Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uimh, II. Iúl, 1923

Title
Uimh, II. Iúl, 1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Máille, Tomás
Composition Date
1923
Publisher
Coláiste na hIolsgoile, Gaillimh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN STOC



TOMÁS Ó MÁILLE DHÁ CHUR I N-EAGAR.



SRATH NUA. LEABH I. UIMH, II. IÚL, 1923. DHÁ PHIGHNN A LUACH



AN SAOGHAL.



FEAR MAITH GAN FÉACHAINT.



“Is maith an t-iománaighe an té atá ar
an gclaidhe,” sin, mar dhóig dhe, an fear a
bhíos ina shuidhe ar an gclaidhe a' faireadh
ar an mbáire isé is fearr a mbíonn a fhios
aige cé'n chaoi a mbu chóir a bhualadh. An
fhad is bhíomar féin a' faireadh ar an Sasanach
a' riaghladh na tíre seo nó dhá mí-riaghladh
b'fhurusda dhúinn a lochta a thabhairt fá
deara. Anois, nuair atámaid féin i lár
an treasgartha níl sé chomh héasgaidh againn
boc maith a bhualadh is shíleamar, & b'fhurusda
don té sin ar lochtadh nach mbeadh sé de
mhisneach aige boc olc ná mhaith a bhualadh é
féin. Tá fir mhaithe gan féachaint sa tír,
ceanna maithe acu.



MALAIRT SAOGHAIL.



Roimhe seo, i n-aimsir na Sasanach, ní
raibh orainn féin rud ar bith a dhéanamh, geall
leis, maidir le riaghladh na hÉireann, agus
ní raibh orainn ach amháin a bheith casaoideach.
Anois atá mortabháil na tíre uilig orainn
féin & isé an chaoi a ngabhfa sí ar aghaidh an
chaoi a gcuirfe sinn féin ar a haghaidh í.
An uair seo mar dtéidh sí ar aghaidh go
maith & mar ndéantar 'chuile shórt i gceart
ná bíodh an milleán againn ar aonduine ach
orainn féin. Tig linn rud a dhéanamh le olc
ar dhuine eile, ar mhaithe linn féin nó ar
mhaithe leis an tír go léir, go réir mar
thogróchamaid. Má ghnimid rud ar mhaithe
leis an tír dá-rírí is dócha, má tá aon
bhreitheamhnas againn, gurb é leas na tíre a
thiocfas as. Má ghní sinn rud le olc ar
dhuine ná daoine ní dócha go dtiocfa aon
mhaith don tír ná dhúinn féin as. Tig linn
má thogruigheamaid é cogadh a fhuagairt ar
Shasana ach má ghníonn ní mór dhúinn a bheith
fá féir an coghadh a sheasamh agus gac a
dtiocfa dhá bhárr a fhulaing.



AN MHORTABHÁIL.



Sé bun agus barr an sgéil, atá iolmhaitheas
éigin againn nach raibh againn & tig linn olc
nó mhaith a dhéanamh leis. Tig linn an
oighrigheacht a chaitheamh mar is mian linn féin.
Tig linn a bheith a' cur ina ceann, mar
adubhairt bean mhic an Ghobáin Saor leis
an gciste óir, nó tig linn a caitheamh go
dreabhlásach, sgléipeach, ragairneach, más áil
linn féin. Ní bheidh aon duine thíos leis ach
sinn féin, agus is dúinn a bhéas a lear má
ghnímid ar ngnotha go fánach. Tá daoine sa
saoghal ar chuma leo, ar bhealach, céard a
thuitfeadh amach dá bhféadaidís a mhilleán a
leagan ar dhuine éigin eile. Bu sásamh
intinne dhóibh é. Cuir i gcás, dá gcuireadh
fear a mhac ar aonach le díol nó ceannach
a dhéanamh, dá ndéantaí droch-dhíol nó droch-
cheannach gheobhfadh an mac ithe na gcat is na
madraí nuair a thiocfadh sé ón aonach; dá
mbudh é an fear féin a dhéanfadh é ní bheadh
aon fhocal air.



Sin é freisin a fhearacht ag na daoine a
bhí a' cur na Gaedhilge 'un báis. “Níl aon
rath leis an máighistir atá againn,”
d'abruighdís deich mbliadna nó chúig bliadna
déag ó shoin, “ní mhúineann sé dada ach
Gaedhilg.” Na daoine céadna sin anois
agus daoine eile mar iad, deir siad, “níl
aon chúis leis an máighistir atá againn, ní
mhúineann sé Gaedhilg ar bith de rath.” Deir
siad é sin, thar éis go bhfuil Gaedhilg acu
féin chomh maith nó níos fearr ná tá ag aon
mháighistir is nár thugadar dá gclainn í.
Chaitheadar siod a n-oighrigheacht go
dreabhlashach, dosgudhach. Ac tá siad ri-
shásta ó fhéadfas siad a lámha a' nigheachán
agus an milleán ar fad a leagan ar dhuine
éigin eile.



CNEASDACHT.



Dá n-innsigheadh daoine den tsórt sin an
fhírinne b'fhearrde don tír é & b'fhearrde iad
féin freisin sa deireadh. Sé an rud is mó
a theastuigheas i nÉirinn fá láthair geanamh-
lacht & cneasdacht. Ní dhéanfadh an fhírinne
mórán dochair i n-am ar bith, agus, ar
uaireannta, shábháilfeadh sí mórán trioblóide
& mórán fola. Is iomdha cor i n-aghaidh cuir
& cam i n-aghaidh caim a tháinig i gceist i
n aimsir na nGall, nuair a bhí Gaedhil na tíre
ag iarraid iad féin a thárrtháil. I dtír a
bhíos i bhfad fá an-smacht coigcríoch is
iondamhail go bhfásann droch-bhéasa is na
daoine. Is cuid den mhoghsaine & den
sglábhaidheacht é. Bíonn siad bréagach,
bladarach, spleadhach. Ní hiongnadh go
dtolgfadh na Gaedhil cuid den ghalar & de
na droch-bhéasa le n-a fhad is bhí na Sasanaigh
a' déanamh máighistireacht orthu & rinne corr-
dhuine acu é. Ach nuair atá deireadh leis
an an-smacht & leis an moghsaine ba cheart
deireadh bheith leis na bréaga & leis an
spleádhchas.



NEAMH-SPLEÁDHCHAS.



Daoine sinn anois atá ar ar n-aghaidh féin,
agus ba cheart dúinn gníomh a dhéanamh ar
nós daoine a bheadh a' seasamh ar a n-aghaidh
féin & deireadh a chur le spleádhchas &
pleidhceáil. An áit a raibh bréaga, bladar
& faitchíos go dtí seo bu cheart cneasdacht
geanamhlacht & misneach a chur ina n-áit.
Nuair isé gnotha na ndaoine an tír a riaghladh
bu cheart dóibh a dhéanamh gan náire ná
faitchíos ná pleidhceáil ach an ceart a sheasamh
do' chuile fhear. Is measa an phleidhceáil
arís ná an faitchíos, mar is as laige intinne
a fhásas sí. “Tháinig mac mo dhearbhráthara
isteach 'un an tighe leis ag iarraidh orm
bhótáil dó, agus cé'n chaoi a bhféadfainn é
eiteachtáil. Seán Ó Floinn, fear a bhfuil
mé fá oibliogáid mhór aige, sgríobh sé chugam
ag iarradh orm an rud céadna a dhéanamh &
cé'n chaoi a gcuirfinn i m' aghaidh é. Beidh
neart bhótaí ar an taobh eile leis an bhfear
is fearr a chur isteach.” Sin é an bhail a
chuireas a lán daoine ar a ngnotha a' ceapadh
nach é a ngnotha féin é. Dá mbeadh fear i
mbaoghal báis an dochtúr is fearr san áit
sé a gcuirfeadh sé fios air, bu chuma leis más
mór beag a bhí sé leis. Ar an gcuma
chéadhna, dá mbeadh an fear sin a' toghadh
dochtúra do dhaoine eile is don fhear ab
fhearr bu chóir dhó a bhóta a thabhairt ba chuma
céard adéarfadh Seán Ó Floinn ná mac a
dhearbhráthara. Más gnotha daoine eile atá
ar láimh aige milleadh sé é má sé is fearr
leis, ach murb fhuil sé dearbhtha gurb eadh,
féachadh sé faoi & thairis & breathnuigheadh sé
an cás sul dá dtuga sé léim.



OIDEACHAS.



Nuair a bhí Sasana i gcogadh leis an
nGearmáinn, bhíodh na céadtha & na mílte dhá
n-íoc aici nach raibh a' déanamh aon cheo ach
a' cáineadh na Gearmáinne. Nuair a bhíodh
lide ar bith den fhírinne acu bhíodh sé
méadaighthe fá chéad, & maidir leis na
bréaga, bhíodar a' tigheacht gan chuimse
Nuair a chluinfeá an bhréag, an chéad iarraidh,
b'fhéidir nach dtiubhrfá leath-aird uirthi, ach
nuair a chluinfeá chéad uair í déarfá leat
féin sa deireadh go mb'fhéidir go raibh
roinnt mhór den fhírinne innti. Nuair a
chluinfeá í ó chainteoirí ag cruinnighthe
puiblidhe, nuair a léighfeá ar an bpáipéar í,
nuair a léighfeá ar sheacht bpáipéar í, nuair
a d'fheicfeá ar na pictiúracha í, nuair a
léighfeá í ar na foillseacháin & ar na billeoga
a bhíos dá gcraobhsgaoileadh go foirleathan i
measg an tsluaigh, bu mheabhrach, staidéarach
an duine thú nó cuirfidhe an dubh ar an
mbán duit. Is ceird ar leith a bheith i ndon
sin a dheanamh go maith, & sé an t-ainm a
tugtar ar an áidhbhéil & ar an gcumadóireacht
& an dathadóireacht & an dalladh mullóg
sin propaganda nó craobhsgaoileadh. Bhí
trí dhream go maith leis an gceird sin, siad
sin, Giúdaidhigh na sean-aimsire & Sasanacha
& Rúisigh na haimsire seo. Bu doiligh d'fhear
na fírinne seasamh ina haghaidh. Bu doiligh
d'fhear ar bith aon treoir a dhéanamh nuair a
bheadh an ceo draoidheachta sin dá chur ar
mearbhall. Níor mhór dhó foghluim a bheith
air & léigheann. Níor mhór dhó meadhchain a
bheith ann. Ach dá mhéad é cumhacht na
dathadoireachta tiocfa an lá a mbeidh meas
ar fhear inniste na fírinne.



NA TRÍ GHUIDHE.



Tá Éire anois mar bheadh fear a bheadh a'
brath tosaighe ar a aghaidh féin sa saoghal.
Siad na céad ruda a dhéanfadh
sé & a gheobhfadh sé na ruda is
mó a mbeadh sé ina gcall.
Nuair a bheadh an beart sin réidhtighthe aige
sé an rud is mó a mbeadh tóir aige air an
chéad rud eile a d'iarrfadh sé. Nó atá sí
mar bhí an fear & a bhean a bhí a' siubhal amach
ar casadh an fear bocht, beannaighthe dhóibh a
thug na trí ghuidhe dhóibh. D'iarr an bhean
putóg (nó ísbín) fola caorach. Ghuidh an
fear go ngreamhochadh sí dá sróin, & b'éigean
dóibh beirt a guidhe anuas arís. D'éirigh an
cleas céadna do Ghabha an tSuip nuair a
d'iarr sé neart iarainn, neart guail le n-a
théidheadh, cébi rud a theangmhochadh leis an
inneoin gan sgaradh léi go dtogruigheadh sé
a sgaoileadh, & sparán a bheith aige & cébi
céard a chuirfeadh sé ann isteach nach mbeadh
cead aige theacht amach as go dtogruigheadh
sé féin. Bhí gabha eile ann agus bhíodh gasúir
na háite a' goid ubhall uaidh & nuair a fuair
sé na trí ghuidhe séard d'iarr sé, cébi duine
a leagfadh lámh ar a chrann ubhall nach mbeadh
cead aige imtheacht go dtogruigheadh seisean
a leigean un bealaigh, & cébi duine a
shuidhfeadh ar a chathaoir nach bhféadfadh sé
éirghe aisti go dtugadh seisean cead dó.


