Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Vol. II - No.10. Oraid Emmet, Ar Lorg na Gaedhilge

Title
Vol. II - No.10. Oraid Emmet, Ar Lorg na Gaedhilge
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1897
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE
SHAN VAN VOCHT



(AN T.SEAN BHEAN BHOCHT).



VOL. II. — No. 10.


L. 180


Oraid Emmet roimh a dhaoradh.



(Duine de Chonnradh na Gaedheilge Chorcaige d'atharraigh.)



"FIAFRUIGHTHEAR díom a Thighearnaighe, cad tá le rádh agam
ionnus ná tabharfaidh breith báis orm do réir na dlighe. Ní fhuil
aon nidh agam le rádh d'atharrochadh bhúr roimh-bhreith, na do
bheidheadh oireamhnach dam le rádh le h-aon intinn go mbain-
fidhe ó dhéine na breithe sin atathaoise le tabhairt agus d'a
g-caithfidh mise géilleadh. Acht tá rud éigin agam le rádh
timpchioll ar nidh is cúramaighe liom go mór ná mo bheatha,
nidh ar ar thugabhair-se sibh féin chum a léir-sgriosata. Atá
mór-chuid agam le rádh i d-taobh gur cóir go saorfaidhe mo chlú
ó ualach feallsachta agus ith-iomráidh do cruachadh uirre. Ní
measaim gur féidir dam aon nidh do chur 'na luidhe ar bhúr
n-aigne, suidhte mar a bh-fuilti, le h-aon t-súil agam go
bh-fuighbhidh mo chlú aon díon faoi chliathachaibh cúirte curtha
ar bun agus riaghaluigdthe mar atá si seo. Tá aon nidh amhaín
ba mhaith liom agus ní fhuil braith agam le níos mó, se sin, go
léigfeadh sibh-se do'n chlú sain a Thighearnaighe, sgaoileadh
tharraibh gan a bheith truaillighthe le h-anál breun na claon-
mhéinne, go bh-fuighbhidh si cuan éigin caomhna agus futhanna
dhi ó na trom-anfadhaibh atá d'a tuargaint annso. Níor chás liom
é, muna m beidheadh agam acht bás d'fhaghbhail iar mbeith
daortha dham agaibh-se, do ghlacfainn go ciuin agus gan osna an
chrích atá am' chomhair, acht, oibreochaidh breith na dlighe a
thabharfaidh mo chorp do'n chrochaire go lán-dithchiollach, tré
feidhm na dlighe, ar í fein do chosaint chum mo chlú do chur faoi
bhuan-tharcuisne; mar hí fuláir ná go bh-fuil an choir in áit éigin,
cia aca i mbreith na cúirte no ins an mbárrthain, is le h-aimsir
amháin a deunfar amach é. Atá sé air ag duine am' ionad-sa
aghaidh do thabhairt, ní h-é amháin ar chruadhtan a chineamhna
as ar neart chumhachta os cionn intinnidhe atá truaillighthe no
curtha fá chois aice, acht, mar an g-ceudna ar dhochamhalacht
mí-mheinne a linne a sheasann 'na aghaidh. Imthigheann an
duine acht lonuigheann a chuimhnes. Ionnus ná faghbhaidh mo
chuimhne-se bás acht go mairfidh sí faoi mheas ag mo chomh-
dhuithchis-idhibh, ní sgaoilfead tharm an fhaill seo gan me fein do
chosaint ar chuid de na neithibh atá curtha am' aghaidh. Sé mo
dhothchas agus is mian liom é, iar n-eitiollughadh dhom' spioraid,
go cuan níos féileamhla agus iar mbeith suidhte dhi i g-comh-luadar
na laoch mairtírighthe do thug a gcuid fola ar an g-croich
no ar mhágh-an-áir ag cosaint a d-tíre agus na subhailce, go
mbrostóchaidh mo chuimhne agus m' ainm iad so a mhairfidh am'
dhiaidh agus mise go mór-dhálach ag feuchaint anuas ar mhion-
bhrughadh an cheannais mhalluighthe sin a choimeádann a réim
le cáineadh ainme Ard-righ Neimhe agus a thaisbeánann a
chumacht os cionn an duine amhuil as os cionn na mbeathadhach
