Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Focail Ghaedhilge sa mBéarla

Title
Focail Ghaedhilge sa mBéarla
Author(s)
Ó Síothcháin, S.,
Composition Date
1923
Publisher
Muintir An Sguab

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SGUAB



Im. II. Uimh. 15. NODLAIG, 1923. 3p. SA MHÍ



RÉIM NA h-UIMHREACH SO.



Leath.



AN RUD IS MEASA LE DUINE NÁ A BHÁS 43



AR MO THIMTHIREACHT DOM, PÁDRAIG Ó CADHLA 43



NÁISIÚN BEAG BEO II, AN CHU MHALL 47



FÉ SHOLUS AN LASÁIN SIN, AN t-ATH. SEOIRSE MAC CLÚIN 49



FEALLSEAMHNACHT NA nDEAGH-BHEART, AODH MIC FHINN 51



MO ANNCAIL SEÁRLAÍ, CLOCH LABHRAIS 53



SA TIROL "DEORAIDHE" 55



LÉIRMHEASA 57



LEITREACHA 58



COMÓRTASAÍ 59



CUMANN URRADHAIS MUINTIR NA h-ÉIREANN
(THE IRISH PEOPLE'S ASSURANCE SOCIETY)



CUMANN DO GACH AOINNE ISEADH É. NÍL AON NIDH CHUN DEIRIDH ANN.
FÍOR-ÉIREANNAIGH ATÁ I mBUN NA h-OIBRE SEO.



Gach fios agus faisnéis le fagháilt ón Rúnaidhe



S. M. Ó DEORÁIN
ÁRD-OIFIG — CEARNÓG PHARNEILL a 16, ÁTH CLIATH.



LEABHRA MAITHE GAEDHILGE



AN BARRA: Leabhairín do Pháistí. Nioclás Tóibín
an scríbhneóir.



Leabhairín é seo do pháistí sa tríomhadh buidhin nó sa
ceathrú buidhin do réir mar a thuigtear don múinteóir.
Mar do dhein sé sa nGeamhar tá a dhícheall déanta ag
Nioclás Tóibín ar adhbhar oiriúnach léighinn do sholáthar
don pháiste, agus a bheith cothrom maidir le ciall agus
cruadhas. Ocht leathanaigh agus dachad atá ann.
Luach 6d. glan.



ÓIR-CHISTE: Duanaire Liricí don aos Foghluma.
Seamas Ó h-Aodha, M.A., do thoigh.



Cnuasacht é seo desna dánta is mó clú agus cáil i
nGaedhilg. Tá 45 cinn aca ann agus na filí is fearr abhí
riamh againn a scríobh iad ó Oisín Mac Fhinn go dtí
Pádraig Mac Piarais. Tá míniú nó argóint ag gabháil
le gach aiste sa leabhar agus gach míniú aca i nGaedhilg
bhlasta. Tá foclóir, agus gluais ag tabhairt eolais ar
gach áit is ar gach duine atá luaidhte sa leabhar. Níl
aon Bhéarla ann. 156 leathanaigh. Luach 5s. glan.



BEIRT DHÉISEACH. Cnuasacht scéilíní le Seán Ó
Cuirrín. Scéal acu ar a cheann féin; Eadartheangachd
ar Bhéarla Washington Irving (Rip Van Winkle);
Tolstoí (The Long Exile); LorimerStoddard (The
Indian's Palm) an chuid eile. Tá adhbhar cleachta ar
aistidheacht agus notaí agus foclóirín ag gabháil leó.
Luach 3s. 6d. glan.



Agus na Leabhra eile is fearr i nGaedhilg le fagháil ó



CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN TEOR.,
89 Sráid an Talbóidigh i mBaile Átha Cliath.



SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH,
Tta.



Gach leabhar a bhaineann le h-Éirinn,
Gach leabhar gurbh Éireannach a sgríobh é,
Gach leabhar ar fhoghluim na teangain,
Táid go léir annso againn má táid i
gcló.
Gheobhfaimíd duit leabhar ar bith atá uait.
Liostaí Saor.



SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH,
Tta.,
45 SRÁID DÁSÚN, ÁTH CLIATH.


L. 42


An Ghaedhealg sna Siopaithe.



Má thá sé uait, a dhuine, an Ghaedhealg a bheith dá labhairt agat gach aon lá
ceannuigh do chuid grósaereachta agus lóin-tighis uainn. Ní gádh dhuit Beurla do
labhairt annso mar go bhfuil an Ghaedhealg ag gach aoinne sa t-siopa.



Ó RAOGÁIN AGUS A CHOMH., TEO., SRÁID DÁSON, 54.



ÚSÁID
GRANIA
TOOTH
PASTE
AR SON t'FHIACLA



ÚSÁID
GIBSOL
OINTMENT
AR SON DO
CHROICINN



Fior-dheuntús na h-Éireann iseadh iad so. Táid le fághail
ósna drugadóirí ar fúd na tíre ar 1/3 gach ceann nó go
díreach (saor tríd an bpost) ó Gibsol, Teo., Lána an
Chláir, Áth Cliath. Deuntar íce le h-aghaidh beithidhigh ann leis.



WEST & SON



SEODÓIRÍ, GAIBHNE AIRGID, AGUS
CLUIGEADÓIRÍ.



Tigh Grafton,
102 agus 103 Sráid Grafton, Baile Átha Cliath



Tá suas le ceud duine ag
obair san gnó so. Déinimid
duaiseanna óir agus airgid
le h-aghaidh feiseanna agus rl.
agus deuntús fíor-
Ghaedhealach ortha.



Tagaidh isteach chun iad dh'fheiscint.



Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n
Chumann Gaedhealach is Fearr



AN CUMANN IBÉRNACH
INSIÚRÁLA TEÓ.



I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS
COITCHINNE.



Príomh-Oifig — 48 agus 49 SRÁID AN
DÁMA, ÁTH CLIATH.



Na Polasaithe is iomláine le
Fagháil.


L. 43


AN RUD IS MEASA LE DUINE NÁ A BHÁS NÍ FHEADAR
SÉ NACH É LÁR A LEASA É:



Ní chreidfeadh aoinne cúpla bliadhan ó
shoin go mbeadh aon cheist thabhachtach maidir
le Riaghaltas na tíre le socrú agus le
réidhteach againn dúinn féin, agus dá
gcreidfeadh féin níor dhóigh le duine go
mbéidís chomh deacair san as atáid. Ach
dá achrannaighe gach aon cheann eile aca níl
aon rud níos tabhachtaighe, mar adubhramar
cheana, ná ceist airgid an náisiúin. Tá's
ag gach aoinne cá luigheann an bhróg air féin,
dar ndóigh, ach tá an oireadsan taithighe
againn i nÉirinn ar a bheith ag feuchaint ar
an sgeul so agus gan aon bhaint cúramach
againn leis ná tuigeann an urmhor dhínn go
mbaineann an cheist seo go dlúth leis an
duine is boichte sa tír.



Sinn-ne féin is cionntach le uireasbhaidh
airgid na tíre seo gan amhras in slighe —
chomh fada as a bhíonn fiacha puiblidhe orainn
mar gheall ar sgrios agus éirleach an chogaidh
do leigheas. Ach dá mba rud é go rabhamar
go léir tréis a bheith ag cur le chéile chun an
rud ba mhó dob fhéidir linn do bhaint as an
gConnradh in áit a bheith ag cur ar a chéile
agus dá mbéimís tréis bliadhan do chaitheamh
ag leasú, in áit a bheith ag milleadh, mar sin
féin do bhéimís i gcruaidh chás — gan é bheith
chomh dona as atá, gan dabht, ach dona go
leór mar sin féin. Mar leath-is-muigh den
díobháil atá deunta againn féin orainn féin,
níl ionnainn ach cuid den domhain mhór, go
díreach mar gach aon tír eile ná tabhairfidhe
suarach agus iargcúlta ar fad uirre. Táid
go léir i gcruaidh chás. Dá luighead airgid
a bhíonn sna tíortha móra tionnsgail is
amhlaidh is lugha a bhíonn le caitheamh ar na
rúdaí a bhímíd ag soláthar i nÉirinn agus
móthuighmuid-ne tuitim agus eirighe tráchtála
agus gnótha an domhain mhóir chomh maith le cách.



Tá an Rúise ag cromadh ar a bheith ag cur
an tinnis a bhí uirre dí, an tromluidhe
millteach uabhthásach a ghaibh sí tríd. Anois
baineann sé le deallramh go bhfuil muintir
an Ghearmáin, dá shocaire dá dhuthrachtaidhe
dá chiuine fadó iad, go bhfuilid ag tuitim i
ndiaidh a gcinn isteach sa lag cheudna. Níl
aoinne, is dócha, dá mhéid é a neamh-mhuinighin
asainn, gur dhóigh leis go bhfuil sgeul chomh
dona san in ndán dúinn annso i nÉirinn.
Ní dóigh linn é ná in aon ghiorracht do — ach
feuch ar na tíortha is saidhbhre agus is socaire
sa domhain. Tá SeanShasana ag tabhairt
agaidh ar aimsir annroghach an gheimhridh agus
1 1/4 miliúin duine ag lorg oibre ann. Is
beag níos fearr ná SeanShasana atá Sasana
Nuadh féin, agus an Fhrainnc, an tír is
cosamhla le h-Éirinn, maidir le tréithe agus
nósana na ndaoine, — cad atá sí sin ag
deunamh ach ag feuchaint ar síbhílteacht na
hEúróipe ag tuitim as a chéile nó béidir
gur chirte dhúinn a rádh ag cur iachall uirri
tuitim as a chéile. Is dóigh le roinnt daoine
tuisgeanacha, daoine ná feuchann ar an taobh
dorcha de sgeul i gcomhnuidhe, leis, go bhfuil
an domhain ag tosnú, go réidh righin ach ag
tosnú, ar na h-aoise dorcha arís agus go
ragaidh sibhílteacht agus cultúr (agus gach
aon rud a dhéineann níos aoirde ná daoine
fiadhna sinn) i luighead in áit a chéile agus
sa deire thiar thall ar neamhnidh ar fad.
Bin é deire gach aon síbhílteachta a tháinigh
romhainn agus níl ár síbhílteacht féin gan
locht dar ndóigh gur dhóigh linn go leanfadh
sí uirre go deó.



Do bhíodh an iomarca maoimh againn asainn
féin in Éirinn i gcomhnuidhe. Ba dhóigh le
duine orainn ná raibh aon dream eile ar
dhruim an domhain ar aon leibheula amháin
linn ar ao' chor. Ach ní bhíonn treun buan.
Tá a mhalairt de phort dá seinnt againn
anois agus is gairid go mbéimíd ag deunamh
ró bheag dínn féin béidir — ó h-imeall go
h-imeall mar is gnáthach linn, go deimhin.
Is dóca ná fuil mórán sa difiridheacht idir
sinn agus aon náisiún eile i ndeire na
sgríbe. Ach tá an rath orainn go bhfuil ár
dtír féin cuid mhaith thiar ón gclampar a's
ón achrainn is measa ar Roinn na hEúróipe,


L. 44


agus dá dhonacht ceist airgid agus rl., más
daoine neamhspleádhach agus muran dream
mí-iomparach ar fad sinn ba cheart go
nglacfaimís leis an seans atá againn cun
na síbhílteachta Gaedhealaigh do chur ar a
bonnaibh arís, agus cá bhfios dúinn ná
coimeádfimís síbhílteacht na hEúróipe beó
tamall eile fós dá bhárr. D'aimhdheón
Jazzbands agus d'aimhdheóin comhacht an
"Daily Mail" agus a leithéidí tá comharthaí
le feiscint annso as annsúd ná fuil an
náisiún dall ar fad, agus béidir go mbeidh
sé chomh maith leis an ócáid fós, le congnamh
Dé. Níl aon dabht ná go bhfuilimíd tréis
creidheamhaint na hÉireann do laighdiú de bhárr
an tslighe atáimíd nár n-iompar féin agus
nach ró fhuirist a gheobhfar an tairgead atáthar
a lorg fé urrús an náisiúin. Ach ní bhíonn
ar aon rud ach tamall agus maran bhfuilimíd
imighthe nár ngeillteanna ar fad ar fad
cuirfimíd dínn an díthcéille anois. Agus
má fheuchtar ar éirim an ruda níl ceisteanna
economiceacha na hÉireann chomh achrannach ná
chomh do-réidhtighthe a's atá ceisteanna den
tsaghas ceudna i Sean-Shasana féin. Ba
cheart go ngabhaimís buidheachas le Dia ná
fuil an iomarca tionnsgal ar siubhal in
Éirinn i gcomparád le feirmeóireacht agus
fiú ná fuil ár ndothchaint tionnsgail ar
siubhal againn fós. An rud is measa le
duine ná a bhás is minic gurb é lár a leasa é.