L. 2


D'iarr gach duine acu an rud ba goire do
láthair. Dhíol siad a gcuid den tsaoghal seo
& den tsaoghal eile ar ísbín nó ar
bheagáinín ubhall nó ar an sásamh intinne a
bhéarfadh sé dhóibh duine nach dtaithneochadh
leo a chur ina shuidhe ar a gcathaoir gan cead
a bheith aige í a fhágáil gho leigidís a saint
amach air.



AICMÍ ÉAGSAMHLA.



Tá roinnt de mhuintir na hÉireann ar an
saoghal seo beagnach ar nós mar bhíodar sin.
A bputóg féin an chéad rud agus an rud is
mó atá a' déanamh imnidhe dá gach cuid acu,
sin, nó cead a bheith acu a saint a leigean
amach ar dhuine éigin nó ar dhream éigin nach
dtaithnigheann leo. Tá aicme lucht oibre
ann, aicme feilméaraí, aicme siopadóirí,
aicme gunnadóirí (nó fear gunna), aicme
alpairí talmhan, beag & mór, aicme lucht
airgid — & b'fheidir, sa gcás sin de, aicme
ollamhan féin, & ní léar d' aicme ar bith acu
ach a ngnó beag, suarach féin. Tá aicmí
eile freisin ann nach bhfuil ar an liosta seo
ach a casfar do na leightheoirí ina siubhal.
Beidh gach dream acu ag iarraidh iad féin
a chur un tosaigh, a' siúite le chéile & a'
tarraing i n-aghaidh a chéile go gcaithe siad
Éire ar fad siar is aniar ar chaoi nach mbeidh
maith ná maoin innti do chuid ar bith acu.
Má leigtear dóibh Éire a mhilleadh is cuma,
ina dhiaidh sin, cé'n chaoi a ndéanfar an
milleán a roinnt. Ach míle buidheachas le
Dia, tá neart daoine geanamhla i nÉirinn
leis an gceart a dhéanamh má fhághann siad
deis chomhthrom ar bith air.



BREITEAMHNAS.



Caithfimid breathnú fúinn & tharainn sa
gcás seo, maidir le riaghladh na tíre. Séard
a theastuigheas uainn i dtosach an tíodlacadh
is fearr ná gach tíodlacadh, sé sin, an
síothchán. Teastuigheann uainn Éire a bheith
Gaedhealach ó chuan go cuan an rud atámaid
a iarraidh ó tháinig ciall & cuimhne dhúinn,
teastuigheann uainn Críosdaigheacht &
cneasdacht & geanamhlacht a bheith is na daoine
mar bhí roimhe seo, teastuigheann forás a
bheith ar an tír & gach rud dá bhfuil innti, idir
foghluim, déantuis & saothrú na talmhan.
Teastuigheann cur un cinn a bheith sa tír le
slighe bheatha gheanamhail i nÉirinn istigh a
thabhairt dá gach duine a beirtear innti, agus
gan iad a leigean ar an bhfán i bhfad ó bhaile
a' tabhairt a' n-allais ar mhaithe le ríoghachtaí
eile.



Sé an rud nach dteastuigheann uainn lucht
oibre nach ndéanann aon obair, ná
feilméaraí nach ndéanann aon fheilméaracht,
ná fir ghunna nach ndéanann aon urchar a
chaitheamh ach le n-a muintir féin, ná ollamhain
nach ndéanann aon mhúnadh. Sé an fear is
lugha i nÉirinn a theastuigheas uainn an fear
ceirde nó an fear gnotha nó ar fear dáin
a thugas aire go ghnotha 'chuile dhuine eile
ach a ghnotha féin. Ach i dtosach ar 'chuile
dhuine eile, sé an fear is mó a bhfuil gnotha
againn de an fear fírinneach a insseóchas
an fhírinne do na daoine & nach gcuirfe amú
iad agus an fear cneasda a leanfas don
chóir & don cheart, & tá a chruthú le fhághail go
bhfuil a leitheidí ann. Féadfamaid muinghin
a bheith againn as a leitheidí sin.



FÉACH!



Bí cinnte & téirigh isteach go
bhfeice tú a bhfuil de



ÉADACH le h-aghaidh an Gheimhridh



Le díol go han-tsaor ag



TOMÁS MAC SUIBHNE,
I nGAILLIMH.



Ó HEIREAMHÓIN.



Carrannaí & gluaisteáin & gléas sochraide.



SRÁID EYRE NA GAILLIMHE.



TOMÁS PHEADAIR



Ba simplí an lánamhain iad Tomás Pheadair
agus a bhean Neansóg. Bhí siad éirge sheán
an uair sin agus a' dul san aois leanbaide,
ach an lá ab fearr a bhíodar ní raibh acu ach
cineál céille. Ní raibh aon duine clainne
acu. Bhíodh gasúir an bhaile a' déanam
timthireachta dóibh go minic. Is iomdha rud
a dhéanfadh gasúr roimhe seo ar phighinn, nó
an ghail den phópa, nó ar uibh lachan nó chirce
D'fhágaibh sin go mbíodh an t-aos óg go han-
mhinic i dteach Thomáis, mar go raibh sé féin
agus a bhean anonn i n-aois agus siad na
gasúir a thugadh rudaí beaga acu ón tsiopa,
a thugadh isteach uisge agus móin, agus a
sheóileadh an bhó agus a thugadh abhaile í. Bhí
sin ceart go leor, ach nuair a d'fhághadh siad
an fhaill is iomdha crostacht a ghníodh siad ar
an tsean-lánamhain chomh maith. Oidhche
amháin d'á raibh damhsa i dteach Sheáin Uí
Eibhrín, sa doras ag Tomás Pheadair, bhí na
gasúir chéadna sin chomh domlasta agus go
mb'éigin a gcur amach. Ní dheachadar i
bhfad, ach bhí a' leitiméaracht thart chois an
tighe, a' caitheamh dairteacha isteach ar na
fuinneóga agus ar an doras. Ar deireadh
d'éirigh fear an tighe feargach leo — thóbair
an tsúil a bhaint as le caorán móna — agus
chosgair sé thíos agus tuas iad mur nglanadh
siad leó go dtiormóchadh sé an tsuinc leó.
Bhí cosamhlacht air go raibh sé dhárírí, agus
dúbhairt na gasúir leó féin go mb'fhearr
teicheadh mhaith ná droch-sheasamh. Ba é
Marcuisín Mháire Thaidhg an fear ba sine acu
agus b'olc leis go gcuirfí chun teichte chomh
dona sin iad, agus dubhairt sé leis an
dream eile go gcaithfí meóin éigin a
fhéachaint leis an damhsa a bhriseadh suas.
Thoisigheadar a' díospóireacth eatorru féin
céard ab fhearr a dhéanamh le cosg a chur
leis an spóirt nuair a bhuail Marcuisín bos
ar a cheathramhain agus leig fead. “Seadh!”
ar seisean, “mo choinsias tá sé agam; ná
corruigheadh aon duine agaibh go dtige mé
ar m'ais.” Is gearr a bhí sé imthighthe gur phill
sé agus cat mór bán fá n'asgaill leis.
“Chuala me,” ar seisean, “go raibh pisíní
ag cat Sheáin Uí Eibhrín indé, agus go raibh
siad amuigh sa gcró: bí a fhios agam go
bhfuighinn an cat annsin agus fuaireas. Seo
í í annseo. Fághadh duine agaibh sean-sáspan
dom agus feicfe sibh spóirt ar ball beag.”
Fuarathas an sáspan agus cheangail Mar-
cuisín ar cheann an chait é i riocht agus nárbh
fhéidir léi tada a fheiceál. Annsin fuair sé
ceithre shliogán báirneach agus ghreamuigh le
tearra iad ar cheithre cosa an chait, agus bhí
réidh. Chuaidh sé anonn annsin go dtí
fuinneóg Thomáis Pheadair agus leig
isteach an cat go neamh-mhothuigheach ar phán
a bhí briste. Bhí bord taobh istigh den
fhuinneóg agus nuair a thoisigh an cat a'
siubhal air leis na sliogáin bháirneach shilfeá
gur beithidheach capaill a bhí ann leis an méid
torainn a bhí aige. Bhí Tomas sínte ar an
leabaid agus bhí Neansóg bhocht a' tuitim
i na codladh cois na teineadh. Ní raibh
lampa ná coinneal lasta, agus bhí an teach
dorcha, mar go raibh an teine beagnach
caithte. Dhearch an tsean-bhean ar an mbord
agus chonaic sí an rud aisteach, gan
chloigeann ar bith, a' siúbhal suas agus anuas,
é a' tógáil na gcos chomh hárd agus b'fhéidir
leis, agus dhá gcraitheadh ag iarraidh na
slíogáin a chaitheamh dhe. Chuir sí béic aisti
agus léim isteach sa leabaidh thar Thomas chomh
lúthmhar agus dá mbeadh sí i muinghín a fiche
bliadhain. “Nuair is cruaidh don chailligh
caithfe sí rith,” agus nuair is cruaidh dí caithfe
sí léim a chaitheamh chomh maith. Agus níor le
Neansóg ab fhailligh é.



Mhúsgail Tomás aniar nuair a d'airigh sé
an fothrom, agus d'fhiafruigh den tsean mhnaoi
céard a bhí uirthi. “Aru, a Thomháis, a
chroidhe istigh,” ar sise, “an bhfeiceann tú
rud ar bith? Dearc anonn ar an mbord.”
Dhearc Tomás anonn agus chonaic sé an rud
ar an mbord, agus is beag nár thuit mo
dhuine bocht i laige. “An measann tú a
Thomáis,” arsa Neansóg, i gcogar, “nach hé
an tÁidhbhirseóir atá ann, fíoghar na croiche
céasta orainn,” agus rinne sí comhartha na
croiche ar a baithis le n-a láimh chreathaigh.
“Níl cloigeann ar bith air, ach tá ruball,
agus sin í an chrúb sgoilte atá a' déanamh
an torainn ar an mbord. Tá ar gcnaipe
déanta dhá fhada go dtí é.” “Dar m'fhocal”
níl mé a' rádh ná go bhfuil an ceart agad,
arsa Tomás, agus is ar éigin a bhí sé i ndon
a anáil a tharraing, leis an gcaoi a raibh a
chroidhe a' dul amach ar a bhéal. “An bhfuil
aon deór uisge choisreagtha ins an teach?”
“Tá buidéal an uisge choisreagtha crochta
thall ar an mballa,” arsa Neansóg, “gabh
anonn agus fáigh é.” “An ag iarraidh mo
chur i mbealach mo bhasgta atá thú, a bhean,”
ar seisean; “dhéamhan agus fághaim ór na
cruinne anonn go dtí an balla rachainn ar
an moiméad a' chloig seo. Fan go dtéigh
—.” Plump! Tá an cat anuas de léim
ar an urlár agus shílfeá gurb é an teach a
thuit leis an torann a rinne na sliogáin
bháirneach ar na leacracha. Thoisigh an olann
a' téidheadh ar an mbeirt annsin dá
rírí. Bhí an cat a' déanamh anonn ar an
leabaidh agus an t-allagar ba bhoichte aige
dhá chur as dá dtáinig as béal aon rud
ariamh. D'éirigh Tomás de léim agus thug
an doras air féin. Bhí Neansóg ins na
sála aige. Níor fhan siad le toran a gcos
nó gur shroich siad teach Sheáin Uí Eibhrín.
Thuit Neansóg bhocht ina cnap i laige i mbéal
an dorais nuair a chonaic sí an solus. Ní
raibh Tomás balach chomh dona léi. D'fhuagair
sé amach go raibh an diabhal a' teacht ina
ndiaidh. Sin é an áit a raibh an rúille-búille
ag buachaillí agus ag cailíní a' baint na
sál dá chéile a' dul amach an doras, agus
mar bhuailfeá do dhá bhois faoi chéile ní
raibh duine de lucht an damhsa nach raibh a'
cur uisge as a chosa a' tarraing ar an
mbaile chomh teann, géar i nÉirinn agus
b'fhéidir leis cos a tharraing. Níor leig an
faitchios d'aon duine dul isteach go teach
Thomáis nó go raibh sé i na lá gheal, ghlégeal.
Chuaidh beirt no thriúr de na cómharsanna
isteach ar deireadh thiar, agus céard a
gheobhfaidís thuas ar an drisiúr, agus gac
soitheach dá raibh air briste aige, ach cat
Sheáin Uí Eibhrín. Níor leig an faitchios do
Mharcuisín dul ar a chuairt chuig Tomas
Pheadair nó chuig Seán Ó hEibhrín go ceann
leith-bhliadhna i n-a dhiaidh sin, mar gur sgeith
na gasúir eile air go mba é ba cionntach
leis an gclampar ar fad.



