Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uimh. IV. Earrach, 1922

Title
Uimh. IV. Earrach, 1922
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1922
Publisher
Comhlucht na Firinne Catoilicighe

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SÍOLADÓIR



Irisleabhar Chumainn na Sagart
n-Gaedhealach.



CREIDEAMH
TEANGA
TÍR



Le fághail ó:



COMHLUCHT NA FÍRINNE CATOILICIGHE,
Sráid Uí Chonaill,
Baile Átha Cliath.



Ar n-a chur i gcló ag



MUINTIR UÍ CHATHAIL, TEO.,
Céibh Úrmhumhan Íocht.,
Baile Átha Cliath.


L. 166


CLÁR AN IRISLEABHAIR SEO.



BENEDICT XV., PÁPA — R.I.P. 167



CRÍOST MAC DÉ: CAIB. 11. — Eóin Baiste. An t-Athair
Peadar Ó Laoghaire, Canónach, do Scríobh. 169



FAOISDINÍ NAOIMH AUGUSTÍN — CAIB. I. — VI. D. Ó Súil-
leabháin d'aistrigh. 176



AN MÁIGHISTIR SCOILE. “Fear gan ainm” 182



TEACHTAIREACHT AN AINGIL. Donnchadh Ó Loingsigh 185



PRÁGA v. LOBHÁIN. An t-Athair P. E. Mac Fhinn, D. D. 187



SEANMÓIN AR COMAOINE NA CÁSGA. An t-Athair Pádraig
Ó Cathasa 189



DO'N CROIDHE RÓ-NAOMHTHA. Micheál Breanach d'aistrigh 193



LÁN NA CRUAICHE, 1921. “Tír an Áir” 194



SLÁN AN MHIC-LÉIGHINN. “Ridire” 197



OIDE MÚINTE NA MBOCHT — IV. An t-Ath. L. Ó hUallacháin,
do sholathair 198



SEANMÓIN AR RÍOCHT DÉ (ar lanúint). An t-Ath. L. Ó hUal-
lacháin, do sholathair. 199



DO'N MAIGHDEAN MUIRE 202



CUSTOS, QUID DE NOCTE? — III. D. Ó Loingsigh d'aistrigh
ó'n bhFrainncis 203



FÁILTE AN AINGIL. R. De R. 205



TUAIRISC NAOMH-TERÉISE I DTAOBH MNÁ-RÍALTA
NAOMHTHA — CAIB. XIII. “Leabhair na mBun.” An Br.
Colmán, O. D. C. 206



NÓTAÍ 210



LÉIRMHEAS LEABHAR 217



ÁR gCÁIRDE 219



CLÁR IOMLÁN IMLEABHAIR A DÓ 220



Curtar adhbhar liteardha ag triall ar an Eagarthóir, an t-Athair
R. Pléimionn, d. Ph., S. O., Sreath an Iarthair, 47, Áth Cliath.



Curtar airgead (síntús 10S. an bhlian, glan) ag triall ar an
mBainistéoir, Sráid Uinsionn Thuaidh, 7, Áth Cliath. Tá na seanuimhreacha
le fághail uaidh ar 2s. 6d. an ceann.


L. 167


AN SÍOLADÓIR



IML II. UIMH. IV. EARRACH, 1922.



BENEDICT XV., PÁPA - R.I.P.



Tá Pápa na síochána a's na misiúnach imthithe ar shlíghe na fírinne!
Tá an domhan mór fé bhrón da dheascaibh. Tá



“Cathaoir cómhairle Rómha na Réilteann”



gan a mór-bhreithamh. Tá uain is caoire an chró gan a n-aodhaire ceannsa
uasal dílis. Tá Eaglais Chríost gan a h-athair & a ceannuraidh. Sidiad
na bréithse ba dheirinnighe dár labhair sé ar an saol so “ofráilim-se
suas mé féin am' iodhbairt chun Dé ar son na síochána”! cá n-iongna na
cluiche caointe ón lucht deighmhéine atá fós ar an saol bhuartha sgriosta
so, ar imtheacht chun a áitribh siorruí uatha don bPápa Beannuithe a tháinig
fé ainim an Tighearna chúcha sé nó seacht de bhliantaibh roimis sin. Ar
theacht i gcoróin na h-Eaglaise do Ghiacomo de la Chiesa bhí cúrsai an
tsaoil ana-shuaithte buartha. Bhí na náisiúin ar sgórnaig a chéile, á
stracadh is á gcárnadh & á marbhú a chéile gan puinn cúise. Chuaidh na
slóighte dubha saighdiúiri ó ghach taobh isteach i bhfriothghuin an chatha a
dh'iarraidh a namhaid do chur ar neamhnidh; thar ceann na mion-náisiún
mar 'eadh! Do mhairbh an radarc uathbhásach san Pius X, an Pápa a bhí
ag stiúiriú & ag ainliú naomhóige Pheadair nuair a bhris an cogadh mór
amach. Ba throm an feadhm & ba mhór an cúram a cuireadh ar ghuailnibh
an Phápa nuaidh; go deimhin do fíoradh an tairngearacht úd ó Naomh
Maolmhóig i dtaobh an teidil fé leith a bhéadh ar fhear ionaid Chríost le línn
a réime .i. “Religio depopulata.” Níor chaill an Pápa nua puinn
aimsire sul ar thosnuigh sé ar na náisiúnaibh a bhí i gcogadh lena chéile do
tharrac amach ón gcoimhsgar & do mhealladh tharnais chun na síochána, &
chun an charadais & na dea' chómharsachta arís. Má theip air, níorbh' air
a bhí a locht. Ar lucht na politíocht & “ar lucht na saoirseachta” a bhí ag
séideadh fé sna státaibh móra ar gach taobh leanúint de'n chogadh ar
son saoirse na mion náisiún a bhí imbaol a caillte, tré cheilg nó tré
fhóirneart ón namhaid — ar an dá aicme san a bhí an locht nár tháinig an
Sos cogaidh ní ba luaithe ar an domhan ná mar a tháinig. Bhí mórán
cuspóir & innsinnt ag an dá thaobh á chur amach fó bhrághaid an t-saoil
i dtaobh cad chuige go ndeaghdar chun cogaidh. Níor ghéill an Pápa


L. 168


nuadh d'aon innsint ná d'aon chuspóir aca san uatha, níor thóg sé páirt
le h-éinne aca, cé gur dhein an dá thaobh a gcroide-dhicheall ar é tharrach
isteach lena chuid comhachta & feidhme spioradáltha ar a thaobh féin fé leith.
Chuir sé ina gcomhnuí iad & a gcuid cleasana ar neamhnídh. Óir chongaibh
sé é féin saor amach uatha. Dá bharra soin, choiméad sé Eaglais Dé
fé láimh shábháltha ó namhaid fiochmar na Críostuíochta. Ar a shon san,
níor fhan sé díomhaoin ná ina iománaidhe ar a' gclaidhe le linn an choimhs-
gair. Chabhruig sé leis na daoine bochta a bhí fé aindeise & fé
dhealbhas de thora an léirsgris a dhein an troid — transiit benefaciendo —
ar nós a mháighistir, le h-airgead & le h-eadarghabhálacht & le coimirce
thar ceann na gcime & na mbráighe ar gach taobh. Tháinig breis comhachta
& breis measa ar an Eaglais de bhárr a ghníortha.



Tá an cine daona curtha go mór fé chomaoin aige. Tá ana-bhrón &
dólás croidhe dá réir ar chách ar imtheacht dó uatha chun an Athar Síorruí
Dá mb'iad na tíortha págánacha féin iad, dhein a dheighthuisgint & a dheigh-
riar ana-mhaitheas dóibh. Tugadh ana-spréachamh do Chúis an Chreidimh
ionta i gcás go bhfuil meas air, & glacadh le Teagasc Chríost ag dul chun
cinn go tiugh imeasc na bpágánach in-aghaidh an lae. Ní deintí aon
iongna le linn an chogaidh do bheith ar siubhal de mhéid na n-aiscí & na
n-achuingí a thagadh ó Thír na dTurcach & na Seapáine & na Síne & na
n-Indiatha & óna lán tíortha ainchreidmheach eile chun na Rómha á iarraidh ar
an bPápa cabhair & coimirce. Chuir na Turcaig íomháigh an Phápa suas ar
shráid phrinsiopáltha Chonstantinópail cúpla blian ó shoin! Ní gádh
cur leis sin mar dheimhniú d'á bheartaibh — ní beag nod don eóluidhe.



Ní dheaghaidh aon pháirt den domhan i ndearmhad ná i gceilt ar a
chúram, fé mar ba dhual fir ionaid Chríost do é .i. servus servorum Dei —
bíodh go raibh sé féin san am gcéadna 'na phríosúnach sa Bhaitican tré
láimhláidir an Rialtais Iodálaig.



Maidir le cúrsaí politíochta & an chogaidh a bhí idir Éire & Sasana
bfhéidir gurbh' é an Pápa a b'fearr tuisgint dá raibh riamh ina shuidhe
ar Chathaoir Pheadair ina dtaobh. Pe'ca do b'é nó nárbh' é, bhí mórchion
aige ar mhuintir na h-Éirean. Chuir sé ana-shuim isna h-imtheachtaibh a thuit
amach anso le sé blianta anuas; agus ba gheal leis deire na troda
d'fheiscint sar ar éag sé. Is dócha gurbh' é an gníomh puiblidhe ba
dheirinnighe dár dhein sé ar an saol so a chómh-áthas lena chlainn spiora-
dáltha in Éirinn do chur in-iúil os cómhair an t-saoil i dtaobh an
chonnrthia a snaidhmeadh idir an dá náisiúnn. Nuair a bhí an cheist dá
suathadh & dá pléidhe san Dáil um Nodlaig & na teachtaí idir dá cheann
na meádha ciaca ghlacaidís leis an gconnradh nó ná glacaidís, léigh an
Pápa Aifreann ar son ár ndaoine á iarraidh ar Dhia na glóire solus
ó Neamh do thabhairt don “Chine thoghtha uasail” soin chun iad do sheoladh
ar shlighe na síochána & ar a leas.



Go dtugaidh Dia tora na comaoine sin don fhear naomhtha san as
ucht ar dhein sé ar son na cine daona.



Beati pacifici quoniam filii Dei vocabuntur.



M. Ó M.


L. 169


CRÍOST MAC DÉ.



An t-Áthair Peadar Ó Laoghaire, Canónach, do Scríobh.



[Fógarthar gach ceart ar cosnamh.]



CAIB. II. — EÓIN BAISTE.



Nuair a tháinig na h-Iúdaígh abhaile as an mbraighdineas ó Bhabilón
bhí treibh Lébhí, treibh na sagart, suarach go leór. Ach do cuireadh thar
n-ais iad chun cómhnuighthe ins na h-ineadaibh anso agus ansud, ar fuaid
na tíre, mar a raibh an treibh 'na gcómhnuighe, le h-órdú dlighe Mhaoise,
sar ar rugadh chun suibhail iad. Nuair a rainneadh an tír fé chrannchur,
ar chlainn Israéil, níor tugadh aon talamh do threibh Lébhí. Do tugadh
áiteana cómhnuighthe dhóibh agus ceartana áirighthe, i gcatharachaibh áirighthe
& bhí a mbeatha aca a' gnó an teampuil & as na h-ídhbirtíbh. Nuair a
thánadar abhaile as an mbraighdineas ní raibh puinn aca ann, ach níor
bh'fhada gur iomaduighdar. Nuair d'iomaduighdar d'imthighdar airís
amach a' cathair Ierúsalem & chuaidh gach cine dhíobh thar n-ais chun na h-áite
in-a raibh cómhnuighe ortha sar ar rugadh soir iad.



Do rainn an rí Dáibhid treibh Lébhí & dhein sé cheithre cualachta fichid
díobh & chuir sé, le crannchur, duinuasal áirighthe de'n treibh os cionn gach
cualachta, nú gach buidhne, dhíobh san. Abia ab' ainin do'n duinuasal a
cuireadh, leis an gcrannchur, os cionn na h-ochtmhadh cualachta des na
cheithre cualachtaibh fichid sin. Ansan bhí ar gach uasal des na cheithre
h-uaislibh fichid sin teacht, do réir uanuigheachta, agus a sheachtmhain
féinidh do thabhairt ag déanamh gnótha Dé sa teampul, nú sa n-áit ina
raibh an gnó san le déanamh, go dtí gur deineadh an teampul.



Nuair a bhí Héród ag druidim le deire a réime bhí Iebhíteach de
shliocht Abia 'na chómhnuighe i n-áit ná raibh abhfad ó chathair Hebron,
leasteas de Ierúsalem. Sacarias ab ainim do'n Iebhíteach san. Bhí
sé pósta ag mnaoi gurbh' ainim di Elisabet. Lánmha naomhtha ab eadh
an bheirt, & de threibh Lébhí ab eadh an bheirt. Bhíodar araon aosta go
maith agus b'é toil Dé ná raibh aon chlann acu.



Tháinig an t-am do Shacarias, do réir na h-uanuigheachta, chun é dhul
suas go dtí cathair Ierúsalem i gcaitheamh a sheachtmhaine ag déanamh
gnótha sagairt sa teampul i dteannta a chualachta. Ba ghnáth le gach
cualacht a ngnóthaí do rainnt eatartha le crannchur. Isé gnó do thuit
chun Sacarias leis an gcrannchur an uair sin 'ná bheith ag dógh na dúise.
B'shiné gnó dob' aoirde & ba sholmanta des na gnóthaíbh go léir a bhí ag
na sagartaibh le déanamh.



Ídhbirt ana-sholmanta ab eadh ídhbirt na túise, agus túis ana-
naomhtha iseadh do loisgtí sa n-ídhbirt sin. Ar altóir óir a deintí
an losgadh, agus bhí an altóir óir sin suidhte istigh sa n-áit naomhtha idir an
gcoinnleóir seacht mbeann & an bórd ar a mbíodh arán na fiadhnaise,
agus ní raibh ach aon bhrat amháin idir an áit naomhtha san agus an áit ró
naomhtha, an Sanctum Sanctorum. Sar a ndeintí ídhbirt na túise do
h-ullmhuightí an altóir & gach aon rud a bhain léi go h-ana-aireach. Do


L. 170


glantí na lóchrana agus do glantí an altóir agus do curtí teine nua
ar lasadh uirthi. Ansan thagadh an sagart isteach agus do dhruideadh na
pobul siar ins na póirsíbh, agus iad ag guidhe chun Dé go ciúin. Ansan
théigheadh an sagart isteach, in' aonar, sa n-áit naomhtha. Ansan do
thugadh priúnsa na sagart cómhartha uaidh. Nuair airigheadh sagart na
h-ídhbirte dhéanamh an cómhartha san do chaitheadh sé an túis ar an dteine
a bhíodh ar an altóir óir. Ansan do chromadh sé go h-íseal ar aghaidh na
h-áite ró naomhtha, an Sancta Sanctorum. Ansan d'imthigheadh sé amach
i ndiaidh a chúil, i dtreó ná h-iompóchadh sé a aghaidh ó'n altóir. Ansan
do buailtí clog agus thugadh an sagart a bheannacht do'n phobul. Ansan
do thosnuigheadh na Lebhítigh ar na duanaibh naomhtha do chanadh, agus deir
na sgríbhneóirí Rabinacha go mbíodh an ceól agus an ghuthuigheacht chómh binn
sin agus chómh láidir sin go n-airightí an foghar i gcathair Iericó!



Bíodh go ndeintí an ídhbirt sin dhá uair sa ló, ar maidin agus um
thráthnóna, agus go mbíodh tathaighe mhaith ag an bpobul ar an obair, ní
fhágadh san gan sgáth agus rainnt critheagla bheith ar na daoine le linn na
h-ídhbirte sin na túise. Óir tar cheann na ndaoine iseadh théigheadh an
sagart isteach sa n-áit naomhtha, agus figiúir ar ghuidhe an phobuil ab eadh
an losgadh san na túise. Ansan, bhí an chontabhairt mhór so sa ghnó.
Dá mba ná beadh guidhe na ndaoine taithneamhach i láthair Dé, nú dá
mba ná beadh an sagart taithneamhach i láthair Dé, ca bh'fhios ná go dtuit-
feadh fearg Dé an uair sin ar an sagart nú ar na daoine, nú ar idir
shagart agus daoine! Mar gheall ar an eagla san ní dheineadh an sagart
aon ríghneas gan teacht amach láithreach agus a bheannacht do chur ar an
bpobul chómh luath & bhíodh an ídhbirt déanta aige.



An lá seo a chuaidh Sacarias isteach sa n-áit naomhtha chun na túise
do dhógh do dhein sé a ghnó go maith go dtí go bhfuair sé an cómhartha ó'n
bpriúnsa agus gur chaith sé an túis ar an dteine a bhí ar lasadh ar an
altóir óir. Do las an túis & d'eirigh an deatach breágh cúmhra. Le
n-a linn sin do chonnaic Sacarias an t-aingeal 'n-a sheasamh ar dheis na
h-altórach. Tháinig sgannra ar Shacarias. Do labhair an t-aingeal.
“Ná bíodh eagla ort, a Shacarias,” ar seisean, “tá éistithe led' ghuidhe.
Geobhaidh do bhean, Elisabet, mac i n-a broinn agus tabharfir Eóin air
mar ainim, & beidh áthas agus gairdeachas ort, agus beidh áthas ar a lán
de bhárr é theacht ar an saoghal. Óir beidh sé mór i láthair Dé, agus ní
ólfidh sé fíon ná deoch meisgeamhail, & beidh sé lán de'n Spioraid Naomh ó
bhroinn a mháthar féin. Agus iompóchaidh sé a lán de chlainn Israéil ar
a dTighearna Dia. Agus gluaiseóchaidh sé roimis amach i spioraid agus
i gcómhacht Eliais, chun croidhthe na n-athar d'iompáil ar an gclainn, agus
chun lucht dí-chreidimh d'iompáil chun eagna na bhfíoraon, & pobul fíoraon
d'ullmhú do'n Tighearna.” Agus dubhairt Sacarias leis an aingeal
“Conus a bheidh a fhios san agam? Óir táim-se am' sheanduine agus tá
mo bhean ró-aosta.” Agus d'freagair an t-aingeal é agus dubhairt
se: “Mise Gabriél atá im' sheasamh i láthair Dé, agus do cuireadh mé
chun labhartha leat-sa agus na neithe seo do chraobhsgaoileadh dhuit. Agus
feuch, beidh tú gan cainnt agus ní fhéadfir labhairt go dtí an lá i n-a


L. 171


gcómlíonfar na neithe seo, toisg nár chreidis mo chainnt-se, cainnt a
thiocfidh chun cinn i n-a aimsir féinidh.”



Bhí an pobul amuich ag feitheamh. Nuair a fuaradar ná raibh Sacarias
ag teacht amach do thosnuigh eagla ar theacht ortha. Nuair a bhí an aimsir
ag imtheacht & gan é ag teacht amach do thosnuigh sgannra ar theacht ar na
daoine. Fé dheire nuair a tháinig sé amach bhí cuid acu i riocht dul i
laige leis an sgannra. Do luighduigh an sgannra nuair chonnacadar go
raibh sé beó. Ach níor imthigh an t-eagla, mar do chonacadar go raibh
sé ag crith & go raibh dath an bháis air. Bhí iongna & alltacht ortha, i dteann-
ta an eagla, nuair a fiafruigheadh de cad a chimeád istigh é & do fuaradar
ná raibh ar a chumas aon fhocal do labhairt, nár fhéad sé ach cómharthaí
sóird a dhéanamh, agus an creathán 'n-a bhallaibh beatha. Níor fhéad sé
aon chúntas a thabhairt dóibh ar an radharc a taisbeánadh dó ná ar chainnt
an árd-aingil leis.



Do chríochnuigh sé a ghnó sa teampul & d'imthigh sé ódheas abhaile chun a
thighe féinidh in-aice Hebron. Beagán aimsire 'na dhiaidh san do ghaibh
Elisabet gein 'na broinn, fé mar adubhairt an t-árdaingeal. Gein
mhic ab eadh an ghein sin, agus Eóin Baiste an mac san.



Sé mhí 'na dhiaidh san chuir Dia an t-árdaingeal céadna ar theach-
taireacht eile. Bhí baile beag suarach i nGaililí agus Nasaret ainim an
bhaile sin, agus bhí cailín ina cómhnuighe ann & Muire ab ainim di, & bhí
gaol gairid aici le h-Elisabet, bean Shacariair. Bhí an cailín sin luaidhte
le fear óg & Ióseph ab ainim do'n fhear óg san. Ó'n rí Dáibhid iseadh
do shíolruigh an bheirt, Muire & Ióseph. Ióacim ab ainm d'athair an
chailín agus Anna ab ainim d'á máthair. Bíodh gur ó'n rí uasal a
shíolruigh an bheirt bhíodar dealbh go leór. Ceárdaidhe ab eadh Ióseph.
Siúinéir ab eadh é. As an gcéird a bhaineadh sé a bheatha. A' saothar
a lámh a bhaineadh Íoacim & Anna a mbeatha, leis. Ach bhí Muire, an
inghean san Íoacim & Anna, ceapaithe ó'n síoruidheacht ag an Athair
Síoruidhe chun bheith 'n-a máthair ag Mac Dé, ag Slánuightheóir an domhain.
Agus is ag triall uirthi sin a tháinig ant-árdaingeal Gabriél, go dtí
Nasaret, sé mhí tar éis an lae úd a tháinig sé & thaisbeán sé é féin do
Shacarias, ar dheis altórach na túise, sa teampul, i gcathair Ierúsaleim.



Tá tobar i n-aice le Nasaret, ar an dtaobh thiar de'n bhaile bheag,
agus tobar Mhuire an ainim atá ar an dtobar san. Tá eaglais curtha
suas ag na Gréagaigh i n-aice an tobair sin i n-onóir do theachtaireacht
an aingil. Deir na Gréagaigh gur ag an dtobar san a bhí Muire nuair
a labhair an t-aingeal léi. Go ndeaghaidh sí chun an tobair sin a d'iarraidh
uisce agus gur ag an dtobar a thaisbeáin an t-aingeal é féin & a thug sé a
theachtaireacht di. Ach deir lucht eóluis ná fuil bunús diongabhálta leis
an sgéal sin. Gur istigh sa bhaile, i n-a seómra féinidh a bhí an cailín
nuair a tháinig an t-aingeal ag triall uirthi.



Do thaisbeáin sé é féin di & dubhairt sé na focail seo léi: — “Go
mbeannuighthear duit atá lán de ghrástaibh: tá an Tighearna ad' fhocair:
Is beannuighthe thú idir mhnáibh.” Agus nuair airigh sí é, do chuir an
chainnt buaireamh uirthi & bhí sí ag machtnamh ar cad é an saghas an beannú


L. 172


san, bhí sí ag machtnamh 'n-a h-aigne féin air. Ach do lean an t-aingeal
ar a chainnt: “Ná glac eagla, a Mhuire,” ar seisean, “óir tá grásta
fághalta agat i láthair Dé. Feuch, geóbhair gein ad' bhroinn agus béar-
fir mac & tabharfir Íosa mar ainim air. Beidh an mac san mór &
tabharfar Mac Dé Aoird air, agus tabharfidh an Tighearna Dia dhó an
chathaoir rí a bhí agá athair, ag Dáibhid, & beidh sé 'n-a rí i dteaghlach Iácóib
go deó agus ní bheidh deire le n-a rígheacht.” Agus dubhairt Muire
leis an aingeal: “Conus a bheidh san amhlaidh & gan aithne fir agam-sa?”



Bhí geallta aici do Dhia go bhfanfadh sí i n-a maighdin i gcaitheamh a
saoghail, agus bhí an cheist os cómhair a h-aigne, conus fhéadfadh sí an mac
san a bheith aici & í bheith 'n-a máthair aige, & sa n-am gcéadna, í dh'fhanmhaint
'n-a maighdin mar a bhí geallta aici do Dhia. Thug an t-aingeal freagra
ar an gceist a chuir sí chuige. D'innis sé dhi conus fhéadfadh súd a bheith
amhlaidh & gan aithne fir aici. Dubhairt sé léi: — “Túirliceóchaidh an
Spioraid Naomh ort & clúdóchaidh cómhacht Dé Aoird tú, agus d'a
bhrígh sin tabharfar ar an nGein naomhtha a thiocfidh uait Mac Dé. Agus
feuch, smí Elisabet, do shiúr, tá leanbh mic ar iompar aici, & í aosta,
agus sidé an sémhadh mí aici sin go dtugtar aimrid uirthi, óir ní bheidh
rádh ar bith nách féidir do Dhia.”



Ansan dubhairt Muire: “Feuch, mise cailín an Tighearna. Dein-
tear liom do réir t'fhocail.” Agus d'imthigh ant-aingeal uaithi. Nuair
adubhairt Muire an focal san “go ndeintear liom do réir t'fhocail,”
do ghlac Mac Dé colann daona istigh 'n-a broinn. Do ghlac an Tarna
Pearsa de'n Tríonóid ró-naomhtha fuil & feoil corp & anam mar atá ag
aon duine, & bhí sé istigh i mbroinn na Maighdine Muire, 'n-a ghein mhic ar
iompar aici, & í 'n-a máthair aige, do réir nádúra, go fírinneach, & sa
n-am gcéadna, í 'n-a maighdin go fírinneach, dílis, glan, gan aithne fir
aici, fé mar a bhí geallta aici do Dhia na glóire.



Níor chuir na neithe móra a dubhairt an t-aingeal léi féinidh fhiachaint
ar Mhuire dearmhad a dhéanamh de'n fhocal úd adubhairt an t-aingeal léi
i dtaobh a siúire Elisabet. Dubhairt an t-aingeal léi go raibh gein
mhic ar iompar ag Elisabet. Bhí áthas mór ar Mhuire nuair airigh sí
an focal san. Bhí fhios agá ngaoltaibh go léir go raibh Elisabet & Sacarias
aosta & ná raibh aon chlann riamh acu. Bhí fhios aici, agus agá ngaoltaibh,
go raibh a saoghal caithte acu ag guidhe chun Dé, ghá iarraidh ar Dhia, dá
mb'é a thoil naomhtha é, clann a thabhairt dóibh. Bhí fhios acu go raibh an
lánmha ró-aosta um an dtaca san chun aon chlainne bheith aca ach le
mírbhúilt ó Dhia.