Nuair a cuireadh líon ár ndaoine chun a
leath breis a's trí fichid bliadhain ó shoin
do cuireadh ó bhaoghal cruaidh-chás Shean-Shasana
an lae indiu sinn. Nuair ná bíonn an iomarca
daoine in aon tír agus nuair a bhíonn an
urmhór desna daoine ag maireachtaint de
bhárr saothrú na talmhan ní baoghal dóibh sa
deire chomh fada as a bhíonn siad sásta le
simplidheacht beathaidh. Gheobhaimísne ceacht
tairbheach do bhaint as stáir tionnsgail
Shasana le ceud bliadhan anuas agus sgéim
oireamhnach do cheapadh dúinn féin in áit
a chéile, 'na mbeidh cothrom na féinne le
fághailt ag gach aoinne agus 'na mbeadh níos
mó daonnachta ná mar atá sa sostuim mí-
nádúrtha atá aca san — agus atá againn féin
leis chomh fada as atá aon tionnsgal againn
ar ao' chor. Ach anois pé rud a thuitfeadh
amach ní bhfuighfeadh muintir na hÉireann bás
leis an ocras agus ní fheudfaidhe iad do
chur chun a leath arís.



Ní dheunfaimís aon iongantas dé dá
mbainfeadh sé sin do Shean-Shasana agus an
slighe atá an sgeul aca anois. Tá saothrú
ag dul i luigheadh agus feurach ag dul i
méid le tamall maith anois. Bhí gach aoinne,
ach na ranchers amháin, ag gearán mar gheall
air agus bhí an ceart aca, ach toisg an
oireadsan talmhan a bheith fé fheur in Éirinn
cheana ní bhfuigheadh an tuitim mór atá tréis
teacht ar gach aon rud atá le díol ag lucht
feirmeóireachta an oiread san díobháil do
dheunamh orainn as a dheunfadh sé i SeanShasana,
áit a bhfuil sé ag athrú deallramh na tíre
cheana féin agus ag meudú uimhir na bhfear
atá ag síor siúbhal sios suas ag lorg oibre
ann. Agus dá bhrígh sin, maran dtiocfaidh
aon athrú obann ar beatha an náisiúin seo
ní chuirfear isteach mórán ar na hiarrachtaí
atá á dheunamh cheana chun feirmeóireachta na
hÉireann do chur ar slighe a leasa arís.
Da mhéid é an neamhmhuinighin a bhíonn ag
gach Éireannach uaireannta as a thír, dá
láidiridhe croidhe é, béidir go bhfeiceomuid
an lá fós a mbéimíd ag gabhailt ár
mbuidheachas le Dia gur tíorthaighe den tír
breágh (mí-ádhmharach?) so againne sinn.



CÁRTAÍ NODLAG!



'Seadh, is mithid Cúimhneamh ar na Cáirdibh
thar Saile. Tá sreath de Chártaí Deasa,
Dáthuighthe, Beannachtaí i bhFilíocht ortha, le
fagháil ó



MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
Siopadóir Leabhar,
87 Sráid Uach. na Dhriseóige, Áth Cliath.



N.B. — Liosta leabhar Gaedhealach ullamh anois.



TIGH-ÓSDA "CLARENS,"



Ag Cé Ueillington
i mBaile Átha Cliath



Tá gach aon chompórd ann agus é so-lámhach do gach áit
is fiú le rádh 'sa Chathair.



70 Suainliosa. An biadh — bog, soghmhail, so-bhlasta
Solus Eleictric. Agus an freasdal ar fheabhus.
An díol fiach réasúnta.



BÍONN TARRAING MHÓR DAOINE AR AN
"RESTAURANT" atá ag gabháil leis.
An Guthán 1217. Telegram: "Clarence Hotel, Dublin."



TIGH-ÓSDA AN ROYAL EXCHANGE
Sráid na Feise, i mBaile Átha Cliath.
Tá sé seo ar cheann des na Tighthe-ósda is compórd-
amhla 'sa Chathair.



Tá gach aon chóir ann agus an díolfiach réasúnta.
Guthán 2678. Telegram: "Comfort, Dublin."


L. 45


Ar mo Thimthireacht Dom



AITHBHEOCHAIN NA GAEDHILGE.
ROINNT DEN STÁIR.



Deirtear gur fearr aon fheuchain amháin
romhat ná dhá fheuchain id' dhiaidh. B'fhéidir
sin acht mar sin féin is maith an rud
feuchaint id' dhiaidh anois agus ars; pé
aca olc nó maith a chaith tú do shaoghal ní
haon díoghbháil feuchain agus ath-fheuchain a
thabhairt air. Foghluimeochaidh tú do cheacht
as i gcomhnuidhe más méinn leat. Is dóigh
liom gurbh' mhaith agus gurbh' fholláin an rud
dúinn anois nuair atá cursaí na Gaedhilge
ar talamh chomhthrom againn feuchain siar agus
machthnamh a dheunamh ar an gcuma bhí ar an
sceul fiche éigin bliadhain ó shoin.



Is mór an chuid de stáir na hoibre a
geobhadh na Timthirí a bhí ag obair an uair
úd do Chonnradh na Gaedhilge a bhreacadh síos
in a gcúntaisí in aghaidh an lae. Nach mó
eachtradh agus seanchus a gheobhadh Fionán Mac
Coluim agus Tomás Ó Coincheannain a innsint
ar a n-imtheachta ar fuaid Leath-Chuinn agus
Leath-Mhogha — nó aoinne eile des na timthirí,
Seán Ó Cearbhaill, nó Donchadh Ó Laoghaire,
nó Peadar Ó hAnnracháin, nó An Fear Mór,
nó Pádraig Ó Máille, nó Aodh Ó Dubhthaigh.
Dob' fhiú solas an lae a thabhairt do na
heachtraí agus don seanchus sin go léir.



Ag timthireacht don Ghaedhilg "dob' obair
dom féin seal agus a rún don phobal gurbh'
fhollamh an chéird sin," mar adubhairt Donchadh
Ruadh fadó. 'Sa mbliadhain míle agus naoi
gceud slán don tSlánaightheoir bhíos-sa ar
oileamhaint i gColáiste Oileamhna na Múin-
teoirí Scoile i gcathair agus i ndeagh-bhaile
Bhaile-átha-Cliath. B'é m'ádh agus mo rath
go raibh ar chomh-oileamhain liom ar feadh na
haimsire sin an deagh-fhear agus an fíor-
Ghaedheal sin Enrí Ó Muirgheasa ó Féarna i
Muimhneacháin. Dhéineamar comh-cheangal
caradais agus muinteardhais le n-a chéile
tre mhór-bhuaidh agus meanmainn urlabhra na
Gaedhilge. Bhí an chaint sin ó dhúthchas agam-sa
agus theastuig ó hEnrí an chaint sin a
shaothrughadh dhó féin go binn agus go blasta.
Bhí cuidreamh mór eadrainn in halla na
foghluma agus ar mhachaire an imeartha. Bhí
sé dúthrachtach, dícheallach don teangain agus
d'árdaigh sé mo chroidhe-se agus mo mhisneach
dí 'sa tslighe gur thug mé mo gheallamhaint
dó go ndeunfainn mo dhícheall ar í leathnughadh
i measc ár ndaoine. Bhí ceangal agus
dlúth-bhaint aige siúd le lucht Chonnartha na
Gaedhilge acht, foraoir! ní raibh a fhios
agam-sa a leithéid a bheith ann go dtí sin.



An bhliadhain cheudna so a bhfuil mé ag
tagairt dí a chuireadh Bainrioghan Shasana go
Baile Átha Cliath feuchaint an bhfuighbhthí
roinnt d'fhearaibh óga na hÉireann a mhealladh
chum dul i gcogadh na mBúraigh in Aifrice
Theas. Is dóigh gur i mí an Aibreáin a
tháinigh. Cuireadh sinn go léir amach chum
fáilte agus lúthgháir a chuir roimpe pé aca
ar mhaith linn é nó nár mhaith. Bhí roinnt
againn ann agus ba bheag an dúil a bhí againn
in aon lúthgháir na greadam a teasbáint dí
acht chaitheamar dul amach i bhfochair na coda
eile. Bhí roinnt agus níorbh' bheag é a
theastuig a bheith páirteach insan lúthgháir a
theasbáint dí.



Acht, ní hé sin acht é seo. Tháinig aimsire
an Oireachtais agus Árd-Fheise na Gaedhilge
'sa mBealtaine in a dhiaidh sin agus theastuigh
uainn-ne, sinn a bhí ag cur suime i ngnó na
Gaedhilge, theastuigh uainn cead d'fhaghailt
dul amach lá an Oireachtais. Chuamar go dtí
an t-uachdarán acht ní raibh aon fhagháil againn
an cead d'fhagháil. Ní raibh aon mhaith dhúinn
a bheith ag cur i gcuimhne dhó ní hamháin go
bhfuaireadh cead acht gur chuireadh amach sinn
chum fáilte a chur roimh Bhainrioghain Shasana.
Teasbánann so dhúinn conus a bhíodh ag
deunamh oilleamhna do oidí na tíre seo an
uair sin. Is beag an meas a bhí ag na
húghdair seo ar an Ghaedhilg an uair sin.
Ní h-iongnadh go mbeadh an-chuid de na hoidí
siar i réim na Gaedhilge anois. Bhí an ghráin
ag lucht na gcoláistí ar an Ghaedhilg agus
ar gach aon rud a bhain leí. Is beag an
chongnamh a tugadh dúinn chum croidhe ná
anam Gaedhealach a chur in oideachas na tíre.



Breis gus bliadhain tar éis dom an áit
mhí-ádhmharach sin a chur díom d'éirigh mé as
an mhúinteoireacht scoile agus chuaidh mé ag
timthireacht do Chonnradh na Gaedhilge. Toghadh
cúigear nó seisear dínn san am ceudna
agus glaodhadh suas go Baile Átha Cliath
orainn. Bheartuigheadh a cheanntair féin do
gach aoinne agus cuireadh mise i mbun na
hoibre is na Déisibh.



I "Shliabh Geal gCua a rug buaidh na
féile," a rugadh agus a tógadh mise. Ní
hamháin gur rug sé an bhuaidh leis 'sa bhféile


L. 46


acht buaidh léighinn agus buaidh filidheachta
leis mar adeir Donchadh Ruadh 'san Eachtradh.
Díreach treasna Abhainn na Finisce ón áit
a rugad mé tá páirc na scoile i mBaile na
Giolcaighe. Sin í an scoil a dóghadh ar
Dhonchadh nuair a dhein sé an aoir ar bhean
óg den áit. Timcheall mile uaidh atá Tigh
na Laidhre agus Carraig an Chodlata, áit
ar chaith Donchadh scaitheamh eile dá shaoghal.
Rud beag soir ó dheas atá Tigh na Coille
agus Cúirt Churrach na Slaodaighe, áit a raibh
Máire Ní Dhonagáin bainfhile an bean-
chaoineadh. D'airighinn an tsean-dhream ag
cuir síos ar na caointeacháin agus ar na
hamhráin a cheap sí seo le n-a linn. Is
truaigh liom anois ná raibh ionnam an uair
sin iad go léir a scríobhadh síos. Tá urmhór
de na sean-daoine a rabhadar aca fé'n bhfód
anois. Ba mhór le rádh Sliabh Geal gCua i
dtaobh léighinn agus filidheachta 'sa t-sean-
aimsir sin. Bhí fir agus mná fileamhla ann
le linn domhsa a bheith ag eirighe suas — bhí
Fearchaillighigh, Dáltúnaigh agus Floinnigh agus
féith na filidheachta go maith agus go nádúrtha
ionnta. Bhí an Ghaedhealg go maith ag urmhór
na leanbhaí le m' linn féin ag dul go dtí
scoil Thúr an Fhiona; is ar éigin atá sí
go nádúrtha ag aon leanbh scoile ann anois.



Chuireas-sa Craobh de Chonnradh na Gaedhilge
den cheud iarracht agus d'fhan mé mí nó dhó
in a bhun. Bhí craobhacha agus buidheanta
ar siubhal agam 'sa Chaisleán Cuanach agus
'sa Chaisleán Nua. Ba bheag an mhaith
buidheanta agus craobhacha a chur ar bun agus
iad d'fhágaint annsin gan aoinne chum
feuchaint in a ndiaidh. Tar éis an méid
Gaedhilge agus an méid léighinn a bhí i "Shliabh
Geal gCua na Féile," ní raibh aoinne ann an
uair sin a bhí in iúil ar an Ghaedhilg a léigheamh
ná aon stiurughadh a dheunamh ar an té a raibh
sainnt air í d'fhoghluim. 'Sé an chuimhneamh
is sia im' cheann acht leabhar úrnaidhthe
Gaedhilge d'fheicsin i láimh sean-fhir de
mhuintir Mhuirgheasa ó Mhóin an tSeabhaic.
Rud eile a thug mé fé ndeara nach bualadh
cló a bhí 'sa leabhar úrnaidhthe sin acht láimh-
scríbhinn. Nuair a fuair an fear sin bás
do dhein mé iarracht ar na leabhartha d'fhagháil
acht bhíodar tabhartha ag bean a mhic d'Uisseir
na Ceapaighe. D'airigh mé go bhfuair an
tAthair Pádraig de Paor atá anois in a
Ollamh i gColáiste na hIolscoile i gCorcaigh
iad.



