Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dublini, 1 Junii, 1921

Title
Dublini, 1 Junii, 1921
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1921
Publisher
Comhlucht na Firinne Catoilicighe

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


“NÍ NEART GO CHOR LE CHÉILE.”



COMHAR-CHUMANN
UM
ÉADACH GAEDHEALACH
DO DHÉANAMH, TEÓ.



Déanfaimíd an gnó, a Shagarta,
go cruinn taithneamhach dhíbh.



Cuiridh bhúr n-órdú ag triall
orainn.


L. 131


AN SÍOLADÓIR



CREIDEAMH
TEANGA
TÍR



Ar n-a chur amach ag



COMHLUCHT NA FIRINNE CATOILICIGHE,
Sráid Uí Chonaill,
Baile Átha Cliath.



Ar n-a chur i gcló ag



MUINNTIR UÍ CHATHAIL, TEO.,
Céibh Úrmhumhan Íocht.,
Baile Átha Cliath.


L. 132


CLÁR AN IRISLEABHAIR SEO.
AN NÁISIÚN GAEL-IBHEIRNEACH. Cluad De Ceabhasa. 133



D'ÉIRINN. M. Ó D. 138



SEANMÓIN AR AN bPEACA MARBHTHACH.
An t-Athair Pádraig Ó Cathasa 139



I gCUIMHNE DUINE A FUAIR BÁS I bhFAD Ó ÉIRINN.
Maonas Ó Domhnaill 142



TURAS BHREANDÁIN I LITRÍOCHT NA hEÓRPA.
Pádraig Eric Mac Fhinn, D.D. 143



CNAMHA GAN FEOIL: GAIRM AN CHRÍOSTAIDHE. R. P. 148



LEITIR THÍMPAIL AR STÁID LUCHT OIBRE.
An t-Athair Peadar Ua Laoghaire d'aistrigh 149



“THE WORLD IS TOO MUCH WITH US.”
Donnchadh Ó Floinn 154



CILL BHRIGHDE AR AN CHRUIT.
Séamus Ó Searcaigh 155



GLÓIRE. M. Ó D. 157



OIDE MÚINTE NA mBOCHT.
An t-Athair Liam Ó h-Uallacháin 158



BAOSRADH AN tSAOGHAIL. D. Ó F. 159



D'ATHBHUNADH SHLEACHTA IS CINE ((Seanmóin).
Micheál Mag Craith, C.Í. 160



MO CHARA. “Aibhistín.” 164



AISTE AR AN bhFÍR-BHEATHA.
Diarmuid Mac an Chró d'aistrigh 165



NÓTAÍ. 170



LÉIR-MHEAS AR LEABHAIR:—
The Evolution of Sinn Fein. R. M. Henry, M.A. 178
The Celtic Who's Who 180



ÁR gCÁIRDE 181



CLÁR IOMLÁN AN IMLEABHAIR A h-AON 182



Nibil obstat:



GULIELMUS LANDERS,
Censor Theol. Deput.



Imprimi potest:



ED. J. BYRNE,
Ep. Spig.,
Vic. Cap.



Dublini, 1 Junii, 1921.


L. 133


AN NÁISIÚN GAEL-IBHEIRNEACH.



Aontuightar ag cách gurbh iad na hIbheirnigh 's na Cruithne a
d'áitigheadh Éire sul ar ghabh Gaedhil í. B'ionann le hIbéirigh na
Spáinne an chéad chine: fá chruth Érann gheibhtar a n-ainm sa
tseanstair agus is dóigh go mbaineann ainm Éireann féin leis a
bhfréimh chéadna. Tháinig na Cruithne anoir: bhronnadar a n-ainm ar
Bhreatain mar atá fós ag Breathnaigh i. Prydain ach a d'athruigh
Romhánaigh le mearbhall ar na Britannigh, treabh Beilgeach a casadh
leo ar dtúis. Ní bhíodh ag Cruitheantuaith ach an chúinne thoir thuaidh
dÉirinn agus ar an chaoi chéadna bhí Ibhéirigh i mBreatain theas thíar;
deir Tacitus go raibh an fhuil Spáinneach go soiléir sna Síolúirigh
thall ach níor thug sé a dteanga fá deara.



Deir seanstairithe Éireann gur Ghaedhil a chéad-áitigh an
t-oileán ón dílinn, gur aicme den chéad mhór-ghabháil Érainn agus
nár tháinig Cruithne ach le linn an treas cínn. Anois ní h-aon rud
iongantach go n-abradh Gaedhil go rabhdar ann roimh na treabha eile,
ba dhóigh go n-éileóidís a bheith ann ó thúis an domhain i n-áit cúntas
a thabhairt ar na tíorthaibh as a dtagaidís. Caithtí an iomad am
is saothair i sean-Éirinn ar an stair a bhailiughadh 'sa aimsiriughadh,
agus gidh gurbh éigean go gcaintí i n-áiteachaí sheas sí a
fhromhadh, mar ar bhfhéidir sin, ar a laighead cho maith le aon stair eile,
ar chor 's gur náireach aon chuid dí a chaitheamh uainn gan fiosrughadh
cóir cothrom.



Aontuighean gach sean-úghdar gur tháinig an treas gabháil Gaedhal
ar a dtugtí ClannMhileadh ón Spáinn fá 1699 nó 1301 r.Ch. Ní
bhfhaghtí na dátaí seo ach ó chur faid righe gach árdrigh le chéile, rud
nach bhféadadh na hollmhain aontughadh faoi i gcomhnuidhe. Bfhurast
dúinn aontughadh faoi aithbhéal bheith ann ach dhá mbaintí leath den
chúntas ba shia, nó dhá dtrian féin, bhéadh an fhadhb chéadna ann nach
mór. Ma's stair atá ann i n-ao' chor ní féidir í fháisceadh isteach
indiaidh 600 r.Ch. ach fao'n am sin féin, ní raibh Gaedhal sa Spáin.
Mar sin ní gádh cur leis nach aisti a thiocadh Gaedhil go hÉirinn pé
scéal é, go mbéidís tamall maith ann agus dá dtagadh go
dtiúraidís iarann leo, rud nach raibh ag muintir na hÉireann go dtí
400 nó 300 r.Ch.



Má athruightar an scéal chun go dtiocaidís as Gaille bhéadh an
t-am agus an cúrsa níos fusa, ach níl réiteach fós fao'n iarann.



Is éachtach nuair a cuirtear gach cuid eile den scéal fá cheist
nár fhiosruigh aon'ne ar Ghaedhil a bhí ionta. Ach nuair is mar sin


L. 134


dúinn tréis saoghail do-chreidmhigh — 1814-1914, — cér'd mar gheall
ar na daoine a chéad-shocruigh ár stair? Ba Ghaedhil iad féin gan
amhras ar bith, agus síolruigheadh iad ó ChlainnMhílidh, dá bhrigh sin,
níor bhfuláir nó gur Ghaedhil iad sin cho maith. Inistar dúinn faoi
scéalta Orósius agus b'éidir gurbh uaidh glacadh puíntí sa scéal,
ach ní raibh fáth ar bith ann go dtoghfadh Éirionnaigh an Spáinn mar
thír mháthardha mar ar bhfhíor. Chonnacamar go n-admhuighid lucht-ealadhan
gur fíor agus níl san admhái lach ar dhóigh linn ó dhearbhfhiúntas na
staire déanaighe. Is cuma dhúinn faoi láthair ar threoruigh Éibhear
is Eiremhóin a mhuintir ón Spáinn ach b'iad taoisigh an chinidh Ibéirigh
nó Ibhéirnigh i nÉirinn a bhuaidh ar chine eile, abraimís timcheal 900 r.Ch.
Glaodhadh Gaedhil ortha nuair a bhí a sliocht abhfad ar a nGaedhlughadh.
Bheadh buaidhte againn ar an bhfadhb go léir.



Ghlaodhfadh luchd-ealadhan Gaedhil-Ibheirnigh ar an náisiún measgtha,
ach daoine a mhothuigheadh nach raibh ach náisiún amháin ionta ghabhfaidís
le ainm an chinidh-Ghaedhal a bhí i n-uachtar. Is fiú cuimhneamh gur
táitheadh náisiún nua as an dá chine chéadna in sa Spáinn, ar a
dtugadh Romhánaigh na CeiltIbeirigh — náisiún a sheas cho calma i
n-aghaidh ímpireachta na Cárthaighe agus na Róimhe agus a dhíbir amach
sluaighte caithréimeach na gCuimreach is na dTuatanaigh.



Nuair a deintar méasgadh den tsórd san is gnáth buaidh do
theangaidh amháin acu ach ní cailltear gach a mbaineann leis a gcine
eile. Choimeád Bolgáirig ainm an treibh Hunnaigh i dteanta
teangadh Slábhaighe. Sa bhFrainc clúdaigheann ainm Gearmánach is
foclóir Laidne poball nach bhfuil ionta mórán fola de cheachtar acu.



Bhuaidh an Ghaedhilg i nÉirinn agus creidtear nach raibh i
gClainnMíleadh ach árdchraobh Gaedhal, ach coimeádadh beo-chuimhne
ar thír mháthardha an tsean-dreama, agus i n-áit na dtreabh ba
ríoghamhla ní chuimhnightí gur tháinig as Gaille ach buidhnte amhas.



Má lorgtar anois an t-am a ráinig Gaedhil, deirtear linn nár
bh'fhéidir é bheith roimh an gceathradh aois r.Ch. ó nach raibh iarann ag
muintir na hÉireann roimhe agus é 'ghá oibriugh ag Gaedhlaibh
le h-aoiseanna fada ar an tír mhóir. Ar an taobh eile admhuigheann
cáirde agus náimhde mar aon gurbh éachtach ésgidh bhain Ceiltigh amach
uachtaránas na hEorpa gan aon léirsgrios a dhéanamh ar na sean-
chineacha agus mar gheall air sin nach raibh acu aon teann rialtas
láidir mar a bhíodh insna himpireachtaibh a tógadh go léir ar dortadh
fola is cruaidh cheangal is mion-phronnadh na náisiún beaga.



Leanfadh de sin dá bhfaghadh Gaedhil buile trom go n-éireochadh
na sean tuatha agus ba dhóbair caill Gaedhal. Deir Tacitus linn
gurbh iad Caledónaigh árdthreabh na hAlban le na linn. Cine Ardhe
ab eadh iad a tháinig, dar leis, ón Ghearmáin, agus ní foláir ná gur
Ghaedhil iad.



In san trímhadh aois T.Ch. thug an tImpire Sebhér na mionna
móra go gcuirfeadh sé Alba fao'n gcuing is nach bhfágfí Caledónach
beó. Buidheachas dFhianaibh Éireann theip ar an tíoránach, ach má


L. 135


theip, bhí deire le réim na gCaledónac. Fuair an Chruitheantuath
an chéad áit aríst is leanaidís go neamhspleadhach dá nósaibh is dá
ndlighthibh is dá dteangaidh féin go ceann sé chéad bliadhain nach mór.
Má chuiream i gcás anois go ráinig Gaedhil Alba céad bliadhain
níos déanaighe ná Éire .i. fá 250 r.Ch., ba dhóigh gur cailleadh suidheamh
leithmhile bliadhain gan táisg gan rian ar an sean-mhuintir agus sin,
gidh go mbídís fao'n am cho mór i dtuilleamaidhibh Gaedhal Éireann.
Cad a tharlóghadh dóibh sin nuair a sgrios Céasar an comhfhlaitheas
Ceilteach i nGaille agus gan ach trí chéad bliadhan dóibh sa tír seo?
Bhí go leor cogadh i nÉirinn beagán 'na dhiaidh sin ach níorbh aon
iarracht é Gaedhil a dhíbirt. Tháinig sin san athaois: d'eirigh na
hAithighThuatha: sgriosadh na saor-chlanna agus níor tháinig meathadh
ar Ghaedhlaibh nó ar an teangaidh. Tuigtar as sin gur Ghaedhil cuid
de na fo-thuatha, no go rabhdar cho fada sa tír gur fhásadar san aon
náisiún nach mór leis an ean-mhuintir, ní a ghlacfadh am abhfad
níos sia ná trí nó ceathair de chéadthaibh bliadhan fao na leithéid
rialtas éadrom.



Má bhí Gaedhil annseo roimh theacht do lucht an iarainn is éigean
féachaint cérbh'as iad. B'é san Ostrighe a chéad-oibrigh Gaedhil an
t-iarann cho fada siar de réir codach le 1100 nó 1200 r.Ch., ach pé
am a thosighdís níl fáth ar bith go gcreidfí an cine Gaedhal ar fad
a bheith san aon teorainn sin fao'n am nó pé treabh nó treabhacha
co-cheangailte d'oibrighadh é, is dó-chreidte go múinfidís a rún do
gach treabh eile Gaedhal. Tá a fhios nuair a fuair Gearmáinigh an
t-iarann abhfad níos déanaighe gur ghearr gur éirigh leo a saoirse
a bhaint amach. Treabha Gaedhal a bhéadh sa nGearmáin roimh
buachtáil do Ghaedhil an iarainn bheadh ortha cáin íoc cho maith leis
na Tuatánaigh ach gidh gur dhóigh go gcuideochaidís leo siúd i n-aghaidh
a máighstrí níorbh aon áit-comhnuidhe mhaith do Cheiltibh an Ghearmáin
'na dhiaidh sin agus d'iarradh gach ceann acu i ndiaidh a chéile
suidheamh nuadh. Deir Céasar gur tháinig na Beilgigh ón Ghearmáin
agus is féidir go ndeachadar i dtreise ar mhuintir Ghaille ón am
a fuaireadar a sáith arm iarainn. Theastóchadh leabhar mór chun dul
isteach go cruinn sa gceist arbh' ionann Beilgigh is FirBolg. Ní
glacfar annseo ach sampla beag. Deir Rómhánaigh go rugadh Cúrói
na Beilge ar a dtugaid Caurósius i nÉirinn de choilínteacht
Menapiach is “de stirpe uilissimá.” Scuab Cúrói arm na
hImpireachta as duthaigh a mhuintire i nGaille is i mBreatain ach
d'éirigh leo é mharbhadh le hannscian. Is dóigh gur tháinig sé d'fuil
ríoghdha ach ba dhaorchlann Firbolg is b'fhurast a chlaon-aistriughadh
chun de stirpe uilissimá. Níl aon treabh againn cosmhail le Menapií
ach Manaigh, tá an athrughadh rialta annsin ón chanmhaint Ghailligh agus
bFhirBolg iad.



De réir an tseanchuis b'iad Firbolg an chéad ghabháil mhór Gaedhal
i nÉirinn agus tréis tamaill ba dhaorchlann iad. Chun go dtiocaidís
go hÉirinn chaithfeadh bailte puirt a bheith acu agus gheobhdís sin ag


L. 136


Bun Ealba (1) no i dTír-fo-thuinn. Tréis dóibh báid a dhéanamh
leanfidís cladach na mór thíre go dtí caol Muir n-Icht agus annsin
do chladach theas na Breatana go dtí fairrgí na hÉireann. A' teacht
i dtír dóibh gheobhdís Fodla ag ClainnMhíleadh, is leo a bhídís a-troid
is ba fáth áithrithe láidir do chamadh na staire go bhfuaireadar an
chéad bhuaidh ar shean-stát na hÉireann agus nár choimeádadar an
árdriacht ach beagán blianta. Gan aon amhras bhéadh seirbhthean
is díbhearg mhór ag an sean-mhuintir leó nach mbéadh le aon
dream thiocadh na ndiaidh. Is ceart cuimhniughadh nach síolruightar
aon treabh le linn Chríostaidhe uatha gidh go rabhdar go líonmhar, is
gur choimeádadar cúige den tír. (2) Saoileann Eoin Mac Néill dá
gcoimeádadh aon tuath acu a cuid talmhan go dtí an cúigeadh aois go
ndéanfí áit dhóibh go léir istigh do ChlainnMhileadh, ach a' fiosrugh
ginealach na dtreabh dúinn geobhthar go leor ceap a hathruighadh ó
aon teaghlach chun teaghlaigh eile de bharr ceangal cogaidh nó siothchána,
agus an seirbhthean ag fíor ChlainnMhileadh dFhearaibhBolg bhéadh sé
cho' láidir nárbh fhéidir an cine sin go léir a ghlacaint isteach, ach
ba rud eile é áit fhaghail do na teaghlacha ab uaisle díobh i ndiaidh a
chéile, agus bhéidís sin go sásta mar gheall ar an droch-mheas a bhíodh
ag fineacha eile ortha.



Ach má glactar go sealadach le Feara Bolg idir ChlainnMhíleadh
is Gaedhil an Iarainn tá orainn an treabh a lorgadh a bhain an
árdriacht díobh. Má tá cúntas fíor ortha ghá choinneáilt fén ainm
Tuatha Dé, níor choimeádar an árdriacht ach go dtí an trímhadh nó
an ceathradh glún. Níorbh ionann sin agus a rádh nach bhfágfidís sliocht
'na righthibh áiteamhla. Níor fhoghluim Gaedhil ná Érainn an síbhialtas
Sasanach a mharbhas mná, páistí is daoine tinne cho maith le fir-troda.
In sa cheathradh linn r.Ch. gheibhtar ceathrar árdríogh Ultach, Airgedmhar,
Aedh Ruadh, Cimbaet is Macha, a chóimhrightear i measg Síl Ír
ach is furast a sgarmhaint, mar níor chomhnuigheadar sa gcúige
gcéadna agus lorgfar fáth a measgtha 'na áit féin. Ar an taobh eile
measgtí Ulaidh go mór le Cruithne, sean-náimhde Clann na Spáinne,
agus ghlacaidís uatha roint nós éagsamhla, ach má ghlacadh ba Ghaedhil
iad agus ní fuláir ná gur Gaedhil Umha mar bhíodar sa tír roimh aois
an iarainn agus b'iad Connachtaigh a síor naimhde .i. Cúige Sreang,
Cúige Fear Bolg.



In san dinnseanchus tugtar 580 r.Ch. do chomóradh Aonach
Charmain do Bhres mac Ealathan, an dara rí do Thuathaibh Dé. Ní
smu'ineochaí mórán fá dáta ag na ceithre maighstribh ach tugtar fíor
bheagán sa dinnseanchus agus tá siad réasúnta ceart. Is fiú
cuimhniughadh freisin go mbaineadh sean chluithe go gnáthach leis a
gcreideamh agus b'in fáth lena gcóireamh go cúramach. Sa tsean-
Ghréig is beag dátaí a bhfuil cinnte ach tré comóradh cluithe Oluimpe.



(1) Elbe. Eatora so an tír ar a dtugtí Lochlainn ar dtúis as a dtá nig
Firbolg is Ulaidh de réir an tseanchais.



(2) Connacht go dtí 50 r.Ch. de réir na n-ughdar.


L. 137


Má tháinig Ulaidh ann i dtosach na séadh aoise agus Fir Bolg
tamall roimhe, tá an-chosmhalacht againn le teacht na Lochlannach.
De réir an tseanchuis bhí gaol gairid idir an dá threabh Gaedhal agus
ní fulár, más fíor a dteacht, nó gur tháinig siad ón Ghearmáin ar
aon. Díreach mar na Fionnghaill, ghlac Fir Bolg puirt is sealbh ar
gach cladach den tír ach ní fada go rabhdar ann agus árdriacht an
oileáin 'na nglaic gur tháinig scaoth nua muinteardha. Throid
Ulaidh le FearaBolg mar throid na Dubhghaill leis na céad
Lochlannaigh beagnach míle go leith bliadhan ní ba dhéanaighe. Is
cinnte gur chuidigh ClannMíleadh leis na heachtrainn nua agus
thuit árdrí na bhFear Bolg. Nach dóigh go ndeachaidh an chosmhalacht
níos fuide gur bhain ClannMhíleadh saoirse amach dóibh féin faoi
“Eiremhóin” nua, ach gur fhan cuid den tír ag Gaedhil an Umha?
Muna mbaineadh ní bheadh ionta ach daorchlann agus ní ghlachfadh
Gaedhil an iarainn teideal ó na leithéid.



Luaidhtear dhá roinnt den tír fá Eiremhóin: réitigheann ceann
acu leis an seanstair agus ní thugtar san dara roinn ach suidheamh
na dtreabh fá aois na sgríbhneoirí, ach deirtear inte gur tugadh
Cúige Laighean do Chriomhthann Sciathbhél, uasal Domhnannach:
deirtear leis gur minic a glaodhtí Gedhe Ollghothach ar Eiremhóin.



Tugtar dhá ainm freisin ar gach rígh den triúr a throid i
n-aghaidh Eiremhóin nó Gedhe. An féidir go ndearnadh measgadh
annso idir dhá chogadh fá leith?



De réir ginealaigh shíl Ír mhair Gedhe fá dheire na séadh aoise
nó díreach faon am ba cheart do ríghthibh deiridh “Tuath Dé,” más
fíor 580 r.Ch. mar dáta do Bhres. Fá dinnseanchus Loch Garmain
deirtear gur tháinig FirBolg díreach 800 bliadhna roimh árdriacht
Chathaoir .i. timcheal 650 r.Ch. De réir ginealaigh shíl Eiremhóin
cailleadh Rotheachta I. faoi sin agus fuair Síol Ír an árdriacht.
Míneochaí meathadh shíl Eiremhóin, má tháinig FirBolg fa 650. Deir
Conall MacEochagáin i nAnnalaigh na Cluana go raibh Eamhain ag
Ultaibh ar feadh 855 bliadhna .i. ó 523 r.Ch. agus gidh nach bhfuil an
dáta ceart aige do Chimbaoth ní thugann sé an bhliadhain sin dó ar
aon chor agus de réir na gceithre máighstrí tógadh an chéad rath i
nEamhain tamall tréis bháis Eiremhóin. Budh dána an duine
adéaradh go bhfuighfí aontughadh cho hiongantach idir seanchus gach
treabha 's gach cúigidh le teangbháil agus ní féidir gur ceapadh na
dátaí sin ag lucht an chomhaimsirighthe mar bhí idir 1300-1000 r.Ch.
acu le haghaidh Gedhe agus ó 1930-1570 le haghaidh FearBolg.



