Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aistriú Thaidhg Ghaedhealaigh

Title
Aistriú Thaidhg Ghaedhealaigh
Author(s)
Ó Traighthigh, Liam,
Composition Date
1924
Publisher
Muintir An Sguab

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SGUAB



Im. II. Uimh. 16. EANAIR, 1924. 3p. SA MHÍ



RÉIM NA h-UIMHREACH SO.



Leath.



TUIGEANN TADHG TAIDHGÍN 63



ITHIR ÚR NA GAEDHILGE TADHG GAEDHEALACH 64



D'Ár GCÁIRDE MÍCHEÁL BREATHNACH 65



IASGAIRÍ TADHG Ó CEALLAIGH 66



TARRACHORACHT CÚ CHULAINN 68



AR MO THIMTHIREACHT DOM, II. PÁDRAIG Ó CADHLA 70



TRÉIS NA NODLAG "FIDEÓG STÁN" 72



TEACHT AN T-SNEACHTA MÍCHEÁL MAC LIAIM MHÓIR 74



ÉIFEACHTÚLACHT TIÚSCALACH MÍCHEÁL DE PAOR 76



An STÁT GAEDHEALACH LEÓN Ó BROIN 77



LITREACHA 79



CUMANN URRADHAIS MUINTIR NA h-ÉIREANN
(THE IRISH PEOPLE'S ASSURANCE SOCIETY)



CUMANN DO GACH AOINNE ISEADH É. NÍL AON NIDH CHUN DEIRIDH ANN.
FÍOR-ÉIREANNAIGH ATÁ I mBUN NA h-OIBRE SEO.



Gach fios agus faisnéis le fagháilt ón Rúnaidhe



S. M. Ó DEORÁIN
ÁRD-OIFIG — CEARNÓG PHARNEILL a 16, ÁTH CLIATH.



LEABHRA MAITHE GAEDHILGE



AN BARRA: Leabhairín do Pháistí. Nioclás Tóibín
an scríbhneóir.



Leabhairín é seo do pháistí sa tríomhadh buidhin nó sa
ceathrú buidhin do réir mar a thuigtear don múinteóir.
Mar do dhein sé sa ngeamhar tá a dhícheall déanta ag
Nioclás Tóibín ar adhbhar oiriúnach léighinn do sholáthar
don pháiste, agus a bheith cothrom maidir le ciall agus
cruadhas. Ocht leathanaigh agus dachad atá ann.
Luach 6d. glan.



ÓIR-CHISTE: Duanaire Liricí don aos Foghluma.
Seamas Ó h-Aodha, M.A., do thoigh.



Cnuasacht é seo desna dánta is mó clú agus cáil i
nGaedhilg. Tá 45 cinn aca ann agus na filí is fearr abhí
riamh againn a scríobh iad ó Oisín Mac Fhinn go dtí
Pádraig Mac Piarais. Tá míniú nó argóint ag gabháil
le gach aiste sa leabhar agus gach míniú aca i nGaedhilg
bhlasta. Tá foclóir, agus gluais ag tabhairt eolais ar
gach áit is ar gach duine atá luaidhte sa leabhar. Níl
aon Bhéarla ann. 156 leathanaigh. Luach 5s. glan.



BEIRT DHÉISEACH. Cnuasacht scéilíní le Seán Ó
Cuirrín. Scéal acu ar a cheann féin; Eadartheangachd
ar Bhéarla Washington Irving (Rip Van Winkle);
Tolstoí (The Long Exile); LorimerStoddard (The
Indian's Palm) an chuid eile. Tá adhbhar cleachta ar
aistidheacht agus notaí agus foclóirín ag gabháil leó.
Luach 3s. 6d. glan.



Agus na Leabhra eile is fearr i nGaedhilg le fagháil ó



CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN TEOR.,
89 Sráid an Talbóidigh i mBaile Átha Cliath.



SCOIL NA LEANBHAÍ
SA RINN.



Do leanbhaí ó 8 go dtí dhá bhliadhain
deug d'aois.



Ní cead do neach Beurla na
Sasanach do labhairt ann.



Múintear na gnáth adhbhair léighinn
trí Ghaedhilg ann.



Osclófar an scoil an 25adh de
Eanair.



Tuarascabháil, agus c., le faghbháil ón
bhFear Mór.


L. 62


Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n
Chumann Gaedhealach is Fearr



AN CUMANN IBÉRNACH
INSIÚRÁLA TEÓ.



I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS
COITCHINNE.



Príomh-Oifig — 48 agus 49 SRÁID AN
DÁMA, ÁTH CLIATH.



Na Polasaithe is iomláine le
Fagháil.



DIXON & HEMPENSTALL
Fir Deunta Speuclairi



SEOMRAI UM TASTAIL RADHAIRC AR OSGAILT GACH LA



Cuirimíd shuim speisiáltha in oideasaí liagh-súl



Nuair a chuireann tú fios ón dtuaith ar rud
cuirimíd chugat é an lá ceudna.



SRAID SUFFOLK, 12, ATH CLIATH.



WEST & SON



SEODÓIRÍ, GAIBHNE AIRGID, AGUS
CLUIGEADÓIRÍ.



Tigh Grafton,



102 agus 103 Sráid Grafton, Baile Átha Cliath



Tá suas le ceud duine ag
obair san gnó so. Déinimid
duaiseanna óir agus airgid
le h-aghaidh feiseanna agus rl.
agus deuntús fíor-
Ghaedhealach ortha.



Tagaidh isteach chun iad dh'fheiscint.



TAE.



Togha an mhargadh gach aon tSórt Tae atá
againne, bíonn siad mar a chéile i gcomhnuidhe
agus bíonn gach éinne sásta leo.



Luach — 2/4, 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt.
Tae ón t-Sín — 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt.



BECKER BROS., LTD.,



Sráid Seoirse Mór Theas a 8 agus
Sráid an Iarla Thuaidh a 17, i mBaile Átha Cliath.



ÚSÁID
GRANIA
TOOTH
PASTE
AR SON t'FHIACLA



ÚSÁID
GIBSOL
OINTMENT
AR SON DO
CHROICINN



Fior-dheuntús na h-Éireann iseadh iad so. Táid le fághail
ósna drugadóirí ar fúd na tíre ar 1/3 gach ceann nó go
díreach (saor tríd an bpost) ó Gibsol, Teo., Lána an
Chláir, Áth Cliath. Deuntar íce le h-aghaidh beithidhigh ann leis.


L. 63


TUIGEANN TADHG TAIDHGÍN



Tréis dúinn an oiread san cainte a bheith
ar suibhal againn ó mhí go mí i dtaobh airgid
an náisiúin níorbh cheart dúinn gan tagairt
don sgeul arís anois go bhfuiltear tréis
a t-Iasacht do chur ar bun. Ceist náisiúnta
iseadh í sin, dar linn, agus ní ceist
poilitidheachta. Ba chóir go mbeadh áthas
ar gach Éireannach gur eirigh leis an rud
chomh maith san. Ní don Riaghaltas atá
orainn anois a tugadh an t-airgead ach ar
maithe len ár dtír féin; in gach aon tír
síbhíalta leanann dream dream eile mar
riaghaltas uirri ach bíonn gach aon cheann acu
freagarthac i bhfiacha an cheann a chuaidh roimhe.
'Sé an rud is fearr, pé sgeul é, mar gheall
ar an slighe a chuir muintir na h-Éireann a
gcuid airgid fé urrús an náisiúin an mí seo
caithte ach go bhfuil creideamhaint na
hÉireann ar an lámh sábháltha anois — maidir
le h-airgead atáimid a rádh: ní h-in aon
lá amháin a gheobhfuidhe creideamhaint na
hÉireann do mheudú in slighte eile. Nuair
a bheidh sé ón Riaghaltas — is cuma dén dream
poilitidheach a bheidh mar cheann orrainn an
uair ceudna — nuair a bhéifear ad iarraidh
airgead d'fhághailt fé urrús an náisiúin
arís, gheobhfar níos saoire a's níos
fuiriste é, de chuid mhaith, toisg go bhfuil
muintir na h-Éireann tréis teasbáint go
bhfuil muinighin acu as a dtír féin. Roimhe
seo ní sholáthróch an t-eachtrannach an t-airgead
dúinn gan tairbhe uathbhásach árd do bhaint
asainn agus gan na custuim a bheith aige
mar a bhíonn i dtíortha áirighthe fé láthair.



Cífidh lucht léighte an "Sguab" go bhfuil
nótaí an fhir eagair níos giorra an mí seo
ná mar is gnáthach. Seo mar a thuit amach.
Fuaireamar dhá leitir an mí seo caithte (agus
níorbh iad na ceud ceannaibh dá saghas a
fuaireamar) ad iarraidh orainn Gaedhealg
do chur ar roinnt focal agus abairt — feuch
ar leathanach 79. Do chuireadar san ag
machtnamh sinn agus sgríobhamar píosa le
h-aghaidh na nótaí seo i dtaobh úireacht agus
beodhacht teanga na Gaedhilge agus i dtaobh
neamh-chosamhlacht an Ghaedhealg agus an Beurla
agus mar sin de. Bhel, ar ádhmharaidhe an
domhain, do bhuail Tadhg Gaedhealach fúinn
lá agus do theasbáineamar ceann desna
lei treacha úd dó agus na nótaí a bhí
sgríobhta againn i gcóir an leathanaigh seo
chomh maith. Thug sé an leitir leis. Tamaillín
na dhiaidh san fuaireamar uaidh, ní h-amháin
an leitir thar nais agus Gaedhealg Thaidhg
curtha ar na focail úd, ach aiste na fochair
ag cur síos ar na rudaí ceudna a bhí ráidhte
againn féin. Ba sheacht bhréaghdha agus ba
sheacht bhríoghmhaire, dar linn, an rud a sgríobh
Tadhg ná an rud do sgríobhamar féin, agus
dá bhrígh sin támuíd á fhoillsiú agus ag cur
an ruda eile ar neamh-nídh. Tá cúpla rud
ráidhte ag Tadhg, gan amhras, ná deur-
faimís-ne, ach tá a fhios ag lucht léighte an
"Sguab" fén am so a láidireacht atá a
thuairm-se ar an gceist seo agus an slighe
fé léith atá aige chun a thuairim do chur abhaile
ar an léighteoir. Maidir leis na bun-
smaointe, ámhthach, atá nochtaighthe aige san
alt táimíd ar aon aigne leis, agus ní gádh
dhúinn aon leath-sgeul do ghábhailt mar gheall
ar gan na gnáth-nótaí a bheith sa "Sguabh"
so, agus rud chomh suimeamhail san ann na
n-ionad.



Bhíomar chun tagairt do dheunamh, leis, don
alt atá san uimhir seo den "Sguab" ó
pheann Leóin Uí Bhroin, ach níl slighe againn
anois. Tá adhbhar díospóireachta ann, gan
dabht, agus tá súil againn go mbeidh an cheist
sin á plé ag lucht léighte an "Sguab" sa
pháipeur so an mí seo chughainn.



ITHIR ÚR NA GAEDHILGE.



Cé gur seanda an teanga í teanga na
Gaedhilge tá beodhacht agus glórmhaireacht
innte ná fuighbhtheá i dteanga an Bheurla
fé láthair. Deir an dream so dár muintir
a rugadh agus a tógad leis an mBeurla,
deir siad nach féidir le lucht labhartha na
Gaedhilge caint chruinn, ghonta, bhríoghmhar,
bhlasta a sníomhadh ar chúrsaí an lae andiu;
gur amalach agus gur ciotach an úirlis
cainte í do lucht léighinn agus ealadhan.
Admhuighim go mb' fhéidir ná fuil focail
eoluidheachta agus ealadhan saothruighthe san


L. 64


iomlán fós againn acht táimíd amach go
maith ar an mbóthar árd agus ní bhéimís
i bhfad ag teacht suas le teangthacha eile
'sa nídh seo féin. Cadé an iongnadh go
mbéimís roinn siar 'sa réim ar focail
dhá leithéid seo. Nach i rioth na haimsire
san naomhadh aois deug a deineadh an
saothrughadh mór so ar eoluidheacht, ealadhan,
agus ar chóracha oibre agus nach i rioth na
haimsire ceudna bhí an sluagh-mhallacht badh
mhó anuas 'sa mullach ar theanga na Gaedhilge.
Is ar éigin a scríobhadh aon Gaedhealg ar
feadh na haimsire sin agus cead a gcos
go lúbach leigthe ag na teangthacha a mbítear
dá cur i gcomórtas leo. Caithfimíd, gan
aon dabht, congnamh focal d'fhághail ó theang-
thacha eile acht ní gábhad dhúinn dul ar ár
nglúine ar fad chucha; táimíd dá sníomhadh
gach aon lá as ár n-abhar féin. Ní fhuil
aon eagla orainn in aon chor roimh aon
easnamh focal dá leithéidí seo.