mbrúideamhuil — a chuireann fuath nimhneach idír na daoinibh
agus a thugann ar dhuine amus marbhach do thabhairt faoi n-a
chomarsain in anim De, de bhrigh nach géilleann sé go cruinn do
éileamh an cheannaisceannas go bh-fuil a chroidhe dúraighthe mar
an g-cruaidh le uaill-chumha na n-dilleacht agus le deoraibh na
mbaintreabhach do chuir sé gan taise le fán" (Do chuir an
Tighearna Norbuirí cosg annso leis, ag rádh nách raibh na baothain
táire luathintinneacha do bhí ar aon aigne leis cumasach ar a
ndroch-intinnibh do chur i ngníomh). "Fágaim faoi Dhia na
firinne-dearbhuighinn ar Ard-chathaoir Neimhe as is éigean dam
bheith in a fiadhnuise gan mhoill go raibh mo iomchur tríd
an nguais seo go léir agus trid gach ar chuireas romham
roimh-dhírighthe do réir ah deimhne úd do nochtas, agus
nach raibh atharrach aigne orm acht fuasgailt mo thíre ó'n
ngeur-bhroid faoi n-a raibh sí creuchta, agus dar iomchuir
sí ró-foighideach agus ró-fhada agus tá lán dothchas agam, cé
baoth luath-intinneach as do measfar è go bh-fuil meisneach agus
aondacht go leor fós in 'Eirinn chum na h-oibre is uaisle seo do
chur i g-crích. Adeirim e seo le muinighin feasa cinnte agus leis
an sólás a bhaineann leis. Ná beiridh libh a Thighearnaighe gur
mar olc orraibh-se, adeirim é seo, nâ chum aon corrbhuais bhig
suarachais do chur orraibh. An té nár luaisg riamh a bheul ag
innsint bréige, ní chuirfidh sé a chlú í mbaoghal leo so nach bh-fuil
fós beirthe ag deimhniughada éithigh. Adeirim a Thighearnaighe,
an té nach mian leis a fheart-laoi do bheith sgriobhta go d-tí go
mbeidh saoirse bainte amach ag a thír, ná fagfadh sé gath i láimh
an tnúthaigh na leath-sgeul i mbeulaibh aicme a cháinte chum
achmhusáin do chasadh leis an ionnracas is mian leis do thaisgeadh
in uaigneas na h-uaighe féin iu a g-cuirfear go foir-eigeantach é."
(Do chuir an chúirt cosg annso arís leis.) "A deirim leat a
Thighearna nach duit-se do cheapas an nidh adubhart mar gur mó
é mo thruagh dhuit ná m'fhormad leat. Ba dhom' chomh-
dhuithchisidhibh do cheapas é. Má tá fior 'Eireannach ag
tabhairt cluaise dham bídheadh focail mo bhais mar thaca aige i
ló a cheasnuighthe." (Do chuir an Tighearna Norbuirí cosg arís
leis agus dubhairt nach chum bheith ag éisteacht le ceilg do bhí se
annsain.) "Do mheasas go d-tí so gur b' é gnó breitheamhain iar
mbeith daortha do'n bhraighe, breith na dlighe do thabhairt. Do
thuigeas mar an g-ceudna gur mheas breitheamhain ar uairibh go
raibh ceart aca eisteacht go foighideach agus labhairt go daonna
agus an té do bhí fá ghreim na dlighe do theagasg agus a
m-baramhla do thathairt go ceannso faoi na fathaibh faoi n-deara
dho (dar leo) an choir do dhéanamh ae ar daoradh é. Gur mheas
breitheamh gurb é a ghnó déanamh amhlaigh, ní fhuil d'a
mearaighe orm : ache cá bh-fuil firinne bhúr muidhimh a saor-
roinn bhúrr n-dlightheadh — cá bh-fuil fáth bhúr m-bladhmainn
a comhthroime, a trocaire, agus a tláthchas bhúr g-cúirt
mbreitheamnais, muna bh-fuil sé ceadaighthe do bhraighe atá le
cur faoi láimh an chrochaire, ní le ceart acht le feall bhúr ngliocais,
míniughadh do thabhairt go macánta agus go ferinneach ar a
intinnibh, agus na bun-fátha ler corruigheadh é do chosaint."