Tá an fáth nár éirigh le na gcomhaimsiriughadh go soiléir. Bhain
rítheaghlach Breagh agus Laighean le Gaedhil an iarainn agus sa
measgadh a rinneadh leis an sean mhuintir greamuighthí le síol
Eiremhóin iad: ach níor buaidheadh ortha riamh, mar sin b'éigean
FirBolg, a bhuaidh ar shíol Eiremhóin, athrughadh taobh thiar dó sin.
Cho luath 'sa rinneadh sin níor bhfuláir an drong a bhuaidh ortha .i.
Ulaidh athrughadh ar a' gcaoi gcéadna, agus annsin measgadh Ulaidh


L. 138


leis an dream ar bhuaidh Eiremhóin ortha agus FirBolg leis an dream
rompa sin. Érainn a bhí san dream úd agus b'ionann iad agus
ClannNeimhidh na nGabhála, agus bshin an fáth gur síolruigheadh
FirBolg agus Tuatha Dé ón Neimhidh úd. Ba feidhmeamhail an
ainm Tuatha Dé chun gabháilí Chruithne agus Uladh ar aon a chlúdach,
agus ní dearmadtha a raibh le cosaint ag an Eaglais agus
sean déthe Gaedhal a bheith sa stair 'na righthe marbha ar a measgadh
le daoine.



Clár an Mheasgtha Gael-Ibheirnigh thíos annso.



1. Érainn (2ra mílennium r.Ch.) le FearaBolg (7adh aois r.Ch.).



2. Cruithne (fá 1100 r.Ch.) le hUlta (6adh aois r.Ch.) fa ainm Tuatha Dé.



3. ClannMileadh (fá 900 r.Ch.) le Gaedhil an iarainn ón 4adh aois.



Is saor a thagann caint ag a lán daoine faoi cheapadh
ginealach ach níor thug duine aca sin fá deara nach bhfuil ginealaigh
na gCruithne ar fhaghail agus ginealaigh go leor do gach treabh eile
a chuir fútha i nÉirinn nó i mBreatain féin. Má ceapadh an chuid
eile cé an fáth nár ceapadh ach ceann beag amháin do Chruithnibh agus
dlúthbhaint idir iad agus Éireannchaibh ar feadh mílte bliadhan? Ach
níorbh Ibheirnigh Cruithne agus ní choimeádtí a gcuid ginealach.



Gheibhtear cuid de na treabha Ultach fá shíol Ír agus cuid fá
Eiremhóin, agus ó síolruightí furmhór na ríogh (ag na hOllmhain) uaidh
sin, is nádúrtha go síolróchaí furmhór na dtreabh uaidh leis.



Clár measgtha ClainneMíleadh agus Gaedhal annso thíos.



1. Síol Ír le sean righte Uladh agus síol Chonaill Chearnaigh.



2. Síol Eiremhóin le síol Ugaine, DáilRiada, DáilFiathach, &c.



3. Síol Éibhir le hEoghanacht.



CLUAD DE CEABHASA.



Ní Críoch.



D'ÉIRINN.



Tá binneas ann; tá aoibhneas ann;
Tá ceól ó's cionn a sruth,
Is caoin a plúir ag sgéidh amach
Tré dhiamhaire na dtor.
Is caomh sgíathán a faoileán
Ag foluamhain ins an aer,
Is an croidhe atá im bhruinn istigh
Le grádh da croidhe tá faon.



M. Ó D.


L. 139


SEANMÓIN AR AN “bPEACA MARBHTHACH.”



Is eól díbh, a phobal, na pianta uathbhásacha a dh'fhuiling ár
Slánuightheóir — moladh go deó leis — ar son na cine daona: is eól
díbh, leis, gurbh é an peaca fé ndeara na pianta san go léir; agus
fós, gach duine againn a dheineann peaca marbhthach, go bhfuil sé chómh
cionntach leis na Giúdíg, agus leis na Rómhánaigh, a chuir chun báis É.



D'á bhrígh sin, a phobal, déinimís ár machtnamh, indiu, ar an
ndíobháil, agus ar an ndonas a dheineann an peaca marbhthach d'anam
an duine, 'sa mhéid go mbaineann sé dhe grásta naomhuighthe, agus
'n-a dteannta san, gach teidiol do ríoghacht na bhflaitheas; go
mbaineann sé dhe, leis, luach-saothair na ndeagh-oibreacha go léir
a thá déanta aige; agus go ndaorann sé é chun pianta síorraidhe.



Ar an gcéad dul síos, baineann an peaca marbhthach grásta
naomhuighthe de'n anam. Agus cad is grásta naomhuighthe ann?
Tabharthas ó Dhia, a dhéineann an t-anam chómh geal leis an sneachta
agus chómh lonnrach leis an ngréin, a dhéineann aoibhinn, taithneamhach
é os cómhair Dé agus na n-aingeal; a chuireann ar a chumas
deagh-oibreacha a dhéanamh agus an bheatha shíorraidhe do thuilleamh;
i n-aon fhocal amháin, an tabharthas is aoírde agus is uaisle, is
féidir le Dia féin do thabhairt do dhuine ar an saoghal so. Faid
a thá grásta naomhuighthe ag duine, d'á shuaraígheacht, agus d'á
aindeisígheacht é, os cómhair an tsaoghail, tá sé saidhbhir os cómhair
an Tíghearna, mar oidhre do Dhia agus do ríoghacht na bhflaitheas is eadh
é. Tugann grásta naomhuighthe an teidiol san do, agus ní féidir
d'aon chómhacht saoghalta é bhaint de. Ach, anois, cad a dhéineann
an peaca marbhthach? Díbrígheann sé grásta naomhuighthe as an anam,
agus leis na grásta san, imthígheann a ghileacht agus a lonnracht;
imthigheann a áilneacht agus a thaithneamhacht i láthair Dhé agus na
n-aingeal; imthígheann muíntearas agus caradas an Tíghearna, agus
'na n-ionad san, tagann an diabhal isteach 'san anam, agus déineann
sé a chómhnuidhe ann; déineann sé sglábhuidhe de'n anam bocht,
cuireann sé daingean 'na thímpal, ag feitheamh leis an lá, nuair a
sgiobfaidh sé síos leis é go pianta síorraidhe an ifrinn.



Díobháil eile, a dheineann an peaca marbhthach do'n anam;
baineann sé dhe luach-saothair na ndeagh-oibreacha go léir a thá
déanta aige. Cuirtears i gcás, go raibh duine tar-éis a shaoghail
do chaitheamh i dtír éigint thar lear: fear a dh'oibrigh go dítheallach,
de ló a's d'oidhche chun a bheatha do thuilleamh agus chun airgid do
spáráil: fear nár chaith pingin riamh ach pingin ná raibh leigheas aige


L. 140


air. Agus cuirtears i gcás, tar-éis mórán blianta, go raibh sparán
maith airgid bailighthe aige; go raibh sé tar-éis curtha suas d'obair,
agus ag teacht a bhaile chun a shuainis do thógaint, an chuid eile d'á
shaoghal. Agus cuirtears i gcás, go rug robáilidhthe air, gur
bhaineadar an t-airgead de, agus ansan, gur chaitheadar pléar thríd,
agus gur chaitheadar isteach 'sa bhfairge é. Ná déarfadh éinne gur
mhí-ádhmharach, míortúnach an duine é siúd, agus go raibh an chroch
tuíllte 'ges na robáilidhthe? Dhéarfadh, gan amhras, agus bheadh an
ceart aige. Ach, a phobal, ní mí-ádhmharaíghe agus ní míortúnaíghe é
'ná an peacach bocht, agus ní measa na robáilidhthe 'ná an peaca
marbhthach. An rud a dhein na robáilidhthe do'n dtaistealach úd,
deineann an peaca rud níosa seacht mheasa do'n anam. Beireann
sé air agus coingíbheann sé greim daingean air; baineann sé dhe
sparán a dheagh-oibreacha go léir; baineann sé dhe grásta naomhuighthe,
is beatha do'n anam: agus caitheann sé isteach sa bhfairge é — fairge
teinnte síorraidhe an ifrinn.



'Sbeánann na nidhthe sin, a phobal, go cruinn agus go soilléir,
olcas agus gráineamhlacht an pheaca agus díth-céille na ndaoíne, a
dhéineann é. Ach, ní'l aon nídh is soilléire a 'sbeánann olcas an
pheaca 'ná na pianta a thuilleann sé do'n anam, 'sa tsaoghal a thá le
teacht. Ní'lim ar aigne, anois, puínn cursíos a dhéanamh ar phianta
ifrinn, mar, ní féidir d'éinne, ar an saoghal so, d'á aoírde a eolas,
d'á dhoimhneacht a mhachtnamh, méid na pianta san, do thómhas agus
do thuisgint i gceart. Ní dhéarfad ach an méid seo: pianta teine
is eadh iad; teine a dhóghann ní h-amháin corp ach anam an duine,
agus san am gcéadna go ndóghann, sábhálann iad, fé mar a
shábháltars feóil leis an salann: teine a chuireadh ar lasadh le
h-anál feirge an Tíghearna; teine ná raghaidh i n-éag go deó ach a
leanfaidh, le saoghal na saoghal, faid a bheidh Dia 'n-a Dhia. Fiú ar
an saoghal so féin, agus le teine shaoghalta, ní'l aon saghas pianta
le cur i gcomórtas le pianta teine. Tugtars a rogha do dhuine
daortha chun báis, agus ní'l aon sórt bháis, d'á olcas, ná go
dtóghfadh sé é, sar a ndóghfaí in a bheathaig é. B'fhearr leis é
chrochadh, b'fhearr leis é bhádh; b'fhearr leis é lámhach; b'fhearr leis a
ghéaga do stracadh d'á chorp i ndiaidh a chéile; a dhá shúil as a cheann,
a theanga agus a fhiacla amach as a bhéal, a mhéireanna d'á dhá láimh
agus d'á dhá chois, b'fhearr leis iad san go léir i dteannta 'chéile,
'ná é chaitheamh isteach i lasaracha teine. Mar is iad pianta teine
na pianta is géire agus is uathbhásaíghe agus is do-fhuilinghthe a thá
le fághailt, agus i gcomórtas leó san, neamh-nídh is eadh gach sórt
eile pianta.



Agus ma's mar sin a thá an sgéal ag an dteine saoghalta
a thá ar lasadh, indiu, agus a raghaidh i n-éag ambáireach, cad a
dhéarfaimíd le teine ifrinn ná raghaidh i n-éag go deó; teine a chuir
Dia na n-uile chómhacht, ar lasadh chun díoghaltais do dhéanamh ar
pheaca agus ar pheacaigh? Ní fhuil aon nídh le rádh againn, ach crith


L. 141


le h-eagla agus le sgannradh, agus fuath agus gráin agus deistin
do cheapadh 'n ár n-aigne, i gcoinnibh an pheaca, a thairingeoch' a
leithéidí sin de phianta orainn.



Ach chun go dtuigfí níos soilléire fós olcas an pheaca, níor
mhór dúinn an méid seo do thuisgint agus do chimeád, go truinn,
os comhair ár n-aigne, 's é sin, ná sáruígheann pianta ifrinn, d'á
uathbhásaígheacht iad, olcas agus gráineamhlacht an pheaca mharbhthaigh.
Is é Dia na glóire a chéad-chuir teinte ifrinn ar lasadh; is É a
chimeádann ar lasadh iad; is É a dhaorann daoíne chúcha. Ach, a
phobal, grádhann an Tíghearna gach duine againn, grádhann Sé sinn,
le grádh thar aon ghrádh daona. Thá grádh chómh mór san aige dhúinn,
gur thug Sé suas a Aon-Mhac féin, chun sinn-ne shábháil, le toradh
A pháise agus A bháis: go mbronann Sé a ghrásta orainn, gan stad
gan staonadh; go dtugann Sé a chabhair dhúinn gach uile neómat;
agus go maitheann Sé dhúinn, arís agus arís eile, na peacaí
uathbhásacha, a dhéinimíd 'n-a aghaidh. Agus, ó's rud é, go bhfuil an
Tíghearna chómh grádhmhar san dúinn, go ndeineann Sé an oiread
san dúinn, ins gach aon sórt cuma, ní foláir ná go ngoílleann
sé Air, go mór, pianta do chur orainn, agus ná déanfadh
Sé é, dá bhféadfaí é sheachaint. Ach, a phobal, i dteannta
bheith grádhmhar, agus trócaireach agus ceansach, tá Sé go
díreach ceart 'na bhreitheamhntas, agus go cóir cothromach n-A
dhíoluígheacht, leis; ní féidir leis gan díoltas d'imirt ar an olc, agus
ní foláir a dhíoltas bheith freagarach do mhéid an uilc. Tá's agaibh na
pianta a chuireann Sé ar dhaoinibh mar gheall ar pheaca marbhthach;
pianta is géire, agus is critheamhla, agus is uathbhásaighe; pianta gan
luigheadú gan deire; pianta gur measa aon nóimeat amháin díobh,
'ná pianta an tsaoghail go léir i deannta 'chéile. Agus, san am
gcéadna, tá's agaibh go bhfuil Dia go cóir agus go cothromach 'n-A
bhreitheamhntas; tá's agaibh ná féadfadh Sé éagcóir do dhéanamh ar
éinne, ach go dtugann Sé do gach éinne d'réir a oibreacha. Agus,
ag cuimhneamh agus ag machtnamh dhíbh ar an dá nídh sin, tuigfidh sibh
'n bhúr n-aigne, ar shlighe, méid an olcais, agus doimhneacht na mailíse,
a bhaineann le peaca marbhthach, a's a rádh, go dtuilleann sé a leithéid
sin de phianós ó'n dTíghearna, a thá ró-mhaith, agus ró-thaithneamhach
ann féin, agus ró-ghrádhmhar, agus ró-thrócaireach do'n gcine daona
uile.



Sin agaibh, a phobal, cur síos beag ar an bpeaca marbhthach.
Agus éinne a bhí ag éisteacht, go h-aireach, leis an méid a thá
ráidhte agam, agus a thug fé ndeara brígh mo chainte, tuigeann sé,
anois, olcas agus gráineamhlucht an pheaca san, os chómhair an
Tíghearna; tuigeann sé gurb'é an peaca fé ndeara gach donas,
agus gach mí-ádh agus gach míortúin, d'á bhfuil ar an saoghal so,
agus tuigeann sé, leis, mara mbeadh an peaca, nár ghádh aon eagal
a bheith ar dhaoinibh roimh an saoghal eile. Agus, ó's mar sin a thá
an sgéal, a phobal, nach uathbhásach an dallacht aigne agus an


L. 142


díth-céille é do dhaoinibh, peaca marbhthach do dhéanamh; iad féin do
chur i gcúntúirt pianta síorraidhe; caradas Dé do chaitheamh uatha;
agus iad féin do thabhairt suas do'n ndiabhal an namhaid is measa,
agus is fíochmhaire d'á bhfuil aca?



Glacaidh comhairle bhúr leasa, mar sin, a phobal; agus ó's rud é,
go bhfuil d'uain agaibh fós déinídh aithríghe 'n bhúr bpeacaí go léirig.
Iarraig trócaire agus maitheamhnachas ar bhur dTíghearna ionta:
glacaidh rún-daingean gan tuitim ionta go bráth arís; agus
cimeádaidh choidhche, os comhair bhúr n-aigne na focail seo Naoimh Póil,
'sa leitir a sgrig sé chun na Rómhánach “An bás tuarasdal an
pheaca.” Amen.



AN t-ATHAIR PÁDRAIG Ó CATHASA.



I gCUIMHNE DUINE A FUAIR BÁS I bhFAD Ó ÉIRINN.



Suan ar an uaigh mar a luigheann sé
Suan nuair a thagann an neóin
Suan is na spéartha á liathadh
Suan agus sigh agus sógh.



Is tagann na réalta istoidhche
Is lonnruighidh go geal ins an spéir,
Is nuair eirigheann an ghealach go glórmhar,
Bíonn an domhan so go maiseach go séimh.



Acht ní fheiceann a shúile a ghlóire
Is ní airigheann a chluasa a cheól
Á, do chorruigh a chos ar an dtalamh
Acht ní chorróchaidh arís ann go deó.



Is, is minic, is minic i n-Éirinn
Nuair a thiocfaidh an líathadh sa spéir
Nuair a leathfaidh an t-uaigneas mór-thimcheall
Ar ghleann, ar an dtuinn, ar an sléibh,



Is na soillsí go gléigeal ar lasadh
Cuimhneocham ar an té tá i gcéin
Is eireochaidh an phaidir go brónach
Go flaitheas Mhic Dé i n-a thaoibh.



Suan ar an uaigh mar a luigheann sé
Suan nuair a thiocfaidh an neóin
Is níos gile ná colur na coille
Go raibh a anam i láthair an uain.



Maonas Ó Domhnaill.


L. 143


TURAS BHREANDÁIN I LITRÍOCHT NA hEÓRPA.



Tamall ó shoin agus mé i siopa leabhar 'sa Róimh thugas fé
ndeara leabhar beag gleóite leis an dtiodal “I Pellegrini di San
Brandano” — Oilithrigh Breandáin Naomhtha. Cuireann sé síos ar
thuras an naoimh tré fhairrgibh an domhain, ar a scrúdú ar rúindiamhraibh
an domhain, ar ríor-thuras na beatha agus ar mhíorbhuiltibh an tsaoghail.
File Iodáileach do scríobh é le n-ár linn féin — file a bhfuil ainm sáthach
fada leis .i. Toeplitz Ludovico de Gran Ry. Ach cad a chuir i
n-aigne file Iodáiligh sgríobh fé naomh Gaedhil, agus an oiread ádhbhar
breagh filíochta aige i n-a thír féin, ó eachtraibh Aeneas síos go dtí
eachtra D'Annunzio? Sin ceist gur fusa a fhreagairt má fhéachaimíd
ar áit Naomh Breandáin i litríocht na h-Eórpa. Níl Toeplitz ach ag
leanmhaint sompla na h-Eórpa go léir ón mheadhon-aois anuas.



Ag sgríobh dó 'sa Revue Benédictine (Deire Fómhair, 1914-19
l. a 181 *), deir sgríobhnóir Franncach gur sompla maith Colm Cille
de naomh Éireannach “parce qu'en même temps régional, national
et international, et par rapport à son existence à la fois amplement
historique et profondément légendaire.” Ba mhó fós, béidir, go
mba féidir an chainnt chéadna do rádh fé Bhreandán. Tá áit
idirnáisiúnta aige i sgéaltaibh agus i smaointibh file na hEórpa,
agus an áit sin gheibheann sé í as finnsgéaltaibh gur deacair go
minic, béidir, bunús do thabhairt dóibh 'sa stáir.



Ar na sgéaltaibh ba mhó do leathadh 'sa meadhon-aois tá an
sgéal seo Turais Naomh Breandáin amach 'sa bhfairrge thiar. An
leagan Laidne ar an sgéal tá sé le fáil go flúirseach i measg na
láimhsgríbheann i leabhragánaibh móra na h-Eórpa. Tá, mar shompla,
cóipeanna de 'sa mbailiú Palaitíneach agus i mbailiú na Bainríoghna
'sa Vatican (reg. Lat. 481, p. 28, agus Pal. Lat. 217, p. 54) — iad
araon scríobhtha go deas, ar mheamram sáthach tiugh, i litreachaibh
Ottónaigh (.i. den aonmhadh aois déag nó mar sin). Chuir Achille
Jubinal i gcló é as láimhsgríbhinnibh i leabhragán an ríogh i bPáris (1)
Bhí leagan den sgéal i mbeagnach gach seana-theanga 'san Eóraip — i
bhFraincis (prós agus filíocht), i nGearmáinis íseal, i Sacsais íseal
(prós agus filíocht), i bhFleimis, i meadhon-árd-Ghearmáinis (prós
agus filíocht), i n-Anglo-Normáinis, i sean-Ghaedhilg, i mBreatainis



(1) Jubinal Achille — La Légende Latine de S. Brandaines, avec une
traduction inédité en prose et en poésie romanes [.i. Fraincise], … d'après
less MSS. de la biblithèque du roi, remontant aux xie., xiie., et xiiie. s.
Paris, Techener, 1836. Deirtear liom gur chuir an Cárd ó Móráin i n-eagar
é freisean as láimhsgríbhinn 'sa Vatican.


L. 144


na Breataine Bige, agus i Spáinis. Tá somplaí díobh le feiceáil
'sa réamhrádh do leabhar Jubinal, agus ag Mighne (Encyclopéide
Théologique. Tom. XIV., Paris, 1855 — sub voce Brendaines). Le
n-ár linn féin thug Mícheál Ó Tighearnaigh agus Colm Ó Lochlainn
aistriú nua Béarla dhúinn.



Ag meas an sgéil labhrann Mighne agus Jubinal (ins na
áiteachaibh réamhráidhte, na Bollandistae (16 Bealltaine), Séamus
Waraeus, Séamus Usserius, agus an Colgánach (22 Márta); an
t-Athair Delarue fé'n leagan Normáinise (Histoire des bardes,
jongleurs et trouveurs normands. Caen, 1834 — t. II., p. 69);
Francisque Michel i n-a chur-amach den Roman de la Violette; P.J.
Bruns fé'n leagan Gearmáinise (Romanische und andere Gedichte.
Berlin und Stettin, 1798, p. 171-216), Capgravius i Sasannaibh, agus
a lán eile. I n-Éirinn tá saothar “Sceilg” i mBeatha Bhreandáin
againn as Gaedhilg, agus as Béarla tá saothar an Chanóinigh
Uí h-Annluain (22 Márta agus 16 Bealltaine), agus “Brendaniana —
St. Brendan the Voyager,” leis an Ath. Donnchadh Ó Donnchadha (Áth
Cliath, 1893).



“Deliramenta apocrypha” tugann na Bollandistae ar a
leithéid de sgéaltaibh, agus gearrann siad amach as beatha Naomh
Dáibhid “rudaí do sáitheadh isteach — cuir i gcás, go ndeachaidh Barra
thar fairrge ar muin capaill agus gur casadh Breandán air agus é
ag marcaigheacht ar mhíol mór.” Níl fúm annseo scrúdú do dhéanamh
ar an gceist, an bhfuil bunús stáire le sgéal an turais nó nach bhfuil.
Pé fíor bréagach sgéalta mar sin, is mór an botún faillighe do
dhéanamh ionnta. Ar ndóigh, ní chun spóirt do dhéanamh dos na
Bollandistaibh a chuireann Dia naomh ins an domhan, ach chun an domhan
do mhúineadh, agus is tré n-a leithéid de sgéaltaibh go díreach a chuir
na daoine a smaointe fé mhúineadh agus fé shompla naoimh le chéile i
bhfuirm i n-ar féidir iad do chur síos go dtí a sliocht 'n-a ndiaidh.
Tuigsint mhaith ar sgéal an turais is céim mhór é i dtuigsint oibre
Bhreandáin naomhtha. Comhartha de sin, isé, i mbailiú beatha naomh i
láimhsgríbhnibh Laidne na h-Eórpa 'sa meadhon-aois, nach mbíonn ach
sgeal an turais ins an “Vita Sancti Brandani.”