Acht, inneosadh mé dhíbh, má 'seadh, cá
nár mhisde dhúinn scáth agus eagla agus
scannradh (dá ndeurfainn é) a bheith orainn
i dtaobh aithbheochain agus leathadh na Gaedhilge.
I ndul agus i sníomhadh na cainte tá an
contabhairt. Ní fhuil aon lá adeir an fear
eagair ná curtar ceisteanna mar seo air —
"Cadé an Ghaedhealg atá agat ar idea,
motives, constitutional, code of honour,
snob, agus rl., agus rl.?" Agus mar an bhfuil
an comhthrom focal go cruinn agus go beacht
i mbarr do ghuib agat deurfar gur comhartha
luigeacht é sin 'sa nGaedhilg. Tá a fhios
againn go léir gur féidir le cainteoir maith
Gaedhilge tabhairt amach agus trácht a dheunamh
go soiléir ar gach aon rud dá thagrann na
focail seo thuas agus ní hamháin na daoine
a fuair tabhairt suas agus léigheann 'sa
nGaedhilg acht na daoine ná fuair aon
tabhairt suas i nGaedhilg ná i mBeurla.
Sé rud a chuirfeadh iongantas ort acht an
deiseacht a bhíonn is na ráidhte aca agus
an cruinneas a bhíonn is na focail agus
insan chaint. Mar an bhfuil na scoláirí
agus na h-úghdair Gaedhilge sásta ar dul
siar go dtí an mbun san agus an Ghaedhealg
a shaothrughadh agus a thabhairt leo ón bpneumh
san beidh gan treabhadh aca. Caithfear
nádúir agus dul cainte a shaothrughadh. Ní
oireann nádúir agus dul na cainte Beurla
in aon chor dí nach an oiread gus a oireann
dul na cainte Gaedhilge don mBeurla.
Is mór ar fad an deifir atá eatorra san
imtheacht atá fútha. Ní bhíonn an oiread
san trioblóide in aon chor ag an mBeurlóir
a thugann fé an Fhrainncís, nó an Ghearmáinís,
nó an Iodáilis, nó an Spáinnis. Tá
cosamhlacht mhór i rioth na cainte is na
teangthacha so leis an mBeurla agus mar
sin ní bhíonn ag teastáil ón bhfoghluimtheoir
acht focail agus rud beag corr-cainte.
Agus sin é an áit a bhfuil an dearmhad ar
na daoine a théidheann in iomaidh leis an
nGaedhilg. Is dóigh leo gur cheart go
n-oirfeadh an imtheacht ceudna don nGaedhilg
agus nach gábhadh dhóibh a shaothrughadh acht an
bhreis focal. Ní fhuil aon rud is gránda
leis an té a thuigeann ceart agus cóir na
Gaedhilge ná caint Gaedhilge a aireachtain
ar imtheacht an Bheurla. Is beag des na
daoine atá ag scríobhadh na Gaedhilge ar
an lá andiu ná fuil an locht sin orra acht
na daoine a rugadh agus a tógadh leí agus
an-chuid díobh san féin tá siad ag leigint
don mBeurla a bheith ag brughadh isteach
orra go mór.



Más maith le duine an Ghaedhealg a thabhairt
leis go ceart caithfidh sé dul ar a ghlúine
go dtí an chainteoir a bhfuil an Ghaedhealg
ghlan aige.



Feuch ar seo anois. "Focla Beurla
chum a bheith aistrighthe isteach i nGaedhilg."
Imtheacht an Bheurla díreach atá ar an
gcaint sin. Bheadh a leithéid seo de dhuine
níos sásta le "Riaghalacha onóra" mar
Ghaedhealg ar "Code of Honour" ná dá
ndeurfainn-se gur "uaisleacht" an focal
a bhíonn againn ag tagairt don a leithéid.
Agus dheurfadh sé gur amalach an rud gur
inghean dearbhráthar nó inghean deirbhséar atá
againn ar "niece." Teastuigheann focal
ar "Constitutional uaidh agus fios aige
gur mó san brigh atá leis an bhfocal ceudna
sa mBeurla. Táthar ag leigint dos na
focail Bheurla teacht idir sinn agus an
Ghaedhealg i gcomhnuidhe. Caithfidh na daoine
seo iad féin a thógaint, idir corp agus
anam, amach as an mbeurla nuair a theas-
tuigheann uatha an Ghaedhealg a scríobhadh nó
a labhairt agus í a rioth 'sa mólda is dual
agus is dúthchais dí rioth. Gheobhaidh an té
a bhfuil an Gaedhealg go nádúrtha, cruinn
blasta, agus ó dhúthchas aige í shníomhadh
agus í chasadh go fíor — Ghaedhealach ar chúrsaí
saoighil an lae andiu (d'réir an eolais
atá aige ar na cúrsaí seo). Ní hiad na
focail ná an chirteacht cainte a theipfidh air.


L. 65


'Sé rud atá chum an Ghaedhealg a mhilleadh
acht an comhthrom focal so idir an dá theanga.
Cuirtear an Ghaedhealg ar a glúine i gcomhnuidhe
chum oireamhaint don mBeurla; agus caithfidh
an dúthchas atá innte féin dul in ainm an
diabhail. Ní fhuil aon ghothaí ag baint leis
an Ghaedhilg — fós ar aon chuma — agus tá
coinne agam ná beidh; acht, dar ndóigh,
beidh, má is iad lucht an mhór-Bheurla a bheidh
dá cuma agus dá casadh dhúinn.



Tá an Beurla caithte agus snoighte amach
go dtí an tsnáithín deirionnach; ní fhuil
aon úir-úireacht ná nuaidheacht cainte ann.
Ar Bheurla an Ameireacánaig atá sí ag
braith anois chum aon neamh-choithciantacht a
theasbáint. Na corr-cainte ba shaidhbhre agus
ba dheise bhí riamh 'sa mBeurla ní fhuil
ionnta acht mar a dheurfadh an Franncach
"clichés." Tá filí an Bheurla ar a
ndicheall d' iarraidh rannaidheacht nua a
cheapadh chum neamh-choitchiantacht éigin a
theasbáint leis na filí a ghaibh rompa. Ní
airightear sean-fhocail an Bheurla anois acht
ameasc foghluimhtheoirí agus lucht scoile.
Ní mar sin don Ghaedhilg; tá sí mar an
ithir úr neamh-shaorthuighthe ag fuireach le láimh
chliste an fhile agus an saer-teangan. Feuch
chomh deas agus chomh thaithineamhach gus a
chasann Seandúin caint choitchianta na
ndaoine chum saoghal agus beatha an lae
andiu a chuir ós ár gcomhair nó ar na sean-
sceulta mar "Aisling Mac Coinglinne"
atá aistrighthe ag an Athair Peadar Ó
Laoghaire.



In ainm Dé caithimís uainn an ghearrán
so ná fuighfear cúrsaí an lae andiu a
shníomhadh agus a chasadh go bog agus go taith-
ineamhach 'sa nGaedhilg. Acht aoinne a
dteastuigheann uaidh rud a scríobhadh 'sa
nGaedhilg a bhéidh deas agus taithineamhnach
caithfidh sé é féin a thomadh go mionn agus
go minic i dtobar na fíor-Ghaedhilge — an
chaint atá i mBeurla na gcainteoirí is
fearr 'sa nGaedhealtacht. Má théidhtear
ar a sheunadh san teipfidh orainn. I m'
thuairm-se tá aon fhear amháin des na
foghluimhtheoirí tá dá dheunamh san agus sé
an fear é acht Aodh de Blácam. Scríobhann
sé go taitheanamhach agus an chaint ag rioth
i mólda na bhfíor-chainteoirí Gaedhilge.
Fágann sé an Beurla leath is amuigh den
tairsing nuair a scríobhann sé an Ghaedhealg;
agus sin mar is ceart d'aoinne atá ag
tabhairt fé sgríobhadh na Gaedhilge.



TADHG GAEDHEALACH.



D'ÁR gCÁIRDE.



Nodlaig fíor-Ghaedhealach ceart-sgléipeach
d'ár gcáirde,
Nodlaig a traochfaidh easaontas as gráin dubh,
Nodlaig bhreágh naomhtha ó Aon-Mhac na Páise.
Nodlaig fé ghéilleadh do Naomh Mhuire
Mháthair,
Nodlaig fé shuairceas gan duairceas ár
nguidhe dhíbh,
Nodlaig gan tuairisg ar buaidhreamh an
chroidhe díbh,
Nodlaig gan gruaim as gan cruadhtan gan
díth díbh.
Nodlaig gan duagh dhíbh ach suaimhneas as
aoibhneas,
Nodlaig mhéith brothallach bholgach theann dhíbh,
Nodlaig gan doicheall, gan dochair gan
clampar,
Nodlaig a loisgfidh le deochanna bhur
ndranndail.



Nodlaig a theannfaidh libh anairthe an
ghanndail,
Nodlaig mhaith fhearamhail fhlathamhail fhial díbh,
Nodlaig mhór fhairsing a smearfaidh gach giall
díbh,
Nodlaig gan fearg gan arg ó dhia dibh.
Nodlaig a sgarfaidh le cathanna an diabhail
sibh,
Nodlaig na nGaodhal dibh, sin sgléip agus
rinnce,
Nodlaig breágh aereach ar éadromacht croidhe
díbh,
Nodlaig a séidfidh gach créim-chnead le
gaoith díbh,
Nodlaig mhór-bhléineach lán-éileach sámh
shiochach díbh,
Nodlaig "na Sguaibe" díbh, suairc-cleasa 's
áthas
Nodlaig gan tuairisg ar dhuairceas ná'r
ghádhtar
Nodlaig bhog-dhuanmhar fhios-shuanmhar neamh-
spléadhach díbh
Nodlaig a ruaigfidh le suairceas gach crádh
dhíbh.



MÍCHEÁL BREATHNACH.



(Bhí "Sguab" mí na Nodlag fé chló cheana nuair a
shrois an píosa so sinn. Tá aimsir na Nodlag ann
fós agus níl sé chomh mí-oireamhnach san don uimhir
seo. Is fear déidheannach ná ro-déidheannach. F. E.)


L. 66


IASGAIRÍ.



Leath-chéad slat de chiumhais báin ar an
bhfairrge agus an chiumhais sin dhá suathadh
síos is aníos, amach is isteach arís in aghaidh
na gcarraig. Taobh thiar de'n chiumhais cumhair
sin tá na hárdtuinn dá mbriseadh ag na
dubh-charraigreachaibh faoi'n taoille agus iad
go garbh-ghlórach "ag teacht go tologach
torannach trom." Níl aon bheithidheach a
chuireans as gáir chó garbh ná chó hárd leis
an ollgháir garbh fadghlórach a chuireans an
fhairrge chugainn. An tóirneach mhór an t-aon
torann nádúrdha a sháruigheans garbh-ghlór na
mara ar an tráigh. Taobh thiar de'n chiumhais
báin agus de na tonntrachaibh árda agus
de'n tormán mór atá an stoirm — nuair
a thagans meisge ar na gaothaibh an t-am
a n-éirigheann eatortha amuich i lár na
haigéine, sin í an uair a ropann siad rómpa
go dtéighid i dteangbháil leis an bhfairrge
agus go gcuirid umhan agus uafás ar mín-
chlár na mara. Rud ciúin mín 'seadh an
fhairrge go gcuirtear uirthi. Nuair cuirtear
uirthi go teann is go dian tagann critheagla
uirthi agus umhan agus téigheann sí thar
comhraidheacht ar fad. Is mian léithe an
uair sin imtheacht dá leabaidh agus dul
ar ais nó ar éigin thar druim na talmhan,
bíonn an stoirm taobh thiar dí ghá díbirt
agus buaileann sí ina tonntrachaibh ar aill,
ar charraig, is ar thráigh, nó go mbreistar
agus go gcaithtear a neart. I lár na
stoirme sin a bhrostuigheann na tuinn chun
buile bíonn na hiasgairí ar snámh agus
iad ag árdú agus ag ísliú le suathadh an
uisge gan beann aca ar na gaothaibh. Bíonn
na cánóga agus na crosáin annsin amuich,
bíonn na héanacha aille ann agus na lachain
mhara, na gainéid agus na géabhaí fairrge,
agus na hiasgairí dána uile nach dtaithigheann
an trágh. Má théighir ar thuras luinge
chídhfir na sguainte éan amuich abhfad ó
thalamhain agus tógfaidh tú faoi deara nach
n-éirighid de'n uisge in anfa gaoithe. Is
amuich san bhfairrge sgathamh fada ó'n tráigh
is mó a lorgann na hiasgairí seo an t-iasg.



