Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Vol. II - No.12. Caoineadh air Bhás Sheághain Ui Mhaghthamhna

Title
Vol. II - No.12. Caoineadh air Bhás Sheághain Ui Mhaghthamhna
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1897
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE
SHAN VAN VOCHT



VOL. II. — No. 12.


L. 219


CAOINEADH AIR BHÁS SHEÁGHAIN UI
MHAGHTHAMHNA.



A d'eug air an t-seiseadh lá de mhí na Féile Bríghide, 1877.



Aisdrighthe ó Shacs-Bheurla Mhichil Ui Chaomhanaigh.



áir anois faoi shuan ó do bhrón, a chara,
ir shiúbhal ó'n t-saoghal 'nar budh bheag do gharadh;
ós tá'n sógh so againn, fir dhílse d'fharraidh —
éidh do mhusgladh aoibhinn ós ceann an tara.



Beannacht Dé leat


L. 220


Le dusachd ghlórmair béidh d'anam ag filleadh
Chum cathaoir' Mhuire 'sa h-aingeal gile,
'Sag feuchaint orrainn, croidhe-fháisgthe uile,
Mar aighnean casta air chríon-dhair coille.



A Mhuire is truagh!



Acht in a shiúbhal chum síor-chuain na córa,
Bidheadh aon radharc ar Eirinn, do mháthair mhórdha,
Ag sileadh síos uirri solus glóire,
Mar taisbeant dí ar do ghean gan teóra,



Do ghrádh geal!



In do bheatha sheinn tú a h-abhráin binne,
Agus d'fhoillsigh dhuinne a stair is sine;
Anois casfar leat í gan claoidheamh gan cruinniughadh,
An "chros 'san choróin" 'said d'fhág tú linne.



Cabhair Dé chugainn!



O' ní raibh tú riamh in do chainteoir folamh —
Fós, in aimsir baoghail ní raibh tusa balbh;
Ard, uasal, eagnach, agus fíor í n-dealbh,
Budh sómpla beacht thú de shliocht na n-ollamh.



I gcéill a's neart.



In do chroidhe, a Sheághain, rith an fhuil budh ghloine,
Fos, budh bhráthair díl duit gach uile dhuine
(Gan ceist ar chreideamn, 's gan ceist ar shloinne)
Do ghrádhuigh Eire ar gach taoibh na Boinne.



Ar m-bráthair!



Le n-a macaibh bhidtheá go síor ag cánadh;
"Má's mian libh saoirse, troididh go dána!"
Gidh gur dubh ár n-dán tá do chlú níos láine.
'S deunann sin an croidhe in mo chliabh níos sláine,



Má's trom é!



Measg fear árd do chondae ní raibh aon chomh measta
I m-beartaibh treuna 's a g-cleasaibh gasta;
Tá a d-teaghlaighe uaigneach' anocht neamh-lasta,
'S fágann geire bróin mé gan déoraibh feasda.



Is mairg dam-sa!



Ar feadh na seachtmhain 'nár luigh tú breoite,
Bhí mé féin leaba go dona, claoidhte;
D'fhág mór chrádh an tráth' sin mo shúil gan deora —
Och, a Sheághain, a Sheaghain, ní mar súd budh chóir é.



Faraoir geur!



Ameasg na d-treun-fhear d'ár ghoir tú brathair
Budh dílse leat mé 'ná aon i láthair;
Fuaras uait a g-cómhnuidhe caomh-chómhairle athar,
Agus gradh chomh dílis le grádh mo mháthar.



Mo chairdeas Criosd!



Ar son Eireann sheasmar go buan le chéile,
Mo dhothchas: áit mhaith ar mhágh no tuille —
A namhaid nimhneach faoi neart mo bhuille,
'Gus do chleite taoisigh ós ár g-ceann go h-uile.



Meirge na h-Eireann



A! cia acht mise fuair fios do bheatha?
Budh bheag a sólas, budh throm a sgatha;
Cia'd laoch mar thusa ó Niall, righ catha,
Do bhronn ar Eirinn iomlán a ratha?



Freagair a Mhic Alla!



Tá tú marbh anois 'gus tá d'ainm ráidhte
Faoi onóir mhóir le do mhathair chraidhte;
Le n-a deóraibh teith' tá do chorp fuar báidhte;
Oir le cumha ghéir tá a sean-chroidhe saidhte



'Os ceann do chomhra!



Tá cuimhne na n-iodhbairt do righnis dúinne
Ag labhairt anois in ár g-criodhthibh ciuine;
'S ag musgailt grádh tá ceud uair níos buaine
'Na'n grádh dob-fhéidir le righ fhághail uainne.



Gean gan luach!



Samhail do thórraidh do righ níor tugadh —
Go fliuch tá leicne na sean-fhear cogaidh —
Tá mor-chine deóraidh anocht ag glacadh
A g-cead' ó'n d-treóruidhe dob' fheárr bhí aca.



Och, mo nuair!



O, an m-beidh ár n-dothchais go deó neimh-líonta?
Go mall is minic 's is geur ár b-pianta,
Oir le gaethibh báis ta treun-chroidhthe criónta,
Acht anocht 'san g-cómhra tá'n taoiseach sínte.



Tá ár n-grian muchta!



Le do thaoibh anocht tá na Gaodhail ag fanacht —
Tá na sluaighte móra ag teacht 's ag imtheacht —
Tá na fir ná'r bh-féidir ariamh "do cheannacht,"
In do chomhair, a Sheaghain, ag iarraidh beannacht



O Dhia ar árd!



Ata leó mar chúmhdach dod' chorp a choidhche,
An mheirge sgaoil siad ar uchd na gaoithe;
Ar shléibhtibh Eireann bhéidheadh na mílte fuithe,
Acht ta'n teine muchta a théigh a g-croidhthe.



Is mór an truagh!



Le fleasgaibh bláth agus seamróg sníomhtha
Tá do chómhra gleusta le maighdinibh caoimhe;
Téigheann guidhe a máithreach chum Mhuire Naomhtha
Go m-béidh d'ainm dhíl ins an bh-Flaitheas sgríobhtha



Ameasg na n-aingeal.



Beidhir gan mhoill ag séoladh chum Eireann claoidhte
A! nuair feicfear do bhrat ar an leath-chrann seidhte
Bèidh an sean-chroidhe treun ná'r chaith riamh "bán-chleite"
Ag freagradh caointe na bean-sighe caithte.



Mo bhróin! Mo bhróin!



A's mar bhéidheas ag gul sin tríd a cluana',
'Gus na cnoic ag fuaimnigh a caointe dhúinne,
In gach súil is ceannsa beidh caomh-dhéor ag suanadh,
Nuair i n-Gaeldhilig molfar an fear budh bhuaine.



Grádh bán Eireann!



Béidh an síol do chuir tú 'ga bhuaint níos moille —
Nuair tá'n ghaoth ag osnadh ós ceann do chille,
Béidh gach croidhe ag guidh mar tá deor 'ga sileadh —
"A Chriosd gabh anam fíor-bhlath' na Mileadh!"



Amen, a Thighearna!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services