Sár-shompla, fós, iseadh an sgéal ar litríocht na nGaedhal agus
ar thréithibh naomh na nGaedheal — sgéal turais fairrge, agus sgéal a
thráchtann ar fhíseannaibh den saoghal eile — agus sár-shompla díobh
araon ar an slí ba mhó i n-ar mothuigheadh iad i mbeatha agus i
litríocht na h-Eórpa. Sgéalta eile den saghas céadna d'fhág a rian
i litríocht na h-Eórpa b'iad Purgadóir Phádraig, Fís Tundal Chaisil
agus Físeanna Fursa. Ar naomhaibh Gaedheal bhí árd-fhonn
“peregrinare pro Christo.” Béidir go deimhin an ceart do bheith ag
Eibhlín Ní Choinceanainn (2) ins an smaoineadh gurab iad sgéalta
Bhreandáin do dhúisigh ar dtúis an mhian sin i n-aigne Cholumáin Bhobio.
Pé sgéal é, gheibhmíd ainmneacha Bhreandáin agus Cholumáin



(2) Life of St. Columban, p. 86.


L. 145


ceangailte le chéile i n-irisleabhar Bhobio La Trebbia, an Fómhar ghabh
tharainn, agus an t-Easbog ag impidhe nirt ó Dhia i gcóir tíre
dúthchaise Cholumáin.



Slí i n-ar fhág Breandán a rian, ní amháin ar litríocht na h-Eórpa,
ach fós ar stáir an domhain, 'sé 'sa mbrosdú do thug sgéal a thurais
d'fháil amach tír nua. Pé fíor bréagach é go bhfuair sé amach Talamh
an Éisg, nó Meiriceá, nó na Azórés, nó na Canearaí, nó an Párrthas
Saoghalta, is cinnte gur thug a sgéal an gríosadh dos na daoinibh — na
Spáinnigh agus na Portuingéalaigh go h-áirithe — dul ag cuardach na
bhfairrge mór. Is dócha gur fíor do “Mhisneach” (31 Eanair, 1920)
go mbadh é an seanchus sin do ghríosuigh Columbus. Fé mar deir
Ozanam, (3) cuirtear imeasg oileán Canearaí i gConnradh Evora, idir
an bPórtuingéal agus Castighlia, “Oileán Naomh Breandáin, atá fós
ar iarraidh.” I measg na Spáinneach le fada i n-a dhiaidh sin bhí
béal-oideas fé oileán San Borondon, go ndeir Vieja (4) 'n-a thaobh:
“Má lorgtar é ní féidir é d'fháil.” Innseann an Pórtuingéalach,
Louis Perdigon, gur bhronn rí na Pórtuingéile oileán Naomh
Breandáin ar a athair ar an gcoingeall go bhfuigheadh sé amach é.
A mbliain a 1526 chuaidh Fernando de Troya agus Fernando Alvarez
ar a lorg. Tar éis sin, chuir Herman Perez de Grado loingeas
beag amach leis an bhfuadar céadna. Tar éis sin arís d'imthigh
beirt mhairnéalach cliúmhail, Fran Lorenzo Pinedo agus Gaspard
Perez de Acosta — as cuan Palma ar nós an dá dhream rómpa — ar
a lorg. Fé deire, a mbliain a 1721, thug Don Juan de Mur,
riaghaltóir na gCanearaí, long do Ghaspard Dominguez, d'imthigh as
cuan Santa-Cruz ar a lorg. B'shin é an iarracht deireannach, ach le
fada i n-a dhiaidh sin chreid na daoine 'sa Spáinn gur i n-oileán
Bhreandáin, nó Antilia, fé mar tugtaoi air uaireannta, do fuair an
Rí Ruaidhrí tearmann ós na Mauraibh, go bhfuil sé roinnte idir seacht
gcathrachaibh saidhbhre, go bhfuil áirdeasbog agus seisear easbog ann,
cuanta agus aibhneacha móra, agus an cine atá ann gur Críosdaidhthe
iad agus saidhbhreas mór agus gach ráth agus beannacht aca. Chreid
na Pórtuingéalaigh mar an gcéadna gur i n-oileán Bhreandáin do
fuair an Rí Don Sebastien tearmann, agus nuair chonnaiceadar na
Indiacha shíleadar go raibh oileán Bhreandáin aca fé dheire. (5) Is
leór an méad sin go léir sílim chun an gríosadh do thaisbeáint do
thug sgéal Bhreandáin don dá chine do leath an Críosduidheacht ar
fuid Ameiriceá i bhfad sar a bhfuair ár sean-chara Seán boladh na
feóla le teacht go h-ocrasach i n-a ndiaidh.



(3) Ozanam, A. F. — Dante e la Filosofia Catolica (tr. Scardigli) Pistoia
1844, p. 264.



(4) Vieja, Don Joseph V. y Clavijo — Noticias de la Historia general de las
Islas de Canaria — Madrid, 1672 — t. I. p. 78. B'é tuairim Vieja gur éirigh
an creideamh i dturas Breandáin tar éis gabháltus na gCanearaí ag Jean
de Béthencourt (.i. tímpal bliadhna a 1400), ach is soiléir as na láimh-
sgríbhnibh go dtéidheann an sgéal siar go dtí an 11adh aois, ar a laighead.



(5) Jubinal, po. cit. p. xvii. sq.


L. 146


Rud suimeamhail fé láthair, agus cuimhne céad bliain Dante ar
siubhal, 'sé an chosúileacht idir Thuras Bhreandáin agus an Commedia.
Is ana-dhócha gur léigh Dante sgéal Bhreandáin, agus a fhairsinge agus
bhí sé leathta tríd an Eóraip le n-a linn (fé mar is cosúil, ar an
bhfáth chéadna, gur léigh sé Fís Thundail, Fís Fhursa, agus béidir Fís
Adhamhnáin, agus gur chuala sé trácht ar Phurgadóir Phádraig).
Ozanam, sílim, an chéad duine do chuir síos an chosúileacht mhór idir
obair Dante agus sgéal Bhreandáin. Ní dhéanfad annsin ach tagairt
do chúpla púnc. An Tcrra Repromissionis Sanctorum, cuirtear i
n-iúil dúinn gurab é an Párrthas Saoghalta é agus tá sí suidhte
amuigh 'sa bhfairrge thiar. Mar an gcéadna ag Dante is amuigh 'sa
bhfairrge thiar tá an Párrthas Saoghalta (ar bhárr sléibhe Purgadóra);
i mbád thar an bhfairrge a théidheann na anamnacha don tír sin, agus
chuaidh Uilleog gar dó amuigh 'sa bhfairrge thiar. 'Sa dá sgéal tá
trácht fé long a ghluaiseann amach siar gan seól ná maide rámha.
I bPárrthas na n-Éan i sgéal Bhreandáin cuirtear na aingil nár
ghlac taobh ar bith agus an troid ar siubhal ar neamh; tá an saghas
céadna aingeal ag Dante, gidh gur ag geata Ifrinn a chuireann sé
iad. 'San dá sgéal baintear úsáid aoibhinn as filíocht an phórtúis
chun fráma do thabhairt do pheictiúr an lae.



Tá difríocht mór freisin, ámh, idir an dá obair. Is beag an
truagh atá ag Dante do Iúdás; ach i sgéal Bhreandáin ceann des na
áiteachaibh is deise 'sí an áit i n-a chasann Iúdás ar Bhreandán agus
é ar chnoc-oidhre ag glacadh refrigerium, agus i n-a bhfuigheann an
naomh é do chosaint tamall ós na diabhlaibh nó go mbéidh seanchus beag
aige leis. 'Sé smaoineadh uachtarach Dante gur uathbhásach, gur
rúindiamhrach an rud é ifreann; 'sé smaoineadh uachtarach an Ghaedhil
gur truaighmhéileach an rud é.



I ngach aois agus i ngach tír beagnach gheibhmíd tagairt i measg
file agus scríobhnóir do Bhreandán agus dá thuras. As Béarla tá
dán áluinn déanta ag Maitiú Arnold fé Iúdás agus Breandán
Glacann Renan agus an scríobhnóir Iodáileach Buonaiúti (6) sgéal
Bhreandáin amhail peictiúr mór-mhian na nGaedheal agus comhartha ar
an sprid agus an misneach atá ionnta.



Agus dá mhéid an cliú atá aige thar lear, naomh fíor-Ghaedhealach
iseadh é i gcomhnuidhe — mairnéalach naomhtha na nGaedheal chun a
ndéanann na Géanna Fiadháine guidhe ar an slí go dtí na “Lowlands
Low.” Is fíor go ndéanann na Bollandistae iarracht éigean chun
Breataineach (as Breatain na Frainnce) do dhéanamh de. Ag cainnt
dóibh (7) fé Bhreandán na dturas, oide Mhachutus (Maclovius,
Maclou, Malo), deirid go “mbéidir gur Armoricach éigean an
Breandán seo agus nach é an fear céadna é leis an mBreandán
Éireannach, bíodh a's gur bualadh bob ar Shigebert [do scríobh beatha



(6) Buonaiuti, Ernesto — Escursioni Spiriluali, Roma 1921 (deire an chéad
aiste, “Impressioni d'Irlanda,” ath-chló ar an Nuova Antologia (1911).



(7) Beatha Breandáin (16 Bealltaine) § 12.


L. 147


Mhachutus], toisg an t-ainm céadna do bheith ortha, agus gur chuir
sé an turas i leith an Bhreandáin Éireannaigh.” Deirid an méid sin,
ámh, gan fáth ar bith do thabhairt, ná fiadhnaise ar bith go raibh éinne
riamh, nó gur tháinig an smaoineadh chuca féin do rinne dá Bhreandán
amach 'sa gcás seo. 'Sa smaoineadh gur ó Bhreatain na Frainnce
tháinig sgéal an turais ar dtúis, leanann M. Goerres iad i n-a
réamhrádh do Lohengrin. Leanann Jubinal eisean, beagán amhrasach.
Glacaid argúint as líntibh 'san Roman du Renard (ed. Méon, t. II.,
p. 96-4):



“Je fot savoir bon lai breton,
Et de Merlin et de Foucon,
Del roi artu et de Tristan,
Del chièvre oil, de Saint-Brendan …”



Ach ní deireann sé sin ach amháin go raibh laoi 'fa mBreatain fé
Bhreandán le linn an Roman du Renard. Ní thaisbeánann sé ach chó
beag gur i mBreatain a thosnuigh sgéal an turais, Fós, i ngach áit
i n-a ndearnadh ceist faoi go dtí aimsir na mBollandist, cuirtear
síos an turas do Bhreandán Cluana Fearta, agus níl aon chomhartha
gur smaoin éinne rómpa ar é do chur fíos do Bhreandán ar bith eile.



Go deimhin — de réir an fhocail úd an Fhranncaigh fé naomhaibh na
h-Éireann, ní amháin gur naomh idirnáisiúnta agus naomh náisiúnta
Breandán, ach is naomh dúithche mar an gcéadna é, agus is i n-a
dhúithche féin atá an cuimhne is beódha air féin agus ar á thuras. I
gCluain Fearta, 'san áit i n-a bhfuil sé curtha, deir na sean-daoine
go raibh coláiste maiccléireach ag Naomh Breandán 'san áit i n-ar
thóg an t-Easbog Gallda i n-a dhiaidh sin tigh dhó féin agus dá chlainn.
Deirtear, nuair dh'fhill Breandán ó n-a thuras go bhfuair sé na
maiccléirigh óga marbhtha ag na Protestúnachaibh Gallda. Dob'
uathbhásach an brón agus an fhearg a bhí ar an sean-fhear grádhmhar,
agus níor bh'é a bheannacht d'fhág sé do Sheán Buidhe nuair do fuair
sé bás agus cuireadh é i n-éindigh leó ins na coilltibh taobh leis an
Sionainn. Is dócha go ndéarfadh na Ballandistae nach bhfuil 'sa
méid sin ach “deliramenta apocrypha,” agus ní mór a admháil nach
ró-bheacht an smaoineadh a thaisbeánaid ar an stáir. Taisbeánaid,
ámh, rud níos fearr ná sin; taisbeánaid muinighin na ndaoine go
bhfanann Breandán i néindigh leó chun iad do chosaint, agus go
dtiocfaidh an lá nuair éireóchaidh sé arís chun sluaighte na nGaedheal
do sheoladh leis go dtí an Terra Repromissionis Sanctorum.



PÁDRAIG ERIC MAC FHINN.


L. 148


CNAMHA GAN FEOIL.



GAIRM AN CHRÍOSTAIDHE.



(a) Is Críostaidhe tu. Mar sin



(1) Tá baint agat le bás agus le h-adhlacadh Chríost. Cuir
uait an peaca agus smachtaig ainmhianta na colna.



(2) Tá baint agat le naomhthacht Chríost; tá sé n-a shampla
agat. Ní foláir duit é leanmhaint agus aithris a dhéanamh
Air.



(3) Tá baint agat le n-a ríoghacht agus le n-a ghlóire, oighre
mar aon leis iseadh thu.



(b) Ní mór duit gairm Críostaidhe do ghlacadh agus na dualgaisí a
ghabhan léi do chomhlíonadh.



(1) Mar is daor a dhíol Críost as tu fhuasgailt.



(2) Mar gur dheinis margadh le Dia n-a thaobh nuair a baisteadh
thu agus gur ghlac sé chuige thu ad' mhac aige.



(3) Mar gur mór go léir an tuarasdal atá agat le fághail ach
bheith dílis do Chríost.



(c) Is mór an chabhair atá agat chuige.



(1) Laistigh, tá Dia féin mar a bheadh túr an nirt ionat mar aon
le sobháilcíbh, agus le grástaibh agus le tiodhlaichíbh an
Sprid Naoimh.



(2) Lasmuich díot, tá cabhair go flúirseach agat:— Muire
Máthair, na h-aingil, na naoimh, an Eaglais, daoine
foghanta, cúrsaí an tsaoghail.



R. P.


L. 149


LEITIR THÍMPAIL AR STÁID LUCHT OIBRE;



Ó N-ÁR N-ATHAIR RÓ-NAOMHTHA AN PÁPA, LEO A TRÍDÉAG.
AR LEANMHAINT.



[Fógarthar gach ceart ar cosnamh.]



An tAthair Peadar Ua Laoghaire, Canónach, d'aistrigh.



Taisbeánaid siad do'n fhear shaidhbhir agus do'n fhear a dhíolan
tuarasdal nách ionan lucht oibre agus daoír; go bhfuil uraim ag
dul do gach fear oibre acu sa mhéid gur duine é, agus onóir sa
mhéid gur Críostaídhe é; nách náire ná sgorn ba cheart a bheith ar
dhuine mar gheall ar bheith ag obair ar a chéird nú ag déanamh gnótha
ar thuarasdal, ach gur meas ba cheart dó a bheith aige air féin,
agus gur meas atá ag dul dó ó chách, mar go bhfuil a bheatha aige á
thuilleamh go macánta, gan spleádhchas, os cómhair Dé agus daoine.
Cuirid dlighthe agus riaghalta na h-Eagailse 'n-a luighe ar an uile
dhuine, pé saidhbhreas a bhéadh aige, gur rud aithiseach dó gan a
dhéanamh oibre sin ach áirnéis, gan a dh'feisgint ann ach
an oiread san nirt cuirp agus lútha géag, chun airgid a dhéanamh,
mar a deintear le neart an bheithígh. Múinean an Eaglais gur
Críostaídhe an fear oibre agus go bhfuil ceangailte ar an máighstir
caoi thabhairt do'n fhear oibre sin ar dhualgasaibh Críostaídhe do
chómhlíonadh mar is cóir, ar mhaith le n'anam. Tá ceangailte, d'á
bhrígh sin, ar an máighstir aimsir dhleaghthach a thabhairt do'n fhear
oibre sin chun gnóthaí a anama do dhéanamh mar is cóir; dítheal a
dhéanamh ar é chiméad ó dhroch chómhluadar; gan aon nídh dhéanamh a
chuirfeadh é ó'n aire cheart do thabhairt d'á thigh agus d'á líntíghe
féin ná do spriocfadh é chun a chuid tuillimh do chur amú uatha. Tá
ceangailte air gan obair a bhéadh os cionn a nirt do chur air,
ná obair a bhéadh neamhoireamhnach d'á aoís, agus gan obair do chur
ar mhnáibh, nú ar chailíníbh, nár cheart a chur ortha. Ach isí oibligáid
is mó atá ar mháighstiríbh 'ná gan eugcóir tuarasdail a dhéanamh ar
lucht oibre.



Gan amhras ní foláir feuchaint chun a lán neithe ionus go
bhféadfí cad is tuarasdal ceart ann do bhreithniú. Ach bíodh fhios an
méid seo ag máighstiríbh, agus ag an uile dhuine atá ag fághail
oibre agus go bhfuil air tuarasdal a dhíol as go bhfuil mallacht
Dé agus daoine ar an t-é do luíghfadh lámh dhian ar an nduine


L. 150


mbocht a bhéadh dealbh, i gcruadhtan, chun saidhbhris a dhéanamh dó
féin. An tuarasdal a thuill sé go macánta do chimeád ó aon
duine, sin gníomh a ghlaodhan go h-árd ar dhíbhfeirg ó Dhia. “Feuch,
tuarasdal an fhir oibre … do chimeádais-se uaidh le feall,
tá sé ag glaodhach; agus tá an ghlaoidh sin tar éis dul isteach i
gcluasaibh Tighearna na Sabóide.”



I gcrích an sgéil, tá ceangailte ar lucht saidhbhris staonadh go
cráibhtheach ó bheith ag baint de thuarastal lucht oibre le lámh láidir
ná le feall ná le cleasaidheacht úncomais. Duine lag iseadh an
fear oibre agus ní'l aon chosaint aige ar an eugcóir, agus ó's
suarach é a chuid ba cheart staonadh uaidh mar a staonfí ó rud
naomhtha.



Dá nglactí, go dílis agus go coitchian leis na dlighthibh agus
leis na riaghaltaibh seo na h-Eagailse nach léir go gcuirfeadh san
amháin deire le coímhsgar idir na h-aicmeachaibh?



Ach ní stadan an Eaglais ar an áit sin. Tá Íosa Críost aici,
'n-a Mháighstir uirthi agus 'n-a stiúrthóir aici, agus tá a súil níos
aoírde. Dlíghean sí neithe atá níos uaisle. Is áil léi na
h-aicmeacha do dhlúthú ar a chéile le caradas agus le grádh d'á chéile.
Ní féidir dúinn gnóthaí na beatha saoghalta so do bhreithnú i gceart
gan ár súil do leogaint ar an saoghal eile, ar an mbeatha atá
síoruidhe. Má diúltuightear d'fhéuchaint chun na beatha atá síoruidhe,
ins na gnóthaíbh seo, ní féidir a thuisgint i n-aon chor, feasta, cad
is ceart ann ná cad is maith ann; ní'l i ngluaiseacht an tsaoghail
ar fad ach aimhréidh agus dul amú nách féidir bóthar ná cosán fhághail
tríd. D'á bhrígh sin, an nídh seo atá ag nádúr féin d'á chur 'n-a
luighe orainn, .i. gur ar ár n-imtheacht as an saoghal so a thusnuíghean
fíor bheatha dhúinn, siné an bun ar a bhfuil gleus agus teagasg an
chreidimh suidhte. Mar ní dos na neithibh duathaine díombuana atá
anso do chruthuig Dia an duine, ach dos na neithibh atá síoruidhe
ins na flathais. Ní mar inead cómhnuighthe do shíor a thug sé dhúinne an
talamh so ach mar inead feithimh, as baile, ar feadh tamail.
Saidhbhreas, agus na neithe eile sin ar a dtugtar maithasaí, bídís
agat nú ná bídís, is neamhnídh é chun aoibhnis na bhflathas. Ach i dtaobh
na h-úsáid a deintear díobh, ní neamhnídh i n-aon chor é sin. Nuair
fhuasgail Íosa Críost sinn le n-a mhór fhuasgailt níor thóg sé uainn
na pianta so agus na trioblóidí seo atá fíghte chómh líonmhar isteach
i mbeatha an duine ar an saoghal so. D'fhág sé againn iad mar
spriocadh chun fíoraontachta agus mar adhbhar luacht saothair dúinn.
I dtreo gur léir nách féidir d'aon duine aoíbhneas síoruidhe na
bhflathas do shealbhú mar thuarasdal mura siubhluighidh sé an bóthar
fuilteach a shiubhluigh ar Slánuightheóir Íosa Críost féin. “Má
dheinimid fulag go seasamhach gheóbhmid páirt sa rígheacht.” Na
pianta agus na triobloidí atá le fulag againn d'fuilig ár
Slánuightheóir rómhainn iad, le n-a shaor thoil agus bhain sé an nimh
asta dhúinn go n-iongantach, agus d'á éaghmuis sin tá a ghrásta aige


L. 151


á thabhairt dúinn, agus tá aoibhneas síoruidhe na bhflathas geallta
aige dúinn, mar bhogadh ar an bpian dúinn. “Óir an nidh atá
éadtrom agus ná leanan ach neomat anois, i n-ár dtrioblóidíbh,
oibirigheann sé ionainn ualach de'n ghlóire shíoruidhe atá thar na
beartaibh i n-uaisleacht.”



Tugtar, d'á bhrígh sin, foláramh do'n mhuíntir a gheibhean áthas ar
an saoghal so ná cuirean sólás saoghalta aon phioc de'n aoibhneas
síoruidhe i n-áirighthe dhoibh, ach a mhalairt; gur chóir go gcuirfeadh
an chainnt chruaidh do labhair Íosa Críost, cruadas nár ghnáth leis,
sgannra ar lucht saidhbhris; agus go gcaithfid lucht saidhbhris cúntas
dian a thabhairt do Dhia, sa bhreitheamhntas, i dtaobh na h-úsáide a bheidh
deanta acu de'n tsaidhbhreas.