Is eadh aon áit ná raibh duine a gheobhadh
an Ghaedhealg a léigheamh ba bheag an mhaith
a bheith d'iarraidh craobh ná buidhean a
choimeád ar bun ann. Chuaidh an craobh so i
Shliabh gCua in eug agus níor bhain Connradh
na Gaedhilge leis an áit ó choin go dtí
anuraidh. Is mar sin is mó a bhíodh an sceul
an uair sin ag na timthirí — ag cur craobhacha
ar bun agus dá leigint dul in eug. Dá
rángochadh do mhaighistir scoile insan áit
eolas a bheith ar an nGaedhilg aige choimeádfadh
sé an craobh ar siubhal agus is maith liom
an chaoí a bheith agam annso chum a rádh
muireach iad gur beag craobhacha de Chonnradh
na Gaedhilge a choimeádfaidhe ar siubhal is
na Déisibh nó maidir le sin de in aon áit
eile. Acht ar an taobh eile dhen sceul is
minic gurb' iad cúrsaidhe báis craoibhe iad.
Is minic a dheineadar uisce-fé-thalamh leis
an sagairt agus go gcuirtí deireadh leis
an gcraobh. Mar adubhairt mé ag tagairt
do sceul na Rinne dhom bhí caint na Gaedhilge
ó dhúthchas ag leath de mhúinteoirí na nDéise
an uair úd. Bhí léigheamh agus scríobhadh na
Gaedhilge ag cuid aca agus dheineadar sin
cuid mhaith de obair na Gaedhilge gan pádh
gan tuarastal. Ní is na scoileanna a
dheineadar é acht in obair craoibhe. Bhíodh
sagairt óg thall agus abhus a dhéineadh roinnt
acht siad na hoidí scoile a dhein an chuid ba
mhó den obair.



PÁDRAIG Ó CADHLA.
(A thuille le teacht.)



Cabaireacht.



Camán i láimh leinbh
Bile i bhfál Fodhla,
Buinneán i n-ánn Billiards
D'imirt bíonn práinn óil air.



An t-é ólann agus nach eól dó nuair ólann,
Ni'l ann acht slugaire, a mhic; fág tart air.



An t-é ólann agus gur eól duit nuair ólann,
Ní'l ann acht plubaire, a mhic; scaoil thart é.



An t-é d'ólfadh acht ná h-ólann nuair óltar,
Ní'l ann acht grugaire, a mhic; seachain é.



An t-é d'ól leat agus nach eól dó nár ólais
Bogadán é, a mhic; dein rún d'á n-innseann
sé duit.



"DEAGLÁN."


L. 47


NÁISIÚN BEAG BEO.



II.



Bhíos ag tagairt do chreidimh na mBascaigh
an mí seo caithte agus do n-a séipéil. Tá
árdáin chun suidhte mór thimpeall an t-séipéil
agus in áirde os cionn a chéile, agus annsan
is mó a bhíonn na fir 'na suidhe ag éisteacht
aifrionn agus na mná agus na strainséirí
síos i lár baill. Ní fhágtar an t-amhrán
fén gcór i dtír na mBascaigh in ao chor —
bíonn curfá ag gabhailt le gach aon hiomna
agus rl. agus eachtra an slighe a bhíonn sé á ghabhailt,
ag na fearaibh sna h-árdáin go mór mhór.
Ba dhóigh le Bascach, dá n-éisteóch sé Aifrionn
annso i nÉirinn gur muintir fior-bhrónach
gruamdha sinn, is dócha.



Ach, mar adubhart, is mó rud a chifeadh
sé a chuirfeadh i gcuimhne dó a thír féin.
Lucht tuaithe iseadh muintir na mBascaigh,
ar an bhfeirmeoireacht is mó a bhídh ag braith
mar slighe maireachtana agus aon áit a
bhfuil tionnsgail móra ar siubhal acu siad
na Franncaigh nó na Spáinnigh a bhíonn mar
mhaighistrí ortha, níos minicí, chun na fírinne
d'innsint, ná mar a bhíonn na sasanaigh
(nó lucht leanamhna Shasana) sna postanna
tabhachracha againn annso.



Dála ár sgéil féin, leis, bíonn na Bascaigh
ag síor-imtheacht thar lear, agus bíotar a
d'iarraidh an gluaiseacht so do stop, ach
níl aon mhaitheas a bheith ag gearán le bun
dúide gan díombáidh i dtír na mBascaigh
nach mar a chéile as atá i nÉirinn. Bímíd-ne
ag gearán mar gheall ar imtheacht na nGaedheal
go dtí Sasana-Nuadh, áit a bhfuil a ngaolta
tréis dul ann rompa agus áit 'na bhfuil
Beurla dá labhairt. Tá na Bascaigh ag
imtheacht go dtí Aimeirice Theas le ceud
bliadhan anuas, go dtí Monté Bhidéo, La
Pláta agus Meicsicó, tíortha 'na bhfuil an
Spáinnís dá labhairt — is ón Spáin is mó
imthigheann na Bascaigh. Ach má imthighid ní
dhearmhadaid a dteanga féin thall agus
deirtear go bhfuil 200,000 duine in Aimeriice
Theas a bhfuil an Bascaís acu. Is ar éigin
a chreidim-se é sin, ámhthach.



Níl an oiread eolais agam ar cheist
teangain na mBascaigh gur féidir liom cur
síos uirre go h-údarásach. Tá 's agam gur
teanga fé leith í, gan aon bhaint aici le
h-aon teangain eile ar dhruim an domhain
maidir le preumhacha focal agus mar sin de.
Dubhraigheadh liom ná fuil mórán litridheacht
Bascíse ann indiu, ná ná raibh san aimsir
fadó — ach do dhearfadh Beurlóir an rud
ceudna, dar ndóigh, mar gheall ar an nGaedhilg.
Níl trácht ar aon sgríbhinn níos sia siar
ná'n bhliadhan 980, pé sgeul é, agus ní mór
le rádh an ceann sin féin. Maidir leis
an lá indiu táid sa chás cheudna linn féin
maidir le páipéirí nuaidheachta, agus léightear
na páipéirí Frainncíse agus Spáinníse go
díreach mar a léightear an t"Independent"
sa nGaedhealtacht againn-ne — má léightear ao'
rud sa mBasctacht; agus dála sgéil na
nGaedheal arís tá clú ar roinnt Bascaigh
i leitridheacht na nGall.



Dá olcas é an slighe atá na Canamhaintí
sa nGaedhilg is seacht measa canamhaintí
Bhascíse. Tá cúig cinn a's fiche dhíobh ann
ar a luighead, ach béidir ná fuil níos mó
difridheacht eatorra san ná mar atá, abraímís,
idir cainnt Chiarraidhe agus cainnt Iar-
Chorcaighe. Ach tá ocht gcinn fé leith ann,
chomh neamh-chosamhail as atá Gaedhealg Tír
Chonaill agus Gaedhealg na Déise.



Castar leis na Bascaigh gurab éigin dóibh
mórán focail iasachta d'úsáid toisg go
bhfuil a dteanga féin ro-bhocht chun rudaí
a bhaineann le sibhílteacht an lae indiu do
chur i dtuisgint na n-eughmais. Ní féidir
le duine ná fuil an Bhascís aige aon tuairm
tuisgeanach do thabhairt air sin. Ach is
féidir le duine a bhfuil an Frainncís aige
go maith Bascach d'aithint ar an nóimeant
agus é ag cainnt Frainncíse, go díreach
mar a dh'aithneochthaidhe Éireannach, dá oilte
é, ar an gcasadh Gaedhealach a bhíonn ar a
chuid Beurla, dá aimhdheoin féin uaireannta.



Ach tá an iomarca ráidhte agam idtaobh
an adhbhar tuir seo.



Tá na daoine go léir dubh: ní fheiceochthá
aon duine fionn imeasg na mBascaigh. Treabh
cruaidh, brioghmhar, neartmhar iseadh iad, na
fearaibh níos mó ná na mná — bíonn siad
sin níos toirteamhla ná na h-Éireannaigh.
Bíd go h-iongantach chun rudaí d'iompar
ar a gcinn. Aon duine a raibh eolas aige
ar an nGaedhealtacht roinnt bliadhanta ó
shoin chuimhneoch sé ar an nóimeant ar aicill-
idheacht na mban (ceud slán leis an sean-
aimsir) iad féin agus na pillíní a bhiodh
acu fadó.


L. 48


Tá an-chaitheamh i ndiaidh an chluiche náisiúnta
acu .i. Pelotte. Saghas péile iseadh pelotte.
Imrightear i gcúirt trí fhalla é fé mar a
imrightear peile, ach tá difreidheacht ann
maidir le riaghalacha. Gheobhainn féin a bheith
ag feuchaint ortha ar feadh dhá uair a chluig
gan a bheith cortha dhe in ao' chor tá na fearaibh
chomh maith sin chuige.



Tá rinncí náisiúnta acu, leis, agus níl
ao' bhaoghal go bhfuil na rudaí is deidheanaighe
ó Pharas agus ó Nua-Eabhrach ag brughadh isteach
ortha: gach aon oidhche sa samhraidh cítear
an "Fandango" ar siubhal acu fén aer
sa sráid nó ar an mbán. Is breágh an
slighe a oibhrightear an cos a's an lámh sna
rinncí seo, go mór mhór sa bFandango.



Is beag an rud caipín, ba dhóigh leat, ach
is iongantach an comhartha náisiúntachta é
nuair a chaitheann gach aoinne, idir óg a's
aosta, bocht a's saidhbhir, fir a's mná a's
páistí, caipín fé leith. Sin mar atá an
sgeul acu annsan; agus ní h-amháin muintir
na h-áite a chaitheann na birréid ach cuid
maith Franncaigh ná fuil braon fhuil bhascach
ionnta leis, agus is mó duine a chuireann
uaidh a hata féin agus a ghlacann chuige an
"beret" an fhaid a's a bhíonn sé ar chuaird
sa cheanntair sin. Níl aon nídh dá shaghas
againn-ne, cé go bhfuil mná na h-Éireann
ag teacht isteach ar na bioráin Gaedhealacha
do chaitheamh anois — ach ní dada é sin seachas
an birreud úd.



Náisiún beag beo iseadh na Bascaigh. Tá
muinghin agam go gclaoidhfid lena nósanna
féin agus lena dtréithe fé leith agus gan aon
phráidhinn acu le cumann ná connradh ná
timthirí ag gabhailt thimpeall ag craobhsgaoi-
leadh soisgéil náisiúntachta leo, ach an
oiread. Tá neart éigin, spioraid agus
seasamhacht speisiálta, i gcuid desna náisuín
beaga, an slighe a sheasuigheann siad an
fód in aghaidh gach aon t-saghas namhaid.
Meiruílt iseadh é, dar liom go bhfuil na
Bascaigh ann in ao' chor, ach 'sé mo
thuairm go mbeidh an mheiriúlt cheudna
le feiscint ag ár gclann ag clann ar gcloinne
agus ag clann chloinne Chlainneacáin.



AN CHÚ MHALL.



Is oth linn ná fuil slighe againn an mí
seo don liosta úd "Beatha Teangain a
Labhairt."



CRAINN
ÓGA



Níl aon rud níos tábhachtaighe
sa tír seo na crainn
do chur.



A Ghaedhil, ba mhaith linn ár ngnó do dheunamh as
Gaedhilg, agus ní beag san, is dóigh linn.
Cuiridh fios ar chlár na Luach: Crainn Coille,
Tuir Gáirdín, agus Crainn Torthaí.
Tá teistiméireacht againn ó Aireacht na
Talmhanuidheachta.



MUINTIR AN RÁITHÍN,
TUAIMGRÉINE, CO. AN CHLÁIR.



ÁRACHAS



Polasaithe ar ghach
Conntabhairt le
fagháil.



CÁIN-IONCUIM



Cóirighthear Eilimh
Aisiocha, Reidhtighthe,
agus rl.



AG



MAC DONNCHADHA AGUS Ó BEÓLÁIN, TEÓ.
51 SRÁID AN DÁMA, ÁTH CLIATH.



Guthán: 1106. Sreangán: Arrange, Dublin.



TAE.



Togha an mhargadh gach aon tSórt Tae atá
againne, bíonn siad mar a chéile i gcomhnuide
agus bíonn gach éinne sásta leo.



Luach — 2/4, 2/8, 3/ — agus 3/4 an púnt.
Tae ón t-Sín — 2/8, 3/ — agus 3/4 an púnt.



BECKER BROS., LTD.,



Sráid Seoirse Mór Theas a 8 agus
Sráid an Iarla Thuaidh a 17, i mBaile Átha Cliath.



The Monument Creamery



AN T-IM UACHTARLAINN IS FEÁRR.



Deunta d'uachtar glán, úr, pasturálta: Milis, blasta,
is úr i gcomhnuidhe.



Tagann uibhe toghta muinighneacha isteach chughainn
gach aon lá.



SRÁID PHÁRNEILL, 75, AGUS PORT CAOIMHGHIN
ÍOCH., 25, BAILE ÁTHA CLIATH.


