoibh sléibhe air. Chuaidh se ag ithe greim. D'iarr se
ar an chú cuidiughadh leis.



Dubhairt an chú, “Chan fhiú duid mo leithid-se i bhfad
a bheith ar aon iúl leat.”



Chaith se a sháith de'n arán chuig an chú.


L. 8


“Ní'l aon chruadh-chás,” ars' an chú, “a mbéidh tú
choidhche ionn nach gcuideóchaidh mé leat.”



26. D'imthigh Aodh Beag leis. Char stad se go rabh
se aige tigh an Chrochaire Tárnochttha. Chonnaic nighean
an ríogh ag teacht e.



“Céad míle fáilte dhuid, a Aodh”; adeir sí, “shaoil
mé nach bhfeicfinn a choidhche thú. Ní'l fhios agam goidé
dhéanfas mé leat. Nuair a thiocfas an fathach seo a
bhaile, muirbhfidh se thú.”



Bhí lá spóirt acú go rabh an tráth moill ag teacht.
Chuir sí Aodh Beag i bhfolach.



27. Thainic an Crochaire Tárnochttha isteach, sean-
bheitheach leis trasna a ghualainne. Tharraing thríd
an teinidh is thríd an luaithridh e, is thríd na fiacla fada
fuara, is d'fhág thuas e ar aon ghreim amháin. Ars'
eisean:



“Frú, frá, féasóg, mothuighim boladh an Éireannaigh
bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá mo chúirt is fá mo
chathair anocht.”



“A rúin 's a ghrádh 's a mhic is fearr nó an t-athair,
bhí mise i mullach an tighe báirr; bhí éanlaith beaga na
hÉirinne ag luighe orm.”



“Ó, b'fhéadar soin, b'fhéadar soin,” ars' eisean.



28. “'Nois;” arsa nighean an ríogh, “dhá bhfuighfeá
thusa bás, goidé dheanfainn-se 'sa tír strainseartha
so?”



“Óch! Ó!” ars' eisean, “chan fhaghaim-sa bás a
choidhche; chan ionnam fhéin atá mh'anam.”


L. 9


“Ó! is gá bhfeil se?” arsa nighean an ríogh.



“Tá sé ins an mbáinseoig ghlas tá os coinne an
doruis.”



29. D'imthigh leis ar maidin. D'éirigh nighean an ríogh
is fuair sí rósaí is pamhsiní & gach aon seort dh'a rabh
deas is chuir sí thart ar an mbáinseoig e.



Ag teacht a bhaile do'n Chrochaire Tárnochttha, bhí fiadh
mór trasna a ghualainne leis. Tharraing thríd an
teinidh is thríd an luaithridh e, is thríd na fiacla fada
fuara, is d'fhág thuas e ar aon ghreim amháin e.



30. “Frú, frá, féasóg, mothuighim boladh an Éir-
eannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá mo chúirt is fá
mo chathair anocht,” ars' eisean.



“A rúin 's a ghrádh, nach mbéidh sin ann, fas is bheas
mise ann?”



“Tá & tuilleadh ann” adeir se.



“Ó, bhí mise i mullach an tighe báirr, & bhí éanlaith
beaga na hÉirinne ag luighe orm.”



“B'fhéadar soin, b'fhéadar soin,” ars' eisean.



31. Chuaidh se amach.



“Goidé an sgéal do'n mbáinseoig a bheith lán rósaí
is pamhsiní?” ars' eisean.



“Nár 'ubhairt tú,” arsa nighean an ríogh, “gur sin
an áit i rabh d'anam? Budh mhaith liom a bheith moi-
neach ar an áit i rabh d'anam.”



“Óch! Ó!” adeir se, “dhá mbéidheadh fhios agad gá
bhfuil m'anam, is cosmhail go mbeifeá moirneach air?”



“Bhéidhinn, bhéidhinn,” adeir sí, “moirneach air.”


L. 10


32. “Tá crann thíos annsin ar bhruach na fairrge is
tá tonnóg istigh 'sa chrann & tá uigh ag an tonnóig &
istigh 'san uigh atá m'anam, & chan fhaghaim-sa bás a
choidhche go dtí go dtiocfaidh Aodh Beag O Leabharcha
atá i n-Éirinn 's go ngeárrfaidh se an crann leis an
tuaigh bhriste bhearnaigh tá faoi'n liobaidh, & sin rud
nach dtig a choidhche.”



33. Ar maidin lá ar n-a bháireach, nuair a d'imthigh
an Crochaire Tárnochttha, d'imthigh Aodh Beag is fuair
se an tuagh. Thoisigh a gheárradh an chroinn. Nuair a
bhí an crann i bhfogus do bheith geárrtha, léim tonnóg
amach as ins an fhairrge.



“A chú bheag gheárr ghlas a chas orm 'sa tsliabh, rith
is gabh an tonnóg damh,” arsa Aodh.



Rith an chú is ghabh se an tonnóg dó. Thuit an uigh as
an tonnóig.



“Ó, a bhreic mhoirnigh chas orm, fagh an uigh damh.”



34. Rith an breac is fuair se an uigh dó. Bhí an
Crochaire Tárnochttha ag teacht, lán samhláis. Bheir
Aodh Beag ar an uigh & bhuail i gclár an éadain e.
Thuit se marbh. D'imthigh Aodh Beag is bhain se an
cionn de.



35. Chruinnigh siad a rabh a shaidhbhreas amuigh 's
istigh aige. Thainic a bhaile go tigh an ríogh. Bhí an rí
lán-lúthghaireach fá Aodh Bheag is fá n-a nighin a theacht
a bhaile. Bhí banais lae is bliadhna acú, an lá deir-
eannach comh maith leis an chead lá.



Sin mo sgéal-sa & broth in do bhéal-sa & ceapaire
fada buidhe in mo bhéal-sa.


L. 11


II. — Ridire Labhradha Luirc.



1. Bhí rí aon uair amháin i Manainn ar bh'ainm dó
Ridire Ruadh mhac Labhradha Luirc. Bhí arm mór láidir
ag géillbheáilt dó & gach aon bhliadhain ine n-am de'n
bhliadhain chuirthí fear de na fearaibh & cha dtiocfaidhe
tuarasgbháil ar bith fhághail uabhtha.



2. Bhí bean fogus go maith do Mhanainn. Bhí fleas-
gach deas óg mic aicí & cha rabh aon mhac aicí acht é.
Thainic a sheal gur chuir an rí fios air, & chuaidh a
mháthair chuig an rígh & chaith sí í fhéin faoi n-a chuimrighe
& dubhairt sí leis nach rabh aon mhac aicí acht é & go
rabh eagla uirthí go gcaillfeadh sí e. Dubhairt an rí
léithi nach gcaillfeadh. Chuaidh an buachaill chuig an
rígh & chuir an rí rún air gan a ársuighe do dhuine ar
bith beó goidé chonnaic se.



3. Chuaidh an buachaill a bhaile chuige n-a mháthair ar
ais & chuaidh se ar druim nach n-aithneóchadh duine ar
bith e & bhí se ar lí báis. Dubhairt gach dochtúir leis
nach dtiocfadh leobhtha an dadaidh a dheanamh dó, &
chuaidh a mháthair chuige sean-dhall a bhí ins an tír leis, &
dubhairt se nach rabh rud ar bith air acht rud amháin,
rún mór a bhí ar a intinn, & acht mur n-innseóchadh se
sin, go ngeobhadh se bás. Dubhairt an buachaill leis,
dhá ngeobhadh se bás, nach n-innseóchadh se an rún do
aon dhuine beó. Dubhairt an sean-dhall leis a dhul 'un
na coilleadh & a rún a leigint le crann & go ndeanfadh
se cómh maith. Chuaidh an buachaill 'un na coilleadh &
léig se a rún leis an chrann.


L. 12


4. Seal 'na dhéidh sin bhí an chláirseach a bhí ins an
chaisleán (.i. i gCaisleán Mhanann) le cur i n-órdughadh
& dubhairt fear dhéanta na cláirsighe go gcaithfidhe
crann úr fhághail dí. Chuaidh siad 'un na coilleadh &
gheárr siad an crann ar léig an buachaill a rún leis.



5. Nuair a cuireadh an chláirseach i n-órdughadh &
nuair a sheinn fear na dtéadaibh an chláirseach, deireadh
sí, “Tá dhá chluais capaill ar Ridire Labhradha Luirc.”
D'fhéach gach fear ollamh ná téadaibh dh'a rabh ins an
chaisleán ar an chláirsigh & deireadh sí go “rabh dá
chluais capaill ar Ridire Labhradha Luirc.” Thainic an
rí e fhéin i láthair & bhain se de a hata, sgaoil se síos
a dhá chluais capaill & char cheangail se suas ariamh 'na
dhéidh sin iad. Char chuir se aon dhuine 'un báis ní
'mhó.



III. — An Dearbhráthair Bocht agus an
Dearbhráthair Saidhbhir.



1. Bhí beirt dearbhráthar aon uair amháin. Bhí fear
acú a rabh an iomad saidhbhris aige, & an fear eile, bhí
se bocht, bhí a lán tighe dhe pháistíbh aige, bhí droch-dhóigh
ortha & cha rabh an dadaidh acú le n'ithe.



2. An fear bocht (.i., an fear déirce), bhuail se
isteach tráthnóna lá 'ucú. D'iarr se lóisdin go lá.
Thainic an oidhche. Bhí se ag amharc ar na páistíbh
bochta.



“Tá an t-ocras ar na páistíbh bochta,” adeir se le
fear an tighe.


L. 13


“Chan fhuil neart agam air,” arsa fear an tighe;
“tá an aimsir gann.”



“Gá hé tá 'na chomhnaidhe 'sa tigh mór sin thall ná
gá leis e?” ars' an fear bocht.



“Sin mo dhearbhráthair-sa,” adeir fear an tighe.



“Siubhail leat,” adeir an fear bocht, “go mbain-
imid caora as an stoc.”



3. D'imthigh an bheirt leobhtha. Ghabh an fear bocht
caora mhaith reamhar is thug se leis í. Thainic siad a
bhaile is bhain siad an croiceann dí. Bhruith siad
pota maith feola do na páistíbh.



4. Ar maidin lá ar n-a bháireach, nuair a d'éirigh an
sgológ, chonntais se na caoirigh is bhí se cionn geárr.
Thainic se anall 'uige n-a dhearbhráthair & dubhairt se
leis gur goideadh caora aréir uadh:



“Tá se comh maith agad a theacht d'á cuartughadh.”



“Rachaidh mise libh,” ars' an fear bocht.



5. D'imthigh leobhtha d'á cuartughadh & an fear bocht
leobhtha. Chuir an fear bocht cos suas gach aon
mhuinchilte. Nuair a bhí siad ag dul amach ar an
gheata, chrom an fear bocht & d'fhág se lorg na gcos
ins an chlábar.



“'Nois,” adeir se leis an duine uasal, “nach seo
lorg caorach 'sa gheata?”



6. Ní'l aon gheata a dteachaidh siad amach air nachar
fhág an fear bocht lorg na gcos ins an chlábar. Lean
siad do lorg na gcos annsin go rabh an oidhche ann.



“Tá se comh maith againn pilleadh a bhaile,” ars' an
fear bocht; “chaill muid lorg na gcos.”


L. 14


7. Thainic siad a bhaile. An oidhche chéadna, d'imthigh
siad is thug siad caora eile leobhtha. Bhain siad an
croiceann dí. Fuair siad réidh pota bréagh dí. Ar
maidin lá ar n-a bháireach, thainic an fear aríst chucú.



“A dhearbhráthair mhoirnigh,” adeir se, “goideadh
caora eile aréir uaim.”



8. D'imthigh siad d'á cuartughadh & an fear bocht
leobhtha. Ní'l aon gheata a rachadh siad amach air nach
bhfuigfeadh an fear bocht lorg na gcos ins an chlábar.
Nuair a thainic an tráthnóna aríst:



“Tá se chomh maith againn pilleadh a bhaile,” ars' an
fear bocht.



9. Nuair a thainic siad a bhaile 's a shocruigh gach aon
rud, thug siad bológ reamhar leobhtha. Bhain siad an
croiceann dí. Fuair siad réidh pota bréagh dí. D'ith
na páistí a sáith de'n fheoil. Dubhairt an duine
uasal le n-a mháthair nach rabh 'fhios aige goidé budh
sgéal dó go rabh siad ag spórt 's ag pléisiur anois.



“Ársóchaidh mise duid,” ars' an mháthair; “Fagh
réidh cófhra mór. Rachaidh mise isteach 'sa chófra,”
adeir sí. “Cuir lón seachtmhaine ionn.”



10. Chuir se a mháthair isteach 'sa chófra. Thug se
leis an cófhra is d'fhág se i dtigh a dhearbhráthar e.
Dubhairt se leis an cófhra choingbheáil, nach rabh far-
sainneach aige dó 'sa mbaile.



Thainic an fear bocht isteach:



“Gá bhfuaras an cófhra seo ná goidé t'ann?”



“Chan fheil 'fhios agam,” adeir fear an tighe; “char
amhairc me air.”


L. 15


“Óch! Ó!” adeir an fear bocht; “béidh 'fhios
agam-sa goidé t'ann!”



11. D'fhosgail se clár an chófhra & fuair se an
chailleach istigh ann.



“Ó, a chailleach bhradach, bhí dúil agad sgéala bheith a
bhaile leat!” ars' eisean.



Fuair se greim feola & chuir se síos i n-a béal e,
is thacht se í.



I gcionn na seachtmhaine thug an fear saidhbhir an
cófhra a bhaile. Nuair a d'fhosgail se an cófhra, fuair
se a mháthair marbh istigh 'sa chófhra. Fuair se réidh
comhgar & d'iolc se a mháthair.



12. An oidhche chéadna d'iolcadh í, d'imthigh an fear
bocht is thóg se aríst í. Thug se leis ar a dhruim í &
d'fhág se ag an chruaich mhónadh í is dhá bhata fúithi.
Chuaidh duine isteach 'uig an sgolóig & dubhairt se leis
go rabh a mháthair ag an chruaich mhónadh. Thainic se
anuas go tigh a dhearbhráthara.



13. “Pop! pop!” adeir se le n-a dhearbhráthair,
“tá mo mháthair ag an chruaich mhónadh.”



“Ársóchaidh mise gad dhéanfaidh tú léithi,” ars' an
fear bocht; “char chaith tú leath a sáithe léithi. Cuir
mála maith óir faoi n-a cionn is mála airgid faoi
n-a cosaibh.”



14. Chuaidh se a bhaile is chuir se mála óir faoi n-a
cionn is mála airgid faoi n-a cosaibh 'sa chomhraidh.
Chuaidh siad is d'iolc siad í. D'imthigh an fear bocht is
d'fhosgail se an chomhraidh is thug se an mála airgid &
an mála óir leis a bhaile, 's an tsean-bhean, thug se leis


L. 16


ar a dhruim í. D'fhág sé 'na seasamh ag an dorus í &
dhá bhata fúithi.



15. Nuair a chuaidh an sgéal isteach 'uig an sgolóig
annsin go rabh a mháthair ag an dorus, rith se anuas an
áit i rabh a dhearbhráthair 's an fear bocht:



“Thainic mo mháthair ar ais aríst!”



“Ó, má thainic, ársóchaidh mise anois goidé dhéanfaidh
tú léithi. Tabhair an treas chuid de do chuid saidhbhreas
do'n bhfear bhocht so, 's cha chuireann do mháthair triob-
lóid níos mó ort.”



16. Rinn an sgológ sin. Thug se an treas chuid
d'á chuid saidhbhreas d'á dhearbhráthair, do'n bhfear bhocht.
Thug. Chuaidh se is d'iolc se a mháthair. Cha dtainic sí
ar ais níos mó. Sin é mo sgéal-sa.



IV. — An Fear a Chuir Cluain ar an mBás.



1. Bhí fear ionn aon uair amháin & is cuma gá hacu
bhí nó nach rabh. Bhí beirt mhac aige. Nuair a bhí se ag
fághail bháis, shocruigh se: d'fhág se a roinn fhéin aige
gach fear acu. Thárlaidh fear acu a bheith saidhbhir, & an
fear eile dócrach bocht & bhí muirighin mhór chloinne
aige. Rugadh mac óg eile do'n fhear bhocht & chuaidh se
a chuartughadh cáirdeas' Críosta dhó. Nuair a chuaidh
píosa de'n mbóthar, chas fear ins an ród air. D'fhios-
truigh se de gá rabh se ag dul. Dubhairt se go rabh se
ag dul a chuartughadh cáirdeas' Críosta le haghaidh a
chuir faoi n-a mhac.


L. 17


2. “Tabhair mise leat,” ars' an fear.



“Gá hé thusa?”



“Mise Rí an Domhnaigh.”



“Cha dtugaim-sa thusa liom.”



3. Shiubhail se leis an ród gur chas fear eile air &
d'fhiostruigh se de gá rabh se ag dul, & dubhairt se leis
go rabh se ag dul a chuartughadh cáirdeas' Críosta le
haghaidh a chuir faoi n-a mhac.



4. “Tabhair mise leat.”



“Gá hé tusa.”



“Mise Mac Dé.”



“Cha dtugaim-sa thusa liom,” ars' an fear; “tá
tusa ag fágáilt móráin de'n tsaoghal aige cuid acu,
& an chuid eile ar ghann-chuid.”



5. Shiubhail se leis an ród gur chas fear eile air &
d'fhiostruigh se de gá rabh se ag dul. Dubhairt se go
rabh se ag dul a chuartughadh cáirdeas' Críosta d'á chur
faoi n-a mhac.



6. “Tabhair mise leat.”



“Gá hé thusa?” ars' an fear.



“Mise an bás.”



“Tusa an fear a bhearfas me liom. Is tú is cniosda
ar bith. Bhearann tú leat iad as an éadan ó'n rígh go
dtí an bacach. Cha ghlacann tú duais ó aon dhuine.”



7. Chuaidh se leis an pháiste, le n-a mhac, & ar a
philleadh, dubhairt se leis go bhfuigfeadh se dóigh
bheathadh air. Dubhairt se leis go mbéidheadh se 'na
dhochtuir, &, duine ar bith a bhfeicfeadh se eisean aige
n-a chionn, gan glacaint le n-a léigheas, acht a thabhairt


L. 18


suas le bás, & duine ar bith a bhfeicfeadh se aige n-a
chosaibh é, é ghlacadh le n-a léigheas, & go bhfuigheadh se
biseach.



8. Bhí se ag léigheas gach duine as an éadan ar
ghlac se le n-a léigheas. Cha rabh dochtuir ar bith ins
an áit ab' fhearr nó e, go dtainic se chuige rígh a bhí le
bás & cuireadh fios air le n-a léigheas.



9. Nuair a chuaidh se chuige, fuair se an bás aige
n-a chionn. D'órduigh se ceathrar chuig an liobaidh, &
an rí a thionntodh, & a chionn a chur chuig an áit i rabh a
chosa. Léigheas se an rí annsin, & nuair a bhí se ar a
philleadh a bhaile, chas an bás leis & dubhairt se leis
fághail réidh go dtiocfadh se leis i n-áit an ríogh.
Dubhairt an fear leis téarma eile thabhairt dó go
socróchadh se eadra n-a bhean & a chlann sol mar
n-éagfadh se. Thug an bás téarma eile dó. Nuair a
bhí an téarma sin suas, thainic an bás chuige aríst.
Dubhairt se leis fághail réidh go dtiocfadh se leis.
Dubhairt an fear leis am a thabhairt dó chun a phaid-
reacha rádh. Dubhairt an bás leis go mbearfadh &
dubhairt se leis an mbás nach ndéarfadh se an phaidir
go bráth.



10. Seal 'na dhéidh sin, bhí se ag teacht i n-éis a bheith
aige duine uasal d'á léigheas, & ins na páirceannaibh
glasa chas gasúr beag air & é buailte brúighte
strócthaí lán-treadhach. Thóg an dochtuir suas e &
ghlan se & nigh se an fhuil de & d'fhiostruigh se de goidé
rug annsin é. Dubhairt se leis gur bhuail a gháid & a
mháthair ar shiubhal e, nuair nach dtiocfadh leis a


L. 19


phaidreacha rádh, & gur bhuail an tarbh mór sin thall e &
gur sheas se uilig air. Chuaidh an dochtuir a fhoghlaimt
a phaidreacha dó, & d'éirigh an bás & dubhairt se go rabh
se an t-am dó éirghe & a theacht leis anois nuair
adubhairt se a phaidreacha.



V. — An Bacach Mór.



1. Má bhí an uair sin, ní'l anois. Dhá mbéidheadh
féin, badh chríon liath an seanchaidhe mé 's char bh'fhearr
nó an t-uirsgéalaidhe. Mála buidhe na seacht sean-
leabhar a d'iomchróchainn ar chíor-fhiaclaibh mo dhroma,
le cruime, le críne, le sean-ársaidheacht. Cé go bhfeil
me 'g dul a dh'ársuighe an sgéil seo dhuid-se anocht,
cha mhóide go bhfeil 'fhios agam. Má's dona tá 'fhios
agam-sa anocht, go rabh sé níos measa agad-sa 'san
oidhche i mbáireach, go mbéidh tú ag teacht d'á fhoghlaim
chugam-sa 'san oidhche anóirthear.



2. Bhí rí aon uair amháin is bhí mac aige. Chuaidh mac
an ríogh amach ar an tráigh. Thainic buachaill caol
ruadh chuige.



“An n-imreóchaidh tú cluiche cárdaidhe, a mhic an
ríogh?” ars' an buachaill caol ruadh.



“Cha misde liom,” arsa mac an ríogh.



Chuir mac an ríogh an cluiche air.



“Tabhair do bhreith, a mhic an ríogh,” ars' an buachaill
caol ruadh.


L. 20


“Cuirim fá gheasaibh thú rith na bliadhna, buinne geal
caisleáin a bheith tógthaí annseo ar maidin i mbárach.”



3. Ar maidin lá ar n-a bháireach bhí an caisleán
tógthaí. Thainic an buachaill caol ruadh chuige arís.



“An n-imreóchaidh tú cluiche cárdaidhe, a mhic an
ríogh?”



“Cha misde liom,” arsa mac an ríogh.



Chuir mac an ríogh an cluiche air.



“Tabhair do bhreith, a mhic an ríogh.”



“Cuirim fá gheasaibh 's fá dhíomdha na bliadhna thú,
an chaoin-bhean is deise tá ar an domhan a bheith ann-
seo faoi chionn lae 's bliadhna ná ar maidin i mbárach,
is amhlaidh is fearr.”



4. Ar maidin lá ar n-a bhárach thainic an buachaill
caol ruadh 's an bhean is deise bhí ar an domhan leis.
Thug do mhac an ríogh ar ghreim láimhe í.



“An n-imreóchaidh tú cluiche cárdaidhe eile, a mhic
an ríogh?” ars' eisean.



“Cha misde liom,” arsa mac an ríogh.



Chuir an buachaill caol ruadh an cluiche air.



“Tabhair do bhreith,” arsa mac an ríogh.



“Cuirim fá gheasaibh 's fá dhíomdha na bliadhna thú, an
claidheamh soluis t'aige an mBacach Mór, rígh na
Sorcha, & fios Mhianach an Anóglaigh bheith annseo agad
faoi chionn lae is bliadhna ná ar maidin i mbáireach,
is amhlaidh is fearr.”



5. Chuaidh mac an ríogh isteach i n-a thigh féin is shuidh
se ar chathaoir & leig se osnadh mór as.



“Sin osnadh mic ríogh fá gheasaibh,” ars' an bhean leis.


L. 21


Ar maidin lá ar n-a bháireach d'éirigh mac ar ríogh is
chuir se a chulaith chatha air, is é sgríobhtha ar chúl a
chlaidhimh gur'b é fhéin árd-ghaisgidheach an domhain.



“Maise, fan anois go Lá Fheil' Brighde;” ars' an
bhean leis, “béidh an lá ag éirghe fada 's is furus duid
an t-astar a dhéanamh.”



6. Nuair a thainic Lá Fheil' Brighde, d'éirigh mac an
ríogh.



“Maise, fan anois go dtiocfaidh Lá Béaltaine,”
ars' ise.



Nuair a thainic Lá Béaltaine, d'éirigh mac an ríogh
ar maidin.



“Tá se cómh maith agad anois fanach go dtiocfaidh
Lá Lughnasa,” ars' an bhean leis.



7. Má budh mhoch thainic Lá Lughnasa, d'éirigh mac an
ríogh is fuair se réidh le n-a astar go rabh sé aige
bruach na fairrge. Chan fhaca se luighe ná báda.
Rinn se luighe de a hata, crann seoil de n-a bhata,
bratacha de n-a léinidh, is téatracha de n-a gháirtnéil.
Théid se amach 'san fhairrge folcarnaigh falcarnaigh, ag
éisteacht le muca rónta, sgairteach na bhfaoileannán,
lúbarnach na n-easgann, gur'b é an bradán ab' fhaide
síos bhí ag teanamh (déanamh) spóirt agus & ar an
mball sin, go rabh neoin is deireadh an lae ag teacht,
lucha ag dul i bpollaibh, éanlaith ag dul i gcrannaibh,
an gearrán bán ag dul ar sgáth na copóige is an
chopóg ag imtheacht uadh. Thug se léim árd acfainneach
i mullach dhruim-thaisde na luighe. Chonnaic se cais-
leán a rabh bun cleite isteach, bun cleite amach, is


L. 22


bun cleite eile ag coingbheáil a láir & a dhroma suas.
Rinn se ar an chaisleán & d'iarr se lóisdin go lá.



8. “Céad fáilte dhuid, a mhic an ríogh;” arsa fear
an tighe: “Tá tú ag dul 'uig an mBacach Mhór i
mbáireach, & cha dtéid tú ar do chois; bhearfaidh me
each duid t'ar an stábla bhainfeadh ribe as an ghaoith
Mhárta & nach mbainfeadh an ghaoth Mhárta ribe as.”