Bhí fhios ag clainn Israéil, ó thusach aimsire, gur thug Dia an
gheallamhaint d'ár gcéad athair & d'ár gcéad mháthair go dtiocfadh an
t-AON úd ar a sliocht agus go mbrisfadh sé cómhacht an diabhail. Níor
mhiste, d'á bhrígh sin, do gach aon mhnaoi Iúdach súil a bheith aici gur ar a
sliocht féinidh a thiocfadh an t-AON san. Dubhairt Isáias go soiléir gur
maighdean a bheadh 'na máthair ag an Aon san. Ach do chaithfadh bean
éigin bheith 'n-a máthair ag an maighdin sin, & níor mhiste do gach aon mhnaoi
phósta, i gcaitheamh na h-aimsire go léir, bheith ag súil go mb'fhéidir gur


L. 173


ar a sliocht féinidh a bheadh an mhaighdean san. Agus do bhíodh an t-súil
sin aca go léir. D'á bhrígh sin, cúis bhróin ab eadh é d'aon chailín aon
nídh a thuitim amach di a chuirfadh fhiachaint uirthi bás a dh'fhagháil & í 'n-a
maighdin. Agus mar gheall ar an gcúis gcéadna, aithis ab eadh é d'aon
mhnaoi phósta gan aon chlann a bheith aici. Agus dá mbeadh bean phósta
mórán aimsire gan aon chlann a bheith aici agus ansan go dtabharfadh
Dia an chlann di, bheadh áthas mór uirthi féin agus ar a muinntir & ar a
gaoltaibh go léir.



Bhí an t-áthas san ar an Maighdin Muire mar gheall ar an eólus a
thug an t-aingeal di i dtaobh a siúire Elisabet. B'fhéidir gur thuig sí
níor mó 'ná mar a thuigimíd-ne a' cainnt an aingil. Bhí Mac Dé ar
iompar aici féin an uair sin. Bhí sé 'n-a mhac aici. Bhí sí 'n-a máthair
aige. Tá cainnt an aingil ana-dhoimhinn dúinne. Do thuig Muire an
chainnt ní b'fhearr ná mar a thuigimíd-ne í. B'fhéidir gur thuig sí cad
é an saghas gnótha a bheadh ag mac Elisabet le déanamh ag ullmhú an
t-saoghail do'n Mhac a bhí ar iompar aici féin an uair sin. Bhí áthas uirthi
mar gheall ar an aithis a bheith tógtha d'Elisabet. B'fhéidir gur mó
áthas nár bh'é sin a bhí uirthi mar gheall ar na neithibh móra a bhí ag an dá
mhac san le déanamh, d'á chéile & do'n chine daona, sa n-aimsir a bhí le
teacht. Gan amhras do thuig “Cailín an Tighearna” a' cainnt an aingil
mórán ná tuigimíd-ne as an gcainnt ar an gcéad amharc. Thug an
t-aingeal “lán de ghrástaibh” uirthi. Thug sé “beannuighthe idir mhnáibh”
uirthi. Do chuir an chainnt sin ag machtnamh í. Ba mhór an dá fhocal
cainnte iad. “Lán de ghrástaibh.” Sé sin go raibh oiread de ghrástaibh
Dé aici agus do b'fhéidir di a bheith aici. “Beannuighthe idir mhnáibh.”
'Sé sin go raibh sí beannuighthe ar chuma ná raibh aon bhean eile, riamh
roimis sin ná ó shin, beannuighthe. Do chuir an dá fhocal san ag machtnamh
í. Ní raibh a theachtaireacht tabhartha fós ag an aingeal di. Ní raibh
sé ach tar éis beannú dhi. Cad air go raibh sí ag machtnamh? Ar thuig
sí nár bh'fhéidir di bheith “lán de ghrástaibh” agus “beannuighthe idir
mhnaibh,” dá mbeadh aon easnamh ar na grástaibh a bhí inti. Bheadh easnamh
ar na grástaibh sin dá mbeadh ar chumas an áirseóra a rádh go raibh sí
riamh fé n-a láimh aige i bpeacha an t-sínsir. D'á bhrígh sin ní raibh. An
bhféadfadh an t-aingeal a rádh go raibh sí beannuighthe ar chuma ná raibh
aon bhean riamh roimhe sin beannuighthe, & ná beadh go deó, dá mbeadh ar
chumas an áirseóra a rádh go raibh sí tráth aige féin fé'n mallacht a bhí
ar an gcine daona go léir, go mór mór ar mhnáibh na cine daona go léir,
mar gheall ar pheaca na céad mhná? Ní fhéadfadh go deimhin. D'á
bhrígh sin ní raibh peaca na céad mhná riamh ar an mnaoi sin a bhí “beann-
uighthe idir mhnáibh.” Chuir an dá fhocal san ag machtnamh í. Níor
innis sí cad é an machtnamh a bhí aici 'á dhéanamh. Ar thuig sí go raibh
ráidhte ag an aingeal gur chruthuigh Dia í saor ó pheaca an t-sínsir? Má
thuig ní dubhairt sí aon fhocal a chuirfadh i n-iúil gur thuig. Ní dubhairt,
mar bhí a croidhe chómh lán de ghrásta na h-umhluigheachta & a bhí sé des
na grástaibh eile.



Tabhair fé ndeara an focal adeir an Soisgéalaidhe, Lúcás. Deir


L. 174


sé go raibh sí ag machtnamh ar cad é an saghas an beannú san. Ní deir
sé gur theastuigh uaithi a fhios a bheith aici cad é an saghas é. Ní deir mar
níor theastuigh. Dubhairt an t-aingeal dhá fhocal iongantacha, uathbhásacha,
léi, & bhí sí ag machtnamh ar an dá fhocal & ghá mbreithniú. Dá dteastuigh-
eadh uaithi a fhios a bheith aici cad é an saghas iad d'fhiafróchadh sí de'n
aingeal cad é an saghas iad. Níor chuir sí aon cheist chun an aingil 'n-a
dtaobh. Nuair nár chuir do lean an t-aingeal ar a chainnt. Gan
amhras do chuir an dá fhocal uathbhásacha san buaireamh ar an umhluigheacht
a bhí istigh 'n-a croidhe. “Ná glac eagla, a Mhuire,” arsan t-aingeal.
Cad é an t-eagla? Gan amhras do thuig sí gur ghradam árd d'aon
mhnaoi teachtaire ó Dhia na glóire do theacht chúichi & an moladh uathbhásach
úd a thabhairt di. Agus do thuig sí ná fuil aon nídh is contabhartaighe
do'n umhluigheacht ná moladh, & d'á mhéid agus d'á fhírinnighe é an moladh
gur b'eadh is mó an chontabhairt. Mar gheall ar a h-umhluigheacht do
chuir an moladh eagla uirthi. Chonaic an t-aingeal gur chuir. “Ná glac
eagla, a Mhuire,” ar seisean. Cad 'n-a thaobh nár cheart di eagla do
ghlacadh? “Óir tá grásta fághalta, agat i láthair Dé.” 'Sé sin le
rádh, “Ní baoghal duit-se an moladh mór so, mar tá greann ró-mhór ag
Dia na glóire ort. Tá grádh ró-mhór ag Dia dhuit & ní leigfidh an greann
san atá ag Dia ort & an grádh atá ag Dia dhuit, ní leigfid siad do'n
mholadh uathbhásach so aon dochar a dhéanamh duit. Tá an umhluigheacht
ró-fhíreanneach ionat & deinean an umhluigheacht san taithneamhach i láthair
Dé thu. D'á bhrígh sin, a Mhuire ná glac aon eagla.” Ansan d'innis
an t-aingeal a theachtaireacht. “Feuch,” ar seisean, “geóbhair gein
ad' bhroinn & béarfir mac & tabharfir Íosa mar ainim air. Beidh an
mac san mór, agus tabharfar Mac Dé Aoird air, & tabharfidh an
Tighearna Dia dhó an chathaoir rí a bhí ag á athair, Dáibhid, & beidh sé 'n-a
rí i dteaghlach Iácóib go deó: agus ní bheidh deire le n-a rígheacht.”



Ansan do chuir Muire ceist chun an aingil tapaidh go leór. Dubhairt
an t-aingeal go mbéarfadh sí mac. Bhí fhios aici go raibh geallta aici
do Dhia a saoghal do chaitheamh 'n-a maighdin. Do réir nádúra níor
bh'fhéidir di mac a bheith aici an fhaid a chimeádfadh sí an gheallamhaint sin.
Chuir sí an cheist chun an aingil: “Conus a bheidh san amhlaidh & gan aithne
fir agam-sa?”



Tabhair fé ndeara an deifrigheacht atá idir an gceist sin & an focal
úd adubhairt Sacarias. “Conus a bheidh a fhios san agam? Táim-se
im' sheanduine agus tá mo bhean ró-aosta.” Ba mhar a chéile an chainnt
sin & a rádh lom díreach, “Ca bh'fios dómh-sa an fíor an chainnt sin?”
Nú “Conus is féidir an chainnt sin do chreideamhaint?” Níor thais-
beán an cheist a chuir Muire chun an aingil aon easba creidimh. Ceist
ag lorg eóluis ab eadh an cheist. B'ionan an cheist agus: “Innis dam
conus a bheidh an mac san agam gan aithne fir a bheith agam?” Do
ghlac an t-aingeal an cheist sa chéill sin & thug sé dhi an t-eólus a bhí uaithi
“Túirliceóchaidh an Spioraid Naomh ort,” ar seisean, “agus clúdóchaidh
cómhacht Dé Aoird thú, & d'á bhrígh sin tabharfar ar an nGein naomhtha a
thiocfidh uait Mac Dé.”


L. 175


Bhí sé i gcoinnibh dlighe nádúra mac a bheith ag mnaoi gan aithne fir
aici. Bhí sé, & tá sé fós, i gcoinnibh nádúra, mac a bheith ag mnaoi ró-
aosta chun clainne bhreith, pé 'cu bheadh aithne fir aici nú ná beadh. Is le
mírbhúilt ó Dhia a fuair Elisabet mac a bheith aici, bíodh gur bh'é Sacarias
athair an mhic. Má ba mhírbhúilt ó Dia mac a bheith ag an maighdin ba
mhírbhúilt ó Dia, chómh fírinneach leis an mírbhúilt sin, mac a bheith ag
aimrid, bíodh nár mhar a chéile i n-uaisleacht an dá mhírbhúilt. Má
thaisbeáin mac ag an maighdin cómhacht Dé, do thaisbeáin mac ag aimrid
cómhacht Dé, leis. D'innis an t-aingeal do'n mhaighdin an mac a bheith
ar iompar ag an aimrid, agus gur le cómhacht Dé a bhí san amhlaidh, “oir
ní bheidh rádh ar bith nach féidir do Dhia.”



Ní chun aon bhreis nirt a chur i gcreideamh na Maighdine adubhairt
an t-aingeal an méid sin cainnte i dtaobh na h-aimride. Bhí dhá chúis
aige leis an gcainnt; chun an eóluis a thabhairt do'n mhaighdin i dtaobh a
siúire, Elisabet, & chun breis nirt a chur i gcreideamh na gCríostuidhthe
riamh ó shin.



Is ansan adubhairt Muire an focal úd “Mise cailín an Tighearna.
Deintear liom do réir t'fhocail,” agus go ghlac Mac Dé colann daona
istigh 'n-a broinn, agus d'imthigh an t-aingeal uaithi.



Ansan iseadh do comhlíonadh an focal úd adubhairt an fáidh Isáias,
breis & seacht gcéad blian roimis sin. “Iarr cómhartha ar an dTighearna,”
arsa Isáias leis an rí. “Ní iarrfad,” arsan rí. “Má 'seadh,” arsa
Isáias, “tabharfidh an Tighearna féinidh cómhartha uaidh. Béarfidh maigh-
dean mac &rl.” Ansan iseadh tháinig chun cinn fírinne na haislinge úd
a mhínigh Daniel fáidh do'n rí Nabucodonoser, 1 nuair a chonaic an rí sa
n-aisling an chloch a gearradh, gan lámha, amach a' cliathán an chnuic, &
gur bhuail an chloch san ins na troighthibh cré & iarainn, an íomháigh mhór
sgannramhail, i dtreó gur mionuigheadh na troighthe, & ansan gur mion-
uigheadh na luirgne iarainn, & na ceathramhna práis, agus an chabhail
airgid, agus an ceann mór óir, agus gur dhein luaithreach de'n íomháigh
agus gur sguab an ghaoth an luaithreach chun siubhail, agus gur dhein cnoc
mór de'n chloich agus gur líon sí an domhan go léir. Críost Mac Dé
an chloch san, & Críost Mac Dé an Mac san a rugadh ó'n Maighdin. Agus
eaglais Chríost an chloch san nuair a dh'fhás sí 'n-a sliabh agus do líon sí
an domhan go léir.



1 Daniel ii, 31.


L. 176


FAOISDINÍ NAOIMH AUGUSTÍN.



LEABHAR 1.



CAIBIDIL 1



GRÁDHANN SÉ MÓRDHACHT DÉ, AGUS IS MIAN LEIS É MHOLADH
AGUS GUIDHE CHUIGE.



1 Is ró-mhór É an Tighearna, agus is sár-mhór le moladh, Psailm
cxliv. Is ró-mór A chomhacht, agus níl aon teora le na eagnaidheacht
(Ps. cxlvi.). Agus fós a Thighearna, tá aigne ag an ndaonnaighe, atá
'na chuid ded' chruthú, chun Tú do mholadh: An daonnaighe 1 atá ag
iomchar a bhásmaracht na thimcheall mar fhinné gor dhein sé an peaca, agus
mar fhiadhnaise go ndiúltuigheann Tusa, a Thighearna, do lucht an uabhair
(Lucás i. 51), agus fós is mian leis an nduine Thú mholadh mar is cuid
de d' chruthu é.



Deanann Tú go taithneamhach do thú do mholadh mar do dhéanais
sinn duit féin, agus níl aon tsuaimhneas ag ár gcroidhthibh go dtéid chum
suain ionatsa. Tabhair dom a Thighearna eolas agus tuigsint chum
feasa d'fághail ciaca ag a bhfuil tosach guidhe chughat, nó Thú mholadh,
agus ciaca is córa do dhéanadh ar dtúis aithne do chur ort, no éigheamh
ort?



2. Acht cia hé a ghlaodhann ort agus gan eolas aige ort? Mar
mara mbeidheadh eolas aige ort, b'féidir go nglaodhfadh sé ar rud
éigin eile i T'ionadsa. Nó ná fuilimídh chum glaodhach ort chum aithne
do chur ort? Acht ciannos do ghlaoidhfid ar an TÉ ná géillid do?
Agus ciannos a chreidfid gan Seanmóiridhe? (Romh. x. 14). Agus an
mhuintir a raghadh ar lorg an Tighearna molfaid é (Ps. xx. 27).



Mar geóbhaidh na daoine É a raghaidh ar a lorg, agus molfaid an
mhuintir É a gheobhaidh É. Leig domsa dul ad lorg a Thighearna ag éigheamh
ort; agus ag géilleadh duit leig dom glaodhach ort, mar do déanadh Thú
do chraobhscaoileadh dhúinn a Thighearna; an Creideamh atá tugtha agat
dom, atá teagascuighthe ionam agat tre ioncholna do Mhic, tré chúram
do chraobhscaoileadóra, glaodhann sé ort.



1 Is minic do cualadh Daonnaighe. Nior bhuail liom duine ná daonnaighe; ní fheaca
duine ina daonnaighe.


L. 177


CAIBIDIL II.



TÁ DIA GO SÁR-DO-THUIGSEGHTHE.



Agus cianos do ghlaodhfad ar mo Dhia, mo Dhia agus mo Thighearna?
Mar chum guidhe nó glaodhach air, caithfead féachaint isteach ionam féin.
Agus cadé an tslíghe atá ionamsa, iona dtiocfadh mo Dhia isteach ionam,
Dia do dhéan Neamh agus Talamh? An bhfuil annsoin aon tslighe fair
sing a dhóithin ionam chum tusa do chongbháil a Thighearna, mo Dhia? Nó an
féidir, fiú amháin, le Neamh agus Talamh atá déanta agatsa, agus
ionar dheinis mise Thú chongbháil?



Nó an amhlaidh atá, ó nár bhféidir aon nídh dá bhfuil a bheith, i t-éag-
maise, gor b'éigeann do ghach nídh dá bhfuil Thú do chongbháil? Ó thárla go
bhfuilimse leis (i ré) cad fá go n-iaraim go dtiocfá-sa isteach ionam-sa
ná beidheadh i n-aonchor ann, muna mbeitheá-sa ionam? Mar nílim
anois chomh h-íseal le h-ifrionn, agus taoi-se fiú amháin annsoin leis,
mar má théidhim síos go h-ifrionn tá tusa láithreach ann (Ps. cxxxviii.).
Ar an adhbhar o mo Dhia, ní bheinn ann, ní leoghfhainn bheith i naon-chor ann
muna mbeitheá-sa ionam.



Nó, chum bheith cruinn, ní bheinn (ar an saoghal), muna mbeinn ionatsa,
óir is Uaitse, Tríotsa, agus Ionatsa, atáid na h-uile neithe (Romh. xi.
36).



Tá sé amlaidh a Thíghearna. Tá sé amlaidh.



Cad na thaobh annsoin go nglaodhaim Ort, ó thárla go bhfuilim ionat-
sa? Nó cad as go dtiocfá isteach ionam? Mar cá bhféadfad dul
liom féin lasmuigh de theorantaibh Neimhe agus Talmhan, go dtiocfadh
mo Dhia as isteach ionam, mo Dhia a dubhairt: líonaim Neamh agus Talamh
(Iaramias xv. 31).



CAIBIDIL III.



LÍONANN DIA NA h-UILE NEITHE AGUS NÍL AON RANNA ANN.



Annsoin an gcongbhuigheann Neamh agus Talamh Thú. Mar go líonan
Tú iad? Nó an líonan Tú iad, agus go bhfanann fuighleach díot?
Agus ca ngabhann tú leis an bhfuighleach díot d'fhanann taréis Neamh
agus Talamh do líonadh? Nó an bhfuil aon ghádh i n-aon-chor agat le
haon nídh chum do chongbhála a chongbhálann na h-uile neithe; mar na neithe
a líonan tú is le na gcongbháil a líonan Tú iad? Mar ná coimeádaid
na h-árthaistí atá lán díot suas Thú, do bhrígh dá mbristí iad ná doirt-
fidhe thusa.



Agus nuair a doirteadhthar amach orainne Thusa, ní thuiteann tú
anuas acht árduigheann Tu sinne suas. Ní scaipeadhthar Thusa acht
cruinnigheann Tú sinne le chéile.



2. Acht an líonan Tusa, a líonan na h-uile neithe, na h-uile neithe
seo leat féin go h-iomlán? Nó ó nách féidir le na h-uile neithe Thú go
léir do chongbháil, an gcongbhálaid acht cuid díot? Agus annsoin an


L. 178


gcongbhálaid go léir an chuid chéadna díot? Nó an amhlaidh a chong-
bhálaid neithe fé léith ranna fé leith dhíot, níos mó ag na ranna móra agus
níos lúgha ag na ranna beaga? Agus an bhfuil roinn díot níos mó
agus roinn níos lúgha? Nó an bhfuilir iomlán i ngach aon bhall, agus
fós ná fuil ar chumas aon níd Thusa do chongbháil go h-iomlán.



CAIBIDIL IV.



TÁ DIA IOMLÁN GAN TEORA AGUS NÍ FÉIDIR A MHOLADH I
NGAOBAR MAR BA CHEART.



Dá bhrígh sin cad é Thú mo Dhia? Cad eile d'fhéadfad a rádh acht
an Tighearna mo Dhia? Mar cia hÉ Dia acht an Tighearna, no cia hÉ
Dia acht ár nDia? (Ps. xvii. 32).



Thusa is aoirde, is fearr, is comhachtaidhe, is uile-chomhachtaidhe, is
mó trócaire, is mó ceart, is folaighthe (is mó atáb'fholach), is mó atá
láithreach, is áilne agus is neartmhaire, buan, do-thuigsionach, neamh-
atharruightheach, agus ag atharú na n-uile neithe, gan bheith riamh nuadh, gan
bheith go deo aosta, ag ath-nuadhachaint na n-uile neithe, agus ag déanadh
dream an uabhair aosta gan fhios dóibh féin, i gcomhnuidhe gnóthach agus i
gcomhnuidhe i d'shuaineas; fós ag bailiú (chúghat), gan bheith go deo
i n-easbadh, ag iomchar, ag líonadh. Ag cúmhdach na n-uile neithe; ag
cruthú, ag oileamhaint agus ag críochnú; ag cuardach agus fós gan
easbadh aon nídh ort. Grádhann Tú gan tinneas, taoi éadmhar gan neamh-
shuaineasacht; bíonn aithreachas ort gan buaidhreamh taoi feargach agus
fós i gcomhnuidhe go suaineasach — go minic ag atharú t-oibreacha gan
athrú choidhche ar t-intinn. Ath-ghabhann Tú agus faghann Tú, cia nár
chaillis aon nídh riamh. Nílir riamh i ngádhtar, agus fós bíonn tú sásta le
sochar. Nílir choidhche sanntach cia go bhfóiréigneann tú gnó. Tugaid
daoine bárraidheacht duit go mbeitheá fé chomaoin aca, acht cia aige go
bhfuil aon nídh nách leatsa? Díolann tú fiacha cia ná fuilir i luibh-istig 1
aoinne. Maitheann Tú fiacha gan pioc do chailleamhaint. Agus cad é
seo ar fad ar siubhal againn a Dhia, mo bheatha, m'aoibhneas milis bean-
nuighthe, nó cadé ar fad is féidir le h-aonne do rádh, nuair a thráchtann
thart? Agus is mairg don dream so ná h-abrann faic id mholadh mar
ná fuilid an dreamh is deagh-labhartha acht balbh.



CAIBIDIL V.



IS MIAN LEIS DUL CHUN RUAIN I NDIA.



1. Q.: Cia a bhéarfaidh dom dul chun suain ionatsa?



A.: Cia a bhronnfaidh go dtiocfá isteach am chroidhe agus é a mheisgiú,
go ndearmhadthóinn mo chionnta (cortha) agus go bhfáisginn lem' chroidhe
Thusa mo aon mhaith?


L. 179


Cad é an bhaint atá agam leat.



Cad é do bhaint liom?



Tugadh do thrócaire cead aighnis dom go n-inneósad cad é mo bhaint
leat, go gcurfá de gheasaibh orm thu do ghrádhú, agus go mbeidhir feargach
liom agus go mbagaruigheann Tú mío-ádh mór orm muna dtugad grádh
dhuit? An mío-ádh beag mar sin gan grádh do thabhairt duit?
A.! Ar son do thrócaire innis dom a Thighearna mo Dhia cad é mo chuid
díot. Abair le m'anam. Is mise do shlánú (Ps. cxii. 21).



Labhair i slíghe go gcloisfead. Féach táid cluasa mo chroidhe ar
t-aghaidh amach a Thighearna, oscail iad agus abair le m'anam is mise
do Shlánuigtheoir. Rithead indiaidh do ghutha, agus béarthad greim ort.
O 'ná foilig tAghaidh orm. Leig dom éagadh chum i' d'fheicsint de bhrígh
ná faghainn bás.



2. Tá árus mh'anma cúmhang. Déan-se é mhéadú, i slighe go nglac-
fadh sé thú. Tá sé na fhothraig mhillte; bíse toilteamhail chum é dheisiú.
Is fios dom agus admhuighim go bhfuilid istig ann an iomad neithe mío-
thaithneamach ad radharcsa, acht cia do ghlanfaidh é? Nó cia eile seachas
Thusa ar a nglaodhfadh ós árd “glan mé óm pheacaíbh foluighthe a Thighearna.
Agus ar son pheacaí dhaoine eile cosain do sheirbhíseach' (Ps. cxv,).



Creidim agus is ar an adhbhar soin a labhraim a Thighearna. Tá a
fhios agatsa gor dhéanas faoisdin leatsa a Thighearna am pheacaíbh am
aghaidh féin, agus gor mhaithis dom cuirptheacht mo chroidhe (Ps. xxv.).
Ní théidhim suas 's-anuas leat i mbreith-bhreith ós tusa an fhirínne, agus
níl aon aigne orm mé féin do mhealladh le h-eagla go mbeadh mo mhór
lochta neamh-fhírineach leo féin. Ar an adhbhar soin, nílim ag dul ag
agairt leatsa i mbreitheamhnachas, mar má chuireann tusa suim i mór
lochta a Thighearna cia d'fheadfaidh é fulang? (Ps. cxxix. 3).



CAIBIDIL VI.



AG CUR SÍOS AR A NAOIDEANACHT AGUS AR NA TABHARTHAISTÍ
A FUAIR SÉ O DHIA LEIS AN LINN SIN.



1. Acht fós leig domhsa, ná fuil ionam acht smúid agus luaith,
labhairt i gcluasaibh do thrócaire; tabhair dom cead aighnis, mar féach
is led' thrócaire do labhraim, agus ní le fear do b'féidir a bheidheadh ag
déanamh fonóide fúm; agus b'féidir go bhfuilir-se leis ag gáiridhe
fúm fé láthair, acht i n-am mhaith (fós) iompóchaidh Tú chúgham le truaighbhéil.
Agus cad é a déarfainn a Thighearna mo Dhia, acht nác bhfuil ar chumas
mo bhaothamhlachta fios do thabhairt dom ciannos 'ná cad as go dtánga
ar dtúis annso chum na beatha báis seo (an mbaistead air), nó an bháis
bheathadh.