L. 49


FÉ SHOLUS AN LASÁIN SIN



Lasadh na soillse fan an chala ar a naoi,
ach níor dhein a solus san ach ceó is mí-
shoiléireacht na spéire a chur i gcéill níos
fearr. Ní raibh puinn daoine amuigh; is
na daoine a bhí, ag fánú a bhíodar; mar anois
bhí an bháisteach dialta san ag teacht fé
thréine na gaoithe; an bháisteach a bhainean
an anáil de dhuine is a reodhan na leicne,
nuair is fuar é; seadh, is a mhúcan áthas
is gile an chroidhe: is ní de shéide amháin
a bhí an stoirm, ach de scrabhana nimhneacha;
is chuaidh sí ag feaduíl ins na simnaethe
is ag caoine is ag siosarnaig ins na lánaí:
is bhailigh na daoine cois na teine, is ghuidheadar
Dia na bhflathas ar na peacaig bochta a bhí
amuigh an oidhche sin.



Ar a deich ní raibh le feiscint ach duine
fánach, cromtha ceann ar aghaidh, ag déanamh
deabhaidh abhaile. Bhí glór na cathrach ag
ciúiniú: fuaim trama thall is i bhfus,
scréach na traenach anois is airíst — ní raibh
le cloisint ach an méid sin, é sin is fogha
na báistí is an ghála ar leaca is fuinneóga.
Ar a h-aondhéag shiúil an póilín suas an
tsráid i n'aonar. D'fhéach sé tímpal cúpla
trus ach ní raibh éinne le feiscint.



Nuair a tháinig sé go dtí an cúinne ag
Sráid Shéamuis thug sé fé ndeara beirt 'na
seasamh i mbéal doiris suas ar a thaobh clé.
Thaidhrimh sé i dtosach ar dhul is órdú dhóibh
buala abhaile, gur mhithid dóibh, nárbh aon
áit oiriúnach san; ach ansan airíst do
mhachtnuigh sé go mb'fhéidir ná raibh ball
ab fhearr aige sna daoine bochta, is leig
sé dóibh. Bhí an bháisteach ag tuitim fós.
Ba ghearr gur múchadh na soillse go léir —
bhí sé a dódhéag, geall leis — is thuit ciúineas
ba mhó ar an gcathair: muna mbéadh scread
caol na traenach ó thuaidh béidir go mbeifá
i gcathair na marbh — ach na h-anmnacha damanta
bheith ag scréachaigh is ag caoine.



Cúpla nóimint 'na dhiaidh sin bhuail stróin-
séar isteach sa tsráidín ón dtaobh thall.
Ní raibh aon chuid dá aghaidh le feiscint ach
ós na súile suas. Bhí sé íseal: cóta
fada síos go bróga air; na súile ag
dlioscarnaigh ar nós an chait sa doiritheacht,
is hata bog anuas air.



"Go bhfóiridh Dia ar an saol mór anocht,"
ars' eisean go marbh-thuirseach, nuair a tháinig
sé 'on ndoras.



"Seadh, go bhfóiridh," ars' an bheirt le
chéile.



"Bhfuil aon lasán agaibh?"



"Tá," ars' iad le chéile airíst.



"A dó is trí, sin beirt is triúr."



"A trí is dó, sin triúr is beirt."



"Seadh," ars' eisean, sa deire, nuair
a bhí sé sásta go raibh an scéal 'na cheart,
"torm an lasán san. Tá sé dialta fliuch
anocht, am baic," is d'árduigh sé a hata.



Las sé an lasán. Nochtuigh an solus aghaidh
lom tanuí, súile géara gorma, srón seabhaic;
is créacht éadrom, a bhí níos deirge ná an
croicean 'na tímpal, fé bhun na súile chlé.
Bhí na malaí troma dubh, is bhí an t-aos ag
fighe cheana ins an éadan is tímpal ar na
súile. Bhíodhg duine den mbeirt fé sholus
an lasáin sin, is chorruigh sé ó chois go cois.



"Sibh-se —?" arsa fear an chréachta, ag
cúnlú na súile géara ar an mbeirt.



"Maolánaigh, Seán is Séamas."



"Seadh," ars' eisean, ag tarrac go
feidhmiúil ar an bpíp, "fuaireabhair mo
litir."



"Ó chianaibh."



"Tá an choinne seo oiriúnach fós, chím:
fúinn féin amháin. Beul, cad deir sibh?"



Do labhair an duine do b'aoirde den
mbeirt.



"Ní féidir a dhéanamh anocht ach t' fhocal
a thógaint air. Cad tá uait?"



"Cúig mhíle ar an stuif go léir,"
"Ní féidir é. Cúig mhíle? Tá san
tharainn amach is amach. Ní dh'fhéadfaimíst
é, ná thar a leath. Is ansan an chúntúirt;
is caithfear na soillse móra a ghearra, is
ansan cad is fiú iad? Tógfaimíd a leath."



"Seadh, ach ní scarfad-sa leo," ars' an
duine eile. "Íad léir go léir, nó faic.
Beidh cothrom agaibh ar iad a dh'fheiscint
amáireach is tairiscint a dhéanamh, má's
áil libh. Ach éistighidh: ní bheidh aon roinnt
ná togha ann. Tá's agam cad táim á rá
nuair a deirim gur fiú trí mhíle eile
iad, is b'fhearra liom bheith scartha leo.
Bead-sa críochnuithe leis an obair feasta,
is sé seo an casa deireanach. An dtiocfaidh
tu, an dtiocfaidh sibh, fé leath-uair tar éis
a h-ocht amáireach? So nó súd: ach
b'fearra liom gur agaibh-se a bheidís."


L. 50


"Deirim airíst," ars' an fear ab' aoirde,
nach féidir linn dul thar dhá mhíle go leith.
Ní bhfuighimíd iad a díol go ceann blianta
is blianta, is ansan an chúntúirt, mar a
dúbhras. Ach — raghaimíd 'on tig ósta leath-
uair tar éis a h-ocht mar a dubhraís." "Nó
a naoi," ars' an duine eile a bhíodgh fé
sholus an lasáin úd. "Beidh sé luath go
leór."



Socruíodh san.



"Is an seóla?"



"Lampa an Óir."



"Agus an ainm?"



"An ainm chéadna."



Do scaradar.



"Sa deire," ars' an duine árd, nuair
a bhí sé deimhnitheach ná raibh éinne 'na dhiaidh,
"sa deire tá sé gabhtha, is againne. An
"Cuitín Glic" da deire. Beidh áthas ortha
anocht sa stáisiún nuair a chloisfidh siad.
An "Cuitín Glic"! le cúig bliana ar fhichid
tá sé ag obair, thall indé i bhfus indiu,
is gan 'na dhiaidh ach a ainm — is leas-ainm é
sin féinig. An Cuitín! Dhein sé barra-
thuisle sa deire, is sinne a fuair ar lár é.
Beidh bille deas 'na choinnibh má's féidir é
chruthú."



"Má's féidir? Cunathaobh nách féidir,
a Bharraigh? An bobhta so —."



"Seadh, an bobhta so, ceart go leór:
ach cad a dh'fhéadfaimíst a chruthú i dtaobh
aon trus eile? Ní mór faisnéis."



"Seadh, is ní raibh ann, dar ndó, ach
seans an trus so féinig. Ach amháin go
raibh an Taoiseach droch-amhraisteach, is gur
deineadh litreacha na Maolánach a dh'oscailt
i gan fhios, is gur chuir an Cuitín an litir
tríd an bpost (is n'fheadar cad a thug é
chun sin a dheanamh) cad é an fios a bhéadh
againn? Luach deich míle eile ceannuithe
díolta, is na páipéirí ag maga fúinn. Ach,
a bhuidhe le Dia, tá an taoide linn an uair
seo, is tiocfaimíd 'on gcuan fé mhaise.
Seadh, tá an méid sin críochnuithe anois.
Aon órdú?"



"A h-ocht ar maidin, a Mhicil, is féach
i dtaobh an ghluaisteáin faid a bhead-sa chun
an Taoisigh."



"Tá go maith: chífead," arsa Micil.



"Slán is beannacht": is bhíodar scartha.



"Ag trácht thar an gCuitín," ars' an
Barrach, ar maidin nuair a bhí an gluaisteán
sa tsiúl aca, "an bhfeadaraís cad é an
chreach ba mhó a dhein sé riamh?"



"Creach?" ars' an duine eile, ag baint
gal tréan as an dtuitín, "n'fheadar, munab
é An Cóifrín Órtha úd é. Áirmhigheadh san
ar fiche míle."



"Agus ar chualáis riamh an rabhadar i
n-aon ghiorracht do theacht suas leis an trus
san?"



"Ní fhéadfainn san a rá. Cheapadar
go rabadar, ach nuair a deineadh cuardach
bhí sé glanta as an áit. Ach — sé is úntaighe
liom ná fuarthas riamh a ainm. Riamh ní
bhfuarthas. Anso indiu is as so amáireach
chómh ciúin san go samhlófá é le sprid nó
taidhreamh. Is an ainm seo a fuarthas leis
an litir, ní h-é seo é, dar ndó. "Seosamh
Mac Seasnáin." Do shloinne féin, am baic!
Dá mbéad fhios aige gur duine den sloinne
sin -. Ach níor chosúla san mar ainm ná
Chioutsci."



"Níorbh eadh, gan amhras," arsa Micil,
ag casachtaigh, is é ag déanamh tarrac tréan,
mar bhí an deatach imithe lé n'anáil is bhí
an aghaidh deargtha aige, "ná Ching Chí.
Ach anois rud eile. Má thugan sé troid?
Tusa atá i gceannas."



"Má thugan?" ars' an Barrach, "bhuel,
b'fhearra dhó gan é. Má nochtan sé na
fiacla gheóidh sé a chúl so;" is bhuail sé
lámh ar a chromán-phóca. "Ní fearr aon
chlampar."



"Tá go maith: bead-sa ullamh, a dhuine.
Seo anois an tig ósta. "Lampa an Óir";
ainm deas. Conus tá an clog?"



"Leat-uair tar eis, geall leis." Is
bhuaileadar isteach. Seadh, bhí an Seasnánach
eirithe, a dubhairt an dóirseóir. Thóg sé
isteach a uisce bearrtha leath-uair tar éis
a seacht, is táinig sé anuas cun breicfeasta
ar a h-ocht. Fuair sé cúpla litir is chuaidh
sé thar n-ais 'on seomra tar éis breicfeasta
á léigheamh. An gcuirfeadh sé fios air?



Dubhradar nar ghá, go raibh coinne déanta
aca, is go bhfanfaidís go dtí n-a naoi:
gur cháirde iad, is go raghaidís suas ansan.
Uimhir 34? Ceart go leór.



Ní gá scéal gearra a dhéanamh fada.
D'aimsíodar 34 ar a naoi, is dheineadar
cnagaire-cnag ar an ndoras; ach níor tháinig
freagra. Bhí an seomra fé ghlas. Dheinea-
dar an cnagaire-cnag aríst níos láidre;
is nuair már tháinig freagra fós, thugadar
araon guala amháin don doras, is siúd le
duine aca ar a dhrom chun talún. Bhí gach


L. 51


aon ní i gcóir chun gluaiseachta ach bhí Mac
Seasnáin gluaiste!



Thánadar anuas ag léimrigh, is dúbhradh leó
gur tháinig Mac Seasnáin as an oifig nuair
a ghluais an bheirt an staighre suas, gur thug
sé síntús don ndóirseóir, gur fhág sé slán ag
cáirde leis, is gur ghlán sé ins an ngluais-
teán go cúin neamh-thoghtha. Bhí an gluaisteán
imithe.



Is fada fada an lá ó thárluigh an méid seo
thuas, is toisc go bhfuair an Cuitín bás le
déanaí is gur tháinig athrú ag an stáisiún,
níl de cheangal orm aon ní a cheilt a thuille.
Nuair a bhí na cosa saor ag an Cuitín —
agus Seósamh Mac Seasnáin ab ainm ceart
dó — bhailigh sé leis 'on Austráil ó dheas.
Ansan do cheannuigh sé feirm fairsing; is
toisc gur tháinig aimsir mhaith is ádh air,
is gur chuir sé a dhúthracht ins an obair, bhí
sé ag cárnán na céadta is mílte fé ghearra-
thamall. Bhí sé scartha glan leis an saol
cam a bhí aige roimis sin, is nuair nár theastuigh
uaidh an saibhreas so go léir a bhí á dhéanamh
aige thosnuigh sé go ciúin socair — seadh,
is go gasta glic, 'na theannta — ar chúiteamh
'na chaimiléireacht.



Ní amháin eile. An mhaidin sin a theith
sé ó "Lampa an Óir" fuair sé an litir
seo:-



"A Sheosamh,



Tán tu meallta. Ní seodóirí sinne,
is beimíd fút amáireach 8.30 nó 9. Teith
leat má's binn leat an tsaoirse. Ach éist
leis seo: D'aithníos aréir thu fé sholus
an lasáin sin. Dubhraís go raibh deire
leis an gcaimiléireacht seo. Bíodh: nó,
má dh'fhágan Dia beo me, tiocfar suas leat:
is má tagtar, ní bhfuighid tu fuascailt eile
uaim-se. Slán agat.



Do dhritháir fós,



MICIL,
(Stáisiún na mBraitheadóirí).



AN t-ATH SEOIRSE MAC CLÚIN.