Bhíodh sé ina sgéal fadó go ngoradh an
t-iasgaire cóirneach ar an muir agus go
mbíodh an mhuir ina clár mhín chiúin feadh
ama an ghuir. Ní raibh ann ach sgéal gan
ughdar. Ní ghorann éan ar bith ar uisge.
Is éigin do na héanachaibh is fiadháine teacht
i dtír le haghaidh guir. Sin é is dlighe
dóibh agus muna mbéadh an dlighe is beag
eolas a bhéadh againn ar chánógaibh ná ar
chrosánaibh, ná ar na héanachaibh a thaithigheann
an tréan-fhairrge. Taithnigheann comhluadar
a chéile leo agus tagaid i dtír ina míltíbh
san earrach san áit is rógha leo mar neadlann.



Éan fairrge atá go hait is go háluinn
'seadh an chanóg. Is minic a tháinig páiste
gléigeal as bothán súghaidh. Is as poll
talmhan aníos a thagans an gearrcach álainn
cánóige. Ní dóigh liom go bhfuil éan ar
bith de na héanachaibh fairrge chó dathamhail
leis. Stumpa éin 'seadh an chánóg, ruball
gearr, cosa gearra agus sgiatháin ghearra
air, agus gob gearr ach é láidir acfuinneach
agus daithte. An druim, na sgiatháin agus
an bhaithis dubh. An brollach, an bolg agus
an dá leithcheann bán. Fásann dhá shliogán
daithte ar uachtar agus íochtar an ghuib.
Sgoitheann an t-éan na sliogáin sin an ghuib
san ngeimhreadh, ach fásaid arís san earrach.
Bíonn na sliogháin daithte ar na cánógaibh
óga ar theacht san bhfairrge dóibh.



Dálta mar ghníons an gainéad, an gearra
úisg, agus cuid eile de na lachadóiríbh, ní
leagann an chánóg cos ar aill ná carraig,
ná talmhain taobh amuich de'n neadlainn.
Tá áiteanna timcheall ar chóstaibh Éireann
ina ngorann sí. Ar na háiteachaibh seo
tá Reachra Breagh, in aice le Binn Éadair,
na hOileáin Sáile, na Blascaoid, An Tarbh,
Oileán na gCánóg, Ailltreacha an Mhóthair,
Oileáin Árann, cóstaí thuaidh Mhuigheo, Tórach,
Corrán Binne agus Oileán Rachlann. Is
cosúil nach maith leis na héanachaibh fairrge
an cineadh daonna agus go bhfuil sgáth ortha
rómhainn. Nuair a thagans siad idtír toghaid
dóibh féin na háiteanna is uaignighe agus is
fiadháine dár chruthaigh Dia, agus ní thaithighid
aon áitreabh daonna. Tá éadan an Chorráin
Bhinne cúig céad troigh ar áirde agus
deirtear gurb é sin an t-áitreabh cánóg
is mó in Éirinn.



Is andeas chugainn a thugans na cánóga
san earrach. Neadann éanacha imirche san
taobh ó thuaidh dá réagún agus imthighid ó
dheas le haghaidh an gheimhridh. Ní feasach
dúinn díreach cá gcaitheann canóga an
geimhreadh ach is fíor go mbíonn corr-cheann
aca san bhfairrge in aice linn mar go gcaith-
tear isteach leis an stoirm iad. Ní


L. 67


feicthear na sgatghaile ag eiteall chugainn
go dtí tar éis Lá Fhéile Pádhraic. Ní
thagaid i dtír an chéad lá ach le cuairt a
thabhairt ar an neadlainn, agus imthighid arís
go fairrge an lá céadna. Ní chaithid oidhche
ar tír go dtí go dtosuighid ar neadú tar
éis Lá Bealtaine. Taithighid an neadlann
chéadna ó bhliain go bliain agus is iondual
go bhfillid andeas ar an lá cheadna de'n
earrach.



An t-éan aille agus an crosán ní dhéanaid
nead, ach gorann ar an gcarraig loim.
Ní réidhtigheann an charraig lom leis an
gcánóig. Ní hamhlaidh a ghníons sí nead
mar ghníons éanacha coille agus éanacha
riasgaigh, ach tá dúil aice san bhfasgadh.
Ní shásóchadh ionad ar uachtar talmhan í agus
is gnáthach léi the poll trí troighthe domhann
a dhéanamh in éadan nó ar bharr aille go
leagann an t-ubh in íochtar an phuill agus
go ndéanann gor air. Má fhághann sí
áitreabh coiníní in aice na haille cuirfidh
sí coinín as a pholl agus cuirfidh sí féin
fúithe ann.



Aon ubh amháin a bheireann cánóg go ndéanann
gor air, agus deirtear nach ndéanann sí
gor ach uair san mbliain. Fágann soin
go mbíonn sí taobh le aon ghearrach amháin
mar ál. Ní thagann an chánóg óg aníos
as an bpoll go dtí go mbíonn clúmh agus
cleiteacha air. Tráth a thárla dom bheith
ag bádóireacht faoi bhun aille tháinigheas
ar sguan cánóg óg. Bhí an snámh go maith
aca ach ní rabhadar go láidir ar sgiathán,
agus ní raibh gar aca bheith chó mór leis na
sean-éanachaibh. Nuair a theannaigh an bád
leo is amhlaidh a ritheadar ar bharr an uisge
agus d'oibrigheadar cos agus sgiathán in
éindigh. D'árduigh cuid aca ar sgiathán ach
thuiteadar go luath arís san uisge. Thomaigh
cuid eile aca agus tháinigheadar aníos arís
gan ro-mhoill. Ba ghleoidhte an taisbeántas
éan iad le n-a mbrollachaibh bána agus le
n-a ngobaibh ioldaithte.



Muna dtagann an chánóg óg as an bpoll
guir go mbíonn neart ann tá réasún leis
an moill. Sanntuigheann an seabhac seilge
feoil na cánóige óige agus tóruigheann sé
na gearrcaigh go dian ar na hailltreachaibh.
Sgiobann sé leis na cinn bhoga má fhághann
sé faill ortha. De réir mar thagans neart
ins na cinn óga tugann sean agus óg aghaidh
ar an bhfairrge. Ní mórán nirt a bhíonn ins
na gearrcaigh tar éis teacht as an bpoll
guir dóibh agus is amhlaidh a thuiteann go
leor aca anuas le caitheamh na haille isteach
san bhfairrge. Téidheann cuid aca i
dteannta i gcuasánaibh na gcarraig agus
fágtar san sáinn iad go dtagann an seabhac
seilge ortha. Ní'l éan ar bith is dílse
dá gearrcach ná an chánóg. Má ionnsuighthear
í seasann sí fód agus tugann sí aghaidh ar
an námhaid. Ní imthigheann sí as an nead
roimh duine ná madadh agus tugann a hanam
go minic ar son na hóige. An imirce an
t-aon rud amháin a chuireans isteach ar an
dílse sin na cánóige. Ní ar an lá céadna
a thosuigheans na cánóga uile an gor. Tos-
uigheann cuid aca i dtús an Bhealtaine agus
bíonn cuid aca ar gor i mí Iúil. Bíonn
tráth ann nuair is éigin d'éanachaibh imirce
imtheacht thar sáile. Bíonn an imirce ar
siubhal ar feadh sgathaimh ach tagann an lá
deireannach agus is eol do gach cánóg an
lá soin, amhail is dá mbadh é Lá an Luain
a bhéadh ann. Tagann lá deireannach na
himirce — imirce na gcánóg — roimh Lá Fhéile
Muire i lár Lughnasa i gcomhnaidhe, agus
an chánóg is dílse ar bith ní fhanfadh sí tar
éis an lae sin. An méad aca a bhíonn mall
leis an ngor tréigeann siad na gearrcaigh
nach mbíonn clúmh agus cleiteacha ortha agus
neart ionnta chun na fairrge. An méad
gearrcach a tréigthear is leis an seabhac
seilge iad.



Ní ar sgiathán a imthigheans na cánóga
uainn ach ar snámh agus ní feasach dúinn
go n-árduigheann siad ar sgiathán ar an
turas ó dheas dóibh. Laige na gceann n-óg
is cionntach leis seo, is dócha, agus ní hé
laige na sean-éan i mar is éan láidir mear
an tsean-chánóg san aér. B'ait leat na
sguainte éan d'fheiceál ag dul ó dheas dóibh
thar oileánaibh iarthair Éireann i lár mí
lughnasa agus na mílte aca ag snámh le chéile
ar ucht na mara. B'áilne ná sin arís na
sgatghaile ag teacht andeas ar sgiathán
tar éis lá Fhéile Pádhraic san earrach.



Lachadóir (tomaire) cumasach atá san
gcánóig agus maireann ar iasg. An gob
láidir atá aice cuireann sé ar a cumas
iasg chó mór le sgadán a mharbhú gan strómh,
ach is ar mhin-éisg is mó a thagann cánóga
suas. Connacthas sean-chánóg go minic ag
teacht go dtí an nead agus oiread agus
sé bhric bheaga ina gob le haghaidh an ghearrcaigh.
Ní thugann sí an t-iasg, ámh, do'n éan óg na
chéad laetheannta. Biadh ró-láidir 'seadh é.


L. 68


Is amhlaidh a shlogann an sean-éan an t-iasg
ina hiogán go mbíonn sé leath-leághaite agus
is leis sin a beathuighthear an gearrcach
cánóige go dtagann neart ann.



TADHG Ó CEALLAIGH.



BEATHA TEANGAIN A LABHAIRT.



Deireann na daoine so leanas go bhfuilid toiltheannach
a's lán-tsásta a gcuid gnótha do dheunamh i nGaedhilg
le haon duine a thiocfadh chucha nó a sgríobhfadh chucha.



Máire Ní Raghallaigh, Leabhair Ghaedhilge, 87 Sráid na
Driseóige, Baile Átha Cliath.



Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teor, 89 Sráid an
Tálbóidigh, Baile Átha Cliath.



Cló-Chomhlucht an Tálbóidigh, Teor, 85 Sráid an
Tálbóidigh, Baile Átha Cliath.



Tomás Mac Mathghamhna, Ceannaidhe, An Sgairbh, Co.
an Chláir.



Domhnall Ó Conchobhair, Cúntaisidhe, 13 Sráid an Fheis-
tighe, Baile Átha Cliath.



Ághaistín Ó hAodha, Táilliúr, 16 Sráid an Húmaigh,
Baile Átha Cliath.



J. L. Stewart, Siopa Choracha Oifige, 4 Faithche an
Choláiste, Baile Átha Cliath.



Muintir an Ráithín, Gáirdíní Oileamhna Crainn, Tuaim-
gréine, Co. An Chláir.



Siopa na Leabhar nGaedhealach, 45 Sráid Dáson, Baile
Átha Cliath.



H. Ridgeway (aon duine amháin), Bearrbóir, 22 Sráid
an Fheistighe, Baile Átha Cliath.



Bannc na Talmhan, Faithche an Choláiste, Baile Átha
Cliath.



Muintir Pléimeann, Gualadóirí, 9 Sráid Fheardorcha,
Thuaidh, Baile Átha Cliath.



An Siopa Gaolach (Fountain Book Shop), An Parád
Mór, i gCorcaigh.



Muintir Jules (aon duine amháin: Tomás Ó Catháin),
coiffeurs de dames, 26 Faithche, Stiobhna, Thuaidh,
Áth Cliath.



Pádraig Ó Bodhléir, Táilliúr, 2 cé Urmhumhan, Loch.
Ó Raogáin agus a Chomh., Teo., Grósaeracht, 54 Sráid
Dáson, Áth Cliath.



Irish Manufacture Depot, 18 King Street, Béil
Féirsde.



S. Ó Gruagáin, Fuinteóracht, agus c, agus leabhar Gaedhilge,
23 an t-Sráid Mhór, Biorra.



Bríghid ní Aonghusa, Sráid na Feise, i gCiáll Coinnigh.



Liam Ó Cionnaith, Cúntasaidhe, 9 Sr. Uí Chonaill Ioch.,
Baile Átha Cliath.



Ba maith linn a thuille ainmeacha d'fhagháilt le haghaidh
an liosta so.



TARRACHÓRACHT.



FÍOR AGUS CAM.



Chan fhuil mórán de thréithe an tarrachtóra
ionaim acht tá beagán eolais agam ar an
tarrachtóracht agus spéis mhór agam ann.
Is aoibhinn liom bheith ag féachaint ar phictiur
dheas — bíodh sé de shaothar tarrachtórachta
"dubh agus bán" no de dhathadóracht no de
shaothar an chamera. Agus ag féachaint ar an
maisiú a bhíos de ghnathach ar na leabhraí agus
ar na páipéirí a cuirtear amach i nÉirinn
cuirim an cheist orm féin — an bhfuil aon
ealadhain tarrachtórachta dubh agus bán againn?
Is beag páipéar nuaidheachta ann ar an
aimsir seo nach mbíonn iarracht éigin ann
ar phictiuirí de'n chineal sin. Agus ins
na h-Irisibh a thig os ár gcomhair gach mí
bíonn siad go fairsing. Ar an pháipéar
chionn seachtmhaine cha bhíonn sgéal ann nach
mbíonn "maisighthe" leis na h-iarrachtaí
ceudna



Acht is ins na leabhraí is mo tchí tú an
"maisiú maiseamhail" seo — agus na leabhraí
Gaedhilge go h-áirighthe. Cuid mhór de luach
leabhair anois an maisiú.