Do thrácht na saoíthe págánacha fadó go saoítheamhail agus go
h-eagnaídhe, ar an úsáid is ceart a dhéanamh de shaidhbhreas, ach isí an
Eaglais a bheachtuigh an teagasg san agus do chuir fheuchaint ar na
daoine, ní h-amháin eólus a bheith acu ar an dteagsag ach an t-eolus
do chur i ngníomh. Isí an Eaglais do thaisbeáin nách ionan sealbhas
dleaghthach ar shaidhbhreas agus úsáid dhleathach a dhéanamh de'n
tsaidhbhreas san. Isé ceart an duine, do réir nádúra, mar
a dubhradh cheana, gur leis féin a chuid féin. Agus isé a
cheart, ameasg na poibilídheachta, neart a bheith aige féin
fé leith, ar úsáid a dhéanamh d'á chuid féin. Ní féidir neithe
bheith ar a mhalairt sin de chuma. “Tá sé dleaghthach,” adeir Tomás
Naomhtha, “a chuid féin a bheith ag gach duine fé leith; agus, chun
beatha na poibilídheachta do dhul ar aghaidh, ní foláir é.” Má
fiafraíghtear, ámhthach, cad í an úsáid atá ceangailte ar dhuine a
dhéanamh dá chuid féin; tugan an Eaglais freagra go tapaidh ar an
gceist sin i gcainnt an Naoimh chéadna. “Chómh fada agus théidhean
an nídh sin ní ceart do dhuine a mheas gur leis féin na neithe atá
lasmuich dhe, ach go bhfuilid siad coitchian, sa chéill go sgarfadh duine
leó go bog agus go dtabharfadh sé uaidh iad nuair a bhéadh gátar ar
dhaoinibh eile, … iad a thabhairt uaidh go bog, iad do roinnt.
Gan amhras ní'l órduighthe d'aoinne rud a thabhairt uaidh do dhuine eile
má tá an rud san riachtanach dó féin agus d'á mhuinntir; ná ní'l
órduighthe dhó é thabhairt uaidh má tá gádh aige féin leis chun é féin
do chimeád suas mar is cuíbhe: Óir ní'l fheuchaint ar aoinne
maireachtaint ar chuma nách cuíbhe.” Ach nuair a tugtar a cheart
féin do'n chuíbhe is dual, as an bhfarasbár, sásamh a thabhairt do
lucht gátair, “As a bhfuil sa mbreis ann tugaidh an déirc uaibh.”



Ní le ceart, lasmuich de chruadhtan ana mhór, a bhainid na
dualagaisí sin. Is le carthanacht an Chríostaidhe a bhainid siad, agus
ní déintear dlígh chun san do chur i bhfeidhm. Ach tá tosach ar
dhlighthibh agus ar bhretheamhntasaibh daona ag dlígh agus ag
bhretheamhntas Chríost Mhic Dé, agus cómhairlighean Críost go minic
do dhuine bheith tabharthach. “Is aoíbhinne bheith tabharthach 'ná bheith
glacaidhtheach.” Agus an rud a tugtar nú ná tugtar dosna bochtaibh,


L. 152


deir sé gurab ionan é agus an rud san do thabhairt, nú gan a
thabhairt dó féin. “An fhaid a dheinbhúir do'n t-é 's lugha de
m'bráithribh anso é do dheinbhúir dom féin é.”



Sidé brígh agus bunús na cainte sin go léir, .i. an t-é gur
tugadh dó an fághaltas mór de thabharthaistibh ó Dhia, pe'cu tabharthaistí
corpartha iad, lasmuich dhe, nú tabharthaistí aigne, is chuige a tugadh
dó iad chun a fhíoraontachta féin do chur chun cínn, agus mar an
gcéadna, chun bheith 'n-a rainneadóir ar mhaithasaibh Dé, gá
mbronnadh ar chách. “An t-é, d'á bhrígh sin, go bhfuil an talent
aige ná cuireadh sé an talent a bhfolach. An t-é go bhfuil an
saidhbhreas aige tugadh sé aire gan faillighe a dhéanamh de'n déirc.
An t-é go bhfuil ealadha aige go h'oilte bíodh sé fonamhar chun
raint de thairbhthe na h-ealadhan san do leogaint chun sochair do chách.”



Agus an muíntir atá gan saidhbhreas saoghalta tugan an
Eaglais le tuisgint dóibh coitchianta nách náire do dhuine, i láthair
Dé, bheith dealbh, agus nách asachán do dhuine a bheatha do thuilleamh
le h-obair. Do dheimhnigh a dTighearna Íosa Críost an fhírinne sin
nuair a thoibh sé an dealbhas bíodh go raibh sé saidhbhir, agus nuair
ba thoil leis bheith mar shiúinéir agus mar mhac siúinéara bíodh a's
gur bh'e Mac Dé é agus go raibh sé féin 'n-a Dhia; agus 'n-a
theanta san níor lag leis mórán d'á bheatha chaitheamh ag obair ar
an gcéird, “Nách é seo an ceárdaidhe, Mac Mhuire?”



Ag feuchaint dúinn ar an sampla san a thugan Críost féin
dúinn tuigimíd an méid seo, .i. gur ins na deagh thréithibh, 'sé sin,
ins na sabhailcíbh atá ann, atá suidhte pé uaisleacht atá sa duine,
agus gur cómhoighreacht an uaisleacht san, uaisleacht na sobhailcí,
do'n árd agus do'n íseal, do bhocht agus do shaidhbhir, cómh-shaoráideach
le faghail; agus ná fuil aon nídh eile ach na sobhailcí agus deagh
oibreacha chun aoibhneasa síoruidhe na bhflathas do chur i n-airighthe
do'n duine, bíodh sé bocht nú saidhbhir. Ní h-eadh ach tuigtear go
bhfuil báidh fé leith ag Dia leis na daoine bochta. Deir Íosa Críost
gurab aoibhinn dos na bochtaibh. Glaodhan sé chuige féin ar fad, chun
sóláis a thabhairt dóibh, na daoine atá i mbrón agus ag fulag
cruadhtain. Glacan sé le muíntearthas fé leith na daoine atá go
ró íseal ar fad agus atá d'á gcéasadh le h-éugcóir. Ní deacair
do mhachtnamh ar neithibh do'n tsórd san uabhar do mhaolú i n-aigne
na ndaoine atá saidhbhir, agus misneach do chur an dhaoinibh bochta;
na daoine saidhbhre do spriocadh chun bheith tabharthach agus na daoine
bochta do tharac chun bheith foidhneach. Ar an gcuma san curtar i
luighead an deighilt a dheinean an t-uabhar agus curtar fonn ar
an dá aicme dridim i dtreó a chéile agus, fé dheire, maireachtaint
i dteanta chéile do thoil a chéile, ag cabhrú le n-a chéile, go
muínteartha.



Ach, gan tracht ar mhuíntearthas, má bhíd siad úmhal do dhlígh
Chríost beidh grádh acu dá chéile, grádh bráthar. Tuigfid siad 'n-a
n-aigne, gur clann aon Athar na daoine go léir, gur le Dia iad.


L. 153


gur ar Dhia atá trial gach aicme deagh-dhaoine, mar gur ag Dia
amháin atá aoibhneas iomlán, aoíbhneas gan easnamh, a thabhairt do
dhaoinibh agus d'aingealaibh. Gur fhuasgail ár Slánuightheoir Íosa
Críost iad go léir, idir bhocht agus saidhbhir, agus gur dhein sé
clann Dé dhíobh, agus gur dhein san bráithre gaoil díobh d'á chéile
agus d'Íosa Críost, moladh go deo leis, i dtreo go raibh sé féin
'n-a “shinsear ar mhórán bráithre.” Mar an gcéadna, gur leis
an gcine daona go léir i n-aonfheacht na gréithre atá do réir
nádúra agus tabharthaistí na ngrást agus nách féidir aon duine do
chur as oighreacht shíoruidhe na bhflathas ach amháin an duine ná beidh
ar an stáid chóir, “Má's Maca is oighrí leis: oighrí do Dhia agus
com-oighrí do Chríost.”



Siné riocht na ndualgaisí agus na gceart, fé mar a mhúinean
Eaglais Chríost iad. Dá nglactí an múine sin ameasg daoine nár
chóir go mbéadh deire go luath leis an imreasán?



Ach ní bhíon an Eaglais sásta le n-a thaisbeáint conus teacht
ar an leigheas. Tugan sí an leigheas uaithi as a láimh féin amach.
Óir ní stadan sí ach ag teagasg na ndaoíne agus ghá dtabhairt chun
tathaíghe dhéanamh de bheith úmhal d'á dlighthibh. Deinean sí úsáid d'á
h-Easbogaibh agus d'á sagartaibh chun a teagaisg do sgaipe go
fórleitheadamhail. Ansan deinean sí dítheal ar dhul isteach i n-aigne
na ndaoíne agus ar a dtoil do chasadh agus do stiúrú, i dtreó go
leogfidís do dhlígh Dé iad do shrianadh agus do threórú. Gnó ana
mhór iseadh é sin, gnó atá os cionn gach saghas eile gnótha, óir is
air atá tairbhthe gach gnótha eile ag brath, agus is ar chumas na
h-Eagailse amháin atá an gnó san do láimhsiáil agus do dhéanamh.
Tá san fíor mar is di a thug Íosa Críost na h-innill le n-a ndeinean
sí aigne na ndaoine d'oibriú, agus tá éifeacht ins na h-inneallaibh
sin agus neart ó Dhia. Ní féidir d'aon inneallaibh eile ach dóibh sin
dul isteach i gcroidhe an duine ar fad agus a chur fheuchaint air a
dhualgas do chómhlíonadh, a mhian do smachtú, an grádh is aoírde
thabhairt do Dhia agus do'n chómharsain, agus brise go cuthaig tré
gach ceangal a bhéadh 'ghá chosg ar bhothar na sobhailcí do leanmhaint.



Chun na fírinne sin a dh'fheisgint ní gá dhúinn ach feuchaint siar
beagán ar imtheachtaibh ár sínsear. Ní fhágfidh an fheuchaint sin aon
mhearathal ar ar n-aigne. Chímíd conus mar a dhein na dlighthe agus
na riaghalta a chuir Eaglais Chríost ar bun an phoibilídheacht dhaona
d'athnuadhchaint agus d'árdú ó n-a bunaibh suas, agus conus mar a
dhein an t-athnuadhchaint sin agus an t-árdú san an chine daona do
thógaint ó'n mbás agus do sheóladh ar a leas, agus do mhéadú le
gach rath agus le gach séan, i dtreó ná feacathas a leitheid riamh
roimis sin ná a shárú riamh ó shin. Chimíd gurab é Íosa Críost is
úghdar agus is bun leis na maithasaíbh sin go léir, gur uaidh a
thánadar agus gur chuige atá a dtriall. Nuair a glacadh solus an
tSoísgéil agus nuair a craobhsgaoileadh ar fuaid an domhain mistéir
theacht an tSlánuightheóra, chuaidh beatha Íosa Críost, 'n-a Dhia agus


L. 154


n-a dhuine, anonn tré sna cineacha agus do líonadh iad d'á chreideamh
agus d'á aitheantaibh agus d'á dhlighthibh. D'á bhrígh sin, ma tá an
phoibilídheacht dhaona le leigheas is leis na dlighthibh a chuir Críost ar
bun a déanfar an leigheas. Nuair a bhíon cualacht ag dul ar feódh
ní foláir an chualacht san do chur airís sa riocht 'n-ar cuireadh ar
bun í ar dtúis, óir, isé buach gach cualachta daoine, an toisg d'ár
cuireadh ar bun í do cómhlíonadh, agus oibriú chuige sin; i gcás gurab
í an toisg a thug a beatha do'n chualacht a chimeádfidh ar bith an
chualacht, ag déanamh na h-oibre d'ár cuireadh ar bun í. Stad de'n
obair d'ár cuireadh an cualacht ar bun: sin feódh. Diriú ar an
obair airis: siné an leigheas. Is fírinne ghlan an chaint sin i dtaobh
an stáit i gcoitchine; agus is fírinne ghlan í, leis, i dtaobh na
cualachta móire sin, na daoíne a thuillean a mbeatha le h-obair.



Níor tháinig linn teacht suas le n-a thuille.



Ó dhubh go dubh tá baois an tsaoghal ghár mealladh,
Ár neart tá meathta 'g cnuasacht gacha maoin';
Linne is measa ionmhas ná Dia;
Seilbh ár gcliabh tabhartha gan náir do Mhammon!
An mhuir go gluardha gorm-ghlas fé'n ngealaig,
An ghaoth ag sgreadaig ins an spéir de shíor,
Nó ciúineas leathta ar an ndomhan go caoin —
A n-áilneacht san ní mhothuighmíd 'nár n-anam.
Mo thruagh! dá mairinnse fadó sa nGréig
Nuair 'chítí déith' i bhfuirm crainn nó bláith',
Budh ghearr go gcuirfí sgaipeadh ár mo phéin
Is mé fé shéan im sheasamh ar an dtráigh,
Mar chífinn Próteus fáidh i mbun a thréid
'S Trítón ag séideadh adhairce sliogáin.



DONNCHADH Ó FLOINN.


L. 155


CILL BHRIGHDE AR AN CHRUIT.



Oileán i Rosaibh Thíre Chonaill an Chruit. Ach ní oileán de na
hoileáin a mbíonn uisge ina thimcheall i gcomhnuidhe é. Dhá uair 'sna
ceithre huairibh fichead druideann an lán mara thart air, agus dhá
uair 'sna ceithre huairibh fichead tráigheann sé go mbíonn bealach
ag duine agus ag ainmhidhe siubhal trasna na trágha tirim. Nuair
a bhíos mall-mhuir ann bíonn laethe nach dtig an t-uisge aniar agus
an t-uisge anoir i gcionn a chéile ar chor ar bith, agus le linn na
haimsire sin bíonn an tráigh go deas glan tirim. Má's inchreidte
sgéalta na sean-daoine ba mhó d'oileán an Chruit tuairim ar chéad
bliadhain ó shoin 'ná mar atá indiu. Chluininn m'athair mór 'ghá rádh
gur chuimhneach leis báid a fheiceáil ar ancoire áit nach dtig an lán
mara rabharta mór na Féile Brighde fhéin anois. Siabadh an ghainimh
d'árduigh an tráigh is ciontach leis an chúl seo thugtar fa deara sa
taoide. Talamh gainimh beagnach uilig atá ar an Chruit.



Tá reilic ar an Chruit agus tig daoine as gach cearn den
pharóiste a dhéanamh turuis ann Lá Fhéile Muire Lá Fhéile Pádraig
agus Lá Fhéile Muire Mór san fhoghmhar. Cá huair a cuireadh an
turus ar bun nó cá huair a coisreacadh an reilic níor éirigh liom ariamh
a fhagháil amach. Níor éirigh liom sgéal cinnte fhéin a fhagháil a chruthóchadh
go raibh teach pobail ann. Tá sgéal ann adeir go dtáinig cuid de
bhráithribh Dhún na nGall 'un na Cruite nuair a cuireadh as a mainistir
iad i ndeireadh na seiseadh haoise déag gur thóg teach pobail ann. Tá
sgéal eile is ughdarasaighe ann, mar tháinig sé anuas mar bhéal-oideas
imeasg mhuintire na háite, adeir go dtáinig sagart d'Órd Phroinseis
un na Cruite lá agus nuair tháinig sé ar amharc na reilice go ndeachaidh
sé ar a ghlúinibh gur shiubhail gur bhain an áit amach. Níl amhras ar
bith, dar liom, go raibh baint ag Órd Phroinseis leis an ionad, mar
is mar chuimhne ar an Órd sin adeirtear an chéad urnaighthe atá
órduighthe fa choinne an turuis. I dtaoibh an toighe pobail, níl
ballóg ná cloch le feiceáil indiu ann a chuirfeadh i n-úil dúinn go
raibh eaglais ariamh ann. B'fhéidir dá dtochlóchaidhe an gaineamh go
bhfuighthidhe comhartha cinnte go raibh a leithéid ann. Bhí sean-daoine
beo nuair a bhí mise 'mo ghasúr adeireadh go bhfaca siad crann
adhmaid ina luighe leath-nochta ar chasán an turuis ann nuair a bhí
siad óg. Ní raibh a fhios acu goidé mar tháinig sé ann, ach
déarfainn-se gur chuid d'adhmad na cille a bhí ann é. Níl a dhath
d'amhras orm ná go raibh teach pobail ar an Chruit, mar is annamh
reilic de na sean-reiliceachaibh atá ar m'eolas a bhí gan teampal
Dé ina lár. Rud eile, Cill Bhrighde ainm na reilice, agus Turus


L. 156


Brighde ainm an turuis. Tá a fhios agam gur minic “cill” ar
“reilic,” ach “teach pobail” an tsean-chiall a bhí leis an fhocal. (1)
Agus mar is léir ar ball as foclaibh eile a bhaineas leis an reilic
seo tháinig na hainmneacha a bhíos ag muintir na háite agus iad ag
caint uirthi anuas nó anall ón seiseadh nó ón seachtmhadh haois déag.
Dá dhruim sin déarfainn gur tugadh Cill Bhrighde ar an áit de bhrígh
go raibh ceall nó teach pobail ann.



Cúpla céad slat ón reilic tá áit ar a dtugtar Rinn Chaillighe
Muire. B'fhada mé ag éisteacht leis an ainm ach char thuig mé riamh
cad ba chiall leis go gcuala mé trácht ar mhnaoi ar léithe é ar a
dtugtaoi An Chailleach Mhuire. Na daoine a innseas sgéal na
Caillighe Muire ní thuigeann siad cad is ciall do na foclaibh
“Cailleach Mhuire,” ach níl duine léigheas an tSean-Ghaedhilg, nó
sgríbhne Chéitinn fhéin, nach bhfuil a fhios aige gurbh' ionann “cailleach”
sa tsean-am agus “bean-riaghalta” indiu. (2) Dá gcuireadh duine
i n-iongantas go mbéadh bean riaghalta ina comhnuidhe léithe fhéin ar
an Chruit, léigheadh sé an sgéal atá ag Céitinn (3) fan mhnaoi riaghalta
a bhí ina comhnuidhe ina haonar i mainistir bhig, as a dtuigfear gur
nós coitcheannta sa tsean-am mná riaghalta bheith thall is i bhfos ar
fud na tíre ina n-aonar. Tá beagán bliadhanta ó shoin fuarthas
tobar fíor-uisge ar Rinn Chaillighe Muire agus mheas an duine
fuair é gur thobar de thoibreachaibh an turuis é. Ach b'fhusa liom-sa
a mheas gur thobar a bhí ag an Chailligh Mhuire fhéin é.



I dtaoibh an turuis, is ceart a dhéanamh cos-nochttha. Seo mar
a níthear é:— AN BHEINN — I gcuimhne Óird Phroinseis í: Cúig
Paidreacha, cúig Aibhe Máiria, agus Cré.



TOBAR BRIGHDE (4): Trí Paidreacha, trí Aibhe Máiria, agus Cré
ar do ghlúinibh. Trí Paidreacha, trí Aibhe Máiria, agus Cré
ag gabháil thart fa thrí ar an tobar.



TOBAR MUIRE (4): An urnuighthe chéadna adeirtear ag Tobar
Brighde.



TIMCHEALL NA REILICE: Coróin Mhuire sheacht ndeichneabhar ag
gabhail thart fa thrí ar an reilic. Mura raibh na seacht ndeichneabhair
críochnuighthe ar an treas timcheall, iad a chríochnú ag An Leachta Mhór.



AN LEACHTA MÓR: Cúig Paidreacha, cúig Aibhe Máiria, agus
Cré ar do ghlúinibh. Cúig Paidreacha, cúig Aibhe Máiria, agus Cré
ag gabháil thart ar an Leachta Mhór.



AN LEACHTA BEAG: Cúig Paidreacha, cúig Aibhe Máiria, agus
Cré le hanamnaibh na marbh, agus críochnuigheann sin an turus.



(1) CILL tuiseal tabhartach an fhocail CEALL a tháinig ón Laidin cella.



(2) Is ón fhocal “caille” (a veil) don fhocal “cailleach.” Is ón Laidin
pallium “caille.”



(3) Stories fro Keating, ll. 42-43.



(4) Bhéarfar fa deara gur Tobar Brighde agus Tobar Muire adeirtear go
díreach mar adeirtí sa tsean-am.


L. 157


Is gnáth i gcomhnuidhe trí mámanna gainimh a chaitheamh suas ar
an Bheinn, as na toibreachaibh, agus ar na leachtaibh. Tá leac leath
bealaigh thart ar an reilic agus má théid tú ar do ghlúinibh uirthi agus
d'aghaidh soir le linn an turuis gheobhaidh tú cibé athchuinghe iarrfas tú.



Níthear an turus gach uair sa bhliadhain ach ní bhíonn na slóighte
ag a dhéanamh ach fan dá Fhéile Muire ar ar labhair mé. Is gnáth le
daoinibh bhíos ag imtheacht go Meirice a dhéanamh le n-a gcur slán
thar tuinn agus thar gach contabhairt dá dtiocfaidh ina mbealach. Bhí
dochas mór ag na sean-daoinibh as Turus Brighde, ach ní chuala mé
trácht ar mhíorbhailte ar bith a rinneadh ann taobh amuigh de leigheas
a tháinig ar bhuachaill a raibh angadh éigin agus ceol ina chluasaibh.
Níor luaithe an turus déanta aige 'ná chuala sé mar bhéadh urchar
gunna mhóir ann, agus le n-a linn thoisigh an sileadh a theacht as a
chluasaibh go raibh sé slán gan phian gan phioláid ariamh ina dhiaidh.



Chuaidh mo mháthair trasna na trágha go toigh comharsan ar graithe
agus í ina girrsigh. Bhí an tsean-bhean sa chlúdaigh agus í san aois
leanbuidhe. Tháinig a mac, a bhí ina sheanduine, isteach. “Cá bhfuil
d'athair, a Charley?” adeir sí. “Thall i gCill Bhrighde,” adeir sé.
“Thall i gCill Bhrighde!” adeir sí agus iongantas mór uirthi.
'Seadh, bhí sé ina luighe sa tsuan a mhairfeas go nglaodhfaidh an
t-aingeal. Agus leaba níos deise, leaba níos trioma badh deacair
dó a fhagháil. Deirtear gur cuma leis an chorp nuair a sgaras an
t-anam leis an cholainn cá gcuirfear faoi fhód é, ach 'tchíthear
damh-sa anois gurbh' fhearr liom mo chnámha bheith sínte sa ghaineamh
bhán i gCill Bhrighde 'ná i reilic eile de reiliceachaibh na hÉireann.



SÉAMUS Ó SEARCAIGH.



GLÓIRE.



Glóire, glóire, glóire,
Glóire dóibh siúd tá faon,
Do thuit ar son na h-Éireann
Ar ghleann agus ar shléibh,
Do thuit i lár na catharach,
I gcarcar is i ngéibhinn,
Glóire, canaimid glóire,
Glóire dóibh siúd go léir.



M. Ó D.


L. 158


OIDE MÚINTE NA MBOCHT



I. — D'AINM AGUS D'ÁRD-CHÉIM AN CHRÍOSDAÍ.



CEIST. — Cad é an creideamh gur de thú?



FREAGRA. — Tré ghrásaibh Dé is críosdaí mé.