Ná Dearmhadaidh Lucht na bhFógraí sa
"Sguab."



FEALLSAMHNACHT NA NDEAGH-
BHEART. Ag tagairt do Shólás.



Ní dhéineann duine a bhfuil a mheabhair
aige aon rud gan chúis. Bíonn maith éigin
ag baint le gach aon chúis. Má dhéintear
droch-bheart is chun teacht ar mhaith éigin
do dhéintear é, nó báint éigin a bheith aige
le maitheas; ní dhéineann aoinne droch-
bheart le gradh do an droch-bheart sin.
Thuiteadh amach gur thoil le duine droch-bheart
do dheunamh acht is chun teacht ar mhaith éigin é.



Tá ceud rud agus níl olc ná maith ionnta
.i. ionnta féin. Ní bheadh aon chúis go
ndeunfaidhe iad acht go dtugann siad congnamh
chun teacht ar mhaith éigin leath-is-amuigh dhíobh
féin nó duine do shaoradh ó olc éigin, agus
tuigtear gur mhaith an rud duine do shaoradh
ó olc. Tugtar gean do rud, dá réir sin,
mar gheall ar an mhaith atá ann féin nó i
ngrádh teacht ar mhaith éigin eile. Aon uair
amháin a thugann duine gean do rud éigin
olc i ngradh teacht ar mhaith éigin, tugann
sé gean in a dhiaidh sin dó gan cuimhneamh
ar aon mhaith. Acht is ag cuimhneamh ar an
mhaith a bhí sé an cheud uair do thosnuigh sé.
Thabharfaidhe gean do rud i ngrádh teacht
ar rud eile agus thabharfaidhe gean do an
tara ceann i ngrádh teacht ar an tríómhadh
ceann; cuir i gcás go mbeadh dúil ag duine
i bhfoghluimh, bheadh dúil aige ann chun teacht
ar léigheann agus b'fhéidir go mbeadh an
léigheann uaidh chun sgrúdughadh do sheasamh,
agus an sgrúdughadh chun teacht ar shlighe-
bheathaidh, agus mar sin de. An rud a
leagann duine a aigne air agus go dteas-
tuigheann sé uaidh thar aon rud eile tugtar
an Fíor Fáth air sin.



An bhfuil fíor fáth le gach nídh dhéineann
duine? An bhfuil cúis fé leith le gach aon
rud do dhéineann duine le n-a shúile osgailte?
Ar an gceud dul síos ba dhóigh leat ná beadh,
mar raghadh an duine ceudna ag obair uair-
eannta chun ainm do dheunamh dó féin, uair-
eannta eile chun teacht ar airgead, agus
uaireannta eile le grádh do'n rud. Acht
níl ann ach aon chúis amháin 'sa' deire, sé
sin, go mbeadh an sceul go maith aige féin
agus ag á mhuintir, agus tá gach aon fhear
mar a chéile sa méid sin. Gach aon rud
a déineann duine le n-a thoil is chun teacht ar


L. 52


an fior fáth sin é agus is é an ainm tugtar
air sin nach Sólás.



Ní h-é an rudh ceudna a thugann sólás
do gach aoinne. Ithe agus ól do chuirfeadh
sólás ar dhaoine, teacht ar airgead do
bheadh ó dhaoine eile, dul ag gáibheireacht
ó daoine eile, agus mar sin. Bíonn gach
aoinne ag lorg an rud is maith leis féin mar
ritheann sé leis nuair a bheadh sé aige go
mbeadh an sceul go maith aige. Tuigtear
mar sin go ndéineann gach duine, a bhfuil a
mheabhair aige, gach aon rud do dhéineann sé
chun teacht ar sólás ar shon nach é an rud
ceudna thugann sólás do gach aoinne.



Nuair a theigheann duine ar bhóthar ní gádh
dó a bheith ag cuimhneamh, gach aon cois-céim
do thabhairfidh sé, cá bhfuil sé ag dul, ar shon
go bhfuil gach aon cois-céim ag á thabhairt
go dtí an áit a bhfuil sé ag dul. 'Sa'
tslighe ceudna, ní gádh do dhuine a bheith ag
cuimhneamh ar sólás in gach aon chor do chuirfidh
sé dhe, acht mar sin féin is chun teacht ar
sólás do dhéineann sé gach aon rud. Dá
ndeurfá le fear ná raibh sé ar an mbóthar
ceart go dtí áit éigin ní leanfadh sé de'n
mbóthar sin. Dá gcuirfeá in a luidhe ar
fear ná beadh a leithéid seo de rud go maith
dó, ná tabharfadh sé aon sólás dó: fad do
fhanfadh an comhairle in a aigne dheunfadh sé
an rud sin do sheachaint. Acht tá a leithéid
seo ann, go raghadh duine ag taisdil mar
slighe beathaidh dó féin agus sa deire go
mbeadh sé chomh mór sin i ngrádh leis an
dtaisdileacht go raghadh sé ag gabháilt dó
gan aon ghnó eile nach i ngrádh a bheith ag gabháilt
dó. An rud do dhéinimid chun sólás do
thabhairt dúinn bainimíd sólás as sin féin
sa deire. Teidhimíd chomh mór sin in a
thaithighe is gur deacair linn éirighe as. Tá
baoghal go dtiocfadh olc as so nuair a leigeann
duine do bheus éigin maighistireacht do dheunamh
air, agus rud do dheunamh mar gheall ar a
bheith i dtaithighe é do dheunamh, ar son go
dtuigeann sé nach maith an rud é agus gur
fada ó shólás é. Tá toil an duine as ionad
nuair a thuiteann a leithéid sin amách.



Brigh an tSóláis. Ar shon go ndéineann
an duine gach aon rud do dhéineann sé chun
go mbeadh an sceul go maith aige féin agus
ag á mhuintir sé sin, go mbeadh sólás aige,
mar a thuigeann sé é, is deacair do dheunamh
amach dé rud é an sólás. An rud do
thabharfadh sólás do dhuine ní h-é sin do
thabharfadh dó dhuine eile é, agus ba dhóigh
leat mar gheall air sin go b'é an duine
féin, fé leith, do chaithfeadh a mheas 'dé rud
é an sólás. Ní mar sin atá. Ní féidir
le duine an sólás a thomhas amach dó fhéin
nach an oiread is is féidir leis an tslánte
do thomhas dó fhéin. An biadh do chaitheann
sé chun neart agus sláinte do thabhairt dó
níor dhóchaighde ar domhan rud a bheadh ann
ná nimh in áit neart dó, agus an áit is 'mó
ar dhóigh leis a gheobhadh sé sólás b'fhéidir
gur ann is 'mó a bheadh buairt agus buan-
aindise dó. Caithfidh duine a cheart do
thabhairt do an cholann chuu sláinte a bheith
aige, sa tslighe ceudna caithfidh sé an dlighe
atá ag baint le n-a aigne agus le deagh-
bheusaibh do chomhlíonadh chum sólás do bheith
aige. Ar shon go bhfuil a aiteas beag féin
ag baint le gach aoinne sé an nádúir ceudna
atá ionnainn go léir agus dá bhrígh sin 'sé
an brigh ceudna atá le sólás dúinn go léir.



Gníomh is eadh sólás, ní staid é. Ní
thugann sé sólás do dhuine a bheith ag deunamh
rud éigin leis, ná ní thugann sé sólás dó
a bheith in iúl ar rud do deunamh, acht sé rud
a thugann sólás dó nach a bheith ag deunamh
ruda. Acht tá dá shórt gniomh ann. Tá
an gníomh do déineann duine le nidh eile mar
bualadh nó gearradh agus rl. Ní h-é seo an
gníomh do thabharfadh sólás dó duine, acht
tá gníomh eile do fhanann ag an té do dhéineann
é, mar mothughad nó meabharughadh do thoil
do chur le rud, agus bíonn breis ar fheabhas
ar an té do dhéineann a leithéid sin de ghníomh.
Is le gníomh de'n tsórt sin is féidir teacht
ar sólás. Is féidir gliadh agus gleó fuaim
agus fotharm a bheith ag baint le gníomh nó
is féidir cúineas agus cneastacht, suaimh-
neas agus socaireacht a bheith ag baint leis.
Is sé an tara ceann an ceann a bhfuil baint
aige le sólás. Is beag nach mar gheall
air sin do ghlaodhtar sólás ar shuaineas
uaireannta. Tugtar staid ar sólás uair-
eannta, agus is é cúis é nach go bhfuil
buaineacht ag baint leis. Cuirfear i dtuig-
sint in a dhiaid so cionnos is féidir do
sin a bheith amhlaidh.



Caithfear an sólás a lorg in gníomh do
déineann an duine, mar gheall ar gur duine é.
Tá gnó fé leith ag an tsúil agus ag an chluais
agus ag gach ball de'n cholann, agus dá
bhrigh sin caithfidh gnó fé leith a bheith le deunamh
ag an duine, mar gheall ar gur duine é.
Ní h-aon cheann des na rudaí gheóbhadh plannda
nó beithidheach do dheunamh é sin. Tá an


L. 53


duine sólásach nuair atá sé ag deunamh an
rud nach féidir le h-aon rud eile do dheunamh,
sé sin, a mheabhair agus a thuigsint agus
a éirim aigne do chur ag obair. Is féidir
leis an duine trí rudaí do dheunamh le
h-éirim aigne. Is féidir leis ainmhianta
do chur fé chóis, agus is féidir leis an tuigsint
do stiúrughadh chun obair éigin do dheunamh, mar
teach a thógaint cur i gcás, agus airís, is
féidir leis an tuigsint do stiúrughadh chun
cuimhneamh agus meabharughadh agus marbhna
do dheunamh, baineann sólás le ceann éigin
acu so.



Ní bhaineann sólás le taithighe ná cleachta
do dheunamh des na subhailcigh, daingneacht
agus measaracht. Tugann measaracht neart
dó chun an bhuadh do fhághail ar gach cath do
chuireann an colann air. Ní bhaineann an
sólás le bheith saor ó an rud do dheunfadh
beithigheach de dhuine acht baineann sé le
rud éigin do dheunfádh chomh uasal an duine
agus is féidir dó a bheith. Nuair a bhíonn
duine i mbaoghál iseadh do dheuntar daing-
neacht do cleachta agus ní bhaineann sólás
le baoghal ná cantabhairt acht a mhalairt de
sceul, caithfidh sé a bheith saor ó bhaoghal.
Is é an cleas ceudna leis na deagh-bheusaibh
eile, ní féidir iad do chleachta acht ar uair-
eannta áirighthe, acht ní mar sin do shólás
caithfidh sé a bheith seasamhach fíor-bhuan.



"AODH MAC FHINN."



(A thuille le teacht.)



DIXON & HEMPENSTALL
Fir Deunta Speuclairi
SEOMRAI UM TASTAIL RADHAIRC AR OSGAILT GACH LA
Cuirimíd shuim speisiáltha in oideasaí liagh-súl.
Nuair a chuireann tú fios ón dtuaith ar rud
cuirimíd chugat é an lá ceudna.
SRAID SUFFOLK, 12, ATH CLIATH.



Gheobhfar "An Sguabh" ón mBainis-
teóir, 24 Cearnóg Montseoighe,
Baile Átha Cliath, saor tríd an
bpost ar feadh bliadhna ar 4
sgillinge.



MO ANNCAIL SEÁRLAÍ.
A CHUID SCEALTA.



I.



An Samhradh so chaitheamar thug Maimí
Ciarán a's mé féin leithi go Béal-Abha ag
féachaint m'anncail Seárlaí. Ní fhacamair-
ne riamh cheana é, mar bhí sé i Sasanna Nua
nó áit éigin le bliadhantaibh. Bhí sé go deas
linn mar sin féin, agus thugadh sé amach ag
siúbhlóid sinn agus cheannuigheadh milseáin
dúinn agus gach aon rud. Bhíodh sé ag innsint
scéalta dhúinn leis. Lá, nuair bhí sé trágh-
mhara shiúbhlamar amach go dtí oileán do bhí
ann ag piocadh píothán agus diliosc agus
shuidheamar ar an bhféar ann agus d'innis
sé an scéal so dhúinn. Do scríobh mé síos
é nuair thánamar abhaile ar chomhairle Maimí.



"Léigheabhar, is dócha, ins na leabhraibh,
mar gheall ar na h-Escuímós" — ar seisean.
"An long a chuadhas-sa dtí Sasanna Nua an
chéad uair innte, 'n-a measc siúd do tógadh
an captaoin do bhí uirre. Is amhlaidh do bhí
a athair ar luing do bhí ag lorg an Mhuil
Thuaidh agus thug sé an mac óg leis. Acht
tháinig an Geimhreadh orra agus do mhairbh an
fuacht iad go léir acht amháin an garsún.
Bean des na h-Escuímós do fuair é seo
i gcuas fé mhullachán sneachta agus thug sí
léithí abhaile é, agus mhair sé n-a measc go
raibh sé i n-a fhear, geall leis. Tháinig sé
adtuaidh dtí Talamh an Éisc annsin, agus ag
iascaireacht ann do bhí sé an t-am so a
bhfuilim-se ag trácht air. Ag casadh abhaile
ó Lonndain tar éis an éisc do dhíol do bhí
sé nuair do theagmhuig mise leis.