Tá beart leabhar le mo láimh anois agus
féadaim a rádh nach bhfuil aon phictiur amháin
d'á bhfuil ionnta uiligh nach bhfuil locht éigin
air. Tá cuid aca go measardha agus an
chuid eile — an chuid is mó aca — go dona.
Tá cor-chionn chomh h-uabhthasach sin go mbainfeadh
duine greann mór as bheith ag féachaint air.



Na cinn atá go measardha 'siad na
pictiuirí iad ná píosa radhairc no cuid
ainmhidhthe. Nuair a théidheann an tarrachtóir
i gcionn pictiuir de dhaoiní a dheanamh ghnidh
sé an donas ar fad de.



Somplaí.



Féach ar leathanach a 24 agus a 25 de
"Beidh Rinnce Againn." Feach cosa an
fhir atá ann. Tá a dhá chois díreach 's mar
bheadh sé ag tomhaisiú píosa talaimh d'réir
troighthe. Tá an dá chois sin aige in a líne
dhíreach indéidh a chéile. Agus na bróga:
tá an bhróg chlé ar an chois dheis agus an
bhróg dheas ar an chois chlé. É sin no tá
dhá bhróig dheasa air.



An t-sean-bhean mar a gceudna. Féach
ar a cosa!


L. 69


"An modh díreach" — leis an Doctuir
Mac Enrí. Ar leathanach a 43 tá pictiuir
de cheardchainn ann. Tá an gabha ag séideadh
na mbuilg agus ag amharc ar iarann atá
sa teinidh aige. Acht d'réir mar tá na
cosa ar an talamh aige tá sé, ar a laighead,
trí no ceithre slata o'n teallach — an áit in
a bhfuil an teine. Bheadh fhios ag an ghasur
is óige a rabh spéis sa tarrachóracht aige
go rabh an pictiuir sin as órdú.



"Sochar agus Dochar" — tá pictiuir sa
leabhar seo ar leathanach a 31 agus chan adhbhar
grinn go dtí é. Ní'l cuma nádúrach ar
dhuine amháin d'á bhfuil ann. Tá na bróga
ar seoid 's ar seachrán ar na cosaibh. Tá
cuma ar lucht éisteachta an cheoil ag an
fhidileóir 's mar bheadh siad in a gcodladh.
Tá greim ag fear amháin ar a phíopha agus
shaoilfeá gur lámhchrainn spáid a bhí in a
ghlaic aige.



Tá an fidileóir bocht fhéin ag déanamh
míorbhailtí 'bheith ag seinnim agus an riocht
in ar cuireadh é. Agus tá sáil ar bhróig
leis atá níos aoirde agus níos galánta
na tchífea ar duine de na mnáibh daithte
a casfaidhe ort ar shráid Ghrafton.



"An Leabhar Beag Cainnte" — tá pictiuir
beag san leabhar seo: fear agus capall
's trucaill. Anois, tá 'fhios ag an duine
is ainbhfiosaigh ar pictiuirí go mbíonn cosa
beithigh agus dhá roithneal na trucaille ar an
chothromacht cheudna le chéile fhaid 's bhíos
chosa an chapaill ar an talamh. D'réir mar
tá annseo tá an dá roithneal troigh no mar
sin san aer ó'n talamh ar fad. É sin
no tá cosa an chapaill troigh thios indoimhneacht
sa talamh. Tá pictiuir eile in aice leis
seo agus mura b'eadh go bhfuil na focla
"cat mór bán" faoi ní bheadh 'fhios ag duine
ná daondha ce'n seort péiste no ainmhidhe
tá ann.



Ar na páipéirí.



Tá tarrachtóir go bhfuil rian a láimhe
ar pháipéiribh nuaidheachta le cupla scór
bliadhain agus d'aithneochtha an ghnúis ceudna
ar gach fear agus bean dhá ndeanann sé a
tharrach. Cuireann sé an ghnúis 's an aghaidh
ghruamdhach cheudna ar pháisde 's ar shean-
duine.



Agus nuair a ghní sé Supplement na
Nodlag 'sé an t-adhbhar gháiridh ar fad é.



San pháipéar cionn seachtmhaine tchí tú
an smig ceudna, an t-sróin cheúdna, an
t-eudán cheudna agus an ghnúis cheudna ar
Shasanaigh 's ar Phunncanaigh 's chonnaic tú
an t-seachtmhain roimhe sin ar an Éireannach.



Féach ar an pháipéar grinn sin a cuirtear
amach i mB'l'. Ath Cliath gach mí agus gidh
go bhfuil na pictiuirí go measardha maith
tá locht ar beagnach gach pictiuir aca. Ar
chlumhdach uimhir na Samhna de tchí tú beirt
fhear. Anois, tá cuma maith go leor ortha
go n-amharcann tú ar na bróga. Féach féin
ortha — agus féach a bhfuil ráidthe agam thuas
mar gheall ar na bróga.



Bíonn tarrachóracht measardha maith san
pháipéar seo gach mí, acht cuir i gcomórtas
é leis an tarrachóracht a bhíos ins na páipéirí
mar sin a thig chugainn anall as Sasain
gach seachtmhain agus gach mí.



Tchífea an difridheacht mhór ar an chead
amharc. Iarracht an ghasuir le taobh saothair
an fhir críochnuighthe.



Tá duine amháin go mbíonn a ainm faoi
phictiuir de'n chineal seo ar na h-Irise
againn ó am go h-am agus is aige-sean
amháin bhíonn an slacht nádurach ar a chuid
saothair — fear darbh ainm Moncs. Air-sean
amháin bhearfa tarrachtóir a rabh eolais a
chéirde aige.



Ní'l fhios agam an Gaedheal é no gall.
Ghní "Séamus" pictiuirí go mbíonn lorg
láimhe an tarrachtóra ortha acht pictiuirí
mió-chumtha 'seadh iad agus chan d'réir nádúra.



An lámh nach maireann.



Chan fhaca mé pictiuirí tarrachta ar leabhar
no ar pháipéar a thaithin liom chomh maith leis
na cinn a ghníodh Seoirse ua Fágain. San
t-sean- "Irisleabhar na Gaedhilge" bhíodh cor-
chionn le feiceal. Agus ins na leabhrainí
úd a chuir "Connradh na Gaedhilge" amach
bliadhantaí ó shoin .i. "An chead leabhar"
"an dara leabhar" — agus iad sin. Féach
ar "an treas leabhar" dóbhtha sin na
pictiuirí ar an Earrach, ar an Samhradh,
an Foghmhar 's an Geimhreadh. Féach san
leabhar úd "Stair-Cheachta." 'Bhfuil aon
phictiuirí mar iad sin le feiceal anois
ag tarrachtóírí na h-aimsire seo? Féach
ar an phictiuir de "Phádraig agus bain-
ríoghain Laoghaire," cuir i gcomórtas é sin
le pictiuir ar bith d'a bhfuil i leabhar Gaedhilge
no ar pháipéar nuaidheachta no ar Iris na
h-aimsire seo!


L. 70


Lámh an amhrais.



Is dóigh liom go bhfuil easbhaidh mhór
orainn sa chéird seo in Éirinn — agus is
mór an truaigh é. 'Bhfuil ealadhain na
tarrachórachta caillte againn? Mura bhfuil
cá bhfuil sí le fagháil? Ba dhóigh le duine
nach rabh ins na tarrachtóirí céirdeamhala
a mhaisigheas na páipéirí agus na leabhraí
dhuinn acht gasuirí agus cailíní a ghníos
an obair mar chaitheamh aimsire dóbhtha féin.
Díreach mar dheanfadh buachaill óg a gheobhadh
camera nua a' chead uair agus gur maith leis
bheith ag fiachaint le gach saghas adhbhar pictiuire
— agus le pleisiur a thabhairt dó fhéin agus
d'a cháirdí óga.



Ní'l an crot críochnuighthe sin ortha a bhíos
aon obair eile a dhéantar d'réir céirde.



Cha bhíonn an dul ceart no an héidh-lámhacht
le feiceal ionnta ba chóir fheiceal ar obair
chéirdeamhail. Cha bhíonn an bhrigh sin no
an t-soiléireacht sin ionnta a thiubharas beodhas
do phictiuir; agus cha bhíonn an chuma nádúrach
sin ortha a thaisbeanas lutharacht gnímh no
oibriú na ngéag go fírinneach.



Bíonn crot na láimhe amhrasaighe ortha —
díreach 's mar bheadh an inntin a stiuirigh
an lámh i gcomhnaidhe ag fiachaint caidé
mar "thiocfadh sé amach" sa deireadh.
Deirfea nach rabh aon chinnteacht ag an
tarrachtóir ar an saghas deilbhe bheadh aige
no go rabh an stríoc deireannach curtha
isteach aige.



A Feabhasú.



B'fhéidir go n-abróchaidhe liom gur fearr
oireanns pictiuirí mío-chumtha do na daoiní
óga, acht iad bheith go mór 's go soiléir.
An t-soiléireacht cinnte, acht an neimh-
fhírinneacht -! Sin an díoghbháil mhór.



Is minic go ndéanann páisde go mbíonn
tréithe na tarrachórachta ann — agus fonn agus
dúil mhór aige san ealadhain — go ndéanann
sé iarracht ar na pictiuirí a bhíos san leabhar
aige a tharrach dó féin. Agus is minic
a dheanann gasur beag no cailín beag iarracht
an-mhaith. Má dhéanann siad mac-a-samhailt
a mbíonn i gcuid de na leabhraí! Nach
mór an éagcóir a bhéas déanta! Gasur
beag, b'fhéadtaidhe, a mbeadh 'na tharrachtóir
chliumhail lá éigin acht a b'é no somplaí
mío-chumtha cama a dtearn sé aithris ortha.



Tá féidhim mhór ar scoil tarrachtórachta
no línteórachta in Éirinn. Sgoil in a mbeadh
ceartú le taisbeaint ar lochta a bhfuil
de'n ealadhain ann cheana féin agus in a
gcuirfidhe ar an bhealach cheart — faoi stiuriú
tarrachtóra ealadhanta a mbéadh eolas na
céirde go h-iomlán aige — daoiní óga a mbeadh
a ndúil ann.



B'é an chaill mhór d'Éirinn gur rug an
bás ar Sheoirse ua Fágáin comh h-óg — ar
dheis Dé go rabh sé. Dá maireadh sé go dtí
anois bheadh leabhrí maisighthe againn a
chuirfeadh aoibhneas orainn n-ionad ghráin agus
déistin. Ní mhaireann. Maireann lorg na
láimhe acht ní mhaireann an lámh a línigh. Acht
caithfear rud éigin a dhéanamh feasta chun
daoiní mar é 'bheith ag maisiú páipéar agus
leabhar dúinn. "CÚ CHULAINN."



AR MO THIMTHIREACHT DOM



II.



Bhí cuid aca fealltach má iseadh agus
b'fhearr leo go bhfanfadh lucht na Gaedhilge
seacht gcuid amach uatha. "An amhlaidh,"
arsa duine aca liom, lá "an amhlaidh
bheifeá-sa d'iarraidh an nídh a chaitheas-sa
dá fhichead bliadhain dá dhíbirt amach as
an bparóiste seo, an amhlaidh bheifeá-sa
d'iarraidh é chasadh arís ar na daoine bochta?"
Bhíodh fuirm againn chum fios d'fhagháil ag
na scoileanna dé mhéid de na leanbhaí bheadh
ábalt ar an Ghaedhilg a labhairt nó a thuigsin.
Theastuigheadh ó chuid aca is na ceanntair
Ghaedhealach nó leath-Ghaedhealach a chuir i n-a
luighe ort ná bíodh aon tuigsin in aon chor
ag na leanbhaí 'sa nGaedhilg. Chuaidh mé
isteach go dtí scoil lá agus tharraing mé
chugam an fhuirm seo. Dubhairt an mhaighis-
treás ná raibh aon Ghaedhealg ag aoinne
'sa scoil sin. Bhí sórt amhras agam nárbh'
fhíor é. D'innis mé scéilín beag greannmhar
dóibh i nGaedhilg agus mar ar gháireadar
ní lá fós é. Níor thuig an mhaighistreás
féin aon fhocal Gaedhilge agus sin é mar
ba mheasa agus an greann a bhain na leanbhaí
as. Tá an Ghaedhealg ag baint fáisc as
na h-aedheanna ag cuid aca súd anois.
Níor chreidheadar riamh go mbeurfadh an
daoirseacht ar an saoirseacht aca.