SEÁN Ó RUADHÁIN.



Más mian leat ROTHAR
maith a cheannach, nó más
mian leat deis a chur
ar an gceann atá agat,
téirigh go dtí



S. MAC AN BHÁIRD,
AN CHEARNÓG,
I nGAILLIMH.



ÉADACH GAEDHEALACH ar fheabhas le
fagháil ó



PHROINSIAS MHAC DHONNCHADHA & A CHOMH,
I nGaillimh.



A cuir dlúthas i gcomhnaidhe le déantás
na hÉireann a chur 'un cinn.



COLÁISDE NA HIOLSGOILE,
I nGAILLIMH.



Craobh de Iol-sgoil na hÉireann.



Árd-oideachas le fághail innti ar na hiol-
dántai, idir theangacha, ealadhain, trácht
& ceannaigheacht, ealadhain an leighis, seil-
bhéaracht, & Innealltóireacht.



Téarmaí gearra ar leith
fa chomhair oidí sgaoile.



Le gach uile ughdar a fhághail sgríobhtar ag
An MEABHRÁNAIDHE.


L. 3



TOMÁS Ó BIGÍN



Casadh an bás dom is mé a' dul go Tuaim,
Bhuail sé spáirn orm ar áit na mbonn,
D'fháisg mé barróg air fá n-a chum,
Dheamhan sin cnáimh dhe-san nár bhrúigh mé
fúm.



Aisling a tháinig dhom is mé in mo shuan,
Is 'réir mar facthas dom bhí mé i nguais;
Le méid mo sganartha gheit mé suas,
Agus bhí mé fastuighthe ag an mbás ar
chluais.



“Bíodh Ó Briain agad & Tighearna an Chláir,
Bíodh Ó Conchubhair 'ad is Domhnall árd,
Bíodh Lord Sligo 'ad is a mhaighre mná,
Ach fág 'do dhiaidh agam an muilleoir
bán.”



“Ní bheidh Lord Sligo agam ná a mhaighre mna,
Ní bheidh Ó Conchubhair agam ná Domhnall
árd,
Ní bheidh Ó Briain agam ná Tighearna an
Chláir
Ach beidh tú féin agam is an muilleoir
bán.”



“Dheamhan beann breáin agam ar bhás mar
thú,”
Mar dtigtá i bhfeall orm cheannsóchainn
thú,
Dá mbeadh mó shlainte agam ó Rí na
ndúl,
Bheitheá ar lár agam is nár éirighe tú.



“D'fhág mé an Gearaltach & ba saighdiúr e,
Leagfainn Sasanach dhá dtuilleadh é;
Le cumhacht fhlaitheas 'seadh do-ghním-se
sléacht,
Agus beidh tú féin agam ag éirghe lae.”



“A Mhaighdean Muire tá os ar gcionn go
hárd,
An bhfuil cuid impidhe 'ad ar Rí na ngrást,
Mar bhfuil an dram fuisgí agam féin le
fághail
Fág seal beag eile mé ar an saoghal
mar táim.”




(Ó shean-Tomás Breathnach, gabha, a
fuaireamar an t-amhrán seo. Má tá aon
cheathramha eile dhe ag aonduine cuiread sé
chugainn é — Fear an Stuic).



AN SEAN-TEACH.



A chuireadh ar bun i 1864.



Tae, Caife, fíonta, Uisge Beatha,
ar fheabhas



Ó LÉANACHÁIN,
AN CHEARNÓG, I NGAILLIMH.



AN “LUCÁNIA.”



Más maith leat ROTHAR MAITH a rinnead
nÉireann sgríobh chuig



DOMHNALL UA BUACHALLA
i Muigh nuadhat.



COLÁISTE IGNÁIDE NAOMHTHA.



(Cumann Íosa.) I NGAILLIMH.



Coláiste Idir-mheadhonac é seo a bhfuil
teagasg dá thabhairt ann ar na craobhracha
foghluma a chuireas duine i gcruth a dhul go
hIolsgoil nó a dul i n-éadan gnótha trácht-
cheannaigheachta. Aire ar leith dá tabhairt
do ghasúir óga. Páirc bháire ar chúlaibh an
tighe. Le gach uile ughdar a fhághail, sgríobh ag



AN AIRCHINNEACH.



T. Ó Flannagáin & Chlann Mhac.



Gach uile shórt gaibhnigheachta
agus innealtóireachta.



DÍOLTÓIRÍ ROTHAR. Cuirtear deis
ar rothair & ar ghunnaí.



SRÁID NA gCEANNUIDHE, i nGAILLIMH.



PÁDHRAIG ANIAR.



“Bog leat thusa anois chun do chuid oibre
féin,” adeir Pádhraig Aniar le Peaits Ó
Rodacháin; “agus uaidh seo amach ná feic
a bhfeicir agus na clois a gcloisir.” Ghlan
Peaits Leis. “Anois,” arsa-Pádhraig “ó
thárla an chistineach fúinn féin agus gurb é
File Chúl-druid an fear-léighinn innseócha sé
dhúinn fá na Fiannaibh Éireann.”



“Inneosad ma's cuimhneach liom,” arsan
file.



“Cé acu d'fiannaibh Éireann ab fhearr, cé
acu ba mheasa, cé acu ba mhó, cé acu ba
lugha, cé acu ba mhoille, cé acu ba luaithe,
cé acu ab airde, cé acu ab ísle?” arsa
Pádhraig Aniar.



“Fionn féin an sear ab fhearr acu”
adeir an file, “agus Dair Dubh ó Duib-
shliabh an duine ba mheasa dhíobh, óir níor
dhubhairt aon fhocal ariamh ach aithis no
imdheargadh re neach; agus an té do chífeadh
ar céadlongadh é, ní dhéanfadh a leas an lá
sin; ba é Fionn gan amhras an duine ba mhó
dhíobh, agus daolgús Mac Dubhghoile an duine
ab airde i bhFiannuigheacht, agus Mac Áine an
t-abhac beag an duine ba lugha, agus ab
ísle dhíobh: Lisfe leisgeamhail giolla teineadh
choire na hAlmhuine an duine ba moille dhíobh
óir, ba é siubhal lae samhraidh is mó dá
ndearna ariamh, teacht ón tobar atá i
ndoras na hAlmhuine go dtí n-a leabhaidh
féin a bhí i dtigh na bruighne; agus Liagán
Luaimneach ó Luachair Deaghaidh an duine ba
luaithe d'Fhiannaibh Éireann. Sin é fuasgladh
do cheiste.”



“Beir buaidh agus beannacht,” adeir
Pádhraig Aniar, “agus innis dúinn anois
céard iad na hiongnaidh is mó a bhí san
bhFeinn.



“Bhí óglách bodhar san bhFéinn,” arsa File
Chúl-druid,” agus níor dearnadh i bhFiann-
aigheacht ariamh laoi ná duain, nach mbeadh
de mheabhair aige. Bhí iongnadh eile san
bhFéinn, .i., óglách coise crainn, agus ní raibh
cú ná fiadh ná fear san bhFéinn nach bhfuigheadh
sé do thoradh a reatha. Bhí iongnadh eile acu
san bhFéinn freis .i. sleagh d'fhág Fiachra mac
Criomhthainn ag Fionn, agus ní dhéanadh
urchóid ar bith an uair teilgtí i ndiaigh a
reanna í, agus ní beó thigeadh aoinneach a
dteangmhaidh i ndiaigh a hurlainne.”



“Mo chuach thú!” arsa Pádhraig Aniar,”
agus innis dúinn anois céard iad na ceólta
ba bhinne leis an bhFéinn.”



“Ba bhinn leo,” adubhairt an file,
“foghar faoileann agus coigeadal corr
agus fuaim tuinne Tráigh-Lighe; agus abhrán
trí mac Meadhra; fead mhic Luighidh; dord
mhic Sgiraidh, sgeamhaoil na muc ar Mhaighe
Eithne, & guth na cuaiche an chéad mhí de
shamhradh. B'shin iad cuid de na ceólta ba
bhinne leo,” adeir an file.



“Ceól ba cheart a bhaint as bhur gcluasa,”
arsa guth taobh thiar den chomhluadar, “ná
dream ar bith atá nia suidhe an tráth seo
d'oidhche.” Dhearc na fir thart, agus cé
bheadh ann ach an mháthair-abba. Sguab gach
duine acu 'un bealaigh go beó tapaidh; agus
faoi láthair ar aon nós, fáfam an sgéal sin
mar tá sé.



“MAGH.”



LEABHAR NUA.



Sin leabhar beag deas .i. “Sochar &
Dochar” a tháinig amach le goirid. Peadar
Ó Catháin a sgríobh é. Tá sé rí-oireamhnach
le bheith dá léigheadh i sgoltacha & is le n-a
aghaidh sin a cuireadh i gcló é. Tá sgéalta
ann ar an saoghal a bhí i nÉirinn le naoi nó
deich de bhliadhanta. Tá Gaedhilg dheas sa
leabhar & í so-thuighthe ag lucht foghluma. Tá
an cineál focal ann go díreach a d'oirfeadh
dhóibh. Rud eile a chuireas barr feabhais ar
an leabhar, tá ceisneoir & foclóir leis. Is
congnamh mór a leitheid don té atá a'
foghluim. Tá corr-aimhriocht gramadaighe &
litrighthe sa leabhar ach is doiligh iad sin a
sheachaint le n-a liachta litriú & gramadach
atá ag imtheacht ar an saoghal seo. Comhlucht
Oideachais na hÉireann, Baile Átha Cliath
atá dhá fhoillsiú.



GLIOMACH PHÁIDÍN RUAIDH



Bhí sean-aithne ag na póilí ar Pháidin Ruadh,
ach dhá ainneoin sin bhí sé i ndon bob a
bhualadh orthu go minic.



Lá breágh i dtús an tSamhraidh bhí sé a'
teacht aníos bóthar an Chaltha agus gliomach
mór ina láimh aige. Casadh an sárgint air.



“Dia dhuit a Phádhraigh” ar san sárgint.



“Dia is Muire do d'onóir” arsa Páidín.



“Is breágh an plioma de ghliomach é sin
agad: A ndíolfá é?” ar sé.



“M'anamh gurab é a mbeadh uaim é”
adeir Páidín. “Tá mé ins a gcladach ó
d'éirig mé indiu agus tá mé leath-chaillte
leis an tart.”



“Cé mhéad a bhéas tú 'iarraidh air?”