(Ní Críoch.)


L. 189


Ar lorg na Gaedhilge.



MEASAID lucht Chonnartha na Gaedhilge gur tairbheach an rud é
do chúis na Gaedhilge, an mhuintear sin chuireas suim 'san
Ghaedhealg, cuairt do thabhairt, 'nois a's arís, ar na duithchibh
mar a labhrann siad an Ghaedhaelg go fóill. Mar sin de, b'fhéidir
gur maith le cuid ded' chuid léiththeóir, tuairisg d' fhághail ar
chuairt do thugas, beagan aimsire ó shoin, ar na sléibhtibh agus ar
na gleanntaibh i n-iarthar Tire-chonaill. D' fhágas port an
bhothair-iarainn ag Srath-an-urlair, bhi mo rothar liom, agus
bhuail mé liom suas Gleann-fhinne. O thús go deireadh labhair
me tre Gaedhilig le gach duine casadh orm.



I n Gleann-fhinne atá bodaighe Albanadha nach bhfuil focal
Gaedhilge 'nna gcloigeannaibh aca, agus stán siad orm go dúr,
dorrdha nuair bheannuigheas dóibh as Gaedhilig. Cuid de na
h Eireannchaibh Gaodhalacha mar an gceadna, nior thuig siad
acht go raibh me 'ga labhairt Gaedhilge leó agus ni raibh siad acht
ag gairidh, magadh fúm. Acht anois a's arís chasóchadh duine
orm a labhair an Ghaedhealg agus chluinfinn canamhain na tíre.
Ag gabhail damh suas dh' ionnas' ar an Bhrocaigh casadh liom
ann mórán daoine do labhair ins an Ghaedhilig. Ar sráid an
Bhrocaigh bheannuigh mé do bhean do bhi ag fagbháil an baile
sin, agus me ag eitioll thairsti ar mo rothar. D'amharc si 'mo
dhiaidh, tamall maith, agus chuala me i ag rádh leithe féin
"maiseadh ca bhfuaras thusa a bhfuil an teanga Ghaedhilge agat."
Níor fhan me a bhfad 'san Bhrocach acht ghluais me liom nios
faide síar ímeasg na sliabh go dti. Béal-an-atha-mór mar a d'fhan
mé an oidhce sin. Atá teach h-ingin Ni Mhuighe, agus labhrann
sisi agus deirbhshiúiri canamhain bhreagh Gaedhilge. Bhi a
n-athair, an saoi Eadhmonn Ua Muighe a fuair bas go deireannach
'nna fhear thuigsionach infleachtach; agus ba mhór an grádh do
bhi aige ar a thir, agus ar gach nidh do bhain de'n tir, agus go
mór-mhor ar theanga na tire, nuair do bhéidheadh a chomhursanna,
cuid oca, ag tabhairt gotha air mar gheall ar Gaedhilig do labhairt
le n-a chlann, ar eagla go gcuireadh seó bac orra i n-a gnoth, 'se
an freagra budh gnath leis thabhairt dóibh "beidh ocaideacha go
leór ag mo chlann, Gall-bhearla do labhairt ma 's mian leo é;
'seadh is dualgas damh-sa ar dteanga dhutchais fein d'fhoghluim
dóibh." B'fhior dhó; labhran a chlann an dá chuid go ceart
i ndiú; rud nach ngnidheann mórán mór de mhuintir na tire so.
Go ndeanfaidh Dia trocaire ar anam an duine chóir! mo mhairg!
nach bhfuil móran dá leithérd le fághail.



Ar feadh dhá lá sheól mé thart fa Béal-an-atha-mór, Min a'-
ghualinn, Ceanngharbh, agus na duithchibh sin. Fuaras mórán
Gaedhilge ionnta agus ní'l áit eile i dTirchonaill is fearr le duine
dull ann ar lorg Gaedhilge. Tugas cuairt ar an iomad seannchaidhe
agus lucht seinme ceoil, agus sgriobhas siós bolg dán agus sgéal'.
Lá ar na bhárach d'imthigh mé liom ar mo rothar sios go dti na
Gleanntaidhe; agus nior casadh orm duine ar an ród, nó ni fhaca
mé aon duine ag obair ar aon taibh dé'n ród nachar chuireas foraun
orra i nGaedhilig. Labhair gach duine liom go sibhiálta as
Gaedhilig agus d' fhoghluim me mór-chuid Gaedhilge le linn
m'aistir Nior rin, mé mórán moille ins na Gleanntaib, mar bhi mé
ann sin cheanna, agus chonnacas damh gur bheag an tsuim do bhi
ag muintir na Gleanntaidhe 'san Ghedhilig. O offic an phóist 'san
Ghleanntáibh chuireas teachdaireacht as Ghaedhilig thrid an
telegraf go dti mo chara. S. S. Mac a'Bhaird ag na Ceallaibh
Beaga ag tabhairt rabhaidh dhó go raibh mé ag tarraingt air, agus
ghluais me liom, "síos traigh" mar a deirid, go Neárain. Ag na
Maighibh, casadh damh an ród nuadha do rinne an "Congested
Districts Board," agus thiontuigh mé ar mo laimh dheas go atug
me cuairt ar an droichead nuadha iarainn do rinne an Bórd ceadna
trásna ar an Ghaoith-Beara, air ar chuala me iomrádh. Go
cinnte is breagh an droichead é, agus is mór an feidhm atá na
daoine ar an taoibh thall .i., muintear Litir-mac-a'-Bhaird agus
muintear na Rosaidhe ag baint as. Nuair bhi mé ag feuchaint ar
an droichead, tháinig dá constábal fhad liom; b'fhéidir gur mheas
siad go raibh droch-rún agam do'n droichead agus go raibh me ar
ti a theilgint ins an taoide Labhair duine aca liom i nGall-bhéarla;
"Good evening, sir" ar sé. "Goidé mar tá sibh" arsa mise.
"Beg pardon?" ar an constabal. "Nach breagh an droichead é
so ar togadh daoibh ann so, arsa mise. Chonnacas do na
constablaibh gur ag magadh futha do bhi mise, agus d'imthigheadar
leo. Bhi mise ag deanamh chomhraidh leó go raibh siad ar an
taoibh thall de'n droichead, acht nior thug siad aire ar bith orm
ni ba mho.