Agus féach d'fhriotháil sóláis do thrócaire cneasda me láithreach
bonn. Do réir mar a fuaireas eolas (óm athair agus óm mhathair) ó
athair agus ó mháthair mo cholna na daoine gor tríotha agus ionta do
chumais me i nam; mar nách cuimhin liom aon nídh na thaoibh. Do


L. 180


h-ollmhuigheadh dom annsoin mar shóláistí bainne (cíoch) mná; ní lúgha
'ná líonadar mo mháthair 'ná mo bhanaltraidhe a gcíocha féin, acht is
Tusa a Thighearna do thug domhsa tríotha súd. Biadh mo naoidheacht, do
réir t-órduighthe agus saidhbhreas do thabharthais do shroicheann (shroiseann)
fiú amháin na neithe is suaraighe. Do thugais dom ale's do bhuadh, gan mo
shúil do chur tar mo chuid, agus dóibh seo d'oil me buadh chum bheith toil-
theanach an nídh do bhronnais ortha do bhronnadh ormsa, mar do b'aoibhin
leo tré chion a bhí riaghlaighthe ag do dheónú sa, an nídh do bhronnais ortha go
flúirseach do thabhairt domhsa. Badh mhaith an rud dóibh go bhfuaireas an
mhaith seo uatha, rud go deimhin, ná fuaireas uatha acht tríotha.



Mar is Uaitse, a Thighearna, atá an uile mhaitheas, agus is uaitse a
Dhia mo shlánú go h-iomlán, nídh atá foghlumtha agam ó shoin tré do ghuth
curtha i n-umhail dom tré na neithe seo a bhronnais orm leastig agus
leasmuigh: Mar san am úd do b'eól dom connáthairt (diúl)
agus bheith sásta leis an nídh so bhí taithneamhach leis an gcholainn, agus
gol nuair bhíodh buaidhreamh orm, gan aon nídh eile.



Na dhiaidh so do thosnuigheas ar bheith ag leamh-gháiridhe, agus ag
gáiridhe, ar dtúis am chodhladh agus annsoin am dhúiseacht. Innistear
so orm féin agus creidim é, mar chídhmíd gurab é an scéal céadna é
ag naoidheanaibh eile, acht ní cuimhin liom pioc dar bhain dom féin.



2. Agus féach do thosnuigheas, i ndiaidh a chéile, ara thabhairt fé ndeara
cá rabhas agus do theastuig uaim mo mhianta do chur i n-umhail dóibh súid
d'fhéadfadh iad a shásamh nídh ná féadfainn-se; mar bhíodar mo mhianta
leastig & leasmuigh dhíom, ná ní fheadfadh aon chuid dá mbrígh dul
isteach i m'anam.



Dá bhrígh sin do dheininn geáitsí agus geóin mar chómharthaí chum mo
ghábhaidh do chur i n-umhail, an beagán a b'fhéidir liom, agus fé mar
d'féadainn, mar is beag an deallramh do bhí aco san leis na cómharthaí-
sóirt a dheininn: agus nuair ná déantaí mo thoil do shásam, pe aca an
amhlaidh na tuigtí mé, nó mar go mbíodh an rúd ba mhian liom d'fhághailt
díoghbhálach dom, bhíodh fearg orm ná bídís mo sheanóirí fé smacht agam,
agus ná rabhadar daoine saor n-a mogha agam, agus annsoin bhínn ag gol
mar dhúbha-olc ortha, seo mar fhaghainn naoidhin eile, agus thaisbeanadar
so dhom i gan-fhios dóibh féin, gor bh'amhlaidh dom féin, i bhfad ní b'fearr
ná eolas óm banaltroidhe.



3. Agus féach: Is fada dom naoidheacht caillthe, agus táim féin
beo. Acht Thusa, a Thighearna, taoi beo i gcomnuidhe agus ní fhaghann aon
níd bás ionat, mar taoi-se roimh tosach na n-Aos, agus roimh na n-uile
neithe gor féidir a rádh do bhí roimh an roimh, agus is Tú Dia agus
Tighearna na n-uile neithe do chruthuighís, agus seasuighid léirighthe go deo
leatsa trúig na n-uile neithe neamh-sheasmhacha, agus fanann fáth na
n-uile neithe neamh-sheasamhacha, neamhathramhail, agus maireann adhbhar
na neithe éigcéillídhe saoghalta go síorruidhe.



A Dhia, innis domhsa, D'athcuingidhtheóir bocht go bhfuilir trócaireach,
liomsa atá lán de aindheise, innis dom ar lean mo naoidheacht so
indiaidh aos b'óige dhom a dh'eág b'feidir roimis an saoghal úd do
chaitheas i mbroinn mo mháthar?


L. 181


Mar de sin mar bheatha tá eolas éigin agam leis, agus táid mná
troma feiscidhthe agam.



4. Agus cad do bhí roimh an mbeatha soin arís, mo Dhia, mo lúth-
gháir? An rabas i n-aonbhall nó ar bh'aon nídh mé? Níl coinne agam
d'inneósad na neithe seo dhom. Níor bhféidir lem' athair ná lem'
mháthair fios do thabhairt dom, ná eolas daoine eile ioná mo chuimhne
féin.



Agus ná déanann Tú fonómhoid dem chuid fiafrúcháin toisc bheith
ag cur a leithéidí seo de cheisteanna ort, ná h-iarrann orm acht go
molfainn Thú, agus faoisdin do dhéanadh sna neithe atá ar mh'eolas?



Admhuighim duit a Thighearna Neimhe agus Talmhan, ag tabhairt moladh
duit i dtaoibh mo chéad thosnúghadh, agus mh'óige nách cuimhin liom; agus
do thugais don duine neart baramhail do dhéanadh sna neithe seo ann féin,
tré na bhfeiceann sé i ndaoinibh eile, agus géilleadh a thabhairt do mhórán
neithe a bhaineann leis féin tré ughdarás ban. San am soin do bhí beatha
& anam ionam, agus fé dhéin deire mo naoidheacht, do bhíos ar lorg
comharthaidhe le na bhfeadfainn mo smaointe do chur i n-umhail. Cad as
go bhfaghadh a leithéid sin do chreatúir saoghalta a bheatha acht uaitse a
Thighearna?



An féidir le h-aonne bheith na cheardaighe chum é féin do cheapadh?
Nó an féidir aon fhéith do tharrac as aon adhbhar eile le nar féidir
beodhacht agus beatha do scéith isteach ionainn, acht Tríotsa dar ndéanamh
dár gcruthú, a Thighearna, le nar aon nídh amhain beodhacht agus beatha
mar is beodhacht agus beatha árd-thighearnamhail do bhith-bhrigh go fíor.
Mar is Tusa is aoirde, agus níl aon athrú ort. Ní lúgha ná imthigheann
an lá indiú go deo thart ionatsa, agus fós is ionatsa do imthigheann leis,
mar is ionatsa atá a mbeodhacht ag na h-uile neithe neamh-sheasamhacha
mar ná fuil aon tslíghe chum bailuighadh leo aco acht Tríotsa, mar ná
tiocfaidh aon mheathadh ar do Ré (Ps. ci. 28), bliadain iseadh t-aois indiú.



Agus an mó lá dár laetheanntaibh-na agus de laetheanntaibh ár
sinnsear atá imthighthe cheana féin tríd-seo do lá sa, agus a fuair uaidh
a gcuma agus a saoghal mar a bhí sé?



Agus an mó ceann eile d'imtheóchaidh agus a gheóbhaidh a gcuma agus
a mbeatha? Acht níl aon athrú ortsa, agus na h-uile neithe an lae i
mbáraigh agus thairis, agus an lae indé agus pé nídh atá ar an dtaoibh
siar de, annsa lá so déanfá Tú iad. Annsa lá so táid déanta agat.
Cad é sin domhsa é muna dtuigfidh aoinne so?



Bíodh lúth-gháir ar a lithéid sin de dhuine cad é an bhrígh ata leis an
irúin-diamhair seo?



Bíodh áthas air mar sin fiú amháin, agus bíodh a rogha do thogha aige,
gan so do dhéanadh amach, agus Thusa d'fhághailt no é dó thuigsint agus
Thusa do chailleamhaint (sé sin, go gceangalóch leis le creideamh agus le
carthanacht gan t-fhirinní urramacha do thuigsint, níos túisce ná taréis
ad a thuigsint é bheith séidthe suas le h-uabhar, a scarfadh Thúsa leis.



Críoch de Chaibidil a sé.



D. Ó SÚILLEABHÁIN.


L. 182


AN MÁIGHISTIR SCOILE.



“An lámh a luascann an cliabhán, is í sin riaghaluigheann an domhan,”
arsa úghdar léigheanta. Is í an mháthair a chothuigheann an leanbh ó thúis
a óige! Stiúruigheann sí é, agus teagascann sí é. Tugann sí cómhairle
a leasa dhó, tugann agus tabhairt suas mhaith air mair le teagasc ar a
teinteán féin. Bíonn an leanbh umhal di de ghnáth, agus deineann sé
aithris uirthi. Is measa leis go mór a mháthair 'ná aoinne'
eile, agus dála an fheallsamhan roimhráidhte, ní dóigh leis go bhfuil ar an
ndomhán duine is mó comhacht 'ná í. Tá an leanbh agus an feallsamh
ar aon fhocal agus ar aon aigne i dtaobh comhachta na máthar. Ní cuimhin
liom aon tsean-fhocal a dheineann tagairt do chreideamhaint agus
comhacht an mhúinteora. Tá sé ráidhthe ámhtach gur “treise dúthchas 'ná
oileamhaint” agus ní beag sain mar theisteas agus deimhniú ar an
scéal. D'á réir sin, tá an chómhacht ann agus ní ghéilleann sí ach do'n
dúthchas amháin. Ó'n gcéad lá théigheann an leanbh ar scoil go dtí go
bhfanann sé istigh ó'n scoil, agus go ngluaiseann sé amach ar an saoghal
chun slighe bheatha do bhaint amach dó féin, bíonn sé fé riaradh, fé stiúrú
agus fé oileamhaint an mháighistir scoile, 'pé fear nó bean é siúd, 'pé
de'n cléir no de'n tuaith é. Is amhlaidh ghabhann an múinteoir air féin
cúram an leinbh an fhaid is a bheidh sé ar scoil. Is é seo gairm-beatha an
mhúinteora, an leanbh do chur ar shlighe a leasa agus is é a dhualgas tabhairt
suas mhaith do thabhairt air. Tógann an t-oide scoile ionad máthar an
leinbh tamall maith de gach lá ar feadh a hocht nó a naoi de bhliadhantaibh,
agus is é an gnó atá ceapaithe dhó ná an gnó féin do dheineadh an mháthair
'sa bhaile. Tá agus gnó nach é le déanamh aige, tá gnó ceapaithe dhó
ná tiocfadh le máthair an leinbh a dhéanamh, tabhairt suas mhaith, oireamhnach
i ngach saghas léighinn do thabhairt ar an macléighinn, agus an fearras
chuige sin do sholáthar dó.



Dá bhrig sin, tugann gach Stat fóghanta aire mhaith go mbeidh na
múinteoirí lán-oilte i n-a gcéird féin, sul a dtugaid fé obair an
teagaisc nó na múinteoireachta do dhéanamh. Ní mór doin Stát a
bheith cúramach, aireach, ag toghadh na múinteoirí dhó, agus annsain do
bheith fial fairsing, flaitheamhail leo i dtreo go bhféadfaid siad a
ndualgas a chóimhlíonad, agus an gnó tábhachtach thar meodhan do ghabhaid
siad ortha fein d'á saor-thoil féin do chomhalladh.



Agus ní miste dhúinn fiafruighe dínn féin cad é an gnó so atá
ceapaithe do'n oide scoile agus machtnamh a dhéanamh ar a thábhachtaighe is
a thairbhighe is atá an gnó so do'n Stát.



Ar an gcéad dul síos, admhuightear gur ar an aos óg atá seasamh


L. 183


aon tíre, agus de réir mar oiltear iad so, is amhlaidh a bheidh an Stát.
Is ar na ballaibh beatha a bhíonn an corp daonna ag brath chun a shláinte
agus a chompóird; is ar an nduine a bhíonn seasamh an líntighe chun a
ratha, is ar an líntighe a bhíonn an dúthaig ag brath chun a shonais agus a
leasa, agus cia déarfaidh nach ar scoileannaibh na tíre a bhíonn seasamh
an Stáit chun a chlú, a bhuantseasamhachta, a chonáic, a ghustail agus a
theachta chun cinn. Tá dhá shaghas nirt i nduine, neart cuirp agus neart
aigne, agus is as láimh a chéile ba cheart do'n dá neart so do bheith ag
obair. Cia chuirfidh fás fé'n dá neart so, ach an múinteoir? Ta-
bharfaidh sé aire mhaith go mbeidh na leanbhaí scoile ag cleachtadh na
gcleas lúith agus ag gabháil do'n ghleacuidheact, agus go n-oibreochaid
a gcuirp ach é do dhéanamh go ciallmhar. Is mór an neart agus an chomh-
acht d'aon tír, agus is mór an chosaint uirthi, a sliocht a bheith láidir,
sláinteamhail fuinneamhail. Chuige sin ní mór do sna tighthibh scoile
a bheith fairsing, aerach, seascair cluthmhar, agus páirc chun imeartha
leo bheith ag gabháil le gach scoil ar an dtuaith. Maidir leis na scoil-
eannaibh atá istigh i lár bhaile mhóir nó laistigh de theorainn na cathrach
ní mór do'n riaghaltas faithce chomhgarach do sholáthar dóibh siud leis
i n-a mbeadh an t-aos óg ag gabháil do sna cleasaibh lúith, agus ag sugradh
dóibh féin san tráthnóna 'nuair a bheadh gnó na scoile ar leath-taoibh,
agus lá saoire. Is beag baile mór aca so, ná bíonn áit oireamhnach le
fagháil ar imeall na sráide nó istig i lár na cathrach féin, ach is baoghalach
gur fé na huaislibh is mó atáid na páirceanna so. Féachadh an Stát
chuige sin, ná tabharfar faillighe san aos óg, mar is ortha siúd a bheidh a
sheasamh lá na broide. Ní'l ar chumas aoinne' as a neart féin agus as
a ghustal féin na neithe so do sholáthar ach is léir go bhféadfadh an Stát é
dhéanamh agus gur air atá a dhéanamh. Gnó tábhachtach tairbheach iseadh
é seo, gnó is eadh é go mbeidh a rian ar shláinte & ar neart cuirp na
ndaoine agus ar chomhacht na tíre. Ar ball díolfaidh an gnó so as féin.
Ach deirtear nach aoinnidh neart cuirp seachas neart aigne. Cia nearto-
chaidh aigne an leinbh? Cia dhéanfaidh na ceachta oireamhnacha agus na
leabhair tairbheacha do sholáthar dó, ach an máighistir scoile? Cia chuirfidh
os a chómhair an cuspóir is dual do'n leanbh? Is é an máighistir scoile a
dhéanfaidh é agus ní h'aoinne eile. I n-aon fhocal amháin is é an máighistir
scoile do mhúinfidh do'n aos óg a bheith tírghrádhach dílis d'á dtír is d'á
gcreideamh; is é a chuirfidh i n-iúil dóibh cia hiad na laoich is ceart dóibh
aithris a dhéanamh ortha, agus a mhúinfidh dóibh seanachus na tíre.



Ní mór do'n Stát breis suime do chur i ngnó na múinteoirí agus
gan a bheith spriúnlaithe leo ach do chúiteamh leo a bhfuil ghá dhéanamh aca
dó.



Níor chaill an máighistir scoile riamh ar mhuinntir na hÉireann. I
sna laetheantaibh pianamhla agus 'sa droch-shaoghal nuair bhítheas go dian
ar a thóir, agus an bás ghá bhagairt air, feuch nár chuir sé suas de'n
mhúinteoireacht riamh. Nuair a díbreadh as na bailtibh móra é, agus
nuair a deineadh a chluicheadh ar nós faolchon, do thógadh sé bothán scoile
cois claidhe agus dílis d'á chéird agus do sna daoinibh, do choiméad sé


L. 184


solas an léighinn ar lasadh i n-Éirinn. Muna mbeadh soin cionnus a
mhairfeadh na gníomhartha gaisce agus gaile do dhein ár sinnsear chomh
cruinn aibidh i mbéal na ndaoine. Tá muinntear na hÉireann fé mhór-
chomaoin aca súd mar gheall ar ar dheineadar ar son an léighinn agus an
chreidimh leis. Níor tugadh chomhthrom na féinne fós dóibh i seanachus na
tíre agus is baoghalach ná tuigtear i gceart a thairbhighe is bhí an obair a
dheineadar ar fuaid na hÉireann. Is ar éigin atá i stair an domhain,
cé gur mór an focal é, múinteoirí eile comhmór dúil i léigheann, chomh
dílis d'á dtír féin, agus chomh buantseasamhach i n-a gcéird uasail féin
agus i n-a gcreideamh agus do bhíodar síud. Is mó is maoidhte ortha a
ndílseacht agus a ndúthracht, de bhrigh nár bh'fhiu a luadh a raibh de thuaras-
dal ná de mhaoin shaoghalta aca de bharr a saothair.



“Ag múineadh scoile do bh'obair dom laethibh.
As a rún do'n phobul gur b'fhollamh an chéird sin.”



Bhí cuid aca siúd oilte ar laidin, ar ríomhaireacht, agus ar iomdha
ealaín agus fós an Ghaedhealg chomh cruinn líomhtha aca gur trithi múintí
na hadhbhair léighinn eile. Is mór an aithis agus an náire do mhuinntir
na hÉireann muna dtabharfar dóibh i dtráth go fial, fairsing, comh-
thromach an moladh agus an mórú atá ag dul dóibh uatha.



Ach le n-ár linn féin, ná fuil a gcion féin déanta ag múinteoiríbh
na tíre. Cia eile cia thug an teagasc d'aos óg na tíre, nó cia chuir an
spioraid ionnta do ghríos agus do spreag iad chun troda ar son a
dtalaimh dhúthchais. Ní gádh i n-aon chor trácht annso ar uimhir na múin-
teoirí d'iompuigh amach le déanaighe go héascaidh, ullamh chun a n-anam
d'imirt ar pháirc an bhuailthe le saoirse na tíre do bhaint amach. “Ta-
gann gach maith le cáirde” ní fuláir nó déanfar é sin ar ball. Níor
chuir bás ná bagairt aon eagla ortha mar nuair a gabhadh ár ndaoine
idir fhearaibh agus mnáibh, idir chléir is tuaith, agus nuair a caitheadh
isteach 'sa phríosún iad, níorbh' é dearmhad an mhúinteóra gan leanamhaint
d'á chéird; cuireadh ranganna ar bun, agus deineadh gnó tairbheach
éachtach istigh i sna carcaraibh. Bhí dúil 'sa léigheann riamh ag muinntir
na hÉireann agus ní fuláir nó tá iarracht de'n tréith chéadna ag baint
leo fós. Is beag duine tháinig amach as an bpríosún gan an Ghaedhealg
do bheith ar fheabhas aige, ní áirmhim adhbhair léighinn eile.



Ó's rud é go bhfuil oideachas na tíre, fé riaradh muinntire na
hÉireann anois, is é is lugha is gann dóibh a dheanamh 'ná comhthrom na
féinne do thabhairt do sna múinteoiríbh, agus gan dearmhad a dhéanamh
ortha sain gur cuireadh luighe na bhfód ortha ar pháirc an áir, ná ar lucht
na mbothán scoile ná raibh a sárú le fagháil, a dhílse is bhíodar don'
léigheann, d'Éirinn agus do'n chreideamh.



FEAR GAN AINM.


L. 185


TEACHTAIREACHT AN AINGIL.



Leis na céadthaibh bliadhan tá sé de bhéas ag an eaglais chatoilicigh,
ioncholna Ár Slánuightheora do chur i gcuimhne do'n phobul trí uaire 'sa
ló, agus onóir do thabhairt do'n Mhaighdin Mhuire do bhí rannpháirteach i
ngnó ár slánuighthe. Ní'l clochar ná teampall, séipéal ná mainistear,
ná buailtear cluig ionnta, agus ná deirtear paidreacha airithe chun
onóra Dé agus Mhuire agus chun leasa ár n-anmann. Teachtaireacht
an Aingil tugtar ar na húrnuighthibh sin. Ní hórduigheann an Eaglais
d'éinne' na paidreacha so do rádh, ní dheineann sí ach a chómhairliú dúinn
uile gur nós diadha é, agus nár mhór dhúinn an deagh-nós sain do
chleachtadh ar mhaithe linn féin.



B'iongantach an ionntaoibh do bhí ag muinntir na hÉireann riamh
as an Maighdin Mhuire. An uair a bhí teampaill na tíre ar lár, agus na
manaigh curtha chun fáin, bhíodh an Páidrín Páirteach ag ár ndaoinibh
cois teineadh nó fé sgáth béillice éigin ar chlíthean an chnuic. An uair
díbreadh na sagairt agus nár tháinig leo an t-aifrionn a léigheadh os
cómhair an phobuil, is ar an gCoróinn Mhuire bhí seasamh na nGaedheal ins
gach cruadhtan dá ghéire agus is gach crádh dá dhéine.



Ar maidin, i lár an lae agus 'san tráthnóna iseadh deirtear teach-
taireacht an Aingil, agus gan amhras is iad so na tráthanna is oireamh-
naighe, agus na tráthanna is mó thagann isteach le caothamhlacht na ndaoine.
Ar maidin 'nuair éirigheann duine agus 'nuair a bhíonn sé chun luighe
isteach ar obair an lae, ní mór do ghach críostuidhe é féin agus a theaghlach
agus gnó an lae do chur fé chomairce na Maighdine Beannuighthe, i dtreó
go raghad a ghníomhartha chun sochair dó féin agus chun leasa a anma.
I lár an lae leis 'nuair buailtear an clog is ró-thairbheach an
bheart í stad de'n ghnó chun Dia do ghlóiriú agus an Mhaighdean d'onórú.
Nach taithneamhach an radharc é; an fear oibre ag caitheamh uaidh 'pé
úrlis a bhíonn n-a láimh aige, ag éirghe as an obair ar feadh cúpla
neomat, ag baint de a hata, agus an ceann cromtha ar a ucht aige ag
rádh “Teachtaireacht an Aingil.” Ní hé sin amháin ach i sna tíorthaibh
i n-a raibh an creideamh go láidir, tá deimhniú againn air go stadadh na
daoine go léir de'n obair, lucht céirde is lucht ealadhan, an fear dlighe
'sa chúirt agus an fear gnóthá laistigh de'n chuntuirt, an uair a bhuail an
clog ó'n dteampall um meadhon lae. Do thairraingeadh an giolla
srian a chapaill i lár na sráide; bhíodh na cóistí is na trucailí ar stad;
ní cloistí glór ná coisceim duine laistigh ná lasmuigh, ach suaimhneas is
gach aon bhall. Fear na seisrighe agus cailín crúidhte bó, an spealadóir
agus an buanuidhe, b'amhlaidh scéal dóibh uile; thugaidís go léir neomat
nó dhó do'n úrnuighe sin “Teachtaireacht an Aingil,” ba lag le héinne'
an sean-nós cráibhteach áluinn sin a bhriseadh. Na leanbhaí scoile féin,


L. 186


is cuma cia'ca istigh i seomra na healadhan, nó amuigh ar pháirc na
himeartha, ba ghnáth leo éirghe láithreach bonn as pé saghas gnótha nó
spóirt a bhíodh ar siubhal aca, agus ceann-nochtuighthe cloistí “tháinig
Aingeal an Tighearna le scéala chun Muire” i mbéal gach duine aca.
An uair a bhíonn obair an lae ar leath-taoibh, timcheall a sé a chlog 'sa
tráthnóna, an tríomhadh huair deirtear na gearr-urnuighte so. Tosnuigheadh
ar obair an lae leis an bpaidir so a chuireann i n-iúil agus i gcuimhne
dhúinn an rúindiamair mhíorbhúilteach sain, ioncholna ár dTighearna
a tháinig chun an domhain a shlánú, agus an pháirt do ghaibh an mhaighdhean
Mhuire 'sa rúindiamhair seo. Mar sin ar gcriochnú oibre an lae do'n
chatoiliceach gabhann sé a bhuidheachas leis an Slánuightheoir, agus tugann sé
onóir d'á mháthair naomhtha.



Is baoghalach ná fuil muinntear na hÉireann chomh dílis do'n tsean-
nós so agus ba cheart dóibh a bheith. Tá atharú tagaithe ar an saoghal
i n-Éirinn, agus i dtíortaibh nach í. Tá greim chomh daingean sain beirthe
ar aigne 'na ndaoine ag sna gnóthaibh saoghalta gurb' ar éigin thugaid
siad uain dóibh féin ar chuimhneamh ar aoinnidh eile, fiú amháin ar leas a
n-anmann, agus go bhfuil cuid mhaith de sna deagh-bhéasaibh agus de
sean-nósaibh ár sinnsear imthighthe i ndearmhad uata. Is mór an truagh é
agus is mór an chailleamhaint ar ár ndualgas é, gan an béas cráibhteach
so is dual dúinn do bheith i bhfeidhm i n-ár measc.



Is fíor ná tagann ainm Dé isteach i ngnáth-chainnt na ndaoine,
fé mar a thagadh dachad éigin bliadhain ó shoin; is ró-annamh chloisfeá
“Dia duit,” “le congnamh Dé, “Buidheachas le Dia,” “Bail ó Dhiá
ort” i mbéal duine; do bheadh náire air, nidh nach iongnadh, agus do bheadh
daoine ag magadh fé; ní bhaineann a leithéid leis an ngalántacht ná
leis an uaisleacht. Níor mhór dúinn machtnamh a dhéanamh ar an scéal,
mar de réir mo thuairme ní'l sé gan leigheas.