TEAGASC. — Tá an críosdaí slánuighthe ó Chríost, agus
cialluighean sé deisciobal Chríost, a admhaighean a dhlí agus a
theagasc, nó ina mbaisdaighthear [é] do réir dlí Dé, in ainm na
Tríonóide ró-naomhtha, i.e., in ainm an Athar agus an Mhic agus an
Spioraid naoimh — len a nglantar sinn ó pheacadh an tsinnsir agus
ón uile pheacadh eile (1) agus len a ndéantar clann Dé agus oighreadha
ar na flaitheasa dhínn; balla (2) eaglaise Chríost nó Críosdaithe agus
teampaill beódha an Spioraid Naoim. Do réir mar is é Críost,
ó nádúr, síor-mhac Dé, mar an gcéadna, is é an Críosdaí, ó ghrásaibh,
mac cúl-glactha (3) Dé agus fághann sé (mar a déarfad) le
h-ath-gheineadh spriodáltha an nidh a fuair Mac Dé len a ath-gheineadh
síoruí; “ionos go ngoirfí agus go mbeimís mar chlann ag Dia”
(I. Eóin 3, 1) le cúl-ghlacadh tré n-a dtugaimid ár n-Athair ar Dhia, de
brígh gur clann Dó sinn, agus oighreadha ar a rígheacht (Romh. 8, 15).
Sul ar (sul fá) baisdeadh sinn chomhnuigheamar i bpeacadh agus i
ndíth-chreideamh i dtaobh amuich de bhaisde Dé, agus gan cheart ar
bith ar rígheacht na bhflaitheas “mara n-ath-bhéirtear neach ó uisge
agus ón Spioraid Naomh, ní féidir do dul isteach go righeacht Dé”
(Eóin 3, 5). Tugadh críosdaithe mar ainm ar dtús i gcathair h-Antíoc
ar lucht an chreidimh (gniortha xi. 26). Roimhe sin tugtaí deisciobail
agus dearbhráithre ortha — deisciobail, de bhrígh gur leanadar dlí
Chríost, agus dearbhráithre, de dhruim an cheana agus an chumainn a
bhí aca dá chéile: “bhíodar uile d'aon chroidhe agus d'aon mhéin”
(gníomh 4, 32). Tugadh críosdaithe ortha fá [fé] dheire i ndiaidh Chríost
dá chur i gcéill gur chreideadar agus gur admhuigheadar a dhlí agus
go rabhadar rann-pháirteach i dtiodhlaicithe a ghrás.



FOIRCHEADAL. — Foghluim meas do bheith agat ort féin i dtaobh
bheith tré ghrásaibh Chríost id' chríostaí nó id' dheisciobal ag Chríost.
Créad í an chéim is uaisle agus is aoirde ná bheith sloinnithe ó Chríost
tré a roinntear tora agus sochar pháis Chríost linn annso, agus



(1) Gach aon pheacadh eile. (2) Baill. (3) Cúl-ghabhaim, I adopt Ó Duinnín
cúlglac? cómh-ghlac].


L. 159


glóire bíoth-bhuan ins an tsaoghal atá le teacht. “Tabhair aire, dá
bhrígh sin, do mhórdhacht do ghairme,” do réir comhairle an abstail
(I. Cor. 1 26) agus ó's cáil Mac Dé cáil an chríosdaí, ná tabhair
oilbhéim do'n bcáil sin le drochbheatha. Fairíor! cad é a liacht duine
ná fuil aon nídh a bhaineann le Críosdaí aige, ach amháin an ainm.
Óir an té a dhéineann peacadh is seirbhíseach don bpeacadh é. Uime
sin, an uair thuitthear i bpeacadh mharbhthach nílir níos sia id' sheirbhíseach
ag Dia nó id' dheisciobal ag Críost acht id' dhaoirseach ag an
ndiabhal. Cailleann tú an tiodal agus an ceart a bhí agat ar
rígheacht na bhflaitheas agus chómh fada agus d'fhanann tú mar sin i
neamh-aithrighe bír scartha le grásaibh Dé agus le trócaire
d'Fhuascalthóra. Ó, a pheacaigh, is olc a d'oireann tú d'ainm nó
d'ucht (?) an Chríosdaí a h-ungadh le h-ola na ngrás ndiadha, le
h-ola na luath-ghára ós cionn a chómhleanann [? leanmhana] [ps. 44 8].



An t-Athair Liam Ó h-Uallacháin do sholáthair.



BAOSRADH AN tSAOGHAIL.



Chonac-sa bláth i dtráth na maidne
Thíos san ngleann,
Go milis, mórdhálach, mánla, maiseamhail
Slíogach, seang.
Do chuas ghá chuardach ar uair an chlapsholuis,
Go bhfuaras ansúd mo phlúirín seargtha,
'S chuir duairceas uamhain is cumha a mharbhtha
Mo chroidhe fé bhreall.



Ach ní fuide mo shaoghal ná saoghal na fiadhaile
Dob ísle fás;
I ndeire an lae gan bhréig 'seadh dhíolfad
Fiacha 'n bháis.
Múineann cúntas an phlúirín sgiamhaig
Nách buan ná luachmhar nuadhacht an tsaoighil seo
Ó sguabtar uabhar mar dhrúcht roimh oidhche
'S imthigheann gan tásg!



D. Ó F.


L. 160


D'ATHBHUNADH SHLEACHTA IS CINE (SEANMÓIN).



“Annsin dubhairt mé leo: chidheann sibh an aindeise na bhfuilmíd,
mar atá Ierúsalem na fásach, agus a geataí loisgthe le teine:
teagaidh cuiream suas balla Ierúsalem i dtreo ná beimíd níos mó
fá mhíomhodh is fé asúchán.” — Nehemias c. a. 2, roinn a 17.



Nuair d'iarradh orm focailín do rádh libh-se indiú, a chlanna
Ghaedhal, agus nuair chromas ag machtnamh ar cad ba chóra dham a
rádh libh, tháinig an smaoine chugham go mb'fhéidir ná fuighmís in aon
áit eile, agus an Bíobla go léir idir Shean-Reacht is Tiomna Nuadh
do chuardach — ná fuighmís ádhbhar machtnaimh níos oiriúnaí ná níos mó
tairbhe dúinn ins an gcruadh-chor trí n-a bhfuil triall lucht cosanta
Gaedhilge is gaedhaltachta na h-Éireann fé láthair, ná an cruachás
is an chruadháil so 'gainne do chur suas is anuas le cúrsaí pobail
Dé, le cruadhóga clainne Israel, le linn dóibh bheith ag cur a leithéid
chéadna de chruachor díobh i n-allód.



Mar is eól díbh, tar éis do shluaightibh na Babalóine an buaidh
do bhreith ar na Giúdaig, rugadar leo ar láimh na gcimíbh go
h-oirthear na h-Impireachta iad agus scaipeadar annsan na measc
féin iad. Leis an aimsir, ámhthach, do chlaoidh na Peirsig na
Babalóinig, rud do thug dos na Giúdaig cead fillte ar a dtír is
ar a mbaile dúthchais féin arís. Acht nuair chromadar ar bhallaí a
bpríomhchathrach d'fhoirgneamh, toisc gan aon chead do bheith aca chum
na h-oibre ó righthibh na Peirse, na náimhde do bhí aca i n-Ierúsalem
féin agus ins an dúthaig mór-thimcheall uirri, chuireadar d'iachal
orra cur suas den obair; ní h-amháin sin acht do leagadar ar lár
arís roint mhaith dá raibh tógtha des na ballaí. Ar dtuairisc na
tubaiste seo d'fagháil do Nehemias, d'éirig sé go dubhach, doilbhir
dá dheasca, agus, ó ba rud é gurbh é bhí ag an righ mar dháileamh
(sé sin mar ghiolla chorn nó chupán), ní nárbh iongna, thug an rí fé
ndeara é is d'fhiafraig de fáth a dhubróin. D'fhreagair Nehemias é:
“'Dé chúis,” ar sé, “ná beadh mo ghnúis go doilbh, dubhach,
dubrónach, is a rádh go bhfuil príomh-chathair mo thíre is mo chine,
cathair adhlaicthe m'atharach, go bhfuil sí na fásach, bearnaí móra na
cuid ballaibh agus a geataí loiscthe le teine.” “Agus,” ar an rí
leis, “cad do b'áil leat-sa sa scéal?” “Mé do chur le réim is
le forlámhas ann, a rí,” ar Nehemias, “ionnas go gcuirfe mé
suas í.”



Thug an rí an cead do Nehemias. Chuaidh sé seo go h-Ierúsalem


L. 161


mar ar éirig leis an obair do bhí ceaptha aige do chur chum críche tar
éis a lán dá dhuadh.



Samhluightear domhsa go bhfuil dlúthchosúlacht aca-san — ag lucht
aithbheochaint an chine Ghiúdaig le n-a linn, — linne — le lucht aithbheochaint
ár gcine féin fé láthair. D'fhonn misneach is tógaint chroidhe is
buantseasamhacht san obair d'fhoghluim uatha, cuirimís sinn féin is
iad féin suas is anuas le chéile ar na trí poncaibh so:—



I. Cérbh iad súd is cé atá ionainne.



II. Cadé an obair bhí le déanamh aca san agus cadé mar obair
atá le déanamh againne.



III. Cad iad na toirmisc do bhí ag cur na gcoinne súd agus
cad iad na constaicí a bhfuil orrainne aghaidh do thabhairt
orra.



I. CÉRBH IAD FÉIN. — (1) Iarsma beag suarach don daoscar
shluagh nárbh fhiú leis na Babalóineacha árdach leo ar díbirt, is d'fhan,
dá bhrigh sin, sa tír dúthchais; dream do bhí gan puinn de stros an
tsaoghal aca an chéad lá, is do bhí anois tar éis teacht go beo bocht
fé ansmacht na n-allmhúrach mbuadhach, do bhíodh ag síor-mhéidiú cíosa
is cáine orra — b'shin iad cuid aca.



(2) Do bhí dream eile ann, iad-san do bhíodh ag fille ón
mBabalóin diaig ar ndiaig le ceithre fichid bliain éigin roimhe so,
acht, toisc gan aon chomhacht phoilitiach do bheith aca na dtír dúthchais
ba ghearr an mhoill ar a n-urmhór tuitim i n-umar na h-aimiléise mar
an gcéadna.



(3) Do bhí an tríogú dream orra leis — gasra beag de dhaoinibh
uaisle is de dhaoinibh saidhbhre, acht fáiríor géar! Fé mar is gnáth
le n-a leithéidíbh go ró-mhinic, chuadar ar thaobh lucht na láimhe láidre.
An t-airgead bhíodh amuigh aca ar na daoinibh bochta, bhídís chomh
cruachroidheach san ghá éileamh orra, gur bhris ar fhoidhne na ndaoine
mbocht sa deire agus ar a misneach chomh maith, gur chromadar ar
chnáimhseáil agus ar rádh: “nach ionann sinne is na daoine saidhbhre
seo — aon chine amháin is eadh sinn, clann Iúdah is Beniamin — agus
féach go bhfuilid ag breith ár gcloinne uainn chum daoráin do
dhéanamh díobh aca féin, sin is gan ar ár gcumas a bhfuascla; óir na
fearainn is na fíniúna do bhí againn bhaineadar dínn cheana iad mar
dhíolaíocht ar an airgead thugadar ar iasacht dúinn!” Ar mhaithe le
n-a thír is le n-a chine, níor mhór do Nehemías aghaidh a bhéil do
thabhairt go maith orra, d'fhonn a chur d'iachail orra roint dá gcuid
do mhaithe dos na truaghánaibh ró-aindeise ar a raibh na fiacha
amuigh aca.



II. AN OBAIR. — Taobh amuigh de bhuidhin big taoiseach sagart is
daoine dúthrachtacha eile nách iad, b'shin é an saghas taca le n-a
raibh Nehemías ag tabhairt-taoibh chum an deaghobair do bhí glactha


L. 162


idir lámhaibh aige do chur chum críche. Agus, a phobal Dé, ní miste
a rádh ná gurbh obair dhian, obair dheacair, obair chrosta, obair
mhór thábhacht í an obair chéadna. Óir sé rud do bhí i gceist aige
ná a chine is a náisiún uasal, ársa, dílis féin d'athbhunadh is
d'aithphréamhadh arís i dtír a sinnsear, ar mbeith scriosta go glan
amach aiste agus ar mbeith curtha le fán an tsaoghail le fad de
bhliantaibh dóibh; agus ar mbeith, an fhaid chéadna, do choigcríochaibh as
gach áird i gceannas is i gcomhacht is i bhfearanntas innti. Bhí
ballaí Ierúsalem le foirgneamh aige, a cuid túr do dhaingniú
is a cuid geataí is comhlan do dhéanamh is do chur suas na n-ionada
cearta féin arís. Nuair bhí an méid sin déanta aige, níorbh fholáir
dó díriú ar thighthe na cathrach do chur suas agus a chuid sráideann
do leagaint amach nó do dheisiú. Agus, annsan, ar mbeith do gach
aon rud curtha i n-eagar aige, bhí air na daoine do sholáthairt
chuirfeadh fútha innte, agus nuair tháinig leis cúrsaí na príomh-chathrach
do réidhteach ar an gcuma san, níor mhór dó dul is an cleas céadna
do dhéanamh ar fuaid na tíre go léir idir bhailte móra is tuaith.



III. NA CONSTAICÍ. — Do b'éachtach an obair í d'aoinne amháin
chur roimhe, agus, d'fhonn í do chur chum críche, dhéarfadh duine nárbh
fholáir do Nehemías gan aon rud dá laghad bheith ag cur na choinne.
Ní h-amhlaidh do bhí, ámhthach. Óir a luaithe i n-Éirinn chonnaic náimhde
a chine ag luighe isteach chum na h-oibre i ndáiríríbh é, rinneadar a
ndearg-dhícheall ar é do chur uaithe. Do bhí triúr taoiseach orra
go h-áirithe — taoiseach na Samaratánach (dárbh ainm Sanaballat)
taoiseach na n-Ammonaoiteach (dárbh ainm Tobias) is taoiseach na
n-Arábach (dárbh ainm Goisen) chuir baic, is toirmisc is constaicí
ar Nehemías bocht. Bhí a fhios aca lucht láidir leanúna do bheith
aca, comhacht uile a gcine taobh thiar díobh, gráin is fuath nimhneach
do Ghiúdacha na gcroidhe istig aca, “cirt” thábhachtacha do bhí bainte
amach i n-Iúdah aca féin is ag á n-atharacha, na “cirt” so anois,
dar leo, i mbaol a gcaillte go deo: do ghríos so go léir iad a
ndearg-dhícheall do dhéanamh d'fhonn Nehemías do chur dá threo. I
dtosach sé rud do rinneadar ná díriú ar scige is ar mhagadh fé:
“Nach tábhachtach an obair í seo atá ghá déanamh ag sna Giúdacha,”
adeiridís, “má theidheann sionnach suas go dtí na ballaí san,
brisfidh sé síos iad.” Tar éis tamaill chuireadar an t-éitheach na
leith gurbh é bhí fútha ná fonn bheith orra dul “i gceannairc i n-aghaidh
an ríogh,” sé sin le rádh eirghe amach na choinne. Nuair ná raibh aon
tora ag teacht dóibh as an méid sin féin, thángadar i ndáil comhairle
le na chéile agus do shocraigheadar ar “theacht suas agus troid i
n-aghaidh Ierúsalem agus an obair do thoirmeasc,” i dtreo gurbh
éigin do Nehemías leath a mhuintire do chomhad de shiar “fé éide
chatha is chomhlainn” agus an leath eile do chur ag obair ar leath-láimh
toisc a gclaidheamh do bheith na láimh eile aca ar eagla go dtiubhradh
an námhaid fogha obann fútha le linn dóibh bheith ag obair.


L. 163


(4) Dhéarfadh aoinne nár bheag san mar dheacaireacht. Acht dá
olcas bhí an scéal aca de dheasca fuatha is fích a námhad, ba sheacht
measa é de dheasca drochmhisnig is feill roinnte áirithe dá muintir
féin. Fiú na bhfáidh féin, shaoil cuid aca sceimhle do chur ar
Nehemías. Thóg cuid des na h-uaislibh breab ón námhaid i ngeall
is go mbéaraidís air. Dream eile fós díobh, chuireadar go mór na
choinne mar bhíodar i gceangal phósta leis na h-eachtrannacha nó bhí
post maith éigin aca féin nó ag duine dá muintir fútha. Acht
d'aimhdeóin na dtoirmeasc as na gconstaicí go léir so, do lean
Nehemías dá obair, óir ba léir dó lámh Dé do bheith léi: agus b'é
do bhíodh mar ghnáthurnaighe aige le linn na h-aimsire ná: “Smaoin
ormsa, a Dhia liom, chum maitheasa, de réir an uile ní dá ndeárna
mé ar son an phobail-se.”



Fágaim fúibh féin, a Chríostuidhthe a chroidhe 'stig, an teagasc
iomchubhaidh do bhaint as an sliocht sheanchuis seo. Is follas gurab é
an teagasc is cóir tarraingt as ná misncach agus mór-mheanmna:
iontaoibh as Dia is as comhairle Dé i leith na h-Éireann agus
buantseasúcht dochlaoite san obair so na Gaedhilge, d'aimhdeóin
toirmeasc is constaicí dá mhéid is dá chrostacht. Ní chuirfidh mé
acht an méid seo mar aguisín leis. Nuair bhí a bpríomhchathair ar
foirgneamh ar sna Giúdacha agus sluagh mór dá muintir féin na
gcomhnuidhe innte, deir an Scríbhinn Diadha linn go rinneadar na trí
neithe seo im dhiaidh: “Do dhealuig sliocht Israel iad féin ó gach
coigcríoch. D'admhuigheadar a bpeacaí féin is cionntacha a n-atharach,
agus thugaidís an cheathrú chuid de'n lá ag léigheamh a leabhar.”



Déanaimís-ne aithris orra ins na neithibh seo, leis, ghá gcasadh
go léir ar an nGaedhilg agus ar athghaolú na h-Éireann.



MICHEÁL MAG CRAITH, C.Í.


L. 164


MO CHARA.
I.



Tá cara agam is ionmhain liom
'S tá grádh ag mo Charaid-sa dam
Do tháinig annso agus maireann i mboth
Agus fanfaidh go bráth ar mo shon.



II.



Ní fear ná bean a thuilleann mo ghean
Ní dual uaim do dhuine mo chroidhe
Ní naoidhe bídeach deas a stracann uaim searc
— Is Íosa mo Chara, 's mo Rí.



III.



Maireann mo Rí de ló agus d'oidhch'
I bpailiúnín ar an altóir
Ag feitheamh go díl le m' theacht chun mo ghuidhe
Do dheunamh ó'm chroidhe ós A chómhair.



IV.



Bíonn buaidhirt agus brón am' chlaoidheadh go mór
Bíonn cortha am' threasgairt go dlúth
Agus orm go trom bíonn imshníomh an domhain
Ag cur go mbím cráidhte le duadh.



V.



Annsan bíonn sólás le fághail ó'm chrádh
Ó'm Charaid ríoghamhail, 's n-A threó
Teichim go luath 's ós A chómhair ar mo ghlúin
Labhrann mé Leis go sóghach.



VI.



Innsim gach brón dom' Rí-Slánuightheóir
Radann Sé orm A thruagh
Agus suaimhneas iomlán agus ciúineas ró-sámh
Tagann is ruagrann mo bhuaidhirt.



VII.



Moladh de shíor lem' Charaidh, lem' Rí!
A Íósa! is Tusa mo Stór,
Méaduigh gach lá mo shearc is mo ghrádh
Go mbead i do sheilbh go deó.



“AIBHISTÍN.”


L. 165


“AISTE AR AN bhFÍR-BHEATHA.”



Diarmuid Mac an Chró a aistrigh ón bhFraincis é.



“Táim tagaithe i dtreó go mbeudh an bheatha aca,” adeireadh
ár dTíghearna, “agus i dtreo go mbeudh sí in-iomláine aca:
ut vitam habeant et abundantius habeant.”



Cad é cad a chialluigheann an bheatha so? Isé rud a
chíalluigheann sí ná caidreamh agus cimilt agus caradas idir Dhia
agus a chréatúirí. Is beag duine a bhfuil eólas aige ar an mbeathaidh
sin agus mar sin ní minic a deintear í do chleachtadh: ní féidir do
dhuine tairbhe do bhaint asti ach de réir méid a eóluis uirthi.
Ceapaimís cúpla bun riaghail agus bainfimíd bríghthe tábhachtacha
asta.



Ár gCríoch.



Cad na thaobh gur cruthuigheadh sinn? Chun aithne do chur ar Dhia,
chun grádh a thúirt dó, agus chun freastail do dheunamh air. — Mar
mhaithe le Dia iseadh do cruthuigheadh sinn, ní'l aon dabht ag éinne
ná gurab eadh. Ní mór, ámhthach, é sin a chur ina luighe orainn féin
níos fearr.



Ní shaoilfeadh éinne ach duine a bhéadh as a mheabhair ná fuil Dia
ann ar chor ar bith. Bíodh a rogha rud mar adhbhar cainnte agus
machtnaimh 'gá leithéidí siúd. Pé olc maith linn é mar sceul, is le
Dia sinn. Ní foláir dúinn filleadh Chuige sin ar ais nó ar éigin.
Ar ais nó ar éigin ní foláir dhúinn A riar a dheunamh. Isé rud atá
uaidh ná go ndeunfaimís É do mhórú agus ní leór onóir a thúirt Dó
idir dhá linn, ach a bheith Á shíor-mórú, le sinn féin d'umhlú ar fad d'Á
thoil. Má fheuchaimíd le dul i leith-taoibh ó'n ndualgas san,
beurfaidh Sé orainn, agus nuair a bheurfaidh ní tairbhe a rádh “Ach,
do shaoileas go —, dubharthas liom go —, léigheas ina leithéid seo de
leabhar go —.” Mar sin, isé rud is mó atá riachtanach orainn a
fhoghluim ná an Teagasc Críosdaidhe, óir is ann a cuirtear aithne ar
thoil Dé.



Cruthuigheadh sinne mar mhaithe le Dia, agus cruthuigheadh gach nidh
eile chun sinne do chur ar shlighe Dé: is amhlaidh atá siad againn ar
íasacht Uaidh.



Ní'l againn ach buidheachus do ghabháil leis d'á gcionn, agus
ma's áil leis, lá éigin, iad d'éileamh orainn, cromaimís ár gceann
agus abraimís airís “Gabhaim buidheacus leat” ós rud é nár mhiste
leis tamall díobh a thúirt dúinn.