9. D'imthigh se lá ar n-a bháireach go tigh an Bhacaigh
Mhóir. Bhuail se buille ar an chorraigh chomhraic 's char
fhág se gamhan i mart, ná uan i gcaora, ná searrach i
gcapall nár shéid se le fórsa a bhuille. Amach leis
an Bhacach Mhór. Nuair a bhéidheadh an Bacach Mór
'sa ghleann, bhéidheadh mac an ríogh ar an chnoc. Thiomáin
mac an ríogh an béitheach go rabh sé ag an tigh, 's an
Bacach Mór 'na dhéidh. Léim mac an ríogh de'n
mbéitheach isteach ar an fhuinneóig.



10. “Comraighe dhuid, a mhic an ríogh,” arsa fear an
tighe.



Tharraing an Bacach Mór an buille, is rinn se dhá
leith de'n mbéitheach.



“Bhearfaidh me béitheach eile dhuid i mbárach,” arsa
fear an tighe.



11. Lá ar n-a bháireach d'imthigh mac an ríogh go tigh
an Bhacaigh Mhóir. Bhuail se buille an dóigh a rinn se
an chéad lá. Amach leis an Bhacach Mór 'na dhéidh.
Nuair a bhéidheadh an Bacach Mór 'sa ghleann, bhéidheadh
mac an ríogh ar an chnoc. Nuair a bhí se ag an tigh,
léim se de'n mbéitheach isteach ar an fhuinneoig.


L. 23


12. “Comraighe dhuid, a mhic an ríogh,” arsa fear an
tighe.



Tharraing an Bacach Mór an buille & rinn se dhá
leith de'n mbéitheach.



“Anois,” arsa fear an tighe, “béidh béitheach eile i
mbárach agad.”



13. Lá ar n-a bháireach d'imthigh mac an ríogh go rabh
se aige tigh an Bhacaigh Mhóir. Bhuail se buille an dóigh
chéadna. Amach leis an mBacach Mór 'na dhéidh.
Nuair a bhí an Bacach Mór 'sa ghleann, bhí mac an ríogh
ar an chnoc, go dtí go rabh se ag an tigh. Léim se
isteach ar an fhuinneoig.



“Comraighe dhuid, a mhic an ríogh,” arsa fear an
tighe.



Tharraing an Bacach Mór an buille & rinn se dhá
leith de'n mbéitheach.



14. “Anois,” arsa fear an tighe, “rachaidh tú i
mbáireach 's cha bhíonn béitheach leat. Bhí an Bacach
Mór cómh buaidheartha, ní'l aon choispeán dh'ar shiubhail
se nach dteachaidh se go dtí n-a ghlúinibh is-talamh.
Gheobhaidh tú lorg a chos isteach go colbha leaptha.
Gheobhaidh tú an claidheamh soluis ar téastar na
leaptha. Tarraing amach an claidheamh as an sgabart,
& leis an tsoillse léimfidh an Bacach Mór 'na sheasamh.
Tarraing do chlaidheamh & abair leis, mur bearfaidh se
suas, go mbainfidh thú an cionn de. Ar do bhás ná
teana e: sin mo dhearbhráthair-sa, oncal do mhná.”



15. D'imthigh mac an ríogh ar maidin. Lean se lorg
na gcos go colbha leaptha. Fuair se an claidheamh


L. 24


soluis croichte ar téastar na leaptha. Tharraing se
amach as an sgabart e. Léim an Bacach Mór 'na
sheasamh as an liobaidh. Tharraing mac an ríogh an
claidheamh is dubhairt se leis, “Tabhair suas,” ná go
mbainfeadh se an cionn de.



16. “Ná teana thusa sin,” ars' an Bacach Mór.
“Céad fáilte dhuid, a mhic an ríogh. Is mise oncal do
mhná. Suidh síos annseo go n-ársóchaidh me dhuid cómh
bocht is fuair mise mo bhean:”



17. “Bhí mise lá amháin annseo,” adeir se, “is
chuaidh me amach. Chonnaic me fear fiadhain. Bhí se
ag ithe biolair. Chaith me díom 'mo chroiceann,” ars'
an Bacach Mór. “Nuair a d'íosadh an fear fiadhain
gas, d'íosainn-se dhá ghas. Bhí me ag teannadh leis ar
gach aon choispeán. Fuair me greim air, thug me a
bhaile e, nigh me is ghlan me e, is chuir me culaith mhaith
éadaigh air.



18. “Char bh'fhada go mb'fheárr le mo mhnaoi an fear
fiadhain nó mise. Bhuail sí le slaitin doraca draoi-
dheachta me & rinn sí gearrán bán díom. Ní'l aon
ghnaithe bhéidheadh le teanamh (déanamh) fá'n tigh nach
gcaithfinn a dheanamh. Anois, bhí ciall an duine
ionnam i gcómhnaidhe. Thochaiseochainn me fhéin ar na
geataíbh & d'fhuigfinn mo chuid fionnaidh ortha.



19. “Chuaidh fear annsin isteach chuige mo mhnaoi &
dubhairt se go rabh me salach & gach aon rud fá'n tigh
salach agam. Thainic mo bhean amach & bhuail sí le
slaitin doraca draoidheachta me & rinn sí tarbh mór
díom. 'Nois, bhí ciall an duine ionnam i gcómhnaidhe.


L. 25


Cha leigfinn cailín a bhleaghan nach leanfainn 's nach
ruaigfinn as an pháirc, & cha leigfeadh an eagla do na
cailíníbh dul a bhleaghan le heagla romham.



20. “Chuaidh fear isteach chuige mo mhnaoi & dubhairt
se go rabh me ag teanamh (déanamh) a láin dolaidhe.
Thainic mo bhean amach annsin & bhuail sí me le slaitin
doraca draoidheachta & rinn sí mac tíre díom. Bhí
ciall an duine ionnam i gcómhnaidhe. Chuaidh me
isteach 'un na coilleadh is leig me trí uaille asam.
Ní'l aon mhac tíre 'sa choill nár chruinnigh thart orm.
Mar bhíodh ciall an duine i gcómhnaidhe ionnam, thug
me liom iad. Thoisigh muid a mharbhadh na gcaorach.



21. “Chuala siad annsin go rabh gach aon chaora ins a'
tír d'á marbhadh. Thainic seilg mhór gadhar 'n-ar ndéidh.
Mar bhíodh ciall an duine ionnam, chonnaic me an rí
ag teacht ag marcaigheacht. Bhí ciall an duine ionnam:
chaith me me fhéin ar mo ghlúinibh roimh an rígh.



22. “'Bheirim párdun duid, a choileáin uasail,' ars'
an rí. Thug an rí a bhaile me. Thárla go rabh páiste
óg ine dtigh an ríogh. Gach aon pháiste dh'a rabh roimhe
sin, thiocfadh lamh mhór isteach & bhearadh sí an páiste
leis as an chliabhán. B'é sin Mian an Anóglaigh.



23. “Ars', an rí, ‘Fuigfidh me an coileán uasal ag
cumhdach an pháiste anocht.’ D'fhág se me fhéin aige
cumhdach an pháiste. Char bh'fhada bhí me ann go dtainic
lámh mhór. Fuair me fhéin greim ar an láimh. Bhí me
ag fághail aith-ghreim suas i gcómhnaidhe. Gheárr me an
lámh thuas ag an ghualainn. Thug me an lámh liom &
leig me aige taobh an chliabháin í.


L. 26


24. “Chuir an rí annsin beirt fhear ar lorg na fola.
Lean siad lorg na fola go dteachaidh siad isteach ine
dtigh bhí 'sa choill. Fuair siad an fathach mór marbh.
Bhí triúr páistí annsin de chuid an ríogh. Thug siad a
bhaile an triúr páistí go tigh an ríogh.



25. “An gasur 'a mhó acu, bhéidheadh se ag mar-
caigheacht orm fhéin gach aon lá. Chonnaic me slaitin
doraca draoidheachta i láimh an ghasuir. Chuir me mo
shoc siar; fuair me greim coise air. Bhuail se me
leis an tslaitin doraca draoidheachta. D'éirigh me
suas mar bhí me riamh. Thainic me a bhaile. Bheir me ar
an bhfear fiadhain. Chaith me amach ar an dorus e.



26. “Sin an dóigh a fuair mise le mo mhnaoi. Seo
dhuid an claidheamh soluis, is gabh a bhaile, is go rabh an
t-ádh ort fhéin & ar do mhnaoi.”



Sin mo sgéal-sa & broth in do bhéal-sa & ceapaire
fada buidhe in mo bhéal-sa.



VI. — Fathach Mór O Reibhleáin.



1. Bhí rí aon uair amháin. Bhí nighean aige. Pósadh í.
Thainic aon lá amháin 's cha rabh a fear 'sa mbaile.
Thainic Fathach Mór O Reibhleáin 's thug se leis í.



Bliadhain ó'n lá sin d'éirigh a fear:



“Bliadhain 's an lá indiú d'imthigh mo bhean, 's rachaidh
me d'á cuartughadh indiú.”


L. 27


D'imthigh leis gur chas páirc mhór chaorach air. Chas
an buachaill bó air.



“Gá leis na caoirigh seo?” ars' eisean.



2. “Le Fathach Mór a Reibhleáin íochtar uachtar
Éireann, Breacóg Bhréagh, nighean ríogh i nÉirinn, 'bhfuil
reimhre do mhéir i sileadh gach deoir le n-a malaidh
ghléigil, ag caoineadh a fir, ag caoineadh a fuir, ag
caoineadh a triúir dearbhráthar, gur mheasa léithi Giolla
Beag na dTrí gCeathramha nó'n ceathrar fear d'fhág sí
i nÉirinn thall.”



3. D'imthigh leis gur chas fear air 'na sheasamh ine
ngeata.



“Leig thart me,” ars' eisean.



“Cha leigim thart thú,” arsa fear an gheata, “go
ndíolfaidh tú custum.”



Chuir sé lámh i n-a phóca is shín se an t-airgead dó.



4. Char stad se go rabh se aige tigh Fathaigh Mhóir
Uí Reibhleáin. Chonnaic an bhean ag teacht e.



“Mo thruaighe!” adeir sí, “nár fhan tú 'sa mbaile.
Nuair a thiocfas an fear seo a bhaile anocht, muirbhfidh
se thú.”



Bhí lá spóirt acú go dtainic an oidhche.



“Tá se cómh maith agad a dhul i bhfolach anois,”
adeir sí, “sol a bhfeicfidh an fear seo thú.”



Chuir sí siar faoi liobaid e.



5. Char bh'fhada go dtainic Fathach Mór O Reibhleáin,
fiadh mór trasna a ghualainne leis. Tharraing se thríd
an teinidh e, thríd an luaithridh, 's d'fhág thuas i n-a
bhéal e.


L. 28


“Frú, frá, féasóg!” adeir se, “mothuighim boladh
an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá mo
chúirt is fá mo chathair anocht.”



“A rúin 's a ghrádh!” ars' an bhean. “Nach mbéidh sin
ann, fad is bheas mise ann?”



“Tá & thuilleadh ionn,” arsa'n Fathach Mór.



6. “Bhí mise i mullach an tighe báirr 's bhí éanlaith
beaga na hÉirinne ag dul thart. Bhí siad ag luighe
orm. Sin an boladh mhothuigheann tú.”



“Tá & thuilleadh ann,” adeir se.



7. D'éirigh se is chuairtigh se síos is suas go bhfuair se
an fear faoi'n liobaidh. Tharraing se aniar e. Thug
se amach e. Fuair se slaitin doraca draoidheachta is
rinn se cártha cloiche de.



8. Bliadhain ó'n lá sin d'éirigh a dearbhráthair:



“Dhá bhliadhain 's an lá indiú d'imthigh a leitheid seo,
is bliadhain 's an lá indiú d'imthigh a fear d'á cuar-
tughadh, 's imtheóchaidh me féin indiú d'á gcuartughadh.”



9. D'imthigh leis. Char stad se go rabh se aige tigh
Fathaigh Mhóir Uí Reibhleáin. Chonnaic an bhean ag
teacht e.



“Mo thruaighe!” adeir sí, “nár fhan tú 'sa mbaile.
Nuair a thiocfas an fear so a bhaile, muirbhfidh se thú.”



Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic an oidhche.



“Tá se cómh maith agad a dhul i bhfolach anois;”
adeir sí, “is goirid go dtiocfaidh an fear so a bhaile.”



10. Char bh'fhada go dtainic Fathach Mór O Reibhleáin
isteach, sean-bhéitheach bán ar astrach a ghuailneach.


L. 29


Tharraing thríd an teinidh is thríd an luaithridh é, is d'fhág
thuas e.



“Frú, frá, féasóg!” adeir se, “mothuighim boladh
an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá mo chúirt
& fá mo chathair anocht.”



“A rúin is a ghrádh!” ars' ise. “Nach mbéidh sin ann,
fad is tá mise ann?”



“Tá & thuilleadh ann.”



“Bhí mise i mullach an tighe báirr, 's bhí éanlaith beaga
na hÉirinne ag luighe orm. Sin an boladh mhothuigheann
tú.”



“Tá & thuilleadh ann.”



11. Chuartuigh se síos is suas go bhfuair se an fear.
Thug se amach e. Fuair se slaitin doraca draoidh-
eachta is rinn se cártha cloiche de.



Bliadhain ó'n lá sin d'éirigh an dearbhráthair eile d'á
cuid:



“Trí bliadhna 's an lá indiú d'imthigh a leitheid seo.
Dhá bhliadhain 's an lá indiú d'imthigh a fear d'á cuar-
tughadh. Bliadhain 's an lá indiú d'imthigh mo dhear-
bhráthair, is imtheóchaidh mé fhéin indiú.”



12. D'imthigh leis, 's char stad se go rabh se aige tigh
an Fhathaigh Mhóir.



“Ó! mo thruaighe,” adeir sí, “nár fhan tú 'sa
mbaile! Nuair a thiocfas an fear seo a bhaile, muirbh-
fidh se thú. Tá m'fhear-sa 'na luighe amuigh annsin, 's
do dhearbhráthair-sa.”



Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic an oidhche.



“Tá se cómh maith agad a dhul i bhfolach anois,”


L. 30


adeir sí; “is goirid go mbéidh an fear so ag teacht.”



13. Chuir sí i bhfolach e. Char bh'fhada go dtainic an
Fathach Mór isteach, fiadh mór trasna a ghualainne
leis. Tharraing se thríd an teinidh is thríd an luaithridh
e, is d'fhág thuas i n-a bhéal é.



“Frú, frá, féasóg!” ars' eisean, “mothuighim boladh
an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá mo chúirt
is fá mo chathair anocht.”



14. “A rúin 's a ghrádh!” ars' ise. “Nach mbéidh sin
ann, fad is bheas mise ann?”



“Tá & thuilleadh ann.”



“Bhí mise i mullach an tighe báirr. Bhí éanlaith
beaga na hÉirinne ag luighe orm. Sin an boladh
mhothuigheann tú.”



“Tá & thuilleadh ann.”



15. Chuairtigh se síos is suas go bhfuair se an fear.
Thug se amach e. Fuair se slaitin doraca draoidh-
eachta is rinn se cártha cloiche de.



Bliadhain ó'n lá sin d'éirigh an dearbhráthair eile dí:



16. “Ceithre bliadhna 's an lá indiú d'imthigh a leitheid
seo. Trí bliadhna 's an lá indiú d'imthigh a fear d'á
cuartughadh. Dhá bhliadhain 's an lá indiú d'imthigh mo
dhearbhráthair d'á gcuartughadh. Bliadhain 's an lá
indiú d'imthigh an dearbhráthair eile damh. Mo dhonas
is mo dhothairne orm, mar' rachaidh me a chuartughadh mo
chuid dearbhráthar indiú.”



17. D'imthigh leis. Char stad se go rabh se aige tigh
an Fhathaigh Mhóir. Chas an bhean air:



“Ó! mo thruaighe nár fhan tú 'sa mbaile! Nuair a


L. 31


thiocfas an fear seo a bhaile, muirbhfidh se thú. Tá do
bheirt dearbhráthar 'na luighe amuigh annsin & m'fhear-sa,
's béidh tusa acú anocht.”



18. Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic an oidhche.
“Tá se cómh maith agad,” ars' ise, “a dhul i bhfolach
anois. Is goirid go mbéidh an fear seo 'sa mbaile.”
Chuaidh se i bhfolach.



19. Char bh'fhada go dtainic an Fathach Mór isteach,
sean-bhéitheach mór trasna a ghualainne leis. Tharraing
se thríd an teinidh e, is thríd an luaithridh, is d'fhág
thuas e.



“Frú, frá, féasóg!” ars' an Fathach, “mothuighim
boladh an Éireannaigh bhréaghaigh bhradaigh ag teacht fá
mo chúirt is fá mo chathair anocht.”



20. “A rúin & a ghrádh, nach mbéidh sin ann, fad is
tá mise ann?”



“Tá & thuilleadh ann.”



“Bhí mise i mullach an tighe báirr. Bhí éanlaith beaga
na hÉirinne ag luighe orm. Sin an boladh mhothuigheann
tú.”



“Tá & thuilleadh ann.”



21. Chuairtigh se síos is suas go bhfuair se an fear.
Thug se amach e. Bhuail se le slaitin doraca draoidh-
eachta e, & rinn cártha cloiche de.



Bliadhain ó'n lá sin d'éirigh Giolla Beag na dTrí
gCeathramha:



22. “Is fada ó d'imthigh mo mháthair;” adeir se,
“is fada ó d'imthigh mo thriúr oncal, 's mo dhonas is


L. 32


mo dhothairne orm, mar' rachaidh me féin d'á gcuar-
tughadh.”



Fuair se réidh a chearc 's a bhunnóg. D'imthigh leis
gur chas buachaill na gcaorach air.



“Gá leis na caoirigh seo?”



23. “Le Fathach Mór O Reibhleáin íochtar uachtar
Éireann, an Bhreacóg Bhréagh, nighean ríogh i nÉirinn,
'bhfuil reimhre do mhéir i sileadh gach deoir le n-a
malaidh ghléigil, ag caoineadh a fir, ag caoineadh
a fuir, ag caoineadh a triúir dearbhráthar, 's gur
mheasa léithi Giolla Beag na dTrí gCeathramha nó'n
ceathrar fear d'fhág sí i nÉirinn thall.”



24. “Leig thart me.”



“Cha leigim,” arsa buachaill na gcaorach, “go
ndíolaidh tú custum.”



Chaith Giolla Beag na dTrí gCeathramha an cionn de
is bhog leis. Char stad se go rabh se aige tigh an
Fhathaigh Mhóir. Chonnaic an mháthair ag teacht e.



“Ó! a mhic mhoirnigh!” adeir sí. “Truagh nár fhan tú
'sa mbaile! Nuair a thiocfas an fear so a bhaile
anocht, muirbhfidh se thú. Tá do gháid is do thriúr oncal
'na luighe amuigh annsin.”



25. Múch sí le póig é, is bháidh sí le deór e; thrio-
muigh sí le brat síoda agus sróil é, is chuir sí a chodladh
ar liobaidh chlúmhaigh éin e.



Nuair a bhí an oidhche ag teacht, chuaidh sí síos an áit
i rabh Giolla Beag na dTrí gCeathramha.



26. “Ó! a mhic mhoirnigh! Ó! a mhic mhoirnigh!”
adeir sí, “a mhic mhoirnigh! Is goirid go dtiocfaidh


L. 33


an fear so a bhaile, is tá se cómh maith agad a dhul i
bhfolach, sol a muirbhfidh se thú.”



27. Char bh'fhada go dtainic an Fathach Mór isteach,
seán-bhéitheach mór trasna a ghualainne leis. Tharraing
thríd an teinidh, thríd an luaithridh, d'fhág thuas i n-a bhéal e.



“Frú, frá, féasóg! mothuighim boladh an Éireannaigh
bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá mo chúirt & fá mo
chathair anocht.”



28. “Ó, a rúin 's a ghrádh, nach mbéidh sin ann, an fad
is bheas mise ann?”



“Tá 'gus thuilleadh ann.”



“Tá & mise ann,” arsa Giolla Beag na dTrí gCeath-
ramha.



Thainic Giolla Beag na dTrí gCeathramha aníos.



29. “Gá hacú is feárr leat,” ars' an Fathach Mór,
“coraidheacht nó chruadh-chomhrac?”



“Is fearr liom coraidheacht,” arsa Giolla Beag na
dTrí gCeathramha, “'sé chleacht me i mbailtibh beaga,
i mbailtibh móra, i mbailtibh m'athara & mo mháthara
féin.”



30. Bheir siad ar a chéile isna snaidhmeannaibh
cruaidhe coraidheachta, go ndeanfadh siad bogán de'n
chreagán, creagán de'n mbogán, tobar fíoruisge i
lár na cloiche glaise; dhá dtiocfadh duine ó íochtar an
domhain go huachtar an domhain, is dh'amharc ar an dís
seo thiocfadh, go rabh tráthnóna is deireadh an lae ag
teacht. Thug Giolla Beag na dTrí gCeathramha, thug
se fásgadh dó, is chuir se go dtí n-a ghlúinibh is-talamh
e, an dara fásgadh go dtí ubhall a scórnaighe.


L. 34


31. “Fód geárr glas uaim os do chionn, a bhodaigh
shalaigh,” arsa Giolla Beag na dTrí gCeathramha.



“Ná teana thusa sin,” ars' an Fathach. “Bhearfaidh
me leath a bhfeil amuigh 's istigh agam duid.”



“'S liom fhéin sin ó do lá-sa amach,” arsa Giolla
Beag na dTrí gCeathramha, ag caitheamh a chinn de naoi
n-iomaire naoi n-eitrin.



32. Bhí an cionn ag teacht ar an cholainn aríst. Bhuail
se bárr-chos ar an chionn.



“Char bh'fhoráil duid!” ars' an cionn. “Dhá bhfuighinn-
se ar an cholainn aríst, tusa ná fir Éireann nach
sgaithfeadh e.”



33. Thainic se isteach. Fuair se an slaitin doraca
draoidheachta. Bhuail se buille ar a gháid, 's ar a
thriúr oncal. D'éirigh siad suas 'na seasamh mar bhí
siad ariamh. Chruinnigh siad a rabh 'shaidhbhreas amuigh
's istigh, 's thug siad leobhtha e. Thainic se fhéin 's a
mháthair 's a gháid 's a thriúr oncal, thainic siad a bhaile,
's bhí dóigh mhaith orthú go bhfuair siad bás.



VII. — Parra Mhac Ghiolla Riabhaigh.



1. Parra Mhac Giolla Riabhaigh as Contae Dhúin na
nGall, chuaidh se 'un an fhoghmhair go Condae na Midhe
agus na fir a bhí leis, chuaidh siad a bhaile, nuair a bhí an
foghmhar réidh acu.


L. 35


“Cha dtéidhim-sa a bhaile,” arsa Parra Mhac Ghiolla
Riabhaigh, “go dtí go mbéidh an cíos liom.”



2. Bhuail se isteach go tigh sgolóige móire & d'fhios-
truigh se a' bhfuigheadh se obair. Dubhairt fear an tighe
go bhfuigheadh. D'ársuigh se dó go rabh dúil aige nach
rachadh se a bhaile go dtuillfeadh se an cíos.



“Bhearfaidh mise cúig phonta duid,” ars' an sgológ,
“má fhanann tú 'sa tigh mór sin thall go maidin.”



“Fanóchad,” arsa Paidí.



“Gheobhaidh tú teinidh,” ars' an sgológ; “gheobhaidh
tú solus.”



3. Fuaras réidh teinidh 'sa tigh dó & solus & grei-
deal aráin agus h-ubhradh (= dubhradh) aire thabhairt do'n
arán bhí ar a' ghreideil.



Cha rabh se i bhfad ann go gcuala se an torann &
iongantaise mhóra. Chonnaic se seanduine mór ag
teacht anuas ar na staighríbh. Shuidh se taobh thall de
is chuaidh se a theanntach (= thionntódh) na bunnóige.



4. “Ná teana sin an dara bomhta ná cha dtéid sé
leat! Dar an leabhar,” arsa Parra Mhac Ghiolla
Riabhaigh, “is gránna do cháirr!”



“Ó, céad fáilte is sláinte dhuid, a Pharra Mhac
Ghiolla Riabhaigh as Contae Dhúin na nGall! Ársóchaidh
tú do mo mhac ar maidin go rabh tú ag caint liom, is
an feirm talaimh a thabhairt do'n bhean bhocht ar bhain
mise dí e, is dheanfaidh me gar duid,” adeir se:
“bheirim éadach buird duit, & seort ar bith a sgairtfidh
tú air, tiocfaidh sé ar an éadach buird chugad.”


L. 36


5. Thainic an mhaidin is d'ársuigh Parra Mhac Ghiolla
Riabhaigh do'n sgolóig gach aon rud a chonnaic se.
Thug an sgolóig buidheachas dó, is thug se cúig phonta
dó. D'imthigh leis a bhaile is a chúig phonta agus a éadach
buird leis. Bhí se ag siubhal gur chas píobaire ar
bhruach an bhóthair air.



6. “Tá me áthasach,” arsa Parra Mhac Ghiolla
Riabhaigh, “gur chas cuideachta orm.”



Chuir an píobaire na píobthacha air agus sgairt se ar
chuideachta shaighdiuir. D'imthigh an bheirt agus bhí siad ag
siubhal an bóthar.



“B'fhearr liom go rabh greim le hithe againn,” ars'
an píobaire.



7. Spréidh Parra Mhac Ghiolla Riabhaigh an t-éadach
buird is thainic togha gach bídh & rogha gach dighe
chucú.



“'S fhearr duid malairt a dheanamh liom,” ars' an
píobaire.



“Is cuma liom,” arsa Paidí.