“Trí sgilleacha, agus ní bhfuighthteá i do
shiúbhal lae margadh níos fearr.”



“Bhéarfa mé leath-choróin duit air” ar
san sárgint.



“Is cruaidh, deacair a shaothruigh mé fhéin
é” dúbhairt Páidín “ach bíodh sé agad. Is
fearr rud ar bith ná bheith fulaingt leis an
tart.”



Bhí an sárgint dul trasna an chuain agus
d'iarr sé ar Pháidín an gliomach a fhágáil
thuas ag an mbearraic. Sín sé chuige leath-
choróin.



“Go raibh maith ag d'onóir” arsa
Páidín a' tógáil na leath-chorónach agus a'
bailiú leis.



Bhí teach ósta ar a bhealach go dtí an
bearraic agus an inntinn chathughudhach ag
Páidín agus sí a leas-mháthair a thógfadh air
a thart a mhúchadh. Chas sé isteach den
bhóthar. Cé bheadh a' teacht amach roimhe (agus
é a' cuimilt a bhéil) ach fear de na póilí a
bhí pósta ag maighistreás sgoile taobh thíos
den bhearraic.



“Dia dhuit, a Phádhraig,” ar seisean.



“Dia is Muire do d'onóir,” adeir
Páidín.



“An le díol atá an gliomach sin agad?
bhéarfa mé leath-choróin duit air” arsan
póilí.



“Anois d'eitigh mé trí sgilleacha air”
arsa Páidín “ach seo, bíodh sé agad. Tá
mé sa gcladach ó mhaidin indiu agus tá mo
theanga bheag amuigh le tart.”



Tug sé dhó an leath-choróin. Dúbhairt sé
leis an gliomach fhágáil thíos ag an máighis-
treás agus d'imthigh leis go dtí an bearraic.



Chuaidh Páidín isteach gur choisg sé a thart,
agus mar is iondamhail, bhog an braon a
chroidhe go breágh, agus ba bheag leis a
bhféadfadh sé a dheanamh de mhaith ar a chomh-
chréatúr.



“Muise is fadó an lá” ar seisean “a
gheall mé gliomach don Athair Micheal: is
fearr dhom an ceann seo thabhairt chuige. Ní
móide go n-éireoch liom ceann chomh maith
leis fhágháil arís go luath” agus soir leis
ag tigh an tsagairt.



“Seo” ar seisean, le bean an tíghe
“gliomach le h-agha dinnéir an Athar
Micheál.”



Chuaidh an cailín suas an staighre gur innis
sí don tsagart fá bhronntanas Pháidín.



“Abair leis go bhfuilim an-bhuidheach
dhe” arsan sagart “Agus seo” — a'
líonadh cuirn fíona. “Tabhair chuige é seo.
Is dóigh go bhfuil a lá caithte ag an bhfear
bocht ag soláthar an ghliomaig sin.”



MÁIRE NÍ THUATHAIL.



Tá cultaí & cótaí móra nach
bhfuil sárú i na gcoinn ag



ANTOINE Ó RIAIN,
SRÁID NA SIOPAÍ,
I NGAILLIMH.



PROINSIAS MAC CONMARA
& A CHOMHLUCHT.



Díoltóirí & Reacadóirí



Tae, Fíonta & Beatha.



i nGAILLIMH.



Ní thig le aoinne a rádh nach bhfuil earradh
dúthchasach go leor annseo.


L. 4


AN T-ATHRÚ TIGH UÍ
CHLÉIRIGH



Tá Ó Cléirigh & Comh a' thabhairt cuiridh
dhuit a theacht go dtí n-a siopa go
bhfeice tú an lasgaine mhór atá siad a
thabhairt uathu in gach earradh, lasgaine
a bhéas le fágail uathu ar feadh
tuairim's ráithe fós. Ní féidir athrú a
chur ar gach roinn den earradhlainn ar
fad i gcuideacht, ach níl lá dá ngabhfa
thart nach bhfeice lasgaine éigin i ní
éigin dá tabhairt & éagsamhlacht earradh
dá cur ar fághail. Ar an gcuma seo,
sul dá dtí ibhfad beidh an Earradhlann
ar fad a' tigheacht de réir a chéile ar
an gCoimhrian Nua .i. SAOIRSE
EARRADH & MÉADÚ A n-ÉAGSAMH-
LACHTA.



TRÍ RUDA PEARSANTA A'BAINT
LEIS NA GNOTHA SEO.



Níl baint ná páirt ag Tigh Uí Chléirigh
le aon chomhlucht Sasanach, & is airgead
Éireannach — chuile phighinn de — atá dá
choinneál suas. Mar sin a bhí sé go
dtí seo: mar sin a bhéas.



Seo giota as díleagra a thug na
Ceannachóirí Tigh Uí Chléirigh don
Chinnire nua, Seán F. MagUidhir (a bhí
go dtí le goirid tigh Síl Broin i Sraith
Mhuirbhthean), a'fáiltiú roimhe: “Cuir
sé áthas mór orainn cloisteáil, an
tseachtmhain seo caitheadh, gur toghadh thú
ar lucht Cinnireachta Tige Uí Cléirigh
& a Chomh. mar Chinnire Tioncuir, & go
bhfuil na gnotha go hiomlán fá do
chomhairle & do choimhghliocas. Thaithin
sé linn freisin go mbeidh an coimhrian
nua seo i bhfeidhm, sé sin, Beagán
Brabaighe agus Díol & Ceannach ar
Airgead-síos, mar tá tú thar éis
innsean dúinn, & go bhfuil ordú tugtha
agad do do Cheannachóirí go gcaithfear
margaidh an domhain a chuartú leis an
Earradh is Nuacha & is Fearr a sholáthar.
Beidh aghaidh muintire na hÉireann ar
fad orainn mar gheall ar chomh saor &
tá ordaighthe agad dúinn a dhíol, &
déanfamaid den Earradhlainn álainn
seo deisimreacht d'fheara fáil ar an rud
is Ceannaigheacht Rathamhail ann. Sul
dá dtáinig tú féin, bhí eolus againn
ar do gheanamhlacht & do chineáltas don
mhuintir atá ag obair fút, agus déanfa
líon gnotha an tighe seo le dúthracht &
Ionnas a gcinn finne do chongnamh
dhuit leis an árd-chuspóir a chuir tú os
ar gcomhair a aimsiú.”



Seo giota teachtmhar as leitir a
cuireadh i n-éindigh le bronntanas a
thug cuid de Conghantóirí óga Tigh Síl
Broin do Sheán F. MagUidhir nuair a
bhí sé a' fágáil an tighe sin:



Gach rud ar thóig tú lámh os a chionn
d'éirigh leis thar bárr, & sé Teach Uí
Chléirigh an chraobh mhullaigh a bhéas orthu
ar fad. Ní bhéidh sa méid sin ach
luachsaothair ar a ndearna tú de mhaith
& de chineáltas. Is aoibhinn don líon
gnotha atá anois fán maighistir is fearr
& is cineálta dár cuireadh eolus riamh
air. Ba mhó ba cosmhail le Athair thú
ná Máighistir, & támaid a' cathú 'do
dhiaidh mar bheadh clann i ndiaidh a
n-athar. Glac, le do thoil, an corn
airgid seo mar sheod cuimhne.”



Ó CLÉIRIGH AGUS A CHOMH.,
TEORANTA,
SRÁID UÍ CHONAILL,
BAILE ÁTHA CLIATH.



Stortha an Mhalóidigh, i nGaillimh.



BRÓGA GAEDHEALACHA.



GACH RUD AR FHEABHAS.



SÍOLTA AR FHEABHAS,



Agus gach a dteastuigeann ón bhfeilméara



Le fagháil ó



MHAC OSGAIR,
I mBARR AN CHALTHA, I nGAILLIMH.





AN GAOTH ANIAR.



a sgríobh



Tomás Ó Máille.



le fághail ó



CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA
hÉIREANN.



Ceithre sgilleacha (glan) a luach.



Duine ar bith a dteastuigheann “An
Stoc” uaidh, nó ar mhaith leis fuagradh a chur
ann, sgríobhad sé ag an mbainisteoir .i.



An T-ATHAIR Ó CEALLAIGH,
Sráid Doimnic, a 23,
i nGaillimh.



Thríd an bposta 4/- sa mbliadhain
Thríd an bposta 2/- sa leithbhliadhain.



Maidir le gach ádhbhar sgríobhtha a theidheas
sa bpáipéar cuirtear sgéala ag



TOMÁS Ó MÁILLE,
Coláiste na hIolsgoile,
i nGaillimh.



AN STOC



IÚL, 1923.



AN TSRAITH BHUINN



Is i leabaidh a chéile a fhéadfas páipéar
Gaedhilge a bheith i n-oireamhaint do
'chuile chineál léightheoirí mar bhíos na páipéir
Ghallda. Is dócha go dtiocfa sin, & is leor
linn má ghnímid an bealach a réidhteach roimhe.
Leis sin a dhéanamh beidh dréachta againn ar
gach ní dár bhféidir ó lucht eoluis ó am go
ham, mar bhí sa Stoc deiridh ar chúpla neithe
& mar bhíodh sa sean-Stoc. Sa Stoc seo
beidh tuilleamh den chineál chéadna. Beidh
ceachta ar Éargna againn ó láimh eoluidhe.
Tig le gach duine atá i ndon a léighte na
ceachta sin a thuisgnit, agus má léigheann sé
gach ceacht beidh eolus aige ar an tsraith
bhuinn ar a bhfuil Éargna an lae indiu déanta
agus ar chuid mhaith den fhoirgneamh freisin.



Beidh againn freisin ceachta & ranna do
pháisdí & beidh Tír na nÓg (nó Tír na
hÓige) againn mar bhí cheana. Is i ndiaidh
a chéile is féidir gach rud acu sin a dhéanamh
mar tá ráidhte, agus atámaid ag iarraidh
chonganta ar 'chuile dhuine a fhéadfas a
thabhairt dúinn.



Dréacht ar bith atá le dul isteach i Stoc
an Lughnais, ní mór dhúinn é beith againn an
14adh lá de mhí an Iúil, nó roimhe. Ach
aonduine a bhfuil giota deas, taithneamhach
sgríobhtha aige chuireadh sé chugainn é uair
ar bith. Tá súil againn nach mbeidh an dara
cuireadh a' teastáil ó aonduine a chuirfeas
píosa chugainn a leitheid eile a chur a' triall
orainn gach mí.



Beidh sé le tabhairt fá deara go bhfuil
roinnt mhaith chló-lochta sa bpáipéar seo.
Nuair a déantar an chéad tsraith acu a
ghlanadh bíonn brat úr líonmhar go maith arís
ina n-áit. Mar déarfadh na sean-sgéalta
b'fhéidir go ndéanfaidhe an ceann deiridh
acu a ghlanadh dhá gcaithtí leo go ceann il-
iomad bliadhanta.



PÉIRE STOCAÍ



Cainteochamaid anois ar na stocaí.