Ag gabhail tré Bhaile Atha Cliath dhoin tamall ó shain, d'fhógair
fuaim bhreagh bhog an chluig ó theampall 'sa chómhursanacht go raibh uain
“Teachtaireacht an Aingil” a rádh ann. Bhí fir ag obair i mbéal na
sráide agus ar gcloisint an chluig dóibh do bhaineadar a gcaipíní dhíob
féin, dheineadar fíoghair na Croise orta féin, agus chromadar ar phaidir-
eóireacht. Tá, agus daoine amuigh ar an dtuaith a dheineann amhlaidh,
ach tar éis an tsaoghail ní'l ach an chaol-chuid a dheineann é. Is iad síud
na fir go bhfuil ár seasamh ortha chun an scéil a leigheas, chun an sean-
bhéas spioradáltha a bhí ag ar sinnsear rómhainn do chur i bhfeidhm arís.



Má chleachtann an mháthair 'sa bhaile é, raghaidh an líntighe i n-a
thaithighe i n-a dhiaidh sin. Má chóimhlíonann an t-oide a dhualgas ar scoil
agus a chur i n-a luighe ar na leanbhaibh gan an nós sain do leigint ar ceal,
agus má chuireann an sagart ar a súilibh do'n phobul a fheabhas is a
thabhachtaighe atá na húrnuighthe deasa gearra sain, ní baoghal go
ndearmhadar an Teachtaireacht Mhuire i nÉirinn ach go háirithe.



“Leanamais go dlúth de chlú ár sinnsear.”



DONNCHADH Ó LOINGSIGH.


L. 187


PRÁGA v. LOBHÁIN.



[Tá an litir seo leanas i gColáiste San Isidóir 'sa Róimh. I
n-éindigh léithi tá giota as laidin faoi Mhairtíreacht an Phléimeannaigh &
an Hóraigh i mBohémia.



An “Frater Partritius a Sancta Maria” 'san deire sé an Pléimean-
naigh, fear do bhailigh a lán eolais i dtaoibh naomh na n-Éireann, Naomh
Columban go h-áirithe, agus fuair bás ar son an Chreidimh i mBohémia.



“Frater Joannes Barneaullus” mac dob' eadh é don Tiarna
Trimbleston.



Labharthar go minic i bpáipéaraibh na h-aimsire faoi 'n gcaismirt a
bhíodh ar siubhal uaireanta i gColáistibh na nGaedheal ar mhór-roinn
na h-Eorpa — mar shompla 'sa dteagasg a tugadh don ghnáth-nuntius 'sa
bhFlóndras a mbliain a 1621. (Archiv. Vat. — Misc. Pol. 177 f. 101 v.)



PÁDRAIG ERIC MAC FHINN.]



A Athair onóraigh.



As chóir dhúinn do réir comhairle an eaccnaigh, curam do bheith againn
far nainm & far cclú. Da brígh sin atamaoíd da chur síos díbhsi maille
ré hosnadhaibh troma & ré doilgheas intinne an timdheargadh do fúair an
coimhthionól beannaighsi. Óir ata ar cclú ar na spotadh & ar na dubhadh
a cconueint Lobháin, & ní fuil amhrus go mbía mar an ccéadna a néirinn,
do brígh nách bhfuil iomrádh nó sgél fábhaill ar bith bias annsin, nach
ccluinfaighthear gan mhoill sa bProuinsi, ó luas teangtha na ndaoine
lérab usa nóta do chur ar locht da laghat na ar mhaith da méad. Do
lotadh sinne go trom, & dob usaide sin da madh aonduine amháin do
gonfaighe, (biodh nar maith linn sin féin) da madh áonbhall amháin don
chorp do leónfaighe, muna beith an corp uile dá ghearradh. Do dhéan-
maoís foighide re lot an chuirp féin da madh easccara do loitfeadh
sinn; gidheadh as truagh & as olc linn ar ndearbraithre dar ngonadh.
Do tuicceamar as litreachaibh Aithreach Lobháin, go spéisialta ó dhís aca
gurb é meas atá ar an áitsi nach bfuil innte acht táibhearne Photairaighe
amhail mar nach dexersís againn acht na copáin. Agus dá brígh sin do
bheirid comhairle uatha as an áit sin dona braithribh tainicc ann so ar ccomh-
luadar do sheachna amhail dhaoíne ata ar ar salchadh re lubra na Pótair-
eachta. Go dimhin as críonna an chomhairle sin da mbeith sí deiscreideach
no carthanach: óir do bá córa an locht do chíd na súile linxamhla úd ata
abfad úainn, & nach bfaicimíd féin ata do láthair, do chur accéill duacht-
arán éiccin do chuirfeadh ceirín 1 ar an ccneidh, ina beith da sgríobhadh
chum brathar príuáideach, óir ní mar sin do ordaigh Xp riaghail na


L. 188


cárthanachta. Cuirfeain chugaibh annso na briathra do sgriobhadh sna
litribh reamhráite, ionnus gurb móide do thuicfaigh sibh méd na heccóra
do rinneadh orainn. Ag so mar sgriobhas an céad litir aca. Do
mhothaigheas ar daoinibh áirithe annsin fonn do beidh aca chum copán,
& seachainsi íad (le bráthair áirithe do bí ag labhairt) mar an Phlaigh an
mhéid gur dáoine don tsort sin íad. Níor lór leis an dara fear a
sgríobhadh go bfuil daoíne áirithe mar sin againn, muna nabradh go
bfuil an coimhthionól uile amhlaidh: óir as mar so sgriobhus chum bráthar
eile.



['San imeall “Reverendus Augustinus Eganus”]



Tibi soli (ar sé) atá amuigh ar an áit sin ina bfuil tú nach bfuil áit
do bheagaibh as mó díol óil & dighe ina í. Ataimsi ag iarraidh ortsa as
ucht Dé ett a samhail sin do comhluadar do sheachna & gan an áit ag a
mbeith se da dhenamh do tháobhadh ett Ag so (a Athair) an ní do gluais sinne
go romhór: Agus biodh nach (biodh nach) bfuilmíd ag iarraidh dioghaltais,
ar a shon sin atamaoid ag iarraidh cirt inar masla .i. aissiocc inar cclú,
biodh gur baoghlach linn gur deacair sin do thabhairt dhúinn mar cuireadh
an chúis go publide orainn. Agus as córaide an taisioccsa diarraidh,
nach mór gur mo an mhasla fuaramairne ina sibhse féin, óir do ba cóir
do Pastúir an tréd do bhí ag morgadh 2 (más fíor dona sgelaibhsi)
do cheartughadh. Uime sin iarrmaoíd ar son Dé oraibh leighios do
chuir ar an ccúissi, amhail ata dfiachaibh oraibh mar mheasmaoíd; & ma
tamaoidne ciontach, ceartaighthear sinn mar as dúal; muna bfuilmíd
(mar as dearbh nach bhfuilmid) ceartaighthear lucht an mhuirmuir. Agus
tugthar orra a clú & a honóir daissiocc don choimhthionolsa ara roibh
& ar a bfuil meas maith, acht an mhéid do beanadh dhi anos go h-éaccorach.
Ma sccrudthar an chúis as uras an mhuintir do sgríobh an litir dfaghail
amach. Atá súil againn go sáibhealaidh sibh ar cclú ni, & bhur nonóir
féin sa bpuncsa lór. As Prága, 6 martii 1641.



[Le duibh & le lámhaibh nua]



Reverendi Admodum Patris humillimi Filii et serui



Frater Patritius a Sancta Maria



Frater Franciscus Ferrall



Frater Joannes Barneuallus



Frater Bernardinus Cabocus.



1. Ceirín = Medicine, plaster, poultice. (Foclóir Ph. Uí D.)



2. Morgadh = Corruption, act of corrupting. (Foclóir Ph. Uí D.)


L. 189


COMAOINE NA CÁSGA.



Nuair a bhí an Soísgéal dh'á chraobhsgaoileadh, ar fuaid an domhain,
'ges na h-Aspolaibh, a phobal, ba ghnáth le gach críostaidhe faoisidín a
dhéanamh & comaoine a ghlacadh, gach domhnach, an chuid ba lugha dhe. Aimsir
trí-chéile & buartha, & daor-chrádha, ab eadh an aimsir sin. Bhí na págán-
aig, sa Róimh, & sa Ghréig, & ins gach tír eile, a d'iaraidh, cóir-cam-díreach,
an creideamh nuadh do chur fé chois. Do chuireadh dlighthe i bhfeidhimh 'n-a
choinnibh; do chaitheadh a lucht leanamhna isteach ins na príosúin; do
mharbhuigheadh iad 'n-a mílte: do bhaineadh a gcoda dhíobh; do chuireadh
le fuacht & le fán iad: níor fhágadh feall ná éagcóir, dhá dhéine, gan
imirt ortha.



Níor bh'fhéidir dos na críostaidhthe a leithéid sin de dhroch-úsáid &
de ghéar-leanamhaint do sheasamh ach le cabhair & le congnamh Dé na n-uile
chomhacht; agus fuaireadh an chabhair & an congnamh, go spisíalta, i
Sácraimint ró-naomhtha na h-Altórach.



Ach i n-áit a chéile tháinig athrú as an saoghal. Do bhogadh de ghéar-
leanamhaint, & d'an-dlighthe & d'éagcóir, i gcoinnibh an chreidimh. Bhí
fo-dhuine des na h-uaislibh, anso & ansúd, ag glacadh leis an gcreideamh.
Do leanadh a sompla san; & i gceann cheithre chéad blian, nú mar sin,
bhí an domhan go léir iompuighthe ar bhealach a leasa, & bhí an creideamh
leaite ins gach tír fé'n ngréin.



Níor ghádh dos na críostaidhthe, ansan, aon sgáth ná eagal a bheith
ortha, mar gheall ar a gcreideamh; mar, críostaidhthe ab eadh na daoine
dob aoirde & dob uaisle i n-impirigheacht na Róimhe. Níor bhaoghal go
gcuirfidhe éinne chun báis, ná go gcaithfidhe isteach i bpríosún é, de dheasga
bheith 'n a chríostaidhe. Bhí lucht an chreidimh ar a dtoil, gan cur isteach
ó éinne ortha. Ná déarfadh duine, d'á bhrígh sin, go mbeidís níos fearr
& níos diadhasamhla, & níos tabhartha d'oibreachaibh an creidimh, 'ná mar a
bhíodar riamh roimhe sin? Ar feadh cheithre chéad blian, b'éigin dóibh
iad féin do cheilt ar an saoghal; b'éigin dóibh dul i bhfolach i bpluai-
seachaibh & i bpuill na gcaraigreacha. Níór bh'fhéidir dóibh a gcreideamh
d'adamháil ná do chur i ngníomh gan baoghal báis. Ach, d'fhanadar dílis
d'aindeóin an léir-sgriosa go léir. Nach cóir do mheas go mbeidís a
bhfad níos fearr, ansan, nuair a bhí gach cae aca, & gach nídh 'n-a bhfábhar?
Nach chóir do mheas go mbeadh ríoghacht Dé tagaithe, go fírinneach, ar an
saoghal; go mbeadh deire le réim an diabhail; go mba naomh 'n-a
bheathaidh gach críostaidhe, fiú ar an dtalamh so féin?



Ach, fan go fóil, a phobal. Is dócha go bhfeacabhair go léir, tráth
éigint, carraig mhór leac-oidhreach. Bíonn a leithéid chomh cruaidh le


L. 190


h-iarann; bíonn, & a bhfad nios cruadha. Buailtears buille d'á thruim-
eacht uirthi, & ní bhristears í. Ach, cuirtears amach fé'n ngréin í, & bogann
sí, láitreach. Imthígheann an cruadas & an ghlaine; téidheann sí i mbui-
geacht, gach neómat; i gceann tamail leigheann sí ar fad.



Díreach mar sin, bhí an sgéal 'ges na críostaidhthe. An fhaid ná
raibh le fághailt aca ar an saoghal so, ach cruadhtan, & géar-leanamhaint,
& dealbhas, & bás, bhí a radharc greamuighthe ar an saoghal eile. Ach, chómh
luath a's a bhí saidhbhreas an t-saoghail seo, & pléisiúirí an t-saoghail seo,
& gradaim an t-saoghail seo osgailte rómpa, do thosnuígheadar ar dhruim
lámha 'thabhairt leis an saoghal a thá le teacht, & luigheadar isteach ar an
saoghal so do ghreamúghadh. Ní ró-fhada go dtí go raibh a rian ortha.
I n-ionad na cráibhtheachta, tháinig an mhalluighteacht; i n-ionad grádha
na gcómharsan, tháinig fuadh, & formad, & éagcóir ortha; i n-ionad
oibreacha an chreidimh, tháinig saothar an t-saoghail; i n-ionad Mhic Dé
tháinig an mac mallachtan. Aimsir na buartha & na géar-leanamhna
dheintí faoisidín, & do ghlactí Comaoine gach Domhnach, chun go mbeidhfí
i n-iúil do'n gcómhrac do sheasamh, & an buadh do bhreith ar an ndiabhal.
Ach, anois, do thugag faillighe i bfaoisidín & i gComaoine, i slighe go raibh
na críostaidhthe, fé dheire, níos measa 'ná na páganaig féin, d'á olcas
iad.



Ba mhór 'dir chríostaidhthe na h-aimsire sin, & críostaidhthe aimsire
na n-Aspol. B'eadh go deimhin. Bhí athrú' mór tagaithe ar an saoghal,
& níor chun feabhais an t-athrú'. Agus b'é an t-athrú' san fé ndeara
do'n Eaglais an aithne seo do cheapadh & do chur i bhfeidhim i dtaobh
Comaoine na Cásga. Agus chun go mb'fhearr a thuigfimís an aithne sin,
déarfad cúpla focal, anois, ag cur síos ar an am, & ar an áit, gur
cóir an Chomaoine sin do ghlacadh, mar aon leis an bpionós a chuireann
an Eaglais ortha súd a thugann failighe inti.



Ar an gcéad dul síos, a phobal, órduigheann an Eaglais do gach
chríostaidhe, a thá tagaithe chun blianta na tuisgiona comaoine do
ghlacadh um Cháisg, nú um aimsir na Cásga. B'fhearr leis an Eaglais go
nglacfadh gach éinne Corp Críosd, Domhnach Cásga féin: ach, de bhrígh
nach féidir san i gcomhnuidhe, leathanuigheann Sí an aimsir dúinn.
Agus cad é an fhaid aimsire a thugann Sí dhúinn chun na h-aithne seo do
chómhlíonadh? An méid a thagann isteach 'dir Chéadaoin an Luathrigh &
Domhnach na Tríonóide. Anois, bíonn Céadaoin an Luathrigh againn,
i dtosach Mí na Márta, nú tímpal an ama san, & bíonn Domhnach na
Tríonóide againn ocht seachtmhaine tar-éis Domhnach Cásga. Fágann
san níos fearr 'ná trí mhí againn chun aithne nah-Eagallse do chómhlíonadh,
& éinne a ghlacann Comaoine, aon lá, leathstigh de'n aimsir sin, tá a
dhualgas cómhlíonta aige.



Ach, cad chuige an méid sin aimsire do thabhairt? Chun ná beadh
aon leath-sgéal ag éinne, d'á shiléigeacht é. Dá gceapfadh an Eaglais
aon lá amháin, nú aon t-seachtmhain amháin, b'fhéidir go mbeadh leath-
sgéal 'ge daoine. Thuitfeadh sé amach, go bog, go mbeadh duine breóite,
an lá san, nú ar feadh na seachtmhaine sin; nú go mbeadh sé tógaithe


L. 191


suas le h-obair éigint ná féadfaidhe chur ar cáirde, gan díobháil, gan
ceataighe; nú, b'fhéidir, go gcaithfeadh sé dul as baile ar ghnó éigint
riachtanach; nú fiche rud de'n sórt san. Ach, nuair a thá trí mhí aige
ní baoghal go mbeidh aon leat-sgéal aige, gur fiú trácht air. Má
bhíonn ao' rud 'na choinnibh, i dtosach na h-aimsire, gheóbhaidh sé uain,
tráth eile; má bhíonn sé breóite, beidh am aige chun na breóiteachta
chur de, nú chun fios do chur ar an sagart i slighe, má theipeann air a
dhualgas do chómhlíonadh, is air féin amháin a bheidh an milleán. Chuige
sin, is eadh, a thugann an Eaglais an méid sin aimsire dhúinn, & ní féidir
d'éinne a rádh nach leór, go maith, é.



Anois 'dtaobh na h-áite gur cóir Comaoine na Cásga do ghlacadh
ann: — go dtí le déanaighe, bhí ceangailte orainn, d'réir aithne na
h-Eagailse, an Chomaoine seo do ghlacadh 'n-ár bparóiste féin, 'sé sin
le rádh, i séipéal na paróiste, nú i n-aon tigh 'sa pharóiste go mbeadh na
‘stations’ ar siubhal nú aifrionn dh'á léigheamh ann. Anois, amhthach,
ní'l ceangailte orann, Comaoine na Cásga do ghlacadh 'n-ár bparóiste
féin, biodh go molann an Eaglais dúinn san a dhéanamh, má's féidir é:
& má oireann dúinn Comaoine do ghlacadh i n-aon áit eile, órduigheann
sí dhúinn, an nídh sin do chur i n-iúil d'ár sagart paróiste féin, chun go
mbeadh a fhios aige sin, go bhfuil ár ndualgas cómhlíonta agann.



Agus 'n-a thaobh so, tá aon nídh amháin, ba mhaith liom chur ar bhúr súilibh
dhíbh anois. Órduigheann an Eaglais dhúinn faoisidín a dhéanamh uair sa
mbliain, an chuid is lúgha dhe, & fós, Comaoine do ghlacadh uair sa mbliain,
leis. Ach tá deifrígheacht idir an dá aithne. Ceapann an Eaglais an t-am,
& molann sí dhúinn an áit, maidir le Comaoine, ach ní dhéanann Sí ceapadh
ná moladh, 'dtaobh na h-áite 'nar cóir faoisidín a dhéanamh. Fágann Sí
fúinn féin ár bhfaoisidín a dhéanamh 'n-ár rógha áit, & le pé sagart is
maith linn. Agus cad chuige an deifirígheacht? Mar tá 's ag an
Eaglais gur mó cúis a bheadh ag duine chun gan faoisidín a dhéanamh le
n-a shagart féin. Tá daoine ann, & ní leogfadh náire dhóibh faoisidín a
dhéanamh le sagart go bhfuil aithne mhaith aige ortha. Is fearr go mór a
dhéanfaidís a bhfaoisidín le stróinséar sagairt. Agus chun ná beadh aon
bhaoghal ná go ndéanfaidhe an fhaoisidín i gceart tugann an Eaglais cead
cinn do gach éinne a rogha sagart do thoghadh chun faoisdine do dhéanamh
leis.



Agus anois, a phobal, cad é an pionós a chuireann an Eaglais ortha
súd a thugann faillíghe san aithne seo? Pionós uathbhasach, gan aon
dabht is eadh é. Éinne a thugann faillighe, go toilthinneach, san aithne seo,
& a fhios aige cad tá dh'á dhéanamh aige, tá sé gearrtha amach ar fad ó'n
Eaglais; ní bhaineann sé leis an Eaglais, ach oiread a's na h-Eiricigh &
a's na págánaigh; & má gheibheann sé bás 'sa staid sin, tá sé caillte go
deó. Dá ráineóch' a leithéid sin do dhuine bás d'fhághailt go h-obann,
gan Ola gan aithrighe ní lamhálfaí d'aon sagart aifrionn do leigheamh, ar
son a anama, ná é chur fé ghuidhe an phobail, ná bheith láithreach le linn a
adhlactha. Mar, cad deir ár dTighearna? “An t-é, ar Seisean, ná
h-éistigheann leis an Eaglais, & ná déineann d'réir a h-aitheanta, tá


L. 192


sé ar aon dul leis na págánaigh & leis na puiblicánaigh.” Cuimhnigheadh
gach éinne agaibh, ar an méid sin, a phobal, & bí's agaibh nach féidir aon
pheacha ba mhó & ba sganalaighe a dhéanamh, 'ná faillighe a thabhairt i
gComaoine na Cásga.



Sin agaib, anois, dlíghe na h-Egailse, 'dtaobh Comaoine. Ní órduigh-
eann Sí dhúinn, fé phionós, ach Comaoine do ghlacadh uair sa mblian.
Ach, bíodh ná h-órduigheann Sí a thuille, ní fhágann san gur críostaidhe
fóghanta an duine ná déineann faoisidín, & ná glacann corp an Tighearna
go minic. Éistíg le n-a bhréithre féin, mar a léightears, 'sa Soisgéal
iad, ag tagairt dos na neithe seo, “maran itheann sibh feóil mhic an
duine,” ar Seisean, & maran ólann sibh a chuid fola, ní'l beatha agaibh
ionaibh féin”: “an t-é a dh'itheann mo chuid féola, & a dh'ólann mo chuid
fola, tá an bheatha shiorruidhe aige, & árdóchad-sa é an lá deirionach.”
Bhí Sé tar-éis bídh a thabhairt do chúig mhíle duine, le míorbhúilt, amuigh
'sa bhfásach, bhíodar go léir ag moladh a chómhachta, & ag breith bhaodhchais
leis, mar gheall ar a mhór-mhaitheas, agus, ansan, dúbhairt Sé leó go
dtabharfadh Sé biadh dhóibh, leis, i gcóir a n-anamann; agus, ar seisean,
'sé an biadh é sin, 'ná m'fhuil & m'fheóil féin, & an t-é ná itheann & ná
ólann san, gheóbhaidh a anam bás síorruidhe.



Teastuigheann biadh ó'n ár gcuirp: ní lugha 'ná san, a theastuigheann
biadh ó'n ár n-anama. Éinne ná faghann biadh fóghanta, & ná caitheann,
go minic, é, ní féidir dó bheith láidir folláin; ní féidir dó aon obair a
dhéanamh; ní féidir dó aon taom bréoiteachta do chur de: ní féidir dó
a namhaide do throid & an buadh do bhreith ortha. Anois, 'sé an sgéal
céadna ag an anam é. Tá beatha ag an anam leis, & 'sé an bheatha é sin
ná grásta naomhuighthe. Tá obair le déanamh aige — tá na h-aitheanta
le cómhlíonadh, tá maith le déanamh, tá olc le seachaint. Tá taomaí
breóiteachta ag an anam le cur de — tá cathaí le smachtú' tá peaca &
fáthanna an pheaca le séanadh. Tá a namhaide aige le troid & le cur fé
chois — tá buadh le breith ar an ndiabhal, & ar an saoghal, & ar an gcolainn.
Agus, díreach mar a ghéobhaidh an corp bás gan biadh fóghanta, mar an
gcéadna, gheóbhaidh an t-anam bás, leis, gan an biadh fóghanta úd, fuil &
feóil ár Slánuightheóra, i Sácraimínt ró-naomhtha na h-Altórach.



An ndéarfadh éinne gur leór biadh saoghalta do chaitheamh uair, nú
cúpla uair, sa mbliain? An bhfanfadh éinne, go toilthinneach, gan biadh
saoghalta, an méid sin aimsire? Agus, dá bhfanadh, an bhfeadfadh sé
chiméad 'n-a bheathaidh, & a dhualgas do chomhlíonadh chúcha súd a bhaineann
leis? Ní fhéadfadh, a Phobal, & ní fhanfadh. Agus, mara bhféadfadh
& mara bhfanfadh, cad é mar dhallacht aigne aige, faillighe do thabhairt i
mbeatha a anama, a's gur mó, go mór, le rádh beatha an anama, 'ná
beatha an chuirp d'á uaisleacht é.



Agus anois, a Phobal, chun an mhéid a thá ráidhthe agam i dtaobh
Comaoine do chur chun críche, cuirim ar bhúr súilibh dhíbh soluíd a cheap ár
dTighearna ag tagairt do Sháchrimínt ró-naomhtha na h-Altórach, mar a
léighimid 'sa Soísgeál d'réir Lucáis, caibidol a ceathar déag (léightears
an soisgéal anso). An cuire a bhfuaireadar-san, a Phobal, an lá úd,


L. 193


fad ó; tá sé fachta 'ge gach éinne againn-ne; cuire chun féasda a
neartóidh sinn, i gcoinnibh cathaí an diabhail, & i gcoinnibh trioblóidí an
t-saoghail, & i gcoinnibh droch-mhianta na colna. Agus an íde a thugadh
ortha súd a dhuiltuig do'n gcuire, tabharfars í orainn-ne, leis, má
thugaimíd faillighe i Sácraimínt ró-naomhtha na h-Altórach “go deimhin,
go deimhin, a deirim libh, ní shuidhfidh éinne aca chun búird, im 'fhochair,
go deó.”



N. B. — Tugtar fé ndeara na fuirmeacha “léightears,” “tabarfars”
arl. san seanmóin sin thuas; sin mar a deirtear an briathar saor i
mBaile Mochóda (F. eagair).



AN T-ATHAIR PÁDRAIG UA CATHASA.



DO'N CROIDHE RÓ-NAOMHTHA.



I.



A Chroidhe ró Naomhtha Íosa, is Tu mo dhóchas choidhche'
Pé dochair atá i n-dán dúinn, Is Tusa a Thighearna ár sgíth
Fé áthas nú fé bhuadhramh, Nú buailte faon gan brígh
A Chroidhe ró-Naomhtha Íosa, is Tu mo dhóchas choidhche



II.



Nuair a bheidh mo cháirde dil tar éis bháis, as bead-sa 'm chrádh go búan
A Chroidhe ró-Naomhtha Íosa, is Ort-sa iarrfad súan.
A's biodh mo Chrosa beag nú mór, is Ort-sa a bhead-sa ag guidhe
A Chroidhe ró-Naomhtha Íosa, is Tú mo dhóchas choidhche'



III.



Sidí mo ghuidhe amháin-se a Dhia, Mo dhóchas a's mo ghrádh
Sidí mo ghuidhe amháin-se a Dhia, Nuair a bheidh an bás am' crádh
Ansan a Dhia déin díon as sgáth, dom 'anam bocht i slígh
Go bhféadfad-sa go fíor a rádh
Gur Thú mo dhóchas choidhche'.