Thug se an t-éadach buird do'n phíobaire & bhí na
píobthacha ag Parra Mhac Ghiolla Riabhaigh.



8. Char bh'fhada shiubhail se gur ghlac se aithreach fá'n
éadach buird a thabhairt ar siubhal. Chuir Parra Mhac
Ghiolla Riabhaigh na píobthacha air & sgairt se ar chuid-
eachta shaighdiuir. D'iarr se orthú a dhul & an t-éadach
buird a thabhairt ar ais 'uige. D'imthigh na saighdiuirí
& char bh'fhada go dtainic siad ar ais & an t-éadach
buird leobhtha. D'imthigh Parra Mhac Ghiolla Riabhaigh


L. 37


go rabh se thíos i gCondae Dhúin na nGall & na píob-
thacha & an t-éadach buird leis. Nuair a chuaidh se a
bhaile, spréidh se an t-éadach buird dó féin & do n-a
mhnaoi & do'n mhuirighin. Thainic togha gach bídh is rogha
gach dighe 'ucú. Bhí siad lán áthais mar d'éirigh dóbhtha
go dtearn Paidí foghmhar maith.



9. Char bh'fhada go gcualaidh an tighearna go dtainic
se a bhaile. Chuir se fear d'á chuid báillidheannaibh 'na
choinne, go rabh gnaithe aige leis. Chuaidh Paidí ar
aghaidh go tigh an tighearna.



10. “An é nach bhfuil tú 'g dul a dhíol an chíosa,”
ars' an tighearna, “i ndiaidh a bheith ag an fhoghmhar?”



“Chan fhuil se agam,” arsa Paidí, “go seadh.”



“Chan fhuil se i bhfad go gcuiridh me amach thú,” arsa
an tighearna, “óir nach bhfuil tú 'g dul a dhíol an
chíosa.”



11. Char bh'fhada go dtainic se féin 's a chuid báil-
lidheannaibh. Nuair a chonnaic Parra Mhac Ghiolla
Riabhaigh ag teacht iad, chuir se na píobthacha air &
sgairt se ar chuideachta shaighdiuir is dubhairt leobhtha
na fir seo dhíbirt as aice an tighe. Lean na saigh-
diuirí a bhaile an tighearna 'un a thighe fhéin.



12. Lá ar n-a bhárach chuir an tighearna fios ar
Pharra Mhac Ghiolla Riabhaigh. Dubhairt an tighearna
leis go maithfeadh sé a rabh 'chíos air agus nach n-iarrfadh
sé ní 'mhó a chíos air acht a chuid saighdiuir choingbheáil
socair. Bhí dóigh mhaith ar Pharra Mhac Ghiolla Riabhaigh
go bhfuair sé bás agus nár iarr sé ní 'mó 'chíos air.


L. 38


VIII. — Fionn Mac Cumhaill & a Mháthair.



1. Bhí Fionn mac Cumhaill 's a mháthair ag dul thart
aon uair amháin. Bhí Fionn ar a druim léithi. Chonnaic
se an iomáin ar léanaidh.



“Leig le casaidh me, a mháthair,” ars' eisean, “go
rachaidh me 'un na hiomána.”



“Ó, a mhic mhoirnigh!” adeir sí, “mhuirbhfeadh na fir
mhóra sin thú.”



“Gan ghéilleadh dó sin, a mháthair,” adeir se, “rachaidh
me 'na measg.”



2. Leig sí anuas Fionn, is chuaidh 'un na hiomána, is
cha rabh aon fhear a chas air nach rabh se ar son a leagain.
Nuair a stad an iomáin, thainic Fionn chuige n-a mháthair.



3. Chuir sí Fionn ar a druim arís, 's amach léithi, is
char stad sí go rabh sí aige Móta Dhealgain. Chaill
sí pionna a brollaigh is d'fhág sí marc ionn go bhfuigh-
eadh a pionna aríst. Rinn sí móta ionn. Sin Móta
Dhealgain (.i. Dealg Fhinn) ó'n lá sin go dtí an lá so.



4. Chaith Fionn a mháthair ar a dhruim annsin is d'imthigh
leobhtha. Char stad siad go rabh siad i mullaigh Shléibhe
gCuilinn. Cha rabh aige acht dhá chois a mháthara annsin
is chaith se amach i Loch na Caillighe Biorra iad. Chuaidh
se isteach 'un tighe is d'iarr se lóisdin. Dubhairt
bean an tighe (.i. an Chailleach Bhiorra) go bhfuigheadh, acht
é dhá bhreac a ghabháil. D'imthigh se is ghabh se dhá bhreac
i Loch na Caillighe Biorra.


L. 39


5. “'Nois,” adeir bean an tighe, nuair a chuir sí ar
an teinidh na bric, “'Nois,” adeir sí le Fionn, “ná
leig ball dubh ná dorcha air ná spuaic ná spliúcán
a dhóighte.”



Thainic spliúcán aníos ar chionn acú, is leag Fionn
a órdóg air, is dhóigh se an órdóg. Chuir se an órdóg
i n-a bhéal. Ó'n lá sin go dtí lá a bháis bhain se fios
as a órdóig nuair a chuirfeadh se i n-a bhéal í & nuair
a chognóchad se í ó fhéith go smuais.



IX. — Tigh na gann-choda.



1. Buachaill a bhí ann aon uair amháin & is cuma gá
hacú bhí nó nach rabh. Bhí se ag suirghe le cailín a
rachadh se go tigh a gáid ar a chéilidhe go minic. Bhí
rás an mhuilinn ar a bhealach, 's gach aon tráthnóna dh'a
mbéidheadh se ag dul ann léimeadh sé rás an mhuilinn.
Ar maidin, nuair a bhéidheadh sé 'g dul a bhaile, rachadh
se thart go dtí an droichead. Chas an muilteoir
air tráthnóna amháin.



2. “Maiseadh,” ars' an muilteoir, “an n-ársóchaidh
tú goidé an t-ádhbhar, nuair a bhíonn tú ag dul 'un a'
tighe sin, a léimeann tú rás an mhuilinn, 's nuair a
bhéidh tú ag dul a bhaile ar maidin, a rachaidh tú thart
go dtí an droichead?”



3. “Ársóchaidh me sin duid,” ars' an buachaill: “Nuair
a théidhim-sa 'un a' tighe sin, leagfar nar sáith aráin &


L. 40


ime fúinn. Chan itheann fear a' tighe dhá ghreim go
n-éireóchaidh se. Caithfidh mise éirghe annsin, 's cha bhím
ábalta dhul a bhaile leis an ocras.”



“An chéad uair eile bhéidh tú 'g dul,” ars' an muil-
teoir, “tabhair mise leat.”



“Bhearfaid,” ars' an buachaill.



4. An chéad uair eile bhí se ag dul thug se an muil-
teoir leis agus chuaidh siad isteach 'sa tigh. Leagadh arán
& im acú. Nuair a bhí siad 'na suidhe, d'éirigh fear an
tighe sul ar ith siad dhá ghreim.



“'Nois,” ars' an muilteoir leis an mbuachaill, “ná
corruigh.”



5. Char chorruigh an muilteoir ná an buachaill gur ith
siad a rabh ar an mbórd. Bhí sin go maith go dtainic
an oidhche. Cuireadh an buachaill 'na chodladh ine rúm.



“Fanóchaidh mise annseo ins a' chóirneál ar shop
cochain,” ars' an muilteoir.



Chuaidh fear an tighe & bean an tighe a luighe.



6. “'Nois,” adeir fear an tighe, “caillfheár leis an
ocras mé, ó d'ith an bheirt seo a rabh ar an mbórd.”



“D'fhéad tú do sháith 'ithe,” ars' an bhean, “nuair a
bhí se agat.”



“Éirigh,” ars' an fear, “& teana tuirtin. Tarraing
anall a' teinidh, & leag ar chloich a' teinnteáin e.”



7. D'éirigh an bhean is rinn sí an tuirtin. Thainic sí
aníos agus tharraing sí anall an teinidh, is leag sí ar an
teinnteán e. Chuir sí an teinidh 'sa mhullach air.



Thóg an muilteoir a cheann & tharraing se píopa air.


L. 41


8. “Tá me áthasach gur éirigh tú,” ars' an muilteoir.
“Goidé an seort tighearna atá agaibh ins a' tír seo?”
adeir se leis an mnaoi.



“Ó, tighearna maith,” adeir sí.



“Tá tighearna againne,” adeir se, “& chuaidh se a
dheanamh teórainnteach díreach & thug se stróc aniar
mar seo agus aniar mar siud” — thug se an bata thríd an
tuirtin gur mhill se thríd an luaithridh an tuirtin —;
“b'éigin damh an áit 'fhágáil ar fad.”



9. D'éirigh bean an tighe & chuaidh sí síos a luighe.



“Bhfuil sin leat?” adeir an fear.



“Chan fhuil,” adeir sí; “d'éirigh an fear udaidh 'g
ársuighe ar a chuid teorainnteach gur mhill se an
tuirtin thríd an luaithridh.”



“Ó, cha bhím beó ar maidin leis an ocras,” ars' an
fear. “Goidé dhéanfaidh me? Gabh 'mach,” adeir se,
“& bligh noigin bainne de'n mairt.”



10. D'éirigh an bhean is chuaidh sí amach. Nuair a bhí
sí ag teacht ar ais, chas an muilteoir 'sa dorus
uirthí.



“Bhfuil sin leat?” adeir an muilteoir.



“Tá,” ar sise.



Bheir se ar an noigin, 's char fhág deór nár ól se.



11. Chuaidh sí síos chuige fear an tighe.



“Bhfuil sin leat?” adeir se.



“Chan fhuil,” adeir sí; “chas an fear ud orm ag
an dorus is d'ól se e.”



“Goidé dhéanfaidh me anois?” adeir an fear. “Gabh
'mach 'un a' ghárrdha is tarraing gas ghabáiste.”


L. 42


“Cha dtéidhim anocht,” adeir an bhean; “éirigh thú
fhéin is téidh amach.”



12. D'éirigh an fear is chuaidh amach 'un a' ghárrdhaidh
a bhaint gais ghabáiste.



D'éirigh an muilteoir is lean se e. Bhí bata maith
leis an muilteoir.



“Ara, a shean-rógaire,” ars' an muilteoir, “goidé
bheir ag goid gabáiste an fhir mhacánta thú?”



13. “Nach mé fhéin atá ann?” adeir fear an tighe.



“Is tú fhéin atá ann,” adeir an muilteoir, “acht
goidé 'fhios agam-sa gá thú féin?”



14. Tharraing se buille a bhata air, agus bhuail a sháith air.
D'imthigh an muilteoir ag sgairteach ar an mbuachaill.
D'imthigh an bheirt a bhaile 's cha dtainic ar ais níos 'mhó.



X. — Gobha an tSuic.



1. Bhí se lá amháin 'na sheasamh 'sa chéardcha. Chuaidh
se 'un doruis is chonnaic se gasur ag teacht ag mar-
caigheacht ar shean-bhéitheach.



Thiomáin se (.i. an marcach) aníos 'un doruis chuige.
D'fhiostruigh se de'n Ghobha an gcuirfeadh se cruidhtheacha
ar an mbéitheach so dó.



2. Dubhairt an Gobha go ndeanfadh is fáilte, “acht
nach dtearn me an dadaidh riamh acht iarannacha maide
seistrighe.”


L. 43


“A' mbearthá iasacht na céardacha damh is dhéanfaidh
me fhéin é?”



“Bhearaid is fáilte,” ars' an Gobha.



3. Thug an gasur an béitheach isteach 'un na céardcha
is bhain se na ceithre cosa de. Chuir se na ceithre cosa
'sa teallach. Shéid se na builg is thug se na ceithre
cosa amach is úr-chruidhtheacha orthú. Chuir se na ceithre
cosa ar an mbéitheach is léim an béitheach suas 'na
sheasamh. Léim an gasur ar a dhruim is bhain se amach.



4. “Má's é sin dóigh chruidhtheach a chur ar bhéitheach,”
arsa Gobha an tSuic, “tá sean-bhéitheach agam-sa bhíonns
ag iomchar guail. Tá se comh maith agam úr-chruidh-
theacha chur air.”



5. Thug se a shean-bhéitheach isteach 'un na céardcha.
Fuair se tuagh is bhain se na ceithre cosa de'n mbéith-
each. Chuir se isteach 'sa teallach iad. Shéid se na
builg. Dhóigh se na ceithre cosa is bhí an béitheach marbh.



Ine gcúpla lá 'na dhéidh sin chonnaic se an gasur ag
teacht 's é ag marcaigheacht, bean ar a chúlaibh is bean
ar a bhéalaibh. Thainic se (.i. an gasur) aníos go dorus
na céardcha. D'fhiostruigh se de'n Ghobha an ndeanfadh
se cailin úr óg de'n dá shean-bhean so.



6. “Ó, cha dtearn mise dadaidh ariamh acht iarannacha
maide seistrighe,” ars' an Gobha.



“A' mbearthá iasacht na céardcha damh fhéin?” ars'
an gasur.



“Bhearaid is fáilte,” ars' an Gobha.



7. Thug an gasur isteach an dá shean-bhean, leag se
'sa teallach iad is shéid se na builg leobhtha. Char


L. 44


bh'fhada gur léim cailín úr óg amach as an teinidh is
léim sí suas ar a chúlaibh ar an mbéitheach is amach
leobhtha.



8. “Ma's é sin an dóigh,” arsa Gobha an tSuic, “tá
mo mháthair is máthair mo mhná agam-sa. Bíonn siad
ag troid 's ag argáil gach aon lá, is dhéanfaidh me
cailín óg de'n mbeirt.”



Thug se a mháthair fhéin is máthair a mhná isteach. Bheir
se orthú is chuir se 'sa teallach iad. Shéid se na builg
leobhtha is dhóigh se an bheirt.



9. Cha rabh a fhios aige goidé dhéanfadh se. Bhí eagla
air go gcrochfaidhe e. Dubhairt se go n-imtheóchadh se
brághaid a éadain. D'imthigh leis go rabh se ag dul
trasna cnuic is chuala se fead. Shaoil se go rabh an
tóir 'na dhéidh.



“Mise tá ann,” ars' an gasur: “Gá bhfuil tú ag
dul?”



10. D'ársuigh Gobha an tSuic dó goidé rinn se, gur
bhain se na cosa de'n mbéitheach go bhfuair se bás, is
gur dhóigh se an dá shean-bhean.



“Tá se comh maith agat mise thabhairt leat,” adeir
an gasur; “tá gobha i mBaile Átha Cliath a bhfuil
céad pont aige go gcuirfeadh se céad pont a gheall
le gobha ar bith. Nuair adéarfas se leat a' dadaidh
dheanamh, abair go ndéanfaidh do ghasur e.”



11. D'imthigh leobhtha go rabh siad i mBaile Átha Cliath
aige tigh an Ghobha. D'fhiostruigh an Gobha goidé bhí a
dhíth orthú. Dubhairt Gobha an tSuic go rabh se ag
teacht d'á fhéachaint. Chuaidh Gobha Bhaile Átha Cliath


L. 45


isteach is shéid se na builg. Chaith se cíoth mór cruithneach-
ta as an teallach.



“Teana thusa rud anois,” adeir se le Gobha an
tSuic.



“Dheanfaidh mo ghasur é,” ars' an Gobha.



12. Chuaidh an gasur is shéid se na builg. Chaith se
sgafta mór columna amach as an teallach is d'ith siad
suas an chruithneachta is d'imthigh leobhtha.



Chuaidh Gobha Bhaile Átha Cliath 'un na mbolg aríst.
Shéid se na builg. Chaith se breac mór amach as an
teallach. Léim an breac ine n-abhainn bhí os coinne na
céardcha.



13. Chuaidh gasur Ghobha an tSuic 'un na mbolg ann-
sin. Shéid se na builg, is chaith se madadh uisge amach
as an teallach. Léim se isteach ins an abhainn is ghabh
se an breac. Bhí an geall bainte aige Gobha an tSuic.
Bhí se lán áthais fá'n chéad pont a bheith bainte aige.



14. “'Nois,” ars' an gasur, “tá rí i Sasanaibh. Tá
se dócrach tinn. Tá sac óir & béitheach le n-a iomchar
do dhochtuir ar bith léigheasfas e. Nuair a rachaidh tusa
go caisleán an ríogh, fiostróchaidh siad goidé tá a
dhíth ort. Déarfaidh tú gur dochtuir atá ionnat, is
abair 'Má tá mo chulaith íochtrach, go bhfuil mo sgéal
árd.'”



15. D'imthigh leobhtha go rabh siad aige caisleán an
ríogh. D'fhiostruigh fear an gheata goidé bhí a dhíth air,
& dubhairt se gur dochtuir a bhí ionn, go rabh ag teacht
a dh'amharc ar an rígh, “is má tá mo chulaith íochtrach,
tá mo sgéal árd,” ars' eisean.


L. 46


16. Leigeadh isteach e. Nuair a d'amhairc se ar an
rígh, d'órduigh se gach aon dhuine amach as an phárlus,
is d'órduigh se pota uisge chur síos. Nuair a bhí an
pota bréagh te, thainic an gásur is bhain se an cionn
de'n rígh, is chuir se síos ins a' phota e. Fuair se
sponóg is bhí se ag áthrach an chinn 'sa phota. Char
bh'fhada gur thóg se an cionn, is chuir se ar an cholainn
e. D'éirigh an rí suas comh maith is bhí se riamh. Fuaras
réidh sac óir & béitheach le n-a iomchar do Ghobha an tSuic.
D'imthigh se fhéin 's an gasur.



17. “'Nois,” ars' an gasur, “tá se comh maith agat
luach bróg a thabhairt damh.”



“Cha dtugaim,” ars' an Gobha, “a bhastaird,” adeir
se, ag tabhairt iarraidhe boise air. Nuair a d'amharc
se thart, cha rabh sac nó béitheach nó ór aige. Bhí se
comh folamh & bhí se riamh.



18. Chualaidh Gobha an tSuic annsin go rabh rí na
hAlbaine tinn 's go rabh an rud ciadna geallta do'n
té léigheasfadh e, sac óir is béitheach d'iomchróchadh e.
D'imthigh leis go rabh se aige caisleán an ríogh. D'fhios-
truigh fear an gheata goidé bhí a dhíth air. Dubhairt
se gur dochtuir a bh'ionn, go rabh se ag teacht dh'amharc
ar an rígh, agus “má tá mo chulaith íochtrach, tá mo sgéal
árd,” adeir se.



19. Chuaidh se isteach an áit i rabh an rí. D'fhógair
se gach aon dhuine amach as an phárlus. D'iarr se
orthú pota uisge chur síos. Nuair a bhí an pota bréagh
te, bhain se an cionn de'n rígh is chuir se síos ins a'
phota e. Nuair a thóg se an cionn, leag se ar an


L. 47


cholainn e. Thuit an cionn taobh 's an cholann taobh
eile. Bhí se buaidheartha annsin fá'n rígh, ar eagla go
gcrochfaidhe e. Chuala se torann ag an dorus annsin.



20. “Ó, fan go seadh!” adeir se. “Chan fhuil mo
ghnaithe réidh go seadh.”



21. “An é nach leigfidh tú do ghasur bocht cosnochtthaí
isteach?” ars' an gasur ag an dorus.



22. D'fhosgail se an dorus do'n ghasur, is bhí se lán
áthais nuair a chonnaic se e. Bheir an gasur ar an
chionn, chóirigh se ar an cholainn e, agus d'éirigh an rí suas
'na sheasamh comh maith 's a bhí se riamh. Fuaras réidh
annsin an sac óir is béitheach d'iomchair e. D'imthigh
leobhtha, e fhéin 's an gasur.



23. “'Nois,” ars' an gasur, “ta se comh maith agat
luach na mbróg a thabhairt damh.”



“Bhearfaidh me an t-iomlán duit,” arsa Goba an
tSuic; “Is tú fhéin a thuill e!”



“Chan iarraim aon leithphighinn ort,” ars' an gasur,
“acht gur mhaith liom do shúile 'fhosgailt. Tabhair an
t-iomlán a bhaile leat anois, is gheobhaidh tú do dhá
shean-bhean beó & do shean-bhéitheach, nuair a rachaidh tú a
bhaile. Shaoil tú gur mharbh tú iad.”



D'imthigh Gobha an tSuic a bhaile, is bhí dóigh mhaith air
go dtí lá a bháis.


L. 48


XI. Mannabhár mór mac Ríogh Lochlann.



1. Nuair a bhí Fionn mac Chumaill 'na chomhnaidhe
i bhfogus do chnoc an Fhionnchairn, fuair sé sgéala ar
Mhannabhár Mór, mac Ríogh Lochlann, go rabh se ag
teacht go hÉirinn go bhféachadh sé na Fianna go bhfeic-
eadh sé an rabh sé comh maith leó.



2. Cha rabh Osgar nó Goll nó na fir ab' fhearr acú
'sa mbaile. Cheasnuigh Fionn mac Cumhaill nuair a
chonnaic sé an gaisgidheach ag teacht, bhí sé comh mór
sin, agus cha rabh 'fhios aige goidé dheanfadh se. Smaoinigh
bean Fhinn ar dhóigh a shábháilfeadh é. Dubhairt sise leis
luighe 'sa chliabhán agus go ndéarfadh sí gur páisde bhí
ionn, agus Oisin a chur ag buachailleacht an eallaigh. Rinn
sí sin ar dhóigh go rachadh Mannabhár Mór ar ais go
críochaibh Lochlann le heagla roimhe fearaibh móra na
Féinne.



3. Thainic an fear mór isteach chuige bean Fhinn.



“Tá an ghaoth ar an dorus,” adeir se.



“M'fhíor go bhfuil,” arsa bean Fhinn; “dhá mbéidheadh
na laoich 'sa mbaile,” ars' ise, “cha bhéidheadh an ghaoth
ar an dorus.”



“Goidé dheanfadh siad?” arsa Mannabhár Mór.



4. “Bheirfeadh fear acú ar an tigh,” ars' í, “is thionn-
tóchadh siad a chúla leis an ghaoith.” Shaoil sise go


L. 49


gcuirfeadh sin iongantas air, & nach mbéidheadh sé ar
son a dhéanta.



“Dhéanfaidh mise sin,” arsa Mannabhár Mór.



Bheir sé ar an tigh is thionntuigh a chúla leis an ghaoith.
(Tighthe ádhmaid a bhí ionn an uair sin.)



5. Thainic se isteach & chonnaic se an duine bhí ins an
chliabhán.



“Goidé tá ins an chliabhán annseo?” arsa Mannabhár
Mór.



“Tá páisde,” arsa bean an tighe.



Shaoil se annsin gur páisde de chuid Fhinn a bhí ionn.



“A' bhfuil fiacla aige?” adeir se.



Dubhairt sí go rabh se ag fághail na bhfiacla.



6. Chuir se a mhéar i mbéal an pháisde is bhain an
páisde cionn a mhéir de.



“Má tá na fir mhóra comh crosta leis na páistíbh,”
adeir se, “chan fhuil gnaithe ag aon fhear ag teacht
chuca.”



“Bhfuil aon ghreim feola agat?” adeir se le bean
an tighe.



“Chan fhuil,” adeir sí, “acht téidh amach is tabhair
bológ isteach as an stoc.”



7. D'imthigh Mannabhár Mór amach 'un na páirce &
chuaidh sé a thiomáin na bolóige. Thainic Oisin is stop
se an bhológ. Bheir Mannabhár Mór greim adhairce
ar an mbolóig is bheir Oisin greim ar an adhairc eile.
Tharraing siad an bhológ eatorra go dtearn siad dhá
leith dí. Thainic Mannabhár Mór a bhaile is leith na
bolóige leis.


L. 50


“Fagh réidh sin,” adeir sé leis an mnaoi; “bhí
buachaill bó amuigh, is char leig sé liom acht leath na
bolóige.”



8. Fuaras réidh an fheoil. Fuair sí greideal, is chuir
sí folach taois ar gach aon taoibh dí 'cos ísiol, is chuir
sí leis an teinidh e gur thriomuigh sí e. Bhí cuma
bunnóige aráin air annsin. D'ith Mannabhár Mór a
sháith de'n fheoil, agus d'ith se an greideal.



“Chan iongantas do fhearaibh na hÉireann a bheith
láidir,” adeir se, “ag ithe an aráin chruaidh!”



9. Thainic tart mór air annsin, is chuaidh se síos go
Bealach Mannabháir is chuir se a bhéal roimh an fhalc.
Chaith bean Fhinn nimh (no sleagh) 'san abhainn ar an
uisge is chuaidh se isteach i n-a bhéal go bhfuair se bás.
Hiolcadh e i mullach Fhionnchairn.



XII. — Bréagóir Éireann.



1. Bhí bean aon uair amháin, & ní'l anois agus is cuma
gá hacú bhí nó nach rabh, is bhí mac aicí. Thainic se
isteach aon lá amháin.



“Mo dhonas is mo dhothairne orm, a mháthair,” adeir
se, “mur rachaidh me a dh'iarraidh nighne an ríogh.”



Chan fhuigheadh aon dhuine nighean an ríogh acht an té
bhainfeadh trí “thug tú th'éitheach” as.


L. 51


2. D'éirigh an buachaill & fuair se réidh a chearc 's a
bhunnóg, is chuaidh se go tigh an ríogh. D'fhiostruigh
fear an gheata gá rabh se ag dul ná goidé bhí a dhíth
air. Dubhairt se gur mhaith leis a bheith ag caint leis
an rígh, go rabh se ag dul a dh'iárraidh a ninine (inghine).
Chuaidh fear an gheata isteach agus d'ársuigh se do'n rígh
go rabh fear amuigh a rabh gnaithe aige leis. Sgairt
an rí isteach air.



3. D'ársuigh an buachaill a ghnaithe, go rabh se ag dul
a dh'iárraidh a ninine (inghine). Thug an rí amach e an
áit i rabh páirc chruithneachta.