Cur i gcás gur maith leat péire stocaí
sleamhna a dhéanamh a mbeidh méid chothrom
ionntu teastóchaidh timcheall le sé lúba
fichead ar 'ch aon bhiorán de thrí bioráin. Ní
mór dhuit ordlach go leith, nó mar sin, de
bhéal an stoca a chniteáil ina lúib shleamhain
agus lúb iompuighthe — nó dhá lúib-shleamhain
agus lúb iompuighthe mar thógróchas tu.
(Coinneócha sé seo an stoca ó fhilleadh ina
bhéal agus is amhlaidh is luighte a bhéas sé
ort). Annsin tosuigh dá chniteáil sleamhain
go mbí an timcheall cniteáilte adhad go dtí
aon lúb amháin. Déan an lúb seo iompuighthe
(Tugtar an lúb chúil uirthi, agus déantar
iompuighthe síos go bonn na sálach í). Lean
ort ag cniteáil na dtimcheall mar sin go
mbí dhá ordlach dhéag déanta agad. Cuir
an cúmhangadh ann annsin. Tosuigh an
timcheall. Cniteáil dá lúib. Cniteáil dhá
lúib i n-éinfheacht. Cniteáil an chuid eile
den timcheall sleamhain go dtí nach mbeidh
fágtha agad ach chúig lúb. Cniteáil dhá lúib
aca seo i n-einfheacht. Cniteáil dhá lúib eile
sleamhain, agus an lúb eile (an lúb chúil)
iompuighthe. Beidh aon cúmhangad amháin
agad ann annsin. Déan trí timchill anois
gan cúmhangadh. Cuir cúmhangadh eile sa
gceathramha timcheall, agus déan trí timchill
gan aon cúmhangadh. Lean ort dhá chúmhangadh
mar seo 'ch aon cheatramha timcheall go mbí
ocht gcumhangadh ar gach taobh den lúib chúil
agad. Déan sé hordlaigh de chniteáil
shleamhain, agus beidh an stoca déanta go
dtí an tsál agad.



Tóig an tsál mar seo:— Cniteáil trí lúba
fichead den chéad bhiorán, agus athruigh (go
dtí an biorán céadna ceithre lúba fichead dá
bhfuil ar an tríomhadh biorán. Beidh trí lúba
fichead ar gach taobh den lúb chúil annsin
agad. Seo í biorán na sálach. Roinn na
lúba a bhéas fágtha agad ar dhá bhiorán a
bhéas agad le hagha an tráicht arís.



Déan an tsál an dtús. Bein chugad ar
an stoca i gcaoi go mbeidh an snáithe ar
thaobh do láimhe deise, agus an taobh bun os
cionn den tsáil leat. Tóig an chéad lúb
(sé sin gan í chniteáil). Cuir do shnáithe
os cionn an bhioráin agus cniteáil ina lúib
iompuighthe go mbí a bhfuil ar an mbiorán
cniteáilte agad. Cas ar ais. Tóig an
chéad lúb. Cniteáil ina lúib shleamhain go
mbí siad uilig cniteáilte agad. Lean leat
mar seo go mbí gach le lúb ar doimhin ins
a tsáil agus tá ar leithead innti — a'
críochnú leis an gcniteáil iompuighthe. Caithfe
tú an lúb chúil a chúmhangadh as anois, agus
bonn na sálach a dheánamh sleamhain uaidh seo
amach.



Leis an tsáil a iompú: Cniteáil seacht
lúba fichead sleamhain agus dhá lúib eile i
n-éinfheacht. Cas ar ais. Cniteáil naoi
lúb iompuighthe agus dhá lúib i n-einfheacht.
Cas ar ais. Cniteáil naoi lúb shleamhain
agus dhá lúib i n-éinfheacht. Lean ort mar
sin go mbí na lúba ar fad cúmhangtha agad
agus gan fágtha agad ach deich lúb — dá
chríochnú leis na lúba iompuighthe. Cas ar
ais. Cnitheáil chúig lúb shleamhain agus tá
an tsál dúinte.



Cuir lúba an tráicht anois ar aon bhiorán
amháin. Tóig an biorán eile agus cniteáil
na chúig lúb a bhí fágtha dhe lúba na sálach,
agus trí lúba fichead ó thaobh na sálach. Leis
an darna biorán cniteáil lúba an tráicht.
Leis an tríomhadh biorán déan trí lúba
fichead ó thaobh na sálach agus cniteáil na
chúig lúb eile de lúba na sálach ar an
mbioraán céadhna. Cniteáil aon timcheall
amháin.



Cúmhangadh an tráicht: Tosuigh an timcheall
(ag lár buinn na sálach) agus cniteáil go
dtí nach mbeidh fágtha ar an mbiorán ach dhá
lúib. Cniteáil an dá lúib seo i n-éinfheacht.
Cniteáil na lúbha atá ar an darna biorán
(béal an tráicth) gan cúmhangadh. Ar an
tríomhadh biorán cniteáil an dá chéad lúib i
n-éinfheacht agus an chuid eile gan cúmhangadh.
Déan timcheall eile gan cúmhangadh. Lean
leat dhá chúmhangadh 'ch aon darna timcheall
go mbí an chéad bhiorán agus an tríomhadh
biorán taobh le trí lúba fichead an ceann.
Annsin cniteáil leat gan aon chúmhanghadh a


L. 5


chur ann go mbí sé hordlaigh déanta agad
ó thaobh na sálach. Ní mór tosuigh dhá
chúmhanghadh annsin arís ag barr an stoca.
Leis an mbarr a chúmhanghadh cniteáil an chéad
bhiorán go mbí na lúba cniteáilte agad go
dtí trí cinn. Cniteáil dhá lúib acu seo i
n-éinfheacht, & an ceann eile sleamhain. Ar
an darna biorán cniteáil lúb. Cniteáil
dhá lúib i n-einfheacht. Cniteáil na lúba
eile go dtí nach mbeidh fágtha ach trí lúba
Cniteáil dhá lúib aca sin i n-éinfheacht, agus
an lúb eile sleamhain. Ar an tríomhadh
biorán. Cniteáil lúb. Cniteáil dhá lúib i
n-éinfheacht & cniteáil an chuid eile acu
sleamhain. Cniteáil dhá thimcheall gan
cúmhangadh. Déan na trí timchill seo fá
thrí. Ina dhiaidh sin cúmhangaidh é 'c aon
darna timcheall go dtí nach mbeidh fágtha
agad ach ceithre lúba fichead insa timcheall.
Cuir na lúba atá ar an gcéad bhiorán isteach
leo seo ar an tríomhadh biorán agus dúin an
stoca.



An é fhuagháil a dhéanfas mé le n-a dhúnadh?
“Ó ní headh. Shil mé go raibh fhios agad
leis na lúba a leagan. Sín an dá bhiorán
le chéile, bíodh an snáithe ar thaobh do láimhe
deise. Annsin cniteáil dha lúib (lúib de
'ch aon bhiorán) i n-einfheacht. Cniteáil dhá
lúib eile (ceann de ch aon bhiorán), tarraing
an lúb seo thríd an lúib atá tú tar éis a
chniteáil agus mar sin de go mbí siad uilig
leagtha agad, bris an snáithe agus daingnidh
é i gcaoi nach sgeithfhe sé.



MÁIRE NÍ THUATHAIL




AN ATHCHUINGHE DHÉIGHEANACH



Táir ag imtheacht uaim, a leinbh, thar an
bhfarraige dhoimhin, liath,
Is ní fheicfead thú arís níos mó — Ó ní
fheicfead stór mo chroidhe!
Monuar, is mise tá fá bhrón — fá bhrón chomh
dubh le hoidhch';
Tá mo bhuachaill 'g imtheacht i mbárach, nuair
bhéas an ghrian 'na suidhe.



II.



Do shíleas uair, a leinbh, sul má rachá i bhfad
i gcéin
Go gcuirfeá ins an gcill mé chois do
dheirbhshiúr ngrádhmhar féin:
Thíos ins an tsean-chill an áit bhfuil sgáth na
gcrann —
Ach táir ag imtheacht úáim-sé, is, ar ndóigh
ní bhéidh tú ann.



III.



'Siad lámha coimhightheach' gan chroidhe a
leagfas mé chun suain,
Gan 'fhios agad i bhfad thar lear, a Shéamuis
dhil a ruain,
Ó, Dia linn, a mhuirnín, cé'n fáth a dtéighir
i gcéin
Go bhfeice tú do mháthair bhocht is í sínte ins
an gcré.



IV.



Tá mo chroidhe a' bhrisead a leinbh, ach ní cóir
dhom sin a rádh,
Mar is eol dam ón dobrón ort go bhfuil
t'anam féin dá chrádh.
D'iarras gan leigean orm dod' mhisniú ar
an ród,
Ach táir ag imtheacht uaim-sé, 'gus is gearr
go mbéad fá'n bhfód,
Ó, beannacht leat, a Shéamais, nach bhfillfe
tú arís,
Nuair bhéas tú id 'shean-fhear liath sa gcill
dod' leagan síos?
Thíos ins an tsean-chill an áit a bhfuil sgáth
na gcrann —
An domhan thar lear — a stór mo chroidhe, ní
fhéadfá codladh ann.




Uilliam Mac Cinnfhaolaidh do cum i
mBéarla. “Connla” do chuir Gaedhilg air.




BIADH SLIOGÁIN.



Biadh ríogh ruacain
Biadh tuataigh bairnigh
Biad caillighe faochain
Is í dhá bpiocadh le n-a snáthaid.




CEILPEADÓIREACHT I
GCONAMARA



Tá sé éasgaidh go leór cachairleach
(coirrleach) a bhaint i nglas-chúanta cineálta,
sé sin, giodáin a mbíonn fasgadh & dídean
déanta ón bhfairrge mhóir ag oileáin bheaga
nó ag sraith charraigreacha. An chabhailreach
bhíos a' fás annsin, ní bhíonn sé chómh téagrac
ná chomh reamhar leis an gcineál a bhíos a'
fás amuigh lé héadan an tsean-chladaigh nó
ar na carraigreacha fiadháine san áit mbíonn
sruthanna tréana na mara móire, agus a
mbíonn na tonntracha go síorruide a
coipeadh go fíochmhar colgach a' teacht aniar
ón áithbhéis choimhthigheach le luas lasrach, fá
n-a gcuid caipíní bána, ag ithe a chéile a'
teacht dóibh ar an tanaidhe & a' coimhlint lé
díoghaltas a imirt ar na háltracha dána
dubha, a' spréachadh fairrge cáithte sna
spéartha, & a' cur meall mór cúbhair ag
eiteall mar bheadh faoilleáin a bheadh ar lorg
éisg, lá gaoithe móire, torann na dtonn-
tracha sin mar bheadh toirneach a bheadh na
mílte míle i gcéin.



Bhí sé chomh héasgaidh an diabhal a
tharraing i ngreim iarbaill, lé croisín
cabhairlighe a tharraing in a leitheide sin de
áit. Cabhairleach na gcos dearg, seachain
í, nach iomdha croisín breágh péinne-dhearg
ar dearnadh flitirs di ariamh ina leitheid de
áit, nach iomdha osna & cnead a baineadh as
an dream a ruaig Cromuell as taltaí míne
réidhe na hÉireann, gur chuir sé siar ar
imeall na Fairrge Thiar iad, le beatha an
fhaoilleáin a bhaint amac a' troid leis an
teiscin mhóir, ag iarraidh maireachtála.



Tá sé an-deacair ar fad éadan a chur ar
leic chabhairlighe: má chuireann tú fuinneamh i
n-an-iomarca dhe, ní thairneochadh Goll Mac
Móirne í an lá b'fheárr a bhí sé ariamh. Ní
mór a dhul dó as éadan, duilleog san
iarraidh a bhaint ar dtús, gach dlaoi a
bhainfeas tú aireocha tú an forcán ag éirghe
den leic, & lean mar sin dó nó go mbí
sgian a' chroisín lán.



Is tuirseach, sáruighthe, curtha bhíos beirt
fhear nuair atá trí no ceathair de thonnaí
cabairlighe taobh istigh de bhéal báid acu, 'na
bheagán & na bheagán, “mar d'ith an cat an
measgán.” Ar feadh an achair a bhíos an
bád dhá luchtadh bíonn sé ar ancoire, & rud
eile dhe, ní mór í thaosgadh leis an ngalún
taosgtha go mion minic, mar thóigeas an
chabhairleach isteach go leor uisge.