Acht, ní raibh sé sásta i dTalamh an Éisc.
Bhí sé i gcómhnuidhe a rádh go raghadh sé féin
dtí an Mol fé bhfuigheadh sé bás, agus nuair
chonnaic sé cionnus d'oibrig mise an long
ag dul amach d'iarr sé orm dul leis. Bhí
mé aereach, óg an uair sin — ní bheinn thar
fiche bliadhain d'aois, is dóigh liom, — agus ba
chuma liom cá raghainn. Do chuadhas leis.
D'iarr sé ar an gcuid eile de'n fhuirinn
teacht chómh maith, acht ní leigfeadh eagla
dhóibh é, aoinne aca acht amháin garsún ó
Chonndae an Chláir. Ógáin do b'ainm dó,
Seán Ó h-Ógáin. Dubhairt seisean go
dtiocfadh sé agus fuair an captaoin triúr
phúncán, agus ó thuaidh linn.



D'eirigh go deas linn ar feadh ráithe nó


L. 54


mar sin, acht annsin thosnuig an leac-oidhre
ag bailiughadh timcheall orrainn agus bhí obair
againn d'iarraidh ár slíghe dhéanamh tríthe.
San oidhche go mór-mhór ní bheadh a fhios agat
cá mbeitheá ag imtheacht, mar ní fheicfeá
acht na cnoca móra leac-oidhre ag déanamh
ort, gach cnoc aca chómh mór leis na Comairig
annso thuaidh, agus gur dhóigh leat gur
caisleáin uaireannta na stollaí suas asta
ag na réilthíníbh ag taithneamh orra mar bheadh
ar fuinneógaibh. Uaireannta leis, nuair
bhuaileadh an long i gcionn cnuic aca, thuiteadh
maidhm mór sneachta anuas d'á bharr sa
mullach orrainn agus ní bhíodh ann acht ná
basctaí sinn. Acht bhuaileamar chum cinn
chómh maith agus d'fhéadamar é go dtí sa
deire ná fuighmís dul níos sia. Bhí na cnoca
mór-thimcheall ar gach aon taobh orrainn agus
bhíomar greamuighthe.



Maireach an captaoin ní fheadar mé cad
dhéanfaimís annsin. Choimeád sé an misneach
ionnainn. Mar gheall ar taithighe a bheith
aige ar an áit ní raibh aon eagla air, agus
dubhairt sé linn-ne gan aon eagla bheith
orrainn acht oiread. Ní h-eadh acht sin é
díreach do bhí uaidh féin, adubhairt sé, an
leac-oidhre do bhreith mar sin orrainn mar
go mbéarfadh sí leithí go dtí an Mol sinn;
bhí sí ag casadh timcheall an Mhuil i gcómhnuidhe,
adubhairt sé, mar bhíonn an t-uisce i
gcuilithe-ghuairne san abhainn. An fhaid
gheóbhaimís teacht ar rud éigin d'íosaimís,
adubhairt sé, nárbh bhaoghal dúinn, agus ba
shin é obair do bhíodh agam-sa gach aon lá,
mé féin agus Seán Ó h-Ógáin, dul amach
leis na gunnaibh, ag marbhadh tarmiogan agus
girrfhidhthe bána agus mar sin: — i dtaoibh
an leac-oidhre do bheith timcheall orrainn ní
bhfuighmís teacht ar an uisce chum aon
iascaireacht do dhéana. B'fhuiris go leor
teacht ar na h-ainmhidhibh mar ná facadar
duine ná gunna riamh cheana, agus ní raibh
sgáth ná eagla aca romhainn.



Acht, mara raibh eagla aca sin romhainne,
do bhí cuid aca sin a raibh eagla againne
rompa. Na beithre bána, bhímís ag faire
i gcomhnuidhe eagla go dtiocfaimís i gan
fhios air cheann aca, agus b'fhuiris teacht i
gan fhios orra mar ná tiubharfá fé ndear
iad ag an sneachta. D'fhóbair dúinn lá.



Aimsir bhreágh gréine do b'eadh í — tha's
agaib go mbíonn leath bhliadhain de lá agus leath
bhliadhain d'oidhche aca ag an Mol — agus níor
airigheamar ag siubhal sinn féin gur thánamar
amach ar bharr cnuic de'n leac-oidhre, agus
an machaire deas, mín, fúinn thíos. Bheadh
an fhaill is dócha, céad troig ar aoirde, agus
í chómh díreach le faill na h-Áirde Móire,
agus bhíomar ag féachaint síos nuair cad do
chífimís ag teacht de chúinne tulcha sneachta
ar an dtaobh thall de'n mhachaire uainn acht
sean-bheithir agus dá choileán ag rioth n-a
diaidh 'ghá deól! D'árduig Seán an gunna.



"Ní raibh a leithéid de sheans riamh linn"
— ar seisean, "mar, bíodh gus ná marbhóchad
í, ní bhfuighidh sí teacht aníos an fhaill seo
chughainn," — agus bhí sé ag tarraingt an
chasúirín arís nuair rug mé ar láimh air,
agus dubhairt leis stad. Theasduig uaim
bhreith n-a mbeathaidh ar na coileáin. Do
bhí beirt gharsún ag an gcaptaoin sa mbaile,
agus do bhí a fhios agam go dtiubhraidís na
súile as a gceann ar choileán beithre.



"Stad, a Sheáin" — arsa mise, agus
d'innis mé i gcogar dó cad do bhí i m'aigne.
"Agus rud eile" — arsa mise, — "tharra-
ingeóchadh fuaim an urchair a bhfuil de bheithribh
agus eile i ngiorracht fiche míle dhúinn
orrainn."



Do thuig sé go raibh an ceart agam agus
do chuir sé an gunna uaidh, agus shuidheamar
ar fhaobhar na faille ag féachaint orra. Ní
fheadar arbh' amhlaidh d'airig an tsean
bheithir ag cogarnaig sinn nó cad d'airig
sí, acht stad sí i lár baill agus do chuir
cluas uirre féin. Nuair chonnaic Seán sin,
do dhruid sé siar beagán, nó b'fhéidir gurbh'
amhlaidh do dhein teas a cholna an leac-oidhre
do bhogadh fé, acht, pé scéal é, an chéad rud
eile d'airig mé féin ná "Ó Ó Ó Ó!"
uaidh, agus d'imthig sceilp mhór de faobhar
na faille agus é féin síos le fánaidh.



Shileas go raibh sé marbh, acht ní raibh ná
bascaighthe, mar bhí an sneachta go tiugh thíos,
agus i n-a fhochair sin, bhí sé d'ádh air nár
thuit aon charraig de'n leac-oidhre síos n-a
dhiaidh. Acht mara raibh sé gortuighthe, do
baineadh geit as, agus do bhí sceón ann.
Do bhí a fhios agam go raibh, an tslighe d'fhan
sé gan cor as; — féachaint cad dhéanfadh an
bheithir, is dócha. Níor dhein sí dada, — is
dócha go raibh taithighe aici ar failltreacha ag
tuitim, — acht féachaint i dtreó na h-áite
'n-a raibh Seán, agus nuair chonnaic sí an rud
dubh do shiubhail sí i leith. Má dhein, níor
fhan Seán léithí. B'shin é an uair tháinig lúth
a chos dó, agus do bhailig sé suas é féin
agus as go bráth leis.


L. 55


Badh dhóigh leat ar bheithir ná beadh aon rith
aici. Tá, agus an-rith. Siúd sa tóir n-a
dhiaidh í agus bhí mo chroidhe i' m' bhéal agam
féin ag féachaint ar an rás. Do bhí a fhios
agam i gcómhnuidhe go raibh an-rioth ag Seán
agus do bhí leis, agus níorbh' fhulár dó. An
teidheal deireannach chonnaic mé de, ní raibh
fiche rámhann aige uirre ag imtheacht timcheall
stolla uaim dó agus má bhí aon rud ann,
ag breith suas leis sin adéarainn a bhí sí.
Bheadh sé dian air, adubhairt mé liom féin,
má dhéanfadh sé an lorg uirre.



D'fhan na coileáin mar a bhí aca mar ná
raibh a fhios aca cad do bhí ar bun. Dá
bhfeictheá iad ag féachaint timcheall ortha
agus ag smúsaoil san aer! Níorbh' fhada
d'fhan mé ag féachaint ortha, má 'seadh.
"Dar fiadh!" — arsa mise liom féin, —
"anois nó riamh an t-am agam," — agus síar
ó'n bhfaobhar liom as a radharc, agus síos
deiseal cliathán an chnuic, agus timcheall,
agus amach ar an machaire gairid dóibh. Nuair
tháinig mé i n-a radharc do chromas agus do
dhruideas chúca ar mo chromada agus, i n-a
fhochair sin, do chaitheas iorrbal mo chasóige
thar mo cheann amach chum beithir do dhéanamh
díom féin chómh maith agus d'fhéadfainn, agus
mé ag lapadaoil mar bheadh a máthair.



Do bhí amhras aca ar dtúis nárbh' í a máthair
do bhí aca, agus bhíodar ag cúbadh uaim, —
bhíos ag féachaint amach tré scoilt iorrbail
na casóige, — acht i ndiaidh an ndiaidh ghlacádar
misneach, agus nuair shíneas mo lámha chúca,
agus na méaracha ar leathadh agam, do
rugadar n-a mbéal orra, méar ag gach
coileán, agus chromadar dá súmadh agus dá
súpadh. Ná bí ag trácht ar sucaí laoigh!
Nuair nár shúghadar na méaracha amach ó ailt
díom!



Ní raibh a thuilleadh le déanamh annsin, —
agus ní raibh am agam, ar aon chuma — acht
druideamhaint i ndiaidh mo chúil fé dhéin na
luinge. I ndiaidh mo chúil liom agus iad
a' m' leanmhaint, agus na súile dúnta aca
agus iad ag tarraingt na siní i gcomhnuidhe
agus na cluasa síar aca, agus nuair
shroicheamar an long, is ar éigean d'fhéadfadh
an captaoin agus na púncáin sinn do thógaint
ar bórd leis an ngáire. Acht thógadar,
agus ní raibh an bheirt bhioránach acht i bhfolach
agam nuair chonnacamar Seán agus an bheithir
chúghainn.



Bhíodar chúgainn agus gan órlach sa mbreis
ag ceachtar aca ar a chéile ó chonnac cheana
iad, acht bhí Seán i ndeire a anála, an fear
bocht, agus ní raibh sé acht isteach ar bórd
againn nuair thuit sé i bhfanntais ar chlár
na luinge. Rug mise ar tuagh annsin, agus
do bhí an dá lapa tosaigh ag an mbeithir ar
fhaobhar na luinge nuair tharraingeas an buille,
agus do bhain do'n aon iarracht ar an áit
sin dí iad. Thuit sí síar idir an long agus
an leac-oidhre agus do dhein luascadh na
luinge císte dhí."



"Ar thug tú na coileáin dos na garsúin,
a anncail," — arsa Ciarán.



"Ní thugas" — arsa m'anncail. "Níor
mhaireadar chuige. Chaitheamar an Geimhreadh
do bhí chúgainn i n-Inis Tuile ar ár slíghe
abhaile dhúinn agus do sclogadh den teas
ann iad."



CLOCH-LABHRAIS.



SA TIROL



Táim díreach tréis teacht abhaile ó áit
iargcúlta ar Roinn na Eórpa, áit 'na bhfuil
sléibhte a's gleannta, caraigeacha a's
sneachta go leor. Tá trí tíortha buailte
lena chéile ann, gach ceann acu agus a
poilitidheacht fé leith a's nósanna fé leith
aici. La fuar, fliuch, ceomhar bhíos ar barr
an Bhearna Bernína i dtigh ósda mór, sean
follamh. Teach cosamhail le sean-mhainistir
iseadh é, fallaí téagartha agus seómraí beaga
ann agus fuinneóga beaga a bhféachtar amach
asta ar loch mór dorcha agus ar sléibhte agus
"glaciers" ag teacht anuas ortha go dtí
an loch beagnach.



Bhí an lá go dona a's an gloine ag tuitim,
tuitim, tuitim. D'fhéachas ar an b'fhear a
bhí im' fhochair; d'fhéach sé sin orm-sa. "Tá
grian a's teas san Iodáil thios," arsa duine
againn. "Tá," arsan duine eile, agus i
gceann leath-uaire a chluig bhí an bheirt againn
sa traen ag dul go dtí Tiráno. Gabhann an
bóthar iarainn ó ghleann doimhin san Eilbhéis
go gleann doimhin eile atá leath má leath
san Eilbhéis a's san Iodáil. Ag dul síos
dúinn gach nóimead bhí na tighthe ag teacht
níos cosamhla leis an Iodáil agus nuair a
shroicheamar an stát-teóra in aice Tirano
bhíomar i gceart lár sibhílteacht an Iodáil.