“Nach maith a' chruithneacht í sin?” adeir an rí.



“Is maith 's is ró-mhaith,” arsa Bréagóir Éireann;



“Goidé is brígh e seachas a' chruithneachta atá ins a'
mbaile aige mo gháid-se?”



4. Char dhubhairt an rí an dadaidh. Thug se amach e
an áit i rabh páirc mhór phise.



“Nach maith a' phis í sin?” adeir a' rí.



“Is maith 's is ró-mhaith,” arsa Bréagóir Éireann,
“acht goidé is brígh e seachas a' phis atá aige mo gháid-
se?”



5. Char dhubhairt an rí an dadaidh. Tug se amach e
an áit i rabh gárrdhaidh mór gabáiste.



“Nach sin a' gabáiste maith?” ars' an rí.



“'Seadh, 's maith 's is ró-mhaith. Goidé is brígh e
seachas a' gabáiste tá ins a' mbaile aige mo
gháid-se?”



“Goidé an maitheas at' ar ghabáiste do gháid-se?”
adeir an rí.


L. 52


6. “Tá,” arsa Bréagóir Éireann; “Bhí málchraigh
ag dul thart a rabh deich marcaigh is dá fhichid ionn.
Thainic cíoth mór fearthainne orthú. Chuaidh me fhéin,”
arsa Bréagóir Éireann, “is fuair me duilleog
ghabáiste is chuir me folach ar na deich marcaigh is dá
fhichid.”



7. Char dhubhairt an rí an dadaidh. Thug se amach e
an áit i rabh páirc phónair.



“Nach maith a' phónar sin?” ars' an rí.



“Is maith 's is ró-mhaith,” arsa Bréagóir Éireann,
“acht goidé is brígh e seachas pónar mo gháid-se?”



“Goidé an maitheas at' ar phónar do gháid-se?”
ars' an rí.



8. “Tá,” arsa Bréagóir Éireann; “Bhí mise is mo
gháid aon lá amháin ag cur pónair. Thuit gráinne de'n
phónar ar a' chasán is d'fhás se suas go rabh se suas
as m'amharc. Nuair a bhí an pónar apaidh,” arsa
Bréagóir Éireann, “smaoinigh me fhéin go rabh a lán
pónair air agus gur mhór a' truaighe a leigean amogha.
Fuair me réidh málaidhe is shiubhail me suas ó bhrainse
go brainse. Nuair a bhíodh an mála líonta, chaithinn le
casaidh e. Bhí me 'g dul suas ó bhrainse go brainse
go rabh me thuas aige na béacáin, go dteachaidh me
isteach ine dtigh. Bhí me geárr as mhálaíbh” (.i. go
rabh se gann ionntú); “chonnaic me deárnaid ar
thaobh a' bhalla. Bheir me greim ar a' deárnaid is thug
me feann ar phocán air is rinn me naoi mála de'n
chroiceann. Nuair a chaith me a ndeireadh le casaidh,
cha rabh fhios agam goidé mar gheobhainn anuas. Bhris


L. 53


na brainsí faoi mo chosaibh is thuit me síos 'un na
gcairgeach. Chuaidh me síos eadar dhá chloich is cha
dtiocfadh liom a fhágáil. Cha rabh fhios agam goidé
dheanfainn. Bhí sgian in mo phóca. Bheir me ar a'
sgian & bhain me an cionn díom fhéin is chuir me a bhaile
le sgéala e. Chas an madadh ruadh ar mo chionn is
bheir se ar mo chionn,” adeir se: “Bhain me spriseadh
as a' chairgeach is lean me an madadh ruadh gur bhain
me mo chionn de. Chuir me mo chionn orm aríst,”
adeir se, “is bheir me ar a' madadh ruadh. Thug me
trí chic dó, is ní'l aon chic dh'a dtug me dó nár chuir
me rí maith amach as, 's a' rí 'a mheasa acú, b'fheárr e
'na thusa, a rí!”



9. “Thug tú th'éitheach! Thug tú th'éitheach! Thug tú
th'éitheach!” ars' an rí.



“Tá do nighean bainte agam,” arsa Bréagóir
Éireann.



“Tá, le donas is doghrainn daoi,” ars' an rí.



Pósadh Bréagóir Éireann. Bhí banais lae is bliadhna
orthú, 's an lá deireannach comh maith leis an chead lá.



XIII. — Athbhaisteadh Chaoilte.



1. Nuair a chuaidh Fionn mac Cumhaill agus mór-ochtar
de fhearaibh toighte na Féinne go críocha Lochlann
dh'fhoghlaim goile gaisgidh, char bh'fhada gur chas dóbhtha
ar an bhfódán bhán fear mór árd, 's é ag féachaint
soir, léinidh dhubh-shacannáin is croiceann fiadh ar a
uachtar. Bheannuigh Fionn mhac Cumhaill dó.


L. 54


2. “Gárbh áird duid?” arsa Fionn, “ná gá hainm
duid?”



“Méadhbh Ní Lorcáin bhí ar mo mháthair. Bhí mise aici
& mo leithid fhéin eile.”



“Truagh nach dtainic ceó nimhe is acaise ar an tal-
amh,” arsa Fionn, “a mhuirbhfeadh í, sol a rabh do
leithid-se 'bhodach aici.”



“Mise Gobha Mór Ríogh Lochlann, ag teanamh airm
do rígh Lochlann.”



3. “Gá bhfuil do cheardcha?” arsa Fionn mhac
Cumhaill, “nó an féigion dúinne a feiscint?”



“'Tchifir, má's éigion,” ars' eisean, “má tá, má
fhéadaim-sa, cha n-fhaicir.”



4. D'imthigh an Gobha Mór, is bhearadh se cnoc dhe léim
is gleann dhe choispeán (bhí se comh lúthmhar sin), is dhul
anonn ar Cheise Chorainn dó, léim Caoilte thiar 'sna
sálaibh air.



“Gá hé an gaisgidheach sheas ins a' tsáil orm?”



“Mise,” arsa Caoilte, “beir as duid.”



5. D'imthigh an Gobha Mór go rabh se aige dorus na
céardcha.



“Fosgail, fosgail,” ars' an Gobha Mór. Nuair a
chuaidh se isteach, “Druid, druid,” ars' eisean.



“Ná druid,” arsa Caoilte, “go mbéidh cuideachta
leat.”



6. Caitheadh an dorus isteach. Thainic Caoilte 's an
Fhéinn isteach. Bhí naoi naonbhair de ghoibhnibh gruamdha
ar an taobh thuaidh de'n cheardcha ag obair.



“Toisighgidh,” ars' an Gobha Mór, “go mbearamuid


L. 55


luach a n-astair do fhearaibh Éirinne, go ndeanamuid
arm fíochrach troda dóbhtha, sleagh dhíreach, sleagh ró-
dhíreach, sleagh a mbéidh naoi n-órlaigh de bhuinne gheal
chruaidhe inntí.”



7. Thoisigh builg ar lúth (.i. go gasda) d'á séideadh
is uird ag éirghe i n-áirde.



Bheir Caoilte ar an órd, is bhí se ag teanamh leideog
de'n iarann do'n ghaisgidheach.



“Gá hainm duid?” ars' an Gobha Mór, “nuair atá
tú ag teacht comh cruaidh orainn (leis na buillíbh.)”



Labhair Conán ag an dorus: “Delgus bhí riamh air,
is baistiomus Caoilte feasda air.”



Labhair Conán: “Mur gcoinneóchaidh siad an
t-iarann ar dóigh duid, téidh de'n órd 'sa chloigeann
orthú.”



Fuair feara na nÉirinne a gcuid airm, is thainic
siad a bhaile, 's cha dteachaidh siad go críochaibh
Lochlainn ní 'mhó.



XIV. — An t-Iarla Ruadh Mhag Mhathghamhna.



1. An t-Iarla Ruadh Mhag Mhathghamhna, chuir se fios
ar a lán daoine uaisle. Chuir se fios ar Ghearlánach
Bhaile na Ruaidhe.



Rinn an t-Iarla Ruadh an poll aige dorus a'
phárluis le haghaidh an Ghearlánaigh leigint síos ann.



2. Bhí an cailin ag gabháil cheoil ar fud an tighe:


L. 56


“Grádh mó chroidhe an sgadán,” adeir sí, “nár
gabhadh ariamh ar a chuid.”



D'imthigh an Gearlánach a bhaile, agus sgríobh an t-Iarla
Ruadh 'uige Rígh Sasana fá'n Ghearlánach agus tugadh go
Sasanaibh e.



3. Bhí se ine bpríosun. Cha rabh se i bhfad ann go
gcuala se Turcach ag gabháil thríd an tsráid gach aon
mhaidin, ag cur dubhshláin ar fhear ar bith. Chuala an
Gearlánach an fear ag caint. D'fhiostruigh se de'n
fhear a bhí ag tabhairt aire do'n phríosun goidé bhí se
'rádh. D'ársuigh an fear dó goidé bhí se 'rádh, go
rabh se ag gabháil suas agus anuas an tsráid, an
bhfuigeadh se aon dhuine a d'fhéachfadh e.



4. Dubhairt an Gearlánach, dhá mbéadh se ar bhiadh
na hÉirinne aon mhí amháin, go bhféachfadh se aon Turcach
ar an domhan. Thainic an Rí chuige.



“Goidé an biadh 'a mhaith leat a fhághail?” ars
an Rí.



“Arán coirce a bhruithfidhe le teinidh mhónadh is
bainne gamhnaighe bhlighfidhe 'san oidhche 'ól ar maidin!”



“Geobhaidh tú sin,” ars' an Rí. Fuair an Rí dó e.



5. Cha rabh se acht coicthighis go dtí gur dhubhairt se go
bhféachfadh se an Turcach. Dubhairt an Rí dhul 'un
an steóir is cloidheamh a thoghadh. Chuaidh an Gearlánach
'un an steóir agus bheir se ar an chloidheamh. Bheir se air
agus chroith se e agus bhris se e. Ní'l aon chloidheamh ar bheir
se air nár bhris se e.



6. “Dhá mbéadh mo shean-chloidheamh atá ins a' mbaile
agam, dheanfainn leis.”


L. 57


Chuir an Rí fear i gcoinne an chloidhimh. Chuaidh an Rí
anonn agus thug se an cloidheamh anonn 'uig an Ghearlánach.
Thoisigh an troid is chaith se an cionn de'n Turcach.



7. Dubhairt an Rí leis, dhá ngearrfadh se sac olna le
aon bhuille amháin, go mbearfadh se a phárdun do.
D'imthigh an t-Iarla Ruadh is chuir se barra iarainn
istigh 'sa tsac. Chuaidh an Gearlánach isteach agus bhí an
sac olna i mullach ar bhinnse. D'amharc an Gear-
lánach ar an Rígh agus ar gach aon dhuine dh'a rabh istigh.
Tharraing se an bhuille is thiomáin se thríd an tsac e
gur ghreimigh se ins a' mbloc e.



8. “'Nois,” adeir an Rí, “tá do phárdun agat.
Ársuigh damh god chuige ar amhair' tú orm sol a dtug
tú an buille?”



“Dhá dtiobfadh an buille orm-sa,” ars an Gear-
lánach, “chaithfinn an cionn díot-sa & d'á rabh istigh!”



“Ó, má tá,” ars' an Rí, “an fear a chuir mo chionn-
sa i gcontabhairt, bainfheár an cionn de ar an
mbimide!”



Bhaineadh an cionn de'n Iarla Ruadh ar an mbimide.



XV. — An Luighe (.i. long) ar eilteóig.



1. Bhí baintreabhach aon uair amháin, agus bhí triúr mac
aici. Bhí rí 'san áit agus bhí inghean aige, acht cha bhear-
fadh sé le pósadh í d'fhear ar bith acht d'fhear a thiocfadh
'na luighe ar eilteóig a shuirghe léithi.


L. 58


2. Oidhche amháin bhí an bhaintreabhach 's a triúr mac
'na suidhe ag an teinidh. “Mo dhonas is mo dhothairne
orm, a mháthair,” arsa 'n mac ba shine aca, “mur rachaidh
mé chun na coilleadh i mbárach, agus dheanfaidh mé
luighe ar eilteóig, agus rachaidh mé ann a shuirghe le
nighin an ríogh.”



“Ó, is nach bhfeic tú gur thiob sé orthú uilig d'á
dtainic roimhe seo d'á hiarraidh?” ars' an mháthair.



“Gan ghéilleadh dó sin,” ar seisean, “rachaidh mé i
mbárach.”



3. D'éirigh sé go moch, agus chuaidh sé chun na coil-
leadh. Bhí sé ag gearradh agus ag snadhmadh ádhmaid go
meadhon lae. Annsin tharraing sé a chearc 's a bhunnóg
air, agus thosuigh sé ag ithe. Thainic madadh beag
cuirlinge ruadh chuige. “Maiseadh,” ars' an madadh
beag cuirlinge ruadh, “gach aon chúilín agus gach
cnáimhín a bhéidheas agat-sa, caith chugam-sa iad.”



4. “Ó, a bhacaigh, tá a bhfuil ann gann go leór agam
fhéin?” ars' an fear.



“Caidé tá tú a dheanamh annsin?” ars' an madadh
beag cuirlinge ruadh.



“Nach cuma dhuit-se, má's farthadh cearc atáim a
dheanamh?” ars' an fear.



“Mar sin go rabh sé,” ars' an madadh.



5. Bhí sé ag obair go rabh an trathnóna ann, acht cha
rabh déanta aige acht farthadh cearc. Thainic sé a
bhaile 's a' farthadh cearc ar a ghualainn leis.



“Ó! nár dhubhairt mé gur mar sin a bhéadh sé?” ars'
an mháthair, nuair thainic sé a bhaile.


L. 59


“Bhal, is duinne tá farthadh cearc agat,” ars' eisean.



6. Ar maidin lá ar n-a bhárach d'éirigh an dara
dearbhráthair.



“Mo dhonas is mo dhothairne orm,” ar seisean,
“mur rachaidh mé chun na coilleadh, agus dhéanfaidh mé
luighe ar eilteóig, agus rachaidh mé leis a shuirghe le
nighin an ríogh.”



“Ó, is nach bhfeic tú gur thiob sé ar do dhearbhráthair
agus orthú uilig?” ars' an mháthair.



7. Ar dhóigh ar bith, chuaidh sé chun na coilleadh, agus
bhí sé ag gearradh agus ag snadhmadh ádhmaid go
meadhon lae. Tharraing sé a chearc agus a bhunnóg
air féin, agus thosuigh sé ag ithe. Thainic madadh beag
cuirlinge ruadh chuige.



8. “Gach aon chúilín agus cnáimhín a bhéidheas agat,
caith chugam-sa iad,” ars' an madadh beag cuirlinge
ruadh.



“A bhacaigh,” ars' an fear, “tá a bhfuil ann gann go
leór agam fhéin.”



“Caidé sin tá tú a dheanamh?” ars' an madadh
beag.



“Nach cuma dhuit-se, má's bara táim a dheanamh?”



“Mar sin go rabh sé,” ars' an madadh.



9. Bhí an fear ag obair go rabh an tráthnóna ann, &
chá rabh aige annsin acht bara. Thainic sé a bhaile
agus an bara leis. Chas an mháthair air.



“Ó, nár dhubhairt mé gur mar sin a bheadh an sgéal?”
“Ó, ná bí ag gearán i gcomhnaidhe,” ar seisean, “is
duinne tá bara agat.”


L. 60


10. Ar mhaidin lá ar n-a bhárach d'éirigh an treas
mhac, Conn.



“Mo dhonas 's mo dhothairne orm, a mháthair,” arsa
Conn, “mur rachaidh mise chun na coilleadh indiú a
dheanamh luighe ar eilteóig go rachaidh me a shuirghe le
nighin an ríogh.”



“Nach bhfaca tú gur thiob sé ar do bheirt dhearbhráth-
ar agus orthú uilig?” ars' an mháthair.



“Gan géilleadh dó sin,” arsa Conn, “rachaidh mise.”



11. Bhí sé ag gearradh & ag snadhmadh ádhmaid go
meadhon lae. Annsin tharraing sé a chearc agus a
bhunnóg air féin. Thainic an madadh beag cuirlinge
ruadh chuige.



“Maise,” ars' an madadh beag, “gach aon chnáimhín
& chúilín a bhéidheas agat, caith chugam-sa iad.”



“Chán é sin a dhéanfaidh mé, acht suidh aniar agus tá
nár sáith araon ann.”



12. Shuidh sé aniar agus rinne siad a meadhon lae.
Nuair a bhí siad réidh, “Caidé sin tá tú a dheanamh?”
ars' an madadh beag cuirlinge ruadh.



“Tá me ag deanamh luighe ar eilteoig go rachaidh mé
a shuirighe le nighin an ríogh,” arsa Conn.



“Mar sin go rabh sé,” ars' an madadh beag cuir-
linge ruadh.



I gcúig bhimide bhí an luighe críochnuighthe.



13. Chuaidh Conn isteach ins an luighe, agus thug an
madadh slat dó, agus nuair a bhuailfeadh sé an tslat
ar cheann de'n luighe d'éireóchadh sé i n-áirde, agus
nuair a bhuailfeadh sé an tslat ar an cheann eile


L. 61


luighfeadh sé síos. Dubhairt an madadh leis gach uile
fhear a chasfadh air ó shoin go tigh an ríogh a thabhairt leis.



14. Bhuail Conn an luighe leis an tslait agus amach
leis.



Nuair bhí sé ag dul trasna abhna móire chas fear
air, agus é ag ól gach uile bhraon bhí ag teacht leis an
tuile. Dhearc sé suas.



15. “Go mbeannuighe Dia dhuit, a Chuinn,” ar
seisean.



“Dia is Muire dhuit,” arsa Conn.



“A' mbéarfaidh tú mise leat?”



“Béarfaid; gá hainm tá ort-sa?”



“Mise 'Tart Mór'.”



16. D'imthigh sé arí gur chas fear air ag cumhdach
páirce gearrfhiadhannaibh agus a chos ceangailte suas.



Dhearc sé suas ar Chonn.



“Go mbeannuighe Dia dhuit, a Chuinn,” ar seisean.



“Dia 's Muire dhuit,” arsa Conn.



“A' mbéarfaidh tú mise leat?”



“Bhéarfaidh; gá hainm tá ort-sa?”



“Mise 'Luath ar Leath-chois.'”



17. D'imthigh sé aríst gur chas fear air ar bhárr
sléibhe, agus inneóin ceangailte d'á shuidheachán. Bhuail-
feadh sé bhuille ar na carraigeannaibh móra agus
chuirfeadh sé síos ins na gleanntaibh iad.



Dhearc sé ar Chonn.



“Go mbeannuighe Dia dhuit, a Chuinn,” ar seisean.



“Dia 's Muire dhuit,” arsa Conn.



“A' mbéarfaidh tú mise leat?”


L. 62


“Bhéarfaid; gá hainm tá ort-sa?”



“Mise 'Suidheachán Iarainn.'”



18. D'imthigh siad aríst gur chas fear orthú agus
péire adharc air seacht bpeirse ar fad.



Dhearc sé suas ar Chonn.



“Go mbeannuighe Dia dhuit, a Chuinn,” ar seisean.



“Dia 's Muire dhuit,” arsa Conn.



“A' mbéarfaidh tú mise leat?”



“Bhéarfaid; gá hainm tá ort?”



“Mise 'Fear na nAdharc.'”



19. D'imthigh siad aríst gur chas fear orthú agus é
ag luighe ar an talamh ag éisteacht.



Dhearc sé ar Chonn.



“Go mbeannuighe Dia dhuit, a Chuinn,” ar seisean.



“Dia's Muire dhuit,” arsa Conn.



“A' mbéarfaidh tú mise leat?”



“Bhéarfaid; gá hainm atá ort-sa?”



“Mise 'Cluas le hÉisteacht.'”



20. D'imthigh siad aríst gur chas fear orthú agus é
ag lámhach urchair le fear thall 'san Spáinn.



Dhearc sé ar Chonn.



“Go mbeannuighe Dia dhuit, a Chuinn,” ar seisean.



“Dia 's Muire dhuit,” arsa Conn.



“A' mbéarfaidh tú mise leat?”



“Bhéarfaid; gá hainm atá ort-sa?”



“Mise 'Fear na nUrchar.'”



21. D'imthigh siad annsin gur chas fear orthú
agus corrag aitinne 'na ghaosán.



Dhearc sé ar Chonn.


L. 63


“Go mbeannuighe Dia dhuit, a Chuinn,” ar seisean.



“Dia 's Muire dhuit,” arsa Conn.



“A' mbéarfaidh tú mise leat?”



“Bhéarfaid; gá hainm atá ort-sa?”



“Is mise ‘Séideadh Sanntach.’”



22. Annsin thainic siad ar eilteóig go halla an
ríogh. Rith an rí chuig an ollamh mór agus dubhairt leis
go rabh an luighe ag an halla & sgafta diabhal innti
nach rabh cuma Críostaidhe orthú, acht ar fhear amháin
aca (budh é sin Conn).



23. “Abair leóbhtha, mur n-ólfaidh siad a bhfuil de
bhiotáilte ins na soiliríbh, nach bhfághann siad do
nighean,” ars' an sean-ollamh mór.



“Éist, éist,” arsa Cluas le hÉisteacht amuigh, “tá
an rí ag deanamh comhairle leis an sean-ollamh, mur
n-ólfaidh sibh a bhfuil de bhiotáilte ins na soiliríbh,
nach bhfághann sibh a nighean le pósadh.”



“Ná bac leis sin,” arsa Tart Mór.



24. Tugadh isteach iad. Chuaidh Tart Mór síos
ins na soiliríbh, agus i gcúig bhimide chá rabh braon nár
ól sé agus bhí sé ag gragarnaigh ag iarraidh a thuillidh
dighe.



25. Rith an rí aríst chuig an tsean-ollamh agus dubhairt
leis nár fhág siad braon nár ól siad.



“Abair leóbhtha anois, mur dtáirngeóchaidh siad a
bhfuil de ádhmad ar do chuid talmhan agus é a chur amach
ar dhúithche eile, nach bhfághann siad do nighean.”



26. “Éist! éist!” arsa Cluas le hÉisteacht, “Tá
an rí ag deanamh comhairle leis an tsean-ollamh, mur


L. 64


dtáirngeóchaidh sibh a bhfuil d'ádhmad ar a chuid talaimh,
nach bhfághann sibh a nighean le pósadh.”



“Bíodh sé mar sin,” arsa Fear na nAdharc.



27. Ine leath-uair chá rabh an oiread agus dhéanfadh
slat marcaigheachta ar thalamh an ríogh nár tharraing
Fear na nAdharc agus nár chuir sé amach ar dhúithche
eile.



Nuair a thainic an sgéal isteach chuig an rí, rith sé
chuig an tsean-ollamh agus dubhairt leis nach rabh an
oiread agus slat marcaigheachta nár tharraing Fear
na nAdharc.



28. “Abair léobhtha anois,” ars' an sean-ollamh,
“mur siubhalfaidh fear aca fá bhuideál uisge ó Thobar
na mBuadh le mo nighean-sa, nach bhfághann siad do
nighean le pósadh.”



“Leigigidh mise léithi,” arsa Luath ar Leath-chois.



29. Fuaras réidh buideál do gach aon dhuine aca agus
amach leóbhtha. Nuair bhí siad tamall ag siubhal:



“Mur siubhalfaidh tú acht mar sin,” arsa Luath ar
Leat-chois, “chá bhím ag fuireach leat.”



“Tá mé ag siubhal gasta go leór,” arsa nighean an
ollaimh.



30. Sgaoil sé síos an chos eile agus amach leis. Chas
sé uirthí agus é leath-bhealaigh ag teacht ar ais.



“Ó, suidh síos,” ars' ise; “tá tú cortha agus béidh
tú am go leór.”



Shuidh sé síos agus chuir sí bearán suain faoi n-a
cheann agus thuit sé 'na chodladh.



31. “Éist! éist!” arsa Cluas le hÉisteacht,


L. 65


“bearán suain 'na cheann agus tá sé 'na chodladh!
Bhain sí an buideál de; tá sí ag teacht leis.”



“Gá bhfuil mo ghunna?” arsa Fear an Ghunna.



Sgaoil sé urchar & mhusgail sé an fhear.



32. Nuair a mhusgail Luath ar Leath-chois thainic sé
ar ruaim 'na diaidh. Thosuigh Séideadh Sanntach ag
séideadh agus bhí an ghaoth ag cur nighine an ollaimh ar
ais go dtainic Luath ar Leath-chois suas léithi. Bhain sé
an buideál dí agus thainic sé isteach roimpí.



33. Rith an rí chuig an tsean-ollamh agus dubhairt
go dtainic Luath ar Leath-chois isteach i dtoiseach.



“Fagh réidh banais dóbhtha anois,” ars' an sean-
ollamh, “agus chuir gaitheanna nimhe ins na cathaoiribh,
agus nuair shuidhfidh siadh orthú muirbhfear uilig iad.”



34. “Éist! éist!” arsa Cluas le hÉisteacht, “tá
sé ag déanamh cómhairle leis an tsean-ollamh, a chur
gaitheanna nimhe ins na cathaoiribh dhúinn agus nuair shuidh-
fhidh sinn orthú muirbhfear uilig inn.”



“Ná bac leis sin,” arsa Suidheachán Iarainn.



35. Nuair thainic siad isteach d'éirigh Suidheachán
Iarainn agus thug sé smag d'á shuidheachán do gach uile
chathaoir aca, agus rinne sé púdar díobhtha.



Pósadh Conn agus nighean an ríogh ann sin. Bhí
banais lae agus bliadhna orthú agus an lá deireannach
chomh maith leis a' chead lá.