Is trom an obair lucht cabhairlighe a líonadh
amach as bád mar bhíos sé go mór i n-
aimhréidh mar bhíos gach duilleog nó dlaoi
chúig nó sé de throighte ar fhad & tímcheall le
trí hordlaigh ar leithead & chomh tanaidh le
ribín & duine nach mbeadh cleachtach ar an
obair bhí sé chomh maith dhó dul a' taosgadh
na fairrge le lucht báid de chabhairleach a
líonadh, mar dúbhairt an sean-rádh “is
námhaid an cheird gan a fóghluim.”



Leath-tráigheanna a théigheas na báid amach
a' croisínteacht, & le linn dhá uair bheith
tuilte aige thagas siad ar ais.



Bíonn na bádoirí chomh fliuch nuair a thagas
siad ó thráigh chabhairlighe & dhá dtarraintí i
ndiaidh báid iad. Is breágh folláin an obair
í agus tá a aithshliocht ar an dréam tá 'na
bun, is beag na sgoilteacha, ná pianta
cnámh ná criotán, ná eiteann, a thaghas 'na
ngaobhar, agus rud eile, níl a dhuth ná a dhath
den díomhaoineas, den leisge, den
spadánthacht den chneámhaireacht ná den
ríméad ná den ghalldachas, a baint leó.
Atá na béasa sin 'na spréidh-mhóin ins na
háiteacha eile den dúthaigh a bhfuil fear
leisgeamhail agus madraí gliobacha a'
coiméad céadtha bulán ar mhachairí míne
réidhe, sínte siar san bhféar ó mhaidin go
hoidhche ar nós an tradhnaigh i leabaidh an
dream ar dhíbir Cromuell a sinnsir siar
go sléibhte agus go hoileáin an iarthair a
bheith a' treabhadh & a' fuirseadh, & a' baint
an toraidh chéadthaigh de na feilmneacha sin.
Ach mar deir an sean-fhocal, “níl lá dhá fhad
nach dtagann a thrathnóna.”



Baintear go leór den chabhairleach tirim,
freisin nuair thagas na rabhartaí móra amach
san samhradh & san bfhóghmhar. Téigheann na
báid amach ag na carraigreacha fiadháine, &
sin é an áit a mbíonn an obair. Ní fhanann
na badóirí go mbíonn an chabhairleach tirim
sé sin, go mbí sé na dhít-thráigh amach leóbh
go muinéal i bhfairrge & 'chaon slub-slab
acu a' romhar thríd an bhfairrge a' feannadh
leacracha lé corráin & lé sgeana ar nós
mar bheadh teine ar a gcraiceann; amannta
eile iad dá leagan & dhá mbasgadh ins an
gcladach achrannach aimhréidhteach, ach ní bhíonn
an deifir ná an choimhlint cheart orthu nó go
dtosaighe sé a' tuileadh. Sin í an uair a
thosaigheas siad a' cur isteach na cabhairlighe
ins na báid. Cuireann siad isteach í le na
'na ngabháil, lá téid & lá cliabh. An chuid di
bhíos i n-aice leis an mbád cuireann siad
isteach lé n-a ngabháil í, & an chuid bhíos
tamall uathu is le téid a chuireas siad
isteach í, ceann na téide a' chur amach fá'n
gcárnán & a' casadh timcheall air & sníomh a
chur uirthi, an fear san mbád an téad a
tharraing air, & an chabhairleach a caitheamh
isteach san mbád. Bhí sé chomh-mhaith dhuit nó
chomh héasgaidh ualach gainimh a líonadh i
ngad lé dul a' cur cabhairlighe isteach i
mbád lé píce.



(Tuilleadh le theacht).



“SOLAS.”



BRÓGA NA LAOI.



NA BRÓGA IS FEARR LE CEANNACH
Ag
SEÁN Ó LAIDHE,
I mBARR AN CHALTHA, I nGAILLIMH.



An Teach a bhfuil cliú air le haghaidh
Tae, Fíona, Biotáilte & Intreabh Tighe.



M. BREATHNACH,
SRÁID ÁRD, NA GAILLIMHE.



Níl aon tsiopa ins na cúigí a bhfuil níos mó
earraidhe Gaedhealach le fagháil ann ná ag



A. MOON, TEORANTA,



A dhíolas cultaí fear, hataí ban & gach aon
tsort éadaigh fheileas d'fhear, bean, nó
páisde.



FIORGÍONTA EGLIONTON, I NGAILLIMH.



FÁINNÍ



Má theastuigheann fáinní uait sgríobh
chugam-sa & cuirfead chugat leabhrán a
bhfuighe tú gach eolas i n-a dtaobh ann.
Taisbeánfa sé duit an chaoi le aigread
& aimsir a shábháil & trioblóid a sheachaint.



S. FALLER, I nGAILLIMH.



Tae, Fíonta, Biotáilte, Chuile Shórt ar
Fheabhas.



MICHEÁL BREATHNACH,
An Chearnóg, I nGAILLIMH.



Beidh ÉIRE láidir má bhíonn Clainne Gaedheal
láidir. Ithidís an fheoil is fearr agus
tá sí sin le fagháil ó



Ó FALLAMHAIN,
Sráid Gheata na Mainistreach, I nGAILLIMH.



Teach Ósta Mhic Chartha



An teach a raibh dídean ann do Fhianna Fáil
i n-aimsir an ghábhaidh, ní féidir a shárú fá
shócamhail.



LEITIR CEANNAINN,



Diarmuid Ó Donnabáin,



Gach saghas toradh, sgoth, milseán, &c.



SRÁID GEATA LIAM,
I nGAILLIMH.


L. 6


SGÉAL CHONAILL GHULBAN



(Seo sgéal a fuaireamar, roinnt
bhliadhanta ó shoin, ó Mhicheál Ó Allmhuráin,
píolóite, fear geanamhail as Innis Bó Finne.
— F. an Stuic).



Ba mhac é dho Niall na bhFiann, rí a bhí ar
Éirinn. Bí sé ina árd-rí ar Éirinn. Chuir
an Macaomh Mór as an domhan thoir sgéala
chuige. Sgríobh sé paicéid leitreach chuige
a' rádh leis trí daibhche óir a chuir anall chuige
nó go dtiocfadh sé féin agus go dtiubhradh
sé bruith agus losgadh ar a ríoghachta.



Nuair a chonaic Niall na bhFiann nach
bhféadfadh sé an méid sin a chur chuige,
chuaidh sé chomh fada le rí Alban agus
d'fhiafruigh sé dhe cad é'rd a dhéanfaidís
mar fuair rí Alban cuntas mar an gceádna.



Chuireadar a gcomhairle i dteannta a
céile. Dubhradar go mbu mhaith an ceart
dóibh a dhul agus troid a thabhairtin dó ina
ríoghachta féin.



Nuair a bhí Niall na bhFiann a' fágáil an
bhaile bhí tríúr mac aige. D'fhiafruigh sé dhen
mhac ba sine a bhfanfadh sé i gcionn na
ríoghachta. Dúbhairt sé nach bhfanfadh: An áit
a gcaillfidhe a athair go gcaillfidhe é fhéin
ann. D'fhiafruigh sé den dara mac, agus
dúbhairt sé mar an gcéadna. D'fhiafruigh
sé den tríomhadh mac agus dubhairt sé go
bhfanfadh, dá bhfághad sé an long bhreac le
haghaidh pléisiúir.



D'fhág sé an long bhreac aige le haghaidh
pléisiúir. Sheol sé leis chomh-fada le rí
Alban — é féin agus a chuid luingis & a chuid
airm. Sheol sé féin agus rí Alban dhon
domhan thoir 'triall ar an Macaomh Mór,
mac rí na Sorcha. Casadh isteach don
Ghréig iad. Chuireadar biadh i n-ionad a
chaithte, ór i n-ionad a bhronnta agus arm i
n-ionad a fhéachta. Thugadar a dtús dho
mhuir agus a ndeireadh do thír. D'árduigh
siad suas a gcuid seólta móra i mbarra
na gcúig gcrann. Níor fhágadar ádhbhar
gan síneadh, téad tíre gan tarraingt ná
falmadóir gan ró-bhriseadh Bhíodar a
treabhadh na fairrge falcanta, ro-dhoimhne
gur shlíocadar cuan agus caladh sa nGréig
Mhóir.



Tháinic cunntas ón gcaisleán céard a
bhíodar a iarraidh. Dúbhradar go rabhadar
a' dul le árd-chios chuig an Macaomh Mór.



Tháinic sin chucu amach an Deilbh Órmasach,
mac Iarla Charraig na Sgéith. D'ionn-
suigheadar a chéile mar dhá bheithir bheochta,
dhá leomhan ar losgadh, agus dhá tharbh
díleann. Tharraing sé amach a chlaidheamh
mór tábhachtach leathan, cúlreamhar, béal-
tanaidh, a raibh trí faobhair ann; teine ina
chúl, faobhar ina bhéal, gan fuigheall buille
ná béime, gach a bhfágadh sé de'n chéad
iarraidh go dtiubhradh sé leis den dara
hiarraidh é.



Sgríobh sé ar thaobh a chlaidhim gurb é fhéin
míol mara na bhfiann, fear choisgthe na bhfiach
sásadh chinn as a choimhéad beatha a bhaint den
domhan mhór agus nach leigfeadh sé a shásadh
chinn ná a choimhéad beatha le fear ar bith.



Chuaidh sé thríotha mar rachadh madadh gearr
thrí shluag caorach priachán dubh thrí shluagh
cearc, ná seabhac thrí ealta éanacha; go
ndearna sé trí chárna díobh — cárna dá
gcosa, cárna dá gceanna, agus cárna dá
gcuid airm agus éadaighe; agus go dtug
sé sgothadh na slad ar an bhfear deireannach.



D'ionnsuigheadar a chéile mar dhá
bheithir bheóchta, dhá leomhan ar losgadh,
dhá tharbh díleann go mba toradh (?)
tóra (?) tréine a cur an tsléibhe le
fánaidh gach sídheadh santach sáithte dá
mbaineadh na laoich agus na gaisgidhigh
as cích agus as creatacha a chéile go gcuiridís
ceithre ceatha díobh, cith teintí dá n-airm, cith
fola dá gcneasaibh, cith cailce dhá sgiatha
agus cith feirge dhá gcuid fiacal, go raibh
neoin agus deireadh an lae a' teannadh
leobh, go raibh aghaidh na gcearc ar an
bhfaradh, aghaidh na gcailleach ar an luaith, té
raibh teach aige, déanamh air agus an té nach
raibh a' déanamh eolais, go bhfacadar chucu
an phortalach foirleathan a raibh a thóin a bhfad
siar agus a bholg i bhfad aniar, go dtugadh
sé seacht gcnuic agus seacht ngleann agus
seacht gcoiscéimeanna dhá mbíodh ann le a
dtugadh sé dhe phéarsaí agus de ordlaigh
corra leis.



Ansan am ar fhágaibh Niall na bhFiann an
long bhreac ag Conall Gulban le haghaidh
pléisiúir, agus nuair a chonaic sé nach raibh
an t-athair a' tigheacht ar ais, dúbhairt sé go
mbu bhocht an sgéal dó gan compánach mná
a bheith i n-éinfheacht leis.



Bhí inghean ag rí Alban & bu í an bhean ba
bhreághacha a bhí ins dhomhan í, ins an am sin.



D'árduigh sé a sheólta ar an luing bhreac
go ndeacha sé go hAlbain. Bhí grianán
déanta ag a h-athair di agus trí chéad
saighdiúr dhá faireadh. Fuair sé cuntas go
raibh sí sa ngrianán. Nuair a shíl sé a dhul
chomh fada léi ní leigfeadh an t-arm dhó.
Chuaidh se 'un troda leis na trí chéad nó gur
mharbhuigh sé an fear deireannach.