MICHEÁL BREANACH d'aistrigh ó'n Amhrán Bhéarla.


L. 194


LÁ NA CRUAICHE, 1921.



“Et exiit Patricius ad cacumina montis super Crochan Aigli.”
Mar seo léighthear i leabhar Árd Macha. Ní leighthear go ndeachaidh sé
suas ar shliabh eile ariamh. Tagh sé an sliabh seo thar sléibhthe na Éireann
uilig. Agus ní iongnadh ar bith é. An chruach ghorm áluinn ag eirghe suas go
na flaithas agus na sleasa fada garbha ag síneadh na mílte siar agus soir
badh aisteach an duine é nach gcuirfeadh siad sólás ar a chroidhe. Agus
níorbh aisteach an fear é Naomh Pádraic. Bhí grádh aige, rud do bhí ag
gach naomh eile do gach uile nidh dár chruthuigh Dia chun A ghlóire féin, agus
'an tairbhe an duine. Agus ó'n am a ndeachaidh sé suas ar an gCruaich
anuas tríd na bliadhantaibh chuaidh na mílte dá chlann spioradálta suas
air le siubhal i na choiscéimeannaibh le go bhfuighdís maitheamhnas in a bphea-
caidhibh agus le go dtmbhraidís onóir do'n naomh féin agus do'n tsliabh a
bheannuigh sé. An bhliadhain seo bhí ádhbhar eile ann. Bhí síothcháin ann agus
ba mhaith leo buidheachas a thabhairt.



Tamall maith roimhe sin gheall mé féin go ndéanfainn turus na
cruaiche, agus bhí sé i n-am agam anois mo gheallamhaint a chómhlíonadh.
D'eirigh mé ar a cúig a chlog. Ba bréagh an mhaidin í. Ní raibh néal sa
spéir. Ní raibh an ghrian na suidhe go fóill. Réir casamlacht' bheadh lá
breagh againn. D'fág mé an baile roimh a sé, agus d'éist mé Aifreann
i gCathair na Mart. Annsin nuair d'ith mé mo bhreicfeasta rinne mé
ar Mhuirisc. Bí sgataí buachaillí annseo agus annsud ar thaobh an
bhotha'r agus R. P. ar mhuinchille a láimhe chlé aca. “Is iomdha athrughadh
thigeas ar an tsaogal” dubhairt mé liom féin. Acht bhí athrughadh ar an
lá anois freisin. An Chruach a bhí gan sgamall airthi ar maidin bhí sí
clúduighthe ag an gceo. Tá fhios ag an saoghal nach deas an rud bheith
thuas ar bharr na Cruaiche agus doine annann. Bheitheá tuirseach, agus
do chuid éadaigh fliuch le allus agus leis an mbáisdeach agus ní fada go
mbéitheá ar crith leis an bfuacht.



Má's maith leat gan an fuacht sin do mhothughadh caithfidh tú suibhal
go socair ag dul suas duit, agus má tá an t-ádh ort ní bhainfidh tú le
biotáilte ar bith go dtaga tú anuas aríst. Ní misde dhuit greim beag
aráin a bheith leat in do phóca agus braon beag dhe'n bhiotáilte chéadna.
Munar gábhadh dhuit fhéin iad a chaitheamh bfhéidir go dteastóchaidís ó
dhuine éicint eile.



Bhí braon beag agam féin in m' póca agus greim mór aráin.
Gluais mé ar m'aghaidh ar mo shuaimhneas. Ní raibh aon deifir orm. Bhí
mé ann roimhe sin agus de bhárr an eolais a fuair mé, bhí a fhios agam
gur breagh an chomhairle festina lente anois seacas ariamh. Acht cé gur
shiubhail mé go mall níor bhfada go raibh mé ag cur alluis go tiugh;
faoi dheireadh thainig mé chomh fada leis an gcéad staisúin agus stad mé
annsin go ndearna mé an chuid sin de'n turas. Tharéis dom an staisiún


L. 195


a chríochnughadh, suas liom an chuid eile agus an chuid ba doilighe de'n bhealach.
Bhí na daoine ag teacht anuas na gcéadta. Is ar éigin a dhfhéadfainn
choiscéim a dhéanamh nach mbeadh duine sa mullach orm ag teacht anuas.
Tá daoine ann agus ní chuimhnighid ar dhaoinibh eile ar chor ar bith. B'éigin
dom suidhe síos cupla uair. Casadh caraid dom agus d'innis sé dhom go
raibh na seanmóirí tart. Ní chaillfinn iad ar ór, acht anois bhí siad
caillte agam muna bhfeicfinn sa Mayo News Dia Sathairn dhár gcionn.
Suas liom arist, daoine ag rith anuas agus gan áird ar bith aca ar an
dream a bhí ag dul suar, na clocha garbha géara ag sleamhnughadh faoi
mo chosa, an ghaoth ag eirghe ionnus gur bh'éigin dom mo lámh a choinneál
ar mo hata, an t-allus ag sileadh de gach ball díom, agus an bháisdeach,
acht ní báisdeach a bhí ann, acht ceobhrán dho mo phlúchadh nuair d'fhosglóchainn
mo bhéal.



Misneach! Seo sinn ar bárr na Cruaiche fá dheireadh. Daoine
ag déanamh staisiún, an chuid is mó aca agus na bróga orta, dream
beag coslomnocht. Dream beag ag gluaiseacht ar a nglúinnibh nochthuighthe
ó'n chroich mhóir go dtí leaba Pádraig. Aifreannta dá léigheadh ins an
teampall beag. Daoine annseo ag ithe a mbreicfeasta. Daoine
annsin ag caint is ag gáirí. Stad mé go ceann tamaill agus leig mé
mo sgíth sul ar thoisigh mé ar an dara staisiún. Rinne mé iarracht ar
Aifreann a éisteacht acht níor eirigh liom. Níor bhféidir rud ar bith
a dhéanamh annsin leis an dream gan mhúineadh a bhí ag gáirí agus ag
cabhaireacht os comhair dorais an teampaill agus an t-Aifreann dá
léigheadh taobh istigh.



Ní raibh radharc ar bith le feiceál ó'n Chruaic. Chuile rud clúduighthe
ag an gceo. Cá raibh:



“Ná sléibhte bréagha meala ar an taobh o dheas agus ó thuaidh.”
Lá breagh féadfaidhe a bfhuil ó Chliara go Neifinn Mór agus tiar ar an
taobh eile go dtí Clann Ghiobúin a fheiceál. Bheadh an dá Umhall agus
cuid mhaith de Iorrus Domhnann agus de Thír Amhalghaidh le feiceál.
Bheadh Cuan Modh agus na céadta oileán atá ann faoi do súilí. Acht
mur beag an ceo salach sin — Céard tá mé a rádh. Ní fada ó bhí
an ceo sin ag teastáil go géar. Ní fada ó bhí arm Ríogh Shasana
cruinnighthe thart timcheall ar an tsléibh seo. Bhí luingis bheaga is móra
aca amuigh i gCuan Modh agus ar an bhfairrge mhóir. Bhí an oidhche chomh
geal leis an lá ag na soillsí a bhí dhá chur suas. Bhí an t-I.R.A. ar an
tsléibh, agus bí a fhios ag an námhaid é sin. Bhí na buachaillí, na dun-
marbhthóirí, i sáinn anois. Bhí na dubhchrónaigh agus na saighduirí agus
marcshluagh an Ríogh dhá dtóraidheacht ar fud an tsléibhe. Ó is iomda
paidir dúthrachtach a cuireadh suas ar feadh an chúpla sin. Agus céad
moladh agus buidheachas do Dhia na glóire a dhall a súilí agus a chuir an
ceo beannuighthe sin síos ar an tsléibh; i naindeoin gach gléas catha agus
na soillsí breagh, níor ceapadh duine, tchí gur shiubhal na saighdunra na
mullach ar chuid aca.



Nach é atá fuar! Acht dh'á fhuaire dhá bhfuil sé anios is dóigh go
raibh sé go mór níos fuaire nuair bhí Naomh Pádraig annseo an Charghas


L. 196


úd cúig déag bliadhain o shoin. Do réir an Vita Tripartita is Dia
Sathairn na Cingcighise a chuaidh sé suas, acht deir úghdair eile gur ar an
Satharn roimh Chéadaoin na Luaithreamhán a cuaidh sé ann agus silim go
bhfuil an ceart ag an dream deiridh mar deir an Vita Tripartita féin
gur choinnigh ré sollamhain na Cásca i n-Acadh Fhobhair tar éis teacht anuas
dó. Ar chuma ar bith chaith sé níos mó na dhafhicid lá ar bhárr lom na
Cruaiche ag gol agus ag trosgadh agus ag guidhe ar ár son. Annsin
fuair sé na mílte grásta le haghaidh a chlainne spioradálta. Gealladh
dhó go mbáithfidhe Éire faoi an bhfairrge mhoir seacht mbliadhna roimh lá
an tSléibhe. An duine a déarfadh an bhéarsa deireannac de'n “faeth
fiadha,” gach lá gealladh dó go bhfuigheadh sé grástaí speisialta. Chuir sé
suas mar athchuinghe go leigthi do féin bheith na bhreitheamhain ar fhearaibh
Éireann ar an lá deireannach agus fuair sé sin. Ní'l a fhios againn
agus ní bheidh go bhfágamuid an saoghal seo cé mhéad a rinne an Naomh go
caondúthrachtach ar ár soin. Tá sé an tabhairt conganta dhúinn i gcomh-
nuidhe agus an t-am úd tamall beag ó shoin nuair a bhí na saighdiuirí
annseo ní raibh Pádraig díómhaoineach agus támaid cinnte go ndearna
sé a dhícheall ar a chla'nn óig dhílis.



Shuidh mé síos agus d'ith mé cuid de'n arán. Annsin cheannuigh mé
cupán tae. Sin é an rud a d'iarr mé ar cor ar bhith acht má's cupán
tae a fuair mé, níor ól mé cupan tae eile ariamh ar feadh mo shaoghal.
Galar gan náire an tart ámhthach agus d'ól mé é agus annsin buaileadh
isteach im-aigne nach raibh cupán tae féin, is cuma cé an sórt le fághail
ag Naomh Pádhraig. An dóchamhall agus an t-anró a dfhulaing sé ní
féidir linn iad a thuisgint. Acht bhí cleachtadh maith aige ar an dochamhal
agus ar an anró ón uair a gabhadh é agus é ina mhalrach sé mbliadhna déag,
ní mórán de shólás ná de shuaimhneas an tsaoghail seo a bhí aige. Nach
iomdha deagh-shompla a d'fhág sé dhúinn má bhí ionnainn aithris a dhéanamh
ortha. Bhí sé i gcomhnuidhe dilis don urnuighe. Mar deir sé fein insa
gConfessio.



“ut etiam in silvis et monte manebam, ante lucem excitabar ad
orationem per nivem per gelu per pluviam neque ulla pigritia erat
in me.”



Ní raibh sé leisgeamhail. Droch-éadach air bhféidir — “humiliatus
sum fame et nuditate” — agus é stiúcuighthe leis an ocras é na shuidhe
roimh eirghe na gréine, roim fáinnuighadh an lae féin é amuigh faoi
shneacta agus faoi shioc ag tabhairt aire do eallach Mhilchon agus é ag
guidhe i gcomhnuidhe. Deir sé i n-áit eile.



“et frequens in die orabam, magis et magis accedebat amor Dei
et timor ipsius et fides augebatur, et spiritus agebatur.”



Dá mbféidir linne aithris a dhéanamh air seo, narbh aoibinn dúinn.



Ba umhal foighideach an duine é. Ghlac sé gach cruadtan mar thoil
Dé.



Léighthear mar seo i n-áit eile.



“quidcquid mihi evenerit sive bonum sive malum aequaliter debe
suscipere”



agus i n-áit eile fós


L. 197


“quia a Deo recessimus et praecepta ejus non custodivimus et
sacerdotibus nostris non obedientes fuimus.”



Leabhar breagh le léigheadh seadh Confessio S. Patricii. Faghthar locht
eis nuair nár innis sé dhúinn go cruinn cé an áit a rugadh é nó cé an
sórt creidimh a bhí ag na Seandraoitibh. Acht cé an bhrigh an méid sin.
Innsigheann sé dhúinn rud is tairbhighe go mór ná sin. Cuireann sé i
n-iúl dúinn cé an sórt fear a bhí ins an naomh. Tuigimíd uaidh an,
fhoighid agus an tsimplidheacht agus an umluigheacht a bhí ann, an grádh a
bhí aige do mhuintir na hÉireann céard a bhí ag goilleadh air, céard a bhí
ag déanamh trioblóide dhó cé an aigne agus cé an misneach a bhí ann
nuair a thug sé faoi an obair mhóir sin.



TÍR AN ÁIR.



SLÁN AN MHIC-LÉIGHINN.



Mo chúig chéad slán le léigheann na sgoile,
'Gus le gach ollamh cheannsa,
Feuch mar táim chó saor le bramach
Scaoílte maidin Samhraidh!
Tá'n fáscadh bogtha uaim ó'm chroidhe,
Do bhí am'bhrú go talamh;
Gach scrúdú-seift do cheap an diabhal —
Mar bhínn-se ríamh im'balbh!



2.



Mo shlán fé mhíle leat a Thomáis —
Is naomh na sgoile tusa —
Do b'fheárr liom, ámh, nár scríobhais siolla;
Do m'chloigeann bhéadh níos fusa!
'S a Cheaint, a mhic, a chladhaire shleamhain!
Seo miliún miliún slán leat
Ba mhinic mé go féith-lag fann
'Tabhairt Íarracht fé d'dhreólánacht!



3.



Is libh go léir, a dhream dhíchéillidhe
A bhain uaim brígh mo mheabhrach
Mo shlán-sa libh, is le nbúr gcéill-ne,
A Fheallsaimh is a Fhealltaigh!
Níl ionnam uaibh ach carn croicneach,
Gan spide fí' ar m'chnámhaibh;
Is súgach croidheamhail libh mo shlán
(Gidh fánach 'gam a rádh libh).



“RIDIRE.”


L. 198


OIDE MÚINTE NA MBOCHT. — IV.



Abair na trí subháilcí diadha. R. Creideamh, dóchas agus carthanacht
TEAGASC — Gairmtear subháilcí diadha díobh-so, de bhrigh gur le Dia
a bhainid go h-iomlán; óir is do Dhia a ghéillimíd in gach nídh a bhaineann
le creideamh, agus is ann atá ár ndóchas, grásta agus glóire d'fhághail,
agus is dó atá searc agts síor-ghrádh ár gcroidhe os cionn an uile nidh.
Bronann Dia na subhailcí seo ar an anam ins an mbaiste do bhrigh nách
féidir flaitheas Dé do rochtain gan iad; óir is iad a árduigheann agus a
chríochnuigheann adhbha (o.i. adhbha — an abode) na beatha spioradálta a
bunaightear ar chreideamh, a breisightear le dóchas, agus a iomlánuighthear
le cartanacht. Is iad na h-eochracha len a n-oscailtear dóirse na
bhflaitheas — le creideamh, faghaimid éolas ar Dhia, ár n-árd-shonas bith-
bhuan. Le dóchas faghaimid misneach agus mór-mhian chun triall air,
agus le carthanacht faghaimid dul in a sheilb agus sinn féin do tháthú leis.
Is leis na trí subháilcíbh diadha so, tosnuightear agus críochnuightear an
uile deagh-obair agus gan iad, ní théidheann deagh-obair ar bith i sochar
don anam; óir gan creideamh, ní féidir Dia do shásamh, ná ár ngníomhthra
do thréorú chun ár gcríche déanaighe; gan dóchas, níl dualgas ná díol-
uíacht le faghail againn, agus dhá fheabhas ár ngníomhthra, ní féidir dúinn an
bheatha shíorruidhe do thuilleamh ná d'fhaghail gan carthanacht. Uime sin,
is éigean dúinn na trí subháilcí diadha so do thaithighe ar feadh ár mbeatha,
agus 'nuair thiocfadh linn rochtain don mbeatha shuthain, ceileabharfadh
[dúinn] creideamh agus dóchas, ach gnáth-mhairfeadh an charthanacht mar lón
do-scaiptheach don anam ag méadú aitis agus aoibhnis na naomh.



FOIRCHEADAL — Machtnaigh, a chríostaí, cad é an rian atá déanta
agat i bhfoirbheact na subháilcí ndiadha so. Ar dhírighis d'inntin agus d'aigne
ar Dhia, d'árd-shonas síorrúi', le neart do chreidimh! Ar chuiris do
mhian agus do mhuinighin ann le líonmhaireacht do dhóchais! ar thughas gean
agus grod-ghrádh do chroidhe go léir dó, le teas agus tréan-loscadh do
charthanachta! Fairiór, is eagal liom, gur suar nó gur éag [? in éag]
do chreideamh, an tráth [a] ghéilleann tú chomh minic agus chomh mí-mhisniúil-
so don bpeaca'; agus gur lag é do dhóchas, de bhrígh, an tan, thagann
mí-adh ar bith ort, ná fulaingeann tú go foighneach [é], agus gur céileabh-
radhach (departing) [MS. céileabhair] do charthanacht, an tráth [a] bhíonn tú
chomh spairt-fhuar-so i seirbhís De d'ár dual fonn agus fíor-dúthracht
do chroidhe go léir. Impidhigh ar an dTiarna na trí subháilcí diadha-sa do
ghabháil preimhe níos daingne agus níos doimhne in do chroidhe. Bí
feasta níos dúthractaí' i leas d'anama 'ná bhís roimhe-so, ó chíonn tú
cad iad na meóin neartmhara agus na tíodhlaicí spioradálta a sruthann
ó Dhia féin chughat.



An t-Athair L. Ó hUALLACHÁIN.


L. 199


SEANMÓIN AR RÍOCHT DÉ



(Ar Lanúint).



Chun an cheist seo dho réiteach, cuirimís daoine dea-bheathacha a's
droich-bheathacha i gcomórtas le chéile, agus feicimís an lia de chruadhál-
aibh agus de mhí-comhgharaibh (MS. vi-choguir) do bhíonn i mbeatha rialtha
ná i mbeatha mhí-rialtha agus ar dtúis cuirfimíd i gcomparáid le chéile
duine measardha i ndigh agus duine iomarcach, ólach. Bíonn ciall ag
duine stuamdha gan mearthall agus a cheann fionn-fhuar. Dá réir sin,
tá i gcumas (= sé in a chumas) a ghnótha a dhéanamh amuich agus ag baile,
ar margadh agus ar aonach go stuidéartha agus go h-eagnaí agus casadh
abhaile go tráthúil agus go síochántach. Ní chuireann sé a mhuinntear
thighe thrí chéile ná a chomharsa in earraid leis. Sul a dtéigheann sé chun
codlata, féadann sé baochas do bhreith le Dia ar son a ghrástha agus a
thabharthasaí do ar feadh (MS. feah) an lae, agus ó tháinig sé ar an saol.
Ach coimeádann an duine ólach cuideachta le drong daoine nár cheart
(MS. na mo cheart — is the sense in a gcaithfeadh sé) do dian-chaiteamh
ina ndiaidh (MS. aníah) [a] bheith aige, gan, go fiú aithne phearsan do
bheith aca air; do bheir sé faillige in a ghnó, cailleann sé a chiall, bíonn
i ndéanamh agus go minic páirteach i n-earraid, (MS. a yároid) i mionna
móra, i bhfocalaibh agus i n-amhráin (amhránaibh) neamh-gheanmnaí, agus ni
go fánach i mbruigheanta agus i ndortadh fola. In éaghmuis (MS.
niamuis) a chéille a chailliúint, caillean sé a aimsear, a chuid airgid, a chlú,
a shláinte, síocháin aigne agus grástha Dé. Agus de bhrígh gur minic do
thuit sé amach gur cailleadh fear óil, le tuitim dhá chapall nó len a mhúcadh
i ndígh, bíd a bhean agus a chlann fé bhuairt go dtagann sé abhaile, agus ní
móide a suaimhneas é 'theacht. Níl teora len a ghairbheacht (MS. yoríacht
? dhorrdhaíacht) agus len a mhadramhlacht thuatúil. Ní féidir é stuanú ná
shásamh. Fé dheire, thréis deire a ghruamacht' do scéithchan (MS. skéichann)
thréis na mionn mór agus na h-úirlicí; tuiteann a chodla air, baintear
éadach dhe, agus caithtear ar leabain é, amhail beithígh, gan cumas baochais
do bhreith le Dia, ná focal úrnaithe dho rádh, gan cuimhneamh ar bhás, ar
bhreithiúnas, ar ifreann, ná ar fhlaitheúnas, chun gal a chraois agus a
phótaireacht do scaipeadh le codla. Anois fágaim fé nbhur mbreithiúnas,
nách daor a cheannuigh sé aon aiteas dá bhfuair sé in ól na dighe, agus
fiafruighim (MS. fíarím) dhíbh ce'cu den bheirt dh'áirmheas (MS. aríos),
is fearr d'athair clainne dhe chéile dhe mhac, dhe cliamhain, nó dhe chomhar-
sain, nó ce'cu dhíobh (gan trácht ar an saol atá le teacht), is sáimhe
(MS. sáá) agus is suaimhneasaí beatha, sa tsaol atá láithreach. Cuirimís
anois i gcomhmóradh le chéile duine siochánta agus duine bruigheanach


L. 200


(MS. bríonach). Níl eagla ar an nduine síochánta ar aonach ná ar
margadh, i mbaile mór ná i dtuath, go dteangmhochaidh (MS. deangó) sé le
namhaid. Ní ghníonn (MS. neun) sé dochar ar bith, ná díobháil d'éinne,
agus, leis sin, níl namhaid ar bith aige. Tá sé i síocháin le Dia agus le
na chomharsana go léir. Tá meas mór ag a “conavuihi” air agus
fós ag daoine móra le feabhas a chlú. Cé dh'eadh (MS. Keyah) is conn-
tabharthaí cor fhir na bruighne ar aonach agus ar margadh mar gheall ar a
liacht de dhaoine dhá ndéarna sé dochar ó uair go h-uair agus ar a
n-iomadúlacht n-a n-airmheann (MS. arionn) sé bheith dh'ualach air, páirt
do thogáil leó i gcás bruighne nuadh, cheann mar chongmhadar (MS. chúna-
dar) — san leis ins na bruigheanta dhéin sé féin! Ach, nuair a ranóchas
(MS. rangós) bruighean ar a lámhaibh féin, tuigidh, cad as a bhfuighidh sé dhá
duadh! Cad a bhfuil de shlightibh aige le beartú agus do thafann (MS.
hahan) le déanamh; cad é méad imshnímh ag cur teachtairí ó bhaile go
baile agus ó pharóiste go paróiste d'iarraidh MS. íaracht) ar a ghaolta
agus ar a charaid chun a gcruinnithe i gceann a chéile, le h-aghaidh gnótha
damanta, 'sé sin, fuil a gcómh-chréatúirí do tharruingt. Aiteas do
gheibhid lucht bruighne in obair Íosa Críost do chur ar gcúl: Chun síochána
do chur ar bun do tháinig (MS. hanih) an Slánuitheoír agus is é foghmhar
(MS. for) fhir na bruighne an t-imreas. Dá bhrígh sin, seachanuighid
daoine dho chéill (MS. yo cheil) a chuideachta agus an uile cómh-luadar leis.
Tá [a] aigne ar fiuchadh le díolthas, maireann sé 'na namhaid ag daoine,
agus do-gheibheann sé bás 'na namhaid ag Dia, do bhrígh ó dubhairt Críosd
gur beannuithe lucht déanta na síochána, nách foláir gur drong mhalluithe
lucht a bhriste. Anois ag cur duine geanmnaí i gcomparáid le duine
drúisiúil, is ró-thaithneamhach í cáil duine aca, agus is gráiniúil í cáil an
tara duine. Múchann an duine geanmnuí gach droch-smaoineamh
d'eirgheann in a aigne, iompuigheann a shúile ón uile ní' do bhrosdóch'
chun peaca é: 'sé a mhór-imshníomh mairiúint (? marachtaint) in neamh-
chionntacht béasa agus lonnú insa ghlaine-chroidhe tá taithneamhach i láthair
Dé agus duine, agus n-ar ag tagairt do a dubhairt Críosd, gur bean-
nuithe lucht an chroí' ghloin, mar do (MS. a) chífid siad Dia bun-os-cionn
leis seo, slogann an duine neamh-gheanmnaí an druís in a shúilibh, scéith-
eann (MS. skéion) sé í le n-a theangain dhiabhalmhar, agus, mar, is uirthe
bhíonn sé ag marthanna dho gnáth, in éaghmais a dhroch-ghníomhthra, bíonn sé
cionntach i suim gan áireamh dhe smaointe damanta. Meallan sé an
bhean óg dhealbh agus an díleachtaí gan mháthair, tarraingeann chun droich-
bheart do stiúireochas go h-ifreann iad, agus in éagmhais a chortha féin,
bíonn sé freagarthach i láthair Dé 'na bpeacaí súd go léir. Tá nimh ar
[a] fhocail, tá [a] anál foghlach, agus sladann sé anmnacha na muinntire
do thaithigheas a chuideachta; bíonn sé in a bhun le h-éad agus imreas
idir lánúna pósda, agus tarraingeann iad féin agus a gclann chun
mí-ádh' agus aindheise; agus taréis a bheith dhá únfhairt féin i ndríb a
pheaca, a bheith dhá stracadh 'ge cnuimh a chogúis, tar éis mórán mallachtaí
do thuilleamh agus déora do tharraingt, tar éis réir an diabhail do
ghnáth-dhéanamh ar feadh a shaoghail, téidheann sé fé dheire ó theine na


L. 201


drúise, do bhí ar síor-lasadh 'na chroidhe go teine ifrinn ná múchfar go
deo.