L. 66


XVI. Eachtra Thoirdhealbhaigh mhic ríogh na
hÉireann.



1. Bhí rí aon uair amháin ionn — má bhí ariamh, chan
fheil anois - agus bhí mac aige. Shaoil sé, dá mbéadh
a' ghrian ag amharc anuas agus a' ghealach ag amharc
suas, nach dtiocfadh duine ar bith a fhághail chomh deas
le mac a' ríogh.



A rabh a airgead & a ór ag a' rígh rachadh an mac
thríd e. Dhíol sé a chuid dúthaighe agus thug sé d'á
mhac e. D'iarr sé air tiomáint leis agus a fhortun a
thuilleamh dó fhéin, ná cha dtiocfadh leis a choinneált
ní b'fhuide.



2. Ghlac sé an t-airgead ó'n athair agus thiomáil
(= thiomáin) leis go dteachaidh sé isteach go Ríoghacht
na Sorcha. Bhuail sé suas le cuideachta cosamhail
leis fhéin. D'imir siad ar chárdaíbh agus ar ghearráin rásaí
& ar throid coileach go dtí nach rabh pighinn aige a
dheanfadh torann ar chloich. Cha dtiocfadh leis obair a
dheanamh agus cha dtiocfadh leis deanamh gan a sháith
bídh, agus cha rabh fhios aige goidé a dheanfadh sé.



3. Maidin amháin bhí ocras air & chuaidh sé síos go
tigh a' ríogh. Bhí na saighdiúirí ar ghárda. D'fhiafruigh
sé dóbhtha (= díobhtha, díobh) a' dtiocfadh leis a' rí a
fheiceáil. Deir fear de na saighdiúiribh leis buille a
bhualadh ar a ghearr dromaidh. Bhuail sé buille ar a
ghearr dromaidh.


L. 67


“Thop! thop!” ars' an rí, “siud mac ríogh le
bái'rioghain.” D'iarr air theacht isteach & athchuinge
ar bith a bhí uaidh go dtiubhradh sé dó í.



“An athchuinge atá uaim,” arsa mac a' ríogh, “má
thugann tú isteach mé 'un (a bheith ar) fhear de do chuid
saighdiúirí.”



“Cha dtig dó sin a bheith,” ars' an rí, “acht bheirfidh
mé isteach thú 'un fear gárda an chaisleáin.”



4. Thug a' rí isteach é & thug sé a bhricfeast dó.
D'fhan sé go rabh sé an oidhche & b'éigin dó fanach 'na
shuidhe go maidin. Nuair a bhí sé ar ghárda, dubhairt
sé leis féin, “Is bocht a' teacht i dtír seo do mhac
ríogh & chan fhanaim-se i bhfad annseo.”



An darna oidhche bhí sé ar ghárda bhí an oidhche fuar
& ag cur shneachta & rinne sé coisreacadh agus ar sé,
“Fágfaidh mé seo anocht.”



5. Thóg sé a ghunna i n-a láimh & chuir sé suas a
ghunna thairis a chinn:



“Má thuiteann a' gunna seo amach, imtheochaidh
mé anocht; & má thuiteann a' gunna isteach, cha
chorruighim.”



Chuir sé an gunna suas trí huaire & thuit an gunna
amach & léim sé thairis an bhalla, agus thiomáin leis
isteach go ríoghachtaibh eile i nach rabh aithne nó eolas air.



Shiubhail sé rith an lae go dtí go dtainic a'
tráthnóna & chan fhaca sé tigh nó coite.



6. Shiubhail sé thríd choillidh mhóir thruim. I lár na
coilleadh chas caisleán mór dó.



Ar seisean leis féin, “Tá mé i gcontabhairt anois.


L. 68


Seo caisleán mór fathaigh. Mar sin féin buailfidh mé
ag a' doras agus b'fhéidir go ngeobhainn rud eighinteach
le n-ithe.”



7. Fosgladh an doras & thainic bái'rioghain óg 'un an
doruis. “'Sé do bheatha, a Thoirdhealbhaigh, is tú a' fear
a bhí uaim,” ars' ise.



“O,” arsa Toirdhealbhach, “má tá aithne annseo orm,
chan fheil 'fhios agam gá racha mé.”



“Gabh isteach 'un a' rúim seo go ngeobhaidh tú do
mheadhon lae.”



8. Is gairm sin a fuair freagairt. Isteach leis 'un
a' rúim & thug sise aníos a mheadhon lae & leag sí ar an
bhórd dó é & thug sí buideál fíona & leag sí ar a' bhórd
dó é.



“Ith do sháith anois,” ars' an bhái'rioghain; “tá
tart agus ocras ort.”



“Thuill me sin uilig,” ars' eisean.



D'ith sé & d'ól a sháith & chóirigh sí liobaidh dó. Bhí sé
cortha & thuit sé i n-a chodladh.



9. Chuir sise glas ar an doras & char mhúsgail sé go
rabh sé mall. Ar mhúsgailt dó, dhearc sé gach taobh
de & bhí an rúm a rabh sé ann chomh geal leis an eala.
Nuair a bhí sé mall ins an oidhche thainic a' bhái'rioghain
isteach & i n-áit í bheith i n-a bái'rioghain bhí sí i n-a
gabhar & dá adhairc uirthi.



“Ó, a Dhia 's a Mhuire!” arsa mac a' ríogh. “Cá
bhfeil mé ar bith?”



“Ná bíodh eagla ort, a Thoirdhealbhaigh,” ars' an
gabhar. “Fan agam go maidin, & bheirfidh mé céad


L. 69


ponta duid, má bhíonn tú gan fhocal a labhairt go
sgairt a' choiligh.”



10. Thainic sí isteach le n-a shuipeár agus d'fhág sí
buideál fíona aige agus buideál uisge beatha.



D'ith & d'ól sé a sháith & d'ól deoch mhaith de'n uisge
beatha & thuit sé i n-a chodladh.



Nuair a thainic am marbhtha na hoidhche, líon a' tigh
isteach de lucht na gceann beag. Bheir siad suas &
síos air & tharraing trasna an urláir é. Tharraing
siad a chuid gruaige, & rinne gach aon seort a shaoil
siad a bheirfeadh air labhairt, agus i gcomhnuidhe char
labhair sé aon fhocal. Sgairt an coileach & d'imthigh
an sgaoith.



11. Bhí sé cortha claoidhte & thuit sé i n-a chodladh &
char mhúsgail sé go rabh sé i bhfad ins an lá. Thainic
a' bhái'rioghain óg isteach ins an rúm agus an céad
ponta léithi & d'fhág sí ar chóirneál an bhóird é agus thug sí
isteach a bhricfeast & mhúsgail sí é.



“Is tú a' fear is fhearr a thainic chugam ariamh. Má
fhanann tú anocht, bhéarfaidh mé céad ponta eile duid.”



“Dá dtiubharfá a bhfeil a airgead ins a' ríoghacht
damh, chan fhanfainn oidhche eile annseo.”



“Ná géill dó sin,” ars' an bhái'rioghain. “Fan agam
anocht.”



12. Thug sí buideál eile uisge beatha isteach & leag
sí ar an bhórd é.



D'ól sé deoch cheart de'n uisge beatha & thuit sé i
n-a chodladh & char mhúsgail sé go rabh sé mall. Thainic
an gabhar isteach le n-a shuipeár & dá adhairc uirthi.


L. 70


“Fan anocht,” ars' an gabhar, “& gheobhaidh tú céad
ponta ar maidin. Is cuma goidé 'tchífeas tú, ná
labhair aon fhocal.”



“Chan fhanfainn anocht ar a bhfeil ins a' ríoghacht,”
ars' eisean.



“Ná géill dó sin,” ars' an bhái'rioghain; “fan agam
anocht fósta.”



13. Chuir sí glas ar an doras & d'fhág sí annsin é.
D'ól sé deoch cheart de'n uisge beatha & thuit sé i n-a
chodladh go dtainic am marbhtha na hoidhche, & má's
mór a thainic an chéad oidhche, thainic a dhá oiread an
darna oidhche. Tharraing siad suas agus síos é,
tharraing a chuid féasóige, agus i gcomhnuidhe cha
dtiocfadh leobhtha a thabhairt air labhairt. Sgairt an
coileach agus d'imthigh an sgaoith.



14. Bhí sé brúighte briste, cortha claoidhte. D'ól sé
deoch eile de'n uisge beatha agus thuit sé 'n-a chodladh.



Char mhúsgail sé go rabh sé an meadhon lae & thainic
an bhái'rioghain isteach le n-a bhricfeast & a mheadhon
lae agus an céad ponta léithi & leag sí ar a'
bhórd é.



15. “Is tú a' fear is fhearr a thainic 'un na ríoghachta
seo ariamh agus ársóchaidh mé sgéal mór duid i mbárach.”



“Gá mbéidh mise i mbárach?” arsa mac a' ríogh; “cha
ghlacfainn do ríoghacht agus fanacht oidhche eile.”



“Ná géill dó sin,” ars' an bhái'rioghain. “Chan fheil
fhios agat goidé an sonas atá i ndán duid.”



D'fhág sí buideál uisge beatha aige agus chuir sí
glas ar an doras.


L. 71


“Seo an oidhche dheireannach & seo an oidhche is
cruaidhe a chuirfear orm,” ar sé leis féin.



16. D'ól sé deoch mhór de'n uisge beatha. Thuit sé
i n-a chodladh & char mhúsgail sé go rabh sé an meadhon
oidhche.



Thainic an gabhar isteach le n-a shuipeár agus ar sise
leis, “Seo an oidhche is cruaidhe a chuirfear ort, agus
ná labhair aon fhocal amháin go sgairt a' choiligh.”



Nuair a thainic am marbhtha na hoidhche, líon a' tigh de
fhearaibh dubha.



“Fuair tú glan linn le dhá oidhche, acht cuirfea-
muidne deireadh leat anocht,” ars' iad-san.



“Glór Dé roimhe libh,” arsa mac a' ríogh i n-a intinn
féin.



17. Bheir siad síos agus suas air. Bhain siad a
bhróga agus a chuid stocaí de. Bheir siad greim mullach
cinn air. Tharraing siad amach thríd an doras é.
Tharraing siad amach thríd an chaisleán é.



Bhí póna éisg (nó linn éisg) ins an ghárrdhaidh.
D'iomchuir siad amach é 'un é bháthadh nuair sgairt an
coileach & d'fhág siad annsin é.



18. Nuair a thainic an bhái'rioghain anuas ar maidin,
chuaidh sí isteach i n-a rúm acht chan fhuair sí mac a'
ríogh ann. Chuaidh sí amach ins an ghárrdhaidh & fuair sí
i n-a luighe ag an linn éisg é. Bhí sé claoidhte cortha,
brúighte briste. Cha rabh sé ar son labhairt léithi.



Bháidh sí le deoraibh é, agus thiormuigh sí le pógaibh é, &
thug sí isteach 'un a' chaisleáin é.



19. “Anois,” ar sise, “ársóchaidh mé duid goidé thug


L. 72


mise annseo. Tá rí dubh as an Fhrainnc, & ghoid sé
mise ar siubhal as Tír na hÓige & lean mo bheirt
dearbhráthar mé agus cha rabh mise 'un é phósadh go dtioc-
fadh fear éigheantach a bhrisfeadh na geasa. Cha rabh
aon fhear 'un na geasa a bhriseadh acht mac ríogh le
bái'rioghain. Agus tar síos liom 'un an tsoiléir
go dtais'eanfaidh mé duid-se gá mhéad fear a chuir
sé 'un báis.”



Chuaidh siad síos.



“Bhí an gad réidh chugat,” ars' ise.



Bhí trí chéad is fiche cionn ar an ghad. Bhí an gad
líonta acht cionn amháin.



20. “Agus tá mo gheasa briste ó mhaidin,” ars' an
bhái'rioghain. Tharraing sí slat draoidheachta agus bhuail
sí dá chloich agus léim a beirt dréar (= dearbhráthar)
i n-a seasamh.



Bhuail sí aríst í agus léim a gcuid cúidhe agus a gcuid
gadhar i n-a seasamh. Bhuail sí aríst í agus rinne cloch
ghlas de'n Rígh Dubh.



“'Nois,” ar sise, “is leat-sa a' caisleán seo, agus
caithfidh mise dul 'un fios a thabhairt do mo athair &
do mo mháthair goidé mar briseadh a' draoidheachta, &
cha bhím ar ais faoi trí seachtmhaine agus seo dhuid trí
chéad ponta & glac lóisdin ins a' tigh fhágfas mise
ann thú.”



21. Bhí sean-bhean & nighean dí ins an tigh a d'fhágadh
ar lóisdin ann é. D'iarr an bhái'rioghain air aire
mhaith a thabhairt dhó féin go dtiocfadh sise ar ais aríst.



Thuit nighean na caillighe i ngrádh leis & d'iarr an


L. 73


chailleach air fanacht aici féin & a nighean a phósadh, go
rabh trí chéad ponta aige-sean & go rabh trí chéad
ponta aici-se & go gcuirfeadh siad na sé chéad ar a'n
iúl & go mbeadh aca teacht i dtír.



22. “Fuair mé barraidheacht trioblóide fá'n bhái'-
rioghain sin,” ars' eisean, & cha phósaim aon bhean a
choidhche acht í, & fanfaidh mé go dtiocfaidh sí ar ais.”



Bhí na trí seachtmhaine istigh, & thainic sí ar ais & bhí
sí 'un casbháil air ag an téa'pall agus bhí sí 'un é phósadh
an Dia Domhnaigh sin.



23. D'éirigh sé ar maidin Dia Domhnaigh 'un casbháil
uirthi & chuaidh nighean na caillighe leis. Nuair bhí sé ag
fágáilt an tighe thug an tsean-chailleach pionna (nó
bearán) di & d'iarr sí uirthi an pionna seo a ghreimiughadh
i n-a chasóig & go dtuitfeadh sé i n-a chodladh & nach
dtiocfadh leis an tsaoghal a mhúsgailt go mbéadh sí ar
siubhal. Chuaidh sé 'un an téa'paill & thainic a' bhái'-
rioghain & a cuid cailín brídeóg, dá chloigeann déag
aca i gcóitse a bhí chomh geal leis an eala.



24. Thainic sí ins an áit i rabh mac an ríogh i n-a
chodladh agus shaoil sí é mhúsgailt. Má tá, chá dtiocfadh
léithi, agus d'fhiafruigh sí de'n chailín goidé thainic air, agus
dubhairt sise nach dtiocfadh léithi a ársuighe.



“Seo dhuid gairteál, agus tabhair dó e nuair mhúsgló-
chaidh sé & ársuigh dó go gcaithfidh mise dhul go hOileán
an Óir, & nach mbím ar ais go Dia Domhnaigh seo
chugainn.”



Nuair d'imthigh a' bhái'rioghain, tharraing nighean na
caillighe an pionna as an chasóig, & mhúsgail se suas.


L. 74


25. D'fhiafruigh nighean na caillighe goidé an codladh
thainic air, go rabh nighean na bái'rioghna annseo,
“& agus budh chuma goidé a deireadh sí, cha dtiocfadh
léithi thú mhúsgailt, agus seo dhuid gairteál a d'fhág
sí agat, & d'iarr sí ort gan amhras gan bheith 'do
chodladh Dia Domhnaigh seo chugainn.”



A bhaile leis go tigh a lóisdin ar ais aríst. “Agus
is cinnte,” ar seisean leis féin; “cha bhím 'mo chodladh
Dia Domhnaigh seo 'ugainn.”



Thainic an Domhnach & rinne réidh 'un dul 'un a'
téa'paill.



26. Thug an tsean-chailleach snáthaid do'n nighin &
d'iarr sí uirthi an tsnáthaid a chur i n-a chasóig, mar
budh ghnáth léithi, & go dtuitfeadh sé i n-a chodladh.
Chuaidh siad 'un téa'paill. Cuireadh an tsnáthaid i n-a
chasóig & thuit sé i n-a chodladh & thainic an
bhái'rioghain 'n-a cóitse & na cailíní brídeóg.



Tharraing sí é & chuimil sí é & cha dtiocfadh léithi é
mhúsgailt & thug sí miteóg a bhí i n-a láimh do nighin na
caillighe. D'iarr sí ar nighin na caillighe an mhiteóg a
thabhairt dó & d'iarr air gan amhras gan a bheith i n-a
chodladh Dia Domhnaigh seo chugainn.



27. Nuair tharraing nighean na caillighe an
tsnáthaid as a chasóig, mhúsgail sé suas.



“Ó, goidé bhain damh ar bith nó goidé an codladh
thainic orm ar chor ar bith?” ars' eisean.



A bhaile leis go tigh na caillighe & d'iarr sí air a
nighean a phósadh, nach rabh an bhái'rioghain acht ag
teanamh amadáin de, gan áird níos mó a thabhairt uirthi.


L. 75


D'fhan sé rith na seachtmhaine go dtainic an Domhnach
aríst.



28. Rinne sé réidh agus chuaidh sé 'un a' téa'paill &
chuaidh nighean na caillighe leis. Thug sí snáithe olna
di. D'iarr sí ar a nighin an snáithe olna a chur i n-a
phóca agus nach músglóchadh an saoghal é go dtí go
mbainfidhe an snáithe as a phóca.



Chuaidh siad mar budh ghnáth leóbhtha agus chuir sí an snáithe
i n-a phóca & thuit sé i n-a chodladh & thainic an
bhái'rioghain agus a cuid cailíní brídeóg & bhí seisean
i n-a chodladh mar budh ghnáth leis.



29. Ghol sí & bhéic sí agus ghread sí a cuid bosa & cha
dtiocfadh léithi é mhúsgailt.



Ars' an bhái'rioghain le nighin na caillighe, “Seo
ruibín dubh a bhíonns ar mo ghruaig agus tabhair dó é
nuair a mhúsglóchaidh sé agus abair leis nach bhfeic sé
mise níos mó, go bhfeil mé ag dul anonn chuige'n
rígh, m'athair - anonn go hOileán an Óir, 'un áite nár
chuaidh aon fhear isteach ann.”



30. Chuir nighean na caillighe a lámh i n-a phóca & bhain
sí an snáithe as & mhúsgail sé suas.



“Ó, goidé thainic ort ar bith?” arsa nighean na
caillighe. “Bhí an bhái'rioghain annseo agus chá dtiocfadh léithi
do mhusgailt & tá sí ag dul anois go hOileán an Óir,
'un áite nár chuaidh aon fhear ariamh isteach ann. Seo
ruibín dubh a d'fhág sí agat a bheadh a' ceangladh a
gruaige 'na chomhartha nach bhfeicfidh tú choidhche aríst í.”



31. D'éirigh sé 'n-a sheasamh agus dubhairt sé le nighin
na caillighe nach gcodladh sé dá oidhche i n-aon tigh


L. 76


amháin & nach n-íosfadh sé dá chionn bídh i n-aon tigh
amháin & go siubhlóchadh sé an saoghal go ngeobhadh sé
amach í.



“Siubhail leat a bhaile liom-sa,” arsa nighean na
caillighe, “agus pós mise, & ná bac leis a' tsaoghal a shiubhal
i n-éis na bái'rioghna.”



“Thusa! Nighean na sean-chaillighe cladaighe! An
saoileann tusa go bpósfadh mac ríogh do leitheid-sa?
Siubhlóchaidh mise an saoghal go bhfuighe mé í.”



32. Shiubhail sé rith an lae sin go dtainic an oidhche
amach ins a allta-thír. Chuaidh sé suas go caisleán
mór agus bhuail sé ag an dorus agus thainic 'un an doruis
fathach mór & d'fhiafruigh sé de mhac an ríogh goidé
thug annseo é. Ghlac mac an ríogh eagal nuair a
choinic (= chonnaic) sé an fathach, acht dubhairt sé leis
féin nach mbéadh eagal air roimhe leis.



“Mise mac an ríogh agus béidh a' chead bhuille agam
air.”



33. Nuair a thainic a fathach amach chuige, dubhairt sé
le mac a' ríogh gur mhór leis ar ghreim é & gur bheag
leis ar dhá ghreim é agus nach ndeanfadh sé acht faobhar a
chur ar a chuid fiacal.



“Mac ríogh mise,” arsa mac an ríogh, “is troidfidh
mé le claidheamh thú & béidh fhios againn gá hagainn a'
fear is fhearr.”



“Chan é sin a' dóigh is fhearr liom-sa troid, acht
féachamuidne cor,” ars' an fathach.



34. Smaoinigh mac an ríogh goidé mar d'imreochadh
sé a' bhála nuair thóg sé le bárrchos é. Bhuail sé faoi'n


L. 77


fhathach mhór & tóg sé i n-áirde é agus leis a' leagadh a thug
sé dó chuir sé trí troigh ins a' talamh é.



“Tá torp glas agam ort, a bhodaigh,” arsa mac a'
ríogh.



“Ó, a mhic is fhearr nó 'n t-áthair, athchuinge ar bith
a iarras tú bheirfidh mé duid é. Léig m'anam liom.”



“An athchuinge atá mé a iarraidh ort, a' mbeadh dóigh
ar bith agat a bheirfeadh go hOileán an Óir mé?”



35. Shéid an fathach a bhuabhall & chruinnigh gach aon
seort éisg a bhí ins an loch. D'fhiafruigh siad de'n
fhathach goidé bhí uaidh. Dubhairt sé go maithfeadh sé
an cíos dóbhtha dá dtiocfadh leobhtha tuaileas a thabhairt
gá rabh Oileán an Óir.



Dubhairt siad leis gur oileán é nach bhfaca siad
ariamh.



36. “'Nois,” ars' an fathach, “tá dréir (= dear-
bhráthair) damh-sa i n-a chomhnuidhe i bhfad as seo. Cha
dtainic aon fhear roimhe leis ariamh nár mharbh sé & seo
dhuid clibeóg de mo chuid-se agus bheirfidh sí go tigh mo
dhréar thú & aithneochaidh sé a' chlibeóg & tiocfaidh sé
amach chugat le caomhamhlacht. Chan fheil aon éan ins
an aer nach bhfeil a' díol cíosa leis. Acht mar bhfeil
'fhios aca gá bhfeil Oileán an Óir, chan fheil 'fhios ag
aon fhear ar bith gá bhfeil sé.”



37. Chuaidh sé a mharcaigheacht ar an chlibeóig. Sar
má rabh 'fhios aige gá rabh sé bhí sé aige tigh an fhathaigh.



Thainic an fathach amach roimhe leis go ciuin & d'fhia-
fruigh sé de goidé bhí ag cur air. Dubhairt mac an
ríogh go rabh 'fhios uaidh gá rabh Oileán an Óir.


L. 78


“Goidé tá uait-se i nOileán an Óir — an áit nár
chuaidh aon fhear ariamh ann? Ní'l aon éan ins an aer
nach ndíolann cíos liom-sa. Acht mar' bhfeil 'fhios aca
gá bhfeil sé, chan fheil fios ag aon dhuine ar bith air.”



38. Séid sé a bhuabhall & thainic gach aon éan ins an
aer chuige acht an iolar. D'fhiafruigh sé dóbhtha gá rabh
Oileán an Óir. Dubhairt siad leis nach rabh aon éan i
n-innimhe ar eiteóig go hOileán an Óir acht an iolar.
Shéid sé an buabhall aríst, & d'iarr sé ar na seirbhisigh
amharc amach 'un an caisleán a ghárdáil - dá mbéadh
corruidhe uirthi go leagfadh sí an caisleán 'un a'
talaimh. Chuaidh an gárda amach agus choinic (chonnaic) siad
a' teacht í & bhí 'fhios aca go rabh corruidhe uirthi & chuaidh
siad i n-áirde ar an chaisleán le n-a gcuid airm 'un
a coinneált glan de'n chaisleán & shocruigh sí í fhéin
ins an pháirc faoi'n chaisleán, agus d'fhiafruigh sí
de'n fhathach goidé an t-ádhbhar a bhí aige (le) fios a
chur uirthi.



39. Dubhairt sé go maithfeadh sé an cíos dí, dá
dtiocfadh leithi tuaileas ar bith a thabhairt i dtimcheallt
Oileáin an Óir. Dubhairt sí leis an fhathach gur'b é an
t-oileán is saidhbhre a bhí ar an tsaoghal.



“Má thugann tú a' fear seo leat, maithfidh mé a'
cíos dhuid féin & do gach aon éan a bhaineas leat.”



“Goidé mar thiocfadh liom a' fear sin a thabhairt
liom thairis Sléibhe na Teineadh & thairis Sléibhe na
Gloine & na Fairrge Móire? D'éagfainn leis an
ocras sul mar bhéidhinn ann.”



40. “Muirbhfidh mé bológ & cuirfidh mé isteach i


L. 79


gcroiceann na bolóige na ceithre cheathramha & cuirfidh
mise leat ar do dhruim é agus bheirfidh mé torpán duid.
Nuair a bhéas tú ag dul thairis Sléibhe na Teineadh, má
thig ocras ort, caith a' torpán so síos ins a' teinidh &
tiocfaidh ball glas i lár na teineadh, agus tiocfaidh leat
do sgríste dheanamh. Nuair a bheas tú ag dul trasna
Sléibhe na Gloine, fagh gráinne gainimh & caith ar an
tsliabh í & tiocfaidh bancán glas air, & tiocfaidh leat
do sgríste dheanamh annsin fósta.”



41. Ghlac sí eiteóg & char shocruigh sí lá nó oidhche go
dtí go dtainic sí trasna Sléibhe na Teineadh. Ghlac
sí ocras & chaith sí an torpán i lár na teineadh. Thainic
chuici ball glas & shocruigh sí síos air & d'ith sí ceathramha
de'n bholóig. Rinne sí a sgríste lá & oidhche eile.



Ghlac sí eiteóg & char shocruigh sí lá nó oidhche go dtí
go dtainic sí trasna Sléibhe na Gloine.



42. Smaoinigh sí ar an fhathach agus fuair sí gráinne
gainimh & chaith sí ar Sliabh na Gloine í & thainic bancán
glas air. Luigh sí síos & d'ith sí ceathramha eile de'n
bholóig & thug sí eiteóg & agus char shocruigh sí oidhche nó
lá. Bhí sí ag teacht an uair seo ar amharc Oileáin an
Óir.