Baile beag, sráideanna caola, tighthe
móra agus gach rud roinnt salach
— ar nós pictiúir — iseadh Tirano. Tá
saghas bainte ag an áit le h-Éirinn, leis.
Tá teach mhuintir de Sales ann, agus tá duine


L. 56


acu-san 'na thighearna talmhan i gCondae
Luimnighe. Ní fheicfidhe baile beag mar
Tirano in aon tír ar dhroim an domhain acht
san Iodáil. Níl áit ar bith níos Iodáilighe
ná é. Bhí ár ndóthchaint teas againn annsin.
D'éirigh an lá go breágh, agus annsin
cheapamar go mbéimís in an dul ar ais sna
sléibhte. Suas linn i ngluaisteán mhór go
dtí Trafoi ar an taobh eile den Stilsfer nó
an Stelvio, an bóthar is aoirde san Eúróip.
Ba é an Stilsfer an teóra idir an Iodáil
a's an Ástraighe a's an Eilbhéis, acht anois,
tréis an chogaidh, tá an teóra Iodáileach-
Áitraigheach a bhfad níos sia ó thuaidh. Suas
go dtí barr an bhearna tá deallramh Iodálach
ar gach rud. Tá na daoine Iodálach, na
tighthe Iodálach. Ar barr an bhearna, ag
seasamh ar an sean-stát-teóra duit, imeasc
an t-sneachta, led' chul tá gach rud Iodálach
agus os do chomhair tá gach rud Gearmánach
ann. Ag féachaint ar an Tirol Theas a bhíonn
tú, áit na rugadh Andreas Hofer agus na
rugadh an Ástraighe féin, d'fhéadfuidhe a rádh.
Céad slat ar taobh do láimh clé tá teach atá
san Eilbhéis, an t-aon tír amháin san Eúróip
indiu, ón mBailtic go dtí an Mediteranian
ón bhFairge Dhubh go dtí an Tír fo Thuinn,
ná fuil tíorántacht éigin ar siubhal innte.
Ar thaobh do láimh deise tá an t-Ortler
Massif, an sliabh is aoirde imeasc na n-Alp
Thoir, barra bána ag lonnradh sa ngrian air
agus glaciers ag teacht anuas ar gach taobh
dhé. Bhí rian an chogaidh le feicsint ann.
Bhíodh teach ósda mór ar barr an bhearna ach
níl anois acht fallaí loma agus cúpla céad
slat uaidh an teach mór Eilbhéiseach slán, gan
lot. Is maith an bhail ar an dtír ná bíonn
páirteach i gcogadh.



Síos linn go dtí Trafoi. Bhí eagla orrainn
ag teacht aníos dúinn, mar tá breis a's
triochad cúinne ar nós bhioráin gruaige sa
mbóthar agus gach uair a ghabhamar thar ceann
acu ní bhíodh an roth acht sé órdlaigh ón aill;
ach bhí an scéal seacht n-uaire níos measa ag
teacht aníos. Sa deire shroicheamar Trafoi.
Bhíomar i measc muintir an Ástraighe annsin;
ní airighim na saighdiúirí Iodáileacha agus
na cuairdeoirí. Iodáiligh ba dhéadh a lán
acu-san agus isiad a righne an tormán
uathbhásach. Is maith liom na h-Iodailigh san
Iodáil, go mór, — acht sa Tirol!



Tá dlighe curtha i bhfeidhm acu ann agus
dá réir coir iseadh é úsáid do dhéanamh den
fhocal "Tirol" ar chor ar bith. Aon duine
a chuireann an focal sin ar barr pháipéir,
nó ar chárta-phosta nó ar rud ar bith, is
éigin dó é sgrios amach nó baintear fíneáil
as. Má bhíonn teach ósda ann a thugtí "Rot
Adler" air, cuir i gcás, 'sé sin le rádh
"fiolar ruadh," caithfear na focail Aguilla
Rossa do chur os cionn na bhfocal Rot Adler!
Tá an Iodáilís ghá múineadh sna scoileanna.
Deirtear go gcaithfidh na daoine féin
ainmeacha Iodáileacha do ghlacadh in ionad
na n-ainm Gearmánach, acht ní chreidim é
sin. Ní fada a bhíonn duine sa Tirol Theas
go mbíonn sé ar thaobh muintir an Ástraighe
agus i n-aghaidh na n-Iodailigh — acht, má 'seadh,
cuimhnigheann sé anois a's arís ar cionus
mar a bhíodh na h-Ástraighigh go díreach chomh
dona i n-aghaidh na n-Iodáiligh nuair a bhíodar
san Iodáil, agus gan oiread a's céad
bliadhan ó shoin fós! Bíonn na daoine go
h-olc in gach tír nuair a bhíonn an chumhacht
acu. Dá mbeadh an Breatain Beag ar ár
gcumas-sa is dócha go ndéinimís iarracht
ar gach saghas comhartha náisiúntachta do
bhaint den tír sin agus an Ghaedhealg agus
ár nósanna féin do chur ar bun i gCardiff!



Politidheacht — dheire, caithimís uainn mar
scéal í. Tá na sléibhte a's na gleannta
ro-dheas: ná bímís ag smuaineadh ar aiteas
na ndaoine. San aer ghlan éadtrom
éirigheann an spioraid: do bhuaileamar suas,
agus ár bhfo-mhálaí ar ár nguailne, go dtí
Payerhutte ar thaobh an Ortlar. Thuas
annsin imeasc an t-sneachta ba dhóigh leat
gurb ar barr an domhain a bhéifeá id' sheasamh.
Ar gach taobh níl dada le feicsint acht barr
sliabh eile, agus taobh thiar dhíobh-san arís
barr sliabh eile, go díreach mar a bhéifeá ag
féachaint ar mhuir mhór an gheimhridh. Acht
ó dhéas uait an t-Ortler, mór, bán, ciuin,
ag féachaint anuas ar an domhan.



"DEORAIDHE."



DEUNANN



SCOTT & A CHOMH., TEÓ.
Ráin, Sluasaid, Grafáin, Piocóid, Héatair,
agus &rl.



I MÓIN-ÁRD I gCO. CORCAIGHE.
Oifig: Sráid Mhic Curtain i gCorcaigh.


L. 57


LÉIRMHEASA.
LEABHAR NUA CEÓIL.



Teagosc-Leabhar na Bheidhlíne. Treasa Ní Ailpín
agus Seán Ó Cuirrín. Brún Ó Nóláin. 5s.



An timpán iongantach úd Iubdáin nár ghábhadh aon
eólus ná taithighe a bheith ag duine ar cheól chum seanma
air, ní fúláir nó ceapadh go raibh an buadh céadhna ar
gach úirlis ceóil d'á raibh i n-Éirinn le breis agus
céad bliadhain anuas. Mar ní raibh aon leabhar a
mhúinfeadh ceól na h-Éireann do dhuine ar féadh na
h-aimsire sin, pé rud is mar dhéanfadh aon cheól eile.
Ní raibh, ná ní bhfuightheá a chur ar a súilibh — ná i n-a
gcluasaibh — do lucht ceól do scriobhadh go raibh aon
rud éagsamhlach ag baint le ceól na h-Éireann, ná
aon teagasc ná tuigsint fé leith ag teasdáil uaidh.
Ní raibh ann, dar leó, acht cuid de'n cheól coitcheannta,
— agus ba shuarach an chuid é.



Tá an bodhaire agus an daille, agus an neamh-
thuigsint leighiste fé dheóidh. Tá agus an t-easnamh
Adeir ughdair an Teagosc-Leabhair seo nár múineadh
an ceól Ghaedhealach, an ceól rinnce go mór-mhór, i
gceart i n-aon leabhar d'á raibh againn go dtí seo,
agus deinid beart d'á réir. An ceól dúthchasa atá
i n-a leabhar ó thúis deireadh agus, i n-a fhocair sin,
tá ceachtanna fé leith, agus tuarasgabháil fé leith,
ar an gceól rinnce; — cionnus é scríobhadh agus
cionnus é sheinm. Ba mhithid, is dóigh liom-sa, a
leithéid againn. Ceólthóir dá oilte d'ár chasadh riamh
orm féin, mara raibh an chluas Ghaedhealach aige, ní
bhfuigheadh sé fiú puirt do sheinm chum mho shásaimh-se
agus maidir le chor, is ar éigean má aithneóchainn
uaidh ar aon chor é. Ní air do bhí an locht, dar ndóigh,
acht ar na leabhraibh. Badh dheacair giorfhiadh do chur
as an dtor ná raibh sé ann.



Tá súil agam go ndúiseóchaidh an Teagosc-Leabhar
so an t-sealg i dtaobh an scéil go léir. Táthar 'ghá
rádh — "múintear gach aon rud tríd an nGaedhilg ins
na scoileannaibh agus beidh idir Gaedhilg agus gach
rud eile agat, agus Éire ó bhaoghal." 'Seadh, agus
múintear gach aon saghas ceól tré'n gceól Gaedhealach
agus beidh idir ceól na nGaedheal agus ceól na nGall
agat, agus an chluas Ghaedhealach ó bhaoghal. Má
thuilleann an ceól so againn-e an moladh mór thugtar
dó, badh chóir gur adhbhar maith é chum an t-aos óg do
thabhairt isteach ar an gceól gcoitcheannta, agus má
tá rudaí ann ná fuil ins an gceól g-coitcheannta,
ní fuláir nó rudaí fóghanta is eadh iad, agus níor
mhisde na ceólthóirí coitcheannta eólus acu orra.



Ná beireadh aoinne leis ó'n gcaint seo agam gurab
amhlaidh atá aon rud diamhair, dorcha, do-thuigseanach
san Teagosc-Leabhar so. Ní'l. Ní'l de dhifrigheacht
idir é agus leabhra d'á shaghas eile acht amháin (1) gur
ceól Gaedhlach ar fad atá ann, — fiú na gcleachta, tá
nádúir an cheóil Ghaedhealaigh ionnta, agus (2) go
múineann na h-úghdair cionnus an ceól rinnce do
sheinm agus do scríobhadh. 'Sé sin, tá sé chómh maith,
mara bhfuil sé níos feárr, ná aon leabhar eile chum
cheóil do mhúineadh, agus ní'l aon leabhar acht é i n-a
mhúintear ceól rinnce na nGaedheal.



Mo dhearmhad! — tá rud eile ann ná fuil i n-aon
leabhar eile, — Gaedhilg. Gaedhilg atá ann ó thúis
deireadh; Gaedhilg Sheáin Uí Chuirrín, — agus ní beag
sin d'á tuairisc do lucht léighte "An Scuab." Mara
bhfuil an ceól féin agat, a léightheóir, ná an chluas
chuige, ceannuigh an Teagosc-Leabhar ar grádh an tsean-
theanga da léigheamh d'á beartúghadh, agus d'á casadh,
agus d'á lúbadh mar is dual dí. Tá sí ann.



"DÉAGLÁN."



"RIAGHALACHA AN AMHRÁIN."
ó Sheán Ó Cuill.



Ar n-a chur amach thar ceann an Ughdair le Comhlucht
Oideachais na h-Éireann. Scilling a luach.



Is iogantach an rud é a luighead suime a chuireann
an gnáth-dhuine i bhfilidheacht na Gaedhilge. Is annamh
a bhíonn filidheacht le feiscint i gcúrsáibh na scoileanna
nó i rangannaibh Chonnartha na Gaedhilge. Tá daoine
ann gur féidir leó formhór na cruadh-Gaedhilge a cumadh
le n-ár linn féin do léigheamh gan mórán trioblóide
(nó leigid siad orra gur féidir), acht mo thruagh an
domhain iad nuair a chromaid siad ar Eoghan Ruadh!
Nuair a dheinid siad iarracht air — is ní go minic é —
bíonn siad mar a bheadh bacach i mbóithrín laithighe.



Sa leabhairín seo ó Sheán Ó Cuill gheobhaidh an mac
léighinn míniú ceart símplídhe ar mheadaracht na n-amhrán
is minicí le fáil i gCúige Mumhan. Ní misde a rádh
go bhfuil sár-eólas ag Seán sa ghnó so, mar fuair sé
an chéad duais ar an Oireachtas fice bliadhain ó shoin
le cnuasach sean-amhrán. An té gur mhaith leis amhráin
do léigheamh ós árd i gceart, ní mór dó scilling a
chaitheamh ar an leabhrán so.



An Buachail Caol Dubh.



LEABHRA ÓSNA FOILLSIGHTHEOIRÍ.



Comhlucht Oideachais —



"Fionn agus a Chuideachta" — Micheál Ó Cionnfaola,
IS. 3d.



"Teoiní agus Tighthe Lóistín" — Nioclás Tóibín. IS.



Cló-oifig Uí Mhathghamhna —
"Árus na nGábhadh" — L. Ó Broin. IS. 6d.



Maunsel agus Roberts —
"Mion-Mhíniú ar an dTeagasg Críostaidhe" — an
t-Ath. Tadhg Ó Cúrnáin. IS. 6d.



Liam ó Tráighligh agus "fiosrach"
feuchaidh an cheud uimhir eile dhen "Sguab."
Beidh freagra iomlán ar na ceisteanna do
chuireabhar orrainn ann.


L. 58


LITREACHA.



POST-SHEANCHAS.