Ní raibh aon doras ar an ngrianán ach aon
doras amháin a bhí os a chionn. Nuair a
chonaic sé nach raibh aon bhealach aige le dhul
isteach d'éirigh sé de léim árd acmhuinneach
go ndeacha sé i mullach an ghrianáin, agus
go dtug sé Lasair-Fhíon-dhearga leis ina dhá
láimh. “Anois” adúbhairt sí “ó tá tú in
do ghaisgidheach chomh maith sin, fan liomsa
annseo a' tabhairt aire dho ríoghachta m'athar.
Níl aon duine le breathnú na diaidh ach
mise.”



“Ní mó an sgéal ríoghachta d'athar a bheith
gan duine le breathnú na diaidh ná ríoghachta
m'athar fhéin. Caithfe tú tigheacht go hÉirinn
liom le breathnú siar ar ríoghachta m'athar
féin.”



Bhíodar a' siubhal chomh fada leis an luing
nuair adúbhairt sí dhá mbeadh fhios ag a cuid
airm do raibh sí dhá tabhairt un siubhal nach
leigfí leis í chomh réidh agus bhí.



Shuidh sí síos nó go dtaínic trí chéad chuige
— trí chéad airm. Mharbhuigh sé iad go dtí
an fear deireannach. “Tá ríoghachta m'athar
bán agad” adúbhairt sí. “Is tú féin is
ciontach” ar seisean. “Ní mharbhóchainn
aon fhear ach marach thú fhéin.” …



Tháinigeadar go h-Éirinn. Bhíodar a'
caitheamh an ama go breágh spóirteamhail go
dtí lá a ndeachadar a' siubhal le chéile.
Tháinic codhladh air — codladh gaisge. Dubhairt
sé léi go gcaithfeadh sé an codladh a chur
dhe san áit a dtáinic sé air.



D'fhiafruigh sí dhe cé'n codhladh is lúgha bhí
air. “Codladh dhá oidhche agus dhá lá, nó
codhladh seacht n-oidhche agus seacht lá.”
D'fhiafruigh sí dé a raibh aon tslighe le n-a
dhúiseacht dá dtigeadh duine ar bith a' cur
aon iargnó uirthi.



Dúbhairt sé go raibh: srian an Fhir Dhuibh a
tharraingt air a reóidhfeadh fuil, feoil, cnáimh
agus féith ann; agus mar ndúisigheadh sé
leis sin liagán mór cloiche a bhualadh air idir
a dhá shlinneán a chuirfheadh tonn dhe fhuil a
chroidhe thar a bhéal; agus mar ndúisigheadh sé
leis sin laidhricín a choise a ghearradh dhe le
n-a chlaidheamh féin. Mar ndúisigheadh sé
leis sin nach ndúiseóchadh sé go dtagadh buidhe
ar a ngréin lá'r n-a mháireach.



Shuidh sí fá n-a cheann, agus ní raibh sí i
bhfad ina suidhe nó go bhfaca sí an curachán
a' tigheachtain as a bhfairrge thiar — iomramh
céad uirthi agus gan inntí ach aon fhear
amháin. D'fheichead sí an domhan mór idir a
dhá chois agus ní fheiceadh si tada os cionn
mullach a chinn.



Shiubháil sé leis ón gcurachán. Nuair a
chonaic sí a' tigheacht é leig sí anuas a
gruag ar a héadan, mar shúil is nach
b'feicfeadh sé í. Thóig sé suas a folt
gruaige agus bhreathnuigh sé ar a héadan.
“Maith mar thárla. Níl géibheann dom a
dhul níos fuide. Bhí mé ar thóir Lasair Fhíon
dhearga, inghean rí Alban”: Anois
adúbhairt sé “níl géibheann dhom a dhul níor
fuide ar m'aistir.” “'Doile” adubhairt
sí dá bhfeictheá Lasair Fhíon-dhearga ní
bhreathnochá siar ormsa.”



“Dá bhfeicinn mná an domhain go
hiomlán ní fheicfinn aon bhean chomh breágh
leat” adúbhairt sé.



“Tá mise pósta,” adúbhairt sí, “agus
seo é m'fhear.”



“Má's fear maith é d'fhear ní leigfe sé
liomsa thú.”



“Dá mbeadh sé ina dhúiseacht ní
leigfeadh,” ar sise, “gan truíáil.”



“Bhfuil aon ghléas dúisighthe agad air?”
ar sé.



“Tá” adubairt sé: “Tarraing srian an
Fhir Dhuibh air,” ar sise “a reoidhfeas fuil,
feoil, cnáimh agus féith ann.”



Tharraing, agus níor dhúisigh.



“Buail an liagán mór cloiche atá annsin
thall idir bosa a dhá shlinneán air.”



Bhuail, agus níor dhúisigh. Chuir sé tonn
dhe fhuil a chroidhe thar a bhéal.



“Má bhí sé beo ar ball” adubhairt sé
“tá sé marbh anois.” “Gearr laidhricín a
choise deise dhe” ar sise.



Ghearr, agus níor dhúisigh.



“Ní dhúiseócha sé go dtaga buidhe ar an
ngréin amáireach. Cuirim ort geasa
anois,” adubhairt sí, gan baint ná páirt a
bheith agad liomsa go ceann lae is bliadna.”



Thóig sé ar a ghualainn í ina churachán leis.
Nuair a bhí sé ag imtheacht sgríobh sí as a
chuid fola dha mbu fear beo é féachaint a
ndéanfadh sé amach í sul dhá mbeadh an lá
is bliain istigh.



Nuair a dhúisigh sé fuair sé an méid
searbhóntaí a bhí sa gcaisleán cruinnighthe
thart air. Bhíodar a' caitheamh móna agus
gach aon tsórt salachair air go ndearnadar
cnoc os a chionn.



An chéad fhear a dtáinic sé suas leis nuair
a dhúisigh sé, bhuail sé de leadóg é agus
mharbhuigh sé é. An dara fear, d'iarr sé
cara agus coimirce air gan é mharbhú.
D'fhiafruigh sé cén t-ádhbhar a bhí acu dhá
dhéanamh sin.



“Mar gheall ar do bhean bhreagh a leigean
uait.”



“Bhfuil sí imthighthe uaim” adúbhairt sé.



“Tá, leis an bhfear is mó ar an domhan
a thug leis ar a ghualainn í. D'fhágaibh sí
leitir fa do cheann.”



Chuartuig sé an áit agus fuair sé an leitir
le cuntas fá na geasa a chuir sí ar an
bhfear mór.



Gléas sé a long. Chuaidh sé ar bord agus
níor stop sé agus níor chomhnuigh sé gur
bhain sé talamh na Gréige amach. Thug sé
feistiú bliadhna uirthi mar sh'il is nach mbeadh
sé ann ach aon oidhche amháin.



Shiubhail sé suas. Casadh sgológ dhó a
labhair leis, agus dúbhairt sé leis an sgolóig
dá mbeadh camán aige go ngabhfadh sé a'
báirtheóireacht i n-éinfheacht leis an gceathar
daoine uaisle bhí báirtheóireacht amach ón
gcúirt.



“Bhéarfa mise camán chugad” adúbhairt
sé “má sé do phléisiúr a dhul in n-einfheacht
leobh insa mbáire.”



Fuair sé an camán. D'fhosgail sé an
geata. Leag sé a chlaidheamh ag an ngeata.
Chuaidh sé isteach agus bhuail sé an liathróid
i n-éinfheacht le beirt acu, agus chuir sé amach
i mbéal báire í.



Thosuigheadar a' sgliúchas le chéile agus
dúbhairt sé leobh go ngabhfadh sé i n-aghaidh
an cheathar insa mbáire, ach go mbeadh buille
gan chosaint ag a bhfear a chuirfeadh an
liathróid thríd an mbéal báire.



Bhíodar sásta ar an sgéal.



Bhuail sé an liathroid le na chamán agus
chuir sé insan aer í. Níor sgar sé léi gur
chuir sé isteach thríd an mbéal báire í.



Tharruing sé an camán. Bhuail sé an
fear ba goire dhó agus mharbhuigh sé é le
buille den chamán.



Dubhairt an triúr eile go gcaithfeadh sé
imirt aríst. D'imir, agus chuir sé thríd
an mbéal báire í an ath-uair.



Bhí rí Inse Tuile agus rí na Gréige Móire
a' breathnú ar na daoine uaisle a' tuitim ach
ní fhaca siad iad ag éirghe.



“Imthigídh le seacht gcéad den arm”
adubhairt siad, “agus tugaidh chugainn an
t-achrannach 'bhfuil na daoine uaisle óga
marbh aige.”



Níor airigh sé an t-arm a' tigheacht nó gur
ghabhadar é — ar an talamh a raibh sé ann.
Cheangluigheadar é le crios a chlaidhimh fhéin
gur thugadar é i láthair rí na Gréige agus
rí Inse Tuile. D'orduigheadar é a chaitheamh
isteach i dteach na n-amhus (i. fir a bhí a'
coinneál tíghe le h-aghaidh príosúnach ar bith
a caithfidhe chucu le na dtarraingt ó chéile).
Nuair a caitheadh isteach é, phléasg an ceangal
a bhí ar a chosa agus ar a lámha. D'éirigh sé
ina shuidhe. Nuair a d'éirigh sé chuaidh na
hamhuis agus chuireadar bolta ar an doras.
D'éirigh seisean agus chuir sé an lúb air.



Rinneadar gáirí agus rinne seisean gáirí.



“Cén fáth do gháirí” ar siad-san.



“Gáirí le cuideachta,” adubhairt sé.



“Rinneamar-ne gáirí” adubhairt siad-
san “le bród ag ithe do chuid feóla agus
ag ól do chuid fola.”



“Ní le cóir ná le ceart a thabhairt daoibh
a tháinic mise annseo” adubhairt sé “ach
le cóir agus ceart a bhaint díbh.”



Tharraing sé a chlaidheamh agus thosuigh sé
a' sgothadh ceann. An chéad fhear ar bhain
sé an ceann de bhí an ceann ar an gcolainn
aríst. “Tá slighe éigin le n-a marbhadh,”
adubhairt sé “thar an gclaidheamh.” Fuair
sé greim ar an amhus óram (.i. an máigistir
a bhí orthu). D'ionnsuigh sé a' gabháil ar an
gcuid eile le n-a cholainn. Níl aon fhear
acu a bhuail sé leis nár fhan marbh. Ar a
láimh dheiridh ní raibh aige ach a dhá lorga.



Nuair a mharbhuigh sé an fear deireannach,
ghlan sé amach a theach. Chuaidh sé un na
coilleadh i gcoinne brosna. Rinne sé teine
mhíosa & ghríosach bliadhna. Shín sé síos le
hais na teineadh.



Dubhairt Rí an Gréige nach gcuala sé a
chuid amhns a' gáirí le bród an fhir a chaitheadh
chucu le n' ithe. Chuir sé spíodóir chomh fada
le n-a theac go bfeiceadh sé ce'n chríoch a
bhí air. Chuir sé a shúil ar pholl an ghlais.
Níorbh fhearr an cat ná an coiméad ag an
bhfear istigh. Nuair a chonaic sé é (.i. go
raibh sé chomh haireach) lean sé dhó & mharbhuigh
sé é.



Nuair a chonaic Rí na Gréige nach raibh aon
chuntas a' tigheacht chuige chuir sé Dubhnúch
Mhach a Feasa (.i. an fear a thug an camán
dó nuair a tháinig sé i dtír) le sgéala a
thabhairtin chuige. Nuair a chuaid Dubhnúch
chomh fada leis, bhreathnuigh sé thrí pholl an
ghlais & chonaic sé é ina chodladh ag an teinidh.
D'fhill sé ar a ais. Bhí a choiscéim ar a
chúlaí fá dhá choiscéim ar a aghaidh a' tigheacht
chomh fada le Rí na Gréige. “Tá an fear
ina chodladh,” adubhairt sé, ainneóin go mbu
crádh croidhe leis a rádh. Ach bhí faitchíos air
go marbhóchaidhe é féin.