“Anois,” ars' an iolar le mac an ríogh, “tá 'n ball
is measa le dul trasna agam go fóill. Tá'n Fhairrge
Mhór roimhe linn. Ní'l áit ar bith agam 'un luighe 'un mo
sgríste dheanamh.”



43. “Ná bac leis sin,” arsa mac an ríogh, “gheobha
tú thairis sin fósta.”



Chuir sé a lámh i n-a phóca agus thug sé ceirthle as & chaith


L. 80


sé ins an fhairrge í, agus thainic bancán glas 'uige.
Luigh an iolar síos & d'ith sí ceathramha eile & thug sí
eiteóg & char stop sí lá nó oidhche go dtainic sí isteach
go hOileán an Óir & chaith sí d'á druim é thairis bhalla &
d'fhág sí annsin é.



Bhí ní b'easa ná bhí sé ariamh. Char leig an t-eagal
dó é fhéin a thais'eant.



44. Bhí sé annsin lá agus oidhche. Ar an darna lá
go moch ar maidin choinic (= chonnaic) sé na trí
bái'rioghna. Bhí siad ag dul síos 'un an taoide 'un
snáimh agus d'aithin sé a bhái'rioghain féin i n-a measg.



Bhain siad a gcuid éadaigh díobhtha agus chuaidh siad
isteach ins an taoide & theanntuigh siad iad fhéin isteach
i n-a dtrí eala. Bhí gasún beag ag dul thart ag
cruinniughadh scealp aige bárr an taoide agus labhair mac
an ríogh leis. Tharraing sé as a phóca gairteál &
d'iarr sé ar an ghasún an gairteál a thabhairt do'n
bhean a bhí i lár. Thug an gasún dí é & char aithin sí é.



45. D'fhan sé annsin an oidhche sin. Ar maidin lá
ar n-a bhárach thainic an triúr aríst. Bhain siad a
gcuid éadaigh díobhtha mar ghnáth leóbhtha. Chuaidh siad
isteach ins an taoide. Theanntuigh siad iad fhéin
isteach i n-a dtrí eala. Thainic an gasún beag céadna
lá ar n-a bhárach & d'iarr mac an ríogh air a mhiteóg a
thabhairt do'n bhean i lár. Rinne an gasún mar d'iarr
sé air, agus char aithin sí greim amháin de'n mhiteóig.



46. D'fhan sé annsin oidhche eile & ar an treas
maidin thainic an triúr aríst. Bhain siad díobhtha a
gcuid éadaigh. Chuaidh siad isteach ins an taoide &


L. 81


theanntuigh siad iad féin i n-a dtrí eala. Thainic an
gasún mar ghnáth & thug mac an ríogh an ruibín dó.



47. Ar a theacht ar ais dóbhtha chas a' gasún céadna
ortha & thug sé do'n bhái'rioghain óg an ruibín dubh
a bhéadh ag ceangal a gruaige & an bimide fuair sí
é d'aithin sí é & ghread sí a bosa.



“Ó!” adeir sí leis an ghasún. “Gá bhfuair tú seo?”



“Tá fear uasal thuas annsin aige bárr a' láin mhara
& thug sé a' ruibín seo damh-sa & d'iarr sé orm é
thabhairt duid.”



48. Chuaidh sí fhéin & a beirt deirbhsheathar suas ins an
áit i rabh sé & d'aithin sí é ar an bhimide a choinic sí é.



“'Nois,” arsa sise le n-a beirt deirbhsheathar, “seo a'
fear a bhris mo chuid geasa. Chuirfeadh a' rí 'un báis é.”



“Cha leigfeadh an t-eagal dúinn é thabhairt isteach,”
ars' iad-san.



“Ná bac leis sin,” arsa an deirbhshiúr; “bheirfidh a'
rí cead dúinn-ne fear ar bith a thabhairt amach linn,
acht ní'l cead againn aon fhear a thabhairt a bhaile.
Dheanfaidh mise gairteál de & ceanglóchaidh mé ar mo
chois é & tiocfaidh linn é thabhairt amach linn i mbárach.”



49. Rinne sí gairteál de & thug siad a bhaile é.
Nuair a chuaidh siad a bhaile, bhain sí an gairteál d'á
cois, & theanntuigh sé isteach i n-a mhac ríogh aríst.



Ar maidin lá ar n-a bhárach thug siad an duine
uasal amach leóbhtha & dhearc an rí i n-a dhiaidh &
dubhairt sé leis an bhái'rioghain go rabh duine uasal
ag dul amach leóbhtha nach bhfacas a shamhailt i nOileán
an Óir ariamh.


L. 82


50. Thainic an triúr a bhaile & cha rabh sé leóbhtha.
Rinne an darna deirbhshiúr miteóg dé & chuir sí ar a
láimh í, & nuair a thainic siad a bhaile, theanntuigh sí
isteach i n-a mhac ríogh é.



An darna maidin thug siad an duine uasal amach
aríst leóbhtha. Dhearc an rí i n-a dhiaidh & dubhairt
sé leis a bhái'rioghain gur'b é siud an fear céadna
a bhí leóbhtha ar maidin indé.



“Cha dtig dó sin a bheith mar sin,” ars' an
bhái'rioghain.



“Béidh fios agam-sa anocht,” ars' an rí, “má's é an
fear céadna é.”



51. Rinne a bhái'rioghain óg ruibín de mhac an ríogh &
cheangail sí ar a gruaig é. Thainic siad a bhaile &
thainic an rí isteach ins an rúm i rabh na trí nighne ann
& chuairtigh sé aníos & anuas iad.



“Anois,” ars' an bhái'rioghain óg le mac an ríogh,
“teana ar do shon féin,” ag baint an ruibín d'á gruaig.



Léim mac a ríogh ós coinne a hathar. Chaith sí í féin
ar a glúnaibh & dubhairt sí le n-a hathair gur'b é seo
an fear a bhris a cuid geasa.



52. D'fhiafruigh a hathair de mhac an ríogh goidé mar
fuair sé annseo, agus d'ársuigh mac an ríogh dó gur
thainic sé ar sgiatháin an iolair.



Dubhairt a hathair leis nach ngeobhadh rí ar bith le
pósadh í acht Rí Dubh na Frainnce.



Dubhairt mac a' ríogh go dtroidfeadh sé ar a son.



53. Thainic Rí Dubh na Frainnce & mac Ríogh na
hÉirinne & chuir siad orra a gculaith chogaidh.


L. 83


“Anois,” arsa Rí Dubh na Frainnce, “cha dtroidim
leat ar a son.”



“Mhuise,” ars' a hathair, “caithfidh siad - na trí
nighne - a gcuid méar a chur thríd a' doras gloine, &
duine de'n dá rígh a thuitfeas uirthi gheobhaidh sé le
pósadh í.”



54. Tharraing sí sgian as a póca & bhain sí alt d'á
méar & chuir sí amach thríd an doras é.



Cha ghlacfadh Rí Dubh na Frainnce an bhean a rabh alt
d'á méar, agus thainic mac Ríogh na hÉirinne & dubhairt
sé leis an rígh gur'b í seo an bhean a bhéadh aige-
sean.



55. “Sul mar gheobhaidh tú í, a mhic a' ríogh,” arsa Rí
Oileáin an Óir, “caithfidh tusa a dhul suas ar bhárr a'
chroinn agus tá nead ag an iolar ar bhárr a' chroinn seo &
caithfidh tú na huigheacha thabhairt chugam-sa annseo.
Tá an crann a' fás i lár a' locha & chan fhaghann tú
báda nó coite. Caithfidh tú a' loch a shnámh sul mar
gheobhaidh tú go bárr a' chroinn.”



Chuaidh mac a' ríogh agus dhearc sé i n-a thimcheallt &
choinic sé an crann ag fás i lár an locha.



56. Shnámh sé anonn go dtainic sé 'uige'n chrann &
bhí sé chomh maith aige smaoineadh dul suas ins an aer.



Shnámh sé ar ais aríst agus chas a bhái'rioghain óg air.



“Goidé bhain duid anois, a mhic a' ríogh?” ar sise.



“Chaithfidh mé nead an iolair a chreachadh & sin rud
nach dtig liom a dheanamh.”



“Ná géill dom' athair. Cuirfidh mise ar a' shlighe
thú 'un a' nid a chreachadh.”


L. 84


57. Theanntuigh sí tart & bhain sí na cúig ailt de n-a
méaraibh & chaith sí scealpóg ins an loch & thainic bád a
thug trasna go dtí'n chrann é.



“Nuair a gheobhas tú chomh fada leis a chrann,” arsa
nighean an ríogh, “léig na cúig ailt seo ar a' chrann agus
tiocfaidh cúig staighre, agus gabh thusa suas ar na staighríbh
go mbéidh tú ar bhárr a' chroinn.”



58. Rinne sé mar dubhairt sí agus chuaidh sé suas go
nead an iolair & fuair sé cúig uigheacha ins an nead &
thug sé leis iad a bhaile 'uige Rígh Oileáin an Óir.



“Tá go maith,” ars' an rí, “caithfidh tú mise a
throid.”



“Má's rud é a chaithfidh mé dheanamh,” arsa mac Ríogh
na hÉirinne, “tá mé sásta le mo bhás am ar bith.”



59. “Ná téidh 'un troid lem' athair,” arsa nighean
an ríogh; “char throid sé le haon fhear ariamh nár chuir
sé 'un báis.”



“Ná géill dó sin,” arsa mac an ríogh, “tá na
hEireannaigh cruadhdálach.”



“Goidé 'n dóigh 's fhearr leat troid?” arsa Rí
Oileáin an Óir.



“Troidfidh mé le claidheamh mar ghnáth lem' athair
throid i nÉirinn.”



60. An chéad bhuille a thug mac an ríogh dó chaith sé a
chionn de, acht, sul mar sgar a' cionn leis an cholainn,
labhair sé le mac an ríogh & dubhairt sé: “Is liom-sa
a' caisleán a rabh mo nighean fá gheasaibh ann. Pós í
anois & gheobhaidh tú mo bheannacht.”



61. Pósadh nighean Ríogh Oileáin an Óir & mac Ríogh


L. 85


na hÉirinne. Sheól siad go hÉirinn & chuaidh siad ins
an chaisleán a rabh Rí Dubh na Frainnce ann.



Sin deireadh mo sgéil-sa agus b'fhada an sgéal é.



XVII. — An Dá Iasgaire.



1. Bhí beirt iasgaire ins an chomhursanacht seo.
Rachadh siad ar siubhal ar maidin Dia Luain suas go
Móta Chuailnge. D'fhanfadh siad ar shiubhal go hoidhche
Shathairn. Nuair a gheobhadh siad a ndíolaidheacht an
oidhche Shathairn, rachadh siad isteach 'un tighe biotáilte i
gCáirlinn a rabh Paidí a hAinmneach mar fhear a' tighe
ann. D'fhanfadh siad annsin go rabh sé 'na choinfheas-
gar mall.



2. Aon choinfheasgar amháin d'fhan siad níos moille
nó'r ghnáth leóbhtha & thuit an oidhche ortha agus iad ar
Chuimin Cháirlinn. Bhí Séamus O Ceallaigh & Niall
Luimneach (mar budh iad na hainmeacha a bhí ar na
hiasgairíbh), bhí siad ag seanchas le chéile nuair a bhuail
suas leóbhtha buachaill caoin ruadh.



“Bhfuil sibh ag dul a bhaile?” ars' an buachaill
ruadh.



“Támuidne,” arsa Séamus O Ceallaigh.



3. Dhearc an buachaill thairis a ghualainn.



“'Nois, a Néill Luimnigh, chuala me gur maith a' damh-
sóir agus fear portanacht' thú. Buail suas port anois
agus damhsóchaidh mé coispeán úr duid.”


L. 86


“Goidé an port is fhearr leat a dhamhsadh?”



“Char dhamhas me ariamh ach' dhá phort, sin, 'Páidín O
Rabhartaigh' agus 'Stóicíní Mháire.'”



“Sin dhá phort nár chuala mise ariamh,” arsa Niall.



“Béidh siad foghlumtha agat faoi mhaidin i mbárach,”
ars' an buachaill caoin ruadh.



4. Theanntuigh sé tart 'uige Séamus O Ceallaigh.



“Chuala mé iomrádh mór ort, a Shéamuis Uí Cheallaigh,
gur mór a' fear coraidheacht' thú - nuair a théid tú go
Léanaidh an Bhádhbhdhuin ag imirt a' bhála, go ndéin tú
slóitreach de na gasraidhe & go bhfeil eagla ortha uilig
roimhe leat. Goidé a shaoilfeá? An mbéidh cor agat-
sa agus agam-sa annseo ar a' Chuimin? Fágamuidne
fiadhnuise ar Niall Luimneach ceoc' againn a' fear is
fhearr.”



“Hút!” arsa Séamus le droch-mheas air, “A scál-
taire gan fhuil gan fheoil, cha bhíonn do bhás orm! Glan
leat le do ghnaithe! Cha dtainic do leitheid in mo
láimh ariamh.”



“Ná géill do fhuil & do fheoil; bíodh cor annseo
againn.”



5. Bheir sé greim ar Shéamus & thóg sé le bárr a chos
é agus chaith sé é taobh thiar de, & nuair d'fhosgail Séamus a
shúile, fuair sé é fhéin i lár na báighe gan bád gan coite,
acht troch muice & dhá mhaide pota 'un a' bád d'iomramh.



“Tá go maith,” arsa Séamus leis fhéin, “is fada ó
thuill mé seo!”



6. Rinne an buachaill caoin ruadh gáire i gcionn an
bháid.


L. 87


“A Shéamuis, is cuma goidé a thuill tú ariamh,
támuidne 'lig sásta go bhfeil tú againn anocht. Iomra
a' bád chomh gasta is thig leat isteach go Cill Eoin.
Tá duine muinteardha de mo chuid le hiolcadh anocht
& caithfeamuidne é thabhairt go Cill Mhuire.”



7. Thóg siad an corpán ar ghuailnibh Shéamuis. Tras-
na Sléibh' Cáirlinn leobhtha go dtainic siad go Cill
Mhuire. Chas fear ortha taobh amuigh de'n gheata.



“Gá bhfeil síbh ag dul leis an fhear sin?” ars'
eisean.



”Támuidne ag dul 'un é iolcadh ins a' reilic seo.”



“Chan í seo is b'as dó. Caithfidh sibh é thabhairt go
Condae an Dúin go reilic Chill' Brónaighe.”



8. Thóg siad an corpán ar ghuailnibh Shéamuis aríst.
Thairis Shléibh' Cáirlinn leóbhtha. D'iomramh siad a' bád
isteach go Ros Treibheór (= Caisleán Ruaidhrí). Thóg
siad an corpán ar ghuailnibh Shéamuis go rabh siad
istigh i gCill Bhrónaighe. Chuaidh siad 'un na reilice.
Chas fear ortha taobh amuigh de'n gheata.



9. “Gá bhfeil sibh ag dul leis an fhear sin?”



“Támuidne ag dul 'un é iolcadh ins a' reilic seo,”
ars' an fear caoin ruadh.



“Tógaigidh ar ais aríst é; chan de mhuintir na háite
seo dó. De Chloinn Chearbhaill as a Méith do'n fhear
sin. Tógaigidh aríst é go hÓ Méith go reilic Chille
Chuim.”



10. Thóg siad an corpán ar ghuailnibh Shéamuis aríst,
agus isteach ar ais leóbhtha go hÓ Méith & leagadh an
comhra ar bhalla na reilice.


L. 88


“Anois, a Shéamuis,” ars' an buachaill caoin ruadh,
“támuidne ró-bhuidheach duid ar son a' chuidighthe a
thug tú dhúinn anocht. Gabh ar ais anois ins an áit a
d'fhág tú Niall Luimneach, & cuirfidh mise dhá phighinn
leat go bhfeil an dá phort sin foghlumtha faoi seo
aige.”



11. Nuair a fuair Séamus O Ceallaigh sgaoilte
uabhtha, amach go bráthach leis ins an áit a bhí Niall ag
abhainn leath-bhealaigh agus bhí Niall & a hata i n-a
láimh aige ag damhsadh “Stóicíní Mháire” & “Páidín
O Rabhartaigh.” Agus thug siad aire mhaith 'na dhiaidh
sin nár ghabh siad chomh mall ar a' Chuimin gur éag
siad.



Sin é mo sgéal-sa chugaibh.



XVIII. — Giolla na Cruite.



1. Bhí sean-bhuachaill ins an chomhursanacht seo a rabh
Séamus O Loingsigh air & bhí sean-chailín a rabh Brighid
Mhór Luimneach uirthi. Bhí an bheirt ag suirghe. Thioc-
fadh seisean dh'á hamharc gach aon lá. Cha rabh sé ar
son mórán gnaithe a dheanamh. Bhí sé istigh ag a dhréir
(= dhearbhráthair) agus cha n-éireochadh sé go mbéadh sé
i bhfad ins a' lá.



Cha rabh dadamh le teanamh aige ins a' lá acht beart
raithnighe a bhaint.



2. Aon lá amháin chodluigh sé ní b'fhuide ná budh ghnáth


L. 89


leis & bhí sé an tráthnóna mall nuair a thainic sé is-
teach go tigh Bhrighde Móire.



“Ó, m'anam, a Bhrighid,” ars' eisean, “cé go bhfeil
mé mall anocht, is fhearr damh dórnán de do chuid-se
raithnighe a bhaint.”



“Glan leat as m'amharc, a ghiolla na cruite!”
arsa Brighid, ag tógáil an bhuailteáin & d'á chathadh
(= chaitheamh) i n-a dhiaidh. “Glan leat as m'amharc
& ná téir do mo chomhair lá nó oidhche.”



3. Ghlac Séamus corruidhe agus amach an doras leis.
Nuair a bhí sé tamall ó'n doras, theanntuigh sé thart,
agus ars' eisean, “Go bhfeicidh mise a' lá nach mbíonn
tusa a' tabhairt 'Giolla na Cruite' orm-sa.”



Thóg sé a chorrán & a rópán, agus é lán corruidhe.



“Glan leat suas go lios Shéaghain Luimnigh & gheobhaidh
tú raithneach go leor annsin,” arsa Brighid.



4. Suas le Séamus 'un a' leasa & chrom sé ar a
leath-ghlúin agus chuaidh sé a bhaint raithnighe.



Arsa muintir a bhí istigh ins a' lios, “Tá Séamus
O Loingsigh ag baint raithnighe. Déarfaidh sibh bhur
gclios (= gcleas).”



“Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoine,” arsa
muintir a bhí istigh ins a' lios.



“Agus Dia hAoine agus Dia Sathairne,” arsa Séamus.



“Gabhaigidh amach agus bainigidh an chruit de Shéamus
O Loingsigh,” arsa fear aca.



5. Amach le ceann eile aca & chuimil sé lámh do dhruim
Shéamuis. Léim Séamus i n-a shuidhe & dhearc sé thart
gach taobh. Diabhal cruit nó cruitín bhí ar Shéamus.


L. 90


Amach anuas an cnoc leis agus é ag léimnigh agus
ag feadalaigh thart chuige doras Bhrighde Móire & char
dhearc sé isteach. Dhearc Brighid i n-a dhiaidh.



“Goidé a' diabhal thainic air?” ars' ise.



Bhí Séamus chomh díreach & chomh onórach nach labhróchadh
sé léithi.



6. Bhí fear eile de na comhursanaibh & bhí cruit air.
Bhaist siad an Gruagach air. Thainic an Gruagach chuige
Séamus, agus ar seisean:



“Goidé mar fuair tú glan le do chruit?”



“Arsóchaidh mé sin duid,” arsa Séamus, “gabh suas
go lios Shéaghain Luimnigh & a' mhuintir atá istigh ins an
lios nuair deirfidh siad, 'Dia Luain, Dia Máirt, Dia
Céadaoine,' abair thusa, 'Diardaoin, Dia hAoine, Dia
Sathairne.'”



7. Chuaidh an Gruagach suas 'un a' liosa & nuair a
choinic siad ag teacht é:



“Tá'n Gruagach a' teacht,” arsa fear aca. “Béidh
sgéal le n-ársuighe aige nuair rachas sé a bhaile.”



“Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoine,” arsa
muintir a bhí istigh ins a' lios.



“Diardaoin, Dia hAoine is Dia Sathairne & Dia
Domhnaigh fósta,” ars' an Gruagach.



8. “Gabhaigidh amach & cuirigidh cruit Shéamuis Uí
Loingsigh ar bhárr cruite a' Ghruagaigh,” arsa fear aca.



Amach leis an fhear óg & chuimil sé a lámh do dhruim an
Ghruagaigh, agus bhí a dhá chruit air ó'n uair sin. Thainic
an Gruagach bocht a bhaile agus a shrón thíos ar bhárr-
iallaíbh.


L. 91


XIX. — An Leanbh do ghoid na daoine
sídheán.



1. Bhí Nansaí Luimneach i n-a comhnuidhe i nDruim
Mhullaigh tá céad bliadhain ó shoin. Bhí seachtar mac
aici agus beirt nighean. Pósadh na buachaillí uilig acht
buachaill amháin & pósadh an bheirt nighean.



An t-am sin budh ghnáth leis na cailiníbh hataí árda
a chaitheamh agus clócaí dearga agus budh ghnáth le n-a
ndréireacha (= ndearbhráithreachaibh) na cailiní seo a
thabhairt go Pátrún Chillshléibhe ag marcaigheacht ar
dhruim ghearráin. Rachadh an dréir (= dearbhráthair)
i dtoiseach agus rachadh an cailin i n-a cúlóig.



2. Mar dubhairt mé cheana, cha rabh ag an tsean-bhean
seo acht mac amháin le pósadh agus thainic cailin as
Cillshléibhe a fágadh 'na baintreabhaigh ar aimsir chuca
& páiste beag léithi nach rabh acht coicthighis ar aois.



Fuair sí lóisdin aige Nansaí Mhóir Luimneach agus
d'fhan sí aici rith na bliadhna & bhéadh Nansaí & an cailin
ag sníomh gach aon oidhche, agus cha sgarfadh Nansaí
léithi ar airgead ar bith.



Bhéadh an cailín ag obair gach aon lá agus bhéadh Nansaí
ag tabhairt aire do'n pháiste. Leigeadh Nansaí síos go
Cúig' Uladh í gach aon fhoghmhar & thuilleadh sí oiread
airgid is a choinneochadh éadach uirthi rith na bliadhna.



3. Choinnigh Nansaí an páiste go rabh sé dá bhliadhain
ar aois. Lá amháin foghmhair chuaidh Nansaí & an cailin
suas go Lios Luimnigh & thug siad an páiste leóbhtha.


L. 92


Chuaidh an bheirt mhná (= bhan) ag baint choirce & thuit
an páiste i n-a chodladh & chas siad suas i gcóta beag
drogóide é, & leig siad síos le taoibh stúca coirce é
& bhí siad ag baint a gcuid fóghmhair. Arsa Nansaí:-



“Rachaidh mise a bhaile go ndeanfaidh mé mo mheadhon
lae réidh & ní'l feidhm agam theacht a sgairtigh ort.
Músgail an páiste, nuair a shaoilfeas tú go mbéidh
an meadhon lae réidh agam.”



Chuaidh an cailin & mhúsgail sí an páiste & chuaidh sé
a ghol & char stad sé acht ag gol fá thrí ráithe oidhche
& lá.



Bhí siad cortha sgálta ag éisteacht leis, acht mar
sin fhéin chan fhanfadh an mac ní b'fhuide gan pósadh &
cheannuigh sé ádhbhar culaith éadaigh & thug sé an táill-
iúir isteach un a' tighe.



4. Ins an gheimhreadh a bhí sé & bhí an mac amuigh ar an
loch ag dreidearacht oisreannaí. Bhí máthair an pháiste
amuigh ar dhíolaidheacht ag baint préataí & cha rabh aon
dhuine ins a' tigh acht an táilliúir agus Nansaí Mhór. Chuaidh
sise síos go tigh Shéaghain Luimnigh fá oiread salainn
agus a dheanfadh pota cáil cheannfhinn.



5. D'fhág sí an tailliúir agus an páiste ins a' tigh.
Budh ghnáth le bac a bheith ins na sean-tigheachaibh an uair
sin agus budh ghnáth le daoinibh a gcuid píopaí a fhágáil
air. D'fhág Nansaí a píopa ar an bhac & bhí an páiste
ins a' chliabhán le taobh na teineadh.



Nuair a d'fhág Nansaí an tigh, chuir an páiste a lámh
amach as an chliabhán & thóg sé píopa Nansaí & chuir sé
i n-a bhéal é & bhain sé toit mhaith as & dhearc an táill-


L. 93


iúir aníos faoi n-a shúilibh & choinic sé féasóg liath ag
teacht amach as an pháiste & d'éirigh sé cuma aosta agus
rinne gáire & dubhairt leis fhéin, “Is beag a shaoil-
eanns Nansaí Mhór gá hé atá a' caitheamh a píopa,” &
luigh sé síos ins an chliabhán arís.



6. Bhí cos bhacach ag an táilliúir agus i gcomhnuidhe
bhí croisin aige. Nuair a choinic sé an páiste i n-a
luighe arís, thóg sé a chroisin & amach go síorruidhe leis.
Bhí Nansaí ag teacht leis an tsalann nuair chas an
táilliúir uirthi & é ag imtheacht.



“Tá 'n diabhal ar do sheort! Gabh ar ais go
ngeobhaidh tú do mheadhon lae,” arsa Nansaí leis.



“Ó, cha dtéidhim ar ais!” ars' an táilliúir. “I n-áit
a' diabhal a bheith liom-sa, tá sé agat-sa ins a' tigh a
bhaile, a Nansaí!”