Ní fhuil paróiste ná scoil ar fúd Dúthaigh
Déiseach nár fhiosruigh mé. Is mo bealach
fliuch, salach agus bóithrín cam a shiubhal agus
d' aith-shiubhal mé idir samhradh agus geimhreadh.
Is minic a bhí mo chroidhe go h-íseal, tréith
agus mo mhisneach imthighthe uaim nuair a
chínn an oiread sin caol agus cumhang romham.


L. 71


Ní bhíodh aon dóchas againn as aon rud acht
go mb'fhéidir go bhfuighfidhe an Home Rule
lá éigin. Bhí an chuid is mó de mhuintir
Chonnradh na Gaedhilge sásta le glacadh leis
an "Council Bill" mar go raibh sábháil
na Gaedhilge ann.



Is beag agus is ró-bheag an toradh bhí de
bharr ár gcuid oibre — aon rud acht gur
chothuigheadh an Conradh le Craobhacha, gur
coiméadadh an sceul ós comhair na ndaoine
agus gur bailigheadh rud beag airgid. Bhíodh
an focal maith ag an-chuid daoine dhúinn
acht shíl urmhór gur mór an díth-chéille a
bhí orainn.



I bhfochair dúil agus sainnt a chuir is na
daoine chum na Gaedhilge d'fhoghluim bhímís
d'iarraidh an sprid náisiúnta a chorruighe
ionnta. Bhímís d'iarraidh an dith-céille bhí
in ár ndaoine a theasbáint dóibh — go mbídís
ag ceannach earraidhe gallda agus ag cur
deuntús a muintire féin i leath-taoibh uatha.
Ba dheacair a chuir i dtuigsin dóibh an feall
bhíodar ag imirt orra féin.



Saoghal cruaidh casta bhíodh ag na timthirí
an uair sin. Bhíodh an caol agus an cúmhang
agus an cam rompa agus níor mhór dóibh
ciall agus tuigsin agus éirim a bheith aca
chum a mbearta a thabhairt leo ó gach aoinne
agus mar sin féin maith bheag éigin a dheunamh
maireach an dóchas agus an mhuinghin a bhí
aca as chirteacht an scéil chaithfidís uatha
é in ainm na pláige. Is minic a théidhinn
féin in eudóchas nuair a bhínn ag pléidhe na
ceiste liom féin ag imtheacht an bóthar dom.
Bhí an-chuid de Dhúthaigh Déiseach fíor Ghaedhealach
an uair sin. Bhí píosa tíre ó Dhúngarbhán
go hEochaill cois farraige agus ocht nó
naoi mílte ar leithead agus is ar éigin a bhí
fear, bean, ná páiste ann gan an Ghaedhealg
a bheith aca 'sa límistéireacht sin. Badh
mhór an t-árdach-cróide agus meudughadh
meanmann don te a bheadh ag aith-bheochain
na Gaedhilge é sin acht ní i n-a measc súd
d'fhágtaí é. Is é rud a bhí ón gConnradh
acht an "ghluaiseacht" a bheith ar siubhal
in gach aon áit chum go mbaileofaí airgead
agus cumh go láidreofaí cumhacht na "gluais-
eachta" sin. Gidheadh ná raibh aon phoilitidheacht
ag baint leis an gConnradh bhíodh gach aon
dream poilitidheachta d'iarraidh a tharraingt
féin a bhaint asainn. Muintir Sinn Féin
an dream ba dhílse agus ba fhirinnidhe linn.
Dheireadh an dream eile poilitidheachta go
raibh an iomarca greim ag Sinn Féin orainn
agus ní bheadh aon mhaith a bheith d'iarraidh a
chur i n-a luighe orra go mbíodh lucht leanamhna
Sinn Féin ag foghluim na Gaedhilge nuair
a bhídís féin ag gáirsceamhalacht Bheurla.
Bhí an-chuid de na sagairt ag baint leis
an sean-dhream poilitidheachta agus mar sin
bhí fuath aca don Chonnradh. Dá bhfuigheadh
an sean-dhream poilitidheachta greim ar an
gConnradh ní bheadh ann acht gaoth agus caint —
agus an chaint sin go léir 'sa mBeurla.
Bhí misneach ag muintir Sinn Féin agus bhí
deunamh an ghnímh in a fhochair sin ionnta.



Agus gídheadh go raibh an oiread sin daoine
i nDúthaigh Déiseach an uair sin agus gurbh'
í an Ghaedhealg an teanga ba so-lámhaighe
leo ní raibh an eaglais ag tabhairt teagosca
ar pháidir ná ar chré ná ar ghrásta Dé dhóibh sa
teangain ba sho-labharthaighe leis na daoine.
Tá an sceul ceudna fós aca agus atá sagairt
óga ag fághailt éide Chríost gach aon bhliadhain
i nDúthaig Déiseach agus gan focal den
Ghaedhilg sin in a bpluc ná aon dúil aca
innte. Tá sagairt fé láthair ag fritheálamh
Creidimh do Ghaedhilgeoirí bochta na Rinne
agus gan ionnta aon sólás spriodálta a
thabhairt dos na daoine sin insan teangain
is taitheach leo. Cabhair Dé chugainn!
Tá sé go geur in easnamh orainn. Tá na
daoine bochta go maith agus go Críostamhail
acht gach aon rud a bheith ag imtheacht ar
tuathal orra.



Ba mhór ar fad an croidhe agus an misneach
a thugadh sé dhúinn dul i measc an tsean-
dhream a raibh an Ghaedhealg go fairsing
agus go nádúrtha aca. Thógfadh sé do
chroidhe a bheith ag éisteacht leo ag seanchus
ar aon rud a bhain len-a ngnó saoghalta
nó spriodálta. Bhí caint éifeachtamhail,
éirimeamhail, fáidheamhail, glic in gach aon
phioc dá gcaint agus dá ráidhte, gan aon
ghligínteacht ná sgithireacht, gan aon easnamh
focal ná baothaireacht acht gach aon rud
go bog breaghdha nádúrtha ceolmhar, binn-
ghlórach. Mo chreach chráidhte agus mo chúmha
le m' shaoghal gligínteacht lucht leath-léigheann
'sa mBeurla a chuir i gcomhad i bhfad leis
sin. An chaoileacht agus an ghéireacht agus
an sprionnlathacht bhí ag baint len-a gcaint
so i gcomparáid leo súd — na gothaí a chaithidís
a chuir ar a mbeul agus ar a dteangain
chum blas agus gothaí an Bheurla a thabhairt
leo. Gach aon rud chomh bog breaghdha agus
chomh nádúrtha ag an bhfear bocht gan aon
tabhairt suas mar b'eadh agus an glór agus


L. 72


an blas mí-nádúrtha ag fear an léighinn
(slán an tsamhailt é!)



An airigheann sibh libh mé a lucht léighte
"An Sguab" mar an dtabharfaimíd-ne linn
i bhfochair na Gaedhilge an bhuigeacht agus
an bhinneacht agus an bhlastacht a ghabhann
go nádúrtha léi ní bheidh againn acht beusa,
gothaí, agus séimhíoltacht gall agus is bocht
an mhalairt í. Chífear fós é an té a mhairfidh
leis. Is dóigh le lucht léighinn agus le
lucht foghluma na h-aimsire seo go gcaithfidh
blas agus gothaí fé leith a bheith ag baint
le caint na n-uasal mar a bhíonn ag gabháil
leis an mbréigriocht léigheann atá orra sa
mBeurla. Caint bhreaghdha, nádúrtha so-
labhartha mar atá ag ár sean-dhream Gaedheal
atá uainn a choimeádfaidh ár gcroidhthe agus
ár scartacha oscailte nádúrtha. Caithimís
uainn gothaí mar ní fhuil siad folláin don
chroidhe ná don aigne ná don anam; atá
an iomarca den mbréig ionnta. Táthar
durtha ón séimhíoltacht bréige seo a dtugtar
deagh-iomchur air (An deagh-iomchur a chodail
amuigh!)



Cibé áit a mbuailfidh na gothaí seo linn
in aith-bheochain na Gaedhilge, bíodh sé ag
an ollamh leigheanta san Iolscoil, nó ag an
mbean-riaghalta 'sa chlochar, nó ag an sagart
in Éide Chríost, nó ag lucht cléireachas
bainc caithfear an sileadh a chaitheamh air
(i gcead an cuileachta!). Tá sé mí-
nádúrtha 'sa nGaedhilg. Má thugaimíd linn
í go breághdha, bog, nádúrtha, oscailte, beidh
fírinneacht agus dírigheacht in ár gcroidhthe
agus in ár ráidhte a raghaidh chum tairbhe dho
cibé méid den Chríostamhlacht a fhan againn.
Ar an fhírinne atá seasamh na Chríostamhlachta
agus ní ar ghothaí ná ar "leigeann ort."
'Sí an fhírinne an uaisleacht.



PÁDRAIG Ó CADHLA.
(Tuille le teacht)



TIGH-ÓSDA "CLARENS,"



Ag Cé Ueillington
i mBaile Átha Cliath



Tá gach aon chompórd ann agus é so-lámhach do gach áit
is fiú le rádh 'sa Chathair.
70 Suainliosa. An biadh — bog, soghmhail, so-bhlasta
Solus Eleictric. Agus an freasdal ar fheabhus.
An díol fiach réasúnta.
BÍONN TARRAING MHÓR DAOINE AR AN
"RESTAURANT" atá ag gabháil leis.
An Guthán 1217. Telegram: "Clarence Hotel, Dublin."



TIGH-ÓSDA AN ROYAL EXCHANGE
Sráid na Feise, i mBaile Átha Cliath.
Tá sé seo ar cheann des na Tighthe-ósda is compórd-
amhla 'sa Chathair.
Tá gach aon chóir ann agus an díolfiach réasúnta.
Guthán 2678. Telegram: "Comfort, Dublin."



TAR ÉIS NA NODLAG.



Bhí an seana-bhliadhain ag tabhairt na
gcastuíocht ndeireannach, mórán daoine go
casaoideach t'réis rabairne na Nodlag, agus
mé sínte os cómhair na teine, dórán na
gaoithe am' mhealladh chun suain is rúscadh na
fearthana am' tharraingt aniar a' "dúithe
a' sméidthe" gach uair a chuirfeadh siolla
thar meadhon na deora leath-reóidhte ag rinnce
ar ghloine na fuinneóige.



Tháinig óig-fhear dem' aitheantas isteach.
Fáiltigheas roimhe agus seo linn ag cáineadh na
h-aimsire ar lán a' bhata.



"Dá mb'é an fíor-uisce féin e," arsa
mise, "tá sé "as dath" ó tháinig an bháis-
teach."



"Cím é sin," arsa Maidhc, a' cur na
súl tré ghloine a bhí ar an mbórd, "ach
deirtear gur sláintiúla an t-uisce as dath
t'réis na fearthana; bíonn na mianaí meas-
caithe tríd… ó!" — go h-obann,
a' cur grabhais ar féin agus a' fáscadh a
bhuilg, "tá iaracht de throm-luighe istigh
ionam fós ag stiall de phutóig phluma
d'itheas -"



"Ná h-abair a thuille," arsa mise, "seo
gloine; féach an chúinne sin; geobhair an
crúiscín innte."



"Is amhlaidh atáim ar aigne liostála sa
Ghárda Síothchána," arsa Maidhc, ag déanamh
rud orm go fonnmhar, "agus thánag chugat-sa
chun go gcuirfá mé ar bhealach mo leasa.
Táim meirgeach anso ó fhágas crobh an
mhaighistir," ar seisean, a' cur báirr a
mhéire ar a chnapóig, "agus cloisim go bhfuil
an scrúdú ana-righin."



"Abair-se righin, a mhich ó," arsa mise,
"ach is maith an áit a thángais, a dhriotháir.
Tá cara liom sa Ghárda a mhínigh an cúrsa
go léir dom nuair tháinig sé as an óspidéal
t'réis batarál an dochtúra."



D'fhéach sé orm.



"N'fheadar an amhlaidh a bheadh na mianaí
ró-láidir," ar seisean, ag árdú a ghloine,
"nó b'fhéidir," — ag mion-gáirí, "gurb'
amhlaidh ná fuilid meascaithe sa chomhthromacht
cheart."



"B'fhéidir," arsa mise go searúsach mar
níor thaithn a dhosaireacht liom.


L. 73


"Caith uait an maga in ainm Chruim,"
ar seisean, "agus innis dúinn cad ba
cheart a dhéanamh."



"An rud díreach a bhíos ar tí a dhéanamh
nuair chuiris isteach orm agus bheinn buidheach
díot," arsa mise, "dá gcoimeádfá do bhéal
dúnta nó is geárr go mbeidh deire le mo
fhíor-ui -"



"- inne," arsa Maidhc.