L. 166


An leór a chreideamhaint gurab é Dia ár gCruithightheóir agus
ár dTíghearna? Ní leór. Ní mór dúinn É d'fheiscint. Isé
fíor-chuspa an duine gléin-radharc ar Dhia bheith aige, Dia d'fheiscint,
mar a déarfá, Dia do shealbhú.



Cad é an rud é gléin-radharc ar Dhia? Seo mar a chuireann
Naomh-Pól síos air “Ní fheaca súil, níor airigh cluas, ná níor thuig
daonnaidhe riamh cad é an tuarastal luachmhar a bhronnfaidh Sé ar na
daoinibh atá toghtha aige.” Ní'l a thuille eólais againn air. Ach is
maith an rud tuairim a bheith againn i dtaobh an radhairc sin. Bith
beacht iseadh Dia, sprid glan iseadh É. Do'n sprid glan is mar a
chéile bith agus beatha. É féin dh'fheiscint agus a ghrádhú, sin beatha
Dé. Toisc beatha in-iomláine bheith Aige, tá aoibhneas in-iomláine
Aige. Aithne bheith aige Air féin, grádh a bheith aige á thúirt Dó féin,
sin iad gnó, aoibhneas, agus beatha Dé.



Do Dhia is ionnan radharc agus beatha. Tá an dá ní in-aonní
amháin Ann. Isé an nidh sin is bun le nA fheabhas, agus ós sprid
glan É, tá an gníomh san suidhte go h-iomlán in A íntleacht amháin
agus in A thoil amháin. Dá bhrígh sin, tá gléin-radharc in' iomláine
Aige Air féin agus tá iomláin an aoibhnis Aige, leis.



Do'n duine chéillidhe cialluigheann beatha, eólas agus grádh.
Agus do'n Aingeal ar neamh leis is mar a chéile gléin-radharc
ar Dhia agus beatha. Sa chur síos a dheinean an Scriptúir ar
fhlaitheas Dé deintear úsáid de'n dá fhocal so leanas, gan leagadh
ann d'aon fhocal aca seachas a chéile “gléin-radharc ar Dhia agus
beatha shíorruidhe.” Cuirtear solas glan na bhflaitheas coitianta
i gcomparáid le dorchadas ifrinn.



Ní mór an glan-sholas so do'n bheathaidh, agus nuair a bhímíd
fé dhorchadas nílimíd in ár mbeathaidh. Nuair ná feiceann duine aon
chríoch mhórálach ná corpordha ar an saol so, imthigheann an bheatha
uaidh. “Ní beatha cheart in-aon chor é,” deir duine éigin, “bíonn
duine dall as san amach.” Ar an adhbhar san, is mar a chéile radharc,
bith, agus aoibhneas. Bíonn Dia ag feuchaint Air féin, 'ghá bhreithniú
féin, agus is leór dó an méid sin: tá aoibhneas in-iomláine aige.



Chíonn an t-Aingeal Dia, bíonn sé ag feuchaint air, agus ní
beag san: tá aoibhneas thar na beartaibh aige.



Chíonn an Naomh Dia, bíonn sé ag feuchaint air, agus bíonn sé
sásta: ní beag san do mar aoibhneas.



Ní fheiceann an deamhan Dia, ní'l aon radharc aige air, agus
tá sé in-iomar na h-aimiléise. Dá bhrí sin, isé fíor-chuspa agus
fíor-bheatha an duine síor-radharc a bheith aige ar Dhia ar neamh
Thaisbeáin Naomh-Tomás é féin in-aisling do dhuine d'á cháirdibh.
Nuair a dh'fhíafruigh a chara dhe cad é an saghas é aoibhneas na
bhflaitheas, fuair sé freagra mar leanas “Tá radharc agam ar Dhia,
agus ní beag san dom.”


L. 167


Rud eile leis, de réir an t-soiscéil, isé seód luachmhar atá le
fáil ag na daoinibh toghtha, mar chúiteamh in a saothar, ná gléin-radharc
ar Dhia. Radharc ar Dhia, sin aoibhneas na bhflaitheas. — “Deum
videbunt.”



Deinimís machtnamh ar an bhfíor-chríoch so an duine. Glacaimís
idir lámhaibh é, díreach fé mar a tugtar dúinn é mar is féidir leis
caoi a thúirt dúinn ar sinn féin do níghe ó gach locht agus ó gach
máchail. Cuirfidh san go mear ar shlighe chun na fíoraontachta sinn.



Ní'l de chríoch eile agam ach Dia dh'fheiscint. Mar sin ní chuibhe
dhom caitheamh indiaidh éin nidh eile bheith agam. Beud ag casadh,
feasta, le Dia dh'fheiscint, mar d'á fheabhas é mo radharc Air, ar
an saol so, iseadh is fearr a chídhfidh mé ar neamh É.



Mar sin isé fíor-chríoch an duine Dia dh'fheiscint. Sa nidh sin,
gheibheann sé aoibhneas in-iomláine mar is ionann gléin-radharc ar
Dhia agus beatha. Ní féidir an bheatha so bheith ag éinne, i gceart,
ach amháin i bhflaitheas Dé ach ba chóir dúinn í do chleachtadh ar an
saol so. Isé gléin-radharc ar Dhia an tuarastal ceart, agus is tré
ghléin-radharc ar Dhia is cóir dúinn teacht ar an dtuarastal san, ach
“per speculum” iseadh is ceart teacht air agus ní “facie ad
faciem,” tré sgáil nó ceó agus go neamh-dhíreach, mar a deurfá.



Cuireadh ar an saol so sinn-ne chun sinn féin d'ullamhú i gcóir an
ghléin-radhairc san ar Dhia, agus chuige sin amháin. Mar sin tá sé
ríachtanach ar an uile dhuine an bheatha spioradálta do thuilleamh dhó
féin, le Dia dh'fheiscint tré bheathaidh an chreidimh. D'á fheabhas é an
radharc ar Dhia atá ag duine 'dtaobh i bhfus de'n t-síoruidheacht,
iseadh is giorra do Dhia a bheidh sé ar neamh. D'á fheabhas aithne ag
duine ar Dhia, iseadh is soiléire a chidhfidh sé É, agus iseadh is milse
an bheatha a bheidh aige. Óir is mar a chéile aithne agus gléin-radharc
ar Dhia agus an bheatha.



Ár gcaidreamh le Dia 'dtaobh i bhfus de'n t-síoruidheacht.



Conus is féidir dúinn radharc agus aithne ar Dhia a bheith againn?
Is mó slighe a bhfeudfaí teacht ar an radharc agus ar an aithne sin,
agus, as san, teacht ar an mbeathaidh cheart. Ní h-é an aithne
cheudna atá againn ar gach fear, agus, mar sin, bíonn ár gcaidreamh
leo beag nó mór de réir na h-aithne seo. Is iomdha rud a
bheireann dúinn cimilt a bheith againn le daoinibh, — uaireannta,
deigh-bhéasa, sítheoiltacht, oireamhnacht, urraim, umhluidheacht, cion,
caradas, grádh; uaireannta neamh-shuim, doicheall, agus anois agus
airís déistean agus fuath. Sin inar a bheidh cúrsaí na beathadh ag gach
éinne de thoradh na cimilte sin ach amháin an t-atharrú beag nó an
deifiríocht bheag a thagan leis a dheunfaidh an t-am nó an áit, nó fós, na
daoine air agus a rl., … agus ansan beidh deagh-thuisgint nó a
mhalairt idir chomharsanaibh dá réir.



Tugaimíd onóir dos na naomhaibh de réir na h-aithne atá againn


L. 168


ortha. 'Sé an fhearacht ceudna againn é i dtaobh Dé. Feabhas na
h-aithne atá againn ar Dhia isé is bun le méid nó le luighead ár
gcaidrimh leis agus d'á bhrí sin bíonn ár mbeatha fá smacht aige.



Isé is gnáthaí ná a chéile ná feicimíd i nDia ach Máighistir; agus
mar sin is minicí sórt eagla, nó, uaireannta, deagh-mhúineadh, fé
ndear ár gcaidreamh leis ná aon nidh eile. Bímíd béasach le Dia,
cómhlíonaimíd a Aitheannta, guidhimid É, deirimíd leis go bhfuil
grádh againn dó, agus bíonn snas na h-eagla agus an doichill air
sin go léir. Ní h-in é atá Uaidh in-aon chor, ámhthach. Ní h-é go
deimhin.



Ba mhéinn le Dia deagh-chomann do cheangal idir É féin agus a
chréatúir, agus ní h-amháin deagh-chomann ach fíor-chaidreamh. Dá
bhfuighimís an sceul a thuigsint, cad é mar athrú beathadh a thiocfadh
orainn!



Is áil le Dia bheith mar chara againn. Deir sé féin gurab in é
atá uaidh “Qui manet in charitate, in Deo manet et Deus in eo.”
“In charitate perpetua dilexi.” Thugas grádh dhaoibh ó thosach an
domhain. An té a chómhnaidheann ingrádh cómhnuigheann sé i nDia
agus cómhnaidheann Dia ann. Deir Naomh-Tomás, agus fear
ab'eadh eisean a raibh taithidhe aige ar an gcaidreamh san, gurab é
grádh an ainm a thug an Scríbhann Diadha ar an gcaradas a bhíonn
idir Dia agus a chréatúr.



Tá an Scriptiúir naomhtha ar fad ann mar chruthú ar an nidh sin
agus tá an deagh-shompla, a thug ár dTighearna ar an saol so, mar
dheimhiniú ar Bhriathar Dé: “Benignitas apparuit Salvatoris nostri.”



Sa chimilt a bhí aige leis na h-Aspolaibh, leis na boicht, leis na
h-athair, leis an máthair a bhí ag caoineadh báis a mic, le líntighe
ionmhain Bhéthaine, labhair sé leó ar nós carad a bheudh tagaithe chun
iad do shábháil, ní ar nós duine a bhéadh ar tí a ndíoghbhála, agus b'é
rud a bhí á ghríosadh chun iad do shaolú ná A ghrádh dhóibh “Dilexit et
tradidit.”



T'anam d'imirt ar son duine eile, sin fíor-ghrádh agus nár thug
ár dTighearna an deimhniú céadna san dúinn ar a ghrádh dhúinn?
Tar éis dó ais-éirghe go glórmhar, is i gcló carad a thaisbeánan
sé dhúinn É féin fós, nó, ba chirte dhom a rádh, a chómhnaidheann Sé
in-ár bhfochair. Tá sé ina Dhuine-Dhia fós, an grádhthóir úd a bhfuil
grádh ró-mhór aige don duine.



Seo sampla (as na miltibh díobh).



Caidé mar bhrí atá san aon bhfocal amháin san “Máire” a
thugann Sé ar Mhagdalén agus í gh'Á lorg imeasc na marbh.
Sin radharc ar chroidhe an Duine-Dhia. Agus thuig Máire an sceul
leis agus nochtaigh a croidhe gach rud leis tré'n bhfocal shimplí sin
“Rabboni,” a Mháighistir! Thuigeadar araon an sceul “Tenec
quem diligit anima mea.” An Dia a thugan a ghrádh dhom
sealbhaighim É.



Ní h-iad na h-Aspoil agus Máire Magdalén agus mná diadha


L. 169


eile den t-saghas san go ndeónuigheann Dia bheith mar chara aca, ach
is breágh leis bheith mar chara ag gach éinne a thagann ag triall Air,
lán de shimplidheacht croidhe, agus a thagann ag triall Air mar a
thiocfaidís ag triall ar chara. Ní beag beathadh na Naomh chun é sin
a chur go soiléir ina luighe orainn.



Feuch, sin í an fhírinne, an “qui habet aures audiendi, audiat.” (1)



An té a bhfuil cluasa chun éisteachta aige éisteadh sé, agus
an té a éisteann is eól dó conus is féidir teacht ar an bhfíoraontacht.



Ar nós págánaigh iseadh aithnigheann an págánach Dia, agus iseadh
a chomhnaidheann sé ina fhochair.



An críostaidhe, a bhfuil eolas sáthach maith aige ar theagasc an
Chreidimh, cómhnaidheann sé i bhfocair Dé ar nós sclábhuidhe nó
seirbhísigh. An críostaidhe, a bhfuil Dia mar chara aige, tá
fíor-chaidreamh idir eisean agus Dia.



An chéad uair a bhuaileann fear umam ní bhíonn aithne agam
air, agus scaoilim tharm é gan puinn suime do chur ann.
An chéad uair eile, cuirim breis bheag suime ann chun gan bheith
droch-bhéasach. Cuireann sé cainnt orm, taithneann sé liom,
cuireann sé an “gabh i leith” orm, bíonn comhrádh againn le chéile,
tagann deagh-chumann eadrainn, beireann sé greim ar chroidhe orm,
agus isé deire an scéil go dtagann grádh agam dó. Bíonn
caidreamh eadrainn, grádhaimíd a chéile.



Isé an sceul ceudna againn é i dtaobh Dé. I dtosac bara,
bíonn spallaidheacht, mar adeurfá, agam air, ach is beag má bhíonn
aon bheann agam air. De réir mar a mhéaduigheann ar an
aithne agam méadaigheann ar an muinteardhas agus ar an ngrádh.
Ní bhíonn uaim ach breis aithne do chur air agus tagann athrú ar gach
nidh. Is fíor leis go mbeidh sé in-a Dhia dhom as san amach, ach
grádhfaidh mé É mar a ghrádhfainn cara, geóbhad buidheachus leis mar
a gheobhainn buidheachus le cara, guidhfead É mar a ghuidhfinn cara,
agus iarrfad maitheamhnas air mar a dh-iarrfainn ar charaid é.



(1) S. Matth. xi. 15.


L. 170


NÓTAÍ.



BÁS AN ÁIRD-EASBUIG.



(Eachrta bheag ghearrtha ar a bheathaidh puiblidhe.)



Is mór an chúis bhróin agus tocht croidhe do lucht Chumain na
Sagart, bás an Áirdeasbuig, an Dochtúir 'Liam Breathnach. Ba
mhian linn ár gcómhbrón do ghabháil le muíntir Átha Cliath agus le
muíntir na h-Éirean fé'n méala thar fóir a thárla dóibh le déanaighe.
Tá an t-áird-dióiseas ina baintrigh agus sinn-ne inár ndíleachtaíbh ó
cailleadh an t-aodhaire fóghanta agus an preláid clúiteach so
againne. Tá anam an fhir mhaith sin imthithe ar shlighe na fírinne agus
i gcomhluadar na h-aingeal, má's cómhartha fíor an bás a thugtar do
dhuine. Fuair sé bás naomhtha ó Dhia fé mar a thuill seirbhíseach dílis
Dó agus fé mar a gealltar don té a chuireann an cath go calma
ar son Dé agus an chirt. Tá gach éinne idir bhocht agus saidhbhir
buidheach beannachtach do; agus ní ró-olc an deimhniú san dá
fhóghantacht agus dá bhuadhaibh, go mórmór a fhaid a bhí sé ag stiúiriú
an áird-dhióisis — tímcheall sé cinn déag ar fhichid éigin de bhliantaibh.
Ar feadh na tréimhse fada san, ní raibh gearán ná gluaireán le
clos ó aon t-sagart ná bráthair a bhí féna smacht. Is amhlaidh a bhí
gach moladh air ní b'fhearr ná a chéile uatha. Ní hiongna muintir
Átha Cliath idir chléir agus tuaith fé bhrón agus fé dhoilgheas ar
sgarúint dóibh lena n-athair. Méaduightear ar an mbrón san suathadh
agus buadhairt an t-saoil inar imthigh sé uatha. Maidir le suathadh
agus clampar an t-saoil, isé do b'eol dó cad a bhain leo agus le
imnidhe anama, leis, le linn dó bheith ina aodhaire ar Phríomh-Chathair
na h-Éirean ó aimsir achrannach “na talmhan” anuas. Ba mhór an
brise-croidhe dhó, fairis sin, nuair a chonnaic sé an díobháil agus an
tiubaist a dhein an deighilt' mhalluighthe a thárla idir bhaill feise
Shasana sa tír seo, timcheall deich mblian fichead ó shoin, agus na
droch-iarsmaí a tháinig ar an dtír bhocht chráidhte dá dheascaibh san.
Dhein sé a sheacht ndíchill chun a leighiste ach thuig sé i gceann tamaill
ná raibh aon mhaith a bheith leo, ná raibh aon mhaith dhó ann, agus
d'éirigh sé as agus choimeád sé ar leithlig é féin. Ní raibh aon
iontaoibh aige asta.



Is deacair cur síos ar an méid fadhbh a réidhtigh sé sa cheist
dheilginigh san a bhí dhá pléidhe idir na tiarnaibh tailimh agus na
tionóntaithibh. Is mó coimisiún go raibh baint aige leo agus inar
thóg sé greas agus inar dhein sé obair fhóghanta thairbheach don tír.
D'fhág sé rian a chomhairle agus a chéille ortha go léir chun leasa a


L. 171


athardha. 'Sé a bhí uaidh ó laethanta a óige a thír dhúchais d'fheiscint
ag imtheacht ar a leas, go bhfeiceadh sé í saor ina iomlán nó an
oiread saoirse do bheith aice agus a thabharfadh slighe marthana go
macánta dá daoine fé mar ba dhual do dhaoinibh nách daoir. Chíodh
sé iad ag imtheacht le fuacht agus le fán ó thír shaidhbhir na h-Éireann
de thoradh aindlighthe na n-eachtrannach. Do líon an radharc san a
chroidhe le brón. De réir mar a chuaidh an tír chun cinn ar slighe na
saoirse, bhí aigne agus croidhe an Áirdeasboig ag imtheacht ar lomán
léi agus ag leathadh léi agus ag cabhrú léi de réir a chumais.
Ó ba fhear gléin-iniúchach, géar-chúiseach, tuigsionach é; ní h-iongna
go raibh tosach aige go minic ar lucht ceannais na politíachta in a
lán neithibh a bhain leis an dtír. Níor bhris ar an bhfoidhne aige ar
fheiscint dó an díobháil a tháinig ar lorg na deighilte. Thug sé cead
a gcinn don lucht ceannais, siúd is go bhfeacaidh sé gur “feall ar
iontaoibh” a bhí dá imirt ortha ag a gcuid “cáirde” thall!
cáirde go deimhin! Pé scéal é, luigh an t-Áirdeasbog ar a scar
féin den obair do dhéanamh. Ba dheacair an dubh do chur ina gheal
air-sean! Is eol do shaol Fódla an t-uisge-fé-thalamh a bhí ar
siubhal 'sa Róimh sar a deineadh Áirdeasbog de. Ba mhaith leis an
namhaid i Sasana an Dochtúir L. Breathnach do choimeád amach ón
árd-chéim sin. Dheineadar a seacht ndíchil chun fir dá gcuid féin
d'fáil don oifig. Fuaireadar cabhair ó chuid breac-Éireannaigh
chuige. Ach theip ortha-san an bheart do bhreith leo san iarracht san.
Niorbh iad nár thuig cad na thaobh an fuadar san fútha sa scéal.
Ní rabhdar dall ar an saghas fir a bhí chucha, ná ar cá raibh dúil agus
mian a chroidhe suidhte. Óir bhí meabhair cinn thar bárr aige, agus
meon agus tréithe dá réir. Ina dteannta san bhí tabhairt suas
agus oileamhaint air i na lán saghas léighinn agus foghluma taobh
amuigh dá raibh ag teastáil uaidh ina shlighe-bheathaidh sagairt agus
ollamhan. Cá h-iongna an iarracht fé leith ó Shasanaibh ar é chur i
leathtaoibh? Ní gádh, is dócha, lena thuille tráchta uainn ar an stair
sin. Tá Eirrington agus lúbaireacht Shasana den aimsir úd beagnach
imthighthe i ndearmhad ar an muintir atá suas anois i nÉirinn. Bhí
buaidhte ortha. “Fágamuís siúd mar atá sé.” Bhí ionntaoibh thar
fóir ag muintir na h-Éirean as an ollamh ré diadhacht ó Mhágh Nuadhat.
Bhí a cháil agus a chlú leaithte ar fuid na tíre. Nuair a toghadh é fé
dheire, ba mhór an t-áthas ortha. Ní féidir cur síos i gceart ar an
bhfáilte a fearadh roimis i mBaile Átha Cliath. Ba mhaith a b'fhiú é
iad leis. Níor chaill sé ortha ó thosach deire a ré. Ní raibh sé riamh
ar a mhalairt d'aigne ná as ingir ná as alt leo in aon nidh idtaobh
na tíre ná i gcúrsaibh a chuaidh chun a dtairbhe féin. Ón gcéad lá
gur ghlac sé leis an ngradam mhór, bhí sé ag dul go doimhin ionta.
Níorbh' iongna é a sheasamh i mbeárnain bhaoghail nuair a bhris an
timpist ar Bhaile Átha Cliath agus ar an dtír le linn an Eirighe Amach.
Grádh a chroidhe agus an tabhairt suas air a chabhruig leis chun brighe
an scéil do thuisgint i gceart. Bhí an fócus ceart aige i gcomhnuidhe


L. 172


idtaobh cúrsaí na trioblóide idir Éirinn agus Sasana. Nuair a
chuireadh go dubh docht daingean ag Éirinn uile i gcoinnibh na presála
an bhlian ina diaidh san, bhí an t-Árdeasbog dachad blian ní b'óige.
A leithéid d'áthas anama agus d'shásamh aigne a thug an bheart san do!
“1641,” ar seisean, “atá tagaithe tharnais”! B'fhéidir san; tá
súil againn do léir, ámh, le toradh níosa fhearr ar mhacasamhail do'n
aimsir úd as an saoghal atá buailte linn in ár laethibh féin.



Ní fuláir dul síar go Lorcán Ó Tuathal chun a mhacasamhail
d'fhear na h-eaglaise agus de ghrádhthóir a thíre dhúchais d'fháil. Ní
raibh oighre riamh ar Lorcán naomhtha ina thréithibh agus ina
dhíograiseacht ach an preláid seasmhach so. Is cuimhin le mór-chuid
daoine atá suas an chabhair a thug sé chun caime agus ceilge na
Sasanach do nochtadh agus do léiriughadh sa bhfogha sanntach a
dheineadar-san fé Phárnell do bhriseadh tríd an gcumadóir nótáltha
úd Pigóid. Mar fhiadhnaise ar an gcomaoin sin a chuir an
t-Áirdeasbog ortha agus mar chuimhne ar a lán bearta puiblidhe eile,
féach an tionnlacan uasal agus an t-sochraid ríoghdha chun na
h-uagha i nGlas Naoidhean a tugadh do. Uaisle agus ísle na
h-eagalaise ag a chaoineadh mar aon le slóigh ana-mhór daoine!
Níor theisteas ar a fhóghantacht agus ar a mbuidheachas leis agus ar
a ndílseacht dó go dtí é.