7. Chuaidh sí isteach & dhearc sí ins an chliabhán & fuair
sí seanduine i n-a luighe ann. Anuas léithi ar ais
'uige mo mhóiridhe Eibhlin Ní hAnluain & d'ársuigh sí a
sgéal dí.



“Gabh ar ais,” arsa mo mhóiridhe, “go dtiocfaidh
máthair an pháiste a bhaile & cruinnigheadh sí lán
bráisgin de chopógaibh sídheán & bruitheadh sí 'sa phota
iad agus caitheadh sí ins an tobán iad & nigheadh sí an
páiste ann, agus, má's duine saoghalta atá ann,
gheobhaidh sé biseach, & má's droch-sheort duine, éagfaidh
sé,” ars' ise.



8. Thainic máthair an pháiste a bhaile, & d'ársuigh Nansaí
Mhór dí goidé bhain dobhtha ó d'fhag sí an tigh. D'ársuigh
sí do mháthair an pháiste mar d'ársuigh mise duid-se &


L. 94


chuaidh máthair an pháiste & chruinnigh sí na copógaibh &
rinne sí mar dubhairt mo mhóiridhe. Nuair a chuir sí
an páiste i n-uisge na sídheán, leig sé trí bhéic ádhbhail
as a chluinfidhe thall ins an Phuinte (= Rinn Mhic Giolla
Ruaidh). Chuaidh mo mhóiridhe & m'oncal Séaghan Luim-
neach suas, agus ar teacht isteach dóbhtha, bhí an páiste
marbh.



9. Chruinnigh na comhursana isteach 'un na faire.



D'éag sé Dia hAoine agus choinnigh siad istigh go Domh-
nach é 'un cuideachta a bhí aca ag an tórradh.



An uair sin cha rabh tráthnóna i ndéidh meadhon lae
Dia Domhnaigh nach mbéadh damhsa aige Bád an Chaoil.
Chruinneochadh siad as gach aon áird chuig an damhsa.



Oidhche Shathairne — oidhche na faire — chruinnigh an
oiread sin daoine, cha rabh farsnach ins a' tigh dóbhtha,
agus ins a' pháirc ós coinne an dorais a bhí an fhaire
aca, (agus féadaim a rádh go bhfaca mé fhéin an tigh &
an pháirc, má's fíor adubhairt an seanchaidhe liom).



10. Fá choinsheasgar Dia Domhnaigh chruinnigh siad,
na buachaillí & na cailiní, aosta & óg, chun a dhul leis
an tórradh.



'Siad Domhnall O Fionnagáin & Séaghan Luimneach a
rinne an cómhra agus chuir na mná cumainn bráithling
chaol línéadaigh thart ar an chomhra. Thóg beirt fhear a'
comhra & bheir siad leóbhtha do'n uaigh é.



Bhí áit a iolcaidh ins an choillidh a bhí thíos ag Bád an
Chaoil — an áit a bhéadh damhsa aca. 'Sé an t-ainm a
bhí ar áit a iolcaidh, Cill an tSnáimh.



Agus cha gheobhadh coimhthighigh ar bith nach rabh fios gár'b


L. 95


as iad i reilic Chille Chuim, agus sin an áit a hiolcadh
na coimhthighigh & páistí nach rug baisteadh ortha & meis-
geóirí báidhte.



11. Mar sin féin thug siad an corpán leóbhtha & thug
siad spáid & sluasaid ó n-a mbaile féin. Rinne
beirt aca an uaigh, & nuair bhí sí reidh aca, bheir siad
ar an chomhra chun an corpán iolcadh.



Nuair a bhí siad ag cur an chomhra síos ins a' pholl,
léim geirrfhiadh amach as an chomhra, & thríd an choillidh
leis.



Amach leis na cailiníbh & na buachaillí i n-a dhiaidh,
agus na sean-mhná nach rabh ar son reatha, b'éigin
dóbhtha fanacht ins an áit i rabh siad.



Arsa Domhnall O Fionnagáin le Séaghan Luimneach:
“Béidh 'fhios agam-sa goidé atá ins an chomhra.” Ag
tógáil na spáide, bhris sé clár an chomhraidh agus cha
rabh aon dadamh taobh istigh de acht beagán beag
éadaigh a chuir siad ar an chorpán.



12. D'fhág siad an bhráithling i n-a ndéidh & cha
dtiubhradh siad a bhaile í.



Ó'n lá sin go dtí an lá seo gach aon uile gheimhreadh
bíonn teinte & damhsa & cuideachta ag na daoinibh
beaga ins a' pháirc ar fhairigh siad an corp ann.



Nuair a thuit an páiste i n-a chodladh ag an lios
thug na daoine sidheán leóbhtha é & d'fhág siad an sean-
duine i n-a áit.



Sin deireadh mo sgéil-sa a bhain do mo ghaoltaibh i
bhfogus do dhorus an tighe ar tógadh mise.


L. 96


XX. — An bhean phisleogach.



1. Thuas ar Lios Liath i n-aice le habhainn Chor-na-
Muclaighe i mbáighe amháin tighe bhí fear & bean ann &
muirighin mhór pháiste aca. D'éag an fear & chuaidh
mo mhóiridhe agus mo mháthair suas go tigh an tórraidh (cha
rabh mo mháthair an uair sin acht i n-a girrsigh bhig). Lá
fóghmhair a bhí ann. Bhí cáil mhór de na comhursanaíbh
ann, idir fir & mná. Bhí na comhursana iongantach
práidhinneach le n-a gcuid coirce & thainic isteach bean
bheag bhuidheach chaoin thanaidhe & cóta beag drogóide
ar a gualainn.



2. Dhearc sí go géar idir an dá shúil ar mo mháthair
& d'fhiafruigh sí de mo mhóiridhe an rabh aici a nighin
acht í seo, & dubhairt mo mhóiridhe go rabh beirt eile.
Dubhairt an bhean bheag annsin nár bh'fhada go mbéadh
a cunntas ag éirghe goirid, agus char labhair sí ní budh mhó
le mo mhóiridhe.



3. Budh ghnáth leis na daoinibh a bheith ag tuireadh na
gcorp an t-am sin, agus faoi'n bhórd a leagfaidhe an
corp. Chuirfidhe bráithling ar an bhórd a bhéadh thairis
an chuirp & lasfadh siad dá choinnil déag. Mar sin
féin thóg an bhean bheag seo stól beag & chuaidh sí suas
go cionn an chláir & rinne sí cúpla ceathramha tuiridh
agus dubhairt sí mar seo:-



4. Go mbeannuighidh Dia díbh, a mhná gan fhóghnamh;
B'é seo m'fhear cumainn agaibh d'á thórradh.
Is minic a bhain bhur smug agus bhur ndeór díbh,
Is rinne fear an chábáin stábla bó díbh.


L. 97


A'b é go bhfeil m'iomairí 'gá rómhadadh,
Agus eagal mór orm roime Dómhnall,
D'fhanfainn agaibh-se go tráthnóna,
Agus slán agaibh, a mhná gan fhóghnamh.



Chan fhaca siad ní budh mhó í agus mí ó'n lá sin d'éag
nighean do mo mhóiridhe & d'fhág sí páiste seachtmhaine
i n-a déidh.



“Nighean Pheadair Duibh,” d'ársuigh an sgéal so.



XXI. — An gearrán bán.



1. Bhí páirc seamrach againn thuas ar lios Dhrom'
Mullaigh. Bhí gearrán bán aige Domhnall O Fionnagáin
& budh ghnáth leis a bheith ins an tseamair gach aon
oidhche. Dubhairt mo mháthair go dtiubhradh sí anuas an
gearrán an chéad uair a gheobhadh sí ins na tseamair é
go bhfeicfeadh Domhnall O Fionnagáin gur'b é a ghearrán
a bhí ag ithe na seamrach.



2. Coinfheasgar samhraidh a bhí ann, agus bhí mo
mháthair & mo dheirbhshiur i n-a seasamh aige cionn an
tighe & choinic siad gearrán bán ar an lios.



“Siubhail leat, a Aine,” arsa mo mháthair, “agus
bheirfeamuidne anuas é.”



Chuaidh siad suas fá'n ghearrán & thug siad leóbhtha
anuas an cnoc é & shaoil siad a thabhairt a bhaile.



3. Nuair a thainic sé chuig an chasán a rachadh síos


L. 98


go tigh Dhomhnaill Uí Fhionnagáin, shaoil mo máthair go
stopóchadh sí annsin é.



Rith sé ar siubhal uabhtha & lean mo mháthair é, agus
chuaidh sé isteach go tigh Aine Luimnigh. Bhí solas ins
an fhuinneóig & bhain sé é as an tigh. Bhí fhios ag mo
mháthair nach gearrán a bhí ann. Acht char leig sí aon
dadamh uirthi nuair a chuaidh sí isteach ins an tigh.



4. Bhí Máire Nic Cana — nighean an tighe — ag fághail
bháis, agus bhí a máthair iongantach buaidheartha & d'éirigh
sí suas 'un póg a thabhairt do Mháire. Bí táirnge ins
an bhalla & scríob sí a haghaidh, agus thainic fuil leis
& thuit an fhuil síos ar aghaidh an chailín a bhí marbh.



Thainic mo mháthair & mo dheirbhshiur a bhaile 'un
deanamh réidh 'un dul síos 'un na faire aríst.



5. Thainic bean as Cor na Muclaighe isteach 'un
tighe s'againne, agus ar sise:-



“Bhí mé ag dul síos a dh'amharc ar Mháire Níc Cana,
agus ma bhí, chas sí orm, & tá sí ag marcaigheacht ar
ghearrán bhán, & chaithfeadh sí thuitim, mar tá fuil ar a
haghaidh. Dhearc sí go géar orm, acht char labhair sí.
Tá a lán buachaillí & cailiní léithi, & fidleirí & píobairí,
agus tá siad ag damhsa aige tigh Thomáis Uí Chonghaile.”



I n-a dhiaidh sin chuaidh mo mháthair agus Nansaí Ní Chonaill
síos 'un na faire & char nigheadh a' corp an t-am sin &
bhí an fhuil i gcomhnuidhe ar a haghaidh.



'Sé baramhail na seanchaidhe go rug an sluagh sídhe
Máire ar siubhal leóbhtha.



Sorcha Ní Anluain d'ársuigh an sgéal so.


L. 99


XXII. — Murchadh Beag agus Murchadh Mór.



1. D'ól Murchadh Beag an fíon. Chuaidh Murchadh
Mór amach fá shlait a bhearadh pé do Mhurchadh Beag a
d'ól a chuid fíona ar maidin.



“Gá bhfeil tú ag dul?” ars' an tslat.



“Slat, slat a bhearadh pé do Mhurchadh Beag a d'ól
mo chuid fíona ar maidin.”



“Chan fhoghann tú mise,” ars' an tslat, “go bhfuighe
tú sgian a ghearrfas mé.”



2. Chuaidh sé 'uig an sgéin.



“Gá bhfeil tú ag dul?” ars' an sgian.



“Sgian a ghearrfadh slat, agus slat a bhearadh pé
do Mhurchadh Beag a d'ól mo chuid fíona ar maidin.”



“Chan fhoghann tú mise,” ars' an sgian, “go bhfuighe
tú cloch a chuirfeas faobhar orm.”



3. Chuaidh sé chuig an chloich.



“Gá bhfeil tú ag dul?” ars' an chloch.



“Cloch a chuirfeadh faobhar ar sgéin, sgian a ghearr-
fadh slat, slat a bhearadh pé do Mhurchadh Beag a d'ól
mo chuid fíona ar maidin.”



“Chan fhoghann tú mise,” ars' an chloch, “go bhfuighe
tú uisge a líomhfas mé.”



4. Chuaidh sé 'uig an uisge.



“Gá bhfeil tú ag dul?” ars' an t-uisge.



“Uisge a líomhfadh cloch, cloch a chuirfeadh faobhar
ar sgéin, sgian a ghearrfadh slat, slat a bhearadh pé
do Mhurchadh Beag a d'ól mo chuid fíona ar maidin.”


L. 100


“Chan fhoghann tú mise,” ars' an t-uisge, “go
bhfuighe tú fiadh a shnámhfas mé.”



5. Chuaidh sé chuig an fhiadh.



“Gá bhfeil tú ag dul?” ars' an fiadh.



“Fiadh a shnámhfadh uisge, uisge a líomhfadh cloch,
cloch a chuirfeadh faobhar ar sgéin, sgian a ghearrfadh
slat, slat a bhearadh pé do Mhurchadh Beag a d'ól mo
chuid fíona ar maidin.”



“Chan fhoghann tú mise,” ars' an fiadh, “go bhfuighe
tú gadhar a leanfas mé.”



6. Chuaidh sé chuig an ghadhar.



“Gá bhfeil tú ag dul?” ars' an gadhar.



“Gadhar a leanfadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisge,
uisge a líomhfadh cloch, cloch a chuirfeadh faobhar ar
sgéin, sgian a ghearrfadh slat, slat a bhearadh pé do
Mhurchadh Beag a d'ól mo chuid fíona ar maidin.”



“Chan fhoghann tú mise,” ars' an gadhar, “go bhfuighe
tú rud beag bealaidh a chuirfeas mé in mo ladhraibh.”



7. Chuaidh sé chuig an chat.



“Gá bhfeil tú ag dul?” ars' an cat.



“Cat a sgríobfadh im, im a rachadh i ladhraibh ghadhair,
gadhar a leanfadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisge, uisge
líomhfadh cloch, cloch a chuirfeadh faobhar ar sgéin, sgian
a ghearrfadh slat, slat a bhearfadh pé do Mhurchadh Beag
a d'ól mo chuid fíona ar maidin.”



“Chan fhoghann tú mise,” ars' an cat, “go bhfuighe
tú rud beag bainne damh.”



8. Chuaidh sé chuig an mairt.



“Gá bhfeil tú ag dul?” ars' an mart.


L. 101


“Mart a bhearfadh rud beag bainne do chat, cat a
sgríobfadh im, im a rachadh i ladhraibh ghadhair, gadhar a
leanfadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisge, uisge a líomhfadh
cloch, cloch a chuirfeadh faobhar ar sgéin, sgian a ghearr-
fadh slat, slat a bhearadh pé do Mhurchadh Beag a d'ól
mo chuid fíona ar maidin.”



“Chan fhoghann tú deor bainne uaim-sa,” ars' an
mart, “go bhfuighe tú bean a bhlighfeas mé.”



9. Chuaidh sé chuig an bhean.



“Gá'il tú ag dul, a Mhurchadh Mhóir?” ars' an bhean,
“is goidé tá ag cur ort?”



“Bean a bhlighfeadh mart, mar a bhearadh rud beag
bainne do chat, cat a sgríobhfadh im, im a rachadh i ladh-
raibh ghadhair, gadhar a leanfadh fiadh, fiadh a shnámhfadh
uisge, uisge a líomhfadh cloch, cloch a chuirfeadh faobhar
ar sgéin, sgian a ghearrfadh slat, slat a bhearadh pé
do Mhurchadh Beag a d'ól mo chuid fíona ar maidin.”



“Gheanaid,” ars' an bhean (“gheanaid” = do-ghéanad,
do-ghéan = déanfad.)



10. Le sin bhligh an bhean an mart, thug an mart rud
beag bainne do'n chat, sgríob an cat an t-im, is chuaidh
an t-im i ladhraibh ghadhair, lean an gadhar an fiadh, an
fiadh shnámh sé an t-uisge, fhliuch an t-uisge an chloch,
chuir an chloch faobhar ar sgéin, ghearr an sgian an
tslat, agus thug an tslat pé do Mhurchadh Beag a d'ól
an cuid fíona ar maidin.


L. 102


XXIII. — Crann donóige.



1. Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí se ag obair aige
sgolóig. Thug se barr áite a bhaile & dubhairt se le
n-a mhnaoi:



“Nuair a éireochaidh tú ar maidin, fagh criathar, &, nuair
a bheas an mhin criathruiste, cuir isteach 'san usgáid í.”



2. D'éirigh an bhean. Chuaidh sí a chriathrughadh na
mine. Chuir sí lámh i n-a hasgall a chuartuighe bearáin
a bhí i n-a cuid éadaigh & é d'á gortughadh. Thuit an
bearán 'sa min. Chuaidh sí a chuartughadh an bhearáin
thríd an min. Cha dtiocfadh léi a fhághail. Thug sí
amach ar an chnoc í. Thainic gaoth mhór & thug se leis
an mhin, &, ag teacht a bhaile do'n bhfear 'san oidhche,
chonnaic se an talamh geal.



3. Ag teacht isteach dó chuige n-a mhnaoi:



“Chan fheil 'fhios agam,” adeir se, “goidé d'fhág an
talamh cómh geal gan sioc ná sneachta!”



“Mise chuaidh a chriathrughadh na mine,” adeir an
bhean. “Thuit bearán uaim. Cha dtiocfadh liom a
fhághail. Thainic gaoth mhór & thug se an mhin uilig uaim.”



“Ó, crann donóige bocht!” ars' eisean, “anois ní'l
againn acht bútais óir & coinneóchamaid le haghaidh na
Coise Tinne e.”



4. Char bh'fhada go dtainic fear isteach a rabh cos
fhrithir aige. Chuir sí fáilte roimhe.



“Céad fáilte dhuid!” adeir sí. “B'fhéidir gur tú
Fear na Coise Tinne.”


L. 103


“Ó, tá sí tinn go leór, a ghrádh,” adeir se.



“Má tá,” ars' ise, “tá rud maith annseo ag feitheamh
ort.”



Thug sí an bhútais óir dó, & bhain se amach.



5. Thainic an fear a bhaile 'san oidhche ó'n obair.



“Tomhais gá hé bhí agam indiú,” ars' an bhean.



“Gá hé bhí agat?” adeir se.



“An fear udaidh a rabh an bhútais óir agad ag feith-
eamh air.”



“Ó, crann donóige bocht!” ars' eisean. “Cha rabh
sin ag feitheamh ar aon dhuine agam-sa, acht dh'á
choingbheáil duinn fhéin go mbéidheadh gnaithe againn
leis. Má tá, féadfamaid a bheith ag siubhal ar fad as
an tigh. Ní'l againn anois acht crocán ime,” adeir se;
“coinneóchamaid e ag feitheamh ar Sgríob (Sgiob)
Liath an Earraigh.”



6. D'éirigh siad ar maidin go dteachaidh an fear 'un
na hoibre. Thainic fear isteach a rabh cionn mór liath
air.



“B'fhéadfaidhe gur tusa Sgríob (Sgiob) Liath an
Earraigh,” adeir sí.



“M'fhíor go bhfuil me liath go leór,” adeir se.



“Ó! ársuigh an fhírinne,” ars' ise; “má's tú Sgríob
(Sgiob) Liath an Earraigh, tá rud maith annseo ag feith-
eamh ort.”



Chuaidh sí síos 'un a rúim-sa. Thóg sí an crocán
ime air. Nuair a fuair se an crocán, bhain se amach.



7. Thainic an fear a bhaile 'san oidhche.



“Tomhais cá hé bhí agam,” adeir sí.


L. 104


“Cá he bhí agat?” ars' an fear.



“Sgríob (Sgiob) Liath an Earraigh, an fear a rabh an
crocán ime agad ag feitheamh air.”



“Ó!” adeir se, “crann donóige bocht! Cha rabh ag
feitheamh ar aon dhuine againn. Ní'l againn anois acht
an mart a mharbhadh. Beidh sí 'na tarsann do'n
ghabáiste.”



8. Fuair se búisteóir ar maidin. Mharbh an búist-
eóir an mart agus chuir se isteach 'sa tobán í. D'imthigh
an fear 'un na hoibre. Fuair an bhean sgian agus d'fhág
sí píosa feóla ar gach aon ghas gabáiste dh'a rabh 'sa
ghárrdhaidh.



9. Thainic an fear a bhaile. Chuaidh se a chodladh. Bhí
tamhann mór ins an ghárrdhaidh, agus nuair a dhúisgigh an
fear, d'fhiostruigh se de'n mhnaoi goidé bheir a leitheid
seo dhe mhadaíbh fá'n tigh.



“B'fhéadfaidhe go bhfeil ag an fheoil,” adeir sí.



10. D'éirigh an fear is chuir se a chuid éadaigh air.



“Imeóchaidh me anois,” adeir se, “béal mo chinn!”



“Béidh mise leat,” ars' an bhean.



“Cha bhíonn!” adeir se; “Cha bhíonn tú liom! Má
bhíonn tú liom, tarraing an dorus in do dhéidh.”



11. D'imthigh siad leóbhtha go rabh siad ag dul tras-
na cloidhe. Nuair a chuaidh an bhean trasna, rinn an
dorus torann mór.



“Goidé siud?” adeir se.



“Ó, an dorus,” adeir sí. “Nár 'ubhairt tú liom an
dorus a tharraint 'mo dhéidh?”



12. D'imthigh siad leóbhtha go rabh istigh 'sa choill.


L. 105


Chuaidh se suas ine gcrann is lean an bhean suas ins an
chrann e.



Char bh'fhada go dtainic sgafta robairí. Bhí dreis
mhór airgid is óir leóbhtha. Labhair an bhean leis an
bhfear.



13. “Caithfidh me an dorus síos orthú,” ars' ise.



Chaith sí an dorus orthú.



“Nár 'ubhairt me stad de'n obair seo bhí againn?”
arsa duine de na robairíbh. “Sin na spéartha ag
tuitim orainn!”



14. D'imthigh na robairí 'na rith, is thainic an fear 's
an bhean anuas as an chrann. Chruinnigh siad an t-air-
gead 's an t-ór. Chuaidh siad a bhaile. Bhí dóigh mhaith
orthú go dtí lá an bháis. Sin é mo sgéal-sa.



XXIV. — Micheál Ó Ceallaigh agus an corp.



1. Bhí Micheál Ó Ceallaigh agus mo ghaididh 'g dul go
Baile Átha Cliath le dhá lóda bhradán maidin shamhraidh
sul mar éirigh an ghrian. Bhí siad fá leith-mhíle do
Bhaile Átha Cliath, 'teanamh ar a' mhargadh. Arsa
Micheál le mo ghaididh -



“Ta codladh iongantach trom orm & cha dtige liom
a dhul níos fuide.”



“Goidé bhearadh ag codladh anois thú,” arsa mo
ghaididh, “& tú chomh fogus do'n bhaile? Béidh muinn
mall go leor ag an mhargadh.”


L. 106


“Ní'l gar a bheith 'caint. Cha dtig liom-sa dhul níos
fuide,” arsa Micheál Ó Ceallaigh.



2. Bheir se greim ar adhastar a' chapaill & chaith se thart
ar a láimh e. Leag se a chionn anuas ar a' bhancán is
thuit se 'na chodladh & choinic se comhra le n-a thaobh &
triúr fear.



“Ó,” arsa fear acú, “a Mhicheáil Uí Cheallaigh, is
maith liom gur thuit muinn isteach leath. Caithfidh an
corp seo dhul go Fachairt.”



3. Chuir siad an chomhra ar a dhruim, agus thug siad eisean
agus an corp leobhtha, ag dul go Fachairt. Nuair a chuaidh
siad go Fachairt, cha leigtí isteach go reilic Fhachairt
iad. Cha rabh duine muinteardha dó annsin.



“Caithfidh sibh a thabhairt go hÁrd-Mhacha,” arsa
muintir Fhachairt.



4. Thóg siad an corp leobhtha ag dul go hÁrd-
Mhacha.



“Ó,” arsa muintir Árda-Macha, “chan fhuil duine
muinteardha dó annso. Caithfidh se dhul go Baile
Úr.”



Thóg siad an corp leobhtha, ag dul go Baile Úr.
Cha leigfidhe isteach e go reilic Bhaile Úir; cha rabh
duine muinteardha dó annsin. Arsa muintir Bhaile
Úir —



“Caithfidh sibh a thabhairt go Cuailnhge.”



5. Thug siad annsin leobhtha e go Cuailnhge. Cha leigtí
isteach e go reilic Chauilnhge; cha rabh duine muin-
teardha dó annsin.



“Bhearaidh muinn go Cáirlinn e,” ars' an trúr fear.


L. 107


Thug siad leobhtha e go Cáirlinn. Cha leigfidhe
isteach go reilic Cháirlinn iad.



“Chan fhuil aon dhuine muinteardha dó annso,” arsa
muintir Cháirlinn. “Cathfidh se dhul go Cill Bhrónaighe.”



6. Thóg siad an corp leobhtha aríst, ag dul go Cill
Bhrónaighe. Cha leigfidhe isteach e go reilic Chille
Brónaighe. Cha rabh duine muinteardha dó annsin.



“Ó,” arsa muintir Chill Bhrónaighe leis, “chan fhuil
aon dhuine d'á chuid daoine muinteardha annso. Caith-
fidh se dhul go reilic Ó Méith.”



“Fuigfidh muinn i n-Ó Méith e,” arsa na fir.



7. Thug siad Micheál Ó Ceallaigh leobhtha thart chuige
dorus a athara is a' chomhra leobhtha, agus síos leobhtha go
reilic Ó Méith.



“'Nois, a Mhicheáil Uí Cheallaigh,” ar siad-san,
“féadann tú dhul ar ais chuige do chapall, & tá muinne
ró-bhuidheach dhuid.”



8. Leag Micheál Ó Ceallaigh an chómhra ar bhalla na
reilice & chuaidh se ar ais chuig a chapall & bhí an capall
ins an áit a d'fhág se í, 's i ndéidh a dhul thart Éirinne
uile-go-léir, bhí se chomh gasta i mBaile Átha Cliath le
mo ghaididh. Cha rabh an dadamh réidh aige acht an chairt
a bhaint de'n ghearrán nuair a chuaidh Micheál
Ó Ceallaigh isteach 'un a' bhaile.


L. 108


XXV. — Sgéilíní agus rannta.



1. - An chorr éisg.