"Humhth," arsa mise, ag leigint orm
nár airigheas é, "ní mór duit litir a scríobh
chuigh an seana-spailpín úd, Jimín — greadadh
chuige! ní chuimhin liom. — ach, ó seadh, Jimím
Créig."



"Créig!" arsa Maidhc, ag leigint fead'
as.



"Go raibh maith agat, a Mhaidhc. Sin
é an ainm, ach ní gádh ceól a chur leis. Seadh.
Nuair a bheidh tú ag scríobh chuige cuir breab
de phíosa raol isteach sa litir mar dhein
mo chara -"



D'airigheas gliog. Bhí Maidhc ag súngcadh
a ghloine uaidh — comhartha é sin go raibh mearthal
éigin air. "Agus ná fuil ceapadóireacht
agus áireamh sa scrúdú?" ar seisean go
tréith lag i gcionn tamaillín.



"Aidhe, a Mhaidhc, conus a thángais chugam
in ao' chor agus an t-eólas son go léir agat!"
arsa mise. "Ceapadóireacht agus Áireamh
— preith! Níor b'fhusa do ghanndal mo
sheana-mháthar criochán d'alpadh siar ná dul
tré an chuid sin de'n chúrsa má thagann tú
slán folláin as crúcaí an dochtúra."



"Ach -"



"Féach anso, a Mhaidhc; ná cuir aon
"ach" treasna orm. Congbhaigh d'aghaidh, nó
an chuid is mó dhe, dúnta, agus beidh an
scéal go léir agat díreach mar thuit sé as
béal mo charaidh. Seadh.



"Seadh," arsa mise airís i gcionn cúpla
secund gan siosma as aoinn' againn, mar
bhí Maidhc maolchluasach a dhóithin um an
dtaca so. "Seadh, tuigim óm' chara ná
fágann an ropaire dochtúra oiread na luidhe
is lugha ort. Seasann sé ar d'aghaidh amach.
Buaileann sé pleannc ort i bpongc-lár do
chroidhe. Cuireann sé a chluas do'n áit,
agus go bhfóiridh Dia ort má's rud go bhfuil
do chlog ag fuíbín nó ag cailliúint aimsire.
Beireann sé greim ar fhabhra íochtarach do
shúile. Stracann sé anuas é, 'san am
chéadna ag súngcadh na Carraige Gibráltir —
do seana-chaíncín 'tuigeann tú, i leat-taoibh
le barra iarainn. Dúnann sé a leath-shúil
agus féachann sé isteach. Ní bheidh mórán
le feicsint id' bholg-shúil — go socair, a
Mhaidhc, go socair! Cá rabhas? Ó, seadh.
Deineann sé fabha millteach ar do bhéal.
Ní mór an t-slogaire sin d'oscailt cómh
leathan agus ab' fhéidir le circ nead do dhéanamh
isteach ann, — id' chás spesialta, a Mhaidhc,
turcaí. Filleann sé bannlámh ded' theangain
tímpal a dhuirn agus ropann sé na leaca-
reilge as do dhranndal. Téidheann sé siar
i ndiaidh a chúil, ritheann sé cliathánach chugat
agus níos luaithe ná cic ó mhiúil tíncéire
buaileann sé dúdac ort fé bhun na cluaise,
a' rádh le n-a línn, "mothuigheann tú é sin,
an eadh?" Má dheireann tú "mothuím"
tá do phort seinnte mar ní tógtar spriosáin
leochailleacha sa Ghárda; ach má thugann tú
"ní mhothuím" mar fhreagra, filleann sé
muinirthlí a léine siar, cuireann sé drana
an diabhail ar héin, agus tosnuigheann sé
ag déanamh leathair de'n gcluais eile.



"Gabhann sé ar an gcuma son ó'n umar-an-
uisce síos 'dtí an fadharcán is óige ar do
shlis, go dtí ná fuil órlach ded' chonablach
slán, dá reimheid é, agus id' chás-sa, a
Mhaidhc, ní ramhar go dtí é, atá an croicean
ort. Nuair atáir cómh groggí le Jó Buicéad
agus é sínte ag Carpentír le leangaire -"



Do bhíodhg mo chúairteóir agus bhuail sé
lámh ar chnap an dorais ach bhreithnigheas air
go raibh sé ag cur móráin suime im' chainnt
mar bhí a dhá shúil ar dian-leathadh agus a
bhéal ag iomaidh go treun leó, nós gamallóirín
tuaithe an chéad uair a chíonn sé an slat
draoidheachta á beartú ar lapa ghamaill eile
insa scoil.



"Anson," arsa mise, ag tógaint na
neithe sin isteach le súil-fheucaint, "suidheann
sé síos in aice do chod' balcais, cuardeann
sé na pócáí ar a shocaireacht, agus cuireann
sé chuige pe pingin airgid nó blúire tobac atá
ionta. Sáitheann sé a lúidín 'na bhéal agus
leigeann sé fead as. Tagann chos-a-bacóid
de tháilliúirín isteach agus tógann sé do
thuise i gcóir d'éide Síothchána — mara bhfuil tú
ar thaobh na Síothchána cheana. Sa chás son
speachann sé do corpán 'dtí chúinne an
t-seomra agus cuireann an bitheamhnach eile
sreang-scéal chuig do mhuinntir ag cur i
n-iúl dóibh go bhfuil tú imithe in ainm an
diabhail agus go mbeadh sé fé chomaoin aca
dá mbéarfaidís do chonablach as a radharch.
Ach mara bhfuil bagún deanta díot, ní mór
"tomhas tirm" de chúig ghalúin ar a laigheadh


L. 74


a bheith istigh id' bholg — tusa á.i. anso, a
Mhaidhc; agus tá sé fíor-riachtanach an scrogall
a bheith troigh ghlan ionnas go mba usaide
an chnáib a chur tímpal air má leigeann tú
filltín do bhríste i gceal nó mara gcoimeád-
ann tú cnapaí do chasóige ag glinniúint
i gcomhnuí mar réilt na maidne.



"Anois, i dtaobh an Áirimh. Dubhairt
mo chara agus tá croicean na firin -."



D'airigheas fothram. D'fhéachas suas. Bhí
Maidhc ag preabadh an doras amach nós
duine a dh'iompóch' a ghoile go h-obann.
"Níor aontuigh iarsma na putóige úd agus
an t-uisce dathach so," arsa mise im' aigne
héin.



Do stad sé. D'fhéach sé thar a ghualainn.
Chroith sé a cheann. "A thiarcais!" arsa
mise, nuair chonac an cruth a bhí air, "tá
"sé" chugam." Níor gádh an eagal ámhthach.
Níor dhein sé ach cainnt — an t-sórt cainnte
sin ná tagadh as ao' rud bheó ach ghoile bhreóite.
Ar seisean, "Cómh groggí le Jó Buicéad.
Groggí — sin an focal. Mhuise ní h-iongnadh
Fideóg Stán mar leas-ainm ort, dá mba
leas-ainm duit é, rud ná fuil. Ach buidheachas
le Dia," ar seisean le binib, "ní thagann
an Nodlaig ach uair sa bhliadhain agus is
maith an bhail ar daoinibh áirithe ná tagann."



Do chnag sé an doras agus bhí sé imithe.
Ní raghadh sé cómh saor leis, bain an chluas
díom má raghadh, ach nuair thugas iaracht
ar phreabadh 'na dhiaidh bhíos chómh mór fé
fheirg aige ná raibh ionam éirighe as an gcathaoir.



Ach tar éis an t-saoghail ní ceart bheith
ró cruaidh ar dhuine bhreóite, mar is eól
do chách ná bíonn a bhéal ná a theanga fé'n
smacht cheart aige agus casadh 'na ghoile;
agus go mór mór t'réis stéill de'n phutóig
phluma ní fios d'aoinne cad é an masla a
steallfadh sé amach leat. Ach a cháirde
chléibh dá mba rud é go mbeadh sé de mhí-rath
riamh oraibh bualadh len-a leithéid agus an
t-aoitheó a' teacht air t'réis na Nodlag,
bidhidh carthannach agus leigidh leis, ná chaitheann
sibh uair a' chluig féin, go foighneach duadhmhar,
ach i n-aisge dar ndóich, ag casadh le h-é
chur ar bhealach a leasa.



FIDEÓG STÁN.



ÉARNA
CEANNUIG "ÉARNA."



Nó beir gan aonrud.
Uimhir na Nodlag. Le fagháil insna
siopaí.



TEACHT AN SNEACHTA.



Annseo, imeasg na nAlp, is mór an
tábhacht bhíos ag baint le athruithe na haimsire,
agus is mór an áilneacht bhíos ag baint leó
go minic, freisin. San aer árd tana seo
tugann duine chuile athrú, chuile dhath, chuile
mhothú faoi deara. Báine tostach niamhdha
an Ghéimhridh, milse fhada órdha na laethanna
Samhraidh, cumhracht ioldaithte an fhómhair,
gleó is puiteacht is glóire an Earraigh —
is mór an mhistéir agus an t-iongna bhaineas
leis na rudaí seo uile, dar leis an te chomhnuigh
in éindigh leó ar feadh achair mhaith fada, pé
sgéal é, agus tig grádh is adhradh ina chroidhe
dóibh.



Agus is aisteach an áit í Davos, an baile
beag seo atá in áirde imeasg Alp na
hEilbhéise thoir. An-aisteach an áit i.
Ghnímid uile gearán is cúl chainnt 'na taoibh,
luchtuighimid le tarcuisne is le mí-ghreann
í, cuirimid ár seacht mallacht uirri, agus
bímid ag síor-rá gurab í "an áit dheiridh
d'á ndearna Dia ariamh í," is ag síor-
chasaoid i dtaoibh go bhfuil orainn fanacht
annseo i ngeall ar shláinte is eile…
acht is breágh linn uile go léir fille chuici.
Taobh amuigh de'n bhaile beag féin is d'á
shaol leisgiúil saothrach glionndarach diachrach,
taobh amuigh de na caiféanna is de na
damhsaí, de na cáirdeasaí is de'n bhiodhán
is de'n sgannail, taobh amuigh de na neithibh
seo go léir, tá — na sléibhte is na foraoiseacha,
na bánta bláthmhara is na sruthláin reatha.
Rudaí maordha uaigneacha, agus iad 'na
gcomhnaidhe i ndomhan socair sgiamhach atá
lán, mar chítear dhom go minic, de bheatha
aisteach cheilte éigin nach bhfuil aon eólas
againn-ne uirri…



Teacht an Sneachta ceann de na heachtraí
is mó dá dtuiteann amach sa domhan seo
na gcrann is an fhiadhántais. Agus mise 'á
sgríobha seo tá lá lonnrach Fómhair ag líona
na ngleannta is na bhforaoiseach le solus
órdha, agus le sgáileanna atá chó doimhin
is chó gorm sin go gceapfá orra go bhféadfá
breith orra led' láimh; acht is eól dom go bhfuil
an ghaoth — an "Fohn" — ag cainnt faoi
neithe nach bhfuil baint ar bith aca le crainnte
buidhe is dearga, ná le balcóinte líonta
le bláthannaibh. Tá sí ag cainnt faoi'n


L. 75


sneachta. Agus is léir dhom go mbéidh
an sgéal céadna againn i gceann seachtaine
nó mar sin agus bhí againn anuraidh, tamall
beag gearr tharéis fillte dhom-sa ó'n
Almáinn. Tráthnóna amháin béidh fuacht
tobann san aer, agus truime aisteach;
béidh brat mór de sgamall ar dhath na luaidhe ag
sgríosa na spéire amach; béidh an solus
go dubhach bagarthach Agus annsin…



Is ait agus is iongantach an rud é teacht
an sneachta go Davos. Bíonn laethanna
lán de taithneamh gréine againn, agus an
Fohn-ghaoth — an spioraid fealltach úd — ag
séide go caomh ó dheas, agus annsin, tharéis
sgathaimh, tig dorchú ar ghile na gréine,
agus bíonn an Fohn ag séide i gcomhnaide,
agus tugtar corruighil aisteach faoi deara
san aer, agus bíonn na féitheacha mothuithe
go teann sínte ar nos téadracha cláirsighe,
agus tuiteann tuirse nea'ghnáthach anuas ar
an anam, agus chítear do dhuine go bhfuil
an saol iomlán go follamh is go huaigneach.
Is cuimhin liom bheith ag siúl in éindigh le
caraid thríd an bhforaois Fluela ar a leithéid
sin de lá anuraidh, agus craobhacha na gcrann
giúise a' dhéanamh ceóil dólásaigh 'nár
dtímpeall agus an spéir 'na díon brúighte
liathghlas ós ár gcionn. Is ar éigin má
labhair ceachtar againn focal. Anois is
arís ghabhadh fear nó bean thuaithe tharainn
agus "Gruss Gott" asta, agus d'fhéadamar
ollagón mí-thrócaireach an tsrutháin chloisteál
agus é ag rith leis thríd na crainnte. Bhí
móthú tuirse is sgíthe le tabhairt faoi deara
chuile áit. Tuirse a raibh corruighil aisteach
sheicréidheach i bhfolach fúithi bhí ann…
agus, an oidhche chéadna úd, thosuigh an sneachta
ag tuitim.