Ón a ndúbhradh, ag déanamh compráide subháilce agus dubháilce
le chéile, measaim, a dhrbhráthaireacha (MS yriharachu) go dtugabhair
bhur mbreithiúnas ar shuaimhneas aigne agus ar shéan na muinntire do
mhaireann go rialtha agus ar chor anacrach na ndaoine do thugann iad
féin ar dhroic-bhearta, agus go bhfuiltí deimhnitheach gur mó dho chruadháil
d'fhuilingid siad ag leanúint a ndroch-cleachta agus fé sclábhuíocht a
n-ainmhianta ná gheibhid dea'-Chríostuithe i gcóimh-líonadh dlí Dé. Saothar-
uighidh mar sin ríacht Dé thar uile nídh, agus ná tugaidh ar aon ghnó eile, na
uidhthe atá riachtanach chun í' shroisint. Níl gnó ar domhan is fearr ná
dícheall a dhéanamh ar shonas shíorruí do shroisint. Deirid gan amhras,
saoltánaigh, ná faghann aiteas ar bith ach i gnótha agus i gcaitheamh aimsire
saoltha, le duine n-ar b'é a mhór-imshníomh flaitheas Dé do shaotharú, do
ghlacas go minic an naomh-shacramaint, do chuireann dúil in uaigneas
agus in úrnaithe — “cad is mian leis; cad is ghádh dho,” an duadh go léir
do ghabhann sé air: “Cad fé ndeara é bheith chomh leithileach a's tá sé.”
An tráth is mó go mór d'iongnadh (MS. iongana), ná tugaid iomlán na
gCríosdaithe iad féin ar réir Dé dho dhéanamh, ó tá [a] fhios aca gur
gearr é a gcairt ar a' saol agus nách fios dóibh cashoin a beidh deire léi,
ó tá [a] fhios aca go bhfuil an bás scannrúil d'ídeochas (MS. ídós) iad ag
druidim leó an uile lá, ó tá fios daoirse an bhreitiúnais, do bhéaras Dia
n-a bhfuil fios an uile nídh aige, ar dhroch-dhuine — agus an deifir uabhthásach
(MS. úchásach) atá idir phriosún ifrinn agus sólás síorruí fhlaithiúnais
(MS. hlahunais). Ca! ná fuilid plainéidí an aeir ag déanamh toile
an árd-Uachtaráin, agus a' síor-ghluaiseacht cruinn díreach ins na slighte
do roinn Sé dhóibh. Craobhscaoilid na flaitheasa, deir an fháidh (MS.
náig), glóire an té chúm iad agus taisbéanaid na spéartha an obair a
rinn sé; ná fuilidh beithígh na mbánta, éanlaithe an aeir agus éisg an
duibheagáin (MS. duigain) ag gnáth-leanúint na gcursaí do cheap sé
dhóibh! agus cad é an cúram is cirte, is onóirí agus is tairbhí dho chrea-
túir tuiscionach do bheith aige ná moladh agus adhradh thabhairt agus
friothálamh dílis do dhéanamh ar Thiarna na Cruinne! Faid tá an talamh
ar a seasamh (MS. shasúin ? seasamhain) 's é a' tabhairt lóin (MS. loinn)
da gcomhnuigheann air: faid tá an ghrian, an ghealach, réalta agus plainéidí
ag scéithchant (MS. skéchunt) a soluis ar an ndomhan; faid tá an uile
nídh eile (MS. eílih) fé smacht agus fé riail an té chruithigh iad; cad é an
fáth n-a mbeadh an duine, rogha a bhfhuil le feiscint d'oibreacha Dé sa
tsaol-so, agus cnú dhíograis' an Tiarna, ag déanamh storráin (MS.
starain, O.D a fit of passion) agus toirmisc i lár na dea' — “staula”
so? Cad é an fáth, neach ar ar dealbhadh cósulacht Dé, do deargadh
le fuil Íosa, do beathuighthear (MS. beahíhar) len a shacraimintí (MS.
hacramínih) do neartuighthear len a ghrásta, agus do cuireadh, an lá a
rugadh é, ar chúram agus fé chúmhdach aingil, gur b'é siud amháin, neac
atá earráideach in aghaidh an té chruthaigh é, agus ag cur i gcoinne a árd-
riartha san? Cad fé ndearna dhó a bheith chómh mór san ar baois nách é amháin


L. 202


nách sochar ach gur dochar agus díobháil do Chríosd do chéasadh ar a shon?
Cad é an fáth n-a dtarcuisnéoch' sé grásda Dé, go dtoghfhadh sé an
domhan mar mháistir agus n-a raghadh sé i ndiaidh [a] chinn go h-ifreann, in
ionad an tséin síorruí, dhár ceapadh é, [a] shaotharú dho féin? Ná cuiridh
mar sin, a dhrbhrátharacha, spéis ar bith i ráidhte ná í mbarúlacha saol-
tánach, ach saothruighidh, mar a threasuighim orraibh (MS. hrasuim eiriv)
airís, ríocht Dé, thar an uile ní' chun go mbeadh sibh fé luathgháir innte,
nuair imtheochaidh an saol-so agus gach a bhfuil taithneamhach ann gan
tuairisc. Amen.



LIAM Ó hUALLACHÁIN, do Sholathair.



DO'N MAIGHDEAN MUIRE.



A Mhaighdean a Óigh-ghlan,
Róthróichreach róchaomh
A bheanríoghan na glóire
A lóchrainn na Naomh
Ó éist liom, is brónach
Mo ghlór ort ag éigheamh
As mo namhaid go úrchóideach
'Na slóigt' ar gach taobh.



Tá an saoghal so, mo dhraoil chorp
Is cómachta dúb'n díabhail
Am leagadh sam leónadh
'Sam scóladh gan chíall
Gan cabhair uaitse 's conghamh
Ní fóghanta mo thríall
Ó déinse 'rm fóirthin
A chóirbhuime fíall



'Nis guidhim-se 'rt le díoghrais
A shóillse gan ceó
Go mbeathá-sa 'm choimhdeacht
De oidhche 's de ló
Tabhair fuath dhom, a Mháthair
A's gráin ar gach chlaon,
A's ná tréig-se la'n bháis mé —
A ghrádh na bhfíoraon.


L. 203


CUSTOS, QUID DE NOCTE? — III.



Má tháinig feidhm riamh i n-ar ghábhadh urnuighthe agus aithrighe chun
droch-ghnó ár namhad do chur ar neamh-nidh, tá sí ann anois; agus cia tá
ag gríosadh na ndaoine, chun na n-urnuighthe agus chun na haithrighe?



Ní bhainimíd leis an saoghal so i n-aon chor, agus leanamuíd é.



Tá 40,000 sagart 'sa bhFrainnc — 40,000 fear i seilbh dún daingean
agus neart Dé mar thaca aca. Gluaiseadh an 40,000 so amach go dána
chun catha agus airm aca, mar an íodhbairt, an briathar agus an urnuighe,
agus ní fada go bhfeicfear Sátan “sicut fulgur de coelo cadentem.”
40,000 fear armtha le comhacht Dé, nach éachtach an neart é sin! Ní
fheadar aoinne' ná go bhfuil an t-am tráthamhail chun an domhain do chur
ar a leas leis an gcomhacht so.



D'iompuigh dáréag an domhan ó 'n a aimhleas. Tá an gnó céadna
ceaptha do'n 40,000, agus an chomhacht chéadna aca. Do chuir an dáréag
cuspóir rómpa, bhí fios a ngnótha aca. Bhí clár oibre aca; bíodar ar
aon aigne; ghluaiseadar rómpa i ndlúth-threasaibh leis an intinn chéadna.
Go deimhin féin, is é is mó chuireann gnó ar ceal ná na smaointe do bheith
ró-neamhchruinn. Cuirtear cuspóir os cómhair an tsagairt agus chuige
sin cuirtear ar a shúilibh dó an gnó atá ceapaithe dhó.



Tagraimís d'uaisleacht an tsagairt: taisbeáinimís dó áilneacht,
neart agus comhacht an tsagairt i n-a n-iomláine: Críost eile an sagart,
sagart agus íodhbairt, sacerdos et victima.



Ní raibh fírinne riamh ní b'éifeachtaí agus ní ba thráthamhla 'ná gur
Críost eile an sagart, agus gan a mhalairt de bhrigh leis an ainm ná
a mhalairt de ghnó air. Cáilidheacht agus maitheasaí ár dTighearna
bainid leis an sagart, ungtha an Tighearna.



Tá sé ceapaithe dhó anmanna do shlánú agus d'fhuascailt, eadar-
ghuidhe agus eadarghabháil a dhéanamh idir na daoine agus Dia: Sin é an
sagart.



Is í an tsagartóireacht so a mholann Naomh Pól leis na Geintibh
Chun A ghnó do chóimhlíonadh, do dhein ár dTighearna íodhbairt de féin,
“oblatus est” d'íodhbair Sé é féin.



Críost eile is é an sagart, is ionann gnó dó is do Chríost agus ba
cheart dó an chóir oibre an fearras céadna do ghlacadh chuige. Ní mór
dó íodhbairt a dhéanamh de féin, agus an íodhbairt seo d'offráil do Dhia.
Is ró-léir sain.



Ba cheart do'n tsagart buan-íodhbairt a dhéanamh d'á bheathaidh mar
dhein ár dTigearna, mara mbeadh sain, ní mhairfeadh sé i gCríost
ungtha an Tighearna.



Sin í an fhírinne; sin í an chríoch: sin é an cuspóir. An té bhíonn
aonaránach, leithliseach, bíonn sé lag, scáthmhar de ghnáth. An uair ná
tuigtear duine, agus ná gabhtar páirt leis, agus ná tugtar fabhar ná
furtacht dó, baintear d'á mhisneach.


L. 204


Deinimís na sagairt do thabhairt le chéile, tarraingimís ó'n a leithlis
iad, agus cuirimís ar a súilibh dóibh an tairbhe, an brabús atá le baint as
dlúth-cheangal eatortha féin, as cumann sagart. An neart a bhíonn
riartha, dírighthe i gceart agus buan-tseasamhach, ní'l a chomh-thréan de
chomhacht ann. Ní éirigheann le n-ár naimhdibh ach toisc iad do chur le
chéile. Cuirimís le chéile leis an intinn céadna, Dia agus na hanmanna;
dlúthuighmís ár gcradas fé chuing chrábhaidh nó fé mhóid íodhbhartha.



Nochtar dóibh an chabhair a gheobhadh an sagart ó sna hanmannaibh d'
íodhbarfaidís iad féin i gcúis an chreidimh, agus an maitheas go dtiocfadh
leis a dhéanamh dóibh.



ASPOL AGUS IODHBAIRT.



Tá sé ceapaithe do'n aspol so aithne do chur ag sna daoinibh ar Íosa
tré anmanna do shlánú. An uair coisreagtar é féin i n-a íodhbairt,
cuimhnigheadh sé go seoltar fé'n ndomhan é, agus cúram gnótha fé leith
air. Íosa do sheanmóin agus gan dul fé ná thairis. Íosa do shean-
móin 'san áit i n-a mbíonn sé de réir a stáide agus a chéime, moch mall
agus is gach aon bhall. Bíodh sé seo a aon dualgas amháin, agus ní ceart
dó aon cuspóir eile do chur roimis.



Ní labhraid lucht leanamhna Shátain ach d'aon ghnó chun an chreidimh do
dhísciú; is chuige sain bíd siad ag síor-obair agus ag síor-mhachtnamh.
Ná bíodh de chuimhneamh ag an aspol ná de chúram air ach ríoghacht Dé do
shaothrú, agus í do bhuanú i sna hanmannaibh. Ná labhradh sé agus ná
oibrigheadh sé ach ar an intinn sin.



Íodhbraid camhtaí Shátain gach uile nidh chun a gcúise féin do chur chun
cinn. Ní mór do'n aspol íodhbartha a chomhthrom sain de shaothar ar son
creidimh Dé. I gcúrsaíbh an tsaoghail go léir, íodhbradh sé é féin; an
tsáimhridheacht, an caitheamh-aimsire atá dleaghthach agus ceaduighthe do'n
phobul, ní fuláir do'n tsagart iad sain do sheachtaint. Ní mór dhó
carthanacht do bheith aige, agus fulang do bheith aige ar gach cruadhtan;
is tríd sin cuirfear suim 'sa tsubháilce.



Ní ceart dó aoinnidh d'fheicsint ach na hanmanna, ná cion do bheith
aige ar aoinnidh ach ortha. Má tuigtear so, tuigtear an scéal ar fad.



Tá fé láthair daoine ar an saoghal so agus iad ag déanamh aimhlis a
n-anmainn tré dhroich-bheartaibh; is é naomhtacht an tsagairt agus sain
amháin a chuirfidh na hanamanna ar a leas agus a chuirfidh deireadh leis
na coirthibh.



Cuirtear i bparóiste sagart a thuigeann cad is iodhbairt ann, agus
dualgas sagairt, agus a riarann a bheatha dá réir, agus beidh feabhas
mór ar an bparóiste sain laistigh de bheagán aimsire.



Saoghal ar leithiligh iseadh saoghal an tsagairt. Ní dhéanfaidh sé a
bheatha do riaradh ar nós an phobuil, ach de réir a bheidh beartuighthe aige
féin roim ré. Ní chuirfidh sé suim i bhfánuidheacht cainnte ná i gcúrsaíbh
leamhais an tsaoghal, agus is neamhnidh leis an ghlóir dhíomhaoin.



Beidh an sagart dílis d'Íosa i naomh-shácramuint na háltóra, do


L. 205


Íosa íodhbartha ar ár son, agus do'n Mhaighdin Mhuire ghá hoffráil féin
i n-a híodhbairt chun an domhain do shlánú. Ní mór dhó bheith ag sean-
móinteacht gan sos ar na fírinníbh marthanacha agus a riachtanaighe is tá
sé ár n-anam do shaoradh, ar an íodhbairt agus ar na hurnuighthibh chun
ár slánuighthe féin agus anmanna na ndaoine do shlanú.



I n-árus na faoisdine, ní mór dhó creideamh neartmhar naomhtha do
bheith aige, na hanmanna d'fheiscint. Ní ceart dó bheith sásta le
cómhairle chomhgaraigh, ná le gnáth-theagasc, ach hanmanna do bhreithniú, do
thuigsint: “per ea quae sunt ad ea quae non sunt.” Cloisfidh sé
anois agus arís neithe ná baineann leis an bhfaoisdin, cruadhtain agus an-
ró an tsaoghail; cuirfidh sé suim ionnta, leanfaidh sé go dlúth cruinn
beacht na hanmanna. I n-aon fhocal amháin déanfaidh sé grádh do'n
tsubhailce do leathanú, agus mar sin méadóchaidh sé grádh d'ár dTighearna.



Sin clár oibre agus céim ar aghaidh ar son Íosa agus na n-anmann.
Cuirtear an sagart ar aghaidh an namhad amach, an sagart, Críost eile,
an sagart Íosa, an sagart ghá íodhbairt féin fé mhóid nó fé gheallamhaint
cráibhthigh. An sagart, sacerdos et victima, ag iomchar a chroise, agus
ghá taisbeáint lomnochttha do sna firéin. Is mar sin tógadh crann na
croise ar Chalbhairí, agus nochtadh do'n domhan uile é. Do ghlac na
hIúdaigh scannal uime, agus do bhain sé gáire magaidh as na Geintibh,
ach féach do dhein sé críostuidhthe.



“Hic positus est…,



Si exaltatus fuero, omnia traham ad meipsum.”



DONNCHADH Ó LOINGSIGH D'AISTRIGH.



FÁILTE AN AINGIL.



(Fonn: Seán Ó Duibhir a'Ghleanna.)



Go mbeannuighthear duit, a Mhuire,
Taoí lán de ghrástaibh uile;
It' fhochair tá an Tighearna,
Ó's tusa a Chailín.



Is tú de mhnáibh ár gclainne
Is beannuighthe go h-uile;
Is toradh fós do bhruinne,
Is beannuighth' Íosa Críost.



A Mháthair Dé, a Mhuire,
Guidh orainn go bhfuilimíd
N-ár bpeacthachaibh chlaona chuirpe!
Ó! Guidh orainn gan tlás!



Anois is le n-ár linn-ne,
Is fós an t-an a fhillfidh
Ár n-anama síar Chuige.
Amen. Bíodh mar tá.



R. De R.


L. 206


TUAIRISC NAOMH-TERÉISE I DTAOBH MNÁ-
RÍALTA NAOMHTHA.



(CAIBIDIL XIII — “LEABHAIR NA MBUN.”)



Bhí bean-ríalta againn san mhainistir seo dar b'ainm “Beatrits
Onnets” a raibh gaol éigin aice le “Donna Casilda.” Tháinigh sí roint
blíanta roimpe agus chuir sí íontas ar chách leis an spiorad abhí aice
agus leis na rudaí móra abhí ár dTighearna ag déanamh innti. Deimhnigh-
eann na mná-ríalta agus an bhean-airceannach nach dtugadar fá ndearna
riamh innti an fhaid a mhair sí annseo rud ar bith gur féidir locht a thabhairt
air; ní fhacadar áthrú ag teacht ar a gnúis ariamh acht í igcomhnuí go
suairc agus go módhamhail — cómhartha chinnte go raibh fíor-áthas aice
in a croidhe istigh. Ní bhíodh aon ghruaim ag baint léi agus í in a tost,
mar, cé go ndeineadh sí an tost a choiméad go h-ana-mhaith, do dheineadh
sí é in a leithéid de chaoi is nach bhféadfadh éinne a rádh gur rud aisteach é.
Níor cluinneadh as a béal riamh focal gur féidir locht a fháil air, ná ní
facthas ariamh í ag seasamh le na baramhail féin. Ní dhéarna sí a leith-
sceul do ghábhail ariamh, cé go ndeineadh an bhean-airceannach rudaí nach
raibh sí cionntach leó a chur in-a leith, le h-í a thríallú, fé mar is gnáthach a
dhéanamh ins na tightibh seo ar son an chlaon-mharbhadh. Ní dhéarna sí
gearán ar aon rud riamh ná ar éinne d'á siúrachaibh. Níor chuir sí as
d'aon duine riamh le bríathar béil ná le feucaint gnúise in aon dualgas
dá raibh uirthi le déanamh, ná níor thug sí le tuisgint do dhuine ariamh go
raibh aon locht uirthi, ná níorbh'fhéidir 'san chaibidil féin aon nídh
a chur in a leith, cé gur suarach ar fad iad na lochtaí a deireann na
ceartuighthéoirí go dtugadar fá ndeara. B'íontach go deó an ciúineas
abhí ag baint léi d'on taobh amuigh agus do'n taobh istigh: Ba é ba chionnt-
siocar leis an gciúineas sin ná í bheith igcomhnuí ag smaoineamh ar an
síorraidheacht, agus ar an gcríoch gur chruthuigh Dia sinn chuici. Bhíodh
moladh Dé in a béal aice igcomhnuí, & bhíodh sí ag síor-ghábail a buidheachais
leis; i bhfocal do bhíodh sí ag síor-ghuidhe.



Maidir le úmhluigheacht, ní dhéarna sí faillighe innti sin ariamh, acht
pé'r bith órdú a tugtaí dí do dheineadh sí go fonnmhar agus go h-áthasach
é. Ba mhór an grádh abhí aice dá cómharsain, mar go ndeireadh sí go
dtiúbhradh sí í féin suas chun a gearrtha i míle píosa ar son éinne ar
chunndar nach gcaillfeadh sé a anam agus go dtiochfadh sé go h-aoibhneas
adhrithár Íosa Críost: sin mar ba ghnáth léi labhairt idtaobh ár dTíghearna.
Na píanta millteacha abhí le fulaingt aice ó thinneas uathbhásach áirithe
ar a labhróchad níos déinnighe, chuir sí suas leó go toilteanach agus go
h-áthasach amhail is dá mba aoibhnisí agus sóghanna móra iad. Caithfe


L. 207


sé gur líon ár dTíghearna a h-anam le h-áthas, mar ní fhéadfaí an scéal
a mhíniú ar aon bhealach eile le comh mór is bhí an t-áthas le-n ar iomchuir
sí iad.



Thárla go raibh daoine áirithe daortha chun a loisgithe i gcathair
Bhalladolid mar gheall ar corthaibh móra. Caithfe sé go raibh a fhios
aice seo go rabhadar ag dul chun báis gan iad bheith comh réidh agus ba
chóir dóibh abheith, rud a chuir imnidhe mhór agus crádh-chroidhe uirthi. Mar
sin chuaidh sí go buartha cráidhte chuig ár dTighearna, agus d'iarr sí Air
ó'n a croidhe amach na h-anamanna sin a thabhairt slán, agus thar a gceann
sin d'offráil sí í féin le gach uile phían agus cruadhtan, dá bhféadfadh
sí, d'fhulaingt i gcaitheamh a saoil ar fad ar son a raibh tuillte aca siúd
nó ar son a slánuighthe, mar ní chuimhnighim go cruinn ar na focla a
dubhairt sí. An oíche chéadna sin bhuail an chéad taom de'n bhfiabhras
í, agus uaidh sin amach bhí sí i bpéin igcomhnuí go bfuair sí bás. Fuair
na cuirpthigh bás maith, rud a bheir le tuisgint gur éistigh Dia le-n a
guidhe.



Annsin d'fhás gor innti a chuir uirthi na píanta ba mhilltighe riamh
d'fulaing, agus theastuigh a thug Dia de mhisneach d'á anam ariamh uaithe
le cur suas leó go foighdeach. Istigh innti abhí an gor agus na leigheasanna
a tugadh dí ní dheárnadar aon mhaith dí go dtí gurbh' é toil Dé é gur
osgail sé uaidh féin agus gur thug sé uaidh an t-ádhbhar abhí bailighthe istigh
ann; thug sin faoiseamh éigin dí ó'n bpéin. Bhí dúil comh mór sin aice
san fulaing is nach raibh sí sásta leis an mbeagán, agus mar sin de, lá
féile Croise Naomhtha, le linn abheith ag éisteacht le seanmóin dí, do
mhéaduigh an dúil sin comh mór uirthi gur chaith sí í féin ar a leabaidh,
— nuair abhí an tseanmóin thart — ag sile na ndéor go frasach. Agus
nuair fiafruigheadh dí goidé ádhbhar a buartha, d'iarr sí ar a siúrachaibh
guidhe chun Dé go gcuiridh Sé a lán e fulaing chuici agus go mbéadh sí
sonasmhar sásta annsin.



Labhair sí leis an mnaoi-airceannach i dtaobh cúrsaí a h-anma ar
fad agus thug sin roint sóláis dí. I gcaiteamh a ré thinnis go léir níor
thug sí an trioblóid ba lúgha do dhuine ar bith, ná ní dheárna sí ariamh aon
nidh acht do réir mar ba thoil leis an mbanaltrain (infirmarian) é, fiú
amháin deór uisce d'ól. Daoine atá tugtha do'n úrnuithe a chleachtadh is
iondamhail go mbíonn dúil acu san bhfulaing an uair nach mbíon aon nidh
le fulaingt acu, acht ní minic a dheineann daoine nuair a bhíos neithe le
fulaingt acu, iad d'iomchur le háthas. Bhí sise comh tnáithte traochta
ó'n a tinneas agus ó n-a píanta uathbhásacha nár mhair sí ibhfad; agus
bhí gor san scórnach aice freisin sa gcaoi nár fhéad sí aon rud do shlugadh.
Bhí cuid des na siúracha in a seasamh thart-thimcheall uirthi an uair adubhairt
sí leis an mnaoi-airceannach abhí ag cur sóláis agus misnigh uirthi, do
réir a dualgais, chun an oiread sin d'fulaing go foighdeach, dubhairt sí
léi nach raibh aon phían uirthi agus nach ndéanfadh sí malairt-áite leis an
siúr bfhearr sláinte ortha go léir. Do choimeád sí a cuid súile comh
daingean sin ar ár dTighearna, a raibh sí ag fulaingt ar a shon, gur
choiméad sí a rún aice féin chomh maith agus d'fhéad sí é, ionnus nach


L. 208


bhfeicfeadh na daoine abhí thart uirthi cé mhéid abhí le fulaing aice; agus
mar sin de, acht amháin nuair abhí an phían go géar, is ar éigin a rinne sí
gearán ar bith. Ní raibh duine san domhan, dár léi, comh suarach léi
féin, agus mar sin de, comh fada agus d'fhéadamar-ne a fheicéal, ba
mhór í a húmhluigheacht.



Cúis mhór lúthgháire dí ab' eadh abheith ag cur síos ar shubháilceas daoine
eile; bhí sí an-chruaidh uirthi féin i gcleachtadh an chlaon-mharbhadh; 'gá
tarraingt féin síar ó chuile rud d'fhéadfadh sásamh ar bith thabhairt dí
chuireadh sí an oiread sin ealadhan i bhfeidhm is nach bhféadfeadh éinne í
do thabhairt faoi ndeara muna dtiúbhradh sé súndas mór dí. Shílfeá
uirthi nach mbíodh comhnuí ná comhrádh aice le lucht an t-saoil seo agus
a laighead suim is bhí aice ionta; mar, pé'r bith a tharlóchadh dí, cuireadh
sí suas leis, leis an gciúineas céadna i gcomhnuí. Dubhairt ceann des
na siúrachaibh léi go raibh sí cosamhail le daoine áirithe, atá uasal i
dtuairim an t-saoil, agus dá mbéidís ag fáil bháis leis an ocras go
mb'fhearr leó an bás d'fháil 'ná a fhios sin abheith ag éinne, mar, níor
fhéad na siúracha a chreidbheal nár mhothuigh sí rudaí áirithe, cé nár thug
sí comhartha uaithe 'riamh gur mhothuigh sí.