Ní raibh aon chimilt ná baint aige 'riamh le lucht an Chaisleáin.
Samhltán na tíorántachta agus na daoirse dó-san a b'eadh
an áit oitreach san agus a chuid satraip anall. Aon uair
amháin i rith a shaoghail a thug sé cuaird air. Cúrsa na trócaire a
bhí ar siubhal aige. Ba mhaith leis an t-ógánach glórmhar Caoimhghin
De Barra a thárrtháil ón gcroich. Do dhiúltuigh an Franncach, fear
inid Ríogh Seoirse, é fheiscint! Do b'eol don Áirdeasbog gur
chéim síos do é, ach do dhéanfadh sé níos mó ná san ar an té ba
lugha dá chuid caorach in am an ghádha. Beidh cuimhne air sin do ag
muintir na Éireann go ceann i bhfad!



Maidir leis an Eaglaisánach, Lorcán Ó Tuathal ina steile
bheathaidh ab'eadh an t-Áirdeasbog. Níor lugha ar Lorcán na
Normánaigh 'ná na Sasanaigh ar 'Liam Breathnach, Áirdeasbog.
Níor díograisighe Naomh Lorcán i ngnóthaíbh an chreidimh agus i
gcúram na h-eaglaise ná é. Riaghltóir ceannsa agus stiúrthóir
ciallmhar tuigsionach ab'eadh é. Níor cualathas a dhí-mholadh ó aon
áird ach ó námhaid an chreidimh. Is mór an deimhniú san ar a fheabhas
a choimhlíon sé a dhualgas easbuig. Dá bharra san, b'éachtach an
grádh agus an báidh agus an ómas ó thosach deire a réime idir é féin
agus na h-uaislibh agus na h-íslibh san Eaglais. Tháinig crot agus
deabhramh nuadh ar an Áirdióiseas de thoradh an eagair agus an
órduighthe nuadh a chuireadh ar bun féna chómhairle agus féna chúram.
Is mó teampal agus séipéal a bhí tógtha san árdfhairche le linn a
cheannais, agus ba mhaith an sás é chun cabhair agus congnamh do
thabhairt i n-airgead agus i gcomhairle do sna sagartaibh a thug


L. 173


ortha féin iad do chur ar bun. Idtaobh na gclochar ban, mainistreacha
agus daranna fear agus osbuidéil i gcóir na n-othar agus
scoileanna iomadúla dár bunuigheadh san árdfhairche, níor iarradh
in-aistear air 'na bhfabhar. Tá an creideamh daingnighthe go forasta
san gcró san Átha Cliath de bhárr a riaghluighthe.



Aodhaire fóghanta fíor ab' eadh é. Níorbh fhear tuarastail é.
Fíoradh an briathar úd Chríost ina thaobh: “aithnighim mo chuid caorach
féin, agus aithnighid siadsan mé … eistid siad lem' ghlór.”
Cad é mar fháilte a fearadh roimis is na flaithis ag Mairtair
Naomhtha na h-Éireann ar son an obair thar na beartaibh a dhein sé
ar an dtalamh chun a gcúise do chur chun cinn, óir nách é a dhein a
chion féin chun a gclú do tharrac ó dhearmhad agus ó fhaillighe.



Tá dlúthbhaint ag oideachas leis an gcreideamh. Déarfainn-se
gur banóglach an chreidimh gurab' eadh é. Níorbh iongna, dá bhrí sin,
gur chuir an t-Árdeasbog óg an cath go dian ó thosach ar an
mí-riaghaltas eachtrannach a choimeád ó mhuinntir na h-Éireann an
t-oideachas is dual agus is dúchais dóibh de réir gach chirt. Bhuail sé
na buillí trombhéimeanacha ar thréad an chaolraigh chuímsighthe a bhí i
gcómhacht sa Chaisleán. Bhí an buadh ag muinntir na h-Éireann 'sa
deire. Má tá Ollsgoil náisiúnta dá gcuid féin ag na daoine
indiú, sé an t-Áirdeasbog 'Liam Breathnach, an chéad sheansailéar
uirthe, an té ba mhó a bhí cionntach ina bunughadh. Tá muinntir a
thíre curtha fé chomaoin mhóir aige sa méid sin, leis. Do b'í sin an
bheart ba mhó le rádh dár dhein sé ar son a athardha agus na
h-eaglaise; agus níor shuarach an bheart í. Leag sé beárna mhór
roimis an dtír ar an mbóthar chun a ceart go h-iomlán do bhaint amach.



Deirtear nách aitheantas go h-aontigheas. Ní aon aithne againn
ar a shaoghal príomháideach. Má's maith le h-éinne “sa vie intime”
do léigheamh, tá cur síos deas uirthí sa Catholic Bulletin le h-aghaidh
na Bealtaine ó dhuine ar a aitheantas. Ach is féidir an méid san
do rádh gurbh fhear naomhtha cráibhtheach é, i dteannta a bheith ina
dhiadhaire agus ina scoláire toghtha. Níorbh fhear é a bhíodh ag éileamh
a bhreathnuighthe féin, is amhlaidh a bhí a mhalairt de mheon aige.
B'fhearr leis bheith ar leithlig, i bhfad ó shúilíbh daoine agus ó
thionólaibh puiblidhe, mar is annsa le duine a bhíonn ag obair ar son
Dé agus mar ba chuibhe do dhuine dá ghradam mór agus dá
chreidiúint.



Bhí ana-fhonn air an Bíobla d'fheicsint i gcló in nGaedhilg. Ní
ró-fhada go mbeidh an cuspa san ina thalamh slán againn, le congnamh
Dé. Níorbh é Toil Dé é fhágaint inár measc chun go bhfeiceadh sé
an féirín luachmhar san á bhronnadh ar a náisiún ionmhuin.



Bheirimíd annso thíos le cead ón ughdar, bréithre molta as
Laidin a chúm an t-Ath. Nioclás Ó Braonán C.S.Sp., i gcuimhne an
Áirdeasbuig. Bhéarsaí maordha ó mháighistir atá go binn ar a
bpeann iad agus bídís ina bhuille-scuir agaibh.


L. 174


IN MEMORIAM.



REVERENDISSIMI GULIELMI WALSH, D.D.,
Archiepiscopi Dublinensis.



“Bene Omnia Fecit.”



Occidit heu! magnus clara virtute Sacerdos!
Gloria pontificum, gloria summa virum!
Gentis et Afflictae columen, tutela, levamen,
Splendida lux patriae, religionis honor!
Divitis ut turris, tuguri sic plebis amicus,
Sponte bonus cunctis, immemor usque sui,
Doctrinae custos verae, fons amnis abundans,
Fudit opes animi more perennis aquae.
Curriculum vilae sublimi morie coronat;
Muneris omne sui rite peregit opus,
Fida gregis pietas patrem desiderat ardens,
Causaque, quam fulsit firma columna, Dei.
O utinam vindex populi vixisset in aevum,
Morte carens hostis fraudis in arce doli!
Illius ah! quando similem spectabit Ierne!
Exanimem tenero plangat amore dolor!
Grandis at aeterna meriti mercede politum,
Te bene laetari, patria grata, decet.



Go dtugaidh Dia seoladh chúghainn a chómhmheas de chosantóir.



M. Ó M.



Ní mór dúinn ár leathsceal do ghabháil le léightheóirí an
Irisleabhair an taca so idtaobh dhá nídh .i. an chéad nídh é seo gur
fhágamair amach de bhárr dearmhada ainim an Athar Márthan Ó Rian
ó liosta na n-oifigeach atá i mbun an Chumainn. Toghadh inar
chisteoir an Chumann é airís. Is oth linn an dearmhad san ina thaobh.
Togha fir agus sagairt iseadh é. Táimíd-ne ana-bhuidheach de ar son
na cabhrach a thug sé dúinn go dtí so idtaobh an airgid. Dhein sé a
chion féin chun an Chumainn do chur ar bun agus é chur chun cinn.
Tá an Chumann curtha fé chomaoin mhóir aige. Sé an dara nídh é seo
.i. a ghiorracht atá na nótaí an turus so. Ní raibh aon leigheas againn
air. B'éigin dúinn iad d'fhágaint i leath-taoibh agus a slighe do
thabhairt do fhocal cuimhne uainn ar an Áirdeasbog. Ar dheisláimh
Dé go raibh a anam. Tá súil againn ná tógfar orainn ina dtaobh.
“Beidh lá eile ag an bPaorach.”



Ba mhaith linn a chur in-iúl do bhaill Chumain na Sagart go
raibh socair ag an tionól cinn bliana deireannach a bhí ann i mí
Deire Fóghmhair ar cruinniughadh den t-saghas san do bheith aca feasta
le linn na h-Árdfheise. Sé tuairim an bhuanchoiste gur fearr é chur
ar athlá go dtí go mbeidh Tionóil Chumainn na Fírinne Catoilicigh ar
siubhal i mBaile Átha Cliath i mí Deire Fóghmhair seo chughainn.


L. 175


Ar na leitreachaibh a tháinig chúghainn ó léightheoiribh an t-Síoladóir,
ó ain go h-am, ag tabhairt cómhairle ár leasa agus eile dúinn
tugaimídh an ceann so thíos dár léightheoiríbh. Tá cómhairle a leasa
le fagháil innti d'á lán sagart a bíonn i sna cúinsibh céadna leis an
Ath. L. Ó h-Uallacháin ar fuid na Gaedhltachta. B'fhéidir go ndéanfadh
a shompla maitheas dóibh:—



Leap, Cork,
Abrán 29, 1921.



A Athair, a chara, — Cuirim chughat leis seo na rudaí do gheallas
dhuit, viz., (1) láimh-scribhinn na seanmóine sin agus roinnt
ceartuighthe déanta liom féin! Ba mhór an rud im' thuairim-sé í
sin nó cuid de do chur i gcló. Do thabharfadh san an teanga mar
do bhí sí á labhairt timcheall 50 blian nó 80 blian ó shoin. Gramafón
na teangan don aimsir sin do bheadh innte. Acht fágaim an scéal
fút féin agus fé riachtanasaí an “Síoladóir.” Bíonn fhios ag gach
éinne a scéal féin. (2) Cuirim chughat an tseanmóin fé an
scríobhnóireacht orthodox agus tá súil go dtaithneóchaidh sé leat.
Bfhéidir ná beadh slí agat ar í 'chlobhualadh in aon fheacht acht is
féidir í 'roinnt i gcódchaibh, agus chífir connus í roinnt tréis í
'léigheadh. Chífir an roimh-mhíniú ceangailthe léi. (3) Cuirim
chughat an teagasc gearr san — an chéad cheacht nó caibidil dh'é.
Beidh (is dóigh liom, 20 ceacht eile) nó timcheall 55 nó 60 leathanach
cosúil leis an 2½ leathanach atá agat. Tá cuid de'n scríobhnóireacht
ann beagan ársa (archaic) agus do déineas suas-chun-dáta é.



Molaim go mór thú idtaobh na h-oibre go léir atá agat á
dhéanamh, viz., an “Síoladóir” agus an Bíobla. Do thug an
“tseanmóin ar an mbás” ins an uimhir dhéanach an-thaithneamh dom
agus do léigheas i ó'n altóir. Ná féadfadh a lán sagart rud don
tsórt san a dhéanamh, bíodh 's ná beidis ábalta seanmóin uatha féin do
dhéanamh. Seanmóiní gearra deagh-chumtha mar an tseanmóin sin
is mo atá i ngádh.



Táim sár-bhuíeach dhuit idtaobh a rádh liom bualadh isteach má
bheidh mé i mB'lá'Cliath. Is maith le duine cara sa chúirt.
Idtaobh na háite seo “Leap,” tá sé seacht míle idtaoibh shoir ó
Sciobairín agus 1½ míle ó Cuandor (Glandore) mara mbiodh Scoil
Samhraidh gach aon tSamhradh. Beidh fáilte romhat má thagann tú mar
seo aon uair. Tá tigh ósta maith i gCuandor nó más fearr leat beidh
fáilte romhat im thig beag séin agus beidh do dhóthain seans agat chun
Gaodhluinn do labhairt go speisialtha ma bhím sa bhaile. Táimse féin
agus Father O'Neill, Rosscarbery, id'iarraidh ár ndícheall do
dhéanamh ar son an Ghaodhluinn agus an Síoladóir. Buaidh agus
beannacht agat,



'LIAM Ó h-UALLACHÁIN.



Is mór ar fad an rud an Bíobla a bheith le teacht ar ball. Ba
mhór an rud leis dá mbeadh an “Scéalta ón Bíobla Naomhtha
againn. — L. Ó h-Ú.


L. 176


FOCAL Ó'N bhFEAR EAGAIR.



Mar is eól do chách d'fhág an t-Athair Peadar agam a chuid
láimhsgribhinne. Ba mhaith liom dár nó iad do chur i gcló chomh
luath i nÉirinn agus is féidir liom é. An Bíobla an obair is mó
le rádh a dhein sé agus dá bhárr san bhí imshníomh mór orm na thaobh.
Níor mhaith liom i n-aon chor an Bíobla a bheith i dúrtaoibh le aon
láimhsgribhinne amháin. Mo chreach agus mo chás cad a dhéanfainn
dá dtuitfeadh tionóisc amach do, cuir i gcás, dá gcuirfí trí theine
é, nú go dtiocfadh na Dubhchrónaigh isteach agus é do dhógh nu do
lot orm. Chuireas an sgéal i gcomhairle an Árd-easbuig — ar dheis
Dé go raibh a anam — agus is mór an tsuim a chuir sé am sgéal.
Dubhairt sé gur mhaith leis an Bíobla ó'n Athair Peadar do bheith
fé chló; gur mhór an chreidamhaint a bhí ag dul do'n Athair Peadar
agus an obair a dhein sé ar son na Gaedhealuinne agus nár dhein
sé aon obair ba tháchtaighe ná ba thairbhighe 'ná an Bíobla do aistriú.
Mheas an t-Árdeasbug gur fearr an Bíobla go léir do chur amach
i bhfuirm leabhair, agus gan é fhoillsiú 'na ngiota agus 'na ngiota.
Cheap sé ar dtúis teacht thairis sa bhfógra a bheadh 'á chur amach aige
i gcóir an Charghis ach 'na dhiaidh san níor dhein mar go raibh sé ar
aigne leitir thimpail do chur amach ag cur síos fé mar a dhein an
Pápa roimis ar an obair a dhein Naomh Ieróm ar an mBíobla; agus
a oireamhnaighe atá sé an Bíobla i nGaoluinn d'fhoillsiú i láthair
na h-uaire seo; go raibh áthas air go raibh ceapaithe an Bíobla ó'n
Athair Peadar do chur amach sar a bhfada agus go raibh an t-áthas
go léir air féin an méid sin sgéil do chur i n-úil do chách. Ach
foiríor géar tháinig an bás air sar a raibh caoi aige air an rud a
bhí beartuithe aige do chur chun cinn. Bhíos buidheach beannachtach de,
ní narbh iongna, mar gheall ar a churaimighe a bhí sé san obair agus
a chneastacht a bhí sé liomsa. Agus d'á bhrígh sin ba mó dá
m'fhéidir é, an dúil, a bhí agum an obair a dhéanamh. Ach cad mar
gheall ar an gcostas. Nuair a chuas ag triall ar an bhfoillsuightheoir
do dhein sé meastúchán dom, agus do leath mo shúil orm a rád go
mbeadh uaim breis is dhá mhíle púnt airgid chun an Bhíobla do chur i
bplátaíbh amháin (stereoplate) agus gan custus na clodóireachta, an
pháipéir, &c., do áireamh. Da mba rud é go bhfaghainn an bhreis is dhá
mhíle púnt, do bheadh orm an leabhair do dhíol ar phúnt go leith chun
an chustais eile d'fhreagairt. Bhíos i gcruadhchas. Dá mb'amhlaidh
a bheadh an airgead fághalta agam do cheapadh gach aoinne, nidh nach
iongna go mbeadh airgead again á dheanamh ar an leabhair.
Chaipeas am shagart nár chóir agus nár chuibhe dhom ainm airgid a
bheith orm, agus ní lugha ná bhí sainnt san airgead agam. Biní an
bheart, conus é réidhteach, mura réidhteochadh an t-Athair Peadar


L. 177


féin é agus a ghuidhe do chur suas chun Dé ar mo shon, agus ar son
na h-oibre a chuir sé mar chúram orm. Agus táim deimhnightheach
de, chomh maith do dhein. Tá so-choiste ceapaithe ag Connradh na
Gaoluinne agus is é gnó atá ortha ná leabhair d'fhoillsiú.
Thánadar i gceann a chéile lá, agus do cuireadh ós a gcomhair an
sgéal so an Bhíobla. Tar éis an cheist do phléidh dhóibh do mholadar
do Chonnradh na Gaoluinne cúig céad púnt an chuid is lugha dhe, do
thabhairt dom i gcóir na h-oibre. Nuair a bhí cruinniú den Choiste
Gnótha le bheith ann, do cuireadh fios orm teacht na láthair agus an
sgéal do chur ós a gcomhair. Do chuas agus do dheineas agus is é
rud a tháinig as ná gur shocaruigheadar an costas go léir do
ghabháil ortha, dá m'áil liom é. D'aontuigheas leis go fonnmhar
mar ná raibh uaim ach an leabhair a bheith le fághail. Cuirfar an obair
dá dheascaibh sin i lámhaibh an chlodóra gan righneas agus le congnamh
Dé beidh an Bíobla againn i bhfuirm leabhar i gcionn bliana nú
b'fhéidir níos luaithe. Is é foillsiú an Bhíobla an comhartha cuimhne
is fearr ab fhéidir dhéanamh ar an Athair Peadar, agus táim
deimhnuightheach gur fearr leis féin é ná dealbh a chur suas i gcuimhne
dhó i lár Sráid Uí Chonnaill.



Níl sos fós le dúnmharbhadh na sagart ag na Crónchóip i n-ár
measc, fóríor! Marbhuigheadh an t-Athair S. Ó Ceallacháin, S.O.,
idtig 'Liam De Róiste i gCorcaigh tá seachtain ó shoin. Sin é an
tríomhadh sagart gur imireadh an-bhás air laistig de bhliain. Bás
d'fháil ar son na h-Éireann iseadh é gan aon agó. Ní fheadar an
ceart dúinn bheith ag caoine an mhartair dhílis óig sin? Bás glórmhar
de réir tuairme ár ndaoine iseadh a fuair sé; beidh cuimhne air
agus tabharfar onóir dó rá réir. Bhí aithne mhaith ag á lán againn
ar an sagart oirireach díograiseach Gaedhealach san. A ghrádh mór
dá thír féin agus do sna bochta fé ndeara an fuath fé leith dó ag
na bitheamhnaighibh ó Shasanaibh. Dá uaisleacht í an ghairm, agus dá
naomhthacht é an duine, agus dá fhóghantacht é ina phearsain iseadh is
gránna a mharbhadh agus is eadh is daoire a díolfar as. Fágaimís
fé Dhia a agairt. Fillfidh an seall ar an bhfeallaire an uair is
toil le Dia. Is maith an sgiath-dhídin agus comirce É d'á
sheirbhíseachaibh. Tá orainn-ne, a bhráithre, ár n-úrnaithe do mhéadú
ar á' dúbailt agus iad do chur suas Chuige go dtugaidh Sé a
mhalairt 'aigne agus de chroidhe dár namhaid i dtreo go n-éirighid
siad as an droch-obair agus as an bhfogha sanntach fíorghránda
uatha fé Éirinn agus féna muíntir fhadfhulaingtheach. Ní buadh go
síothcháin agus ní síothcháin go dtí an cothrom. Deinimíd-ne
comhbrón le gaoltaibh agus le cáirdibh an t-sagairt mhairbh — agus
leis an Athair P. Ó h-Aonghusa, S.P. Chille Míne — Fén méala
uathbhásach san. Óncail don Ath. Diarmuid iseadh é. I gcomhluadar
na n-aingeal go raibh a anam.


L. 178


LÉIR-MHEAS AR LEABHAIR.



THE EVOLUTION OF SINN FEIN. By R. M. Henry, M.A.
(Talbot Press, 6/-).



Tháinig leabhar nua amach as Coláiste Mhuighe Nuadhat cúpla
bliain ó shoin le n-a chruthú dúinn go mbadh mhór an chailleamhaint
do'n tír seo bheith saor ó Riaghaltas Shasana. D'fhoscail daoine a
súile, nidh nár bh'iongnadh. Ba dheacair dóbhtha a chreidbheáil go
bhféadfadh sagart léigheanta i gColáiste Mhuighe Nuadhat a leithéid
sin de leabhar a scríobhadh agus a chur i gcló. Acht ba mhó 'ná sin
an leathadh súl a bhí ar dhaoiní beagán i n-a dhiaidh sin nuair a tháinig
leabhar faoi an taobh eile de'n scéal as an áit ba lugha i n-Éirinn
a mbéadh coinne agat leis, sé sin le rádh, as Iolscoil na Bainríoghna
i mBéal Feirste. The Evolution of Sinn Fein is ainm do'n dara
leabhar seo. An t-Ollamh Mac Énrí, M.A., a scríobh é. Béidh an
leabhar seo dá léigheamh agus dá mholadh agus dá thionntódh i
dteangthacha na h-Eorpa nuair a bhéas an leabhar a tháinig ar an
tsaoghal roimhe i n-a luighe i dtír an dearmuid.



Leabhar tábhachtach atá scríobhtha ag an Ultach Léigheanta seo.
Tuigeann sé scéal dobrónach na tíre. Cuireann sé síos go goirid
ar gach gluaiseacht a d'éirigh i n-Éirinn ó briseadh ar na Gaedhil i
Luimneach. Cuireann sé síos ortha gan claonadh gan aidhbhéil.
Léirmheasann sé gach iarracht a rinneadh ar son saoirse na h-Éireann
gan dul ró-mhór ar an taobh seo ná ar an taobh úd. Innseann sé
an scéal gan focal faoi ná thairis. Mí-shástacht, dar leis, ba bhun le
gach gluaiseacht mhóir a bhain crathadh as na slabhraidhe atá fillte ar na
Gaedhil eadar anam agus corp.



“The Irish Nation,” adeir sé, “cannot be said to have at
any period abandoned its claim to independence …
History cannot produce another instance of a struggle so pro-
longed and so pertinacious.”