(Ag so leabh-fhocal do Eireannchaibh as an Oilean-úr atá ar ti
cuairt do thabhairt orrainn ar an bhliadhaim so chugainn. Má tá
Gaedhilg aca labhradaois i, agus ni bheidh cluasairidh 'ga
iomchur agus 'ga sgapadh gach focal déaradaois.)



Ag teacht arais damh ar an taoibh i bhus de 'n droichead chuala
me ceol binn ag teacht amach as tigh bheag do bhi ar leath-taoibh
an róid. O' éist mé agus chonnacas damh gur bhean do bhi ag
seinm dá leanbh ag a chur a chodladh. Bhuail mé isteach agus
d' iarr cead mo phíopa dheargadh. Fuair mé an cead sin agus
fáilte, acht nior ghabh an bhean ceol ni ba mhó, agus nior chodail
an leanbh. Tar éis beagan chomhraidh, ghluais mé liom aris.
Chuaidh mé isteach i mórán de na tighibh fá'n duithche sin agus
is Gaedh-ilg fuair mé dá labhairt i gach tigh aca. Bhi sé mall
'san tráthnóna nuair do roich me go Neárain.



Labhair me as Gaedhilig le gach duine casadh dath 'san áit sin,
agus ni thuaras freagra acht i nGall-bhéarla thruaillighthe. Atáid
lucht cuarta ag tabhairt a n-aightheadh ar an bhaile sin, mar gheall
ar an tráigh áluinn agus an sáile bhreagh atá ann, agus mac-a-
samhail gach áit de'n tseort, atáid na daoine ag èirigh ro-ghalanta
le Gaedhilg do labhairt. Fuaras sean daoine fá 'n áit a raibh
canamhain bhreagh Gaedhilge aca.



Lá ar na bharach sin' me aistear thrid na sleibhtibh go na
Ceallaibh Beaga, mar a casadh liom S. S. Mac A'Bháird, ata 'nna
thor cosainte do 'n Ghaedhílig ar fúd na duithche sin. Chaitheas
an oidhche sin leis go sugach ag trácht ar mórán neithe bhaineas
le cúis na Gaedhilge. Maidin lae ar na bharach thugamar cuairt
ar an sgoil gnothach ar cuireadh ar bun go deireannach ins na
Ceallaibh Beagh. Bhi an t-urchdaran, an t-athair Ua Domhnall
as baile, rud a ba thruaighi liom, mar is Gaedhealgóir breagh é,
agus ba mhaith liom comhrah do bheith agaim leis.



An trathnóna sin chuir mí mo rothar ar charbad an bhothair
iarainn, agus mé féin leis, agus d' imthigh liom, casán Duin-na
nGall, go raibh mé ar ais ag Srath-an-urlair, agus ba mhór an
chúmha so bhi orm ag fágbháil duithche chineálta na Gaedhilge
damh.



Dá d-tairgfinn leath fhocal do neach bheidheas ar ti gahbhail ar
lorg na Gaedhilge, bhearainn tri comhairli dho, .i., tobac do
chaitheadh muna mbeidheadh sé acht an uair sin amhain; tart as
triume do bheith air: muna n-olfadh sé acht bláthach le n-a
chosg, bhéidheadh sé 'nna leithsgéal gó cuairt do thabhairt ar na
tighibh cois an bheallaigh; an triomhadh comháirle, gan bréag-
náire do bheith air; acht labhradh sé le gach duine, agus cuireadh
sé foraun ar gach duine, dá dhoicealligh é.



CU-ULLADH.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services