Pé obair abhíodh aice le déanamh nó dualgaisí le chomhlionadh, do
dheineadh sí gach nidh le h-aon inntinn amháin, sa gcaoi nár chaill sí luach-
saothar aon nidh acu, agus deireadh sí leis na siúrachaibh, “An nídh is
suaraighe ar bith a ghníos muid, má dheinimíd tré ghrádh Dé é, tá sé thar
gach luach: ba chóir dúinn gan aon nidh a dhéanamh acht leis an inntinn sin-
agus le-n A shásamh.” Toisc nár chuir sí isteach ariamh in aon ghnó nár
bhain léi féin, ní fhaca sí aon rud bun ós chionn in éinne ach innti féin amháin.
Do chuireadh sé as comh mór sin í dá labhróchadh aon duine go maith in a
taobh, go raibh sí féin árdeallach igcomhnuí gan moladh a thabhairt d'aon
duine abhéadh sa láthair, ionnus nach ndéanfadh sí é do bhuaireamh.



Níor thóiruigh sí a sóchamhal féin a choidhche, le dul isteach san gardha
nó in aon rud eile de'n tsaol seo, mar go mba rud mí-mhúinte é, mar
adeireadh sí, abheith ag feucaint éalodh ó's na píanta a chuir ár dTighearna
chuici: dá bhrígh sin, níor iarr sí aon rud riamh, acht bhíodh sásta igcomhnuí
le pé rud a tugtaí dí. Deireadh sí freisin go mba chros dí sólás
abhaint as aon nidh acht as Dia. Leis an fhírinne a rádh, chuairtigheas
eólas in a taobh ó lucht an tighe agus ní raibh éinne a thug aon nidh fá
ndeasa innti ariamh nach dual do dhuine an-fhoirfe.



Nuair tháinigh an t-am gurbh é toil Dé í thabhairt as an saol seo,
mhéaduigh ar a cuid fulaing; agus bhí an oiread sin galair ag gábhail dí
le chéile agus í comh chiúin sásta ag fulaing fútha gur tarrainguigheadh na
mná-ríalta le cuairt thabhairt uirthi go minic, mar gur chuir sin fá
ndeara iad Dia do mholadh. An séapléineach go mór-mhór, abhí in-a
oide-faoisdine ag na mnáibh-ríalta agus in a sheirbhíseach an mhór do Dhia,
bhí dúil mhór aige abheith i láthair le linn a báis; bhí seisean in a oide-
faoisdine aice agus naomh ab' eadh í, dár leis. Ba thoil le Dia an dúil
sin a shásamh, mar, toisc go raibh a ciall agus a tuisgint aice, nuair
abhí an ola dheireannach curtha uirthi, cuireadh fios air chun absolóid


L. 209


thabhairt dí agus cuidiú léi le bás d'fháil, dá mbéadh a chongnamh ag
teastáil an oíche sin. Tamall beag roimh naoi a chlog nuair abhí na
siúracha go léir in a láthair agus é féin freisin d'imthigh a cuid píanta
ar fad, timcheall ceatheramha uaire sul ar éag sí.



Dhearch sí suas uaithe annsin agus í lán de shíothcháin; bhí rian an
áthais ar a haghaidh, ag taithneamh amac uaithe, mar adéirfeá, agus bhí sí
féin mar abhéadh sí ag breathnú ar rud éigin a chuir fíor-áthas ar a
croidhe, mar rinne sí mion-gháire faoi dhó. Bhí an méid sin áthais-
spioradálta agus lúthgháire ar na síuracha go léir abhí thart-thimcheall
uirthi agus ar an sagart féin is nár fhéadadar a rádh acht gur cheapadar
go rabhadar i bhFlaitheas. San stáid áthasach sin a bhfuilim ag labhairt
fúithi, agus a súile árduighthe suas chun na bhFlaitheas, tharraing sí a h-anál
deire agus cosamhlacht aingil uirthi; óir, ní misde dhúinn a chreideamhaint
mar gheall ar a creideamh agus a beatha, gur thug Dia chuige féin í, mar
chúitheamh as an dúil chroidhe abhí aice fulaingt ar A shon.



Deimhnigheann an séapléineach, agus dubhairt sé le-n a lán daoine é,
comh luath agus d'ísligheadh a corp san uaidh, gur mhothuigh sé boladh íontach
cumhartha ag éirighe aníos as. Deimhnigheann siúr an órdóimh freisin, na
coinnle círeach abhí ar lasadh ar fead an tóraimh agus na sochraide go
léir, nár laigheaduigheadh ceann ar bith acu. Tig linn a chreidbheal gur
thuit an méid sin go léir amach tré thróchaire Dé. Labhras in a thaobh
le sagart de Chumann Íosa abhí in a oide-faoisdine aice ar feadh mórán
blíanta agus a raibh cúram a h-anma air, agus dubhairt sé liom nach
rud íontach é, agus nár chuir sé íontas air, mar go raibh fhios aige go
labhruigheadh ár dTighearna léi mórán. Go dtugaidh Dia dhúinn, a chlann,
ó, 'a fhoghluim cionnus tairbhe a bhaint as comhluadar d'a leithéid sin agus
as comhluadar a lán eile a shéolann 's ár dTighearna chughainn isteach
ins na tighthibh seo. B'éidir go n-abróchainn rud eicínt in a dtaobh,
ionnus go ndéanfaidh na daoine atá beagán pathfhuar srían a chur leób
féin agus aithris a dhéanamh ortha siúd, agus go mbeimid go léir ag
moladh Dé a dheineann A mhórdacht a shoillsiú tré chúpla ban bocht suarach.



I gCeprano dhom, i n-aice na Róimhe,



AN BRÁTHAIR COLMÁN, O.D.C.



Nodlaig, 1921.


L. 210


NÓTAÍ.



Fides Intrepida.



Is ar éigin a bhí coicíos de bhaintreachas curtha dhí ag an Eaglais
ó bhás & adhlaca an phápa bheannuithe Benedict XV 'ná mar toghadh fear
eile in' ionad chun báirc nó naomhóige Pheadair do stiúiriú tre uisgíocha
an ant-saoil & í d'ainliú isteach i dtreo na síorruíochta. Aicilles
Rattí, Árdeasbog Mhilain & cáirdinéal 'sé an Pápa nua atá sa Róimh
i láthair na huaire seo. Sé togha an Choncláimh é. Ghlac sé Pius XI mar
ainim & teideal air féin. “Rugadh le linn Phíuis mé; thánag chun na
Rómha le linn Phíuis; tá ant-síocháin ag baint le brí na h-ainime; mar
sin,’ sé Píus a bheidh mar ainim orm” sin a duairt sé féin taréis
an toghtha.



'Sé do bheatha chúghainn! ad multos annos. Má tá aon fhírinne ná
aon bhunús le bréithribh Naom-Mhaolmhóig i dtaobh na tréithe fé leith atá
ag baint le comharba Pheadar, 'sé an tréith a bhainean le fear ionad
Chríost atá ar shuidhe an Iasgaire i láthair na h-uaire seo ná fides intre-
pida. Pe'ca san dé; tá sé tagaithe i gcoróin; tá glacaithe aige
leis an dTiára. Ní nách iongna, tá áthas aigne & atal croidhe orainne
in Éirin fé mar atá ar Chríostaithibh an domhain dá bharr. Is ó chroidhe
a ghabhaimíd ár gcómh-áthas leis. Beannuighimíd dó & tugaimíd ómós &
urraim ár gcroidhe dó; géillimíd dá údarás ró-mhór óir labharfaidh
Críost tríd an bPápa linn. Gura fada buan é fé shéan & fé shláinte
i gceannas an Chró & in-oifig shár-chúramaigh na Pápachta. Go dtugaidh
Dia na glóire neart & grásta go líonmhar dó chun a chlann spioradáltha
do sheoladh ar a slighe chun Dé.



Ní gádh dhúinn cursíos do dhéanamh ar eachtraíbh ná ar imtheachtaibh a
shaoil chaithte; tá cúntas ortha san le fáil i sna nuachtáinibh go mion má
theastuighean sé ó éinne. Tá aon tréith amháin ann & ní ró-shuarach mar
chomhartha meoin é ar an té go bhfuil cómhachta na n-eochrach ina lámhaibh
aige anois .i. bhí ana-chaitheamh aige i ndiaidh drapaireachta & fíodarachta
na n-árdsléibhte. Deirtear gur bhain sé amach an bheann is aoirde do
sna h-Alpaibh lá dá shaol. Tá an bheann is aoirde san saol spioradáltha
bainte amach aige anois. Bhí de mhisneach aige aghaidh do thabhairt ar
aoirde na n-Alp; tá aoirde sléibte de dhuadhaibh & d'anacraibh roimis
san saol nuadh; go dtugaidh Dia an misneach & an dánuíocht céadna do
bhronnadh air chun aghaidh do thabhairt ortha. Tar a héis tuigfear gach
beart, ámh.



M. Ó M.



AN SÍOLADÓIR.



Bhí an saol á chur go seamhrach & go rathmhar de le tamal ag an Síoladóir
óg. Bhí de shúil againn, go mórmór as ucht na riochta nuaidhe a thárla


L. 211


ar chúrsaibh na tíre le cúpla mí anuas, go mbeadh rith an ráis len-ár
n-obair feasta. Bhí gach cor & gach tuar i bhfabhar don teangain i gcás
go mbeadh ana-eirighe léi & fás thar na beartaibh as so amach indán dí,
mar úrlabhra na sagart ón althóir & mar ghnáth-theangain na coitiantachta
ar an dtenteáin & ar bholg na sráidean. Ní féidir d'aon Ghaedheal gan
áthas agus ríméad do bheith air toisc an cuma in-ar ghreamuig An Dáil
le ceist an oideachais i sna bunsgoileanaibh & i sna coláisdibh idirmheá-
nacha. Beidh cothrom na féinne á fháil fé dheire ag an nGaeluinn ionta.
Má's maith é is mithid é. Clár fónta, gan ghó, is eadh é. Tá súil
againn go bhfaghaidh sé cóir is ceart ós na daoinibh atá i mbun na sgol &
na gColáisdí. Má gheibhean, tá gach deá'ramh go mbeidh tora fó chéad as
an iaracht dá chionn. Cuirean an clár oideachais san spiona nua i
ngéagaibh ant-Síoladóra, gan aon mearathal; óir is chun an chuspa so
a bhí sé ag obair .i. go bhfeicidh sé aos óg na tíre á ngléasadh féin chun
saothruithe na teangan & chun náisiúin fíorghaolaigh do bhaint amach.



Tá an Síoladóir ansúd ar an bhán le dhá bhliain agus é ag grafadh
& ag rómhar go dána roimis, allus lena mhalaíbh ag túirt aghaidh ar an
obair, obair aimhréidh fhórdheacair dho-fhreagarthach ab' eadh í uaireanta,
sar a ndeantear talamh mín den mbán. Bhí an talamh lán de shalachar &
de charaigreachaibh, nár mhór dó, anois is arís, grafán nó ceapórd
d'aimsiú chun na ndrochluibhna do stracadh amach óna préachaibh nó na
clocha móra do bhriseadh. Soluíd iseadh í sin, sí Éire an gort; sí an
obair saothrú na Gaeluinne. Tuigtear as san an stracadh & an brúghadh
a bhíon á ngabháil againn san Irisleabhar so. Pé sgéal é, is air a bhí an
bhruid & an saothar, agus bhí ag eirighe leis; bhí a chroidhe lán de mhisneach &
de dhóchas.



Ach i láthair na bruide sin dó, buaileadh buille tubaisteach, ar nós
splainnc tóirthnighe, anuas ar mhullach a chinn air! Seachtain ó shoin,
mar is eol do shaol Fodla, dóghadh an fóirgneamh clódóireachta a bhain
le Muintir Chathail & a cho-lucht i mBleáthchliath. Chuaidh an monarcha go
léir ar bharr lasrach, agus níór fhág an teine aoinní sa tig gan dóghadh
ach amháin na seomraí oifigeacha. Do b'féidir le lucht na dóighteáin a
mhúchadh an méid sin do thárrtháil ón léirsgrios. Bhí suas le leathchéad
míle púnt de dhíobháil déanta ar na daoinibh gur leis an monarcha.
Dóghadh an gléas clóbhuailte, idir innilibh & maisínibh & lámhsgríbhinníbh,
ortha. Bhí lámhsgríbhinní i gcóir ant-Síoladóra ar a measc; dóghadh iad
go léir léir! Ba throm an buille sin orainn. Bíodh gur mór ant-
umárd an méid sin lámhsgríbhinn a bheith imthithe, ba dhá mhó ná sain an
t-umárd díthiú na lámhsgríbhinne ón Athair Peadar .i. an dara caib-
deal de bheathaidh Chríost Mac Dé! Níor bh'iongna é brón & mearathal &
corrabhuais anama do bheith ar an bhfear eagair de dhéascaibh na díthe
uafásaighe sin. Tá éileamh airgid á chur isteach ag lucht an t-Sioladóra,
mar chúiteamh beag, ar saothar ár sgríbhneorí, ní nách iongna. B'é leann
dé gur bhuail duine áirithe Liam Ó Rinn, isteach chun an Fhir Eagair, agus
ar chloisint dó an sgéal tubaisteach uaidh & conus mar a dóghadh an lámh-


L. 212


sgribhinn loghmhar de bheathaidh Chríost, duairt sé go raibh macasamhail
de le fághail! Tá an dara caibideal mar sin san uimhir seo de'n
Irisleabhar & ní bheidh aon bhrise ná beárna san saothar ró-loghmhor a
fhág ár rí-údar againn ar Chríost Mac Dé.



Ní mór a rádh gur ghlac gach sgríbhneoir fé leith an drochsgéal i
dtaobh millthe a lámhsgríbhinne air go hana-chneasta. Thuigeadar ár
gcás; ba mhór an sólás croidhe dúinn a ndeighchneastacht san uatha.
Gheall cuid aca go dtabharfaidís arís fé aiste do scríobh as an nuadh —
rud a dheineadar ó shoin. Ní cneastacht & dúthracht go dí é! Duairt
duine aca-san .i. D. Ó Súileabháin, gan bacaint le haon airgead do
chur ag triall ar, ach pé nidh a bheidh le teacht do ó Chumann an Urrudhais,
é do chur chun sochair don Irisleabhar seo againn! A chonách san air.



Tuigtear as an sgéal san thuas, a léightheoirí, go bhfuilimíd ag brath
oraibh breis cabhra do thabhairt dúinn. Tá an obair seo á déanamh
againn ar mhaithe libh & chun glóire Dé & onóra na h-Éirean & chun leathta
na Gaeluinne. Tá's agaibh ná fuil faic na fríde dá fháil againn as an
obair ach pé duadh & trioblóid atá ag baint le na chur amach. Níl
tuarastal ag éinne den triúr atá ina bhun. In aisce iseadh atá an
obair sin uainn — tré ghrádh dár n-oighreacht .i. an Ghaeluinn, chun í shaoradh
ón mbás. Ar na Sagairt níos mó ná ar aon dream eile seadh thuitean
an dualgas san. Tá níos mó comhacht aca, leis, chun a dhéanta. Cuiridís
an chomhacht san aca & an léighean san aca i bhfabhar na Gaeluinne. Bhí
iontaoibh ag muintir na h-Éirean riamh asta; má chíd siad na sagairt
dáríribh ar thaobh na Gaeluinne, ní lagú a thiocfidh ar an iontaoibh san aca
asainn — ach a mhalairt; is amlaidh is móide a thabharfaid siad féin chun
i fhoghluim.



“Ní aithnightear cara go cruatan”



Ní túisge a chualaidh an t-athair Liam de Londra, S. O.,sráid an
iarthair, B'leáthchliath, mar gheall ar an mbuille thubaisteach a thárla
don Síoladóir 'ná mar a chuir sé dhá phúnt ag triall orainn, agus san
in-aisce leis. San uimhir dheirineach, bhí trácht againn ar an duais
(7 bpúint) a thug sé do mhacaibh léighinn sa Róimh ar aiste darab teideal
“an dlúthbhaint idir Éire & an Róimh.” Fuaireamair na h-aistí uatha &
bhí an duais-aiste le cur i gcló againn san Sioladóir, ach mo mhíle chreach!
Dóghadh orainn é i dteannta na cod' eile. Iaraimíd ortha ár leath-
sgéal do ghabháil de dhéascaibh na méala. A chonách san ar an Ath. 'Liam.



Tá cara eile againn & comhnuí air i n-Eabhrach Nuadh 'sé Mícheál Ó
Leanacháin é. De réir na tuairisce a thug an t-Athair Séamus Ó
Mathúna dhúinn air, gabha isead Mícheál, rugadh i Mághealla é os cionn sé
dheich de bhliantaibh ó shain. D'imthigh sé thar sáile in-aois a ocht mblian.
Ta sé thall ó shain ag gabháil le na chéird. Thosnuig sé ar Ghaeluinn
d'fhoghluim tímpal deich mblian ó shain. Tá sí anois aige go maith, idir
chaint & léigheamh. Bhuail sé isteach chun an Athar Séamus chun cúig
dollair do chur ag triall ar lucht ant-Síoladóra. Síntúis in-aisce


L. 213


iseadh é. Níor mhaith leis cóip an Irisleabhair d'fháil ar son an airgid
sin, mar dubhairt sé go bhfaghan sé an Síoladóir i siopa in Eabhrach Nua.
Ní gádh a rádh gur shrois na cúig dollair sinn-ne i dtráth & go dtabharaimíd
baochas ón ár gcroidhe le Mícheál & gur a fada a mhairidh sé. Ós ag
trácht dúinn ar an gceist sin, ní tógfar orainn is dóigh liom a chur fé
bhrághaid ár gcarad go bfuil d'inntinn againn seomra fé leith d'fháil
sa chathair mar oifig i gcóir ant-Sioladóra, bun-áit an Chumainn mar
a déarfá. Táimíd ana-leathlámhach d'uireasbhaidh áite don t-sórd san.
Ach ní foláir roinnt airgid do bheith againn chun a leithéid de sheomra do
sholáthar.



Ní fheadar an mbeadh d'ádh orainn cara fial d'fháil ar ár léightheoribh
a thabharfadh réiteach na ceiste sin dúinn?



Léigheamair i nuachtán éigin le déanaighe go raibh 1,500 púnt
airgid ag lucht an Far East i dtosach barr sa chiste sar ar thosnuigheadar
ar an bpáipéar sin do chur amach! Ní raibh pinginn ruadh sa chiste
againne nuair a thosnuigheamair ar an Síoladóir do chéad-chur amach!
Tá ag eirighe linn, mar sin féin; nílimíd ar lomán lenár nglaodhtaí
fós, ámh. Níor fhéadamair aon t-síntiús do thabhairt d'éinne ar ár
scríbhneoiribh i ndíoluíocht ar a chuid saothair. Tá súil láidir againn go
dtiocfaidh an lá agus nára ró-fhada uainn é, nuair a bheidh ag lucht an
tSíoladóra farasbarr éigin sa chiste chun iad d'ioc. Ní fágfar ar lár
na seribhneoirí a chabhruigh linn ó thosach. Iocfar fós gach uile dhuine aca
de réir a chirt, le congnamh Dé. Ní “buachaill ag Móra agus Móra
a d'iarraidh déirce” againn an achainge sin uainn ar ár gcáirdibh.



“Ní neart go cur le chéile
Ní laige go scaipeadh.”



Ní féidir gan díombá mhór do bheith i gcroidhe gach deigh-Ghaedhil
toisc luighead Gaeluine a bheith i nuachtánaibh an lae indiu in Éirinn,
agus a bhfuil díobh ann! Dála an sgéil, níl teachtaí ‘na dála,’ leas-
muigh de bheirt nó triúr ortha, ag tabhairt aon deaghshampla a raghad chun
sochair don Ghaeluin. Táid siad 'dtaobh istig d'Ímpireacht na Breataine
i dtaobh na teangan go siúráltha! Páirlimint na nGaedheal agus
Béarla Sheáin i n-uachtar inte, 'sí atá againn i ndeire na dála! Is
mór an draoitheadóir Seán agus a chuid Abacadábra d'úrlabhra. Tá
aigne ár náisiúin fé dhraoíocht ag an dteangain iasachta. Choiméad sé
sinn ceangailte de thaobh Shasana le cuibhreach níos déine & níos téagartha
ná aon arm dá mhéid. Féach na tuilte focal athá ag na teachtaí á
stealladh uatha, ar phúnc bheag go minic; tá an buadh so leis an mBéarla
gur féidir an rud céadna do rád ar fiche slighe uaireannta.



I láthair na n-uaire seo, is ar éigin má tá aoinní eile ach an pholitíocht
le feiscint ar pháipéarthaib na cathrach. Ceist thar ceisteanaibh iseadh í,


L. 214


dar leo. Táid na nuachtáin ag déanamh a ndíchil ar séideadh fé'n dá
aicme pholiteacha. A leithéid d'imreasán gan chiall



“With Party leaders in each street
Maintaining with no little heat
Their various opinions!”



Chuirfeadh sé i gcuimhne dhúinn na neithe a léigheamar i dtaobh an ghleoidh a
bhiodh idir Anraoí Grattan & A. Flood. Tá Micheál Ó Coileán ag seasamh
ar onóir na Sasanach & ar an gconnradh a deineadh leo fé mar a bhí Grattan
agus tá De Bhaléra ag déanamh aithrise ar Anraoí Flood ag troid ar
son an Achta mar ar dhiúltuigh Muintir Shasana go raibh aon cheart acu
dlighe do cheapadh d'Éirinn, agus mar sin & eile…! Níl d'inntinn
againne teacht thar cheist dheilgineach na politíochta atá ag suathad ár
ndaoine fé láthair ach ní dóigh línn go bhfuil an iompar ceart ages na
nuachtánaibh móra agus páirt do ghabháil le h-aon taobh aca san aighneas.
Sé is ceart dóibh a dhéanamh ná íle do chaitheamh ar na h-uisgíbh suathte.
Tá seana-rádh ann gur “fearr ant-imreas ná an t-uaigneas” ach ní h-é
sin an saghas imreasa atá i nár measc fé láthair is bunchiall & is brígh
leis an sean-fhocal. Dá mba namhaid ghiúchach iasachta a bhí i gceist, b'fhearr
an t-imreas ansan ná uaigneas na daoirse. Ní mar sin atá, ámhthach;
ach cogadh na gcarad, isé atá ar siubhal. Go dtugaidh Dia go mbeidh sé
chomh neambhuan is a bhion an saghas san cogaidh. Táid na nuachtáin seo
againne ag cur na ndaoine ar mearathail — an seanachleas “suppressio
veri et suggestio falsi” á chur i gníomh aca. Is baol gur gearaid é chun
go dtiocfar ó imreas aigne chun láimhe láidre & ní bheidh ansan againn ach
achrann paróisteánach gur chúm an file air & é fé bhrón:



“Nach dealbh an sgéal é dá léigheamh ag gallachoin
Gur b'iad clanna Gaedheal atá ag déanamh an achrainn
Ag fealladh ar a chéile fé ghné gach seanacheirt
Bhest & Carabhat bán do thréig.”



Níl an sgéal tagaithe go dtí sin fós, ach ní ró-fhada go mbeidh an tobaist
chúghainn, má théidhean na daoine ó smacht. Táthar ag imeacht ón ndeagh-
smacht a bhí acu ortha féin le cúpla blian anuas. Tá na nuachtáin ciontach
n mórchuid den tríoblóid atá i nár measg. Féachaidís chun an sgéil do
leigheas, má tá aon ghrádh acu don tír. Cuiridis uatha an siotha seatha
a bhíon ar siubhal acu, agus tugaidís comhairle a leasa don dá aicme
pholiteacha. Ní féidhir liom gan cuimhneamh ar a ndubhairt Pádraig na
Léime (beannacht Dé len' anam) san dráma “an Cárthach Mór”
ag caint dó mar gheall ar dheilt idir cháirdibh Gaedheal le linn Eilíse:



“An Cárthach Mór — Is deochair aighneas do chur ar bun gan dá
thaobh a bheith páirteach ann, ach is deacra ná san é dhéanamh má thárluighean
gan aon taobh a bheith ciontach. Guala le gualainn mar ba cheart don
Gaedheal… sin ant-aon rud amháin a choimeádfaidh Banba
bhláthmhar ar a bhonnaibh.


L. 215


Domhnal Óg (O Eidirsceoil) —… go ndeinidh Dia na nGrást
gach aicme do riarú chun a ghlóire féin do bhuanú & mar mhaithe le clainn
na Fódla…



Cárthach Mór — Mara mbéadh ant-acrann mí-nádúrtha is amhlaidh a
bhéadh sgéal ag pór na nGaedheal ar fad. Mo mhíle mallacht ar an
éad nímhneach atá ag claoidhe ár ndúthaighe ó thúis agus ag á brúghadh fé
chois an eactranaigh…”



Gearán cóir & comhairle ár leasa, má leanaimíd é. Ní fheadar
cathain a thuigfid ár ndaoine cad é an díobháil dóibh féin & dá mbainean
leo an t-easaontas eatortha, ná cathain a thiocfaidh atharach aigne ar lucht
na bpáipéar? Maidir leis an nGaeluinn, ní féidir dóibh a rádh go
bfuil cothrom na féinne aca á thabhairt dí. Má leogaid siad giota beag
suarach isteach ionta, níl ann ach sop i n-ionadh sguaibe, nó ag caitheamh
cnámha don mhadra. Óir níl meas madra ag lucht i mbun na nuachtán
ar a léightheoiribh Gaeluinne. Níor fhoghluimighadar aoinní as na
h-imtheachtaibh a thárla sa tír seo le seacht mbliana anuas; bfhéidir nár
thuigeadar iad. Fágan san lucht na nuachtán ag trácht ar chúrsaibh a
thuitean amach i ngach áird don domhan & gan puinn le rádh acu ar an dtír
seo againne — ní áirmhim mórán ráiméise eile le na bhfuil a mbilleoga
aca á líonadh! operatio sequitur esse, is dócha; nó, mar a déarfadh
Gaedhilgeoirí é “cad a dhéanfaidh mac an chuit ach luch do mharbhú.” Tá
aigne ghallda aca fós; táid siad greamuithe ag an bhfear mhór thall. Dar
leo, níl aon atharach saoil tagaithe ar Éirinn ach amháin i dtaobh pholitíochta.
Tá breall ortha & dá luathacht a bhainfid siad an púicín dá shúilibh iseadh
is fhearr é. Brúghaidís gaedhilgeoirí isteach ortha & beidh na nuachtáin
freagarthach.