Bhí an chorr éisg tamall agus cha rabh éan ar bith ab'
fhearr snámh nó í & cha rabh snámh ar bith ag an fhaoilean-
nán. Chuaidh an faoileannán chuici & d'iarr se tamall
de'n tsnámh uirthi go deireadh an lae. Thug an chorr
éisg dó é. Thainic an chorr éisg chuige i ndeireadh an
lae 'un a cuid snámha a dh'fhághail ar ais.



“Oro, a amadáin chóir,” ars' an faoileannán léithi,
“ar ndóigh, chan go deireadh an lae a d'iarr mé do
chuid snámha, acht go deireadh an domhain!”



Agus ó'n lá sin go dtí an lá seo cha dtige leis an
chuirr éisg snámh.



2. - Sáith & fuighleach.



Dhá mhnaoi bhochta bhí ag cruinniughadh a gcoda thríd
an domhan. Thainic siad chuige tigh ins an chómharsnacht
& fuair siad a mbiadh ann, agus d'fhiafruigh bean an tighe
díobhtha an rachadh siad go tigh an tórraidh.



“Gá bhfeil tigh an tórraidh?” ars' iad-san.



“A leitheid seo a bhean atá marbh,” arsa bean an
tighe.



Chuaidh siad go tigh an tórraidh & fuair siad a sáith
le n-ithe ann agus le n-ól.



“A Mháire, a' bhfuair tú do sháith?” arsa fear an


L. 109


tighe le duine de'n bheirt. Seo an freagradh thug
Máire air: —



“Fuair mé mo sháith,
Agus d'fhág mé fuighleach;
Agus (acht) gur'b é an bás cóir,
Ar ndóigh, chán fhuighinn é!”



3. Tomhas chathaoir mhic cába.



File a bhí ag dul thart aon uair amháin. Chas tigh
air, agus chuaidh sé isteach. Dubhairt sé an rann so le
bean an tighe, go n-ársóchadh sé a ainm & a shloinneadh
di:-



“Soir atá mo thriall,
Agus siar atá mé ag dul,
Suidhim ar m'ainm,
'S tá mo shloinneadh ar mo mhuin.”



“Míle fáilte!” adeir sise, “a Chathaoir Mhic Cába!”



4. — Deanamh an chóta mhóir.



Sgológ a thug comhairle ar an táilliur goidé mar
dheanfadh sé cóta mór dó.



“Ná teana mór é, & ná teana beag é,” ars'
eisean; “ná teana cumhang é, & na teana farsaing;
ná teana fada é, agus ná teana gearr é. Teana é,” ars'
eisean, “ar dhóigh go bhfoireóchaidh sé ar mo ghuail-
neachaibh ar maidin, fad is bheidheas me ag tabhairt bídh
do na buaidh.”



5. — Cailleach gan déirc.



Cailleach a bhí ag dul thart fá Nodlaic. D'iarr rud
beag ime ar bhean an tighe. Dhiúlt bean an tighe.


L. 110


Dubhairt sí nach rabh sé aici. Seo mar adubhairt an
chailleach:-



“Oidhche Inide gan fheoil;
Oidhche Nodlac Mór gan im;
Domhnach Cásg gan arán,
Is fáth mo ghearáin libh.”



6. - Oidhche na seacht síon.



Bhí fear aon uair amháin & d'iarr se ar a mhac dul
amach & amharc goidé an seort oidhche bhí ann. Thainic
an gasúr isteach.



“A gháid,” adeir se, “tá oidhche cheodhach ann,
reodhach, réaltógach, ag fearthainn, ag cur shneachta,
'gá shíobadh, & ag sioc!”



“Chan fhéidir sin a bheith mar sin,” ars' an gaid.



“Nach rabh sé cómh hiongantach céadna, an bhológ
mhór a mharbh tusa, nach rabh ionn acht croidhe is cruaidhe
(cruadh-ae) uilig?”



“Goidé an sgéal dó sin?” adeir an gáid.



“Ó!” adeir an gasúr, “chan fhuair mise acht
croidhe is cruaidhe (cruadh-ae).”



7. — Ocht mBaile, i bhFearnmhuigh.



Cumann na daoine rann fá bhailtibh na dúithche corr-
am. Seo sompla air:-



Cor Liath is Cor Leac;
Domhnach Raogh 's na Buic;
Áth an Chlocháin na ndreasóg;
Coille Ruadh na mbratóg;
Caisleán na bpreáta brúighte,
Is Lios Dúnáin an racáin.


L. 111


8. - Cormac Mac Airt.



Cormac Mac Airt, bhí sé ar a'n iúl le daoinibh ag
baint seagail. Thainic an teachtaireacht ó Theamhair
na Ríogh.



“Slán cháigh fá'n tseagal!” ars' eisean. “Béidh
mise 'mo rígh i dTeamhair i mbárach.”



Tá an rann so i mbéal na ndaoine go seadh:-



Le linn Chormaic Mhic Airt
Bhí an saoghal go haoibhinn ait;
Bhí naoi gcnó ar an chraoibhín,
Is naoi gcraoibhín ar an tslait.



9(a). — Rann imtheachta.



An fear atá ag imtheacht, deir sé an rann so le
muintir an tighe, ag fágáil sláin aca:-



Is árd Cnoc Átha Luimnigh;
Is fuar feannta Cnoc an Iubhair.
Tá me righin domblasach,
'S is mithid damh bheith ar siubhal.
Is duine mé nach bhféadann fuireach;
Slán libh, agus béidh me ag imtheacht.



9(b). — Rann imtheachta.



Seo dóigh eile ar an rann. 'San dúthaigh chéadna
(Fearnmhagh) fuaras an dóigh seo:-



Fada farsaing sráid Luimnigh;
'S is fuar feannta croidhe an Iubhair.
An té thuigfeadh an chéilidhe antráthta,
Tá se an t-am dó bheith ar siubhal.



10. — An seanduine.



Bhí cailleach ag dul thart aon uair amháin. Bhí sí ag
fiostraighe de gach aon dhuine chas uirthi: “Bhfaca tú
seanduine ag dul thart?”


L. 112


“Seanduine teannta crannta giorranta,
Is méin mhór ghiúsáin ionn;
A luch Liath,
'S a ghuth ó Ghaillimh aniar;
Gasur beag is cainnin leis 'na dhiaidh.”



11(a). — Rádh an duine leisg.



Seo mar atá “Rádh an Duine Leisg” ag muintir
Fhearnmhuighe:-



Nach deór na madaidh
Nach ndéin an dadaidh,
Acht 'na luighe ar na casáin,
'S a mbolg le gréin?



11(b). — Rádh an duine leisg.



Seo dóigh eile air a bhí ag mnaoi éigin as Breifne
Uí Raghallaigh:-



Nach méantrach do na madaidh,
Nach mbíonn ag tionamh an dadaidh,
Acht 'na luighe ar na casáin,
Ag tionamh bolg-le-gréin?



12. — Nighean an mhuilteora.



Deir muintir Dhruim-an-tighe gur seo an dóigh atá
ar nighin an mhuilteora:-



Grádh mo chroidhe nighean an mhuilteora -
Is i n-a pócaíbh atá na bunnóga,
Im na ceannfhinne,
Bainne na cruidheoige,
'S aige dhá chionn na crannóige.



13. — Seacht n-Óige na coilleadh.



Gá hiad “Seacht n-Óige ná Coilleadh?” Tá,
fuinnseog & sgiachóg & rudóg & féarnóg & saileog &
daróg & dreasóg.


L. 113


14. — Seacht n-óige an aeir.



Gá hiad “Seacht n-Óige an Aeir?” Tá, spideog &
buidheog & uiseog & feadóg & fionnóg & áinleog &
tonnóg.



15. — Gubóg.



Bhí marclach uair amháin ann agus an lánamhain i ndéidh
a bheith pósta. Bhí siad ag teacht an bóthar míle an
taoibh seo de'n Charraic & bhí árd mór ionn & thuit siad
uilig de'n mbóthar & chuaidh siad faoi gheasaibh.
Rinneadh clocha díobhtha uilig. Bhí an t-ógánach & an
bhrídeog, bhí siad le chéile ag marcaigheacht &, nuair a
thuit siad, bhí siad cosmhail le gearrán, & d'aithneóchfá
an bhrídeog, a cionn & a brollach agus í uilig mar bheadh
bean bheó ann.



Bhí baicleach ag obair ar an mbóthar aige mo oncal
agus dubhairt fear aca i n-uair an mheadhoin lae nuair a
bhí se díomhaoineach, dubhairt an fear seo a rabh Tomás
O Manacháin air go mbéidheadh fhios aige an rabh rud
ar bith fírinne i nGubóig. Chuaidh se síos & óird leis &
thairnigh se buille & bhuail se ar an mnaoi uasail
Gubóg e. Léim sgeilpeog de'n chloich ar a ghlúin & char
chuir se cos faoi go bhfuair se bás.



Thainic fear annsin de ainm Tomás O Gairtleáin &
thoisigh se leis na clochaibh uilig agus thóg se iad & bhris se
iad, tuairim a leath, & d'éag sé as a sheasamh sul ar
chríochnuigh se iad.



Seo sgéal eile ar Ghubóig. Bhí fear éigin an-
bhuaidheartha fá n-a chapall agus fá n-a shearrach a chuaidh
ar seachrán uadh & nach dtiocfadh leis a bhfághail.


L. 114


Chuaidh se go Cloch-bhaile & chuir se ceist ar Ghubóig
& seo mar labhair se léithi: —



“A Ghubóg, ársuigh damh gá bhfuil mo chapall & mo
shearrach.”



Seo mar adubhairt Gubóg:-



“A charbat mhaol gan fhiacail,
Agus a theanga ghránna shalach,
Gabh síos 'un Triúcha,
Is gheobhaidh tú do láir bhán 's do shearrach.”



Budh ghnáth le Gubóig freagra thabhairt ar na ceist-
eannaibh seo, acht stad sí de ó shoin, mar shaoil sí go
dtearn an fear seo stán uirthi.



16. — Gaedhilg an Albanaigh.



Bhí Albanach ag ceasnuighe fá chois chroinn a bheith
faoi. Seo mar labhair se: —



“A Thighearna 'Láir,'
Agus a Thighearna 'Chré;'
A Thighearna an 'Láimh Chlí,'
Agus a Thighearna Mhic Dé;
Nach iongantach gur leig sibh
Cos chroinn faoi Pheadar Grae!”



17. — Béarla an Ghaedhil.



Bhí cailín ann aon uair amháin i gCondae na Midhe, &
í ar bheagán Béarla. Bhí corr-fhocal aici, mar déarfá,
& má bhí féin, bhí spéis mhór aici 'sa méid sin. Bhí
leanbh beag le baisteadh ins an tigh s' aici-se, & chuaidh
sí go tigh na comharsnaighe ag iarraidh tamaill de'n
lointhín. Seo mar labhair sí le muintir an tighe:-


L. 115


18. — Boladh i n-áit bídh.



Lá amháin bhí fear dall ag dul thart ag cruinniughadh
déirce & thárla se dhul isteach ine dtigh an áit i rabh
an meadhon lae ag dul ar aghaidh. Shuidh se comhgarach
do'n teinidh, & nuair a chonnaic sé nach rabh duine ag
amharc 'na dhéidh, shaoil se go rabh se an t-am dó rud
inntean a rádh. Dubhairt se: —



“Mothuighim an boladh,
Agus chan fhaicim an biadh,
Agus an té tá 'teanamh an éagcóir,
Nár fhaicidh se Dia!”



19. — Sgéal fá Fhilip ministeoir.



Thainic Filip Ministeoir (.i. Filip a Brádaigh) isteach
ine dtigh a rabh bean tinn ann - bean Ghallda - & í
dócrach dona leis an déideadh. Thoisigh Filip a thabhairt
solástaí leis i nGaedhilg & char thuig na daoine bhí
fá'n tigh aon fhocal a bhí sé 'radh, & 'sé an phaidir a thug
sé dí:-



“A chailleach Phresbitérian
Nár ghéill ariamh do Mhuire,
Nár fhoghaidh tú biseach de'n déideadh
Go rachaidh tú féin ar mire!”



20. — Gáid Filip Uí Bhrádaigh.



Gáid Filip a bhí ag éirghe bocht, & nuair a chonnaic se
goidé mar bhí Filip ag dul ar aghaidh, shaoil se go
mbeadh seisean ar an dóigh chéadna, & dubhairt se:-



“Má's go hifrionn atá do thriall,
Agus mé le seacht mbliadhna ag iarraidh do coingbheáil as,
Seo mo ghearrán, mo shrian & mo dhiallaid,
Agus ná téidh ionn a choidhche de do chois!”


L. 116


21. — Na seacht gCodlatáin.



Gá hiad “na Seacht gCodlatáin?” Tá, cuach &
seilite búrc & féileagán & beach & ciaróg chapaill &
claochrán & tradhnach. Cuireann dream de na daoinibh
“áinleog” & “plumbarlán” ar an áireamh seo i
n-áit dhá cheann de'n méid adubhramar romhainn.



22. — Paidir an mhairnéalaigh.



Mairnéalach a bhí ar fairrge aon uair amháin agus a dhúil
go mór ar thilleadh go hÉirinn. Seo mar a bhí se ag
guidhe:-



“A Bhrighid atá i bhFachairt;
A Bhlinne atá i gCillshléibhe;
A Bhrónaigh atá i mBaile na Cille;
Go dtugaidh tú mise go hÉirinn.”



23. Cárnán mh'réidh' náir.



'Sé an t-ainm atá ar an mbinn is airde de
Shléibhtibh Chuailnhge Cárnán Mh'réid' Náir. Tá Cárnán
Mh'réid' Náir ar Shliabh Fasgaidh. Seo ceathramha ceoil
fá'n bhean sídhe d'fhág a hainm ar mhullach an chnuic:-



“Thriall tú 'un na cairrge a ngoireann siad de Cárnán M'réid'
Náir,
A bhfeil na céadtaibh fear ag iomáin go hacfainneach ar
Shléibhtibh Cháil.”
Nuair a labhair sí liom thríd aiteas, “An dtaitnim leat mar
chéile mná?
'S ná till thú 'un a mbaile chuig an staraidhe tá 'do dhéidh go
bráth.”



M'réad Náir adubhairt e le fear a chas uirthi ar an
bhóthar. 'Sé sgoith an cheoil a cuirtear leis na foclaibh
an fonn céadna théid le “hÚr-chill an Chreagáin,” &
le “hIomáin Átha na gCasán.”


L. 117


24. — Tuireadh ar cuireadh tiobadh air.



Cuireadh fios air le haghaidh chuma uirthi. Dubhairt
sé:



“Bhfuil tú 'do chodladh, a phéisteog?
Nach bhfuil tú 'do dhúsgadh ag éisteacht?
Badh chóra dhuit a bheith 'san úir is cré ort
'Ná tuireadh bheith ar ghiolla bhrúideamhail 's gan féidhm leis.
Éirigh suas, a bhró thámhach, 's leig béic asat;
Sgairt ar Chuladh 's ná dearmaduigh Féidhlime,
Nó Art Guille na toife bréine,
Gan bheith fada go leanfaidh siad an phéisteog,
Go mbeidh siad i nDomhnach Mhaighin faoi ghlasaibh daighne -”



D'iarr siad air stad 's gan níos mó 'rádh.



25. — Tuireadh Mháir' Nic Pártláin.



Bean a rabh Máir' Nic Pártláin uirthi, “ghlac sí
ur-spéis 'sa bhrot (anbhruith)” & ghabh sí leis an minis-
teoir Ghallda. D'éag sí, & chuir an ministeoir fios
ar ógánach éigin le haghaidh tuiridh uirthi. Seo mar
adubhairt an t-ógánach:-



“I n-ainm an Athar & an Mhic & an Spioraid Naoimh.
'Sé do bheatha & do shláinte annsin,
A Mháir' Nic Pártláin,
Agus seo píopa mór fada bán
Is é lán fá n-a mhaoil tobac,
Agus is beag de'n aicme
Ghlac ur-spéis 'sa bhrot
Nach rabh chomh lag meata
Is tá tusa féin anocht!”



26. — Tuireadh eile.



Is cosmhuil gur baineadh cuid de “Thuireadh Mháir'
Nic Pártláin” as an tuireadh so leanas. R. A.
Stiubhairt Mac Alasdair a chuir i gcló é i “n-Iris-
leabhar na Gaedhilge,” U. 143, Lughnasa, 1902, l. 124.


L. 118


Deir sé annsin go bhfuair sé é i láimhsgríbhinn a chean-
nuigh sé i Lunndain “sé míosa ó shoin.” Ní hionann
ciall dó & do thuireadh Mháire. Bhí an t-ógánach
ag gabháil a leithsgéil-se & leithsgéil “aicme na
hanbhruithe,” acht tá fear an tuiridh an-chruaidh annso
ar an aicme sin agus ar an té bhí “sínte ar sop.” Ar
chuma ar bith, tá a dhearbh againn gur i n-Óirghiallaibh a
sgríobhadh an láimhsgríbhinn:-



“Ar an altóir tá an maistín seo sínte ar sop;
Ní'l tart air, cé b'fhairsing a chraos 's a chorp.
Mo chreach-sa nach bhfuil an aicne seo mhian 'sa mbrot
Chomh lag meata gan spracadh leis féin anocht!”



27. — Bailte Chuailnhge.



Tá rann ag muintir Ó Méith Mara ag cur síos ar
bhailtibh Chuailnhge. Ní'l acht cuid de annso; má tá,
sin a bhfuil againn de.



“Árdach' bréagach & Tulaigh an chlábair;
Hi-Liosliath na bpocán & Druimmhullach láidir;
Cor na Muclach na sligeán & Trean' Íochtrach' na bhfaofóg;
Deich mBaile Ó Méith & Ocht mBaile Chillshléibhe;
Bealach na Madach & Áth Gheallóg na déirce.
A chailíní Chor na Muclach, gá air a phronnfas muinn a' ghéag
seo?
Pronnfaidh muinn ar a' bhuachaill fhearamhail chumasach láidir
A bhearas leis í fríd na dtrí náisiun.
Oro, a chailíní Dhruimmhullach, gá air a phronnfas sibh bhar
gcáca?
Ar Aodhaidín Mhac Mághnuis, ó's aige tá an áit dó.
Oro, a chailíní Chor na Muclach, gár fhág sibh bhar gcuid bróga?
Ná ar fhág sibh 'san Iubhar iad a gheall na min' eorna?”



Árdach' = Árdachadh. Hi-Liosliath = hi Lios Liath = i Lios Liath?
(Sean-Ghaedhilg do mhair go dtí indiu? Is mar sin adeirtear
go coitchionnta é ar chuma ar bith). Faofóg = faochóg. Bealach
na Madach = Baile na Madadh?


L. 119


28. — An triúr cailleach.



Bhí iomardas eidir triúr cailleach draoidheachta fá
aois gach duine aca. Seo an chaint a heagmhadh
eadorra:-



An Chailleach Bhearra.



Mise an Chailleach Bhearra bhocht;
Is iomdha holc le fanadh mé;
Sliabh gCuilinn má's árd an cnoc,
Chonnaic mé 'na ghort ghlas é.



Cailleach Bhéil Átha hÓa.



Má's iomdha olc a chonnaic tú,
Ní'l ionnad acht cailín úr óg!
Naoi gcéad bliadhain roime le do bhreith,
Bhí mise ar an chreig i mBealach Ó'!



Cailleach Ghleanna an Smóil.



Fí! fí! fá! ní'l ionnad acht lurán úr óg!
Céad bliadhain sol a rugadh thú
Bhí mé ag iomáin
Le mo chamán
Ar fud chlasaí Ghleanna an Smóil!



29. — Pól o hUigin.



Seo ceathramha eile adubhairt Filip Ministeoir
(Filip O Brádaigh). Is olc an chaint atá innti, acht
má's olc féin, badh cheart gach rud d'ar chum Filip
a chur síos, mar budh mhór an fear é lá d'á rabh.



Sin chugaibh an seannach i gcroiceann na caorach beó,
Pól O hUigin d'imthigh ar a shaoghal fá dhó;
An fear a bhí ar a mhionna i n-uraidh thall 'sa Róimh,
Sin chugaibh anois e 'na mhinisteoir diabhlaidhe crón.



30. — Séan.



Is iomdha cor a cuirtear i seanráidhtibh. Seo
sompla maith air sin:


L. 120


An Seanrádh féin.



“Is iomdha séan ar chroith me lámh leis, chan iongantas mé
beith claoidhte bocht.”



Cor a chuir file éigin ann.



“Chan iongantas damh bheith caithte cáinteach,
Is iomdha Séaghan ar chroith me lámh leis,
Séaghan O Dubhthaigh agus Séaghan O Dálaigh,
Séaghan na cruite Mhac Ghiolla Bhrádaigh.”



31. - An t-airgead.



Fear folamh adubhairt an cheathramha so:



Cumhradh ar an airgead, is lógtha an t-earradh e,
'S is cuma leis gá h-aige n-a mbíonn se:-
Bíonn se aige na sgafairíbh ag bhréagradh na straflógaí,
'S chan fhearr leis sin ná aige sgraiste na díge;
Bíonn se aige na cailleachaíbh i bpocán an bharraigh
Go dtug se salach ar a thaoibh deas.
Dhá ngluaisfeadh an radaire liom 'sna bealaighibh,
Go mbearfainn dó amharc an aonaigh.



32(a) — An sgadán.



l. 56 (i mbárr). Rann dáin a bhí ionn ar tús. Deir
na Breifnigh:-



Grádh mo chroidhe-sa an sgadán —
'Sé riamh nár gabhadh ar a chuid.
Cébe ar mhaith leis a bheith buan,
Chaithfeadh se uadh e & bheadh se 'na rith.



32(b) — An sgadán.



Séamus Ó Murchadha bhí i bpríosún Árda Macha, &
sgadán aige le haghaidh a mheadhoin lae. Dubhairt se:-



Grádh mo chroidhe an sgadán
Nár gabhadh ariamh i gcóisir
'Gá phléithin ar maidin
Agus 'gá ghabhail tráthnóna.


L. 121


33. — An Poitín.



Seo mar labhair file Midheach ar an bpoitín:-



Cumhradh ar a' bpoitín seo —
Is mairg nach nglacann e —
Is iomdha croidhe tartach
A thóigeann sé.
Chan fhuil ó'n rígh go dtí'n bacach
Nár mhian a bheith 'n-aice,
'S ní'l dhá mhéad a thaithighe
Nach móide a spéis.



34. — An cat.



Bhí fear aon uair amháin i gConndae na Midhe.
Chaill se a chat. Is mór a chrothnuigh se an cat do dhíth
air & dubhairt se:-



Char chodail me an oidh'e
Ó thuitim na hoidh'e,
Acht me fhéin is mo mhnaoi
Le dhá bhata draoighin
Ag ruagadh na rat!
Dar a bhfuil a ghabhair
Ó seo go Bail' Fhobhair,
Chaill me mo mheabhair
Ó chaill me mo chat!



35. — An Spéirbhean.



Seo ceathramha ó'n Midhe. Is cosmhail nach bhfuil
innti acht tús amhráin:-



Bhí mé lá beag aerach ar thaobh cnuic ar árd,
Cae hé thárlaidh damh acht spéirbhean,
Stór na gcíochach gléigeal —
B'annsacht í le Déirdre ná a' gé 'teacht o'n tsnámh.



36. — Cormac Mac Airt.



l. 111, 8: Féadfaidhe gur rann a bhí i rádh Chormaic
ar tús:-



Beannacht is slán
Ag cách fá'n tseagal!
Béidh mise i mbárach
Im' áirdrígh i dTeamhair.


L. 122


Fuireann an Leabhair Seo.



Lucht Faghála na sgéal.



Seaghán O hAnnabháin darab áit chomhnuidhe Cros Mhig Fhloinn i
bhFiodh Uladh: XXII.



Dúthaigh & Lucht Innste na sgéal.



Uí Mhéith Mara.



Críoch na nOirthear.



Proinnsias Mag Uinnseacháin, i mbaile biadhtach Fhuircheála:
XXV., 3 (an rann).
Paidne Mac Aimhirgin, Lios Liath, “ar thaoibh Shléibhe gCuilinn
na seod”: XXV., 22.
Mac Mhurchaidh, 'sa Lios Liath céadna úd: XXV., 25.
Bean dar bh'ainm Róise ar an Taobh Chrom i nDruim an Tighe:
XXV., 12.



An Fiodh.



Duine éigin: XXII. Ní'l an t-ainm thíos ag Mac Uí Annabháin.



Fearnmhagh.



Tomás Mag Ruadair, ag Cairgeach Lios na nÁirneach: II., IV.
Séamus Ua Cruadhlaoigh, i n-aice Inis Caoin Deagha: XV.
Mícheál O Cathaláin, i gCaisleán Thoir: XXV., 2, 15 (an
cheathramha).
Eoghan Mhac an Bháird, 'sa Chúl Fuar: XXV., 3 (a dheireadh), 4, 9(a).


L. 123


Lúcás O Muirgheasa, i gCaisleán Thoir: XXV., 15.
Mac Uí Bhroin, i n-aice Lios Dúnáin: XXV., 16, 30 (an seanfhocal).
Mac Uí Fhionnagáin, i Machaire Cluana: XXV., 18, 19, 20.
Fear éigin (Brian O Cathaláin?): XXV., 28 (an rann i lár).



An Midhe.



Brian Mhac Seafraidh, as Magh nEalta: XXV., 17 (an rann), 34.
Peadar Mac Donnchadha, as Mullaigh Theamhrach atá taobh thiar
theas de Dhaimhliag Cianáin: XXV., 33, 35.



Breifne Uí Raghallaigh.



Bean Uí Mhuireagáin, as ceanntar Achaidh Lir: XXV., 11(b).
Bean Uí Shúilleabháin, as “Ráith Fánaidhe na gcloch géar,” i
n-aice Achaidh Lir: XXV, 32(a).



Canamhaint Óirghiall.


















19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services