Bíonn an tuirse is an sgíth seo ann i
gcomhnaidhe sul má thig an sneachta i gceart.
Séard tá ionnta, slán agus beannacht na
talmhan sul má mharbhuigheann an Geimhreadh
í go gclúduigheann sé le taiséadach geal
bán í. Cheapfaí go raibh an Bás ag glaoch
ar an ngaoith. Foluigheann an spéir a
haghaidh fá chaille sgamall.



Agus annsin, oidhche amháin, tig athrú ann.
Ar fea'n lae go léir, béidir, bhí spéir
dhonn-liath ag breathnú go tláith tuirseach
ar shléibhte sgéirdeacha, is ar ghleannta fuara
sgáiliúla, is ar bhaile gránna seachránach
nach bhfuil ann cheapfá acht hótels is oifigi-
puist is seipéil is siopaí is pensions;
acht ar theacht na hoidhche, tráth a mbíonn na
soillse d'á dtóga agus an t-aer go trom
dubh fuar, tig athrú ann. Sgaoiltear ceangal
nó slabhra in áit éigin. Tríd na cruitíní
tig le duine stiall dorchadais fheiceál,
agus an dorchadas sin breacuithe ag báine
na slámóg sneachta atá ag tuitim. Ní
bhíonn aon deifir ann. Go mall maordha
is go socair sleamhain, ar nós na rinnceóirí
i sean-damhsa éicint, eiteallann siad anuas
thríd an aer, go líonann siad follaimhe
na hoidhche le ceól bán dó-chloiste. Níl
rud ar bith fá'n spéir is mó áilneacht, ar
a bhealach féin, ná tuitim na slámóg móra
sneachta thrí dhuibhe oidhche Ghéimhridh; níl
rud ar bith ann is mó mistéire nó is mó
míorúilt. Cuimhnigheann duine ar Kai i
sgéal Andersen, an tráth a raibh sé, agus
gan ann acht gasúr beag óg, ag dearca
amach as fuinneóig an teachín 'na raibh
comhnaidhe air, go bhfaca sé, agus taimhnéall
áthais is uathbháis air, éadan liathbhán agus
súile oidhre-fuara Bainríoghna an Sneachta
ag breathnú air, agus na héin bána gur
shíl sé fheiceál agus iad ag eiteall thar
na pánaí thríd an stuirm, agus iad ag iarra
air dhul amach in éineacht leó go mblaisfeadh
sé de'n tsaol fiadhánta aerach bhíodh dá
chaitheamh aca.



Agus ar feadh dhá lá nó trí bíonn sé ag
cur sneachta go tiugh is go dian, agus bíonn
an t-aer go duairc doilléar ag na slámóga
eiteallacha; acht sa deire, dúisigheann duine
maidin gheal ghréine amáin, go bhfeiceann
sé crainnte bána, sléibhte bána, bóithre bána
…Bíonn taithneamh na gréine go
míorúilteach. Bíonn an spéir 'na sgiaith
mhóir ghuirm. San domhan bán is gorm is
órdha seo an Ghéimhridh bíonn cosúlacht aoibhinn
iongantach ar chuile rud i Davos — fiú an
bhearrach féin! — cosúlacht niamhrach dhraoidh-
eachta. Bíonn an sneachta 'sna sráideanna
go glan doimhin balcánta. Bíonn cluigíní na
losgann le clos chuile áit, agus gan oiread
is aon roth ar bith le feiceál



An Géimhreadh…



MÍCHEÁL MAC LIAMMHÓR.



Gheobhfar "An Sguab" ón mBainis-
teóir, 24 Cearnóg Montseoighe,
Baile Átha Cliath, saor tríd an
bpost ar feadh bliadhna ar 4
sgillinge.


L. 76


ÉIFEACHTÚLACHT TIÚSCALACH.



Gach éinne dá dtáinig ar an saoghal so
riamh tá fonn air dul chun cinn. Is cuma
cadé an umhlaíocht atá ann nó cúlbhántacht,
bíonn sé ag tnuth go dtiocfaidh leis gnó
éigin foghanta do dhéanamh tráth éigin sara
dtabharfaidh sé aghaidh ar an síorraidheacht.
Ní h-amhlaidh a bhíonn dúil ag gach éinne i
saidhbhreas i riocht airgid nó iol-mhaitheas,
ach tá dúil ag gach mac máthar i saidhbhreas
éigin — pé'ca saidhbhreas saoghalta, saidhbhreas
aigne, saidhbhreas diadhsamhlachta nó fiú féin
saidhbreas umhlaíochta. Dá chomhartha san féin
féach go mbíonn an chléir ad' iarraidh bárr
feabhais a bhaint amach i séirbhís Dé, gur
dia beag ag an ealadhantoir na h-ealadhain,
agus ná bíonn éinidh ag baint codladh na
h-oidhche den fheirmeóir ach cúramaí a fheirme.



An t-Éireannach chun deiridh.



Tá an dúil sa dul chun cinn go láidir ag
muintir na h-Éireann, agus na fhochair sin
tá éirim aigne aca, agus tá an teacht-aniar
agus an fuinneamh ionnta, chun a mbeartú
do chur i ngníomh, ach cur chuige i gceart
is igcóir. Na thaobh san is uile cuimhnigh
gur fánach duine ortha athá in iúil ar an
gceannsgríbe a chuireann sé roimhe do thabhairt
chun críche. Tá ag teip ortha in agaidh an
lae — dé chúis atá leis, nó dé'ard é atá
cionnstiocair leis?



Torthúlacht na Tíre.



Tá tír seo na h-Éireann suidhte ar fheabhas
le h-aghaidh gnothaí tiúscail agus curadóir-
eachta. Tá sé mar atá ráidhte go minic
na gheata i gcóir na h-Eúrópa, agus isé is
acharaí don "dhomhain nuadh." Ní bhfuighfí
buachtaint ar na cuanta atá timpeall ar
chiosa na fairige. An talamh, agus an ithir
atá inntí, táid siad go breagh tortúil.
Ní bhíonn aon fhuacht mhór riamh inntí ná teas
nó brothal mór ach chomh beag. Ní h-eadh ach
a mhalairt. Chomh fada is a bhaineann an
talamh, an t-aer, agus suidheamh na tíre le
staid tiúiscail isé ba lugha ba ghann d'Éirinn
a bheith ar an dtír is saidhbhre agus is mó
maoin ar dhruim na talmhan.



Tréith Eigin in Easnamh.



Ach mar a deir an seanfhocal tá dhá innsint
ar gach sgéal, agus ní dóichighe éin-nidh ná
go bhfuil an dá innsint ar sgéal tiúscail na
h-Éireann. Tá tréith nó feith eigin in easnamh
— agus an fhaid a thá sé in easnamh ní déanfar
aon dul chun cinn — agus sé treith é sin ná
ábaltacht i gcursaí gnótha. Ar an adhbhar
san bfhéidir narbh saothar in aisge suim
fiosrúcháin mar a déarfá, do dhéanamh
féachaint an bhfuighfí a dhéanamh amach dérd
é atá bun os cionn, agus dé chúis atá sé
bun os cionn. Bfhéidir gurbh é cuma dob'
fhearr cur chuige seo ná na tréithe a dheineann
suas "ábaltacht gnótha" d'áireamh agus
a fhiafruighe dhúinn féin, an bhfuil na tréithe
san i muintir na h-Éireann.



Cáilidheacht na nDaoine.



Le h-agaidh críochnúlacht oibre, ni fheacaís
aon tseó ach a thabhachtaí is atá meón agus
cáilidheacht an lucht oibre. Daoine athá go
cruinn, prionsiopáltha, brioghmhar, leanúnach,
slachtmhar; daoine go bhfuil macántacht is
fadfhulang agus teacht-aniar ionnta, is iad
is fearr chun obair do dhéanamh. Gheobhfaí
a rádh, is dócha, go bhfuil an fuinneamh cuirp,
an teacht-aniar agus an macántacht i muintir
na h-Éireann maith go leór, ach is baoghlach
ná fuighfí a rádh go bhfuil an cruinneas, an
prinsiopáltacht, an leanúnachas, ná an slacht
ionnta. Nach mó Éireannach ar mh'aithne nó
ar t'aithne nuair a bhíonn obair idir lámhaibh
aca go mbíd siad sásta le "maith go leór."
Ní dhéanfaidh maith go leór an gnó, ach críochnúl-
agus slacht. Cor leis sin ní h-annamh go
n-eirighid Éireannaigh cortha don ghnó, agus
go gcaithid siad i leat-thaoibh é — nó bfhéidir
fós ná bíonn siad in am. Ní dhéanfaidh
sé sin beart agus caithfimíd a mhalairt
de phort do tharrach chughainn má's áil linn
an báire do bhreith linn. Tá sé ráidthe
agus ní móide ná gur fíor é — go bhfuil
"the finest peasantry in Europe" in
Éirinn. Dob' é ar mbuaic seift éigin a
cheapadh, chun an bhreághthacht san do chur i
bhfeidhm — mar mhaithe leis an náisiún.


L. 77


Saghas agus Suim Bidh is Éadaigh.



Ní gádh puinn a rádh na thaobh so; mara bhfuil
a dhaothaoint bídh is éadaigh ag duine ní
thiocfaidh leis an gus agus an bhrigh ghátarach
do chur na chuid gnóthaí. Siúd is go
mbéidir go ndeallróch sé beagainin bun
os cionn, tá sé ráidhte "gur minic nach
fiú duine breis págha toisg ná faghann sé
níos mó." Dá bhfuigheadh sé níos mó, gheobhadh
sé biadh ceart do sholathair dhó féin, agus dá
dheasgaibh sin gheobhadh sé gabhail chun a
shaothair níos bríoghmhaire. Tá gach éan deall-
ramh ann go mbeidh lucht oibre na h-Éireann
"ag tochras ar a gceirlín féin" na thaobh
so, agus nach gádh domh-sa aon aimsir do
chur amú ag tabhairt comhairle dhoibh.



Tuisgint na nDaoine.



Is cuma fuinneamh cuirp, a bheith ann
nó as, mara bhfuil tuisgint sa bhfear —
ní foláir tuisgint a bheith aige agus oideachas
a bheith air. Ní raibh aon oideachas ceart
le fáil ag aos óg na h-Éireann go dtí seo,
ach tá sé i gceist go mbeidh feasta. Má
bhíonn raghaidh sé go mór chun sochair do
shaoghal an náisiúin. Sé a fhearacht é idtaobh
oiliúna teicnicha ¬,agus tréanáil ceardúil.



Bun agus Bárr an Sgéil.



Neamhnidh iseadh na rudaí san go léir
mara bhfuil an sprid cheart ins na daoinibh.
Mara bhfuil sé sin aca i ndeanamh a gcuid
oibre, agus fonn ortha a dtréithe cuirp agus
aigne do chur ibhfeidhm ar a saothar, ní
dhéanfaidh siad obair fhoghanta. Do réir
gach tuairisge ní h-é seo an sprid atá idir
an lucht oibre agus a bhfostuigheóirí. Ní
bhíd siad ag obair as lámhaibh a chéile, ach iad
ag strachadh lena chéile agus ag déanamh
toirmisg ar a chéile. Dá luathacht a thuigfidh
an dá thaobh gur ar sgath a chéile a mhaireann
an pobal, iseadh is túisge a thiocfaidh an lá
nuair a thógfaidh an náiaiún an áit is dual
di measg náisiúin an domhain, mar thír
nea-spleadhach i gcúrsaí tiúscail agus
trachtála.



MÍCHEÁL DE PAOR.



AN STÁT GAEDHEALACH



Níl aon mhío-ádh ná donas nár thuit ar
Éirinn, uair éigin ó céad-thosuigh daoine
ar thuisgint go raibh a leithéid de thír ar
dhruim an domhain. Gach aon aois dhá dtáinig
bhí conspóidí idir Ghaedhealaibh a réab an
tír: agus le tamall maith anuas ba ghnáthach
an locht a chur ar Shasana. Ní i gcomhnuí
ab 'fhíór an méid sin ach pé 'ca fíor bréag é,
iomarca leisge chun na fírinne d' infhiuchadh
a chosg orainn an sgéal ina cheart do'
innsint. An méid donais agus mió-ádha
a tháinig orainn ó theacht na nGall go h-Éirinn
an chéad turas — ní fiú biorán é go léir i
gcomórtas leis an sgrios is déidheanaighe
atá orainn. An ré seo na cainte dí-
chéillidhe, adeirim. Maidir le bréaga,
áidhbhéalachas, agus easbaidh tuigsiona — is í
Éire ceann de na tiórtha is mío-ádhsaighe
dh'á bhfuil ann.