D'éirigh treoruidhthe nua ó ghlún go glún agus cuireadh na
seantreoruidhthe ar leathtaoibh. Bhain siad-san fromhadh as modha
agus slighthe nua. Acht sé an rud céadna a bhí i gcomhnuidhe go
doimhin i n-aigne na ndaoine. Sé an rún a bhí aca ó thús go
deireadh Saoirse na h-Éireann a bhaint amach. Seo mar a lochtuigheas
sé the Irish Parliamentary Party de bhrigh gur leig siad do'n
bhun-rún seo dul as radharc le h-imtheacht aimsire:—


L. 179


“The final attitude of the Irish Parliamentary Party is
admirably summed up in the words of Mr. John Redmond:
‘Our demand for Home Rule does not mean that we want to
break with the British Empire. We are entirely loyal to the
Empire as such and we desire to strengthen the Imperial bonds
through a liberal system of government. We do not demand
such complete local autonomy as the British self-governing
colonies possess, for we are willing to forego the right to make
our own tariffs and we are prepared to abide by any fiscal system
enacted by the British Parliament … Once we receive
Home Rule we shall demonstrate our Imperial loyalty beyond
question.’



“Ten years before these words were used the Sinn Fein
movement had begun, as a protest against the conception of
national rights which made such language possible, as the latest
form which the assertion of national independence had
assumed.”



Mionnscrúduigheann an t-ughdar stair na n-Óglach agus na
gcumann eile a d'éirigh aníos go tiugh i dtoiseach an chogaidh mhóir.
Taisbeanann sé caidé mar tarraingeadh le chéile iad beagán ar
bheagán nuair a bhí Sasain i gcruadhchás. Tá na páipéir a tháinig
amach gach seachtmhain léighte scrúduighthe aige. Tá smuainte na
dtreoruidhthe cruinnighthe le chéile agus léirmheasta aige, tchífeá
ins an leabhar caidé mar leathnuigh na páipéir cinn seachtmhaine
smuainte na dtreoruidhthe i measc na ndaoine. Bhí sé buailte
isteach i n-a n-aigne faoi dheireadh go rabh siad dá ndalladh ag an
dream bheag de theachtairí a bhí toghtha le labhairt ar a son i dteach
na Parlaimide thall i Sasana. Fá mar a bhí athrú ag teacht ar na
daoine ins na neithibh seo, bhí an Riaghaltas ghá mbrughadh faoi chois
go cruadhalach. Bhí an Riaghaltas ag cruthú go soiléir gur fuar ag
furmhór na nGaedheal bheith ag súil le ceart ná comhthrom uaidh.
Mar sin de ní h-iongnadh gur neartuigheadh an rún i gcroidhe na
ndaoine an Riaghaltas bréige seo a scuabadh amach as an tír.



Ní dóigh liom go bhfuil fear i n-Éirinn níos fearr ná an t-Ollamh
Mac Énrí chun an obair a chuir sé roimhe a chur chun críche. Cé go
bhfuil meas mór aige ar an spioraid atá faoi bhonn gluaiseacht an
lae indiú, ní'l sé ró-dhócasach gur féidir leis na Sinn Féinidhthe
saoirse a bhaint amach go deo. Is dóigh leis go gcaithfidh siad
congnamh eile a fhagháil chun an docht-cheangal atá eadar Éire agus
Sasana a bhriseadh.



“The means at the disposal of Sinn Fein at present hardly
seem adequate to accomplish its object. It may bring about
the moral and intellectual independence of Ireland; it may
secure a certain measure of economic independence; but to
secure political independence, in face of the forces ranged
against it, seems impossible. But what it cannot do for itself
may in the future be done for it by the moral forces of which
it is a manifestation. It may in the future be recognized by the
conscience of mankind that no nation ought to exercise political
domination over another nation. But that future may be as
remote as it seemed in the days of the Roman Empire.”


L. 180


Tá súil agam nach bhfuil an t-Ollamh Mac Enrí comh maith d'fháidh
agus atá sé de bhreitheamh ar an aimsir atá thart. Acht ó thá sé
fhéin taobh amuigh de'n ghluaiseacht, nuair a bheir sé breith, ní breith
chlaonta chaondúthrachtach í. Tá sé ar a chumas breith a thabhairt ar
na Sinn Féinidhthe fá mar a bhéarfadh sé breith ar na sean-Ghréagaibh i
n-allód nuair a bhí siad i n-a seasamh go dílis dá dtír bhig fhéin i
n-áit lútáil faoi Impireacht na bPérsian a bhí ag dhéanamh a díchill
le h-iad a shatailt faoi chois.



Beidh ainm an Ollamh Mac Énrí i n-áirde ar fud na h-Éireann
mar gheall ar an leabhar seo. Beidh moladh ag dul dó ó 'ach aon
áird de'n tír. Acht ní clú ná moladh a bhí uaidh nuair a ghlac sé
air féin mór-shaothar na startha seo. Grádh dá thír dúthchair a
spreag é chun na h-oibre. Ba bhrón leis a fheiceáil go bhfuil a
oiread sin dá chomhghaedhil meallta ag daoiní gaothmhara nach
dtuigeann agus nach léigheann scéal na tíre. Ba mhian le h-ughdar
an leabhair seo beagán soluis a thabhairt dóbhtha-san. Má bhíonn an
méad sin de thairbhthe aige de bharr a chuid saothair, beidh sé
lán-tsásta.



SÉAMAS MAC LEANACHÁIN.



THE CELTIC WHO'S WHO.



Seoladh anall chughainn thar Shruth na Maoile as Albain lá fa
dheireadh an leabhar seo. Isé atá ann eolas gearr ar an fir agus
ar na mná atá ag cur suime sa tsaoghal Chealtach agus beagán fa
n-a gcuid saothair. Lachlan Mac Bean a chur le céile é.
Comhdháil na gCealtach a bhí i nDún 'Eadain anuraidh a chuir ina chionn
an obair a ghlacadh ar láimh. Saothar Beag tairbheach é do gach aon
ar mian leis eolas a fhagháil ar a bhfuiltear dhá dhéanamh ar son
teangthacha, seanchais, agus ceoil na gCealtach.



Tá muintear na Breataine ag obair go duthrachtach de réir an
liosta mhóir ainmneacha as an tír sin atá ann. Níl Liosta na
hÉireann líonmhar 'ná iomlán. Ní fheicim ainm Eoin Mhac Néill,
An Aimhirginigh, ná Sheáin Uí Chatháin ann. Níl Risteárd Ó Dálaigh,
sagart, ná Séamus Ó Floinn, sagart, ná Risteárd Pléimeann,
sagart, ann. Tá Éireannaigh mar An Sagart Ó Duinnín, ar chirte
a n-ainmneacha bheith i leabhar dá leithéid 'ná cuid dá bhfuil ann, nach
bhfeicthear ann.



Bheirim fa deara beagán dearmad ag na clódóiribh thall is i
bhfus sa leabhar.



S. Ó S.


L. 181


ÁR gCÁIRDE.



Fuaramar síntúisí ó sna sagairtibh seo leanas ar son Chumainn na Sagart
nGaedhealach agus an t-Síoladóra. Tugtar an méid cruinn i ndiaidh coda
des na sagairtibh. Tuigtear 10/- i ndiaidh ainme gach sagairt eile.



AILFIONN —



An t-Athair Micheál S. Ó Céin, 15/-.



ÁRD MACHA —



An t-Athair Seumas Larkin, 15/-.



BAILE-ÁTHA-CLIATH —



An t-Athair Seán Ó Riain; An
t-Athair Liam Mac Giolla
Phádraig; An t-Athair Tomás Ó
Domhnaill.



An t-Athair Liam Landers, £2 2s.



An t-Athair Pádraig Ó Flannagáin,
£1.



“Caoimhghin,” £1.



CAISEAL —



(Per an Athair Micheál Ó Riain,
Uachtarán Choláiste Phádraig,
Dúrlas Éile):



An t-Athair Maitiú Ó Riain, S.P.;
An t-Athair Pádraig C. Ó Riain,
S.P.; An t-Athair P. Ó Riain, (an
Coláiste, Dúrlas Éile); An
t-Athair Murcadh Ó Brian; an
t-Athair Éamonn Ó Domhnaill,
S.T.L.; An t-Athair Liam Mac
Gearailt; An t-Athair Risteárd
Ó Dubháin.



CIARRAIDHE —



An t-Athair Dáithi Ó Conchubhair, 15/-



An t-Athair Donnchadh Ó Brosna-
cháin; An t-Athair Tomás Mac
Suipéal; An t-Athair Diarmuid Ó
Murchadha; An t-Athair Tadhg Ó
Muirthuile; An t-Athair Tomás
Mac Spealáin.



An tAthair Seán Ó Loinsigh, £1.



An tAthair Séamas Ó Cinnéide, £1.



CILLALA —



An t-Athair Labhrás S. Mac
Amhlaghaidh.



CLUAIN FEARTA —



An t-Athair Clement, O.D.C., £1.



CLUMHAIN UAMHA —



An t-Athair Dáithi De Barra, £1.



An t-Athair Seán Ó Cathasaigh.



CORCAIGH —



An t-Athair Liam Mac Con Uladh,
S.P.; An t-Athair H. S. Mac
Giolla Fionntáin, O.P.



DÚN —



An t-Athair Seumas Mac Leana-
cháin, £3.



FEARNA —



Per An Athair Mairtín Ó Riain,
£26 5s.



An t-Athair Tomás Cloney, S.P.



GAILLIMH —



An t-Athair S. Hynes, B.D., 15/.



PORT LÁIRGE —



An t-Athair T. A. Mockler, S.P.,
15/-.



Per An Athair Seumas Ó Ceill-
eachair:—



An t-Athair Tadhg Breathnach, £1.



An t-Athair Seán Ó Crotaigh, £1.



An t-Athair Domhnaill de Paor;
An t-Athair Seán Céitinn; An
t-Athair Pádraig Ó h-Aicéad.



ROS —



An t-Athair Liam Ó h-Uallacháin,
£1 10s.



An t-Athair Pádraig Ó Néill,
(Per An Athair P. Ó Néill:—



An t-Athair Pádraig Ó h-Áonghusa,
S.P.; An t-Athair Domhnall Ó
Muirthuile; An t-Athair Seumas
Ó Donabháin; An t-Athair Donn-
chadh Ó Murchadha.



COLÁISTE MHUIGHE NUADHAT —



Per An Athair D. Mag Aodhain, £1.



An t-Athair Pádraig Ó Néill,
D.D., 5/-.



AFRIC THEAS —



An t-Athair Lucás Ó Duibh, £1.



An t-Athair Domhnall Ó Flannagáin.



ALBAN —



An t-Athair Domhnall Ó h-Argáin.



An t-Athair Donncadh Ó Síothchain.



AMERICÁ — é



An t-Athair Liam Ó Domhnaill,
C.S.SP.; An t-Athair Eoghan Mac
Fhinn. An t-Athair S. Ó Gormáin,
Ottawa, 15/-.



SASANA —



An t-Athair Brian Ó h-Iceadha, £1.



An t-Athair T. de Róiste, Gersé.



An t-Athair Risteárd de Róiste, £1.



An t-Athair Tadhg P. Ó Brian.



An t-Athair Pádraig Ó Ceallaigh, 7/6.



An t-Athair Míchéal Mac Gearilt, £1.


L. 182


CLÁR IOMLÁN IMLEABHAIR A H-AON.



Aiste ar an bhFír-bheatha … 165



An Bláth, (Sgéal) … 66



An Dord Fhian … 3



“An t-En Ego” … 54



Ainm Íosa, Seanmóin ar … 57



Ár gCáirde 41, 84, 132, 181



d'Athbhunadh Shleachta is Cine
(Seanmóin) … 160



mBás, Seanmóin ar an … 89



Baosradh an t-Saoghail … 159



Bosca Daingean, An, (Sgéal) 74



Buadh na Nodlag (Sgéal) … 118



Ceacht Deireannach, An, (Sgéal) 16



Cill Bhrighde ar an Chruit … 155



Cnamha gan feoil:—
Críoch an Duine … 106



Gairm an Criostaidhe … 148



“Creidim i nDia,” (Duan) … 70



Críoch an Duine (Chnamha gan
feoil) … 106



Cúinne na Mac Léighinn 65, 116



Cumann na Sagart nGaedhealach:
Reachta agus Riaghlacha … 10



Dánta:—



Baosradh an t-Saoghail … 159



“Creidim i nDia” … 70



d'Éirinn … 138



Luas Saoghail an duine … 92



I gcuimhne duine a fuair bás
i bfadh ó Éirinn … 142



Marbh-Chaoine ó Portláirge … 21



Misneach … 111



Mo Chara … 164



Solus na h-Altóra … 127



The World is too much with us 154



Urnuighthe an Sgabail … 35



Dualgas na Cléire i nGnóthaibh
na Gaedhilge … 45



Duan an t-Slánuightheóra … 15



Éire-Náisiún Ceásta … 93



Gairm an Croistaidhe … 148
… 133



Geall Gaedhealach, An … 82



Glaodhach Ola … 25



Léir-mheas ar Leabhair, 128, 130, 131,
178



Leitir Thimpail ar Stáid Lucht
Oibhre … 33, 62, 112, 149



Luas Saoghail an duine (Dán) … 92



Marbh-chaoine ó Phortláirge (Dán) 21



Maynooth Statues … 36



Misneach (Dán) … 111



Náisiún Gaol-Ibheirneach, An … 133



Nodlaig, An … 107



Notaí … 37, 78, 122, 170



Oide Múinte na mBocht … 158



Ó Laoghaire, An t-Athair Peadar
(Seanmóin) … 27



Peaca Marbhthach, An (Seanmóin) 139



Saighdiúir ag comhrádh le Dia.
(Ó'n Iodálais) … 71



Seanmóintí:—



Ar Ainm Íosa … 57



Ar An Athair Peadar Ó
Laoghaire … 27



Ar An mBás … 89



Ar an bPeacach Mairbhtheach … 139



Ar an Umhaluightheacht … 51



D'athbhunadh Shleachta is cine 160



Ar Críoch an Duine (Cnamha
gan feoil) … 106



Ar Gairm an Criostaidhe … 148



Ar “Teach Úrnaighthe is ead
mo teach-sa” … 12



Sgéalta:—



An Bláth … 66



An Bosca Daingean … 74



An Ceacht Deireannach … 16



An Nodlaig … 107



Buadh na Nodlag … 118



Solus na h-Altóra (Dán) … 127



“Teach Úrnuighthe is eadh mo
theach-sa” (Soisceul) … 12



“The World is too much with
us.” (Dán ó'n inBeárla) … 154



Turas Bhreandáin i Litríocht
na h-Eórpa … 143



Umhaluightheacht, Seanmóin ar an 51



Urnuighthe an Sgabail … 35


L. 183


DUAISEANNA.



Bhéarfar dhá dhuais don bheirt a chuirfeas isteach chuig
MUINTIR MHIC AN GHIOLLA,
50 SRÁID UACHTARACH UÍ CHONAILL,
BAÍLE ATHA CLIATH AN DÁ LIOSTA.



Is mó d'ainmneachaibh cheannuightheoirí an tSÍOLADÓRA le haghaidh na
bliadhna seo.



Caithfidh gach liosta bheith istoigh roimh an chéad lá de mhí na Nodlag seo
chugainn.



Agus mar aon le gach liosta caithfidh 10/- a bheith ar son gach ainme ann.



Punt an chéad duais.



Deich Sgillinge an dara duais.



Fuair Seán Mac Guaigín, Béal Feirste, an chéad duais i mí Lughnasa.



A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 184


COINNLE IGCÓIR NA H-ALTORA



75%, 25%, 65% Céir na mBeach.



Ó LEATHLOBHAIR, TTA.,
14 CÉIBH ORMUIN, ÍOCHTAIR,
ÁTH-CLIATH.



DÉANTA IN-ÉIRINN.



PICTIÚR NA MAIGHDINE SÍOR-CHABHRACH.



Clóbhuailtear an pictiúr seo ar fheabhas IN-ÉIRINN.
Fíor-chóip de'n phictiúir atá san Róimh 'seadh í. Sgilling
a luach. Ag cur amach ag.



UA FAOLÁIN & A MHAC,
17 Céibh Uacht. Ormuin,
ATH-CLIATH



MAC AN IARLA & A CHUID.



CONSULT
US
FOR



STAINED GLASS



SCULPTURE



CHURCH DECORATION



EARLEY & CO.,
CAMDEN ART WORKS,
4 CAMDEN STREET, DUBLIN.



A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 185


Tá gach aon tsaghas Leabhair a bhaineann le h-Éirinn,
pé 'cu sa Bhéarla, in ár nGaedhilg féin, nó i nGaedhilg
na h-Alban le fagháil ó:



MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
87 SRÁID UACHT. NA DRISEOIGE, ATH CLIATH.



Scríobh chuichi i dtaobh aon Leabhair nó páipéir ar bith a
theastuigheann uait.



CLÉIRIGH & A CHUIDEACHTA



AN TIGH THAR BÁRR.



Igcóir na Cléire is ar
a bhfuil eolas maith
aca.



ATH-CLIATH.



Cuidigh le Déantús n-Éirinn! Tobac d'fás in-Éirinn.



M. R. LEATHLOBHAIR,
36 Sráid Nassau, Ath-Cliath.



M. R. LALOR
36 Nassau Street, Dublin.



TÍR & TEANGA!



TRY OUR “PERIQUE” MIXTURE.



A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 186


AR BUN Ó 1824.



TOMÁS,
LIAM &
SEÁN
Ó CEALLAIGH



BAILE ÁTHA CLIATH,
89 Sráid Íochtarach
Ghárdiner.



Oifigí: 1 & 2 SRÁID AN FHEISTIGHE, BAILE ÁTHA CLIATH
(Le h-ais Bhannc na h-Éireann).



FÍOR-FHÍON ALTÓRA



Iarramuid go h-umhal ar Uachtaráin na h-Eaglaise agus ar Chléir na
h-Éireann leanamhaint de cheannach ar gcuid Fíor-Fhíon Altóra
mar san am atá thart.



Is le h-aghaidh na h-Altóra a gheibhimid é, agus tá sé dá dhíol againn ar
fud na h-Éireann, na Sasan, agus na gCoilíneacht le trí glúinibh.



A luach ar fagháil uainn ach a iarraidh.



4/- an duisín ar na buideáil fholamha dá thabhairt againn nuair a
chuirtear chugainn slán iad agus costas an iomchair díolta.



Níl baint againn le dream ar bith eile ins an obair.



Gothán: Baile Átha Cliath 1612. Sreang-Sgéalta & Cáblaí: “Threekays, Dublin.



A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 187


BA CHEART DO GACH AON
tSagart i n-Éirinn na leabhair seo de leabhraibh an Athar Peadair
a bheith aige:—



NA CHEITHRE SOISGÉIL … 4/6



AITHRIS AR CHRÍOST … 6/-



SEANMÓIN IS TRÍ FICHID I. … 4/6



SEANMÓIN IS TRÍ FICHID II. … 4/6



Mara bhfuilid agut cheana cuir púnt airgid chun.



BRÚN AGUS Ó NÓLÁIN, TEÓR.,
BAILE ÁTHA CLIATH,
agus gheobhair láithreach bonn iad.



MO SLIGHE CHUN DÉ — Leabhar Úrnuighthe an Athar Peadair i lámhaibh
na gclódóirí fé láthair.



Ár gCéol Féinig — Ullamh anois. An t-Ath. P. Breathnach, C.M.,
do chruinnigh. 2/10 glan.



AN GAEDHEAL TÚ?



MÁ'SEADH BA CHÓIR DO CHUNNTAS BAINNC A BHEITH,
I mBANNC NA TALMHAN, TTA.



BANNC GAEDHEALACH MAR MHAITHE LE GAEDHLAIBH.



£180,000,000



Tá an méad sin d'airgead na nGaedheal curtha i mBainnc na
h-Éireann & gan aon phioc tairbhe ag teacht don dúthaigh as.



Tá muintir óg na tíre ag imtheacht i n-aghaidh an lae de ceal gnotha.



Cuir do chuid airgid i mBannc na Talmhan & cabhruigh le h-iad a
choiméad ag baile.



ÚNCAMAS.



Cúnntaisí Reatha 2%



Cúnntaisí Taisge 3½%



Cúnntaisí Taisge Bliana %



Cúnntaisí Taisge Tri mBlian 4½%



Cúnntaisí Taisge cúig mBlian, 5%.



Tá talamh na h-Éireann mar urradhas led chuid airgid.



FÉADFAIR DO GHNÓ GO LÉIR A DHÉANAMH LINN AS GAEDHILG



GACH EOLAS Ó'N RÚNAIDHE —



BANNC NA TALMHAN, TTA.,
68, SRÁID IOCH. CHILL MHUIRE, ÁTH-CLIATH.



A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 188


FEACH A CHÁIRDE!



Ar mhaith libh £5,000,000 a choiméad in Éirinn?



Má's maith, deunidh sibh bhur gcuid Urradhais leis



AN GAEDHEAL COMHLUCHT TAIGHDE UM
URRADHAS NÁISIÚNTA, TTA.



Life
Endowment,
Fire,
Accident,
Motor and
Motor Cycle,
and
General
Insurances.



The following extracts are from letters received from
prominent men:



“I was delighted beyond measure to find men bold,
intelligent and enterprising enough to stop this great
ecconomic evil, and by starting a purely Irish Company,
give better value to the Assured … Wishing you every
success, and placing at your service any aid within my
control. — Rev. Michael Devine, B.A., C.C.”



“The unending drain on the Nation's financial re-
sources will get a very serious check if such Companies as
the Irish National pursue a policy of vigorous aggression.
I am taking out a Policy, and wish the Company every
success. — J. J. Walsh, T.D.”



“There is, to my mind, something ludicrous in the
spectacle of Irishmen protesting angrily against over-
taxation by a foreign power, yet adding to the un-
doubtedly enormous annual levy of taxation a voluntary
subscription of £5,000,000 which could, and should be
kept within our borders and employed towards fostering
and developing our home industries. I heartily recommend
the Irish National Assurance Company. —
H. C. Higgins, T.D.”



ANNUAL INCOME, £70,000.



Ba chóir do gach aon tSagart a cuidiú linn!



ÁRD-OIFIGH: 30 FAITHCHE AN CHOLÁISTE, BAILE-ATH-CLIATH.



A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 189


A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 190


A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 191


A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 192


ARÁN MHIC
CHINNÉIDIGH



An Saghas is Fearr
dá bhfuil ann.



Bácúis



124-130 SRÁID PHÁRNELL
agus
BÁCUS NAOMH PÁDRAIG,
BAILE ÁTHA CLIATH.



MUINNTIR UÍ CHATHAIL, TEO,
CLÓDÓIRÍ, BAILE ÁTHA CLIATH

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services