A Fhir Eagair,



Chím go bhfuil daoine ag cur síos ar an ní seo thuas
'sa "Scuab" le déidheanaighe agus gur mó rud ann
a dteastuigheann leigheas uaidh. Badh mhór an ní dá
bhfuighbhthí gach aon áit a scríobhadh síos leis an leitreadh
agus ar an mhíniughadh chóir. Badh mhór an mhaise ar an
sceul dá mbeifí ag cur ath-chló ar an leabhar foclóir
a bheith in a dheireadh agus míniughadh ar na h-ainmeacha
neamh-choitchíonta. Bheadh eolas agus léigheann le fagháil
as agus bheadh sé an úsáideach do na scoileanna nuair
a bheifí ag múineadh an tír-eolais.



I gcuid a II. de Phost-Sheanchus tá stiúrughadh ann ar
conus leitreacha a sheoladh go dtí íseal agus uasal,
agus go dtí sár-sár-uasal. Caithfidh gach aon rud a
bheith ar mhúlda agus ar cheap an Bheurla. Is mór an
masladh le daoine mar an mbeidh na focail chearta
againn do "Mr" agus "Miss"; do "Honourable"
agus do "Right Honourable"; do "His Worship"
agus "His Excellency"; do "Reverend," "Right
Reverend," agus "Very Reverend," agus &rl. Obhoch!
mo chreach! i maithte, mar an bhfuil de thaca aca súd
chum an uaisleacht a theasbáint acht an t-athbhaiste
bheirim-se an ruaig iad féin agus a gcuid uaisleachta.
Críostuidhthe is eadh sinn go léir dar ndóigh agus cadé
an ainm ba chóir ba dhílse linn ná ár n-ainm baistidhe
in ainm Dé bíodh sin againn agus ná bímís ag tabhairt
bréigriocht an tSasanaigh isteach 'sa nGaedhilg linn.
Táimíd ag tabhairt riaghal-tomhais an Bheurla isteach
in gach aon rud linn.



Ní fhuil acht gothaí bréige in "I Remain, yours very
Sincerely," nó "Yours very respectfully," agus, in
ainm Chruim, caithimís uainn iad in am agus i dtráth.
Saothruighinís dírígheacht, fírinnigheacht agus dúthrachtacht
agus caithimís uainn beusa agus gothaí bréige.



Mise,



TADHG GAEDHEALACH.



Bealach an Chláir,
Iubhar Chinn Trágha,
11.11.1923.



A Charaid,



Tchím anns a' "Sguab" go bhfuil Aireacht a' Phosta
a smaoineadh air "Post-Sheanchas" eile a chur i gcló
agus gur deas leat leitreacha fhághail a chur i n-iuil
duit fa dhearmad air bith atá anns a leabhar atá ann
anois.



I gConndae Árd-Mhacha annseo tá Oifig air a bhfeil
"Flurrybridge" anns a' tSacs-Bhéarla. Cha dtearn
Seosamh Laoide ach aistriughadh a dhéanamh air an fhocal
seo i gcuid a hI., agus tá an focal céadna i gcuid
a II. — sin "Droichead na Fliuchraighe" (Sol.). Cha
rabh locht air bith air an Laoideach air a shon seo fa
na' dtiocfadh leis a mhalairt d'ainm a fhághail. Ach
char chuala me ariamh ó Ghaedhilgeoirí na h-áite, mar
ainm air an áitidh uilig go léir air a bhfeil "Jones-
boro" agus "Flurrybridge" anns a t Sacs-Bhéarla,
ach "Bealach 'n Chláir" (gein. "Bheal 'n Chláir").
Nár bhfhéarr an sean-ainm Gaodhlach a choinneáilt beo?
Buaidh is beannacht air do pháipear.



Mise,



MATA MHAC GRÁNNDHA.



Comórtas



VII.



Ag sgrúdú na h-íarrachtaí a cuireadh isteach fé dhéin
an chomórtas seo bhí sástacht agus mí-shástacht orainn i
bhfocair a chéile. Bhíomar sásta sa méid seo, ná
fuaireadh ach trí dearmhad cló in uimhir Deire Foghmhair
den "Sguab" sé sin le rádh leath is muigh de dhearmhadaí
sínighthe agus teinighthe .i. "Beulra" in áit "Beurla"
"gnó" in áit "ngnó" agus "gnádh" in áit "gnáth."
Maidir le focail mar "imirche" do cheartaigh gach
aoinne é sin, á rádh gur cheart "imriche" bheith ann.
Ach deirtear "imirche," agus mar sin a bhí sé sgríobhtha
ag an bhfear a sgríobh an alt agus d'fhágamar mar sin
é d'aon am. Ach ar an taobh eile den sgeul bhí sé
dona go leór an méid dearmhadh sínighthe agus teinighthe
a bhí le fághailt ann. Ní dóigh linn gur bhféidir mórán
den locht do chur ar na clódóirí ach an oiread: 'siad
na daoine a sgríobhann is cionntach sa cheud dul síos,
agus an Fear Eagair sa dara áit nuair ná tugann sé
fé ndear go bhfuil na marcanna beaga so fágtha amach
aca. Agus in ainm na hamailéise a sgribhneórí pé
slighe a litrigheann sibh focal bidhidh dílis don leitriú
sin — fuaireamar "cathain" "caithin" "ca shoin"
in aon lámhsgríbhinn amháin, agus déintear a leithéid sin
de rud go minic. Biodh truagh agaibh don bhfear Eagair
bhocht. An fear a bhuaidh an cheud duais sa rud seo
.i. Seumas ó Foghlugha, 86 Sraid an Mhanair, Portláirge,
níor dhein sé aon iarracht ar sinne agus ár gcuid
Gaedhilge do cheartú gach ré nóimeant mar a dhein cuid
aca. An duine do chuir iarracht chughainn ón Róimh
do thuigh sé sin go maith cionnus a bhaineann ceist na
gcanamhaint leis an sgeul. Deirimid leis, mar sin
féin go bhfuil an focal "feoithne" ann chomh maith leis
an bhfocal "leoithne." Agus bíodh a fhíos ag daoine
eile gurbh féidir "fagháilt" do sgríobhadh chomh maith
le "fághailt," "neamh-nidh" is "neimh-nidh,"
"Gaedhilgeoir" is "Gaedhilgeóir," "maighistir"
is "máighistir;" go ndeirtear "fearaibh" (fir),
"má thá" (má tá) "ar an taobh" (ar an dtaobh) agus
mar sin dé. Nuair a sgríobhamar "sgagfar" do
mheasamar é agus níor mheasamar "sgarfar." Támuíd
ag tabhairt an dara duais do Annraoi de Múndógh
35 Ardán Tibholí, Thóir, Dún Laoghaire toisg a
chúramaighe a sgrúdaigh sé an "Sguab" tríd síos,
ach focail den t-saghas atá ráidhte againn romhainn annso
ba dheadh níos mó ná a leath den liosta do chuir sé isteach.


L. 59


Focail Gaedhilge Sa mBeurla.



Seo an chuid eile de liosta Sheáin uí
Shíothcháin. Má theastuigheann ó aoinne brigh
aon fhocail neamh-choitchianta do dheunamh amach
sgriobhadh sé chughainn agus míneochamuíd é.



Inis
Leathartach
Lóipín
Lapaí.
Lurgadán
Leanbh
Lúidín
Liobar
Lúb
Leaca
Lápair
Ladharóg
Liobarnach
Leisge
Lob
Laipín
Lapadáluidhe
Lingire
Lamhach
Lúbaire
Lóimíneach
Lioprachán
Leachanánuidhe
("That is a
leachaná-
nuidhe." Is
mar sin adu-
bhairt greas-
aidhe le m'
athair. Do bhí
sé ag obair
sa tigh againn,
agus do bris-
eadh a dhúid
air. D'iarr
sé ar m'athair
píop a thabh-
airt dhó; agus
do thug.
D'féuch sé ar
an ndúid, agus
ar seisean
le m'athair, —
"take that
away from
me, that is a
leacaná-
nuidhe." 'Sé
sin le rádh
gurab é idtigh
tóraimh a
fuair m'athair
an dúid.)



Locht
Múnlach
Muise
Machánta
Móinteán
Mustar
Mochrais
Mín-sgoth
Múchadh
Mismín
Maol
Maolán
Manntóg
Maig
Meas
Mí-ádh
Mairtíneach
Méaróg
Mar dheadh
Meithiol
Mórdháil
Méisgre
Múirnín
Maoidheamh
Mogall
Nuadaí nádaí
Neóinín
Ógánach
Olagón
Óchón!
Oidhe!
Óinseach
Priocal
Poitín
Púca
Páircín
Plisbín
Poupáluidhe (?
leitriú, F. E.)



Piseóg
Pórsáil
Prispín
Poillín
Puisín
Pisgin
Pigín
Pilibín
Prioslachán
Pé-fhód
Patalóg
Pusachán
Peata
Púca peil
Plucmas
Putóg
Pileárdaidhe
Plámás
Plámásaidhe
Praiseach bhuidhe
Palltóg
Péast
Púicín
Pluabaire
Pus
Pruímpín
Puraighil
Rábaire
Rinnce fada
Reirse
Reirseamhail
Radamndaid-
eacht
Radlach
Rí rádh
Riseóigín
Rabhcán
Ráiméis
Raispín
Réidhteóir

Riabhach
Ribe
Rann
Riasg
Sgur-fhiacal
Samh
Suidhistín
Slachtmhar
Staigín
Stagún
Stalagán
Stór
Scealbóg
Sceilp
Sgairt
Stócach
Slait
Seibneach
Siog
Srathar-fhada
Síbín
Spéannach
Seó
Straoill
Seisg
Stutháinín
Slógan
Sniugadh
Seanchas
Sgasgín
Seancaidhe
Seoinín
Seilmide
Streó
Stibire
Sleamhanánuidhe
Seanbhean
Seanduine
Sleaghan
Saothar
Sgiath
Slánlus
Suaintrighe
Smut
Smúit
Soighnín
Slug
Sgiodar
Slámás
Seóithín seó
Seóthó
Sgraith
Strapaire
Sop
Slám
Slámáil
Sgafaire
Sgeón
Sgailp
Súgán
Smidirín
Sgeodh
Stubadán
Sgudalach
Suarach
Slam
Smigín
Sliaibhín
Stán
Snámhaidhe
Sodar
Steótar
Sidhe gaoithe
Soipín
Seacrán
Steall
Spailpín
Sgarródh
Sighle phíce
Sgiollán
Sgoilteán
Stampí
Seabhrach
Spriosán
Smeathán
Siobhán a Chairn
aoiligh
Smután
Súil
Stailc
Soc
Seantigh
Sgéal
Sgrough
(? Sgreabhach.
F. E.)



Sgráib
Tollaire
Taoibhín
Tóir
Triopall
Tiusgallach
Tabhártóg
Teasbach
Tor
Triuch
Taoschán
Táth
Tráithnín
Taobhan
Taobh-fhód
Trálacha
Trangluim
Tómhaisín
Turmas
Turmaisaidhe
Trí na chéile
Tuaiplis
Útamáluidhe



(Deireann Seán Ó
Síothcháin go bhfuil
cainnteanna mar
"t'anam ón diabh-
al," "mo náire
tú," "mo chuimh-
neamh 's mo dhear-
mhad," agus &rl. le
cloisint fós, leis.
F. É.)



OBAIR DO GHAEDHILGEOIRÍ.



Is mó duine a bhíonn ag lorg Gaedhilgeoirí le
h-aghaidh oibre áirighthe ach is mó Gaedhilgeoir, mar sin
féin, atá gan obair.



Támuíd ar aigne an columhan so do choimeád ar
leith-i-leith chun a leithéidí do thabhairt le chéile.



Ba bhreágh linn dá bhfuighfimís lámh conganta do
thabhairt chun Gaedhilgeoirí na h-Éireann do choimeád
na dtír féin. Dá bhrígh sin ní chuirfimíd ach costas
an-eudtrom ar na fógraí so. Gheobhfar gach fios ón
mbainisteoir, Oifig an "Sguab," Cearnóg Mont-
seoighe, Baile Átha Cliath.



Tá post le fághail ag buachaill a bhfuil eolas
aige ar deuntús ime agus a bhfuil taithighe aige
ar gach saghas oibre a bhaineann le buaibh bainne.
Tuarasdal 38s. sa t-seachtain. "A2," Oifig
an "Sguab."



AR TEASTÁIL: bean — Sean nó Mheadhon aosta
staideireach; le aire do thabhairt do tighe corr-
uair, agus obair beag mná an tighe do déanamh i
gcomhnuidhe. Bheadh teghalach comhpórtach seasta ann
do mnaoi críona. B'fhearr linn gan aon Bhéarla.
A.5. oifig an "Sguab."


L. 60


BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA.
ÁRD-OIFIG: — FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
BAILE ÁTHA CLIATH.



DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT
GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT.



Bun-airgead Geallta, £406,000.
Bun-airgead Díolta, £203,000.
Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1923, £1,650,000.



BUNUIGHTHE 1920.



BRAINNSÍ:-
68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh,
Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis,
Mathchromtha.



THE
NATIONAL
LAND BANK
LTD



Lucht Díolta "An Sguab" 'san iomlán: — Eason agus a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Uí Mhathghamhna, Áth Cliath
agus foillsigheann Muintir "An Sguab" é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services