DHÁ OLLSGOIL.



Ní maith linn in ao'chor bheith ag cáineadh — óir ní ró-dheas mar bhéas
é d'fhear ná do mhnaoí. Ní oirean an béas san do bhioránach gas tamar
an Síoladóir óg seo againne ach chomh beag. Ach tá sé ráidhte go mbíon
an fhírinne searbh; bainean pian éigin le tarrach fiacail de ghnáth.
Dá bhrí sin, ná bíodh aon léightheoir ag déanamh iongna dhe má chíon sé
focal searbh ag breacadh bhilleóg ár n-irisleabhair anois 's arís. Tá
ana-dhíombádh orainn i dtaobh a luighead a bhíon á dhéanamh ar son na
Gaeluine ag an dá Ollsgoil .i. Ollsgoil Eaglaisánach i MaghNuadhad &
an Ollsgóil Náisiúnta i mBaile-Átha-Chliath. Nílimíd ag rádh anois ná
fuil an Ghaeluin dá múineadh ionta; ach ná fuil sí fé mheas ró-mhór
ionta, cé go bhfuilid ar a taobh. Maidir le méid na Ghaeluinne a thagan
amach uatha, is ró-shuarach le rádh é. Tagan líne an amhráin: “Táim-se
im' chodladh is ná dúisig mé” i gcuimhne dhúinn mar gheall ar an dá
shuidheachán feasa agus léighinn sin i dtaobh na Gaeluinne, ach go h-áirithe!
Bíon gnáth-chúrsa oideachais Ollsgoile ar siubhal fé lánréim ionta, gan
dabht-fé mar is ceart dóibh. Ach “oportet haec facere, néc illa cmittere”


L. 216


de réir a n-abran an Soisgéal. Ní ceart an leabarlan atá i gColáisde
Mhaigh Nuadhad fanúint díomhaoin gan iarracht do dhéanamh ar an stór
nó ciste MSS atá ag dreochaint ann do chur i gcló de réir chumais
lucht ceannais an Chólaisde. 'Dtaobh amuigh do bheirt nú triúr des na
hollamhnaibh, níl faic a bharra á dhéanamh ag an gcuid eile; agus a bhfuil
ann díobh. Cúis bhróin dúinn iseadh é gan priomh-cholláisde na h-Eaglaise
Éin irinn do beith ar tosach i dtaobh an adhbhair léighinn sin na Gaeluinne.
Cá fada a mbeid in a gcodladh! Tá an biorán suain i gcinn na n-ollamhan
sa cholláisde eile — ná dúisig iad.



MIONSCÉALA.



Dóghadh a raibh de thuairiscíbh bailighthe againn ar ár gcáisdibh le
déanaighe. Ní tógfar orainn, dá dhruim sin, a luighead a bhfuil le rádh
againn san uimhir seo den tSíoladóir.



Traosluighimíd don dr. ró-urramach Ó Domhnail, D.D. de bharr na
onóra & an ghrádaim nuadh atá fachta aige ón Róimh le déanaighe .i. go bhfuil
sé ina árdeasbog conganta don Chairdinéal in Árdmacha & go mbeidh sé
ina comharba ina dhiaidh. Gur a fada a mhairidh Sé an onóir & an gradam.
'Sé an Dochtúir P. Ó Domhnall a bhí i gceannas an tionóla dheirinnigh a
bhí ag Cumann na Sagart. Bhí sé i bhfabhar an Chumainn ó thosach & thug sé
cabhair & comhairle ár leasa dhúinn i dtaobh na hoibre atá curtha rómhainn
againn le déanamh. Agus d'fhág sé a bheannacht Easbuig againn. Tá
súil againn arís ná beidh aon t-sos lena cabhair & congnam uaidh dhúinn
i rith an t-saoil nuaidh d'aineoin an chúraim ró mhóir a bheidh air san
oifig ata glactha air.



Cuirsimíd fáilte is fiche roimis an Atair Burbage taréis a
theacht abhaile go slán fallám ó champa na mbráighe a bhí i mBaile Cionn-
leora.



Do budh olc an mhaise dhúinn é mara ndéanimís có-áthas & có-atal
leis an Dochtúir M. Ó Síothcháin, ollamh ré laidin & gréigis i Magh-
Nuadhad ar a ghairm ag an bPápa chun a bheith in a árdeasbog i Sydney,
Astraoileá .i. bheith ina chongantóir ar dtúis don Dochtúir Ró-oirbh.
Ó Ceallaig, árdeasbog, & ina comharba ina dhiaidh.



Tá áthas & brón orainn i dtaobh imtheacht uainn don Dochtúir Ó
Síothcháin. Cuirean an onóir & an grádam a fuair sé áthas orainn — níl
sagart in Eirinn is fearr a thuillean é. Tá brón orainn toisc go
gcaillean Eire & an Ghanluinn mac dílis dúthrachtach & oibrighe a dhein
cion fir ar son saothruithe na teangan. Cuir an Dochtúir Ó Siothcháin
na Déisig ar an léirsgáil & canúint na ndéiseach ar aitheantas mhuintire
na gcúigí eile. Sí ár nguidhe gura fada a réim fé chrois an deisceartig
fé shéan & fé mhaise & fé shláinte.


L. 217


LÉIRMHEAS LEABHAR.



“Don Cíochóté,” an t-Athair Peadar Ua Laoghaire, Canónach S. P. do
sgríobh ón Sgéal Spáinneach. Tá 'á fhoillsiú ag Brún agus
Ó Nóláin, Teoir, i mBaile-Átha-Cliath. Cuig sgillinge a fhiacha.



Tá an Ridire uasal fáin, Don Cíochóté, tagaithe go h-Éirinn, agus
'sé an t-Athair Peadar, beannacht dílis Dé len' anam, a thug chúghainn
é. Is mór an chúis gháire agus suilt dúinn an Ridire céadna & a ghiolla
mothaolach, Sancho. Caithfear admháil nár theip an uaisleacht ar Dhon ná
an ghéarchúiseacht ar Shancho, pé baois cainte ná gnímh a bhain don bheirt
fhear ghreanamhara. Is mó leabhar fónta sár-scríobhtha dár fhág an rí-
údar againn, ach ortha san go léir, ní dóigh liom go bhfuil aon leabhar in
aon ghaor chómh taithneamhach inléighte le Don Cíochóté. Fíon Spáinneach
glan ceart iseadh é, gan aon ghó. Is mór an focal san uaim, go mórmór
nuair a chuimhnuighean duine ar Aesop & ar Eisirt & ar Shéadna arl… ón
údar chéadna. Ní h-aistrúi focal ar Fhocal é in aon chor. Munab'
eadh, Maise, tá Don ina steilebheathaid againn ann, creaceáltha más
maith leat, ach in a dhuine uasal, agus Sancho agus Rósínanté & an
t-asal ballach & na h-eachtraí is fearr & is greannmhaire dá mbainean
le sgéal Cherbhantes.



“Don Cíochóté a tháinig go h-Éirinn” a theidiol ceart, fé mar atá
againn ar Aesop, is dócha; toisc ná fuil againn ach claon-aistriú ar
sgéal an Ridire Spáinnigh, agus a chulaith bhreágh Ghaelach air. Níor
léigheas an bunsgéal ón údar a chéadcheap é san Spáinis, ach tá an
t-aistrúi i mBéarla & sa bhFrainncis léighte agam. Gan amhras níor
aistrigh an t-Athair Peadar Leabhar Cherbhantis ina iomláine; d'fhág
sé cuid mhaith de i leathtaoibh; neithe neamhriactanacha iad san. Choiméad
sé bunús & cnámha an sgéil & an méid sin den fheoil air go bhféadfadh
an léightheoir a rádh gurab é an Ridire céadna é san dá leabhar ach go
bhfuil fillebeag air anois mara raibh fallaing air na Spáinnis. Bhí a lán
tromuiochta á casadh ar an údar gael ag scríbhneoir léigheanta áirithe le
déanaighe mar gheall ar na bheárnacha san dh'fhág sé san aistruí uaidh.
Tugan an fear eagair Conal Cearnach réidteach an ghearráin sin & mí-
thuairime sin' mbrollach an leabhair. Sidiad bréithre Chonail:


L. 218


Tá an cearth ag Conal Ceárnach sa méid sin.
Níor loit an Canónach saothar Cherbhantis, ach is amhlaidh a chuir sé feabhaisín
leis, bíodh nách minic a bhíon an sgéal mar sin 'dtaobh aistriucháin. Bhí
buadh fé leith ag baint leis an Athair Peadar chun oibre liteardha den
t-sórd san. Mhéaduigh ar an mbuadh san aige an sgéal do bheith lán de
ghreann fé mar a bhí leis an ridire greannmhar aféiseach. Bhí an t-Athair
Peadar i na mháighistir go binn & ar a rogha oibre agus é ag gabháil do
eachtraibh den t-saghas-sain; nú fé mar a dubhairt an Céitinneach ina
thaobh féin agus é féin ag cur síos ar Thighearna Dúin Bhóinne:



Dom is dleacht a leacht do líonadh



Dom is eol a sceol do sgaoileadh



Mar sin le h-údar an leabha'r nuaidh sin atá dá luadhadh agam.
Réidhtig an cursíos ar eachtraíbh an Ridire le buadh & le meon & le tuisgint
an grinn agus an “bizarre” a bhí go láidir ag an Athair P. Ó Laoghaire.
Rí-Shaothar ó Rí-Údar iseadh é.



Dhein an fear eaga'r a chuid féin den obair go hoilte; agus ba
mhaith an cuimhneamh aigé suím an sgéil do chur i mBéarla i dtosach an
leabhair; beidh san ana-áiseach d'fhoghluimtheoiribh. Tá a chion de thuapli-
síbh & de dhearmhadaibh chló san leabhar. Ní dóigh liom gur scríobh an t-Ath.
Peadar an focal “námhaid” ná “fiadháin” riamh mar atáid sa leabhar.



CRUACH MHÁRTHAIN.



LEABHAR FAGHÁLTA:



Mo dhá Róisín. Máire do scríobh. (Preas Dhún Dealgan, 2/6)



Cainnt Choitcheannta ó'n Ghaedhealtacht. Brighid Ní Dhochartaigh.



(Preas Dhún Dealgan, 1/6)


L. 219


ÁR GCÁIRDE.



Fuaramar síntúisí ó sna sagairtibh seo leanas ar son Chumainn na Sagart
nGaedhealach agus an t-Síoladóra. Tugtar an méid cruinn i ndiaidh coda des
na sagairtibh. Tuigtear 10s. i ndiaidh ainme gach sagairt eile.



AILFIONN —



Athr. M. Ó Domhnaill.



ÁRD MACHA —



Athr. Séamas Ó Doláin, 12S.; Athr.
Séamas Larchin.



BAILE ÁTHA CLIATH —



Athr. Macmathghamhna, £1; Athr.
P. Ó Ruáin, C. M.; Athr. P. Ua
Breathnach, C. M.; Athr. P. Ó
Laoghaire, C. M.; Athr. S. Ó
Mathúna, Athr. S. Mac Giolla
Phádraigh, Athr. E. Mac Suibhne,
Athr. D. Ó Broin (Booterst'n).
Athr. L. de Búrca (Sreath an I.),
Athr. A. Mac Cárthaigh, C. M.;
Athr. P. Mac Suibhne, M. E.;
Athr. L. de Lonndra, £2; Athr.
T. P. Ó Broin, S. P., £1; Athr.
A. Ó Fearghaill, £1; Athr. D.
Ó Deláinigh £1.



CAISEAL —



Athr. D. P. Ó Cathasaigh, P. S. M.,
Dúrlas Éile.



CIARRAIDHE —



Athr. D. Ó Conncubhair, 15s.; Athr.
D. Ó Brosnacháin, 15s.; Athr.
T. Suipeál, 15s.; Athr. T. Ó
Spealáin, 15s.; Athr. T. Ua
Muirthuile, 15s.; Athr. T. Ó
Gríobhtha, S. P.; Athr. D. Ó Fin-
nucháin, Athr. P. S. MacGearailt,
Adm.; Athr. D. Ó Muineacháin
£1; Athr. D. Ó Cathasa, £1; Athr.
P. Ó Cearbhall, Athr. S. Ó Loinsigh
(Tráigh Lí), 15s.; Athr. L. Betháin,
Athr. T. Ó Céilleachair, Athr. L.
Ferris, Athr. M. Ó Baoighill, Athr.
C. Ó hEilithe, £1.



CILL DHÁ LUA —



An Canónach D. Ó Deaghdha, S. P.,
£1; Athr. S. Ó Deaghdha.



CLUAIN FEARTA —



Athr. Uachtarán, C. SS. R., Iascair,
12s. 6d.



CLUAIN UAMHA —



Athr. S. Mac an tSionnaig.



DOIRE —



Athr. M. Ó Brolcháin, 10s. 6d.



FEARNA —



Athr. S. Ó Ceallaigh, Athr. P. Ó
Murchadha, M. S. S., £1; Athr. S.
Reámonn, S. P.



LUIMNEACH —



Athr. Uachtarán, C. SS. R., i Luimnighe.



AN MIDHE —



Athr. P. Ó Maoilmheana.



PORT LÁIRGE —



Athr. Seán Ó Céilleachair, S. T. L.,



£1; Athr. Micheál Ó Crotaigh, £1.



RATH BHOTH —



Athr. S. Ua Muireadhaigh, £1.



ROS —



Athr. P. Mac Aonghusa, S. P.; Athr.
S. Ó Mathúna, Athr. P. Ó Néill,
Athr. S. Ó Dugáin.



SÍNTÚISÍ EILE —



Athr. P. E. Mac Fhinn, D.D., Róimh,
£3; Athr. G. Ó Nualláin, M. E.,
Mágh Nuadhat, £1; Na Brátharacha
de la Salle, Beal Feirsde (per
S. Mac G.); An Árd-Mhathair,
O. S. D., Beal Feirsde (per S.
Mac G.); Athr. S. Ó Ceallaigh,
Birmingham, Ala, S.A.A., £1 4s.;
M. S. Mach an Laoich, Helena,
Mont.; per Beanrioghalta, £1.
Athr. M. Mac Coisdealbhaigh,
Greenoc, £1; Athr. R. de Róiste,
Nottingham; Micheál Ó Conn-
cubhair, O. S., Baile 'n Feiriteu-
raigh; Pádraig Ó Brian, O. S.,
Baile 'n Feiriteuraigh; Eamonn Ó
Cathain, O. S., Baile 'n Feiriteur-
raigh; Micheál Ó Caomhanaigh, O. S.,
Baile Dáithí; Partholán Ó Cin-
néide, O. S., Baile Dáithí; Micheál
Ó Luineacháin, Nuadh Cabhrach, £1;
Athr. T. Ó Buachalla, 13s. 9d.;
An Br. Deaglán, De La Salle,
Baile 'n t-Sionnainne, 12s. 6d.;
Seán Ó Dubhda, O. S., Smeric;
Diarmuid Ó Mathúna, Dochtúir,
Glas Naoidhean, £1; Athr. S. S,
Ó Gormáin, D. D., S.P., Ottawa;
Athr. T. P. Ó Brian, Derby.



TUAIM —



Athr. E. Mac Aodhagáin, Athr. S.
Ua Caomhanaigh, 15s.; Athr. T.
Ó Máille. S. P.; Athr. P. Ó
Ruáin, Athr. L. Ó Ceallaigh (Iris
Mór).


L. 220


CLÁR IOMLÁN IMLEABHAIR A DÓ.



Aiste ar an bhFír-Bheathaidh — II. 78



A Mhuire Mheidhrigh! (Dán) 158



An Croidhe Ró-Naomhtha (Dán) 91



An Dá Bhóthar (Sgéal) 42



An Fheis, an Dáil, agus an
t-Aonach i n-Éirinn 117



An Máighistir Scoile 182



An Phaidir i nDán 12



An Párrthas (Riomh-Rádh) le Dante 58



Aondacht na h-Eaglaise, Sean-
móin ar 142



Ar gCáirde 54, 108, 166, 219



Baois an t-Saoghail Seo (Dán) 38



Benedict XV., Pápa — R. I. P. 167



Bosga na Leitreach (Sgéal) 126



Buidhe na h-Éireann leis an
Muighdin Muire (Dán) 131



Céasta ár Slánuightheóra (Dán) 141



Cnámha gan Feoil:



An t-Síorraidheacht 71



Gnó an Chríostaidhe, a Anam
do Shábháil 21



Neamhshuim ag an Óige dá Cur
in Dia 125



Cómhrádh an Bhreithimh (Dán) 29



Críost Mac Dé — I., II. 109, 169



Custos, Quid de Nocte? — I., II.,
III. 72, 136, 203



Dán Aráis: As Duilleóig i gCo-
láiste San Isidóir 67



Dán Diadha 146



Danta:



A Mhuire Mheidhrigh! 158



An Croidhe Ró-Naomhtha 91



An Phaidir i nDán 12



An Párrthas (Riomh-Rádh) le
Dante 58



Baois an t-Saoghail Seo 38



Buidhe na h-Éireann leis an
Mhuighdin Muire 131



Comhrádh an Bhreithimh 29



Dán Aráis: As Duilleóig i
gColáiste San Isidóir 67



Dán Diadha 146



Do'n Croidhe Ró-Naomhtha 193



Fachtna Naomhtha 48



Guidhe Éireann chun Croidhe Ró-
Naomhtha 41



Lustra Decem Celebras! 163



Marbh ar Son na h-Éireann 65



Pápa na Rómha 140



Requiescat 77



Veni Creator Spiritus! 44



Dante 55



Do'n Croidhe Ró-Naomhtha (Dán) 193



Do Lochtaí na Teangan — I., II.
(Seanmóin) 33, 85



Fachtna Naomhtha (Dán) 48



Faoisdiní Naoimh Augustín — Lr. I.



Caibh I. — VI. 176



Fhuil Ró-Uasail Chríost, Sean-
móin Ar 68



Gaedheag i Leabhragán an Vatican 45



Guidhe Éireann Chun Croidhe Ro-
Naomhtha 41



Lá Fhéile Gobnatan 30



Lá na Cruaiche, 1921, 194



Léir-mheas ar Leabhair 50, 159, 217



LUSTRA DECEM CELEBRAS!
(Dán Laidneach) 163



Marbh ar Son na h-Éireann
(Dán) 65



Muire na nGaedhal (aiste) 13



Náisiún Gael-Ibheirneach, An —
II., III. 22, 100



Nóbhína le h-Aghaidh Lae' le Muire
'sa Bhfóghmar 155



Nótaí 52, 92, 147, 210



Oide Múinte na mBocht — II., III.



IV. 66, 139, 198



Paidir an Scabail 164



Phaidir i nDán, An 12



Pápa na Rómha (Amhrán) 140



Párrthas (Riomh-Rádh) le Dante,
An 58



Pelágius, Airdeirceach — Cá Rug-
adh é? 121



Prága v. Lobháin 187



Requiescat. Dán as an mBéarla 77



Ríocht Dé, Seanmóin Ar 132, 199



Saighdiúir ag Cómhrádh le Dia —
II., III. 39, 75



Seanmóintí:



I. Ar Aondacht na h-Eag-
laise 142



II. Ar an gComaoin Na-
omhtha 81



III. Ar Comaoine na Cásga 189



IV. Ar Gnó an Chríostaidhe
(Cnámha gan Feoil) 71



VI. Ar Lochtaí na Tean-
gain 33, 85



VII. Ar Neamhshuim ag an
Óige dá Cur i nDia 125



VIII. Ar Ríocht Dé 132, 199



IX. Sgéal Ióib & Sgéal na
h-Éireann 1



Sgéalta:



An Dá Bhothar 42



Bosga na Leitreach 126



Teachtaireacht an Aingil 185



Tighearnaí Thíre-Conaill 59



Tuairisc Naomh-Teréise i dTaobh
Mná-Ríalta Naomhtha — Caib.



XIII. — “Leabhar na mBun” 206



Úrnaighthe le n-Ofráil do'n Teagh-
lach Naomhtha 31



Veni Chreator Spiritus 44


L. 221


A Léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 222


COINNLE IGCÓIR NA H-ALTÓRA



75%, 25%, 65%, Céir na mBeach.



Ó LEATHLOBHAIR, TTA.,
14 CÉIBH ORMUIN, ÍOCHTAIR,
ATH-CHLIATH.



DÉANTA IN-ÉIRINN.



Tá gach aon tsaghas leabhair a bhaineann le h-Éirinn,
pé 'cu sa Bhéarla, in ár nGaedhilg féin, nó i nGaedhilg
na h-Alban le fagháil ó:



Máire Ní Raghallaigh,
87 Sráid Uacht. na Driseoige, Ath Cliath.



Scríobh chuichi i dtaobh aon labhair nó paipéir ar bith a
theastuigheann uait.



Mac an Iarla & a Chuid.



A Léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 223


FÉACH A CHÁIRDE!



Ar mhaith libh £5,000,000 a choiméad in Éirinn?



Má's maith, deunidh sibh bhur gcuid Urradhais leis



AN GAEDHEAL COMHLUCHT TAIGHDE UM
URRADHAS NÁISIÚNTA. Tta.



Ba chóir do gach aon tSagart a cuidíu linn!



Árd-oifigh: 30 Faithche an Choláiste, Baile-ath-Cliath.



Cléirigh & a chuideachta



An tigh thar bárr.



Igcóir na Cléire is ar
a bhfuil eolas maith
aca.



Ath-Cliath.


L. 224


AR BUN Ó 1824.



TOMÁS, LIAM & SEÁN Ó CEALLAIG, Baile Átha Cliath, 89 Sráid Íochtarach, Ghárdiner.



Oifigí: 1 & 2 Sráid an Fheistige, Baile Átha Cliath.



(Le h-air Bhannc na h-Éireann).



Fíor-Fhíon Altóra



Iarramhuid go h-umhal ar Uachtaráin na h-Eaglaise agus ar Chléir na
h-Éireann leanamhaint de cheannach ar gcuid Fíor-Fhíon Altóra
mar san am atá thart.



Is le h-aghaidh na h-Altóra a gheibhimid é, agus tá sé dá dhíol againn ar
fud na h-Éireann, na Sasan, agus na gCoilíneacht le trí glúinibh.



A luach ar fagháil uainn ach a iarraidh.



4s. an duisín ar na buideáil fholamha dá thabhairt againn nuair a
chuirtear chugainn slán iad agus costas ar iomchair díolta.



Níl baint againn le dream ar bith eile ins an obair.
Gothán: Baile Átha Cliath 1612. Sreang-Sgéalta & Cáblaí: “Threekays
Dublin”


L. 225


BA CHEART DO GACH AON
tSagart i n-Éirinn na leabhair seo de leabhraibh an Athar Peadair
a bheith aige: —



Na Cheithre Soisgéil 4/6—



Aithris ar Chríost 6/—



Seanmóin is Trí Ficid I. 4/6



Seanmóin is Trí Ficid II. 4/6



Mara bhfuilid agut cheana cuir púnt airgid chun.



BRÚN AGUS Ó NÓLÁIN, TEÓR.,
BAILE ÁTHA CLIATH,
agus gheobhair láithreach bonn iad.



Mo Shlighe Chun Dé — Leabhar Úrnuighthe an Athar Peadar i lámhaibh
na gclódóirí fé láthair.



Ár gCéol Féinig — Ullamh anois. An t-Ath. P. Breathnach, C. M.,
do chruinnigh. 2s 10d. glan.



AN GAEDHEAL TÚ?



MÁ'SEADH BA CHÓIR DO CHUNNTAS BAINNC A BHEITH.



I MBANNC NA TALMHAN, TTA.



BANNC GAEDHEALACH MAR MHAITHE LE GAEDHLAIBH.



£180,000,000



Tá an méad sin d'airgead na nGaedheal curtha i mBainnc na
h-Éireann & gan aon phioc tairbhe ag teacht don dúthaigh as.



Tá muintir óg na tíre ag imtheacht i n-aghaidh an lae de ceal gnotha.



Cuir do chuid airgid i mBannc na Talmhan & cabhruigh le h-iad a
choiméad ag baile.



ÚNCAMAS.



Cúnntaisí Reaithe — 2%



Cúnntaisí Taisge — 3½%



Cúnntaisí Taisge Bliana — %



Cúnntaisí Taisge Trí mBlian — 4½%



Cúnntaisi Taisge cúig mBlian, 5%



Tá talamh na h-Éireann mar urradhas led chuid airgid.



FÉADFAIR DO GHNÓ GO LÉIR A DHÉANAMH LINN AS GAEDHILG.



GACH EOLAS Ó'N RÚNAIDHE —



BANNC NA TALMHAN, TTA.,



68, SRÁID IOCH, CHILL MHUIRE, ATH-CLIATH.



A Léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 226


“NÍ NEART GO CHOR LE CHÉILE.”



COMÁR-CHUMANN



UM



ÉADACH GAEDHEALACH
DO DHÉANAMH, TEO.



DÉANFAIMÍD AN GNÓ, A SHAGARTA,
GO CRUINN TAITHNEAMHACH DHÍBH.



CUIRIDH BHÚR N-ÓRDÚ AG TRIALL
ORAINN.



A Léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 227


A Léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 228


A Léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 229


A Léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 230


ARÁN MHIC CHINNÉIDIGH



AN SAGHAR IS FEARR
DÁ BHFUIL ANN.



BÁCÚIS



124 — 130 SRÁID PHÁRNELL



AGUS



BÁCUS NAOMH PÁDRAIG,



BAILE ÁTHA CLIATH.



MUINNTIR UÍ CHATHAIL, TEO.



CLÓDÓIRÍ, BAILE ÁTHA CLIATH.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services