Is breágh faoi láthair le gaedhil a bheith
ag tabhairt fá n-a chéile; a bheith ag gearradh
sgórnach a chéile; a bheith ag iarraidh a
thasbáint do'n t-saoghal gur bligeáirdí tútacha
gach neach beó sa tír. Aoinne go bhfuil
aon mheas aige air féin — mura bhfuil aige
ar Éirinn — tuigfe sé go soiléar an chon-
tabhairt móir atá i bpropaganda dhá leithéid
seo. Ní h-amháin go milleann sé Éire mar
náisiún ós comhair súl na náisiún ach i leabhaidh
a chéile gearrann sé an talamh dár gcosaibh
agus fágann sinn gan aoinní ach náisiún
de dhaoine bréagacha.



Ní fiú dhom iarracht a thabhairt annseo
ar thaspáint céard ba bhun leis an sgéal
do bheith mar tá. Ar aon nós ní i n-alt
beag a féadfaí a dhéanamh: ach ba mhaith
tagairt a dhéanamh do rud amháin atá i
bhfiór-thosach an sgéil agus féachaint leis
an dalladh mullóg atá dhá chur aige orainn
do chosg. Do'n "Stát Gaedhealach" atáim
ag tagairt.



An bhfuil aon fhear beo a thuigeas céard
é féin? Má tá, agus má léigheann sé
an aiste seo, chuirfeadh sé comaoin mhór
orm-sa dhá n-innsigheadh sé chéard is "Stát
Gaedhealach" ann.



Tá daoine ann agus sé deirid go mba
mhaith leo "an t-sean-aimsir do thabhairt
ar ais." Cé'n chiall atá leis sin? Cáide


L. 78


siar an mbeádh orainn a thriall? An go
h-aimsir na bhFiann nó níos fuide siar
féin a chaithfimís a dhul? B'fhéidir go mba
mhian leó an sórt culaith éadaigh a caithtear
indiú a chaitheamh i leath-taoibh agus sinn a
ghléasadh faoi shórt filleadh beag mar á
bhíodh ag ár sin-sean-sinnsir i n- allód.
Bhéadh deire le gluaisteáin, eitealláin,
tramanna, traentacha agus mar sin de.
Capall agus cárr a bhéadh againn: "chariot"
nós cárannaí an Lucan Milk Co. Déanfaí
athrú ar gach diabhal rud: sean-nós i n-ionad
an nua-nóis. Sin ráiméis críochnuighthe ach
creideann daoine gurab in é an saghas
"Gaelic State" a theastuíonn ó threóraidhthe
an t-Saorstáit nó na Poblachta nuair a
chainntigheann siad fá n-a leithéid.



Ceapann daoine eile go bhfágfaí sinn
faoi mar atáimíd ach amháin nach nglacfaimís
le rudaí nach réidhtigheann le sprid na Gaedh-
ilge? Chuireas ceist ar duine tuisgionach,
fear atá caithte seirgthe ag obair ar son
tárrthála na teangan, le déidheannaighe.
"Céard atá it 'aigne nuair adeir tú,"
arsa mise, "go bhfuil rudaí i gcoinne
sprid na Gaedhilge. Innis dom cé 'n saghas
rud a théigheas i gcoinnibh na spride sin
agus cé'n chaoi?" Chuir sé i gcás "rag-
time," "sgéalta salacha," "rinncí gallda,"
"cleasa-lútha mar rugby" nó "hockey"
agus roinnt rudaí eile mar sin. Is ar
éigin beo a d'fhéadas mo theanga a coinnéal
im bhéal, bhí an oiread sin buile orm. Fear
do b'eadh é siúd go bhfuil meas mór agam
air ach is dóigh liom — is beag nach bhféadfainn
a rádh le cinteacht — gur dul amudha a bhí
air má's sin í an chiall cheart atá le "Stát
Gaedhealach."



Ní bheidh 'Stát Gaedhealach" coidhche againn
má bhímíd ag súil le rinncí gallda do stopadh.
Tá greim aca ar an tír seo agus ní sgaoilfear
an greim sin go bráthach. Is féidir go
sabháilfear an teanga — go gcuirfear í i
mbéalaibh na sluagh i n-ionad an bhéarla —
ach ní bhfaighidh na rinncí Gaedhealacha ariamh
nó go deó an ceann is fearr ar na cinn
Gallda. Agus fiú dhá dtárlaigheadh amáireach
gur Gaedhilg a labhróchaí de ghnáth idir uasal
agus íseal, cé'n díobháil a dhéanfadh sé do'n
"Gaelic State" dhá ndéantaí damhsaí Gallda.



Sé a fhearacht céanna le "rugby" agus
cleasa lútha atá i n-ainm is a bheith Gallda.
Cé'n dóigh an bhfuilid Gallda? Gaill a
cheap iad ach ní h-ionann cleas lúth agus
babóg a déanfaí i dtír thar lear agus a
bhéadh ar díol i bhfus. Níl an cluicheann
go dtí bhfuil an meitheall agat chun é imirt.
Agus ma's Gaedhil agus Gaedhilgeóirí a
imrigheas é, beidh an cluiche chomh Gaedhealach
agus is féidir leis a bheith. An bhfuil an
iománuidheacht agus an pheil Gaedhealach fé
mar a feictear an dá chleas sin dhá n-imirt
indiú? Nílid, táid chomh Gallda le "rugby"
agus "hockey."



Maidir le "sgéalta salacha" — níor thuigeas
i gceart céard ba bhrígh le sgéalta salacha.
Is féidir leis an litríocht is fearr dár
sgríobhadh a bheith salach, de réir aigne
críostuidhe cuir i gcás, nó de réir aigne
aon chreidimh ach comhartha maith go bhfuil
teanga beo beathaidheach is eadh an "salachar"
a fheiceál i dteannta leis an "glaine."
Gan an dá rud ní bhéadh gádh le "creideamh"
mar a thuigimíd indiú é. Isteach is amach,
de bhárr mo chainnte leis an sean-duine
sin, ní rabhas níos comhgaraighe do'n "Gaelic
State."



Is fadó riamh a socraigheadh nach fíor go
bhfuil aigne Gaedhealach ann. Dá mbéadh a
leithéid le fághail, agus dá bhféadfaí, an
aigne sin do chruthú agus do chothú, b'fhéidir,
i imtheacht aimsire, go mbéadh "Gaelic State"
againn. Deir daoine faoi láthair — beagán
daoine — go gcreideann siad fós go bhfuil
"aigne Gaedhealach" ann. Labhair leó, a
léighteóir agus gheobhaidh tú amach gur "aigne
na Gaedhilge" atá i gceist aca. Ní h-ionann
le chéile an dá rud ar chor ar bith. Tá
de dhifrídheacht eatorra gur féidir le
cainnteóir ó dhúthcais rudaí do rádh ar
shlighe éasgaidh atá Gaedhealach ann féin agus
déanann an duine a dhfhoghluim an Ghaedhilg,
tar éis do'n Bhéarla nó teanga eile a bheith
aige, machtnamh ina theangaidh féin agus
cuireann a bhun-theanga isteach air ar an
gcuma sin. Is fiór go n-eirighean le duine
teanga d'fhoghluim chomh gasta sin amannta,
gur féidir leis a smaointe do dhéanamh
innte, ach mar sin féin tá an síol curtha
.i. a chéad theanga, agus beidh a rian ar a
chainnt sa teangaidh nua.



Ní beag sin do'n turn seo. Maidir
le mo thuairim féin, creidim nach fiú do
dhaoine a bheith ag bacaint le h-aon rud ach
leis an teangain. Bíodh an teanga dhá
labhairt ar fuaid na h-Éireann agus beidh
an Stát Gaedhealach againn. Fanadh an
rinnce gallda an cluiche gallda, gach ní


L. 79


eile gallda ach faid is beó an teanga i ndá
ríribh, tá an Stát Gaedhealach slán.



Dá bhféadfaí an méidh seo atá ráidhte
agam i dtaoibh na tuairme sin an Stáit
Ghaedhealaigh do chur i dtuisgint do threó-
raidhthe poilitidheachta an lae indiú, agus
do Chonnrathóirí go mór, is fearr a dh'eireóchadh
leis an tír. Tá iomarca fuinnimh dhá úsáid
ar rudaí gan chéill. B'fhearr d'Éire agus
muinntir na h-Éireann dhá leigtí do na
damhsaí Gallda, do na cluicí Gallda, agus
do gach ní eile atá Gallda ach amháin an
teanga Ghallda. Claoidhtear í sin. Tugadh
gach n-aon fúithe agus sin gan mhoill. Ach
í sin a bheith faoi chois, bhéadh sásamh éigin
le fághail ag Gaedhil — an sásamh is geal le
n-a gcroidhe nach dtuighid é.



LEON Ó BROIN.



LEITREACHA.



A Fhir Eagair,



Do bhéinn buidheach díot dá gcuirfeá Gaedhealg ar
na focail seo leanas. Teastuigheann uaim gan aon
dul an Bheurla a bheith ar mo chuid cainnte, ach tá
rudaí ann a bhíonn i ngnáth-chainnt duine an lae indiu
foraoir, ná fuighinn iad do thabhairt liom chómh pras
san sa nGaedhilg:-



a contemporary (of Brian)



(making oneself) conspicuous
dinning it (into his ears)



(the pond is deep) at one end



(I did not) encourage (him to do it)



Shareholders



shrugging shoulders



uniform (of soldier)



skeleton



password



odd numbers
even numbers.



Mise,
"FIOSRACH"



Mar seo a dhearfamuís na rudaí atá ó "Fiosrach"
comh-aimsearach le Bhrian iseadh é.



aghaidh na ndaoine do tharraingt ort féin



á shíor-shéide isteach 'na chluasaibh
ar cheann dé



níor mholas leis é dheunamh



lucht na sgarthacha



slinneán do chur ort féin



éide chogaidh



cnámhlach nó cnámharlach



focal na faire



corra-uimhreacha
uimhreacha córacha (nó cóir)



F. E.



LIAM Ó TRAIGHTHIGH:



AISTRIÚ THAIDHG GHAEDHEALAIGH.



1. Dugout…



2. Brakes (of bicycle, Cosc.
etc.)



3. Loyalists… Lucht leanamhna.



4. First aid… An ceud fhóirthin.



5. Bullybeef…



6. Snob… An téirge in áirde.



7. Tin (container)… Ceaintín stáin.



8. Dependents… Muirear.



9. Demobilized… (an t-airm) scurtha.



10. International



11. Pocket book… Leabhar póca.



12. Idea… cuimhneamh.



13. Volley (from rifles) maidhm-urchar.



14. Sneer… cli-mhagadh.



15. Rifle…



16. Adjutant…



17. Salute (military)… umhlughad.



18. Niece… inghean dearbhráthar nó
inghean deirbhshéar.



19. Code of honour… uaisleacht.



20. Personal motives… mar mhaith leis féin.



21. From good motives… le h-inntinn mhaith.



22. From sheer conviction



23. Policy… aigne nó meon.



24. Constitutional (feuch ar a alt).



25. As will be evident from
the following.



mar is soiléir d'aoinne as
so a leanas.



26. Well cared for … togha an aireachais.



NÓTAÍ.



I, 5, 16 — teurmaí fé léith.



3. — nó lucht leanamhna Shasana.



4. — nó ceud-chabhair.



6. nó duine mór-chúiseach.



9. — ba mhaith liom tuairm dhuine éigin eile air seo.



10. — idirnáisiúnta.



11. — leabhar phóca.



15. — níl aon fhocal air seo ach guna.



9, 19, agus rl. — tuigtear (as cleachtadh a's taithighe an
fhocail) ar an nóimeant cadé brigh an abairt i
mBeurla. Glacadh mar fhocal nó mar abairt
é nuair a cheap duine éigin an cheud lá é. Nuair
a bhuailfidh an ócáid linn ceapfar rud éigin chomh
maith leis, gan dabht.



22. — as lán-deimhinightheacht.



23. — Palasaí an nua-fhocal a úsáidtear ag tagairt
do urrús.



24. Constitutional action: gan an guna do tarraingt
chucha (nó rud éigin den t-saghas san.)



26. — nó cothuighthe (uaireannta) béidir.



FEAR EAGAIR.



Ná Dearmhadaidh Lucht na bhFógraí sa
"Sguab."


L. 80


BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA.
ÁRD-OIFIG:- FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
BAILE ÁTHA CLIATH.



DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT
GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT.



Bun-airgead Geallta, £406,000.
Bun-airgead Díolta, £203,000.
Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1923, £1,650,000.



BUNUIGHTHE 1920.



BRAINNSÍ:-
68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh,
Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis,
Mathchromtha.



THE
NATIONAL
LAND BANK
LTD

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services