“Téigidh,” adubhairt sé leis na seacht
gcéad saighdiúr, “& tugaidh chugam a
cheann.”



Chuadar & d'fhosglaigheadar an dorus & é
ina chodladh ar feadh an amha. “Anois,”
adubhairt Dubhnúch Mac a Feasa, “na
marbhuigidh an fear & é ina chodladh. Tá an
bhainríoghan óg le pósadh & má mharbhuigheann
sibh é ina chodladh tairneocha sé mallacht ar
an ríoghachta.



Thosaigh seisean a' brionglóidigh go raibh
sé dhá tharraing ó chéile ag dhá leomhan.
D'éirigh sé de léim as a chodladh. Nuair a
d'osgail sé a shúilí fuair sé seacht gcéad
saighdiúr ina thimcheall.



(Ar leanamhaint).



SEAN-FHOCLA.



Is furusda gabháil thar dhorus madaidh gan
fiacail.



Fanann an fear sona le séan ach tugann
an duine dona dubhléim.



Éist le fuaim na haibhne & gheobhfa tú
breac.



Caith an mhaith i láthair & gheobhfair amáireach
tuilleamh.



Is trom an rud cearc i bhfad.



Ní cloigeann gabhair é nach bhfuigheamais
babhta eile air.



NA FUAGARTHA



Ceannaigh earraidh ó lucht fuagarthá
sa Stoc. Is daoine geanamhla iad atá a'
cuidiú le cúis na Gaedhilge. Ina cheann sin,
tá tú dearbhtha luach do chuid airgid a fhagháil
go maith uathu.



Ar an gcuma sin, cuideocha tú leat féin
& le cúis na Gaedhilge.




DUB-FHOCAL



(3B38, R.I.A.)



Is giolla beag mé i láimh gach rígh,
Is bím a gcéim ag cléir is saoith,
Bím ar talamh is ar tuinn,
Is innsna spéartha a méadú foinn.



Is iomdha duine ar chuir mé strógh
'S ní lia nó m'euchta, ag brosdú gleó,
Gan ceann gan lámh, gan chos ná méar
Ithim 's ólaim le mo laodhar.



Tá mé balbh, bodhar gan ghlór,
Is insighim fíor is bréag go leór,
Bím mo sgraiste cinnte i gcúil
'S ní cluintear mé le fear gan súil.



'S más mór mo spré mo chéim 's mo dhóigh,
Tá mé fáothfaidh, is bíad go deóigh,
Má's maith le aon a bheith in mo dháil
Cuartaigheadh mé le taobh an fháil.



Ag tabhairt sgéil don tsaoghal ó'n bPápa
No ag bacaigh ina mála,
Ceirt ar ollaimh, is ar a ngaoil,
Cé hé tá balbh, is chuala an sgéal.



(Cleite gé nó peann).



DHÁ MHÍ DHÉAG NA BLIADHNA.



(3B38, R.I.A.)



Gionbhair fhruama, dorcha, duairc,
Feabhra fliuch gach lá neamh-shuairc.
Márta meirgeach, gaothmhar, cruaidh,
Abraon braonach, méighelioch, nua,
Bealtaine bhuadh-bhreith liughra laoigh
Mí-mheádhain méighreach is niamhraighe.
Biónn Iúl brothallach, biadh gann,
Lughnasa líonmhar láinteann.
Féil Mhichíl fial déantar stácaí,
Fuigheall Foghmhair buaintear 'tátaoi.
Samhuin shíthleach, díon bhur dtighthe,
Nodlaic oidhreach, déan ól 'r ithe.



T. Ó R.




AISTÍ.



AN TEACH A THÓIG SEÁN.



Sin é Seán. Sin é an teach a thóig Seán.
Sin é an sac a bhí sa teach a thóig Seán. Sin
í an luchóg a ghéarr an sac a bhí sa teach a
thóig Seán. Sin an cat mór bán a marbhuigh
an luchóg a gheéarr an sac a bhí sa teach a
thóig Seán. Sin í bó na h-adhairce caime a
chaith thár bhárr sgiobóil an cat mór bán a
mharbhuigh an luchóg a ghearr an sac a bhí sa
teach a thóig Seán Sin í an cáilín deas
uaighneach a bhligh bó na h-adhairse caime a
chaith a thár bhárr sgiobóil an cat mór bán a
mharbhuigh an luchóg a gheárr an sach a bhí sa
teach a thóig Seán.



Is mise,



MICHEÁL Mhac DONNCHADHA.



Leitir Mealláin, Conamara.



AN STOC.



ORDÚ.



Don



ATHAIR Ó CEALLAIGH,
Sráid Dominic,
NA GAILLIMHE.



A Chara,



Cuir chugham … cóipeanna
den STOC gach mí go ceann.



Ainm …



SEOLADH …



TOMÁS MAC SEINÍN



SRÁID DOIMINIC,
NA GAILLIMHE.



Togha na feola de gach cineál.



TEACH NA h-OLLA



SRÁID NA SIOPAÍ,
I NGAILLIMH.



Cuidigh le déantus na
hÉireann & sábháil airgead.



Cultaí ó 70/-
go dtí 130/-



MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,



Díoltóir leabhar & páipéar &c.



87, Sráid Uach. na Driseóige,
ÁTH CLIATH.



Ó CUIMÍN & Ó GREANAIGH,
15 SRÁID NA SIOPAÍ,
I nGAILLIMH.



An Teach is fearr le haghaidh gach
sórt



An teach is fearr le haghaidh gach sórt
trosgáin & déantúis iarrainn.



Dathanna, síolta, páipéar balla, &c.



Ó COIRBÍN & A MHAC



LÓN-CHEANNAIDHTHE
DÉANTÓIRÍ UISGÍ MIANAIGH



Gaillimh & Béal atha an Riogh.



S. YOUNG,



DÉANTÓIR UISGÍ MIANAIGH



CEANNAIDHE BIOTÁILTE & FÍONA



SRÁID MHUIRE NA GAILLIMHE.



DIARMUID Ó DONNABHAÍN



SEODÓIR & CLOADÓIR,



SRÁD LIAIM, NA GAILLIMHE.



CLOCHAR ÓIRD NAOMH URSULA, I
SLIGHEACH.



Oideachas i gcóir na hIolsgoile i gcóir
sgrúdú an idir-mheadhonaigh, na mbannc.
Cumann na gCeoltóir, I.S.M., Tráchtála,
Sgoláireachta Oideachais Náisiúnta, &c. Tá
sgoil tigheachais fá leith againn.


L. 8


Ar Mhaith Leat £5,000,000 a
Chimead in Eirinn?



Bheirid Gaedhil na hÉireann an carn mór
san airgidh gach bliain do Sheán Buidhe i
ngeall ar airgead Urradhais, ar Loscadh, ar
Thionóisc agus ar Shaoghal Daoine, agus
cailliúnt cheart d'Éirinn iseadh £80 a' gach
£100 de sin.



AN GAEDHEAL-CHOMHLUCHT TAIGHDE UM



URRADHAS NAISIUNTA, TEORANTA
(The Irish National Assurance Coy., Limited)



ARD OIFIG — 30 FAITHCHE AN
CHOLAISTE, ATH CLIATH



CUIDIGH LE DÉANTÚS NA
hÉIREANN.



TOMÁS PÁMAR & A CHOMH.



MUILTEOIRÍ PLÚIR,
I nGAILLIMH.



B. V. Ó HÉIMHIGH,
LÓN-CHEANNAIDHE,
GAILLIMH.



Gach rud ar fheabhas.



S. T. Ó COISDEALBHA,
AN CHEARNÓG,
GAILLIMH.



An fheoil is fearr le fághail aige.



P. O CAOMHÁNAIGH, Ph. C.
M.P.S.I.
SRÁID ÁRD,
NA GAILLIMHE.



Ó NÉILL & A CHOMH,
GAILLIMH.



Díoltóirí bróg & leathair.



Cuirtear deis ar bhrógaí an móiméad a
thagas siad isteach.



TEACH ÓSTA UÍ MHATHGHAMHNA
SRÁID FOSTER,
I nGAILLIMH.



Aoidheacht gan locht.



TOMÁS BREATHNACH,
LÓN-CHEANNAIDHE.



AN CHEARNÓG, I NGAILLIMH.



Teas-intreabh, Taoidhean-oibreacha, agus
Foirgneamh Tighthe.



ROIBÉARD MAC DOMHNAILL,
Sráid Doimnic, GAILLIMH.



Muiniú céin-sgéil:
“Plumbus,” Gaillimh



Bu cheart do gach Gaedhilgeoir i mBaile
Átha Cliath gan aon arán do cheannach
ach



ARÁN

CHINNÉIDE



AN T-ARÁN IS FEARR DÁ nDÉANTAR.



124 go dtí 131 SRÁID PHÁRNELL



Agus



BÁCÚS NAOIMH PHÁDRAIG,
BAILE ÁTHA CLIATH.



Guthán – 3141



CUMANN URRADAIS.



MHUINTIR NA hÉIREANN



Tá an teacht-ísteach anois os cionn £25,000



Tá téarmaí thar barr aca d'urradhas saoghail
agus d'urradhas-sealadach.



Tá Fir-ionaid uatha.



ÁRD OIFIG:



16 CEARNÓG PÁRNAIL,
ÁTH CLIATH.



AN HALLA LEIGHIS.



Sráid Geata Liaim & Sráid Doimnic,
na Gaillimhe.



Gach leigheas ar fheabhas & ar ghloine.



SEAN Ó FAOLÁIN, L.P.S.I., Poiticire



TOMÁS Ó CATHÁIN,



Lón-Cheannaidhe,



SRÁID NA SIOPAÍ,
I NGAILLIMH.



Biadh, Tae & Fíon ar fheabhas.



AR FÁGHAIL ANOIS



AN DARA CUR AMACH (AITH-
SGRÍDBHTHA).



FOCLÓIR GAEDHILGE LE
FUAIM GACH FOCAIL



A Chur I gCéill Don Leightheoir



SÉAMUS Ó DUIRINNE AGUS
PÁDRAIC Ó DÁLAIGH
A CHUIR LE CHÉILE



220 leathanaigh. Luach 2/6 glan tríd an
bposta 2/9.



Tá tuairim is 10,000 focal ann, na focail
atá i n-úsáid de ghnáth. Beidh an leabhar seo
i n-a cúl toraic don mhac léighinn, don
teastalaidhe & don duine ghníos thráchtáil in
áit ar bith a bhfuil Gaedhilge ar labairt ann.
Séard adeir “The Irish News,” go ndearna
Séamus Ó Duirinne & Pádraic Ó Dálaigh
rud le chúis na Gaedhilge a chur ar agaidh
nach ndearnadh ó sgríobh an tAthair Eoghan
Ó Gramhna a chuid leabhar.



COMLUCHT OIDEACHAIS NA
hÉIREANN TEORANTA.



89 Sráid Talbóid, Ath Cliath agus lucht
díolta leabhar fré chéile.



SÉAMUS Ó BÉACHÁIN



Ceannuidhe Guail & Iomchuróir.



SRÁID MHEADONACH, NA GAILLIMHE.



Tá an tae is fearr i gConnachta & go leor
neithe eile atá riachtanach le fagháil I dtigh



MHONICA NÍC DHONNCHADHA
SRÁID ÁRD NA GAILLIMHE.



Tá TEACH a bhfuil compóirt ann ag



SÉAMUS Ó LAIDHE,



SRÁID DOMINIC ÍOCHTAR NA GAILLIMHE.



“Togha gacha bidh & sean gacha dighe” aige.



Ceannuigh éadach ar bith theastuigheas uait
ag tigh …



THOMÁIS UÍ CHATHAIL,
I NGAILLIMH,



Áit a bhfuighe tú luach do chuid airgid.



Printed for the Publishers
At the “Connacht Tribune” Printing Works,
Market Street, Galway.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services